EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R1532

Rialachán (AE) 2021/1532 ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le 3-(1-((3,5-démheitiliseacsasól-4-il)meitil)-1H-piorasól-4-il)-1-(3-hiodrocsaibeinsil)imíodasóilidín-2,4-dé-ón a áireamh i liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/6671

IO L 330, 20.9.2021, p. 69–71 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1532/oj

20.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 330/69


RIALACHÁN (AE) 2021/1532 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le 3-(1-((3,5-démheitiliseacsasól-4-il)meitil)-1H-piorasól-4-il)-1-(3-hiodrocsaibeinsil)imíodasóilidín-2,4-dé-ón a áireamh i liosta an Aontais de shubstaintí blaistithe

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le blastáin agus maidir le comhábhair áirithe bia a bhfuil airíonna blaistithe acu atá le húsáid i mbianna agus ar bhianna agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 2232/96 agus (CE) Uimh. 110/2008 agus Treoir 2000/13/CE (1), agus go háirithe Airteagal 11(3) de,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia (2), agus go háirithe Airteagal 7(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 leagtar síos liosta Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair a fhormheastar lena n-úsáid i mbianna agus ar bhianna agus coinníollacha a n-úsáide.

(2)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún (3) glacadh an liosta de shubstaintí blaistithe agus tugadh isteach an liosta sin i gCuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008.

(3)

Féadfar an liosta sin a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an nós imeachta comhchoiteann dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ar thionscnamh an Choimisiúin nó tar éis iarratas a fháil ó Bhallstát nó ó pháirtí leasmhar.

(4)

An 10 Lúnasa 2012, cuireadh iarratas faoi bhráid an Choimisiúin maidir le húdarú chun 3-(1-((3,5-démheitiliseacsasól-4-il)meitil)-1H-piorasól-4-il)-1-(3-hiodrocsaibeinsil)imíodasóilidín-2,4-dé-ón, (FL Uimh. 16.127) a úsáid mar shubstaint bhlaistithe i mbianna éagsúla a thagann, go bunúsach, faoi roinnt catagóirí bia dá dtagraítear i liosta an Aontais de bhlastáin agus de bhunábhair. Thug an Coimisiún fógra don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) maidir leis an iarratas agus d’iarr sé tuairim air. Chuir an Coimisiún an t-iarratas ar fáil do na Ballstáit, freisin, de bhun Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008.

(5)

Ina thuairim uaidh a glacadh an 21 Meitheamh 2016 (4) rinne an tÚdarás meastóireacht ar shábháilteacht na substainte FL Uimh. 16.127 agus tháinig sé ar an gconclúid nach bhfuil úsáid na substainte sin ina cúis imní sábháilteachta nuair atá sí teoranta do leibhéil suas go dtí na leibhéil a shonraítear le haghaidh bianna éagsúla i gcatagóirí éagsúla bia. Thug an tÚdarás dá haire freisin gur substaint í ag a bhfuil airíonna a mhodhnaíonn an blaistiú.

(6)

Ós rud é nach bhfuil úsáid na substainte FL Uimh. 16.127 mar shubstaint bhlaistithe ina cúis imní sábháilteachta faoi na coinníollacha sonraithe úsáide agus go meastar nach gcuirfear an tomhaltóir amú, is iomchuí an úsáid sin a údarú i bhfianaise na Tuairime ón Údarás.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cuid A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 34.

(2)  IO L 354, 31.12.2008, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 872/2012 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2012 lena nglactar an liosta de shubstaintí blaistithe dá bhforáiltear le Rialachán (CE) Uimh. 2232/96 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena dtugtar isteach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle é agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1565/2000 ón gCoimisiún agus Cinneadh 1999/217/CE ón gCoimisiún (IO L 267, 2.10.2012, lch. 1).

(4)  EFSA Journal 2016;14(7):4334.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn I, Cuid A, Roinn 2, Tábla 1 a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas maidir le FL Uimh. 16.127, i ndiaidh iontráil 16.126:

“16.127

3-(1-((3,5-démheitiliseacsasól-4-il)meitil)-1H-piorasól-4-il)-1-(3-hiodrocsaibeinsil)imíodasóilidín-2,4-dé-ón

1119831-25-2

2161

 

99 % ar a laghad, measúnacht (HPLC/UV)

Srianta ar úsáid mar shubstaint bhlaistithe:

 

I gcatagóir 1.4 – gan dul thar 4 mg/kg

 

I gcatagóir 1.8 – gan dul thar 8 mg/kg

 

I gcatagóir 3 – gan dul thar 4 mg/kg

 

I gcatagóir 5.1. – gan dul thar 15 mg/kg

 

I gcatagóir 5.2. – gan dul thar 16 mg/kg

 

I gcatagóir 5.3. – gan dul thar 30 mg/kg

 

I gcatagóir 5.4 – gan dul thar 15 mg/kg

 

I gcatagóir 6.3. – gan dul thar 25 mg/kg

 

I gcatagóir 12.1. – gan dul thar 75 mg/kg

 

I gcatagóir 12.2. – gan dul thar 100 mg/kg

 

I gcatagóir 12.3. – gan dul thar 25 mg/kg

 

I gcatagóir 12.4. – gan dul thar 25 mg/kg

 

I gcatagóir 12.5. – gan dul thar 4 mg/kg

 

I gcatagóir 13.2. – gan dul thar 4 mg/kg

 

I gcatagóir 13.3 – gan dul thar 4 mg/kg

 

I gcatagóir 14.1.4 – gan dul thar 4 mg/l (le haghaidh deochanna atá bunaithe ar dhéiríocht amháin)

 

I gcatagóir 14.1.5. – gan dul thar 8 mg/kg

 

I gcatagóir 15.1. – gan dul thar 20 mg/kg

 

I gcatagóir 16. – gan dul thar 4 mg/l (le haghaidh milseoga atá bunaithe ar dhéiríocht amháin)

 

EFSA”


Top