EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E355

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A SEACHT - FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 355 (sean-Airteagal 299(2), an chéad mhír, agus (3) go (6) CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 197–198 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_355/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/197


Airteagal 355

(sean-Airteagal 299(2), an chéad mhír, agus (3) go (6) CCE)

Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chomh maith le forálacha Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le raon feidhme críochach na gConarthaí.

1.

Beidh feidhm ag forálacha na gConarthaí maidir le Guadalúip, le Guáin na Fraince, le Martinique, le Mayotte, le La Réunion, le Saint-Martin, leis na hAsóir, le Maidéara agus leis na hOileáin Chanáracha, i gcomhréir le hAirteagal 349.

2.

Bainfidh na socruithe speisialta i dtaobh comhlachais atá leagtha amach i gCuid a Ceathair leis na tíortha agus na críocha thar lear atá luaite sa liosta in Iarscríbhinn II.

Ní bhainfidh na Conarthaí leis na tíortha agus na críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil luaite sa liosta réamhráite.

3.

Bainfidh forálacha na gConarthaí leis na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh eachtrach.

4.

Beidh forálacha na gConarthaí infheidhme ar Oileáin Åland i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach i bPrótacal Uimh. 2 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

5.

De mhaolú ar Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar mhíreanna 1 go 4 den Airteagal seo:

(a)

ní bheidh na Conarthaí infheidhme ar Oileáin Fharó;

(b)

ní bheidh feidhm ag na Conarthaí maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Akrotiri agus Dhekelia de chuid Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir ach amháin a mhéad is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme na socruithe atá leagtha amach sa Phrótacal maidir le Limistéir Bhunáite Fhlaitheasacha Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir atá i gceangal leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice leis an Aontas Eorpach agus i gcomhréir le téarmaí an Phrótacail sin;

(c)

ní bhainfidh forálacha na gConarthaí le hOileáin Mhuir nIocht ná le hOileán Mhanann ach a mhéad is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an córas dá bhforáiltear do na hoileáin sin sa Chonradh i dtaobh aontachas na mBallstát nua le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, a síníodh an 22 Eanáir 1972.

6.

Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar thionscnamh ón mBallstát i dtrácht, cinneadh a ghlacadh lena leasófar an stádas i leith an Aontais atá ag tír nó ag críoch de chuid na Danmhairge, na Fraince nó na hÍsiltíre dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.


Top