EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0116
Case C-116/22: Action brought on 18 February 2022 — European Commission v Federal Republic of Germany
Cás C-116/22: Caingean arna taisceadh an 18 Feabhra 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
Cás C-116/22: Caingean arna taisceadh an 18 Feabhra 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
IO C 148, 4.4.2022, p. 19–20
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 148, 4.4.2022, p. 17–18
(GA)
4.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 148/17 |
Caingean arna taisceadh an 18 Feabhra 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
(Cás C-116/22)
(2022/C 148/26)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe sna himeachtaí: C. Hermes, M. Noll-Ehlers, Gníomhairí)
Cosantóir: Poblacht Chónaidhme na Gearmáine
An t-ordú atá ag lorg ag an iarratasóir
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
1. |
a chinneadh gur sháraigh Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine,
|
2. |
a ordú do Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine costas na n-imeachtaí a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus bun-argóintí
Leis an iarratas seo, maíonn an Coimisiún Eorpach gur theip ar Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine na bearta is gá faoi Threoir 92/43/CEE a ghlacadh maidir lena líonra Natura 2000 a ainmniú agus a bhainistiú.
Ar an gcéad dul síos, sháraigh an Ghearmáin an oibleagáid atá uirthi de réir Airteagal 4(4) den Treoir, sa mhéid nár ainmnigh sí 88 de 4 606 limistéar, dá bhfuil an tréimhse ama de sé bliana faoin bhforáil sin imithe in éag, mar limistéir faoi chaomhnú speisialta ag an am cuí a bhaineann leis an mainneachtain sin.
Ar an dara dul síos, rinne an Ghearmáin neamhaird ar a hoibleagáid faoi Airteagal 4(4) den Treoir maidir le cuspóirí caomhantais a shainiú go sách sonrach, a mhéid nár leag sí síos aon chuspóir caomhantais le haghaidh 88 de na 4 606 láithreán i dtrácht agus, thairis sin, gur lean sí cleachtas, go ginearálta agus go struchtúrach, maidir le cuspóirí caomhantais a leagan síos nach gcomhlíonann na ceanglais dlí den fhoráil sin. De réir Airteagal 4(4) den Treoir, ní mór do chuspóirí caomhantais a bheith cainníochtaithe agus intomhaiste, ní mór dóibh idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na cuspóirí i dtaobh “aisiriú” agus “caomhnú” na n-ábhar faoi chosaint sa limistéar i dtrácht, agus ní mór dóibh a bheith leagtha síos i ngnímh dlí atá ceangailteach go ginearálta. Ní chomhlíontar na ceanglais sin leis an gcleachtas sa Ghearmáin maidir le cuspóirí caomhantais.
Ar an tríú dul síos, níl an Ghearmáin ag comhlíonadh a hoibleagáid faoi Airteagal 6(1) den Treoir maidir leis na bearta caomhantais riachtanacha a leagan síos. Níl aon bheart caomhantais leagtha síos ag an nGearmáin le haghaidh 737 de na 4 606 limistéar i dtrácht agus, thairis sin, tá sí, go ginearálta agus go struchtúrach, agus í ag leagan síos bearta caomhantais, ag sárú na ceanglais atá ann faoi Airteagal 6(1) den Treoir lena bhforáiltear nach mór do bhearta caomhantais a bheith bunaithe ar chuspóirí caomhantais atá sách sonrach.
(1) Treoir ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le Gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO 1992 L 206, lch. 7).