EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

I dtreo tionscal gluaisteán AE iomaíoch agus inbhuanaithe

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

I dtreo tionscal gluaisteán AE iomaíoch agus inbhuanaithe

ACHOIMRE AR:

Theachtaireacht COM(2012) 636 final ón gCoimisiún Eorpach — Plean gníomhaíochta le haghaidh tionscal gluaisteán iomaíoch agus inbhuanaithe

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

Dar teideal plean gníomhaíochta CARS 2020, cruthaítear straitéis inti chun iomaíochas an tionscail gluaisteán a neartú agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin aeráide, chomhshaoil agus shochaíocha a thagann ón tionscal.

Dírítear sa phlean gníomhaíochta ar cheithre phríomhréimse:

  • infheistíocht a dhéanamh in ardteicneolaíochtaí agus nuálaíocht a mhaoiniú;
  • feabhas a chur ar dhálaí an mhargaidh;
  • iomaíochas ar mhargaí domhanda a fheabhsú; agus
  • athstruchtúrú a réamh-mheas agus a bhainistiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Infheistíocht a dhéanamh in ardteicneolaíochtaí agus nuálaíocht a mhaoiniú: tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) forbairt teicneolaíochtaí úra, glana agus sábháilte a chothú trí infheistíochtaí ó chláir amhail Fís 2020 agus COSME. Idir an dá linn, leanfaidh an Banc Eorpach Infheistíochta le hiasachtaí agus ráthaíochtaí iasachta a thairiscint do na tionscadail um thaighde agus nuálaíocht gluaisteán.
  • Feabhas a chur ar dhálaí an margaidh: Beidh sé mar aidhm ag an gCoimisiún a chinntiú go bhfanfaidh an bonn déantúsaíochta gluaisteán mór san Aontas Eorpach (AE) trí dhálaí maithe gnó a sholáthar. Cuideoidh gníomhaíochtaí lena neartófar an margadh inmheánach (e.g. dreasachtaí airgeadais d’fheithiclí glana, tíosach ar fhuinneamh) mar aon le rialáil chliste (i.e. dlíthe dea-dheartha, ábhartha agus cost-éifeachtúla a mbainfidh saoránaigh agus gnóthaí araon tairbhe astu) leis an sprioc seo a bhaint amach.
  • Iomaíochas ar mhargaí domhanda a fheabhsú: déanfaidh an Coimisiún beartas trádála idirnáisiúnta (e.g. comhaontuithe saorthrádála) agus is é an sprioc bonn déantúsaíochta gluaisteán láidir agus iomaíoch a choinneáil in AE. Lena chois sin cuirfidh AE comhchuibhiú idirnáisiúnta na rialachán um fheithiclí chun cinn, rud a laghdóidh na bacainní teicniúla ar thrádáil.
  • Athstruchtúrú a réamh-mheas agus a bhainistiú: cothóidh an Coimisiún forbairt scileanna agus oiliúint sa tionscal gluaisteán d’fhonn acmhainní táirgeachta a chur in oiriúint do réaltachtaí úra, amhail margaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí úra. Tacaíonn an Coimisiún le bunú comhairlí Eorpacha um scileanna an tionscail gluaisteán agus spreagfaidh sé úsáid Chiste Sóisialta na hEorpa chun athoiliúint a chur ar oibrithe agus scileanna úra a theagasc dóibh.
  • Sa phlean gníomhaíochta seo, molann an Coimisiún Grúpa Ardleibhéil CARS 21 a lainseáil, agus is é an aidhm leis monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. I mí Dheireadh Fómhair 2014, chuir an grúpa tuarascáil deiridh i gcrích, ina ndéantar breac-chuntas ar ghnóthachtálacha agus ina léirítear an treo le haghaidh gníomhaíochtaí amach anseo, gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus gníomhaíochtaí meántéarmacha.

CÚLRA

Soláthraítear thart ar 12 mhilliún post sa tionscal gluaisteán in AE agus cuireann sé méid suntasach le comhardú trádála AE (€ 90 billiún in 2011). Tá éifeacht iolraitheora thábhachtach aige sa gheilleagar chomh maith, toisc go bhfuil sé nasctha le hearnálacha eile amhail an tionscal ceimiceán, an tionscal cruach agus an tionscal teicstílí.

Mar sin féin, bhí roinnt fadhbanna le sárú sa tionscal gluaisteán le blianta beaga anuas, amhail caillteanas post agus dúnadh monarchan i ndiaidh na géarchéime airgeadais domhanda, nó toisc go bhfuil iompar ar bhóithre ina phríomhfhoinse um thruailliú aeir. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh sé ríthábhachtach smaoineamh ar an bplean gníomhaíochta seo chun dul i ngleic leis na fadhbanna seo.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — CARS 2020: Plean Gníomhaíochta le haghaidh tionscal gluaisteán iomaíoch agus inbhuanaithe san Eoraip (COM(2012) 636 final an 8.11.2012)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Tuarascáil CARS 2020 maidir leis an gcás mar atá ar thoradh obair an Ghrúpa Ardleibhéil, an Coimisiún Eorpach, Deireadh Fómhair 2014

Nuashonraithe 21.03.2016

Top