EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12003TN14/09/D

Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na Seice, Phoblacht na hEastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht na hUngáire, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine agus Phoblacht na Slóvaice agus oiriúnuithe na gConarthaí ar a bhfuil an tAontas Eorpach fothaithe - Iarscríbhinn XIV: Liosta dá dtagraítear in Airteagal 24 den Ionstraim Aontachais: An tSlóvaic - 9. COMHSHAOL - D. AN TRUAILLIÚ TIONSCLAÍOCH A RIALÚ AGUS BAINISTÍOCHT BHAOIL

IO L 236, 23.9.2003, p. 923–923 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

12003TN14/09/D



Official Journal L 236 , 23/09/2003 P. 0923 - 0923


D. AN TRUAILLIÚ TIONSCLAÍOCH A RIALÚ AGUS BAINISTÍOCHT BHAOIL

1. 31994 L 0067: Treoir 94/67/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1994 maidir le dramhaíl chontúirteach a loscadh (IO L 365, 31.12.1994, lch. 34);

- 32000 L 0076: Treoir 2000/76/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Nollaig 2000 maidir le dramhaíl a loscadh (IO L 332, 28.12.2000, lch. 91).

De mhaolú ar Airteagail 7 agus 11 agus ar Iarscríbhinn III de Threoir 94/67/CE agus de mhaolú ar Airteagail 6, 7(1) agus 11 de Threoir 2000/76/CE, ní bheidh feidhm sa tSlóvaic go dtí an 31 Nollaig 2006 ag na luachanna teorantacha astaíochta agus na ceanglais do thomhais maidir leis na loisceoirí seo a leanas:

Loisceoirí óspidéil

- NsP Svidník

- NsP Trebišov

- NsP Košice

- NsP Rožňava

- NsP Poprad

- NsP Lučenec

- NsP Žilina

- NsP Levice

- NsP Prievidza-Bojnice

- NsP Trnava

- NsP Senica

Loisceoirí dramhaíola contúirtí

- Slovnaft, a. s., Bratislava (1978)

- Slovnaft, a. s., Bratislava (1984)

- Novácke chemické závody, a. s., Nováky (1974)

- Duslo, a. s., Šal'a (1982)

- Petrochema, a. s., Dubová (1977)

- Petrochema, a. s., Dubová (1988)

- Chemko, a. s., Strážske (1984).

2. 31996 L 0061: Treoir 96/61/CE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1996 maidir le cosc agus rialú iomlánaithe ar an truailliú (IO L 257, 10.10.1996, lch. 26).

De mhaolú ar Airteagal 5(1) de Threoir 96/67/CE, ní bheidh feidhm sa tSlóvaic ag na ceanglais do dheonú ceadanna do fhearais atá ann maidir leis na fearais seo a leanas go dtí an dáta atá sonraithe do gach fearas, a mhéad a bhaineann leis an oibleagáid na fearais sin a oibriú i gcomhréir le luachanna teorantacha astaíochta, paraiméadair choibhéiseacha nó bearta teicniúla arna mbunú ar na teicníochtaí is fearr atá ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus (4):

- Považská cementáreň, a. s., Ladce: 31 Nollaig 2011;

- Slovenský hodváb, a. s., Senica: 31 Nollaig 2011;

- Istrochem, a. s., Bratislava: 31 Nollaig 2011;

- NCHZ, a. s., NovákyLadce: 31 Nollaig 2011;

- SLZ Chémia a. s. Hnúšt'a: 31 Nollaig 2011;

- Duslo, a. s. Šal'a: 31 Nollaig 2010;

- ŽOS Trnava, a.s.: 31 Nollaig 2010;

- Bukocel, a. s.: 31 Nollaig 2009;

- U.S. Steel: 31 Nollaig 2010;

- Matador, a. s. Púchov: 31 Nollaig 2011.

Eiseofar ceadanna lánchomhordaithe do na fearais seo roimh an 30 Deireadh Fómhair 2007, ina mbeidh amchláir atá ceangailteach go leithleach le haghaidh lánchomhlíonadh a ghnóthú. Áiritheoidh na ceadanna sin go gcomhlíonfar faoi cheann an 30 Deireadh Fómhair 2007 na prionsabail ghinearálta a rialaíonn oibleagáidí bunúsacha na n-oibreoirí mar atá leagtha síos in Airteagal 3 den Treoir.

3. 32001 L 0080: Treoir 2001/80/CE an 23 Deireadh Fómhair 2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíocht truailleán áirithe san aer ó ollghléasraí dócháin a theorannú (IO L 309, 27.11.2001, lch. 1).

De mhaolú ar Airteagal 4(1) agus cuid A d'Iarscríbhinní III go VII de Threoir 2001/80/CE, ní bheidh feidhm sa tSlóvaic ag na luachanna teorantacha astaíochta do dhé-ocsaíd sulfair, ocsaídí nítrigine agus deannach go dtí an 31 Nollaig 2007:

- SSE, Žilina, Gléasra Tárgthe Teasa Zvolen (Coirí K1 agus K2);

- SSE, Žilina, Gléasra Tárgthe Teasa Žilina (Coirí K1 agus K2);

- SSE, Žilina, Gléasra Tárgthe Teasa Martin (Coirí K4, K5, K6 agus K7).

--------------------------------------------------

Top