EUR-Lex Adgang til EU-lovgivningen

Tilbage til forsiden

Dette dokument er et uddrag fra EUR-Lex

Dokument 62021CJ0097

Breithiúnas na Cúirte (An Chéad Dlísheomra) 2023 Bealtaine 4.
MV - 98 v Nachalnik na otdel „Operativni deynosti“ – Sofia v Glavna direktsia „Fiskalen kontrol“ pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite.
Tarchur chun réamhrialú – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 273 – Mainneachtain admháil scipéid fhioscaigh a eisiúint – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – Pionóis riaracháin de chineál coiriúil a charnadh a bhaineann leis an ngníomh céanna – Airteagal 49(3) – Comhréireacht na bpionós – Airteagal 47 – An ceart chun leighis éifeachtaigh – Raon feidhme an athbhreithnithe bhreithiúnaigh a bhaineann le pionós a fhorfheidhmiú go sealadach.
Cás C-97/21.

Samling af Afgørelser – Retten

ECLI-indikator: ECLI:EU:C:2023:371

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Chéad Dlísheomra)

4 Bealtaine 2023 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Cáin bhreisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CE – Airteagal 273 – Mainneachtain admháil scipéid fhioscaigh a eisiúint – An Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh – Airteagal 50 – An prionsabal ne bis in idem – Pionóis riaracháin de chineál coiriúil a charnadh a bhaineann leis an ngníomh céanna – Airteagal 49(3) – Comhréireacht na bpionós – Airteagal 47 – An ceart chun leighis éifeachtaigh – Raon feidhme an athbhreithnithe bhreithiúnaigh a bhaineann le pionós a fhorfheidhmiú go sealadach)

I gCás C-97/21,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE, ó Administrativen sad – Blagoevgrad (Cúirt Riaracháin Blagoevgrad, an Bhulgáir), trí bhreith an 12 Feabhra 2021, a fuarthas ag an gCúirt Bhreithiúnais an 12 Feabhra 2021, sna himeachtaí idir

MV 98

agus

Nachalnik na otdel “Operativni deynosti” – Sofia v Glavna direktsia “Fiskalen kontrol” pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite,

tugann AN CHÚIRT (an Chéad Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: A. Arabadjiev, Uachtarán an Dlísheomra, P. G. Xuereb, T. von Danwitz (Rapóirtéir), A. Kumin agus I. Ziemele, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: M. Campos Sánchez-Bordona,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        Rialtas na Bulgáire, M. Georgieva agus L. Zaharieva, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

–        an Coimisiún Eorpach, ag D. Drambozova, C. Giolito agus J. Jokubauskaitė, i gcáil Gníomhairí,

ag féachaint don chinneadh arna ghlacadh, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, chun breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

BREITHIÚNAS

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO 2006 L 347, lch. 1; “an Treoir maidir le CBL”) agus Airteagal 47, Airteagal 49(3) agus Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2        Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir MV – 98 agus Nachalnik na otdel “Operativni deynosti” – Sofia v Glavna direktsia “Fiskalen kontrol” pri Tsentralno upravlenie na Natsionalna agentsia za prihodite (Ceann na Roinne “Gníomhaíochtaí Oibríochtúla” – Cathair Shóifia, an Ard-Stiúrthóireacht um “Maoirseacht Fhioscach” laistigh de Riarachán Lárnach na Gníomhaireachta Náisiúnta Ioncaim, an Bhulgáir), maidir le beart séalaithe ar áitreabh tráchtála inar dhíol MV – 98 paicéad toitíní gan admháil scipéid fhioscaigh a eisiúint.

 An dlí lena mbaineann

 Dlí an Aontais

3        Faoi Airteagal 2(1)(a) den Treoir maidir le CBL, tiocfaidh soláthairtí earraí arna ndéanamh ar chomaoin laistigh de chríoch Ballstáit ag duine inchánach atá ag feidhmiú sa cháil sin faoi réir cháin bhreisluacha (CBL).

4        Foráiltear in Airteagal 273 den Treoir sin:

“Féadfaidh Ballstáit oibleagáidí eile a fhorchur, ar oibleagáidí iad a mheasann siad a mbeidh gá leo chun bailiúchán ceart CBL a áirithiú agus chun imghabháil a sheachaint, faoi réir an cheanglais maidir le cóir chomhionann amhail idirbhearta intíre agus idirbhearta a dhéantar idir Ballstáit ag daoine inchánacha agus ar choinníoll nach n-eascraíonn foirmiúlachtaí a bhaineann le trasnú teorainneacha as oibleagáidí den sórt sin maidir le trádáil idir Ballstáit.

Ní fhéadtar brath ar an rogha faoin gcéad mhír chun oibleagáidí breise maidir le sonrascadh a fhorchur os cionn na n-oibleagáidí atá leagtha síos i gCaibidil 3.” [Aistriúchán neamhoifigiúil]

 Dlí na Bulgáire

 An Dlí maidir le CBL

5        Foráiltear le hAirteagal 118(1) den Zakon za danak varhu dobavenata stoynost (an Dlí maidir le Cáin Bhreisluacha) an 21 Iúil 2006 (DV Uimh. 63 an 4 Lúnasa 2006, lch. 8), sa leagan is infheidhme maidir le fíorais na bpríomhimeachtaí (“an Dlí maidir le CBL”), an méid seo a leanas:

“Tá sé d’oibleagáid ar aon duine atá cláraithe nó nach bhfuil cláraithe chun críocha an Dlí sna soláthairtí agus na díolacháin a dhéanann sé nó sí ar áitreabh tráchtála a chlárú agus a thaifeadadh i scríbhinn trí admháil scipéid fhioscaigh a eisiúint arna giniúint ag gléas fioscach (admháil scipéid) nó admháil scipéid ón gclár airgid arna giniúint ag córas bainistíochta gnó comhtháite uathoibríoch (admháil córais) a eisiúint, beag beann ar iarrtar doiciméad tacaíochta cánach eile nó nach n-iarrtar. Ní mór don fhaighteoir an admháil scipéid nó admháil córais a fháil agus é a choinneáil go dtí go mbeidh an t-áitreabh fágtha aige nó aici.”

6        Foráiltear le hAirteagal 185(1) agus (2) den Dlí sin:

“(1)      I gcás nach n-eisítear doiciméad tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 118(1), gearrfar fíneáil, i gcás daoine nádúrtha nach trádálaithe iad, idir 100 agus 500 leva Bulgárach (BGN) agus, i gcás daoine dlítheanacha agus trádálaithe aonair, pionós airgeadais idir BGN 500 agus BGN 2 000.

(2) Amach ó na cásanna dá bhforáiltear i mír 1, aon duine a dhéanann cion dá bhforáiltear in Airteagal 118 nó i ngníomh reachtach lena gcuirtear an t-Airteagal sin chun feidhme, nó a cheadaíonn cion den sórt sin a dhéanamh, dlífear fíneáil idir BGN 300 agus BGN 1 000 a chur air nó uirthi i gcás daoine nádúrtha nach trádálaithe iad, nó pionós airgeadais idir BGN 3 000 agus BGN 10 000 i gcás daoine dlítheanacha agus trádálaithe aonair.

I gcás nach n-eascróidh mainneachtain le hioncam ó cháin a léiriú mar thoradh ar an gcion, forchuirfear na pionóis dá bhforáiltear i mír 1.”

7        Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 186 den Dlí sin:

“(1) Ordófar an beart riaracháin comhéigneach lena ndéantar áitreabh tráchtála a shéalú ar feadh tréimhse nach faide ná 30 lá, beag beann ar na fíneálacha nó ar na pionóis airgeadais dá bhforáiltear, i gcoinne aon duine:

1. nach gcomhlíonann sé nó sí an nós imeachta maidir leis an méid seo a leanas:

а) doiciméad tacaíochta díolacháin a eisiúint, lena bhfianaítear an díol lena mbaineann atá i gcomhréir leis na foirmiúlachtaí a leagtar síos le haghaidh seachadadh/díolacháin.

[...]

(3) Cuirfear an beart comhéigneach riaracháin faoi mhír 1 i bhfeidhm trí ordú réasúnaithe ón tseirbhís fhioscach nó ó oifigeach atá údaraithe ag an tseirbhís sin.

(4) Féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an ordaithe dá dtagraítear i mír 3 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos sa Chód um Nós Imeachta Riaracháin.”

8        Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 187(1) agus (4) den Dlí sin:

“(1)      I gcás ina gcuirfear an beart riaracháin comhéigneach dá bhforáiltear in Airteagal 186(1) i bhfeidhm, déanfar rochtain ar áitreabh tráchtála an duine a thoirmeasc freisin agus déanfaidh an duine sin nó a ionadaí údaraithe nó a hionadaí údaraithe an mhaoin atá san áitreabh sin agus sna saoráidí stórála atá taobh leis an áitreabh a aistriú ón áitreabh. Beidh feidhm ag an mbeart riaracháin comhéigneach maidir leis an áitreabh inar braitheadh na sáruithe, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil an t-áitreabh faoi bhainistíocht tríú páirtí tráth an tséalaithe, más eol don tríú páirtí sin go gcuirfear an t-áitreabh faoi shéala. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta Ioncaim liosta de na háitribh thráchtála atá le cur faoi shéala agus a suíomh a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin. Measfar go bhfuil an duine ar an eolas faoi shéalú an áitribh sa chás go bhfuil fógra séalaithe greamaithe go buan ar an áitreabh nó i gcás inar foilsíodh faisnéis faoin áitreabh tráchtála atá le cur faoi shéala agus a suíomh ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta Ioncaim.

[...]

(4) Arna iarraidh sin ag an té atá sárú déanta acu agus ar an gcoinníoll go ndéanfaidh sé nó sí cruthúnas a sholáthair gur íocadh an fhíneáil nó an pionós airgeadais ina iomláine, cuirfidh an t-údarás deireadh leis an mbeart riaracháin comhéigneach a d’fhorchuir sé. Beidh baint na séalaí faoi réir oibleagáide comhair ó thaobh an té atá sárú déanta acu de. Má dhéantar tuilleadh sáruithe, ní fhéadfar séalaí a bhaint den áitreabh sula rachaidh tréimhse aon mhí amháin in éag ó chuireadh faoi shéala é.”

9        Faoi Airteagal 188 den Dlí maidir le CBL:

“Beidh an beart riaracháin comhéigneach dá dtagraítear in Airteagal 186(1) faoi réir forfheidhmiú sealadach de réir na gcoinníollacha a leagtar síos sa Chód um Nós Imeachta Riaracháin.”

10      Foráiltear le hAirteagal 193 den Dlí sin:

“(1)      Is é an Dlí maidir le cionta riaracháin agus pionóis a rialóidh bunú cionta faoin Dlí seo agus faoi na gníomhartha reachtacha lena gcuirtear chun feidhme é, glacadh agus forfheidhmiú cinntí lena bhforchuirtear pionóis riaracháin, agus aon achomhairc i gcoinne cinntí den sórt sin.

(2) Is iad na seirbhísí fioscacha a dhéanfaidh cinntí maidir le cionta agus is é Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta Náisiúnta Ioncaim nó an t-oifigeach atá údaraithe aige nó aici chun na críche sin a ghlacfaidh na cinntí lena bhforchuirtear pionóis riaracháin.”

 An Cód um Nós Imeachta Riaracháin

11      Faoi Airteagal 6(5) den Administrativnoprotsetsualen kodeks (Cód um Nós Imeachta Riaracháin) (DV Uimh. 30, an 11 Aibreán 2006), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí, ní mór d’údaráis riaracháin staonadh ó ghníomhartha a ghlacadh agus ó pháirt a ghlacadh in iompar a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le damáiste atá díréireach go follasach leis an aidhm atá á saothrú.

12      Foráiltear an méid seo a leanas in Airteagal 60 den Chód sin:

“(1) Is éard a bheidh sa ghníomh riaracháin ná ordú chun é a fhorfheidhmiú go sealadach nuair a éilíonn beatha nó sláinte na saoránach an méid sin, ar mhaithe le leasanna an Stáit nó leasa an phobail a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo a chosaint i gcás ina bhféadfaí forfheidhmiú an chinnidh a chosc nó bac suntasach a chur air, nó más dóigh go ndéanfadh an mhoill ar an bhforfheidhmiú damáiste atá tromchúiseach nó a bheidh deacair a leigheas, nó, arna iarraidh sin ag ceann de na páirtithe – d’fhonn ceann dá leasanna atá an-tábhachtach don pháirtí sin a chosaint. Sa chás deireanach sin, déanfaidh an t-údarás riaracháin an ráthaíocht chomhfhreagrach a éileamh.

(2) Luafar san ordú forfheidhmithe shealadaigh na forais ar a bhfuil sé bunaithe.

[...]

(5) Féadfar achomharc a thaisceadh i gcoinne an ordaithe lena n-údaraítear nó lena ndiúltaítear forfheidhmiú sealadach, tríd an údarás riaracháin os comhair na cúirte laistigh de thrí lá tar éis fógra faoin ordú a fháil, is cuma cé acu a taisceadh nó nár taisceadh achomharc i gcoinne an ghnímh riaracháin.

(6) Déanfar an t-achomharc a éisteacht a luaithe is féidir i seisiún iata gan fógra a thabhairt do na páirtithe maidir le cóipeanna den achomharc. Ní chuirfear forfheidhmiú sealadach ar fionraí leis an achomharc, ach féadfaidh an chúirt forfheidhmiú sealadach a chur ar fionraí go dtí go dtabharfaidh sí breithiúnas críochnaitheach ar an achomharc.

(7) Nuair a bheidh an t-ordú atá faoi achomharc á chur ar ceal, tabharfaidh an chúirt rialú ar shubstaint an cháis. Má chuirtear an forfheidhmiú sealadach ar ceal, tabharfaidh an t-údarás riaracháin an staid a bhí ann roimh an bhforfheidhmiú ar ais.

(8) Féadfaidh ordú na cúirte a bheith faoi réir achomhairc.”

13      Faoi Airteagal 128(1) den Chód sin, tá dlínse ag na cúirteanna riaracháin cásanna a éisteacht agus a chinneadh lena n-iarrtar, inter alia, gníomhartha riaracháin a leasú nó a chur ar ceal.

14      In Airteagal 166 den Chód céanna, dar teideal “Forfheidhmiú an ghnímh riaracháin a chur ar fionraí”, foráiltear, i míreanna 1 agus 2:

“(1) Cuirfear forfheidhmiú an ghnímh riaracháin ar fionraí le hachomharc.

(2) Ag aon chéim de na himeachtaí go dtí go dtiocfaidh an breithiúnas críochnaitheach i bhfeidhm, féadfaidh an chúirt, arna iarraidh sin ag an iarratasóir, forfheidhmiú sealadach arna údarú le hordú críochnaitheach ón údarás a ghlac an gníomh dá dtagraítear in Airteagal 60(1) a chur ar fionraí, más dóigh go bhféadfadh forfheidhmiú sealadach a bheith ina chúis le damáiste atá tromchúiseach nó a bheidh deacair a leigheas don iarratasóir. [...]”

 An Dlí maidir le Sáruithe Riaracháin agus Pionóis Riaracháin

15      Faoi Airteagal 22 den Zakon za administrativnite narushenia i nakazania (an Dlí maidir le Sáruithe Riaracháin agus Pionóis Riaracháin) (DV Uimh. 92, an 28 Samhain 1969), sa leagan is infheidhme maidir leis na fíorais sna príomhimeachtaí (“an Dlí maidir le Sáruithe Riaracháin agus Pionóis Riaracháin”), féadfar bearta riaracháin comhéigneacha a chur i bhfeidhm chun sáruithe riaracháin a chosc agus a thabhairt chun deiridh agus chun iarmhairtí díobhálacha na sáruithe sin a chosc agus a thabhairt chun deiridh.

16      Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 27(1), (2), (4) agus (5) den Dlí sin:

“(1)      Déanfar pionós riaracháin a shocrú i gcomhréir le forálacha an Dlí seo laistigh de na teorainneacha atá leagtha síos don sárú a rinneadh.

(2) Agus an pionós sin á chinneadh, cuirfear san áireamh déine an tsáraithe, na cúiseanna lena rinneadh an tsáraithe agus imthosca maolaitheacha agus géaraitheacha eile, chomh maith le staid airgeadais an té atá sárú déanta acu.

[...]

(4) Ní fhéadfar pionóis de chineál níos éadroime a chur in ionad na bpionós a ghabhann le sáruithe, ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 15(2).

(5) Ní bheidh sé incheadaithe ach oiread pionós a ghearradh atá faoi bhun an phionóis íosta a leagtar síos, cibé acu an fhíneáil nó dícháiliú sealadach den cheart chun gairm nó gníomhaíocht ar leith a shaothrú atá i gceist.”

17      I gcomhréir le hAirteagal 59 den Dlí sin, féadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh lena ngearrtar pionóis riaracháin os comhair an Rayonen sad (an Chúirt Dúiche) laistigh de sheachtain amháin tar éis go bhfaightear fógra ina thaobh.

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

18      Is é príomhghnó MV – 98 earraí a cheannach agus a athdhíol, amhail toitíní, agus tá siad i mbun tráchtála chun na críocha sin in áitreabh tráchtála in Gotse Delchev (an Bhulgáir).

19      An 9 Deireadh Fómhair 2019, le linn cigireacht a rinneadh ar an áitreabh tráchtála sin, chinn údaráis chánach na Bulgáire gur theip ar MV – 98 díolachán paicéid toitíní, dar luach BGN 5.20 é (tuairim agus EUR 2.60), a thaifeadadh agus an admháil scipéid fhioscaigh a bhaineann leis an díolachán sin a eisiúint. Ar an mbonn sin, ullmhaíodh cinneadh maidir le sárú riaracháin faoi Airteagal 118(1) den Dlí maidir le CBL.

20      Ar an gcéad dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 185 den Dlí maidir le CBL, d’fhorchuir na húdaráis chánach pionós airgid ar MV – 98 agus, ar an dara dul síos, i gcomhréir le hAirteagal 186 den Dlí sin, ghlac siad beart riaracháin comhéigneach lena gcuireadh an t-áitreabh lena mbaineann faoi shéala ar feadh tréimhse 14 lá. Bhí údarú le haghaidh forfheidhmiú sealadach ag gabháil leis an mbeart deireanach sin arna eisiúint le hordú de bhun Airteagal 60 den Chód um Nós Imeachta Riaracháin, ós rud é go raibh na húdaráis sin den tuairim go raibh an forfheidhmiú sealadach sin riachtanach chun leasanna an Stáit agus, go háirithe, leasanna an Státchiste a chosaint.

21      Thug MV – 98 caingean i gcoinne an bhirt shéalaithe os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ag maíomh go raibh an beart sin díréireach i bhfianaise luach íseal an díolacháin lena mbaineann agus toisc gurbh é a chéad sárú ar Airteagal 118(1) den Dlí maidir le CBL.

22      Tar éis di a chinneadh go dtrasuitear forálacha na Treorach maidir le CBL leis an Dlí maidir le CBL agus gurbh ionann é sin agus cur chun feidhme dhlí an Aontais, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil an scéim de bhun Airteagail 185 agus 186 den Dlí sin comhsheasmhach le hAirteagal 50 den Chairt.

23      I ndáil leis sin, tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i gcás sárú ar Airteagal 118(1) den Dlí maidir le CBL, go bhforáiltear leis an Dlí sin, in Airteagal 185, ní hamháin pionós airgeadais a fhorchur ach freisin, in Airteagal 186, maidir leis an oibleagáid, ar bhonn na bhfíoras céanna, beart comhéigneach a eisiúint chun an t-áitreabh lena mbaineann a chur faoi shéala. Deir an chúirt sin freisin gur pionós coiriúil de réir bhrí Airteagal 50 den Chairt agus chásdlí na Cúirte Breithiúnais, go háirithe breithiúnas an 5 Meitheamh 2012, Bonda (C-489/10, EU:C:2012:319) iad an pionós airgeadais agus an beart séalaithe araon. Thairis sin, ghlac an Varhoven administrativen sad (an Chúirt Uachtarach Riaracháin, an Bhulgáir) leis freisin gur beart de chineál pionósach é an t-áitreabh a chur faoi shéala.

24      Gearrtar an pionós airgeadais agus cuirtear an t-áitreabh faoi shéala i ndiaidh imeachtaí ar leithligh atá neamhspleách ar a chéile. Ina theannta sin, cé go bhféadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne na bpionós seo, tagann an dá bheart sin faoi dhlínse cúirteanna éagsúla, eadhon an chúirt dúiche don phionós airgeadais agus an chúirt riaracháin don bheart séalaithe. Tugann an chúirt a rinne an tarchur dá haire, i ndáil leis an méid sin, nach ndéantar foráil le rialacha nós imeachta na Bulgáire don fhéidearthacht imeachtaí a bhaineann le ceann den dá phionós sin a chur ar fionraí go dtí go gcuirfear clabhsúr leis na himeachtaí a bhaineann leis an bpionós eile, rud a fhágann nach bhfuil aon sásra comhordúcháin ann chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglas na comhréireachta i ndáil le tromchúis an tsáraithe a rinneadh. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann an scéim a bunaíodh le hAirteagail 185 agus 186 den Dlí maidir le CBL na critéir a leagtar síos i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais, go háirithe i mbreithiúnas an 20 Márta 2018, Menci (C-524/15, EU:C:2018:197).

25      Ar deireadh, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcomhlíonann an t-athbhreithniú breithiúnach a bhféadfadh a dhéanamh maidir le hordú forfheidhmithe shealadaigh a bhaineann le beart séalaithe cheanglais Airteagal 47 den Chairt. I ndáil leis sin, míníonn an chúirt sin nach féidir leis an gcúirt atá ag éisteacht achomhairc i gcoinne ordú den sórt sin athscrúdú a dhéanamh ar na fíorais, toisc go meastar a bheith socraithe a luaithe a luaitear iad sa tuarascáil arna dtarraingt suas ag na húdaráis chánach maidir leis an gcigireacht a rinneadh san áitreabh tráchtála. Dá bhrí sin, ní féidir leis an gcúirt a éistfidh an cás ach cosaint leasanna an Stáit a mheas i gcomparáid leis an mbaol go ndéanfaí damáiste atá tromchúiseach nó a bheidh deacair a leigheas duine lena mbaineann.

26      Sna himthosca sin, chinn Administrativen sad – Blagoevgrad (an Chúirt Riaracháin, Blagoevgrad, an Bhulgáir) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais i gcomhair réamhrialú:

“(1)       An gcaithfear Airteagal 273 [den Treoir maidir le CBL] agus Airteagal 50 [den Chairt] a léirmhíniú sa chiall go gceadaítear reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, faoina bhféadfar, i gcás gnímh arb é mainneachtain díol earraí a chlárú agus é a thaifeadadh i scríbhinn trí dhoiciméad tacaíochta a eisiúint lena bhfianaítear an díolachán, imeachtaí riaracháin chun beart riaracháin comhéigneach a ordú agus imeachtaí riaracháin de chineál coiriúil a ordú maidir le pionós airgeadais a ghearradh i gcoinne an duine chéanna ar bhealach carnach?

Má thugtar freagra dearfach ar an gceist, an gcaithfear Airteagal 273 [den Treoir maidir le CBL] agus Airteagal 52(1) [den Chairt] a léirmhíniú sa chiall nach gceadaítear reachtaíocht náisiúnta amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, faoina bhféadfar, i gcás gnímh arb é mainneachtain díol earraí a chlárú agus é a thaifeadadh i scríbhinn trí dhoiciméad tacaíochta a eisiúint lena bhfianaítear an díolachán, imeachtaí riaracháin chun beart riaracháin comhéigneach a ordú agus imeachtaí riaracháin de chineál coiriúil a ordú maidir le pionós airgeadais a ghearradh i gcoinne an duine chéanna ar bhealach carnach, ag cur san áireamh nach bhforáiltear leis an reachtaíocht sin go mbeadh oibleagáid ar na húdaráis inniúla atá ag reáchtáil an dá nós imeachta agus ar na cúirteanna maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach phrionsabal na comhréireachta a chinntiú trí dhéine na mbeart carnach uile ina iomlán a chur san áireamh i bhfianaise an tsáraithe shonraigh?

(2)       Más rud é go gcinntear nach bhfuil feidhm ag Airteagal 50 agus Airteagal 52(1) den [Chairt] sa chás seo, an gcaithfear Airteagal 273 den [Treoir maidir le CBL] agus Airteagal 49(3) den Chairt a léiriú sa chiall nach gceadaítear reachtaíocht náisiúnta amhail Airteagal 186(1) den [Dlí maidir le CBL] lena bhforáiltear, i gcás gnímh arb é mainneachtain díol earraí a chlárú agus é a thaifeadadh i scríbhinn trí dhoiciméad tacaíochta a eisiúint lena bhfianaítear an díolachán, sa bhreis ar phionós airgeadais a fhorchur de réir Airteagal 185(2) [den Dlí sin], go gcuirfear beart riaracháin comhéigneach i bhfeidhm maidir le ‘áitreabh a chur faoi shéala’ ar feadh uastréimhse 30 lá i leith an duine chéanna?

(3)      An gcaithfear Airteagal 47(1) den [Chairt] a léiriú sa chiall go gceadaítear bearta, arna dtabhairt isteach ag an reachtas náisiúnta chun an leas dá dtagraítear in Airteagal 273 den [Treoir maidir le CBL] a chosaint, amhail forfheidhmiú sealadach an bhirt riaracháin comhéigneach maidir le ‘áitreabh a chur faoi shéala’ ar feadh uastréimhse 30 lá chun leas an phobail a thoimhdítear a chosaint, i gcás ina bhfuil an chosaint bhreithiúnach in aghaidh fhorfheidhmiú sealadach an bhirt sin teoranta don mheasúnú ar leas príobháideach inchomparáide atá i gcoinbhleacht leis an leas poiblí sin?

 Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist

27      Lena céad cheist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 273 den Treoir maidir le CBL agus Airteagal 50 den Chairt a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar cáiníocóir a bheith faoi réir, mar gheall ar an sárú céanna ar oibleagáid chánach agus i ndiaidh imeachtaí ar leithligh atá neamhspleách ar a chéile, beart maidir le pionóis airgeadais a fhorchuirfear air nó uirthi agus beart chun áitreabh tráchtála a chur faoi shéala, ar féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne na mbeart ar leithligh sin os comhair cúirteanna éagsúla.

 Maidir le hinghlacthacht

28      Cuireann an Coimisiún in iúl go bhfuil an chéad cheist do-ghlactha ar an bhforas nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 94 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais leis an iarraidh ar réamhrialú, ós rud é, maidir leis an bpionós airgeadais a forchuireadh ar an iarratasóir sna príomhimeachtaí, nár leag an chúirt a rinne an tarchur amach comhthéacs dlí ná fíorasach na díospóide sna príomhimeachtaí ar bhealach atá beacht go leor.

29      Faoi Airteagal 94(a) agus (b) de na Rialacha Nós Imeachta, ní mór “achoimre ar ábhar na díospóide agus na cinntí fíorais ábhartha de réir mar a chinn an chúirt nó an binse a rinne an tarchur, nó, ar a laghad, cuntas ar na fíorais ar a bhfuil an cheist bunaithe” agus “éirim aon fhorálacha náisiúnta is infheidhme maidir leis an gcás agus, i gcás inarb iomchuí, an cásdlí náisiúnta ábhartha” a thabhairt in iarraidh ar réamhrialú.

30      De réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais, ní hamháin go gcuireann an fhaisnéis a thugtar in orduithe lena ndéantar ceisteanna a tharchur ar a cumas freagraí úsáideacha a thabhairt ach, chomh maith leis sin, tugtar deis do rialtais na mBallstát agus do pháirtithe leasmhara eile barúlacha a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Ní mór a áirithiú go ndéanfar an deis sin a chosaint, ós rud é, faoin Airteagal sin, nach dtugtar ach na horduithe lena ndéantar ceisteanna a tharchuir do na páirtithe lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Iúil 2016, Ognyanov, C‑614/14, EU:C:2016:514, mír 20 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31      Sa chás seo, tugtar cuntas leis an iarraidh ar réamhrialú ar ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí agus ar na fíorais ábhartha, agus leagtar amach inti na forálacha náisiúnta ábhartha, lena n-áirítear na forálacha sin a bhaineann leis an bpionós airgeadais arna ghearradh i gcás ina sáraítear Airteagal 118(1) den Dlí maidir le CBL.

32      Ina theannta sin, is léir ó na barúlacha arna dtíolacadh ag Rialtais na mBallstát a ghlac páirt sa nós imeachta um réamhrialú agus ó na barúlacha arna dtíolacadh ag an gCoimisiún gur chuir an t-eolas a tugadh san iarraidh ar réamhrialú ar a gcumas a dtuairimí maidir leis an gceist a tarchuireadh a chur in iúl go héifeachtach.

33      Sna himthosca sin, tá an chéad cheist inghlactha.

 Substaint an cháis

34      Mar réamhphointe, ba cheart go gcuimhneofaí, de réir cásdlí socair, gurb ionann pionóis riaracháin arna bhforchur ag údaráis chánach náisiúnta i réimse CBL agus cur chun feidhme Airteagail 2 agus273 den Treoir maidir le CBL agus, dá bhrí sin, dlí an Aontais a chur chun feidhme, de réir bhrí Airteagal 51 den Chairt. Dá bhrí sin, ní mór dóibh an ceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 de a chomhlíonadh (féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, BV, C-570/20, EU:C:2022:348, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

35      Foráiltear le hAirteagal 50 den Chairt mar seo a leanas: “ní dhlífear aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion ar éigiontaíodh nó ar ciontaíodh é nó í go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí”. Dá réir sin, cuirtear cosc leis an bprionsabal ne bis in idem ar charnadh ionchúiseamh agus pionós atá de chineál coiriúil de réir bhrí an Airteagail sin i ndáil leis na fíorais chéanna agus i gcoinne an duine chéanna (breithiúnas an 22 Márta 2022, bpost, C-117/20, EU:C:2022:202, mír 24 agus an cásdlí dá dtagraítear).

36      Sa chás seo, tá comhthuiscint ann go ndearnadh na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí a fhorchur ar an ngnóthas céanna, eadhon an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí, agus i leith an fhíorais chéanna, eadhon díolachán toitíní nár cláraíodh agus nár taifeadadh trí admháil scipéid fhioscaigh a eisiúint. Ina theannta sin, is léir ón eolas a chuir an chúirt a rinne an tarchur agus Rialtas na Bulgáire ar fáil gur forchuireadh na bearta sin i ndiaidh imeachtaí ar leithligh atá neamhspléach ar a chéile.

37      Sa chomhthéacs sin, d’fhonn infheidhmeacht Airteagal 50 den Chairt a bhunú, is gá a scrúdú fós an bhféadfar na bearta lena mbaineann, eadhon an pionós airgeadais arna fhorchur de bhun Airteagal 185 den Dlí maidir le CBL, agus an beart lena cuireadh áitreabh tráchtála an iarratasóra sna príomhimeachtaí faoi shéala, arna fhorchur faoi Airteagal 186 den Dlí céanna, a aicmiú mar “p[h]ionóis de chineál coiriúil”.

–       Measúnú na mbeart de chineál coiriúil iad na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí

38      Maidir leis an measúnú ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil na hionchúisimh agus na pionóis lena mbaineann de chineál coiriúil, ba cheart go gcuimhneofaí, de réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, go bhfuil trí chritéar ábhartha. Is é an chéad cheann ná aicmiú dlíthiúil an tsáraithe faoin dlí náisiúnta, is é an dara ceann ná cineál an tsáraithe agus is é an tríú ceann ná déine an phionóis a d'fhéadfaí a chur ar an duine lena mbaineann (féach, chuige sin, breithiúnais an 22 Márta 2022, bpost, C-117/20, EU:C:2022:202, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

39      Cé gur faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé measúnú a dhéanamh, i bhfianaise na gcritéar sin, an bhfuil na hionchúisimh agus na pionóis atá i gceist de chineál coiriúil chun críocha Airteagal 50 den Chairt, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, agus réamhrialú á thabhairt aici, soiléiriú a thabhairt ar mhaithe le treoir a thabhairt don chúirt náisiúnta sin agus í ag tabhairt faoin measúnú sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

40      Sa chás seo, maidir leis an gcéad chritéar, is léir ón eolas a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil go bhfuil na nósanna imeachta agus na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí aicmithe mar nósanna imeachta riaracháin sa dlí náisiúnta.

41      Mar sin féin, níl cur i bhfeidhm Airteagal 50 den Chairt teoranta d’ionchúisimh agus do phionóis a aicmítear mar “c[h]oiriúil” faoin dlí náisiúnta, ach go gcuimsítear leis — beag beann ar aicmiú den sórt sin faoin dlí náisiúnta — ionchúisimh agus pionóis nach mór a mheas mar a bheith de chineál coiriúil ar bhonn an dá chritéar eile dá dtagraítear i mír 38 den bhreithiúnas seo. D’fhéadfadh tréithriú den sórt sin a eascair ó nádúr an tsáraithe atá i gceist agus ar dhéine na bpionós is dóichí a bheidh i gceist leis (féach, chuige sin, breithiúnais an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mír 30, agus an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C‑439/19, EU:C:2021:504, mír 88).

42      Maidir leis an dara critéar, critéar a bhaineann le cineál an tsáraithe, ní mór a fháil amach an bhfuil cuspóir pionósach, inter alia, á shaothrú ag an mbeart atá i gceist, agus ní ionann an fíoras go bhfuil cuspóir díspreagthach á shaothrú leis freisin nach féidir é a shaintréithriú mar phionós de chineál coiriúil. Tá sé mar thréith de chuid na bpionós coiriúil go mbíonn siad ag iarraidh pionós a ghearradh agus iompar neamhdhleathach a dhíspreagadh araon. I gcodarsnacht leis sin, ní beart de chineál coiriúil é beart nach ndéanann ach an damáiste a bhaineann leis an sárú atá i gceist a leigheas (féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Meitheamh 2021, Latvijas Republikas Saeima (Pointí pionóis), C-439/19, EU:C:2021:504, mír 89 agus an cásdlí dá dtagraítear).

43      Sa chás seo, is léir ón ordú tarchuir go bhfuil cuspóirí maidir le díspreagadh agus pionósú chionta CBL araon á saothrú leis na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí.

44      Cé gur chuir Rialtas na Bulgáire agus Rialtas na Polainne in iúl, ina gcuid barúlacha i scríbhinn, go raibh cuspóir réamhchúramach leis an mbeart séalaithe agus nach raibh cuspóir pionósach leis, ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, de réir an eolais a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, nach bhfuil sé i gceist leis an mbeart séalaithe sin fiacha cánach a aisghabháil nó fianaise a bhailiú ná cosc a chur ar cheilt na fianaise sin. Mar is léir ó Airteagal 22 den Dlí maidir le Sáruithe agus Pionóis Riaracháin, tá sé mar aidhm ag an mbeart sin deireadh a chur leis na sáruithe riaracháin a rinneadh agus cosc a chur ar sháruithe nua a bheith ann trí chosc a chur ar an trádálaí lena mbaineann úsáid a bhaint as a áitreabh trachtála. I ndáil leis sin, cuireann an chúirt a rinne an tarchur in iúl go bhfuil cuspóir coisctheach agus cuspóir pionósach ag baint leis an mbeart séalaithe, sa mhéid go bhféachtar leis freisin leis na daoine lena mbaineann a dhíspreagadh ó mhainneachtain an oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 118(1) den Dlí maidir le CBL a chomhlíonadh.

45      Maidir leis an tríú critéar, eadhon déine na mbeart atá i gceist sna príomhimeachtaí, ba cheart a thabhairt faoi deara, mar a chuir an Coimisiún in iúl ina bharúlacha i scríbhinn, go ndealraíonn sé go bhfuil leibhéal ard déine ag baint le gach ceann de na bearta sin.

46      I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndéantar an déine a mheasúnú trí thagairt a dhéanamh don uasphionós dá bhforáiltear sna forálacha ábhartha (féach, chuige sin, breithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 9 Deireadh Fómhair 2003, Ezeh agus Connors v. an Ríocht Aontaithe, CE:ECHR:2003:1009JUD003966598, §120).

47      D’fhéadfaí beart lena gcuirtear áitreabh tráchtála faoi shéala ar feadh tréimhse 30 lá, go háirithe i gcás trádálaí aonair nach bhfuil ach áitreabh tráchtála amháin aige nó aici, a aicmiú mar bheart atá dian, go háirithe ós rud é go gcuireann sé cosc air nó uirthi a bheith i mbun a ghnó nó a gnó, rud a bhaineann a ioncam nó a hioncam de nó di.

48      Maidir leis an bpionós airgeadais, ós rud é nach féidir a mhéid, i ndáil leis an gcéad sárú, a bheith níos lú ná BGN 500 (tuairim agus EUR 250) agus go bhféadfaidh sé a bheith chomh hard le BGN 2 000 (tuairim agus EUR 1 000), chomh maith leis an ngaol idir an CBL a seachnaíodh ar dhíol an phaicéid toitíní atá i gceist sna príomhimeachtaí, is é sin le rá, méid atá níos lú ná BGN 1 (tuairim agus EUR 0.50), agus an pionós a fhorchuirtear ina thaobh, arb ionann é, de réir Rialtas na Bulgáire, agus BGN 500 (tuairim agus EUR 250), rud a léiríonn go bhfuil an pionós sin dian.

49      Sa chomhthéacs sin, más rud é, mar is léir ón eolas a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil, nach mór na bearta atá i gceist sna príomhimeachtaí a aicmiú mar phionóis de chineál coiriúil, ní mór a mheas go bhfuil teorannú ar an gceart bunúsach a ráthaítear in Airteagal 50 den Chairt i gceist le carnadh na bpionós sin.

–       An bonn cirt le teorannú féideartha ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt

50      De réir chásdlí socair na Cúirte Breithiúnais, féadfar bonn cirt a bheith le teorannú ar an gceart bunúsach a ráthaítear le hAirteagal 50 den Chairt ar bhonn Airteagal 52(1) den Chairt (breithiúnais an 22 Márta 2022, bpost, C-117/20, EU:C:2022:202, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).

51      I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 52(1) den Chairt, ní mór foráil le dlí d’aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt sin agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. De réir an dara habairt d’Airteagal 52(1) di, faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a chur leis na cearta agus na saoirsí sin ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad go hiarbhír do chuspóirí eile leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

52      Sa chás seo, maidir leis an gcoinníoll, ar an gcéad dul síos, nach mór foráil a dhéanamh le dlí maidir le haon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí a aithnítear sa Chairt, comhlíontar an coinníoll sin ós rud é go bhforáiltear go sainráite sa Dlí maidir le CBL, i gcás sárú ar Airteagal 118(1) de, go ngearrfar pionós airgeadais agus go gcuirfear an t-áitreabh tráchtála lena mbaineann faoi shéala araon go carnach.

53      Ar an dara dul síos, maidir le hinneachar sár-riachtanach a ráthaítear in Airteagal 50 den Chairt a urramú, is léir ó chásdlí na Cúirte Breithiúnais nach mór, i bprionsabal, carnadh den sórt sin a bheith faoi réir coinníollacha a shainítear go huileghabhálach, agus ar an gcaoi sin a áirithiú nach ndéanfar an ceart a ráthaítear in Airteagal 50 a thabhairt faoi cheist mar sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Márta 2018, Menci, C-524/15, EU:C:2018:197, mir 43).

54      I ndáil leis sin, ní mór a mheas nach féidir carnadh uathoibríoch den sórt sin, nach bhfuil faoi réir aon choinníoll atá sainithe go huileghabhálach, a mheas mar charnadh lena n-urramaítear inneachar sár-riachtanach an chirt sin.

55      Sa chás seo, is léir ón eolas a chuir an chúirt a rinne an tarchur agus Rialtas na Bulgáire ar fáil go ndealraíonn sé go bhfuil carnadh an dá bheart dá bhforáiltear in Airteagail 185 agus 186 den Dlí maidir le CBL faoi seach uathoibríoch, ós rud é go bhfuil na húdaráis chánach faoi cheangal, i gcás ina ndearnadh sárú amháin agus an sárú céanna faoi Airteagal 118(1) den Dlí sin, an dá bheart pionóis sin a chur i bhfeidhm go córasach. Dá bhrí sin, is cosúil nach bhfuil carnadh den sórt sin faoi réir coinníollacha a shainítear go huileghabhálach, de réir bhrí an chásdlí dá dtagraítear i mír 53 den bhreithiúnas seo, agus is cosúil nach bhfuil an creat is gá sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí chun a áirithiú go ndéanfaí inneachar sár-riachtanach an chirt dá bhforáiltear in Airteagal 50 den Chairt a urramú.

56      Sa tríú háit, maidir le prionsabal na comhréireachta a urramú, ba cheart go gcuimhneofaí, ceanglaítear leis an bprionsabal sin nach rachaidh an carnadh ionchúiseamh agus pionós dá bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta, amhail an reachtaíocht atá i gceist sna príomhimeachtaí, thar na teorainneacha i dtaobh a bhfuil iomchuí agus riachtanach chun na cuspóirí dlisteanacha atá á saothrú leis an reachtaíocht sin a bhaint amach, ar an tuiscint, i gcás ina gcaithfear roghnú idir roinnt mhaith bearta iomchuí, gur ceart dul ar iontaoibh an bhirt lena mbaineann an t-ualach is éadroime, agus ní foláir nach mbeidh na míbhuntáistí a eascróidh as sin díréireach maidir leis na cuspóirí atá á saothrú (breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, BV, C-570/20, EU:C:2022:348, mír 34 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57      I ndáil leis sin, tá sé ráite ag an gCúirt Bhreithiúnais nach mór foráil a dhéanamh i reachtaíocht náisiúnta den sórt sin maidir le rialacha soiléire agus beachta lena gceadaítear don duine aonair, ar an gcéad dul síos, a thuar cé na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a bhféadfadh carnadh ionchúiseamh agus pionós den sórt sin a bheith i gceist leo, ar an dara dul síos, a áirithiú go ndéanfar na nósanna imeachta a chomhordú chun an míbhuntáiste breise a bhaineann le carnadh imeachtaí de chineál coiriúil a sheoltar go neamhspleách a laghdú go dtí an méid is fíorghá; agus, ar deireadh, a ráthú go bhfuil déine na bpionós uile a fhorchuirtear i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe lena mbaineann (breithiúnas an 5 Bealtaine 2022, BV, C-570/20, EU:C:2022:348, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58      Sa chás seo, cé go bhfuil comhthuiscint ann go bhfuil bearta amhail iad siúd atá i gceist sna príomhimeachtaí ceaptha le bailiú ceart CBL a áirithiú agus imghabháil a chosc, ar cuspóirí iad a bhaineann le leas an phobail dá dtagraítear in Airteagal 273 den Treoir maidir le CBL, agus go bhfuil forálacha ábhartha an Dlí maidir le CBL oiriúnach chun na cuspóirí sin a bhaint amach agus go bhfuil siad soiléir agus beacht go leor, áfach, is faoin gcúirt a rinne an tarchur a bheidh sé scrúdú a dhéanamh an n-áirithíonn na forálacha sin comhordú ar na nósanna imeachta a fhágann gur féidir an t-ualach breise a bhaineann le carnadh na mbeart a fhorchuirtear a laghdú go dtí an méid atá fíor-riachtanach agus chun a áirithiú go mbeidh déine na mbeart sin go léir i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe lena mbaineann.

59      Maidir le comhordú na nósanna imeachta, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé go bhfuil na húdaráis chánach faoi cheangal, faoi Airteagal 6(5) den Chód um Nós Imeachta Riaracháin agus faoi Airteagal 27(2) den Dlí maidir le Sáruithe agus Pionóis Riaracháin faoi seach, prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh agus na pionóis dá dtagraítear in Airteagail 185 agus 186 den Dlí maidir le CBL á gcur i bhfeidhm, nach n-údaraítear leis an reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí, áfach, an oibleagáid a sheachaint chun an dá phionós sin a fhorchur, i bhfianaise chineál uathoibríoch an charntha dá dtagraítear i mír 55 den bhreithiúnas seo, nó ceann de na himeachtaí sin a chur ar fionraí go dtí go dtabharfar an ceann eile chun críche. Is léir ón eolas a chuir an chúirt a rinne an tarchur ar fáil nach gceadaítear leis an reachtaíocht sin don údarás sin measúnú foriomlán a dhéanamh ar chomhréireacht na bpionós carnach.

60      Thairis sin, cé go gceadaítear le hAirteagal 187(4) den Dlí maidir le CBL don sáraitheoir an séala a bhaint go luath tríd an tsuim a ghearrtar orthu mar phionós airgeadais a íoc go deonach, níl aon oibleagáid ar an údarás cánach an pionós sin a fhorchur fad agus atá an beart séalaithe i bhfeidhm. Sa chás sna príomhimeachtaí, níor gearradh an pionós airgeadais ach roinnt míonna tar éis an áitreabh tráchtála a bheith curtha faoi shéala, rud a fhágann go raibh éifeachtaí uile an tséalaithe ídithe go hiomlán idir an dá linn.

61      Ar deireadh, cé go bhféadfar caingean a dhéanamh i gcoinne na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 185 agus 186 den Dlí maidir le CBL faoi seach, ní mór na caingne sin a thabhairt os comhair cúirteanna éagsúla, eadhon an chúirt dúiche le haghaidh an phionóis airgeadais agus an chúirt riaracháin le haghaidh an bhirt séalaithe. Deir an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, nach bhforáiltear sa reachtaíocht náisiúnta atá i gceist sna príomhimeachtaí d’aon nós imeachta lena n-áirithítear go ndéanfar an comhordú is gá idir na caingne sin nó idir na cúirteanna sin agus nach mór do na cúirteanna sin measúnú neamhspleách a dhéanamh ar chomhréireacht na mbeart a tharchuirtear chucu.

62      Maidir le cibé acu a fhágann na forálacha atá i gceist sna príomhimeachtaí gur féidir a áirithiú go bhfuil déine na mbeart uile arna bhforchur i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe lena mbaineann, ní mór go gcuimhneofaí, go ndealraíonn sé, sa chás seo, go bhfuil leibhéal ard déine ag baint le gach ceann de na bearta pionóis a fhorchuirtear ar an iarratasóir sna príomhimeachtaí, mar is léir ó mhíreanna 47 agus 48 den bhreithiúnas seo. Dá bhrí sin, dealraíonn sé go bhféadfadh éifeacht charnach na mbeart sin a bheith níos mó ná tromchúis an tsáraithe a rinne an t-iarratasóir sna príomhimeachtaí agus go sáraíonn sé ceanglais phrionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach i míreanna 56 agus 57 den bhreithiúnas seo, rud atá le fáil amach ag an gcúirt a rinne an tarchur.

63      Dá bhrí sin, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 273 den Treoir maidir le CBL agus Airteagal 50 den Chairt a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar cáiníocóir a bheith faoi réir, mar gheall ar an sárú céanna ar oibleagáid chánach agus i ndiaidh imeachtaí ar leithligh atá neamhspleách ar a chéile, beart maidir le pionóis airgeadais a forchuirfear air nó uirthi agus beart chun áitreabh tráchtála a chur faoi shéala, ar féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne na mbeart ar leithligh sin os comhair cúirteanna éagsúla, sa mhéid nach n-áirithítear leis an reachtaíocht sin go ndéanfar comhordú ar na himeachtaí sin a fhágann gur féidir an t-ualach breise a bhaineann le carnadh na mbeart sin a laghdú go dtí an méid atá fíor-riachtanach agus nach n-áirithítear go mbeidh déine na bpionós sin go léir a fhorchuirtear i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe lena mbaineann.

 An dara ceist

64      I bhfianaise an fhreagra a tugadh ar an gcéad cheist, ní gá breith a thabhairt ar an dara ceist.

 An tríú ceist

65      Leis an tríú ceist, iarrann an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gcaithfear Airteagal 47(1) den Chairt a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhfuil an chúirt a dtugtar caingean os a comhair i gcoinne forfheidhmiú sealadach birt a bhaineann le háitreabh tráchtála a chur faoi shéala a údarú, beart lena gcuirtear Airteagal 273 den Treoir maidir le CBL chun feidhme, teoranta do scrúdú a dhéanamh an bhfuil baol ann go ndéanfar damáiste atá tromchúiseach nó a bheidh deacair a leigheas don cháiníocóir lena mbaineann agus nach bhfuil cumhacht ag an gcúirt sin athscrúdú a dhéanamh ar na fíorais arna socrú ag na húdaráis chánach agus a thugann bonn cirt le beart den sórt a ghlacadh.

66      Chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh le hiarraidh ar réamhrialú an gá is dual do réiteach éifeachtach díospóide a bhaineann le dlí an Aontais, ní mór d’inneachar na hiarrata sin na ceanglais a leagtar amach go sainráite in Airteagal 94 de na Rialacha Nós Imeachta a shásamh, ceanglais a meastar, i gcomhthéacs an chomhair dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ar an eolas fúthu agus a bhfuil sé de cheangal ar an gcúirt sin a bheith rí-mheasúil ina leith (féach, chuige sin, ordú an 22 Meitheamh 2021, Mitliv Exim, C‑81/20, nár foilsíodh, EU:C:2021:510, míreanna 29 agus 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).

67      Sa chás seo, cuireann an Coimisiún in iúl go bhfuil amhras air faoin gcaingean a tugadh os comhair na cúirte a rinne an tarchur, ar caingean í a tionscnaíodh i gcoinne fhorfheidhmiú sealadach an údaraithe lena ndéantar áitreabh tráchtála a chur faoi shéala atá i gceist sna príomhimeachtaí.

68      I ndáil leis sin, is léir ó Airteagal 60(5) den Chód um Nós Imeachta Riaracháin nach mór an t-ordú lena n-údaraítear forfheidhmiú sealadach an bhirt séalaithe a bheith ina ábhar d’achomharc ar leithligh ón gcaingean a dhírítear i gcoinne an bhirt sin.

69      Ní luaitear san iarraidh ar réamhrialú gur tugadh caingean ar leithligh den sórt sin os comhair na cúirte a rinne an tarchur, agus ní luaitear inti ach oiread na hargóintí a d’fhéadfadh na páirtithe sna príomhimeachtaí a chur chun cinn ina leithéid de chomhthéacs, go háirithe argóintí maidir leis an ngá a líomhnaítear a bheith ann chun cothromaíocht a bhaint amach idir, ar thaobh amháin, leasanna an Stáit agus, ar an taobh eile, an baol go ndéanfaí damáiste atá tromchúiseach nó a bheidh deacair a leigheas don iarratasóir sna príomhimeachtaí. Dealraíonn sé nach mbaineann an díospóid sna príomhimeachtaí ach le dlíthiúlacht an bhirt séalaithe, agus nach mbaineann sí leis an údarú go ndéanfar forfheidhmiú sealadach ar an mbeart sin.

70      Dá bhrí sin, ní chomhlíontar ceanglais Airteagal 94(c) de na Rialacha Nós Imeachta leis an tríú ceist, sa mhéid is nach sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa ráiteas maidir leis na cúiseanna a ndéantar iarraidh ar réamhrialú atá inti, an nasc a bhféachann sí lena bhunú idir, ar thaobh amháin, an chéad fhomhír d’Airteagal 47 den Chairt agus, ar an taobh eile, ábhar na díospóide sna príomhimeachtaí.

71      Sna himthosca sin, tá an tríú ceist do-ghlactha.

 Costais

72      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Chéad Dlísheomra) mar seo a leanas:

Ní mór Airteagal 273 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha agus Airteagal 50 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a léiriú sa chiall go gcuirtear cosc ar reachtaíocht náisiúnta faoina bhféadfar cáiníocóir a bheith faoi réir, mar gheall ar an sárú céanna ar oibleagáid chánach agus i ndiaidh imeachtaí ar leithligh atá neamhspleách ar a chéile, beart maidir le pionóis airgeadais a forchuirfear air nó uirthi agus beart chun áitreabh tráchtála a chur faoi shéala, ar féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne na mbeart sin os comhair cúirteanna éagsúla, sa mhéid nach n-áirithítear leis an reachtaíocht sin go ndéanfar comhordú ar na himeachtaí sin a fhágann gur féidir an t-ualach breise a bhaineann le carnadh na mbeart sin a laghdú go dtí an méid atá fíor-riachtanach agus nach n-áirithítear go mbeidh déine na bpionós sin go léir a fhorchuirtear i gcomhréir le tromchúis an tsáraithe lena mbaineann.

Sínithe


*      Teanga an cháis: an Bhulgáiris.

Op