EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02019R0515-20190329

Consolidated text: Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/515/2019-03-29

02019R0515 — GA — 29.03.2019 — 000.002


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2019/515 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(IO L 091 29.3.2019, lch. 1)


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 289, 12.8.2021, lch.  56 (2019/515)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2019/515 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Márta 2019

maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

1.  
Is é is aidhm don Rialachán seo feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a neartú trí fheabhas a chur ar chur chun feidhme phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus trí bhacainní trádála nach bhfuil údar leo a bhaint.
2.  
Leagtar síos sa Rialachán seo rialacha agus nósanna imeachta maidir leis an gcur i bhfeidhm a dhéanfaidh na Ballstáit ar phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, i gcásanna aonair, i ndáil le hearraí atá faoi réir Airteagal 34 CFAE agus atá á gcur ar an margadh go dleathach i mBallstáit eile, ag féachaint d'Airteagal 36 de CFAE agus do chásdlí Chúirt Bhreithniúnais an Aontais Eorpaigh.
3.  
Déantar foráil sa Rialachán seo freisin maidir le Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunú agus a chothabháil sna Ballstáit agus maidir le comhar agus malartú faisnéise i gcomhthéacs phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.  

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le hearraí d'aon chineál, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta de réir bhrí an dara fomhír d'Airteagal 38(1) de CFAE, agus maidir le cinntí riaracháin a glacadh nó a ghlactar ag údarás inniúil Bhallstáit i ndáil le haon earraí den sórt sin atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, i gcás ina gcomhlíonfaidh an cinneadh riaracháin an dá chritéar seo a leanas:

(a) 

gur riail theicniúil náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát is ceann scríbe is bonn don chinneadh riaracháin; agus

(b) 

gurb í éifeacht dhíreach nó indíreach an chinnidh riaracháin an rochtain ar an margadh a shrianadh nó a dhiúltú sa Bhallstát is ceann scríbe.

Áirítear le “cinneadh riaracháin” aon chéim riaracháin atá bunaithe ar riail theicniúil náisiúnta agus ag a bhfuil an éifeacht dlí chéanna, nó an éifeacht dlí chéanna go substaintiúil, agus atá ag an éifeacht dá dtagraítear i bpointe (b).

2.  

Chun críocha an Rialacháin seo, is “riail theicniúil náisiúnta” í aon fhoráil i ndlí, rialachán nó aon fhoráil riaracháin eile de chuid Ballstáit, a mbaineann na tréithe seo léi:

(a) 

cumhdaítear léi earraí nó gnéithe d'earraí nach bhfuil faoi réir an chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais;

(b) 

cuirteann sí toirmeasc ar earraí, nó earraí de chineál ar leith, a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin nó fágann sí gur éigeantach, de facto nó de jure, é comhlíonadh na forála, aon uair a bheidh earraí, nó earraí de chineál ar leith, á gcur ar fáil ar an margadh sin; agus

(c) 

déanann sí ar a laghad ceann amháin díobh seo a leanas:

(i) 

leagtar síos léi na saintréithe nach mór a bheith ag earraí nó ag earraí de chineál ar leith, amhail a leibhéil cháilíochta, feidhmíochta nó sábháilteachta, nó a dtoisí, lena n-áirítear na ceanglais is infheidhme maidir leis na hearraí sin i dtaca leis na hainmneacha faoina ndíoltar iad, téarmaíocht, siombailí, tástáil agus modhanna tástála, pacáistiú, marcáil nó lipéadú agus nósanna imeachta um measúnú comhréireachta;

(ii) 

chun críocha tomhaltóirí nó an comhshaol a chosaint forchuirtear léi ceanglais eile ar na hearraí sin, nó ar earraí de chineál ar leith, agus a dhéanann difear do shaolré na n-earraí tar éis dóibh a bheith curtha ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin, amhail coinníollacha úsáide, athchúrsála, athúsáide nó diúscartha, i gcás ina bhféadfadh na coinníollacha sin tionchar suntasach a imirt ar chomhdhéanamh nó nádúr na n-earraí sin, nó ar chineál na n-earraí, nó ar a gcur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin.

3.  
Cumhdaítear i bpointe (c)(i) de mhír 2 den Airteagal seo freisin modhanna agus próisis táirgeachta a úsáidtear i leith táirgí talmhaíochta, dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 38(1) de CFAE, agus i leith táirgí atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine nó ag ainmhithe, chomh maith le modhanna agus próisis táirgeachta a bhaineann le táirgí eile, i gcás ina mbeidh tionchar acu sin ar a saintréithe.
4.  
Ní hionann ann nós imeachta um réamhúdarú agus riail theicniúil náisiúnta chun críocha an Rialacháin seo, ach déanfar cinneadh i dtaobh réamhúdarú a dhiúltú ar bhonn riail theicniúil náisiúnta a mheas mar chinneadh riaracháin a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis má chomhlíontar leis an gcinneadh sin ceanglais eile den chéad fhomhír de mhír 1.
5.  

Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

cinntí de chineál breithiúnach arna ndéanamh ag cúirteanna náisiúnta nó binsí náisiúnta;

(b) 

cinntí de chineál breithiúnach arna ndéanamh ag údaráis um fhorfheidhmiú an dlí le linn fiosrú nó ionchúiseamh a bheith á dhéanamh ar chion coiriúil maidir le téarmaíocht, siombailí nó tagairt ábhartha d'eagraíochtaí míbhunreachtúla nó eagraíochtaí coiriúla nó ar chionta de chineál ciníoch, idirdhealaitheach nó seineafóibeach.

6.  

Ní dhéanfaidh cur i bhfeidhm Airteagal 5 agus Airteagal 6 difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha seo a leanas:

(a) 

pointe (b) go (f) d'Airteagal 8(1) agus Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE;

(b) 

pointe (a) d'Airteagal 50(3) agus Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(c) 

Airteagal 90 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013; agus

(d) 

Airteagal 138 de Rialachán (AE) 2017/625.

7.  
Ní dhéanann an Rialachán seo difear don oibleagáid faoi Threoir (AE) 2015/1535 chun dréacht-rialacháin theicniúla náisiúnta a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát sular nglacfar iad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile” go gcomhlíonann earraí nó earraí den chineál sin na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin nó nach bhfuil siad faoi réir aon rialacha den sórt sin sa Bhallstát sin, agus go bhfuil siad ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát sin;

(2) 

ciallaíonn “cur ar fáil ar an margadh” soláthar earraí lena ndáileadh, lena dtomhailt nó lena n-úsáid ar an margadh i gcríoch Ballstáit le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;

(3) 

ciallaíonn “rochtain ar an margadh a shrianadh” coinníollacha a fhorchur a bheidh le comhlíonadh sula bhféadfar earraí a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát is ceann scríbe, nó coinníollacha maidir le hearraí a choimeád ar an margadh sin, lena gceanglaítear, i gceachtar den dá chás, athrú a dhéanamh ar cheann amháin nó níos mó de shaintréithe na n-earraí sin, dá dtagraítear i bpointe (c)(i) d'Airteagal 2(2), nó lena gceanglaítear tástáil bhreise a dhéanamh;

(4) 

ciallaíonn “rochtain ar an margadh a dhiúltú” aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a) 

toirmeasc a chur ar earraí a bheith ar fáil ar an margadh sa Bhallstát ceann scríbe nó iad a choinneáil ar an margadh sin; nó

(b) 

a cheangal go ndéanfaí na hearraí sin a aistarraingt nó a aisghairm ón margadh sin;

(5) 

ciallaíonn “tarraingt siar” aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar earraí sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;

(6) 

ciallaíonn “aisghairm” aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige earraí atá curtha ar fáil cheana don úsáideoir deiridh a fháil ar ais;

(7) 

ciallaíonn “nós imeachta um réamhúdarú” nós imeachta riaracháin faoi dhlí Ballstáit faoina gceanglaítear ar údarás inniúil an Bhallstáit sin, ar bhonn iarratais ó oibreoir eacnamaíoch, a fhormheas foirmiúil a thabhairt sula bhféadfar earraí a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin;

(8) 

ciallaíonn “táirgeoir”:

(a) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn earraí nó a chuireann faoi deara earraí a dhearadh nó a mhonarú, nó a mhonaraíonn earraí nach bhfuarthas trí phróiseas monaraithe, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta, agus a chuireann ar an margadh iad faoi ainm nó faoi thrádmharc an duine sin,

(b) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéanann táirgí ar a bhfuil margaíocht á déanamh go dleathach cheana féin i mBallstát a leasú ar bhealach a dhéanfaidh difear do chomhlíonadh na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin, nó

(c) 

aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a chuirfidh iad féin i láthair mar tháirgeoirí earraí trína n-ainm, a dtrádmharc nó gné idirdhealaitheach eile a chur ar na hearraí nó ar na doiciméid a ghabhann leis na hearraí sin;

(9) 

ciallaíonn “ionadaí údaraithe” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte aige ó tháirgeoir chun gníomhú thar ceann an táirgeora sin maidir le hearraí a chur ar fáil ar an margadh atá i gceist;

(10) 

ciallaíonn “allmhaireoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe laistigh den Aontas a chuireann earraí ó thríú tír ar fáil ar mhargadh an Aontais den chéad uair;

(11) 

ciallaíonn “dáileoir” aon duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an monaróir nó an t-allmhaireoir, a chuireann earraí ar fáil ar an margadh i mBallstát;

(12) 

ciallaíonn “oibreoir eacnamaíoch” aon duine díobh seo a leanas a mhéid a bhaineann le hearraí: an táirgeoir, an t-ionadaí údaraithe, an t-allmhaireoir nó an dáileoir;

(13) 

ciallaíonn “úsáideoir deiridh” aon duine nádúrtha nó dlítheanach, a chónaíonn san Aontas nó atá bunaithe ann, ar cuireadh na hearraí ar fáil dó nó a bhfuil siad á gcur ar fáil dó mar thomhaltóir, lasmuigh d'aon trádáil, aon ghnó, aon cheardaíocht nó aon ghairm, nó mar úsáideoir deiridh gairmiúil i gcúrsa a ghníomhaíochtaí tionsclaíocha nó gairmiúla;

(14) 

ciallaíonn “forais dhlisteanacha leasa phoiblí” aon cheann de na forais atá leagtha amach in Airteagal 36 CFAE nó aon sárchúiseanna eile leasa phoiblí;

(15) 

ciallaíonn “comhlacht um measúnú comhréireachta” comhlacht um measúnú comhréireachta mar atá sainmhínithe i bpointe 13 d'Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.



CAIBIDIL II

NÓSANNA IMEACHTA MAIDIR LE PRIONSABAL AN AITHEANTAIS FHRITHPHÁIRTIGH A CHUR I BHFEIDHM I GCÁSANNA AONAIR

Airteagal 4

Dearbhú um aitheantas frithpháirteach

1.  
Féadfaidh táirgeoir earraí, nó earraí de chineál ar leith, atá ar fáil nó a chuirfear ar fáil ar an margadh sa Bhallstát is ceann scríbe dearbhú deonach a ullmhú faoi earraí a chur ar an margadh go dleathach chun críocha aitheantas frithpháirteach (“dearbhú um aitheantas frithpháirteach”) d'fhonn a léiriú d'údaráis inniúla an Bhallstáit is ceann scríbe, go bhfuil na hearraí, nó earraí den chineál sin, ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

Féadfaidh an táirgeoir sainordú a thabhairt dá ionadaí údaraithe an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a ullmhú thar a cheann.

Cloífidh an dearbhú um aitheantas frithpháirteach leis an struchtúr atá leagtha amach i gCuid I agus i gCuid II den Iarscríbhinn ann agus cuimseofar ann an fhaisnéis ar fad atá sonraithe ansin.

▼C1

Ní fhéadfaidh an táirgeoir nó a ionadaí údaraithe, i gcás ina mbeidh sainordú aige, an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a chomhlánú ach amháin leis an bhfaisnéis a leagtar amach i gCuid I den Iarscríbhinn. Sa chás sin, is é an t-allmhaireoir nó an dáileoir a chuirfidh isteach an fhaisnéis a leagtar amach i gCuid II den Iarscríbhinn.

▼B

Mar mhalairt air sin, féadfaidh an t-allmhaireoir nó an dáileoir an dá chuid den dearbhú um aitheantas frithpháirteach a ullmhú ar choinníoll gur féidir leis an sínitheoir an fhianaise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 5(4) a sholáthar.

Déanfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a ullmhú i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais. I gcás nach í an teanga sin an teanga a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe, déanfaidh na hoibreoirí eacnamaíocha an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a aistriú chuig teanga a cheanglaíonn an Ballstát is ceann scríbe.

2.  
Na hoibreoirí eacnamaíocha a shíníonn an dearbhú um aitheantas frithpháirteach nó cuid de, beidh siad freagrach as ábhar agus cruinneas na faisnéise a sholáthróidh siad sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach, lena n-áirítear a chirte atá an fhaisnéis a aistríonn siad. Chun críocha na míre seo, beidh oibreoirí eacnamaíocha faoi dhliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.
3.  
Áiritheoidh oibreoirí eacnamaíocha go gcoimeádfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach cothrom le dáta i gcónaí chun aon athruithe ar an bhfaisnéis a sholáthróidh siad sa dearbhú um aitheantas frithpháirteach a léiriú.
4.  
Féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a sholáthar d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe chun críocha an mheasúnaithe atá le déanamh faoi Airteagal 5. Féadfar é a sholáthar i bhfoirm páipéir nó trí mheán leictreonach nó féadfar é a sholáthar ar líne, I gcomhréir le ceanglais an Bhallstáit is ceann scríbe.
5.  

I gcás ina gcuireann oibreoirí eacnamaíocha an dearbhú um aitheantas frithpháirteach ar fáil ar líne, tá feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

beidh an cineál earraí nó an tsraith earraí a mbeidh feidhm ag an dearbhú um aitheantas frithpháirteach ina leith so-shainaitheanta; agus

(b) 

go n-áireofar leis na modhanna teicniúla a úsáidtear gur furasta nascleanúint a dhéanamh agus go ndéanfar faireachán air chun a áirithiú go mbeidh fáil agus rochtain ar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach.

6.  
I gcás ina bhfuil na hearraí a bhfuil an dearbhú um aitheantais frithpháirteach á soláthar ina leith faoi réir gníomh Aontais chomh maith, lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta AE, féadfar an dearbhú um aitheantas frithpháirteach a chur i gceangal leis an dearbhú comhréireachta AE sin.

Airteagal 5

Earraí a mheasúnú

1.  
I gcás inar mian leis an údarás inniúil i gceann de na Ballstáit is ceann scríbe earraí atá faoi réir an Rialacháin seo a mheasúnú, chun a fháil amach an bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus, más amhlaidh atá, an bhfuil leasanna dlisteanacha an phobail cumhdaithe le riail náisiúnta theicniúil infheidhme an Bhallstáit is ceann scríbe á gcosaint go leordhóthanach, i dtaca le gnéithe na n-earraí i gceist, ní mór dó dul i dteagmháil gan mhoill leis an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann.
2.  
Nuair a dhéanann údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe teagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, cuirfidh sé in iúl don oibreoir eacnamaíoch faoin measúnú, cad iad na hearraí atá faoi réir an mheasúnaithe sin agus ag sonrú an riail náisiúnta theicniúil nó an nós imeachta réamhúdaraithe is infheidhme. Ina theannta sin, cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe in iúl don oibreoir eacnamaíoch gur féidir dearbhú um aitheantas frithpháirteach a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 4 chun críocha an mheasúnaithe sin.
3.  
Ceadófar don oibreoir eacnamaíoch na hearraí a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát is ceann scríbe feadh an ama a dhéanann an t-údarás inniúil an measúnú faoi mhír 1 den Airteagal seo agus féadfaidh sé leanúint de sin a dhéanamh ach i gcás ina bhfaigheann an oibreoir eacnamaíoch cinneadh riaracháin chun rochtain ar an margadh do na hearraí sin a shrianadh nó a dhiúltú. Ní bheidh feidhm ag an mír sin más faoi chuimsiú nós imeachta réamhúdaraithe a dhéantar an measúnú nó i gcás ina gcuireann an t-údarás inniúil soláthar na n-earraí sin atá faoi réir measúnaithe ar an margadh ar fionraí sealadach i gcomhréir le hAirteagal 6.
4.  

Má sholáthraítear dearbhú um aitheantas frithpháirteach d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe i gcomhréir le hAirteagal 4, ansin, chun críocha aon mheasúnú faoi mhír 1 den Airteagal seo:

(a) 

glacfaidh an t-údarás inniúil gur leor an dearbhú um aitheantas frithpháirteach., in éineacht le haon fhianaise thacaíochta a soláthraíodh mar fhreagairt ar iarraidh ón údarás inniúil chun an fhaisnéis atá ann a fhíorú, d'fhonn a léiriú go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile; agus

(b) 

ní éileoidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis ná aon doiciméid eile ó aon oibreoir eacnamaíoch d'fhonn a léiriú go bhfuil na hearraí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

5.  

Mura dtugtar dearbhú um aitheantas frithpháirteach chuig údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe i gcomhréir le hAirteagal 4 chun críche an mheasúnaithe faoi mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás inniúil a iarraidh ar na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an doiciméadacht agus an fhaisnéis, a bhfuil gá leis chun críocha an mheasúnaithe a sholáthar, maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

maidir le saintréithe na n-earraí nó saintréithe an chineáil earraí atá i gceist; agus

(b) 

maidir leis na hearraí a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

6.  
Tar éis dó an iarraidh ó údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe a fháil, tabharfar ar a laghad 15 lá oibre don oibreoir eacnamaíoch chun na doiciméid agus an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 nó i mír 5, nó aon argóintí nó tuairimí a d'fhéadfadh a bheith ag an oibreoir eacnamaíoch.
7.  
Chun críocha an mheasúnaithe faoi mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe, i gcomhréir le hAirteagal 10(3), dul i dteagmháil leis na húdaráis inniúla nó leis na Pointí Teagmhála do Tháirgí sa Bhallstát sin ina bhfuil sé á mhaíomh ag oibreoir eacnamaíoch gurb ann atá a chuid earraí ar an margadh go dleathach aige, i gcás nach mór don údarás inniúil pé faisnéis a thug an t-oibreoir eacnamaíoch a fhíorú.
8.  
Agus an measúnú á dhéanamh faoi mhír 1 acu, tabharfaidh údaráis inniúla na mBallstát cinn scríbe aird chuí ar ábhar na dtuarascálacha tástála nó na ndeimhnithe arna n-eisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta a soláthraíodh ag aon oibreoir eacnamaíoch mar chuid den mheasúnú. Ní dhiúltóidh na húdaráis inniúla de chuid na mBallstát cinn scríbe tuarascálacha tástála ná deimhnithe a eiseoidh comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe i leith réimse iomchuí na gníomhaíochta measúnaithe comhréireachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin.
9.  
Más rud é, tar éis measúnú faoi mhír 1 den Airteagal seo a chríochnú, go nglacann údarás inniúil Ballstáit is ceann scríbe cinneadh riaracháin i leith na n-earraí, cuirfidh sé an cinneadh riaracháin sin in iúl gan mhoill don oibreoir eacnamaíoch ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Cuirfidh an t-údarás inniúil an cinneadh riaracháin sin in iúl freisin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tráth nach déanaí ná 20 lá oibre ó glacadh an cinneadh. Chun na críche sin, bainfidh sí úsáid as an gcóras dá dtagraítear in Airteagal 11.
10.  
Leagfar amach sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 9 na cúiseanna leis an gcinneadh ar bhealach atá mionsonraithe agus réasúnaithe go leor chun measúnú ar a chomhoiriúnacht le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an Rialacháin seo a éascú.
11.  

Tabharfar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 9:

(a) 

an riail theicniúil náisiúnta ar a bhfuil an cinneadh riaracháin bunaithe;

(b) 

foras dlisteanach an leasa phoiblí lena dtugtar údar cuí don riail theicniúil náisiúnta is infheidhme ar a bhfuil an cinneadh riaracháin bunaithe;

(c) 

an fhianaise theicniúil nó eolaíoch a rinneadh a mheas údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, aon athruithe ábhartha in úrscothacht na teicneolaíochta a tharla ó tháinig an riail theicniúil náisiúnta i bhfeidhm;

(d) 

achoimre ar na hargóintí atá ábhartha don mheasúnú faoi mhír 1 a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, más ann dóibh;

(e) 

an fhianaise lena léirítear gurb iomchuí an cinneadh riaracháin chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú, agus nach dtéann an cinneadh riaracháin thar a bhfuil gá leis d'fhonn an cuspóir sin a bhaint amach.

12.  
Sonrófar sa chinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo na leigheasanna atá ar fáil faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit is ceann scríbe agus na teorainneacha ama is infheidhme maidir leis na leigheasanna sin. Áireofar ann freisin tagairt don deis a bheith ag oibreoirí eacnamaíocha SOLVIT a úsáid agus an nós imeachta faoi Airteagal 8.
13.  
Ní bheidh éifeacht ag an gcinneadh riaracháin dá dtagraítear i mír 9 sula dtabharfar fógra ina leith don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann faoin mír sin.

Airteagal 6

Fionraí shealadach ar rochtain ar an margadh

1.  

I gcás ina ndéanfaidh údarás inniúil Ballstáit measúnú ar earraí de bhun Airteagal 5, ní fhéadfaidh sé cur ar fáil na n-earraí sin ar an margadh sa Bhallstát sin a chur ar fionraí go sealadach, ach amháin:

(a) 

faoi ghnáthchoinníollacha úsáide nó coinníollacha úsáide atá measartha intuartha, baineann riosca tromchúiseach leis na hearraí ar shábháilteacht nó ar shláinte daoine nó ar an gcomhshaol, lena n-áirítear i gcásanna ina bhfuil riosca tromchúiseach nach mbeidh éifeachtaí láithreacha aige ar gá don údarás inniúil idirghabháil mhear a dhéanamh dá dheasca; nó

(b) 

go bhfuil toirmeasc ginearálta ann maidir leis na hearraí, nó le hearraí den chineál sin, a chur ar fáil ar an margadh sa Bhallstát sin ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí.

2.  
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra láithreach don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon fhionraí shealadach de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Tabharfar an fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11. I gcásanna a thagann faoi phointe (a) de mhír 1 den Airteagal seo, beidh bunús teicniúil nó eolaíoch mionsonraithe ag gabháil leis an bhfógra lena léireofar cén fáth go dtagann an cás faoi raon feidhme an phointe sin.

Airteagal 7

Fógra a thabhairt trí RAPEX nó RASFF

Más beart an cinneadh riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 5 nó an fhionraí shealadach dá dtagraítear in Airteagal 6, a cheanglaítear a fhógairt tríd an Mearchóras Malartaithe Faisnéise (RAPEX) i gcomhréir le Treoir 2001/95/CE nó tríd an gCóras Mear-Rabhaidh um Bia agus Beatha (RASFF) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, ní cheanglófar fógra ar leithligh a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

léirítear san fhógra RAPEX nó RASFF go n-áirítear an fógra mar gheall ar an mbeart mar fhógra faoin Rialachán seo; agus

(b) 

tá an fhianaise thacaíochta is ga le haghaidh an chinnidh riaracháin faoi Airteagal 5 nó le haghaidh fionraí shealadach faoi Airteagal 6 san áireamh leis an bhfógra RAPEX nó RASFF.

Airteagal 8

Nós imeachta um réiteach fadhbanna

1.  
I gcás oibreoir eacnamaíoch a ndearna cinneadh riaracháin difear dó, gur chuir sé é faoi bhráid SOLVIT agus más rud é, le linn an nós imeachta SOLVIT, go n-iarrann an Lárionad Baile nó an Príomhionad ar an gCoimisiún tuairim a thabhairt chun cabhrú leis an gcás a réiteach, soláthróidh an Lárionaid Bhaile agus an Príomhionaid gach doiciméad ábhartha a bhaineann leis an gcinneadh riaracháin lena mbaineann don Choimisiún.
2.  
Tar éis dó an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 a fháil, déanfaidh an Coimisiún a mheas an bhfuil an cinneadh riaracháin comhoiriúnach le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus le ceanglais an Rialacháin seo.
3.  
Chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, measfaidh an Coimisiún an cinneadh riaracháin faoinar tugadh fógra i gcomhréir le hAirteagal 5(9) agus na doiciméid agus an fhaisnéis a cuireadh ar fáil le linn nós imeachta SOLVIT. I gcás ina dteastaíonn faisnéis bhreise nó doiciméid bhreise chun críocha an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, iarrfaidh an Coimisiún, gan aon mhoill mhíchuí, ar an Ionad SOLVIT ábhartha dul i dteagmháil leis an oibreoir eacnamaíoch ábhartha nó leis na húdaráis inniúla a ghlac an cinneadh riaracháin d'fhonn an fhaisnéis bhreise nó na doiciméid bhreise sin a fháil.
4.  
Tráth nach déanaí ná 45 lá oibre ó gheobhaidh sé an iarraidh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Coimisiún a mheasúnú a chur i gcrích agus tuairim a eisiúint. I gcás inarb iomchuí, sainaithneofar sa tuairim ón gCoimisiún aon chúis imní ar cheart aghaidh a thabhairt uirthi sa chás SOLVIT nó déanfaidh sé moltaí chun cabhrú leis an gcás a réiteach. Ní áirítear i dtréimhse na 45 lá sin an t-am is gá chun an fhaisnéis agus na doiciméid bhreise a fháil ag an gCoimisiún mar a fhoráiltear i mír 3.
5.  
I gcás ina gcuirtear in iúl don Choimisiún gur réitíodh an cás le linn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, ní bheidh gá don Choimisiún tuairim a eisiúint.
6.  
Cuirfear an tuairim ón gCoimisiún in iúl tríd an Ionad SOLVIT ábhartha chuig an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann agus chuig na húdaráis inniúla ábhartha. Tabharfaidh an Coimisiún fógra i leith na tuairime sin do gach Ballstát trí bhíthin an chórais dá dtagraítear in Airteagal 11. Cuirfear an tuairim san áireamh le linn an nós imeachta SOLVIT dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.



CAIBIDIL III

COMHAR RIARACHÁIN, FAIREACHÁN AGUS CUMARSÁID

Airteagal 9

Na Cúraimí atá ar na Pointí Teagmhála do Tháirgí

1.  
Ainmneoidh agus coimeádfaidh na Ballstáit Pointí Teagmhála do Tháirgí ar a gcríoch agus áiritheoidh siad go mbeidh cumhachtaí leordhóthanacha ag a bPointí Teagmhála do Tháirgí agus go mbeidh acmhainní leordhóthanacha acu chun a gcuid cúraimí a chomhlíonadh mar is ceart. Áiritheoidh siad go soláthróidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí a gcuid seirbhísí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724.
2.  

Soláthróidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí an fhaisnéis seo a leanas ar líne:

(a) 

faisnéis maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcríoch a mBallstáit, lena n-áirítear faisnéis faoin nós imeachta atá leagtha amach in Airteagal 5;

(b) 

sonraí teagmhála trínar féidir dul i dteagmháil leis na húdarás inniúila laistigh den Bhallstát sin go díreach, lena n-áirítear sonraí na n-údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha teicniúla náisiúnta is infheidhme i gcríoch a mBallstáit;

(c) 

na leigheasanna agus na nósanna imeachta atá ar fáil i gcríoch a mBallstáit i gcás ina mbeidh díospóid ann idir an t-údarás inniúil agus oibreoir eacnamaíoch, lena n-áirítear an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 8.

3.  
Más gá, chun an fhaisnéis a chomhlánú a sholáthraítear ar líne faoi mhír 2, soláthróidh Pointí Teagmhála do Tháirgí, ar iarraidh oibreora eacnamaíoch nó údaráis inniúil Ballstáit eile, aon fhaisnéis úsáideach, amhail cóipeanna leictreonacha de na rialacha teicniúla náisiúnta agus nósanna imeachta náisiúnta is infheidhme, nó rochtain ar líne orthu sin, maidir le hearraí sonracha nó maidir le hearraí de chineál sonrach sa chríoch ina bhfuil an Pointe Teagmhála do Tháirgí bunaithe nó nasc leictreonach leis na rialacha sin, nó faisnéis faoi cé acu atá nó nach bhfuil na hearraí sin nó earraí den chineál sin faoi réir réamhúdarú faoin dlí náisiúnta.
4.  
Tabharfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí freagra laistigh de 15 lá oibre tar éis aon iarraidh faoi mhír 3 a fháil.
5.  
Ní ghearrfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí aon táille ar an bhfaisnéis faoi mhír 3 a sholáthar.

Airteagal 10

Comhar riaracháin

1.  

Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le comhar éifeachtach i measc na n-údarás inniúil agus na Pointí Teagmhála do Tháirgí de chuid na mBallstát éagsúil agus déanfaidh sé sin a áirithiú trí na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a) 

éascú agus comhordú a dhéanamh ar mhalartú agus ar thiomsú faisnéise agus dea-chleachtas i dtaca le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur chun feidhme;

(b) 

tacú le feidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí agus a gcomhar trasteorann a fheabhsú;

(c) 

éascú agus comhordú a dhéanamh ar mhalartú oifigeach i measc na mBallstát, agus cláir oiliúna agus cláir múscailte feasachta chomhchoiteanna d'údaráis agus do ghnólachtaí araon.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid údarás inniúil agus a bPointí Teagmhála do Tháirgí rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1.
3.  
Arna iarraidh sin d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe de bhun Airteagal 5(7), cuirfidh na húdaráis inniúla sa Bhallstát ina bhfuil sé á mhaíomh ag oibreoir eacnamaíoch go bhfuil a chuid earraí ar an margadh go dleathach, cuirfidh siad ar fáil d'údarás inniúil an Bhallstáit is ceann scríbe, laistigh de 15 lá oibre, aon fhaisnéis a bhaineann leis na hearraí sin is ábhartha i ndáil le fíorú na sonraí agus na ndoiciméad a chuir an t-oibreoir eacnamaíoch ar fáil le linn an mheasúnaithe faoi Airteagal 5. Féadfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí a úsáid chun an teagmháil idir na húdaráis inniúla ábhartha a éascú i gcomhréir leis an teorainn ama, a leagtar amach in Airteagal 9(4), faoi nach mór an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil.

Airteagal 11

Córas faisnéise agus cumarsáide

1.  
Chun críocha Airteagal 5, Airteagal 6 agus Airteagal 10 den Rialachán seo, bainfear leas as córas faisnéise agus cumarsáide an Aontais atá leagtha amach in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, ach amháin mar a fhoráiltear in Airteagal 7 den Rialachán seo.
2.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar sonraí agus feidhmiúlachtaí an chórais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo chun críocha an Rialacháin seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 15(2).



CAIBIDIL IV

MAOINIÚ

Airteagal 12

Maoiniú gníomhaíochtaí mar thaca leis an Rialachán seo

1.  

Féadfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a mhaoiniú mar thaca leis an Rialachán seo:

(a) 

feachtais múscailte feasachta;

(b) 

oideachas agus oiliúint;

(c) 

malartú oifigeach agus dea-chleachtas;

(d) 

comhar idir Pointí Teagmhála do Tháirgí maille leis na húdaráis inniúla, agus an tacaíocht theicniúil agus lóistíochta don chomhar sin;

(e) 

bailiú sonraí a bhaineann le feidhmiú phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus lena thionchar ar an Margadh Aonair le haghaidh earraí.

2.  
Cuirfear chun feidhme cúnamh airgeadais an Aontais maidir le gníomhaíochtaí mar thaca leis an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 ), go díreach nó trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a chur ar iontaoibh na n-eintitis atá liostaithe i bpointe (c) d'Airteagal 62(1) den Rialachán sin.
3.  
Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasuithe arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Rialachán seo a shocrú gach bliain laistigh de theorainneacha an chreata airgeadais atá i bhfeidhm.

Airteagal 13

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1.  
Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2.  
Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus cigireachtaí ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí ón Aontas faoin Rialachán seo.
3.  
Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ) agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle ( 3 ) d'fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.
4.  
Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thiocfaidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, ar forálacha iad lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí agus imscrúduithe den sórt sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.



CAIBIDIL V

MEASTÓIREACHT AGUS NÓS IMEACHTA COISTE

Airteagal 14

Meastóireacht

1.  
Faoi 20 Aibreán 2025, agus gach 4 bliana tar éis sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo i bhfianaise na gcuspóirí a shaothraítear leis agus cuirfidh sé tuarascáil air sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
2.  
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis atá ar fáil sa chóras dá dtagraítear in Airteagal 11 agus aon sonraí arna mbailiú le linn na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 12(1). Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit aon fhaisnéis ábhartha a chur isteach chun meastóireacht a dhéanamh ar shaorghluaiseacht earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile nó chun éifeachtacht an Rialacháin seo a mheas, chomh maith le measúnú ar fheidhmiú na bPointí Teagmhála do Tháirgí.

Airteagal 15

Nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.



CAIBIDIL VI

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 16

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 le héifeacht ó 19 Aibreán 2020.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 17

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige le héifeacht ó 19 Aibreán 2020.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN

Dearbhú um aitheantas frithpháirteach chun críocha Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 )

Cuid I

1.

Aitheantóir uathúil i gcomhair na n-earraí nó an chineáil earraí: … [Tabhair faoi deara: cuir isteach uimhir aitheantais na n-earraí nó marc tagartha eile lena ndéantar aithint uathúil ar na hearraí nó ar an gcineál earraí]

2.

Ainm agus seoladh an oibreora eacnamaíoch: … [Tabhair faoi deara: cuir isteach ainm agus seoladh an tsínitheora de Chuid I den dearbhú um aitheantas frithpháirteach: an táirgeoir agus, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe:, nó an t-allmhaireoir, nó an dáileoir]

3.

Tuairisc ar na hearraí nó ar an gcineál earraí is ábhar an dearbhaithe um aitheantas frithpháirteach: … [Tabhair faoi deara: ba cheart gur leor an tuairisc chun na hearraí a aithint ar chúiseanna inrianaitheachta. Féadfaidh grianghraf a bheith ag gabháil léi, i gcás inarb iomchuí]

4.

Dearbhú agus faisnéis maidir leis an dlíthiúlacht i ndáil leis na hearraí nó earraí den chineál sin a chur ar an margadh:

4.1.

Maidir leis na hearraí nó an cineál earraí sin, gona saintréithe, ar a gcuirtear síos thuas, comhlíonann siad na rialacha seo a leanas atá infheidhme in … [Tabhair faoi deara: sainaithin an Ballstát ina maítear go bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach]: … [Tabhair faoi deara: cuir isteach an teideal agus tagairt an fhoilseacháin oifigiúil, i ngach cás, de na rialacha ábhartha is infheidhme sa Bhallstát sin agus tagairt an chinnidh údarúcháin más rud é go raibh na hearraí faoi réir nós imeachta réamhúdarú],

i gcás nach bhfuil na hearraí nó cineál na n-earraí a gcuirtear síos orthu thuas faoi réir aon rialacha ábhartha in … [Tabhair faoi deara: sainaithin an Ballstát ina maítear go bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach].

4.2.

Tagairt an nós imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme i leith na n-earraí nó earraí den chineál sin, nó tagairt na dtuarascálacha tástála i gcomhair aon tástálacha a rinne comhlacht um measúnú comhréireachta, lena n_áirítear ainm agus seoladh an chomhlachta sin (má cuireadh nós imeachta den sórt sin i gcrích nó má rinneadh tástálacha den sórt sin): …

5.

Aon fhaisnéis bhreise a mheastar is ábhartha i leith measúnú lena chinneadh an bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach sa Bhallstát a luaitear i bpointe 4.1: …

6.

Tá an chuid sin den dearbhú um aitheantas frithpháirteach tarraingthe suas faoi fhreagracht iomlán an oibreora eacnamaíoch a aithnítear faoi phointe 2.

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

(áit agus dáta):

(ainm, feidhm) (síniú):

Cuid II

7.   Dearbhú agus faisnéis maidir le cur ar an margadh na n-earraí nó earraí den chineál sin

7.1.

Tá na hearraí nó earraí den chineál sin a thuairiscítear i gCuid 1 ar fáil d'úsáideoirí deiridh ar an margadh sa Bhallstát a léirítear i bpointe 4.1.

7.2.

Faisnéis go bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar fáil d'úsáideoirí deiridh sa Bhallstát a léirítear i bpointe 4.1, lena n-áirítear sonraí i ndáil leis an dáta ar cuireadh na hearraí ar fáil ar dtús d'úsáideoirí deiridh ar an margadh sa Bhallstát sin: …

8.

Aon fhaisnéis bhreise a mheastar is ábhartha i leith measúnú lena chinneadh an bhfuil na hearraí nó earraí den chineál sin ar an margadh go dleathach sa Bhallstát a léirítear i bpointe 4.1: …

9.

Tá an chuid seo den dearbhú um aitheantas frithpháirteach tarraingthe suas faoi fhreagracht iomlán [Tabhair faoi deara: cuir isteach ainm agus seoladh an tsínitheora de Chuid II den dearbhú um aitheantas frithpháirteach: an táirgeoir agus i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe, nó an t-allmhaireoir nó an dáileoir].

Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann:

(áit agus dáta):

(ainm, feidhm) (síniú):



( 1 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/EU agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

( 3 ) Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L292, 15.11.1996, lch. 2).

( 4 ) Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO C 91, 29.3.2019, lch. 1).

Top