EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0085
Case C-85/22: Action brought on 8 February 2022 — European Commission v Republic of Bulgaria
Cás C-85/22: Caingean arna taisceadh an 8 Feabhra 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire
Cás C-85/22: Caingean arna taisceadh an 8 Feabhra 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire
IO C 148, 4.4.2022, p. 15–16
(GA)
IO C 148, 4.4.2022, p. 17–18
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
4.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 148/15 |
Caingean arna taisceadh an 8 Feabhra 2022 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Bulgáire
(Cás C-85/22)
(2022/C 148/24)
Teanga an cháis: an Bhulgáiris
Páirtithe
Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: Gr. Koleva, C. Hermes)
Cosantóir: Poblacht na Bulgáire
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:
1. |
a dhearbhú gur sháraigh Poblacht na Bulgáire a hoibleagáidí faoi Airteagal 4(4) agus Airteagal 6(1) de Threoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus flora agus fauna fiáine a chaomhnú (“an Treoir um Ghnáthóga”) (1) a mhéid
|
2. |
a ordú do Phoblacht na Bulgáire na costais a íoc. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Baineann an cás seo leis an trasuíomh mícheart d’Airteagal 6(1) agus cur i bhfeidhm mícheart d’Airteagal 4(4) agus Airteagal 6(1) den Treoir um Ghnáthóga a rinne Poblacht na Bulgáire.
Ceanglaítear, inter alia, le hAirteagal 4(4) den Treoir um Ghnáthóga: A luaithe agus a ghlacfar le láithreán mar láithreán tábhachta Comhphobail de bhun an nós imeachta dá dtagraítear i mír 2, ainmneoidh an Ballstát lena mbaineann an láithreán sin a luaithe agus is féidir – agus laistigh de shé bliana ar a dhéanaí – mar LTC. Ina breithiúnas i gCás C-849/18, an Coimisiún v an Ghréig (EU:C:2020:147), mhínigh an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil ar na Ballstáit cuspóirí caomhantais sonracha le haghaidh gach LCS a leagan síos chomh maith. Faoi Airteagal 6(1) den Treoir um Ghnáthóga, bunóidh na Ballstáit, laistigh den chreat a bhaineann le LCSanna, na bearta caomhantais is gá, lena n-áirítear, más gá, pleananna bainistíochta cuí a dheartar go sonrach do na láithreáin nó a dheartar a chomhtháthú i bpleananna forbartha eile agus bearta reachtúla, riaracháin nó conarthacha cuí eile a fhreagraíonn do riachtanais éiceolaíochta na ngnáthóg a liostaítear in Iarscríbhinn I agus do na speicis a liostaítear in Iarscríbhinn II atá le fáil sna láithreáin sin.
Dar leis an gCoimisiún, níor chomhlíon Poblacht na Bulgáire na hoibleagáidí seo a leanas atá, de réir na bhforálacha thuasluaite, uirthi: LCSanna a ainmniú in am trátha; cuspóirí caomhantais mionsonraithe agus sonracha a leagan síos do na láithreáin; na bearta caomhantais is gá a bhunú; agus Airteagal 6(1) den Treoir um Ghnáthóga a thrasuí i gceart sa dlí náisiúnta.