EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0794

Cás C-794/23, Finanzamt Österreich: Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshofs (an Ostair) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 - Finanzamt Österreich v P GmbH

IO C, C/2024/2587, 22.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2587/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2587/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2587

22.4.2024

Iarraidh ar réamhrialú ón Verwaltungsgerichtshofs (an Ostair) a taisceadh an 21 Nollaig 2023 - Finanzamt Österreich v P GmbH

(Cás C-794/23, Finanzamt Österreich)

(C/2024/2587)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Verwaltungsgerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Finanzamt Österreich

Páirtí eile: P GmbH

An cheist a tharchuirtear

1.

An bhfuil Airteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1) le léiriú sa chaoi nach bhfuil, de réir na forála sin, duine inchánach a chuir seirbhís ar fáil agus a chuir méid CBL in iúl ina shonrasc arna ríomh ar bhonn ráta cánach mícheart faoi dhliteanas i leith an chuid de CBL a sonrascodh go mícheart, más rud é gur soláthraíodh an tseirbhís a shonraítear sa sonrasc do dhuine neamh-inchánach, fiú má tá seirbhísí comhchosúla eile curtha ar fáil ag an duine inchánach sin do dhaoine inchánacha eile?

2.

An dtuigtear, de réir bhrí an bhreithiúnais in Finanzamt Österreich (2), gurb ionann an téarma “tomhaltóir deiridh nach bhfuil i dteideal cáin ionchuir a asbhaint” agus duine neamh-inchánach amháin nó duine inchánach freisin nach n-úsáideann ach an tseirbhís shonrach chun críoch príobháideach (nó chun críoch eile nach dtugann an ceart chun cáin ionchuir a asbhaint) agus mar sin nach bhfuil i dteideal cáin ionchuir a asbhaint?

3.

I gcás cuntasaíocht shimplithe i gcomhréir le hAirteagal 238 de Threoir 2006/112, cad iad na critéir ba cheart a úsáid chun a mheas cé na sonraisc (más iomchuí mar chuid de mheastachán) nach bhfuil an méid a sonrascadh go mícheart dlite ar an duine inchánach mar nach bhfuil aon riosca go gcaillfí ioncam cánach?


(1)   IO 2006 L 347, S. 1.

(2)  Breithiúnas an 8 Nollaig 2022, C-378/21, ECLI:EU:C:2022:968.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2587/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)


Top