EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32018R1807

Saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach

Saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2018/1807 — maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm leis a áirithiú gur féidir sonraí leictreonacha, seachas sonraí pearsanta, a phróiseáil gan srian ar fud AE.
  • Cuirtear cosc leis ar shrianta maidir le cá háit ar féidir na sonraí a stóráil agus a phróiseáil.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an rialachán maidir le próiseáil sonraí neamhphearsanta*:

  • a sholáthraítear mar sheirbhís d’úsáideoirí a bhfuil cónaí orthu in AE;
  • a stiúrann duine aonair, cuideachta nó eagraíocht in AE dá n–úsáid féin.

Cuirtear cosc leis an rialachán ar bhearta ar a dtugtar ceanglais logánaithe*, lena ndéantar phróiseáil sonraí a theorannú do chríoch sonrach in AE, ach amháin ar fhorais slándála poiblí.

Ní mór do thíortha AE:

  • an Coimisiún Eorpach a chur ar an eolas láithreach maidir le ceanglas logánaithe féideartha úr ar bith i ndáil le sonraí;
  • faoin 30 Bealtaine 2021, ceanglas logánaithe ar bith nach bhfuil údar leis a aisghaireadh nó fógra a chur chuig an gCoimisiún maidir le ceann ar bith a gcreideann sé go bhfuil údar leis;
  • pointe náisiúnta faisnéise aonair ar líne a bhunú ina mbeidh gach ceanglas logánaithe cothrom le dáta;
  • pointe teagmhála aonair a cheapadh chun idirchaidreamh agus comhoibriú a dhéanamh le contrapháirtithe i dtíortha eile AE agus leis an gCoimisiún, go háirithe maidir le hiarratais ar chúnamh.

Féadfaidh údaráis phoiblí rochtain a iarraidh ar shonraí atá lonnaithe i dtír eile AE, nó atá stóráilte nó próiseáilte sa néal, agus a theastaíonn dá ndualgais oifigiúla.

Ní mór don Choimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • naisc leis na pointí náisiúnta faisnéise aonair ar líne a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus liosta comhdhlúite de na ceanglais logánaithe a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta.
  • faoin 29 Bealtaine 2019, treoir a sholáthar maidir leis an idirghníomhaíocht idir an rialachán agus Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus a aistriú, go háirithe sonraí ina bhfuil faisnéis phearsanta agus neamhphearsanta araon.
  • faoin 29 Samhain 2022, tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an dóigh a bhfuil an rialachán á chur i bhfeidhm.

Spreagann an Coimisiún cruthú cód iompair féinrialála ar leibhéal AE. Maidir leis na cóid sin:

  • ba cheart iad a fhorbairt i ndlúth-chomhoibriú leis na páirtithe leasmhara ar fad, amhail comhlachais fiontar beag agus meánmhéide, gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí agus soláthraithe neálseirbhísí.
  • ba cheart iad a chur i gcrích roimh an 29 Samhain 2019 ionas gur féidir iad a chur chun feidhme faoin 29 Bealtaine 2020;
  • ba cheart go gclúdófaí iontu
    • an dea-chleachtas agus soláthraithe seirbhíse á n–athrú nó sonraí á bportáil*
    • íoscheanglais faisnéise le haghaidh úsáideoirí gairmiúla sula síneoidh siad conradh próiseála sonraí
    • scéimeanna deimhniúcháin chun go mbeifear ábalta comparáid a dhéanamh idir táirgí agus seirbhísí próiseála sonraí le haghaidh gairmithe
    • cumarsáid chun feachtas maidir leis na cóid iompair a ardú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 28 Bealtaine 2019. Faoi mar atá luaite san achoimre, tá spriocdhátaí sonracha sa rialachán nach mór iad a bhaint amach amhail aisghairm, faoin 30 Bealtaine 2021, ceanglas logánaithe ar bith nach bhfuil údar leo.

CÚLRA

Tá na rialacha úra ceaptha lena dhéanamh níos éasca gnó a dhéanamh trasna teorainneacha in AE agus chun margadh aonair a cruthú le haghaidh stóráil agus próiseáil sonraí, amhail néalríomhaireacht.

Ba cheart go mbeadh níos mó seirbhísí nuálacha sonraíbhunaithe agus praghsanna níos iomaíche do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus do lucht riaracháin phoiblí mar thoradh ar a bheith ábalta soláthraí seirbhíse sonraí a roghnú áit ar bith in AE.

Le timpeallacht fhabhrach rialála, tá sé measta go bhféadfadh luach 4% de OTI (olltáirgeacht intíre) AE a bheith ag baint leis an ngeilleagar sonraí faoi 2020.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sonraí neamhphearsanta: faisnéis ar bith nach mbaineann le duine aonair sainaitheanta nó in-sainaitheanta, ar sonraí ar bith iad seachas sonraí pearsanta mar a shainítear i bpointe (1) d’Airteagal 4 den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS).
Ceanglais logánaithe: beart dlíthiúil nó riaracháin ar bith lena sonraítear nach mór próiseáil sonraí a dhéanamh ar chríoch sonrach AE.
Sonraí a phortáil: sonraí a aistriú ó sholáthraí amháin go soláthraí eile, nó ar ais chuig freastalaithe na cuideachta féin.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach (IO L 303, 28.11.2018, lgh. 59-68)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.02.2019

Barr