EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E107

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VII - COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA
CAIBIDIL 1 - RIALACHA IOMAÍOCHTA
ROINN 2 - CABHRACHA Ó STÁIT
Airteagal 107 (sean-Airteagal 87 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 91–92 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_107/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/91


Airteagal 107

(sean-Airteagal 87 CCE)

1.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an margadh inmheánach sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.

2.   Beidh cabhair dá leithéid seo a leanas ag luí leis an margadh inmheánach:

(a)

cabhair de chineál comhdhaonnach do thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go dtugtar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí áirithe;

(b)

cabhair chun damáiste a shlánú a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarlachtaintí neamhchoitianta eile;

(c)

cabhair do gheilleagar limistéar áirithe de Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir deighilt na Gearmáine as dóibh, sa mhéid gur gá an chabhair sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a tháinig den deighilt sin. Cúig bliana tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh a ghlacadh lena n-aisghairfear an pointe seo.

3.   Is inmheasta cabhair dá leithéid seo a leanas a bheith ag luí leis an margadh inmheánach:

(a)

cabhair chun forbairt eacnamaíoch a thabhairt ar limistéir ina bhfuil an caighdeán maireachtála thar a bheith íseal nó ina bhfuil mórchuid tearcfhostaíochta, agus ar na réigiúin dá dtagraítear in Airteagal 349, ag féachaint dá staid struchtúrtha, eacnamaíoch agus shóisialta;

(b)

cabhair chun cuidiú le tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur i gcrích nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas;

(c)

cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann;

(d)

cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur ar aghaidh nuair nach gcuireann sí isteach ar dhálaí trádála agus iomaíochta san Aontas go feadh méid atá bunoscionn leis an leas comhchoiteann.

(e)

cabhair de cibé cineálacha eile a shonrófar le cinneadh ón gComhairle ar thogra ón gCoimisiún.


Top