EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nochtuithe ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

Nochtuithe ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtuithe ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Arna ghlacadh mar chuid den chreat reachtach maidir le maoiniú inbhuanaithe, leagtar síos leis an rialachán maidir le nochtaí rialacha le haghaidh rannpháirtí margaidh airgeadais* agus comhairleorí airgeadais* ar an gcaoi ina inmeascann siad fachtóirí timpeallachta, soisiálta agus rialachas maith ina roghanna infheistíochta agus comhairle airgeadais agus maidir lena n-uaillmhian inbhuanaitheachta fhoriomlán agus a bhaineann le táirgí. Tá sé deartha chun teorainn a chur le snas glasg a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás táirgí airgeadais* inbhuanaithe nó neamhdhíobhálach don aeráid, nó éilimh faoi rannpháirtíocht ghnó airgeadais, ní shásaíonn siad na caighdeáin sin go praiticiúil.
  • Cé go leagtar amach sa rialachán rialacha maidir le nochtaí, ceanglaítear go héifeachtach ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus ar chomhairleoirí airgeadais cinntí straitéiseacha gnó agus infheistíochta a dhéanamh, rud nach mór dóibh a nochtadh ansin.
  • Leis an rialachán, tugtar cuntasacht, smacht agus éifeachtúlacht bhreise do na margaí airgeadais agus cuireann sé dlús leis an iomaíocht maidir leis an gcuid den mhaoiniú inbhuanaithe atá ag forbairt go tapa. Feabhsaíonn sé freisin faisnéis agus inchomparáideacht a bhaineann le feidhmíocht inbhuanaitheachta d’infheisteoirí deiridh, agus sonraí agus faisnéis do lucht déanta beartas, maoirseoirí, lucht acadúil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.
  • Le faisnéis inchomparáide iontaofa bainteach le hinbhuanaitheacht maidir le rioscaí agus tionchair infheistíochtaí, comhlánaíonn an rialachán tionscnaimh eile lena gcothaítear aistriú an chórais airgeadais i dtreo na hinbhuanaitheachta agus tacaíonn sé gnólachtaí a bhfuil inbhuanaithe cheana féin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Déantar idirdhealú soiléir sa rialachán idir rioscaí inbhuanaitheachta lasmuigh (teagmhais nó coinníollacha comhshaoil, sóisialta nó rialachais (ESG) a d’fhéadfadh, má tharlaíonn siad, tionchar diúltach ábhartha iarbhír nó féideartha a imirt ar luach infheistíochta) agus drochthionchair ar thosca inbhuanaitheachta (seachtrachtaí diúltacha ar dhálaí ESG). Soiléiríonn an rialachán na tionchair dhearfacha inbhuanaitheachta a d’fhéadfadh a bheith ag infheistiú.

Trédhearcacht / trédhearcacht ar leibhéal na n-eintiteas ag rannpháirtithe an margadh airgeadais agus ag comhairleoirí airgeadais

Ní mór do rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin:

  • faisnéis faoin gcaoi a mbreathnaíonn siad ar sheachtrachtaí diúltacha a samhlacha gnó, príomhthionchair dhíobhálacha cinntí infheistíochta nó comhairle airgeadais maidir le hinbhuanaitheacht ESG go príomha; nó
  • faisnéis a mhiníonn cén fáth a mheasann siad nach bhfuil aon tionchar diúltach ann.

Ba chóir do shuíomhanna greasáin rannpháirtithe an mhargaidh airgeadais agus comhairleorí airgeadais eolas a chur ar fáil faoi conas:

  • a inmheascaíonn siad rioscaí inbhuanaitheachta ina gcuid bpróiseas cinnteoireachta infheistíochta agus comhairle airgeadais;
  • conas a bhfuil a mbeartais luacha saothair comhsheasmhach le rioscaí inbhuanaitheachta.

Trédhearcacht an táirge airgeadais

Forbraíodh táirgí airgeadais inbhuanaitheachta le cinéal éagsúla uallmhéine go nuige seo. Is é seo an chúis go n-idirdhealaíonn an rialachán idir na ceanglais trédearcachta:

  • do tháirgí airgeadais a chuireann saintréithe comhshaoil nó sóisialta chun tosaigh; agus
  • do tháirgí airgeadais a bhfuil mar aidhm acu tionchar dearfach a bheith acu ar an timpeallacht agus ar an sochaí.

Ní mór an dá chatagóir de tháirgí airgeadais cur síos a dhéanamh ar an gcaoi a mbainfidh siad amach inbhuaineacht ESG i ndoiciméid réamhchonarthacha a bhaineann le táirgí airgeadais* agus baineadh é seo amach i ndoiciméid thréimhsiúla a bhaineann le táirgí airgeadais*.

Ina theannta sin, ní mór do gach táirge airgeadais:

  • a shonrú i ndoiciméid réamhchonarthacha conas a dhéantar rioscaí inbhuanaitheachta a chomhtháthú i gcinntí infheistíochta; agus
  • an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar bhrabúsacht infheistíochta a shainaithint.

Téann rialacha gaolmhara i bhfeidhm ar chomhairleorí airgeadais. Ní mór do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais, a chuireann príomhthionchair dhíobhálacha ar chúrsaí inbhuanaitheachta san áireamh, a mhíniú an gcuireann agus conas a chuireann a dtáirgí airgeadais drochthionchair phríomhúla san áireamh, más mar sin atá sé.

Údaráis mhaoirseachta Eorpacha::

  • na caighdeáin theicniúla rialála gur gá a dhreachtú ar an inneachar, modheolaíocht agus soláthar den fhaisnéis ábhartha agus iad a chur chuig an gCoimisiún Eorpach, faoi 30 Nollaig 2020, 30 Nollaig 2021, 1 Meitheamh 2021 and 1 Meitheamh 2022;
  • na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú chun cur i láthair caighdeánach na faisnéise maidir le cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus infheistíochtaí inbhuanaithe a chinneadh;
  • tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Meán Fómhair 2022, agus go bliantúil ina dhiaidh sin, maidir le dea-chleachtais agus moltaí a dhéanamh maidir le caighdeáin dheonacha tuairiscithe.

Cuirtear an tuarascáil ar fáil don phobal agus cuirtear í ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Ballstáit an tAontas Eorpaigh(AE):

  • deimhniú go ndéanann na húdaráis ábhartha monatóireacht ar chomhlíonadh leis an reachtaíocht;
  • an rialachán a chur i bhfeidhm maidir le monaróirí táirgí pinsin a oibríonn scéimeanna slándála sóisialta náisiúnta, agus idirghabhálaithe micreaárachais agus gnólachtaí infheistíochta.

An Coimisiún:

  • caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme a ghlacadh;
  • meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht faoin 30 Nollaig 2022 agus breithniú a dhéanamh ar cheart aon leasuithe a mholadh.

Níl feidhm uathoibríoch ag an rialachán maidir le:

  • idirghabhálaithe árachais a chuireann comhairle ar fáil maidir le táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe* (IBIPanna);
  • gnólachtaí infheistíochta a chuireann comhairle infheistíochta ar fáil agus ar fiontair iad beag beann ar a bhfoirm dhlíthiúil.

Gníomhartha tarmligthe

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 forlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le caighdeáin theicniúla rialála, lena sonraítear inneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla a bhaineann leis an méid seo a leanas:

  • táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta;
  • prionsabal “gan díobhála suntasaí” a bhaint amach;
  • saintréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe a chur chun cinn.

An 31 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún leasuithe ar an Rialachán Tarmligthe seo (Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/363) chun a cheangal ar rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a mhéid atá a bpunanna neamhchosanta ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le gás agus núicléach a chomhlíonann an rialachán tacsanomaíochta (féach achoimre), mar a leagtar amach sa Ghníomh Comhlántach Tarmligthe Aeráide.

Is é is aidhm do na leasuithe sin trédhearcacht a mhéadú agus ligean d’infheisteoirí cinntí eolasacha infheistíochta a dhéanamh.

Tá na ceanglais agus na caighdeáin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2023 agus tá na leasuithe i bhfeidhm ón 20 Feabhra 2023.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm aige ón 10 Márta 2021, cé is moite de na rialacha maidir le trédhearcacht drochthionchair inbhuanaitheachta, a mhéid atá feidhm acu maidir le rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a sháraíonn 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais nó ar máthairghnóthais iad de ghrúpa mór a sháraíonn 500 fostaí, ar bhonn comhdhlúite, le linn na bliana airgeadais. Sna cásanna sin, tá feidhm aige ó 30 Meitheamh 2021.

CÚLRA

  • Le rialacha comhchuibhithe, is féidir infheisteoirí deiridh a chur ar an eolas faoi thionchar ESG táirgí airgeadais éagsúla i mBallstáit éagsúla.
  • Infheistíonn infheisteoirí institiúideacha, amhail bainisteoirí sócmhainní, cistí pinsin nó cuideachtaí árachais saoil, ar son a gcliant. Cinntíonn diancheanglais dhlíthiúla an Aontais lena gcumhdaítear raon leathan táirgí airgeadais, idir chistí infheistíochta agus tháirgí pinsin phearsanta, go ngníomhaíonn na hinfheisteoirí sin ar mhaithe le leas a gcliant.
  • Tugtar isteach leis an rialachán ceanglais bhreise maidir le nochtadh maidir le tionchar comhshaoil agus sóisialta na gcinntí infheistíochta.
  • Tá sé ceaptha teorainn a chur le snas glas a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás nach gcomhlíonann táirgí nó seirbhísí a mhargaítear mar tháirgí nó seirbhísí atá inbhuanaithe nó neamhdhíobhálach don aeráid na caighdeáin sin go praiticiúil.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Rannpháirtí margaidh airgeadais. Gach eintitis airgeadais a bhfuil airgead a gcliant á bhainistiú acu trí tháirgí airgeadais agus go bhfuil:
  • gnóthas árachais a sholáthraíonn IBIP;
  • gnólacht infheistíochta a sholáthraíonn bainistíocht punainne;
  • institiúid um chóir ar scor ceirde;
  • déantóir táirge pinsin;
  • bainisteoir cistí infheistíochta malartacha;
  • soláthraí táirgí pinsin phearsanta uile-Eorpacha;
  • bainisteoir ciste caipitil fiontair cáilitheach cláraithe i gcomhréir le Airteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 345/2013;
  • bainisteoir ciste fiontraíochta sóisialta cáilitheach cláraithe i gcomhréir le Airteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 346/2013;
  • cuideachta bainistíochta de ghnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI); nó
  • gnólacht creidmheasa a sholáthraíonn bainistíocht punainne;
Comhairleoir airgeadais. Cumhdaíonn an téarma seo na nithe seo a leanas:
  • idirghabálaí árachais a thugann comhairle árachais i leith IBIPanna;
  • gnóthas árachais a thugann comhairle árachais i leith IBIPanna;
  • institiúid creidmheasa a thugann comhairle i leith infheistíochta;
  • gnólacht infheistíochta a thugann comhairle i leith infheistíochta;
  • bainisteoir ciste infheistíochta malartach a thugann comhairle infheistíochta i gcomhréir le Treoir 2011/61/EU (ar chistí fálaithe nó cothromais phíobháidigh); nó
  • cuideachta bainistíochta GCUI a chuireann comhairle infheistíochta ar fáil i gcomhréir le Treoir 2009/65/EC maidir le UCITS.
Táirgí airgeadais. Infheistíochtaí, amhail:
  • punann,
  • ciste infheistíochta malartach,
  • IBIP,
  • táirge nó scéim pinsin,
  • GCUI, nó
  • táirge pinsin phearsanta uile-Eorpach.
Doiciméid réamhchonarthacha a bhaineann le táirgí airgeadais. Doiciméid a chomhroineann eolas faoi tháirgí airgeadais roimh don infheisteoir cinneadh infheistíochta a ghlacadh.
Doiciméid thréimhsiúla a bhaineann le táirgí airgeadais. Tuarascálacha, a n-eisítear go hiondúil go bliantúil, maidir le feidhmíocht táirgí airgeadais sonracha.
Táirgí infheistíochta árachasbhunaithe (IBIPanna). Réimse táirgí infheistíochta dírithe ar infheisteorí miondíola faoi réir risoca infheistíochta. Ina measc seo tá táirgí infheistíochta struchtúrtha, amhail roghanna, atá áirithe i bpolasaithe árachais.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta san earnáil airgeadais (IO L 317, 9.12.2019, lgh. 1–16).

Cuireadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2019/2088 sa téacs bunaidh. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1288 ón gCoimisiún an 6 Aibreán 2022 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/2088 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear mionsonraí inneachar agus chur i láthair na faisnéise i ndáil leis an bprionsabal nach ndéantar “aon díobháil shuntasach”, inneachar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le táscairí inbhuanaitheachta agus drochthionchair inbhuanaitheachta a shonrú, agus inneachar agus cur i láthair na faisnéise i ndáil le cur chun cinn tréithe comhshaoil nó sóisialta agus cuspóirí infheistíochta inbhuanaithe i ndoiciméid réamhchonarthacha, ar shuíomhanna gréasáin agus i dtuarascálacha tréimhsiúla (IO L 196, 25.7.2022, lgh. 1–72). Athfhoilsíodh an téacs in ceartúchán (OJ L 332, 27.12.2022, lgh. 1–74).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2019/1238 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU) (IO L 198, 25.7.2019, lgh. 1–63).

Rialachán (AE) 2016/2341 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollag 2016 maidir le gníomhaíochtaí agus maoirseacht institiúidí um chóir ar scor ceirde (IORPanna) (athmhúnlú) (OJ L 354, 23.12.2016, lgh. 37–85).

Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (athmhúnlú) (IO L 26,2.2.2016, lgh. 19–59).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2015/760 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha (IO L 123, 19.5.2015, lgh. 98–121).

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (athmhúnlú) (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349–496).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lgh. 338–436).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lgh. 1–17).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 346/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha (IO L 115, 25.4.2013, lgh. 18–38).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir le bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha agus lena leasaítear Treoir 2003/41/CE agus Treoir 2009/65/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 (IO L 174, 1.7.2011, lgh. 1–73).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2009/138/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus an gnó sin a shaothrú (Sócmhainneacht II) (athmhúnlú) (OJ L 335, 17.12.2009, lgh. 1–155).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2009/65/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le gnóthais le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) (athmhúnlú) (OJ L 302, 17.11.2009, lgh. 32–96).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 06.03.2023

Top