EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0993

Treoir (AE) 2022/993 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (códú) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

PE/37/2021/REV/1

IO L 169, 27.6.2022, p. 45–90 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/993/oj

27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 169/45


TREOIR (AE) 2022/993 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2022

maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe

(códú)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rinneadh Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a leasú go substaitiúil roinnt uaireanta (4). Ar mhaithe le soiléireacht agus le réasúntacht, ba cheart an Treoir sin a chódú.

(2)

Chun ardleibhéal sábháilteachta muirí agus coiscthe truaillithe ar muir a chothabháil agus chun féachaint lena fheabhsú, tá sé bunriachtanach leibhéal eolais agus scileanna mharaithe an Aontais a chothabháil agus, b’fhéidir, a fheabhsú trí oiliúint agus deimhniú muirí a fhorbairt i gcomhréir le rialacha idirnáisiúnta agus leis an dul chun cinn teicneolaíoch, agus gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun bonn scileanna muirí na hEorpa a fheabhsú.

(3)

Déantar oiliúint agus deimhniú na maraithe a rialáil ar leibhéal idirnáisiúnta le Coinbhinsiúin Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 (Coinbhinsiún STCW) de chuid na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), a ndearnadh athbhreithniú mór air ag Comhdháil Páirtithe i gCoinbhinsiún STCW a tionóladh in Manila in 2010 (leasuithe Manila). Glacadh tuilleadh leasuithe ar Choinbhinsiún STCW in 2015 agus in 2016.

(4)

Leis an Treoir seo, déantar Coinbhinsiún STCW a ionchorprú i ndlí an Aontais. Is sínitheoirí le Coinbhinsiún STCW na Ballstáit uile agus dá bhrí sin déanfar cur chun feidhme comhchuibhithe a ngealltanas idirnáisiúnta a bhaint amach trí rialacha an Aontais maidir leis an oiliúint agus leis an deimhniú maraithe a ailíniú le Coinbhinsiún STCW.

(5)

Tá saineolas muirí d’ardcháilíocht in earnáil loingseoireachta an Aontais, saineolas atá ina bhonn dá iomaíochas. Tá cáilíocht na hoiliúna do mharaithe tábhachtach le hiomaíochas na hearnála sin agus le saoránaigh an Aontais, go háirithe daoine óga, a mhealladh chuig gairmeacha muirí.

(6)

Féadfaidh na Ballstáit caighdeáin níos airde ná na caighdeáin íosta a leagtar síos i gCoinbhinsiún STCW agus sa Treoir seo a bhunú.

(7)

Ba cheart Rialacháin Choinbhinsiún STCW a ghabhann leis an Treoir seo a fhorlíonadh leis na forálacha éigeantacha atá i gCuid A den Chód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire (Cód STCW). Tá treoraíocht mholta i gCuid B de Chód STCW atá beartaithe chun cúnamh a thabhairt do Pháirtithe i gCoinbhinsiún STCW, agus dóibh siúd a bhfuil baint acu le bearta an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm nó a fhorfheidhmiú, chun éifeacht iomlán chríochnaithe a thabhairt don Choinbhinsiún ar bhealach aonfhoirmeach.

(8)

Tá sé ar cheann de chuspóirí an chomhbheartais iompair i réimse an mhuiriompair gluaiseacht maraithe laistigh den Aontas a éascú. Cuidíonn an ghluaiseacht sin, i measc rudaí eile, le hearnáil muiriompair an Aontais a dhéanamh tarraingteach do na glúine atá le teacht, agus ar an gcaoi sin seachnaítear staid ina mbeidh easpa foireann inniúil a mbeadh an meascán ceart de scileanna agus inniúlachtaí acu ar an mbraisle mhuirí Eorpach. Tá sé fíor-riachtanach aitheantas frithpháirteach na ndeimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit chun saorghluaiseacht na maraithe a éascú. I bhfianaise an chirt chun dea-riaracháin, ba cheart gur bunaithe ar chúiseanna a bheadh infhionnta ag an maraí lena mbaineann a bheadh cinntí na mBallstát i ndáil leis an nglacadh le deimhnithe oilteachta arna n-eisiúint chuig maraithe ag Ballstáit eile chun críche deimhnithe náisiúnta inniúlachta a eisiúint.

(9)

Le hoiliúint do mharaithe, ba cheart oiliúint theoiriciúil cheart agus oiliúint phraiticiúil a chumhdach chun a áirithiú go bhfuil maraithe cáilithe chun caighdeáin slándála agus sábháilteachta a chomhlíonadh agus go bhfuil siad in ann gníomhú i gcás guaiseacha agus éigeandála.

(10)

Ba cheart do Bhallstáit bearta sonracha a ghlacadh agus na bearta sin a fhorfheidhmiú chun cleachtais chalaoiseacha a bhaineann le deimhnithe inniúlachta agus le deimhnithe oilteachta a chosc agus chun pionós a ghearradh ina leith, mar aon le leanúint lena n-iarrachtaí laistigh de IMO chun comhaontuithe diongbháilte infhorfheidhmithe a bhaint amach maidir leis an gcomhrac i gcoinne cleachtais den sórt sin ar fud an domhain.

(11)

Ba cheart caighdeáin cháilíochta agus córais caighdeán cáilíochta a fhorbairt agus a chur chun feidhme agus, i gcás inarb infheidhme, an Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 (5) agus bearta gaolmhara arna nglacadh ag na Ballstáit á gcur san áireamh.

(12)

Chun sábháilteacht mhuirí a fheabhsú agus chun truailliú ar muir a chosc, ba cheart forálacha maidir le tréimhsí íosta scíthe do phearsanra faire a leagan síos sa Treoir seo i gcomhréir le Coinbhinsiún STCW. Ba cheart na forálacha sin a chur i bhfeidhm gan dochar d’fhorálacha Threoir 1999/63/CE ón gComhairle (6).

(13)

Rinne na comhpháirtithe sóisialta Eorpacha comhaontú ar líon íosta na n-uaireanta sosa is infheidhme maidir le maraithe agus glacadh Treoir 1999/63/CE d’fhonn an comhaontú sin a chur chun feidhme. Faoin Treoir sin, is ann don fhéidearthacht eisceachtaí ó líon íosta na n-uaireanta sosa le haghaidh maraithe a údarú. Ba cheart, áfach, an fhéidearacht maidir le heisceachtaí a údarú a bheith teoranta ó thaobh tréimhse uasta, minicíochta agus réime de. Bhí sé d’aidhm ag leasuithe Manila, i measc rudaí eile, teorainneacha oibiachtúla a shocrú maidir leis na heisceachtaí ar líon íosta na n-uaireanta sosa le haghaidh pearsanra faire agus maraithe a bhfuil cúraimí sannta dóibh a bhaineann le sábháilteacht, slándáil, agus an cosc ar thruailliú d’fhonn tuirse a chosc. Dá bhrí sin, ba cheart don Treoir seo leasuithe Manila a léiriú ar bhealach lena n-áirithítear comhleanúnachas le Treoir 1999/63/CE.

(14)

D‘fhonn feabhas a chur ar shábháilteacht mhuirí agus d’fhonn cosc a chur ar bhás daoine agus ar thruailliú muirí, ba cheart cumarsáid a áirithiú i measc baill den chriú ar bord longa atá ag seoladh in uiscí an Aontais.

(15)

Ba cheart do phearsanra ar bord longa paisinéirí a ainmnítear chun cúnamh a thabhairt do phaisinéirí i gcás éigeandála a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh leis na paisinéirí.

(16)

Ba cheart do chriúnna ar bord tancaer a bhfuil lastas díobhálach nó lastas truailliúcháin á iompar acu a bheith in ann dul i ngleic go héifeachtach le timpistí a chosc agus le cásanna éigeandála. Tá sé fíorthábhachtach nasc ceart cumarsáide a bhunú idir an máistir, na hoifigigh agus na haicmigh chabhlaigh, lena gcumhdaítear na ceanglais dá bhforáiltear sa Treoir seo.

(17)

Tá sé bunriachtanach a áirithiú go bhfuil leibhéal inniúlachta atá coibhéiseach leis an leibhéal a cheanglaítear le Coinbhinsiún STCW ag maraithe a bhfuil deimhnithe ina seilbh acu arna n-eisiúint ag tríú tíortha agus atá ag fónamh ar bord longa de chuid an Aontais. Leis an Treoir seo, ba cheart nósanna imeachta agus critéir chomhchoiteanna a leagan síos chun go n-aithneoidh na Ballstáit deimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha, ar bhonn na gceanglas oiliúna agus deimhnithe arna gcomhaontú faoi chuimsiú Choinbhinsiún STCW.

(18)

Ar mhaithe le sábháilteacht ar muir, níor cheart do na Ballstáit cáilíochtaí lena gcruthaítear an leibhéal oiliúna a éilítear a aithint ach amháin i gcás ina n-eisíonn Páirtithe i gCoinbhinsiún STCW iad, nó i gcás inar eisíodh thar ceann na bPáirtithe sin iad, agus go bhfuil sé aitheanta ag Coiste Muir-Shábháilteachta IMO gur léiríodh go bhfuil éifeacht iomlán tugtha ag na Páirtithe sin, agus go dtugann siad éifeacht iomlán fós, do na caighdeáin a leagtar amach sa Choinbhinsiún sin. Chun an bhearna ama a líonadh go dtí go mbeidh an Coiste Muir-Shábháilteachta in ann aitheantas den sórt sin a thabhairt, tá gá le nós imeachta chun réamhaitheantas a thabhairt do dheimhnithe.

(19)

Sa Treoir seo tá córas láraithe chun aitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha. D’fhonn na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil a úsáid ar bhealach éifeachtúil, ba cheart an nós imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a bheith bunaithe ar anailís ar an ngá atá leis an aitheantas sin, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do léiriú ar líon measta na máistrí, na n-oifigeach agus na n-oibreoirí raidió de thionscnamh an tríú tír sin is dóigh a bheidh ag fónamh ar bord longa a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain orthu. Ba cheart an anailís sin a thíolacadh lena scrúdú ag an gCoiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a chosc (COSS).

(20)

D’fhonn a áirithiú go mbeidh an ceart ag gach maraí fostaíocht chuibhiúil a fháil agus d’fhonn saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a theorannú, maidir le haitheantas na dtríú tíortha amach anseo, ba cheart a mheas ar dhaingnigh na tríú tíortha sin an Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006.

(21)

D’fhonn éifeachtúlacht an chórais láraithe maidir le haitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha a áirthiú, ba cheart athmheasúnú ar na tríú tíortha a sholáthraíonn líon beag maraithe do longa a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain orthu a dhéanamh ag eatraimh de 10 mbliana. Ba cheart an tréimhse fhada athmheasúnaithe sin ar chóras na dtríú tíortha sin a chomhcheangal le critéir thosaíochta lena gcuirfí san áireamh ceisteanna sábháilteachta, agus cothromú a dhéanamh idir an gá le héifeachtúlacht agus sásra coimirce éifeachtach i gcás go dtiocfadh meath ar chaighdeán na hoiliúna do mharaithe arna cur ar fáil sna tríú tíortha ábhartha.

(22)

Ba cheart, i gcás inarb iomchuí, cigireacht a dhéanamh ar institiúidí muirí, ar chláir oiliúna agus ar chúrsaí oiliúna. Ba cheart, dá bhrí sin, critéir le haghaidh cigireacht den sórt sin a bhunú.

(23)

Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí arna bunú le Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) cúnamh a thabhairt don Choimisiún chun a fhíorú go gcomhlíonann na Ballstáit na ceanglais a leagtar síos sa Treoir seo.

(24)

Tá faisnéis faoi na maraithe atá fostaithe agus arb as tríú tíortha dóibh ar fáil anois ar leibhéal an Aontais mar go gcuireann na Ballstáit in iúl an fhaisnéis ábhartha atá ina gcláir náisiúnta maidir leis na deimhnithe agus na formhuinithe atá eisithe acu. Ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid chun críocha staidrimh agus ceapadh beartais, go háirithe chun éifeachtúlacht an chórais láraithe maidir le haitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha a fheabhsú. Bunaithe ar an bhfaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit, ba cheart athscrúdú a dhéanamh ar aitheantas na dtríú tíortha nach bhfuil maraithe soláthartha acu do longa a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain orthu le 8 mbliana anuas ar a laghad. Ba cheart a chumhdach le próiseas an athscrúdaithe an fhéidearthacht go gcoinneofaí nó go dtarraingeofaí siar aitheantas an tríú tír ábhartha. Chomh maith leis sin, ba cheart an fhaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit a úsáid freisin d’fhonn tús áite a thabhairt d’athmheasúnú ar na tríú tíortha aitheanta.

(25)

Ceanglaítear ar na Ballstáit, ina gcáil mar údaráis chalafoirt, feabhas a chur ar an tsábháilteacht agus ar an gcosc ar thruailliú in uiscí an Aontais trí chigireacht tosaíochta a dhéanamh ar shoithí a bhfuil bratach tríú tír ar foluain acu nár dhaingnigh Coinbhinsiún STCW, agus ar an gcaoi sin a áirithiú nach dtugtar cóir níos fabhraí do shoithí a bhfuil bratach tríú tír ar foluain acu.

(26)

Maidir leis na forálacha i ndáil leis an aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla a leagtar amach i dTreoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), níl raibh feidhhm acu i dtaca leis an aitheantas a thabhairt do dheimhnithe maraithe faoi Threoir 2008/106/CE. Le Treoir 2005/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) rinneadh an t-aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit a rialáil. D’imigh na sainmhínithe ar dheimhnithe maraithe dá dtagraítear i dTreoir 2005/45/CE i léig, áfach, i bhfianaise leasuithe 2010 ar Choinbhinsiún STCW. Dá bhrí sin, ba cheart scéim an aitheantais fhrithpháirtigh do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit a rialáil d’fhonn na leasuithe idirnáisiúnta a léiriú. Ina theannta sin, ba cheart na deimhnithe maraithe arna n-eisiúint faoi údarás na mBallstát a áireamh sa scéim maidir le haitheantas frithpháirteach. Chun débhríocht agus baol neamhréireachtaí idir Treoracha 2005/45/CE agus an Treoir seo a sheachaint, ba cheart aitheantas frithpháirteach do dheimhnithe maraithe a rialáil leis an Treoir seo amháin. Ina theannta sin, d’fhonn an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit a laghdú, ba cheart córas leictreonach a thabhairt isteach chun cáilíochtaí maraithe a thíolacadh ach na leasuithe ábhartha ar Choinbhinsiún STCW a bheith glactha.

(27)

Tá an digitiú sonraí de dhlúth agus d’inneach sa dul chun cinn teicneolaíoch i réimse an bhailithe agus na cumarsáide sonraí d’fhonn cabhrú le costais a laghdú agus le húsáid éifeachtúil a bhaint as acmhainní daonna. Ba cheart don Choimisiún bearta a bhreithniú d’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht an rialaithe Stáit ar chalafoirt, lena n-áirítear, inter alia, meastóireacht ar indéantacht agus ar luach breise i ndáil le bunachar sonraí lárnach de dheimhnithe maraithe a chur ar bun agus a bhainistiú, a bheadh nasctha leis an mbunachar sonraí cigireachta dá dtagraítear in Airteagal 24 de Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), a mbeadh na Ballstáit ar fad nasctha leis. Ba cheart go mbeadh an fhaisnéis ar fad, a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo, maidir le deimhnithe inniúlachta agus formhuinithe lena bhfianaítear aitheantas ar dheimhnithe oilteachta arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 de Choinbhinsiún STCW sa bhunachar lárnach sin.

(28)

Ba cheart don Choimisiún idirphlé a bhunú le comhpháirtithe sóisialta agus na Ballstáit chun tionscnaimh oiliúna muirí a fhorbairt de bhreis ar an íosleibhéal oiliúna do mharaithe arna chomhaontú go hidirnáisiúnta, tionscnaimh a d’fhéadfadh na Ballstáit a aithint go frithpháirteach mar Dhioplómaí Eorpacha Barr Feabhais Muirí. Ba cheart na tionscnaimh sin a bhunú ar agus a fhorbairt i gcomhréir leis na moltaí ó na treoirthionscadail atá ar siúl faoi láthair agus na straitéisí i dTreoirphlean an Choimsiúin um chomhar earnála maidir le Scileanna.

(29)

Chun forbairtí ar leibhéal idirnáisiúnta a chur san áireamh agus chun a áirithiú gur féidir rialacha an Aontais a oiriúnú go tráthúil do na forbairtí sin, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le leasuithe ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chuid A de Chód STCW a ionchorprú trí na ceanglais theicniúla i ndáil leis an oiliúint agus deimhniú maraithe a nuashonrú agus trí fhorálacha ábhartha den Treoir seo a ailíniú i dtaca leis na deimhnithe digiteacha do mharaithe. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (11). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(30)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le forálacha na Treorach seo i dtaca le haitheantas a thabhairt do thríú tíortha a chur chun feidhme, mar aon i dtaca le sonraí staidrimh ar mharaithe atá le cur ar fáil ag Ballstáit don Choimisiún, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12).

(31)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir na Treorach seo, eadhon rialacha an Aontais a ailíniú le rialacha idirnáisiúnta maidir le hoiliúint agus deimhniú maraithe, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(32)

Ba cheart an Treoir seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid B, a thrasuí sa dlí náisiúnta,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Treoir seo maidir leis na maraithe dá dtagraítear sa Treoir seo atá ag fónamh ar bord longa farraige a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain orthu, cé is moite díobh seo a leanas:

(a)

longa cogaidh, longa cúntacha cabhlaigh nó longa eile ar le Ballstát iad nó atá á n-oibriú ag Ballstát agus atá i mbun seirbhís neamhthráchtála rialtais amháin;

(b)

soithigh iascaireachta;

(c)

luaimh phléisiúir nach bhfuil i mbun trádála;

(d)

longa adhmaid de thógáil bhunúsach.

2.   Tá feidhm ag Airteagal 6 maidir le maraithe a bhfuil deimhniú acu arna eisiúint ag Ballstát, gan beann ar a náisiúntacht.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “máistir” an duine atá i gceannas ar long;

(2)

ciallaíonn “oifigeach” ball den chriú cé is moite den mháistir, arna ainmniú amhlaidh faoin dlí náisiúnta nó faoi rialacháin náisiúnta nó, in éagmais ainmniú den sórt sin, le comhaontú comhchoiteann nó le gnás;

(3)

ciallaíonn “oifigeach deice” oifigeach atá cáilithe i gcomhréir le forálacha Chaibidil II d’Iarscríbhinn I;

(4)

ciallaíonn “príomh-mháta” an t-oifigeach cé is moite den mháistir agus a bheidh i gceannas ar long i gcás éagumas an mháistir;

(5)

ciallaíonn “oifigeach innealtóireachta” oifigeach atá cáilithe i gcomhréir le forálacha Chaibidil III d’Iarscríbhinn I;

(6)

ciallaíonn “príomhoifigeach innealtóireachta” an t-oifigeach innealtóireachta sinsearach atá freagrach as tiomáint mheicniúil agus oibriú agus cothabháil shuiteálacha meicniúla agus leictreacha na loinge;

(7)

ciallaíonn “dara hoifigeach innealtóireachta” an t-oifigeach innealtóireachta cé is moite den phríomhoifigeach innealtóireachta agus a bheidh freagrach as tiomáint mheicniúil agus oibriú agus cothabháil shuiteálacha meicniúla agus leictreacha na loinge i gcás éagumas an phríomhoifigigh innealtóireachta;

(8)

ciallaíonn “oifigeach innealtóireachta cúnta” duine atá faoi oiliúint chun a bheith ina oifigeach innealtóireachta agus arna ainmniú amhlaidh faoin dlí náisiúnta nó faoi rialacháin náisiúnta;

(9)

ciallaíonn “oibreoir raidió” duine a bhfuil deimhniú iomchuí aige arna eisiúint nó arna shainaithint ag na húdaráis inniúla faoi fhorálacha na Rialachán Raidió;

(10)

ciallaíonn “aicmeach cabhlaigh” ball de chriú loinge cé is moite den mháistir agus den oifigeach;

(11)

ciallaíonn “long farraige” long nach mbíonn á stiúradh ar uiscí inmheánacha go heisiach ná in uiscí atá laistigh d’uiscí foscúla nó de limistéir ina bhfuil feidhm ag rialacháin chalafoirt, nó in uiscí atá cóngarach d’uiscí nó do na limistéir sin;

(12)

ciallaíonn “long a bhfuil bratach Ballstáit ar foluain aici” long atá cláraithe i mBallstát agus a bhfuil bratach an Bhallstáit sin ar foluain aici i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit sin; long nach dtagann faoin sainmhíniú seo, measfar gur long í a bhfuil bratach tríú tíre ar foluain aici;

(13)

ciallaíonn “aistir gar don chósta” aistir atá i gcóngar Ballstáit, mar a shainmhíníonn an Ballstát sin iad;

(14)

ciallaíonn “cumhacht tiomána” an uaschumhacht aschuir leanúnach iomlán arna táirgeadh i gcileavatanna atá ag príomhinnealra tiomána loinge agus a luaitear ar dheimhniú cláraithe na loinge nó ar aon doiciméad oifigiúil eile;

(15)

ciallaíonn “tancaer ola” long a thógtar chun peitriliam agus táirgí peitriliam a iompar i mbulc agus a mbaintear úsáid aisti chuige sin;

(16)

ciallaíonn “tancaer ceimiceán” long a thógtar nó a chuirtear in oiriúint chun aon táirge leachtach a liostaítear i gCaibidil 17 den Chód Idirnáisiúnta um Cheimiceáin i mBulc, ina leagan cothrom le dáta, a iompar i mbulc agus a mbaintear úsáid aisti chuige sin;

(17)

ciallaíonn “tancaer gáis leachtaithe” long a thógtar nó a chuirtear in oiriúint chun gás leachtaithe nó aon táirge eile a liostaítear i gCaibidil 19 den Chód Idirnáisiúnta um Ghasiompair, ina leagan cothrom le dáta, a iompar i mbulc agus a mbaintear úsáid aisti chuige sin;

(18)

ciallaíonn “Rialacháin raidió” na rialacháin raidió a ghabhann leis an gCoinbhinsiún Teileachumarsáide Idirnáisiúnta, arna leasú, nó a mheastar atá ag gabháil leis an gcoinbhinsiún sin;

(19)

ciallaíonn “long paisinéirí” long mar a shainmhínítear sa Choinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, 1974 (SOLAS 74), arna leasú, den Eagraíocht Muirí Idirnáisiúnta (IMO);

(20)

ciallaíonn “soitheach iascaireachta” soitheach a bhaintear úsáid as chun iasc nó acmhainní beo eile na farraige a ghabháil;

(21)

ciallaíonn “Coinbhinsiún STCW” an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Mharaithe, 1978 den IMO, de réir mar atá feidhm aige maidir leis na hábhair lena mbaineann agus forálacha idirthréimhseacha Airteagal VII agus Rialachán I/15 den Choinbhinsiún á gcur san áireamh agus lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, forálacha infheidhme Chód STCW, agus iad uile á gcur i bhfeidhm ina leaganacha cothrom le dáta;

(22)

áirítear le “dualgais raidió”, de réir mar is iomchuí, faire agus cothabháil agus deisiúcháin theicniúla a dhéantar i gcomhréir leis na Rialacháin Raidió, le SOLAS 74 agus, faoi lánrogha gach Ballstát, le moltaí ábhartha IMO, ina leaganacha cothrom le dáta;

(23)

ciallaíonn “long paisinéirí róró” long paisinéirí a bhfuil spásanna lastais róró agus spásanna catagóire speisialta aici mar a shainmhínítear in SOLAS 74, ina leagan cothrom le dáta;

(24)

ciallaíonn “Cód STCW” an Cód do Mharaithe maidir le hOiliúint, Deimhniú agus Faire, a glacadh le rún 2 de Chomhdháil Páirtithe don Choinbhinsiún STCW de Chomhdháil 1995, ina leagan cothrom le dáta;

(25)

ciallaíonn “feidhm” grúpa tascanna, dualgas agus freagrachtaí, mar a shonraítear i gCód STCW, atá riachtanach d’fheidhmiú loinge, do shábháilteacht anama ar mhuir nó do chosaint na muirthimpeallachta;

(26)

ciallaíonn “cuideachta” úinéir loinge nó aon eagraíocht nó duine eile amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir loinge loime a bhfuil an fhreagracht glactha aige, ón longúinéir, an long a oibriú, agus a d’aontaigh, agus an fhreagracht sin á glacadh aige, na dualgais agus na freagrachtaí uile a fhorchuirtear ar an gcuideachta leis an Treoir seo a ghlacadh de láimh;

(27)

ciallaíonn “seirbhís farraige” seirbhís ar bord loinge atá ábhartha maidir le deimhniú inniúlachta, deimhniú oilteachta nó aon cháilíocht eile a eisiúint nó a athbhailíochtú;

(28)

ciallaíonn “formheasta” formheasta ag Ballstát i gcomhréir leis an Treoir seo;

(29)

ciallaíonn “tríú tír” aon tír nach Ballstát í;

(30)

ciallaíonn “mí” mí féilire nó tréimhse 30 lá comhdhéanta de thréimhsí is lú ná mí amháin;

(31)

ciallaíonn “oibreoir raidió GMDSS” duine atá cáilithe i gcomhréir le Caibidil IV d’Iarscríbhinn I;

(32)

ciallaíonn “Cód ISPS” an Cód Idirnáisiúnta um Shlándáil Long agus Saoráid Chalafoirt a glacadh an 12 Nollaig 2002, le rún 2 den Chomhdháil de Rialtais Chonarthacha ag SOLAS 74, ina leagan cothrom le dáta;

(33)

ciallaíonn “oifigeach slándála loinge” an duine ar bord loinge, atá freagrach don mháistir, arna ainmniú ag an gcuideachta le bheith freagrach as slándáil na loinge lena n-áirítear cur chun feidhme agus cothabháil phlean slándála na loinge agus as dul i gcomhairle le hoifigeach slándála na cuideachta agus le hoifigigh slándála na saoráide calafoirt;

(34)

áirítear le “dualgais slándála” na tascanna agus dualgais slándála ar fad ar bord longa mar a shainmhínítear le Caibidil XI/2 de SOLAS 74, arna leasú, agus le Cód ISPS;

(35)

ciallaíonn “deimhniú inniúlachta” deimhniú arna eisiúint agus arna fhormhuiniú le haghaidh máistrí, oifigeach agus oibreoirí raidió GMDSS i gcomhréir le Caibidlí II, III, IV, V nó VII d’Iarscríbhinn I, agus a thugann teidlíocht don úinéir dlíthiúil a bheith ag obair sa cháil sin agus na feidhmeanna ar leibhéal na freagrachta a shonraítear ann a chomhlíonadh;

(36)

ciallaíonn “deimhniú oilteachta” deimhniú, seachas deimhniú inniúlachta, a eisítear do mharaí ina luaitear gur comhlíonadh na ceanglais ábhartha maidir le hoiliúint, inniúlachtaí nó seirbhís farraige a leagtar síos sa Treoir seo;

(37)

ciallaíonn “fianaise dhoiciméadach” aon doiciméadacht, seachas deimhniú inniúlachta nó deimhniú oilteachta, a bhaintear úsáid aisti le cruthú gur comhlíonadh na ceanglais ábhartha sa Treoir seo;

(38)

ciallaíonn “oifigeach leictreitheicniúil” oifigeach atá cáilithe i gcomhréir le Caibidil III d’Iarscríbhinn I;

(39)

ciallaíonn “maraí deice inniúil” aicmeach cabhlaigh atá cáilithe i gcomhréir le Caibidil II d’Iarscríbhinn I;

(40)

ciallaíonn “maraí innill inniúil” aicmeach cabhlaigh atá cáilithe i gcomhréir le Caibidil III d’Iarscríbhinn I;

(41)

ciallaíonn “aicmeach leictreitheicniúil” aicmeach cabhlaigh atá cáilithe i gcomhréir le Caibidil III d’Iarscríbhinn I;

(42)

ciallaíonn “Ballstát óstach” an Ballstát ina n-iarrann maraithe glacadh nó aitheantas a ndeimhnithe inniúlachta, a ndeimhnithe oilteachta nó a bhfianaise dhoiciméadach;

(43)

ciallaíonn “Cód IGF” an Cód Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Long a úsáideann Gáis nó Breoslaí Íseal-splancphointe eile, mar a shainmhínítear i Rialachán 74 II-1/2.29 de SOLAS 74;

(44)

ciallaíonn “an Cód Polach” an Cód Idirnáisiúnta maidir le Longa a Oibríonn in Uiscí Polacha, mar a shainmhínítear i Rialachán XIV/1.1 de SOLAS 74;

(45)

ciallaíonn “uiscí polacha” uiscí Artacha agus/nó limistéar an Antartaigh, mar a shainmhínítear i Rialacháin XIV/1.2, XIV/1.3 agus XIV/1.4 de SOLAS 74.

Airteagal 3

Oiliúint agus deimhniú

1.   Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirtear ar mharaithe atá ag fónamh ar longa dá dtagraítear in Airteagal 1 oiliúint atá, ar a laghad, i gcomhréir le ceanglais Choinbhinsiún STCW, mar a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, agus go bhfuil deimhnithe acu mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (35) agus pointe (36), agus/nó fianaise dhoiciméadach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (37).

2.   Na baill sin den chriú nach mór deimhniú a bheith acu i gcomhréir le Rialachán III/10.4 de SOLAS 74, déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go gcuirtear oiliúint orthu agus go bhfuil deimhniú faighte acu i gcomhréir leis an Treoir seo.

Airteagal 4

Deimhnithe inniúlachta, deimhnithe oilteachta agus formhuinithe

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbronntar deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oilteachta ar iarrthóirí a chomhlíonann ceanglais an Airteagail seo agus orthu sin amháin.

2.   Déanfaidh an Ballstát na deimhnithe do mháistrí, d’oifigigh agus d’oibreoirí raidió a fhormhuiniú mar a fhoráiltear san Airteagal seo.

3.   Déanfar deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oilteachta a eisiúint i gcomhréir le Rialachán I/2, mír 3, den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW.

4.   Is iad na Ballstáit amháin a dhéanfaidh deimhnithe inniúlachta a eisiúint, tar éis barántúlacht agus bailíocht aon fhianaise doiciméadaí is gá a fhíorú agus i gcomhréir leis an Airteagal seo.

5.   Féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh maidir le hoibreoirí raidió:

(a)

an t-eolas breise atá riachtanach de réir na rialachán ábhartha a chur san áireamh sa scrúdú chun deimhniú a eisiúint atá i gcomhréir leis na Rialacháin Raidió; nó

(b)

deimhniú ar leith a eisiúint a léiríonn go bhfuil an t-eolas breise atá riachtanach de réir na rialachán ábhartha ag an sealbhóir.

6.   Féadtar formhuinithe a ionchorprú, faoi rogha Bhallstáit, i bhformáid na ndeimhnithe atá á n-eisiúint acu mar a fhoráiltear in Roinn A-I/2 de Chód STCW. Má ionchorpraítear iad amhlaidh, is í an fhoirm a úsáidfear an ceann a leagtar amach i Roinn A-I/2, mír 1. Má eisítear ar shlí eile iad, is í an fhoirm a úsáidfear an ceann a leagtar amach i mír 2 den Roinn sin. Eiseofar formhuinithe i gcomhréir le hAirteagal VI, mír 2, de Choinbhinsiún STCW.

Eiseofar formhuinithe lena bhfianaítear eisiúint deimhnithe inniúlachta agus formhuinithe lena bhfianaítear deimhnithe oilteachta a bronnadh ar mháistrí agus ar oifigigh i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 d’Iarscríbhinn I sa chás go gcomhlíontar ceanglais uile Choinbhinsiún STCW agus na Treorach seo, agus sa chás sin amháin.

7.   Ballstát a aithneoidh deimhniú inniúlachta, nó deimhniú oilteachta, a bronnadh ar mháistrí nó ar oifigigh i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW faoin nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 20(2) den Treoir seo, formhuineoidh sé an deimhniú sin lena fhianú go n-aithnítear é tar éis dó barántúlacht agus bailíocht an deimhnithe a áirithiú agus tar éis sin amháin. Is í foirm an fhormhuinithe a úsáidfear an ceann a leagtar amach i Roinn A-I/2, mír 3, de Chód STCW.

8.   Maidir leis na formhuinithe dá dtagraítear i mír 6 agus mír 7:

(a)

féadfar iad a eisiúint mar dhoiciméid ar leith;

(b)

is iad na Ballstáit amháin a dhéanfaidh iad a eisiúint;

(c)

sannfar uimhir uathúil dóibh ar fad, seachas formhuinithe lena bhfianaítear eisiúint deimhnithe inniúlachta, rud ar féidir an uimhir chéanna a shannadh dó agus a sannadh don deimhniú inniúlachta lena mbaineann, ar choinníoll go bhfuil an uimhir sin uathúil;

(d)

rachaidh siad uile in éag a luaithe agus a rachaidh an deimhniú inniúlachta nó an deimhniú oilteachta formhuinithe a bronnadh ar mháistrí nó ar oifigigh i gcomhréir le Rialachán V/1-1 agus le Rialachán V/1-2 d’Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW in éag nó nuair a tharraingítear an deimhniú sin siar, nó nuair a chuireann an Ballstát nó an tríú tír a d’eisigh an deimhniú ar fionraí nó ar ceal é agus, in aon chás, laistigh de 5 bliana tar éis a dháta eisiúna.

9.   An cháil ina n-údaraítear do shealbhóir deimhnithe a bheith ag fónamh, aithneofar é i bhfoirm formhuiniú i dtéarmaí arb ionann iad agus na téarmaí arna n-úsáid sna ceanglais is infheidhme de chuid an Bhallstáit lena mbaineann maidir le foirne sábháilte.

10.   Féadfaidh Ballstát úsáid a bhaint as formáid atá éagsúil ón bhformáid a leagtar síos i Roinn A-I/2 de Chód STCW, ar choinníoll, go gcuirtear an fhaisnéis is gá ar fáil, ar a laghad, i gcarachtair Rómhánacha agus i bhfigiúirí Arabacha, agus na leaganacha éagsúla a cheadaítear faoi Roinn A-I/2 á gcur san áireamh.

11.   Faoi réir Airteagal 20(7), coinneofar ar fáil ar bord na loinge ar a bhfuil an sealbhóir ag fónamh an leagan bunaidh de gach deimhniú a cheanglaítear a sholáthar leis an Treoir seo, i gcóip chrua nó i bhfoirm dhigiteach, a bhféadfar a bharántúlacht agus a bhailíocht a dheimhniú faoin nós imeachta a leagtar síos i mír 13, pointe (b), den Airteagal seo.

12.   Cuirfidh iarrthóirí ar dheimhniú cruthúnas sásúil den mhéid seo a leanas ar fáil:

(a)

a gcéannacht;

(b)

nach lú an aois atá acu ná an aois a fhorordaítear sna Rialacháin a liostaítear in Iarscríbhinn I atá ábhartha maidir leis an deimhniú inniúlachta nó leis an deimhniú oilteachta ar cuireadh isteach air;

(c)

go gcomhlíonann siad na caighdeáin feidhmiúlachta sláinte, caighdeáin a shonraítear i Roinn A-I/9 de Chód STCW;

(d)

gur chríochnaigh siad an tseirbhís farraige agus aon oiliúint éigeantach a fhorordaítear sna Rialacháin a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir leis an deimhniú inniúlachta nó leis an deimhniú oilteachta a bhfuiltear ag cur isteach air;

(e)

go gcomhlíonann siad na caighdeáin inniúlachta a fhorordaítear sna Rialacháin a liostaítear in Iarscríbhinn I maidir leis na hinniúlachtaí, feidhmeanna agus leibhéil atá le sainaithint san fhormhuiniú a bhaineann leis an deimhniú inniúlachta.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis an aitheantas ar fhormhuinithe faoi Rialachán I/10 de Choinbhinsiún STCW.

13.   Gabhfaidh gach Ballstát an méid seo a leanas air féin:

(a)

clár nó cláir a choinneáil ar bun ina bhfuil na deimhnithe inniúlachta agus na deimhnithe oilteachta agus formhuinithe uile le haghaidh máistrí agus oifigeach agus, i gcás inarb infheidhme, le haghaidh aicmigh chabhlaigh, a eisíodh, a chuaigh in éag nó a athdheimhníodh, a cuireadh ar fionraí nó ar ceal, nó a tuairiscíodh a bheith caillte nó scriosta, mar aon le dispeansáidí a eisíodh;

(b)

faisnéis a chur ar fáil maidir le stádas deimhnithe inniúlachta, formhuinithe agus dispeansáidí do Bhallstáit eile agus do Pháirtithe eile i gCoinbhinsiún STCW agus do chuideachtaí a iarrann fíorú ar bharántúlacht agus ar bhailíocht deimhnithe inniúlachta agus/nó deimhnithe a eisíodh do mháistrí agus d’oifigigh i gcomhréir le Rialachán V/1-1 agus Rialachán V/1-2 d’Iarscríbhinn I agus a fhaigheann siad ó mharaithe atá ag lorg aitheantais, faoi Rialachán I/10 de Choinbhinsiún STCW, nó atá ag lorg fostaíocht ar bord loinge.

14.   I gcás ina dtiocfaidh leasuithe ábhartha i bhfeidhm ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chuid A de Chód STCW a bhaineann le deimhnithe digiteacha do mharaithe, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le Airteagal 30 chun an Treoir seo a leasú trí na forálacha ábhartha uile de a ailíniú leis na leasuithe sin ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chuid A de Chód STCW d’fhonn deimhnithe agus formhuinithe maraithe a dhigitiú.

Airteagal 5

Faisnéis don Choimisiún

Chun críocha Airteagal 21(8) agus Airteagal 22(2) agus go heisiach chun go n-úsáidfidh na Ballstáit agus an Coimisiún iad chun críocha ceaptha beartais agus chun críocha staidrimh, cuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, ar bhonn bliantúil, an fhaisnéis a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo maidir le deimhnithe inniúlachta agus formhuinithe lena bhfianaítear aitheantas arna thabhairt do dheimhnithe inniúlachta. Féadfaidh siad a sholáthar freisin, ar bhonn deonach, faisnéis maidir le deimhnithe oilteachta arna n-eisiúint le haicmigh chabhlaigh i gcomhréir le Caibidil II, Caibidil III agus Caibidil VII den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW, amhail an fhaisnéis a léirítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 6

Aitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit

1.   Glacfaidh gach Ballstát le deimhnithe oilteachta agus le fianaise dhoiciméadach arna n-eisiúint ag Ballstát eile, nó faoina údarás, i gcóip chrua nó i bhformáid dhigiteach, chun ligean do mharaithe fónamh ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain orthu.

2.   Tabharfaidh gach Ballstát aitheantas do dheimhnithe inniúlachta arna n-eisiúint ag Ballstát eile nó do dheimhnithe oilteachta arna n-eisiúint ag Ballstát eile chuig máistrí agus oifigigh i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, trí na deimhnithe sin a fhormhuiniú le fianú go dtugtar aitheantas dóibh. Na formhuinithe lena bhfianaítear an t-aitheantas, beidh siad teoranta d’acmhainneachtaí, feidhmeanna agus leibhéil inniúlachta nó oilteachta a fhorordaítear iontu. Ní eiseofar an formhuiniú ach amháin má comhlíonadh na ceanglais uile de Choinbhinsiún STCW, i gcomhréir le Rialachán I/2, mír 7, de Choinbhinsiún STCW. Is í foirm an fhormhuinithe a úsáidfear an ceann a leagtar amach i Roinn A-I/2, mír 3, de Chód STCW.

3.   Glacfaidh gach Ballstát le deimhnithe leighis arna n-eisiúint faoi údarás Ballstáit eile i gcomhréir le Airteagal 12, chun ligean do mharaithe fónamh ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain orthu.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit óstacha go ndéanfar na cinntí dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3 a eisiúint laistigh de thréimhse réasúnta ama. Áiritheoidh na Ballstáit óstacha freisin go mbeidh sé de cheart ag maraithe achomharc a dhéanamh i gcoinne aon diúltú deimhniú bailí a fhormhuiniú nó a ghlacadh, nó i gcoinne gan aon fhreagra a bheith faighte, i gcomhréir le reachtaíocht agus nósanna imeachta náisiúnta, agus go dtabharfar comhairle agus cúnamh leordhóthanach do mharaithe maidir leis na hachomhairc sin i gcomhréir le reachtaíocht agus nósanna imeachta náisiúnta bunaithe.

5.   Gan dochar do mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit óstaigh srianta breise a chur ar acmhainneachtaí, feidhmeanna agus leibhéil inniúlachta nó oilteachta maidir le muiraistir gar don chósta, dá dtagraítear in Airteagal 8, nó deimhnithe malartacha arna n-eisiúint faoi Rialachán VII/1 d’Iarscríbhinn I.

6.   Gan dochar do mhír 2, féadfaidh Ballstát óstach, i gcás inar gá, ligean do mharaí fónamh, ar feadh tréimhse nach faide ná 3 mhí, ar bord long a bhfuil a bhratach ar foluain uirthi, agus deimhniú iomchuí bailí aige arna eisiúint agus arna fhormhuiniú ag Ballstát eile, ach nár fhormhuinigh an Ballstát óstach lena mbaineann le haghaidh aitheantais go fóill é.

Beidh fianaise dhoiciméadach gur cuireadh iarratas ar fhormhuiniú faoi bhráid na n-údarás inniúil le go mbeidh sí ar fáil go réidh.

7.   Áiritheoidh Ballstát óstach go bhfuil an t-eolas iomchuí acu ar reachtaíocht mhuirí an Bhallstáit sin a bhaineann leis na feidhmeanna a cheadaítear dóibh a dhéanamh ag maraithe a chuireann isteach ar dheimhnithe aitheantais le haghaidh feidhmeanna ar an leibhéal bainistíochta.

Airteagal 7

Ceanglais oiliúna

Beidh an oiliúint a cheanglaítear de bhun Airteagal 3 i bhfoirm a bheidh oiriúnach don eolas teoiriciúil agus do na scileanna praiticiúla a cheanglaítear le hIarscríbhinn I, go háirithe úsáid a bhaint as trealamh tarrthála agus comhrac dóiteáin, agus a bheidh formheasta ag an údarás inniúil nó ag an gcomhlacht inniúil arna ainmniú ag gach Ballstát.

Airteagal 8

Prionsabail lena rialaítear aistir gar don chósta

1.   Agus aistir gar don chósta á sainmhíniú, maidir le maraithe atá ag fónamh ar bord longa atá i dteideal bratach Bhallstáit eile nó bratach Pháirtí eile i gCoinbhinsiún STCW a bheith ar foluain acu agus atá ag gabháil d’aistir den sórt sin, ní fhorchuirfidh na Ballstáit ceanglais oiliúna, taithí nó deimhnithe orthu ar bhealach a mbeadh sé de thoradh air ceanglais níos doichte a bheith ar na maraithe sin ná mar a bheadh ar mharaithe atá ag fónamh ar bord longa atá i dteideal a mbratach féin a bheith ar foluain acu. Ní dhéanfaidh Ballstát, i gcás ar bith, ceanglais a fhorchur i leith maraithe atá ag fónamh ar bord long a bhfuil bratach Ballstáit eile nó Páirtí eile i gCoinbhinsiún STCW ar foluain acu a sháraíonn na ceanglais atá sa Treoir seo i ndáil le longa nach mbíonn ag gabháil d’aistir gar don chósta.

2.   Déanfaidh Ballstát, i gcás longa dá dtugtar sochar na bhforálacha maidir le haistir gar don chósta atá i gCoinbhinsiún STCW, lena n-áirítear aistir amach ó chósta Ballstát eile nó amach ó chósta Páirtithe i gCoinbhinsiún STCW laistigh de theorainneacha a shainmhíniúcháin ar aistir gar don chósta, déanfaidh sé comhaontú leis na Ballstáit nó leis na Páirtithe lena mbaineann ag sonrú shonraí na limistéar trádála atá i gceist agus na forálacha ábhartha eile araon.

3.   Maidir le longa atá i dteideal bratach Bhallstáit a bheith ar foluain acu a bhíonn ag gabháil go rialta d’aistir gar don chósta amach ó chósta Ballstáit eile nó ó chósta Páirtí i gCoinbhinsiún STCW, an Ballstát a bhfuil long i dteideal a bhrataí a bheith ar foluain aici déanfaidh sé ceanglais oiliúna, taithí agus deimhnithe a fhorordú i gcás maraithe atá ag fónamh ar longa den sórt sin, ar ceanglais iad a bheidh comhionann ar a laghad le ceanglais an Bhallstáit nó ceanglais an Pháirtí i gCoinbhinsiún STCW a bhfuil an long ag gabháil d’aistir gar don chósta, ar choinníoll nach rachaidh siad thar cheanglais na Treorach seo i leith longa nach bhfuil ag gabháil d’aistir gar don chósta. Maraithe atá ag fónamh ar bord long a shíneann a haistear thar a sainíonn an Ballstát mar aistear gar don chósta agus a théann isteach in uiscí nach bhfuil cumhdaithe faoin sainiú sin, déanfaidh siad na ceanglais iomchuí den Treoir seo a chomhlíonadh.

4.   Féadfaidh Ballstát sochar na bhforálacha maidir le haistir gar don chósta den Treoir seo a thabhairt do long atá i dteideal a bhrataí a bheith ar foluain aici nuair a bhíonn sí ag gabháil d’aistir go rialta amach ó chósta tíre nach Páirtí í i gCoinbhinsiún STCW ar aistir gar don chósta mar a shainíonn an Ballstát sin.

5.   Na deimhnithe inniúlachta le haghaidh maraithe a d’eisigh Ballstát nó Páirtí i gCoinbhinsiún STCW i gcomhair na dteorainneacha atá sainithe aige maidir le haistir gar don chósta, féadfaidh Ballstáit eile glacadh leo le haghaidh seirbhís laistigh de na teorainneacha atá sainithe aige maidir le haistir gar don chósta, ar choinníoll go ndéanfaidh na Ballstáit nó na Páirtithe lena mbaineann comhaontú ag sonrú shonraí na limistéar trádála atá i gceist agus na forálacha ábhartha eile.

6.   Déanfaidh Ballstáit a shainíonn aistir gar don chósta, i gcomhréir le ceanglais an Airteagail seo, an méid seo a leanas:

(a)

na prionsabail lena rialaítear aistir gar don chósta a shonraítear i Roinn A-I/3 de Chód STCW a chomhlíonadh;

(b)

na teorainneacha maidir le haistir gar don chósta a ionchorprú sna formhuinithe a eisítear de bhun Airteagal 4.

7.   Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an sainmhíniú ar aistir gar don chósta agus maidir leis na coinníollacha oideachais agus oiliúna is gá dóibh a dhéanamh i gcomhréir le ceanglais mhír 1, mhír 3 agus mhír 4, cuirfidh na Ballstáit sonraí na bhforálacha atá glactha acu in iúl don Choimisiún.

Airteagal 9

Calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a chosc

1.   Déanfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad chun calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a bhaineann le deimhnithe agus formhuinithe a eisíodh a chosc, agus déanfaidh siad foráil maidir le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

2.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis náisiúnta atá inniúil chun calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a bhrath agus a chomhrac agus chun faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla Ballstát eile agus le húdaráis tríú tíortha maidir le deimhniú maraithe.

Cuirfidh na Ballstáit na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi shonraí údarás náisiúnta inniúla den sórt sin.

Cuirfidh na Ballstáit aon tríú tír lena ndearnadh siad comhaontú i gcomhréir le Rialachán I/10, mír 1.2 de Choinbhinsiún STCW ar an eolas láithreach faoi shonraí údarás náisiúnta inniúla den sórt sin.

3.   Ar iarratas ó Bhallstát óstach, tabharfaidh údaráis inniúla Ballstáit eile dearbhú nó séanadh i scríbhinn maidir le barántúlacht na ndeimhnithe atá ag maraithe, a gcuid formhuinithe comhfhreagracha, nó aon fhianaise dhoiciméadaí eile d’oiliúint a eisíodh sa Bhallstát eile sin.

Airteagal 10

Pionóis nó bearta araíonachta

1.   Bunóidh na Ballstáit próisis nó nósanna imeachta le haghaidh imscrúdú neamhchlaonta ar aon éagumas, gníomh, neamhghníomh nó sárú slándála a thuairiscítear de chuid sealbhóirí deimhnithe inniúlachta nó deimhnithe oilteachta nó formhuinithe arna n-eisiúint ag an mBallstát sin a d’fhéadfadh a bheith ina bhagairt dhíreach ar shábháilteacht anama ar muir nó ar shábháilteacht mhaoine ar muir nó ar an gcomhshaol muirí, i ndáil leis na sealbhóirí sin dualgais a dhéanamh a bhaineann lena ndeimhnithe inniúlachta, agus lena ndeimhnithe oilteachta, agus le haghaidh tarraingt siar, fionraíocht agus cealú na ndeimhnithe inniúlachta nó na ndeimhnithe oilteachta sin ar na cúiseanna sin agus chun calaois a chosc.

2.   Glacfaidh na Ballstáit bearta iomchuí agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad chun calaois agus cleachtais neamhdhleathacha eile a chosc a bhaineann le deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oilteachta agus formhuinithe a eisíodh.

3.   Forordófar pionóis nó bearta araíonachta agus cuirfear i bhfeidhm iad i gcásanna:

(a)

inar fhostaigh cuideachta nó máistir duine nach bhfuil deimhniú mar a cheanglaítear de réir na Treorach seo acu;

(b)

inar lig máistir do dhuine nach bhfuil aige an deimhniú a cheanglaítear, dispeansáid bhailí nó an cruthúnas doiciméadach a cheanglaítear de réir Airteagal 20(7) aon fheidhm nó seirbhís a dhéanamh in aon cháil ba cheart, faoin Treoir seo, do dhuine a bhfuil deimhniú iomchuí aige a dhéanamh; nó

(c)

ina bhfuair duine, le calaois nó le doiciméid bhrionnaithe, fostú chun aon fheidhm nó seirbhís a dhéanamh in aon cháil ba cheart, faoin Treoir seo, do dhuine a bhfuil deimhniú nó dispeansáid aige a dhéanamh nó a chomhlíonadh.

4.   Na Ballstáit ar laistigh dá ndlínse atá aon chuideachta nó aon duine a chreidtear ar fhorais fhollasacha a bheith freagrach as aon neamhchomhlíonadh, nó ar an eolas faoi aon neamhchomhlíonadh, a mheastar a bheith ann i ndáil leis an Treoir seo agus a shonraítear i mír 3, rachaidh na Ballstáit sin i gcomhar le haon Bhallstát nó le haon Pháirtí eile i gCoinbhinsiún STCW a chuireann in iúl dóibh go bhfuil rún aige imeachtaí a thionscnamh faoina dhlínse.

Airteagal 11

Caighdeáin cháilíochta

1.   Áiritheoidh gach Ballstát an méid seo a leanas:

(a)

maidir le gach gníomhaíocht oiliúna, mheasúnaithe inniúlachta, dheimhnithe, lena n-áirítear deimhniú leighis, formhuinithe agus athbhailíochtaithe a dhéanann gníomhaireachtaí agus eintitis neamhrialtasacha faoina n-údarás, go ndéantar faireachán leanúnach orthu trí chóras caighdeán cáilíochta chun comhlíonadh na spriocanna atá sainithe, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le cáilíochtaí agus taithí na dteagascóirí agus na measúnóirí, a áirithiú i gcomhréir le Roinn A-I/8 de Chód STCW;

(b)

i gcás ina ndéanann gníomhaireachtaí nó eintitis rialtasacha na gníomhaíochtaí sin, go bhfuil córas caighdeán cáilíochta ann i gcomhréir le Roinn A-I/8 de Chód STCW;

(c)

go sainítear go soiléir na cuspóirí oideachais agus oiliúna mar aon leis na caighdeáin cháilíochta ghaolmhara atá le baint amach maidir le hinniúlacht agus go sainaithnítear na leibhéil eolais, tuisceana agus scileanna is iomchuí do na scrúduithe agus do na measúnuithe a cheanglaítear de réir Choinbhinsiún STCW;

(d)

go gcumhdaíonn raon feidhme na gcaighdeán cáilíochta riar na gcóras deimhnithe, gach cúrsa agus clár oiliúna, scrúdú agus measúnú arna reáchtáil ag gach Ballstát nó faoina n-údarás, mar aon leis na cáilíochtaí agus an taithí a cheanglaítear ar oiliúnóirí agus ar scrúdaitheoirí, ag féachaint do na beartais, na córais, na rialuithe agus na hathbhreithnithe inmheánacha maidir le dearbhú cáilíochta a bhunaítear chun a áirithiú go mbaintear amach na cuspóirí atá sainithe.

Na cuspóirí agus na caighdeáin cháilíochta ghaolmhara dá dtagraítear sa chéad mhír, pointe (c), féadtar iad a shonrú ar leithligh do chúrsaí agus do chláir oiliúna éagsúla agus cumhdóidh siad riar an chórais deimhnithe.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar meastóireachtaí neamhspleácha ar na gníomhaíochtaí maidir le sealbhú agus measúnú eolais, tuisceana, scileanna agus inniúlachtaí agus ar riar an chórais deimhnithe ag eatraimh nach faide ná 5 bliana agus go ndéanfaidh daoine cáilithe nach mbaineann leis na gníomhaíochtaí i gceist na meastóireachtaí sin chun an méid seo a leanas a fhíorú:

(a)

maidir le gach bearta rialaithe agus faireacháin de chuid na bainistíochta inmheánaí, mar aon leis na gníomhaíochtaí leantacha, go gcomhlíonann siad na socruithe agus na nósanna imeachta doiciméadacha atá pleanáilte agus go bhfuil siad éifeachtach chun a áirithiú go mbaintear amach na cuspóirí atá sainithe;

(b)

go bhfuil torthaí gach meastóireachta neamhspleáiche doiciméadaithe agus go gcuirtear ar an eolas fúthu iad siúd atá freagrach as an réimse ar a rinneadh meastóireacht;

(c)

go ndéantar beart go tráthúil chun easnaimh a chur ina gceart;

(d)

go gcumhdaíonn an córas caighdeán cáilíochta gach foráil is infheidhme de Choinbhinsiún STCW agus dá Chód, lena n-áirítear leasuithe. Féadfaidh na Ballstáit a áireamh sa chóras seo freisin na forálacha eile is infheidhme de chuid na Treorach seo.

3.   Déanfaidh aon Bhallstát lena mbaineann tuairisc a bhaineann le gach meastóireacht a dhéantar de bhun mhír 2 den Airteagal seo a chur in iúl don Choimisiún, i gcomhréir leis an bhformáid a shonraítear i Roinn A-I/7 de Chód STCW, laistigh de 6 mhí ó dháta na meastóireachta.

Airteagal 12

Caighdeáin leighis

1.   Bunóidh gach Ballstát caighdeáin feidhmiúlachta sláinte le haghaidh maraithe agus nósanna imeachta maidir le deimhniú leighis a eisiúint i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le Roinn A-I/9 de Chód STCW, agus Roinn B-I/9 de Chód STCW a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí.

2.   Áiritheoidh gach Ballstát gur liachleachtóirí a dtugann an Ballstát sin aitheantas dóibh chun scrúduithe leighis na maraithe a dhéanamh atá freagrach as measúnú a dhéanamh ar fheidhmiúlacht sláinte na maraithe, i gcomhréir le Roinn A-I/9 de Chód STCW.

3.   Gach maraí atá ag fónamh ar farraige agus ag a bhfuil deimhniú inniúlachta nó deimhniú oilteachta a eisíodh faoi fhorálacha Choinbhinsiún STCW, beidh aige freisin deimhniú leighis bailí a eisíodh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le Roinn A-I/9 de Chód STCW.

4.   Maidir le hiarrthóirí ar dheimhniú leighis:

(a)

beidh siad 16 bliana d’aois nó níos sine;

(b)

tabharfaidh siad cruthúnas sásúil maidir lena gcéannacht;

(c)

sásóidh siad na caighdeáin feidhmiúlachta sláinte is infheidhme arna mbunú ag an mBallstát lena mbaineann.

5.   Beidh deimhnithe leighis bailí ar feadh uastréimhse 2 bhliain ach amháin má tá an maraí faoi 18 mbliana d’aois, 1 bhliain amháin an uastréimhse bhailíochta sa chás sin.

6.   Beidh feidhm ag Rialachán I/9 d’Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW má théann tréimhse bhailíochta deimhnithe leighis in éag le linn aistir.

7.   I gcásanna práinneacha, féadfaidh Ballstát cead a thabhairt do mharaí a bheith ag obair gan deimhniú leighis bailí. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag Rialachán I/9 d’Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW.

Airteagal 13

Athbhailíochtú deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oilteachta

1.   Gach máistir, oifigeach agus oibreoir raidió a bhfuil ina sheilbh aige deimhniú arna eisiúint nó arna aithint faoi aon Chaibidil d’Iarscríbhinn I seachas Rialachán V/3 de Chaibidil V nó Caibidil VI agus atá ag fónamh ar farraige nó a bhfuil rún aige cur chun farraige an athuair tar éis tréimhse a chaitheamh istír, ceanglófar air, d’fhonn gur féidir leis leanúint de bheith cáilithe le haghaidh fónamh ar farraige, ag eatraimh nach faide ná 5 bliana:

(a)

na caighdeáin feidhmiúlachta sláinte a fhorordaítear le hAirteagal 12 a chomhlíonadh;

(b)

inniúlacht ghairmiúil leanúnach a shuíomh i gcomhréir le Roinn A-I/11 de Chód STCW.

2.   Déanfaidh gach máistir, oifigeach agus oibreoir raidió, i gcás seirbhís farraige leanúnach ar bord long ar comhaontaíodh ceanglais speisialta oiliúna ina leith go hidirnáisiúnta, an oiliúint fhormheasta ábhartha a chríochnú go rathúil.

3.   Déanfaidh gach máistir agus oifigeach, le haghaidh seirbhís farraige leanúnach ar bord tancaer, na ceanglais a luaitear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh agus ceanglófar orthu, ag eatraimh nach faide ná 5 bliana, inniúlacht ghairmiúil leanúnach a léiriú le haghaidh tancaer i gcomhréir le Roinn A-I/11, mír 3, de Chód STCW.

4.   Déanfaidh gach máistir nó oifigeach na ceanglais a luaitear i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh agus ceanglófar orthu, ag eatraimh nach faide ná 5 bliana, inniúlacht ghairmiúil leanúnach a shuíomh le haghaidh longa a oibríonn in uiscí polacha i gcomhréir le Roinn A-I/11, mír 4, de Chód STCW.

5.   Déanfaidh gach Ballstát na caighdeáin inniúlachta a cheanglaítear a bheith ag iarrthóirí ar dheimhnithe inniúlachta agus/nó deimhnithe oilteachta arna n-eisiúint go dtí an 1 Eanáir 2017 a chur i gcomparáid leis na caighdeáin arna sonrú le haghaidh an deimhnithe ábhartha inniúlachta agus/nó an deimhnithe oilteachta i gCuid A de Chód STCW, agus déanfaidh siad a chinneadh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le ceangal a chur ar shealbhóirí na ndeimhnithe inniúlachta agus/nó na ndeimhnithe oilteachta sin dul faoi oiliúint iomchuí athnuachana, leanúna nó measúnú.

6.   Déanfaidh gach Ballstát na caighdeáin inniúlachta a chuir sé de cheangal ar dhaoine a bhí ag fónamh ar longa arna mbreoslú le gás roimh an 1 Eanáir 2017 a chur i gcomparáid leis na caighdeáin inniúlachta a luaitear i Roinn A-V/3 de Chód STCW, agus déanfaidh sé a chinneadh cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le ceangal a chur ar na daoine sin a gcáilíochtaí a nuashonrú.

7.   Déanfaidh gach Ballstát, i gcomhairle leo siúd lena mbaineann, struchtúr a fhoirmliú chun cúrsaí athnuachana agus cúrsaí uasdátúcháin a cheapadh mar a fhoráiltear i Roinn A-I/11 de Chód STCW nó déanfaidh siad foirmliú struchtúir a chur chun cinn.

8.   Chun eolas máistrí, oifigeach agus oibreoirí raidió a thabhairt cothrom le dáta, áiritheoidh gach Ballstát go ndéanfar téacsanna na n-athruithe is déanaí ar rialacháin náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le sábháilteacht anama ar muir, le slándáil agus le cosaint an chomhshaoil muirí a chur ar fáil do longa atá i dteideal a bhrataí a bheith ar foluain acu, agus forálacha Airteagal 15(3), pointe (b), agus Airteagal 19 á gcomhlíonadh acu.

Airteagal 14

Úsáid ionsamhlóirí

Na caighdeáin feidhmíochta agus forálacha eile a leagtar amach i Roinn A-I/12 de Chód STCW agus ceanglais eile den sórt sin mar a fhorordaítear i gCuid A de Chód STCW i gcás aon deimhnithe lena mbaineann, déanfar iad a chomhlíonadh i leith an mhéid seo a leanas:

(a)

an oiliúint éigeantach ar fad in ionsamhlóir;

(b)

aon mheasúnú ar inniúlacht a cheanglaítear de réir Chuid A de Chód STCW, a dhéantar trí bhíthin ionsamhlóra;

(c)

aon léiriú d’oilteacht leanúnach a dhéantar trí bhíthin ionsamhlóra agus a cheanglaítear de réir Chuid A de Chód STCW.

Airteagal 15

Freagrachtaí na gcuideachtaí

1.   I gcomhréir le mír 2 agus mír 3, cuirfidh na Ballstáit freagracht ar chuideachtaí as maraithe a cheapadh le haghaidh seirbhís ar longa dá gcuid i gcomhréir leis an Treoir seo, agus cuirfidh siad de cheangal ar gach cuideachta an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go bhfuil ag gach maraí arna cheapadh ar aon long dá cuid deimhniú iomchuí i gcomhréir leis an Treoir seo agus mar atá leagtha síos ag an mBallstát;

(b)

go bhfoireannaítear a cuid long i gcomhréir le ceanglais foirne sábháilte is infheidhme de chuid an Bhallstáit;

(c)

go gcoinnítear doiciméadacht agus sonraí atá ábhartha maidir le gach maraí atá fostaithe ar longa dá cuid agus go bhfuil rochtain go réidh orthu, agus go n-áirítear orthu doiciméadacht agus sonraí maidir lena dtaithí, oiliúint, feidhmiúlacht sláinte agus inniúlacht sna dualgais arna sannadh dóibh, gan a bheith teoranta do dhoiciméadacht agus sonraí den sórt sin;

(d)

nuair a cheaptar ar aon cheann dá cuid long iad, go cuirtear maraithe ar an eolas faoina ndualgais shonracha agus faoi shocruithe, suiteálacha, trealamh, nósanna imeachta, agus saintréithe uile na loinge atá ábhartha maidir lena ngnáthdhualgais nó lena ndualgais éigeandála;

(e)

gur féidir le criú na loinge a ngníomhaíochtaí a chomhordú go héifeachtach i gcás éigeandála agus feidhmeanna a dhéanamh atá ríthábhachtach do shábháilteacht nó chun truailliú a chosc nó a mhaolú;

(f)

go ndéanann maraithe a cheaptar ar aon long dá cuid oiliúint athnuachana agus oiliúint uasdátúcháin mar a cheanglaítear de réir Choinbhinsiún STCW;

(g)

go mbíonn cumarsáid éifeachtach ó bhéal ann i gcónaí ar bord longa dá cuid i gcomhréir le Caibidil V, Rialachán 14, mír 3 agus mír 4, de SOLAS 74, arna leasú.

2.   Beidh freagracht ar chuideachtaí, ar mháistrí agus ar bhaill den chriú araon a áirithiú go dtabharfar éifeacht iomlán chríochnúil do na hoibleagáidí a leagtar amach san Airteagal seo agus go ndéanfar na bearta eile is gá chun a áirithiú gur féidir le gach ball den chriú atá eolasach rannchuidiú le hoibriú sábháilte na loinge.

3.   Cuirfidh an chuideachta treoracha i scríbhinn ar fáil do mháistir gach loinge a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir léi, ar treoracha iad lena leagtar amach na beartais agus na nósanna imeachta atá le leanúint chun a áirithiú go dtabharfar deis réasúnach do gach maraí nuafhostaithe ar bord na loinge dul i dtaithí ar threalamh ar bord loinge, ar nósanna imeachta oibríochta agus ar shocruithe eile a bhfuil gá leo le haghaidh comhlíonadh cuí a ndualgas, sula sannfar na dualgais sin dóibh. Áireofar ar na beartais agus na nósanna imeachta sin an méid seo a leanas:

(a)

sannadh tréimhse ama réasúnach ar féidir le gach maraí nuafhostaithe deis a bheith aige eolas a chur ar an méid seo a leanas lena linn:

(i)

an trealamh sonrach a bheidh á úsáid nó á oibriú ag an maraí;

(ii)

nósanna imeachta agus socruithe atá sainiúil don long maidir le faire, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus cásanna éigeandála nach mór don mharaí a bheith ar an eolas fúthu chun na dualgais a shanntar dó a dhéanamh go cuí;

(b)

ball eolach den chriú a ainmniú a mbeidh an fhreagracht air a áirithiú go dtabharfar deis do gach maraí nuafhostaithe faisnéis bhunriachtanach a fháil i dteanga a thuigeann an maraí.

4.   Maidir le máistrí, oifigigh agus pearsanra eile a shanntar dualgais agus freagrachtaí sonracha dóibh ar bord longa paisinéirí róró, áiritheoidh cuideachtaí go mbeidh oiliúint taithíochta críochnaithe acu chun na cumais a fháil atá iomchuí maidir leis an bpost atá le líonadh agus na dualgais agus na freagrachtaí atá le glacadh, agus an treoraíocht a thugtar i Roinn B-I/14 de Chód STCW á cur san áireamh.

Airteagal 16

Feidhmiúlacht le haghaidh dualgais

1.   Chun tuirse a chosc, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

bunóidh siad tréimhsí sosa agus déanfaidh siad iad a fhorfheidhmiú i gcás pearsanra faire agus iad siúd a bhfuil dualgais sannta orthu a bhaineann le sábháilteacht, slándáil agus cosc ar thruailliú i gcomhréir le míreanna 3 go 13;

(b)

ceanglóidh siad go socrófar córais faire ar bhealach nach lagófar éifeachtúlacht phearsanra faire de dheasca na tuirse, agus go n-eagrófar dualgais sa dóigh go bhfuil a ndóthain scíthe déanta ag lucht na chéad fhaire i dtús an aistir agus ag gach lucht faire uainíochta ina dhiaidh sin agus go bhfuil siad réidh chun dualgais ar gach dóigh eile.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit, chun mí-úsáid drugaí agus alcóil a chosc, go mbunófar bearta leordhóthanacha i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Cuirfidh na Ballstáit san áireamh an bhaol a bhaineann le tuirse maraithe, go háirithe maraithe a bhfuil dualgais oibrithe loinge ar bhealach slán agus sábháilte orthu.

4.   Maidir leis na daoine ar fad a shannfar dualgas mar oifigeach i gceannas faire nó mar aicmeach cabhlaigh ar cuid den fhaire é, agus maidir leo siúd a bhfuil dualgais shannta sábháilteachta, cosc ar thruailliú agus slándála mar chuid dá ndualgas, tabharfar tréimhse sosa dóibh nach lú í ná:

(a)

ar a laghad 10 n-uaire sosa laistigh d’aon tréimhse 24 uair an chloig; agus

(b)

77 uair laistigh d’aon tréimhse seacht lá.

5.   Féadfar na huaireanta sosa a roinnt in dhá thréimhse ar a mhéad, tréimhse amháin a mhairfidh ar a laghad sé huaire, agus ní rachaidh na heatraimh idir tréimhsí leantacha sosa thar 14 huaire.

6.   Ní gá na ceanglais le haghaidh tréimhsí sosa a leagtar síos i mír 4 agus mír 5 a choinneáil ar bun i gcás éigeandála nó i gcás coinníollacha oibrithe sáraitheacha. Tionóil, druileanna comhraicthe dóiteáin agus druileanna báid tarrthála agus na druileanna arna bhforordú le dlíthe agus rialacháin náisiúnta agus le hionstraimí idirnáisiúnta, déanfar iad sa dóigh go n-íoslaghdaítear an méid a chuirtear isteach ar thréimhsí sosa agus ar bhealach nach cúis tuirse é.

7.   Ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfear sceidil faire in airde in áit a mbeidh sé éasca teacht orthu. Bunófar na sceidil i bhformáid chaighdeánaithe i dteanga oibre nó i dteangacha oibre na loinge agus i mBéarla.

8.   I gcás ina bhfuil maraí ar ghlao-dhualgas, nuair nach mbíonn freastal ar spás an innealra mar shampla, beidh tréimhse sosa chúiteach leordhóthanach ag an maraí má chuirtear isteach ar an ngnáth-thréimhse sosa toisc go nglaoitear chun oibre air.

9.   Ceanglóidh na Ballstáit go gcoinneofar taifid d’uaireanta laethúla na maraithe i bhformáid chaighdeánaithe, i dteanga oibre nó i dteangacha oibre na loinge agus i mBéarla, ionas go bhféadtar faireachán agus fíorú a dhéanamh ar chomhlíonadh an Airteagail seo. Gheobhaidh na maraithe cóip de na taifid a bhaineann leo, ar cóip í a fhormhuineoidh an máistir, nó duine atá údaraithe ag an máistir é, agus na maraithe.

10.   D’ainneoin na rialacha a leagtar síos i míreanna 3 go 9, beidh máistir na loinge i dteideal a cheangal ar mharaí uaireanta oibre atá riachtanach a dhéanamh le haghaidh sábháilteacht láithreach na loinge, na ndaoine ar bord nó an lastais, nó chun cúnamh a thabhairt do longa eile nó do dhaoine atá i nguais ar muir. Féadfaidh an máistir, dá réir sin, sceideal na n-uaireanta sosa a chur ar fionraí agus a cheangal ar mharaí uaireanta oibre atá riachtanach a dhéanamh go dtí go mbeidh an gnáthstaid curtha i réim athuair. Áiritheoidh an máistir, a luaithe is indéanta i ndiaidh don ghnáthstaid a bheith curtha i réim athuair, go mbeidh tréimhse sosa leordhóthanach ag aon mharaí a rinne obair laistigh de thréimhse a bhí sceidealaithe mar thréimhse sosa.

11.   Agus aird chuí á tabhairt ar na prionsabail ghinearálta i ndáil le cosaint sláinte agus sábháilteacht oibrithe agus i gcomhréir le Treoir 1999/63/CE, féadfaidh na Ballstáit, trí bhíthin dlíthe náisiúnta, rialacháin nó nós imeachta don údarás inniúil, comhaontuithe cómhargála a údarú nó a chlárú, ar comhaontuithe cómhargála iad lena gceadaítear eisceachtaí ar na huaireanta scíthe dá bhforáiltear i mír 4, pointe (b), agus i mír 5 den Airteagal seo, ar choinníoll nárbh fhéidir an tréimhse sosa a bheith níos lú ná 70 uair an chloig i dtréimhse 7 lá agus go n-urramófaí na teorainneacha a leagtar síos i mír 12 agus mír 13 den Airteagal seo. Beidh na heisceachtaí sin, a mhéid is féidir, i gcomhréir leis na caighdeáin atá leagtha amach ach is féidir tréimhsí saoire is minice nó is faide, nó deonú saoirí mar chúiteamh do mharaithe faire nó do mharaithe a oibríonn ar bord longa ar thurais ghearra, a chur san áireamh iontu. Cuirfear san áireamh sna heisceachtaí sin, a mhéid is féidir, an treoraíocht maidir le tuirse a chosc a leagtar síos i Roinn B-VIII/1 de Chód STCW. Ní cheadófar eisceachtaí ar líon íosta na n-uaireanta sosa dá bhforáiltear i mír 4, pointe (a), den Airteagal seo.

12.   Ní cheadófar na eisceachtaí dá dtagraítear i mír 11 ar an tréimhse sosa seachtainiúil dá bhforáiltear i mír 4, pointe (b), le haghaidh tréimhse níos faide ná 2 sheachtain as a chéile. Ní bheidh na heatraimh idir dhá thréimhse eisceachtaí ar bord níos lú ná a dhá hoiread fhad na heisceachta.

13.   Faoi chuimsiú eisceachtaí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar mhír 5, dá dtagraítear i mír 11, féadfar líon íosta na n-uaireanta sosa i dtréimhse 24 uair an chloig dá bhforáiltear i mír 4, pointe (a), a roinnt ina dtrí thréimhse sosa ar a mhéad, agus beidh tréimhse sosa amháin acu sin sé huaire ar a laghad ar fad agus ní bheidh aon cheann den dá thréimhse sosa eile níos lú ná uair an chloig ar fhad. Ní rachaidh na heatraimh idir tréimhsí sosa leantacha thar 14 uair. Ní rachaidh eisceachtaí thar dhá thréimhse 24 uair an chloig in aon tréimhse seacht lá.

14.   Chun mí-úsáid alcóil a chosc, bunóidh na Ballstáit teorainn nach mó ná 0,05 % don leibhéal alcóil san fhuil (tiúchan alcóil san fhuil) nó 0,25 mg/l alcóil san anáil nó cainníocht alcóil a d’fhágfadh go mbeadh tiúchan alcóil den sórt sin ag máistrí, oifigigh agus maraithe eile agus iad ag comhlíonadh dualgais shannta sábháilteachta, slándála agus comhshaoil mhuirí.

Airteagal 17

Dispeansáid

1.   I gcás ina bhfuil géarghá leis, féadfaidh na húdaráis inniúla, más é a dtuairim nach cúis baoil é do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol, dispeansáid a eisiúint lena gceadaítear do mharaí sonraithe a bheith ag fónamh ar long shonraithe do thréimhse shonraithe nach faide ná sé mhí, seachas i gcáil oibreoir raidió, seachas de réir mar a fhoráiltear sna Rialacháin Raidió ábhartha, i gcáil nach bhfuil deimhniú iomchuí aige di, ar choinníoll go bhfuil an duine a bhfuil dispeansáid eisithe dó cáilithe a dhóthain chun an folúntas a líonadh ar bhealach sábháilte chun sástacht na n-údarás inniúla. Ní cheadófar dispeansáidí do mháistir ná do phríomhoifigeach innealtóireachta, áfach, ach amháin i gcás force majeure agus don tréimhse is giorra is féidir sa chás sin.

2.   Ceadófar aon dispeansáid le haghaidh poist do dhuine atá deimhnithe go cuí chun an post díreach faoina bhun a líonadh. I gcás nach bhfuil deimhniú riachtanach don phost faoina bhun, féadfaidh dispeansáid a eisiúint do dhuine a bhfuil a cháilíocht nó a thaithí, i dtuairim na n-údarás inniúla, ar leibhéal atá riachtanach do na ceanglais don phost atá le líonadh, ar choinníoll, mura bhfuil aon deimhniú iomchuí i seilbh an duine sin, go bhfuil de cheangal air nó uirthi go n-éireoidh leis i dtástáil a mheasann na húdaráis inniúla a léiríonn go bhféadfaidh dispeansáid den sórt sin a eisiúint go sábháilte. Ina theannta sin, áiritheoidh na húdaráis inniúla go líonfaidh sealbhóir deimhnithe iomchuí an post atá i gceist chomh luath agus is féidir.

Airteagal 18

Freagrachtaí na mBallstát maidir le hoiliúint agus le measúnú

1.   Ainmneoidh na Ballstáit na húdaráis nó na comhlachtaí atá leis an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

an oiliúint dá dtagraítear in Airteagal 3 a thabhairt;

(b)

scrúduithe a eagrú agus/nó a mhaoirsiú i gcás inar gá;

(c)

na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 a eisiúint;

(d)

na díolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 17 a dheonú.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

maidir le gach oiliúint agus measúnú maraithe:

(i)

go bhfuil siad struchtúrtha i gcomhréir leis na cláir scríofa, agus go n-áirítear iontu na modhanna agus meáin seachadta, na nósanna imeachta agus an t-ábhar cúrsa a bhfuil gá leo chun an caighdeán inniúlachta forordaithe a bhaint amach;

(ii)

gur daoine atá cáilithe i gcomhréir le pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) a reáchtálfaidh iad, a dhéanfaidh faireachán agus meastóireacht orthu agus a thabharfaidh tacaíocht dóibh;

(b)

nach ndéanfaidh daoine oiliúint inseirbhíse nó measúnú ar bord loinge ach amháin nuair nach ndéanfaidh oiliúint nó measúnú den sórt sin dochar do ghnáthoibriú na loinge agus is féidir leo a n-am a chaitheamh ar oiliúint agus ar mheasúnú agus a n-aird a thabhairt dóibh;

(c)

go mbeidh teagascóirí, maoirseoirí agus measúnóirí cáilithe go cuí le haghaidh na cineálacha agus leibhéil ar leith oiliúna agus measúnaithe inniúlachta maraithe ar bord nó istír;

(d)

maidir le haon duine a thugann oiliúint inseirbhíse maraithe, ar bord nó istír, oiliúint atá ceaptha úsáid a bhaint aisti chun a bheith cáilithe le haghaidh deimhniú faoin Treoir seo:

(i)

go bhfuil tuiscint acu ar an gclár oiliúna agus tuiscint acu ar chuspóirí oiliúna sonracha le haghaidh an chineáil ar leith oiliúna atáthar thabhairt;

(ii)

go bhfuil siad cáilithe don chúram a bhfuiltear ag tabhairt oiliúna faoi;

(iii)

má tá an oiliúint á tabhairt le hionsamhlóir:

go bhfuil treoraíocht iomchuí faighte acu maidir le teicnící teagaisc a bhaineann le húsáid a bhaint as ionsamhlóirí, agus

go bhfuil taithí oibríochtúil phraiticiúil faighte acu maidir leis an gcineál ionsamhlóra a bhaintear úsáid as;

(e)

go mbeidh ag aon duine atá freagrach as maoirseacht ar oiliúint inseirbhíse maraithe, ar oiliúint inseirbhíse í a bhainfear úsáid aisti chun a bheith cáilithe le haghaidh deimhnithe, tuiscint iomlán ar an gclár oiliúna agus ar chuspóirí sonracha gach cineál oiliúna atá á déanamh;

(f)

maidir le haon duine a dhéanann measúnú inseirbhíse ar inniúlacht maraithe, ar bord nó istír, ar measúnú é atá ceaptha lena úsáid chun a bheith cáilithe le haghaidh deimhniú faoin Treoir seo:

(i)

go bhfuil leibhéal iomchuí eolais aige agus tuiscint ar an inniúlacht a bhfuil measúnú le déanamh uirthi;

(ii)

go bhfuil sé cáilithe don chúram a bhfuiltear ag déanamh measúnaithe faoi;

(iii)

go bhfuil treoraíocht iomchuí faighte aige maidir le modhanna measúnaithe agus cleachtas measúnaithe;

(iv)

go bhfuil taithí phraiticiúil faighte aige ar mheasúnú;

(v)

má dhéantar measúnú le húsáid ionsamhlóirí, go bhfuil taithí phraiticiúil faighte aige ar mheasúnú maidir leis an gcineál áirithe ionsamhlóra faoi mhaoirseacht measúnóra a bhfuil taithí aige agus chun sástacht an mheasúnóra sin;

(g)

nuair a aithníonn Ballstát cúrsa oiliúna, institiúid oiliúna, nó cáilíocht a bhronn institiúid oiliúna mar chuid de na ceanglais maidir le deimhniú a eisiúint, go gcumhdófar cáilíochtaí agus taithí teagascóirí agus measúnóirí agus forálacha caighdeáin cháilíochta Airteagal 11 á gcur i bhfeidhm; ionchorprófar sa cháilíocht, sa taithí agus sa chur i bhfeidhm caighdeán cáilíochta sin oiliúint iomchuí maidir le teicnící teagaisc agus modhanna oiliúna agus measúnaithe agus comhlíonfaidh siad na ceanglais uile is infheidhme de chuid phointe (d), phointe (e) agus phointe (f) den mhír seo.

Airteagal 19

Cumarsáid ar bord

Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:

(a)

go mbeidh, gan dochar do phointe (b) agus pointe (d), ar bord longa a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu, socruithe ann i gcónaí le haghaidh cumarsáid ó bhéal a bhaineann le sábháilteacht i measc bhaill uile chriú na loinge, go háirithe maidir le teachtaireachtaí agus treoracha a ghlacadh agus a thuiscint i gceart agus go tráthúil;

(b)

go mbunófar teanga oibre agus go ndéanfar taifead uirthi i logleabhar na loinge ar bord gach loinge paisinéirí a chuireann tús le haistear agus/nó a chríochnaíonn aistear i gcalafort de chuid Ballstáit, ionas go n-áiritheofar feidhmiú éifeachtach an chriú maidir le cúrsaí sábháilteachta;

cinnfidh an chuideachta nó an máistir, de réir mar is iomchuí, an teanga oibre iomchuí; ceanglófar ar gach maraí an teanga sin a thuiscint agus, i gcás inarb iomchuí, orduithe agus treoracha a thabhairt agus tuairisciú ar ais sa teanga sin;

mura teanga oifigiúil de chuid an Bhallstáit í an teanga oibre, beidh aistriúcháin isteach sa teanga oibre san áireamh sna pleananna agus liostaí uile is gá a phostáil;

(c)

ar bord longa paisinéirí, go mbeidh na pearsanra atá ainmnithe ar liostaí tionóil chun cuidiú le paisinéirí i gcás éigeandála le haithint go héasca agus go mbeidh scileanna cumarsáide leordhóthanacha acu chun cumarsáid a dhéanamh leis na paisinéirí i gcás mar sin, ag cur san áireamh teaglaim iomchuí agus leordhóthanach d’aon chinn de na fachtóirí seo a leanas:

(i)

teanga nó teangacha is iomchuí maidir le príomhnáisiúntachtaí na bpaisinéirí atá á n-iompar ar bhealach ar leith;

(ii)

an dóchúlacht go bhféadfadh an cumas Béarla bunúsach a úsáid chun treoracha bunúsacha a thabhairt a bheith ina bhealach cumarsáide le paisinéir a mbeadh cúnamh ag teastáil uaidh bíodh teanga chomónta ag an bpaisinéir agus ag an duine den chriú nó ná bíodh;

(iii)

an gá a d’fhéadfadh a bheith ann cumarsáid a dhéanamh le linn cás éigeandála ar mhodhanna eile, mar shampla, trí léiriú, comharthaí láimhe, nó aird a tharraingt ar áit a bhfuil treoracha, na stáisiúin tionóil, na feistí tarrthála nó na bealaí éalaithe, i gcás nach mbeadh cumarsáid ó bhéal praiticiúil;

(iv)

a mhéid a cuireadh treoracha iomlána sábháilteachta ar fáil do phaisinéirí ina dteanga dhúchais nó ina dteangacha dúchais;

(v)

na teangacha ina bhféadfaí fógraí éigeandála a chraoladh le linn éigeandála nó druile chun treoraíocht ríthábhachtach a thabhairt do phaisinéirí agus chun a éascú don chriú cuidiú leis na paisinéirí;

(d)

ar bord tancaeir ola, tancaeir ceimiceán agus tancaeir gáis leachtaithe a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu, go mbeidh an máistir, na hoifigigh agus aicmigh chabhlaigh in ann cumarsáid a dhéanamh le chéile i dteanga chomhónta oibre nó i dteangacha comónta oibre;

(e)

go mbeidh modhanna cumarsáide leordhóthanacha ann idir an long agus na húdaráis ar tír; déanfar an chumarsáid sin i gcomhréir le Caibidil V, Rialachán 14, mír 4, de SOLAS 74;

(f)

agus rialú stáit ar chalafoirt faoi Threoir 2009/16/CE á dhéanamh acu, go ndéanfaidh na Ballstáit seiceáil freisin go gcomhlíonann longa a bhfuil bratach ar foluain acu ar bratach Stáit nach Ballstát í an tAirteagal seo.

Airteagal 20

Aitheantas deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oilteachta

1.   Féadfar cead a thabhairt do mharaithe nach bhfuil deimhnithe inniúlachta nó deimhnithe oilteachta a d’eisigh na Ballstáit do mháistrí agus oifigigh i gcomhréir le Rialachán V/1-1 agus Rialachán V/1-2 de Choinbhinsiún STCW a bheith ag fónamh ar longa a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain acu ar choinníoll gur glacadh cinneadh maidir le haitheantas a ndeimhnithe inniúlachta nó le haitheantas a ndeimhnithe oilteachta trí nósanna imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 6 den Airteagal seo.

2.   Maidir le Ballstát a bhfuil rún aige aitheantas a thabhairt, trí fhormhuiniú, do na deimhnithe inniúlachta nó do na deimhnithe oilteachta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna n-eisiúint ag tríú tír chuig máistir, oifigeach nó oibreoir raidió, le haghaidh fónamh ar longa a bhfuil a bhratach ar foluain orthu, cuirfidh an Ballstát sin iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar aitheantas don tríú tír sin, agus réamhanailís ag gabháil leis ar cheanglais Choinbhinsiún STCW a bheith á gcomhlíonadh ag an tríú tír tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a bhailiú. Mar thaca lena iarraidh, cuirfidh an Ballstát breis faisnéise ar fáil sa réamhanailís sin ar na cúiseanna le haitheantas a thabhairt don tríú tír.

Tar éis do Bhallstát iarraidh den sórt sin a thíolacadh, próiseálfaidh an Coimisiún an iarraidh sin gan mhoill agus déanfaidh sé cinneadh, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), maidir le tús a chur leis an measúnú ar an gcóras oiliúna agus deimhnithe sa tríú tír laistigh de thréimhse réasúnta ama, agus aird iomchuí á tabhairt ar an teorainn ama a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo.

Nuair a ghlacfar cinneadh dearfach chun tús a chur leis an measúnú, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, agus le ról féideartha an Bhallstáit atá ag tíolacadh na hiarrata, chomh maith le haon Bhallstáit leasmhara eile, an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir seo a bhailiú agus déanfaidh sé measúnú ar na córais oiliúna agus deimhnithe sa tríú tír ar tíolacadh an iarraidh ar aitheantas ina leith, chun a fhíorú go gcomhlíonann an tríú tír sin ceanglais uile Choinbhinsiún STCW agus go ndearnadh na bearta iomchuí chun an eisiúint deimhnithe calaoiseacha a chosc agus chun a bhreithniú ar dhaingnigh sí an Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí, 2006.

3.   I gcás ina measfaidh an Coimisiún, de thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, go bhfuil na ceanglais sin ar fad á gcomhlíonadh, glacfaidh sé gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos a chinneadh maidir le haitheantas a thabhairt do thríú tír. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), laistigh de 24 mhí ó thíolacadh na hiarrata ag an mBallstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

I gcás inar gá don tríú tír lena mbaineann mórbhearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear leasuithe a dhéanamh ar a reachtaíocht, a córas oideachais, oiliúna agus deimhniúcháin d’fhonn ceanglais Choinbhinsiún STCW a chomhlíonadh, glacfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo laistigh de 36 mhí ón iarraidh a bheith curtha isteach ag an mBallstát dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

Féadfaidh an Ballstát atá ag tíolacadh na hiarrata sin a chinneadh aitheantas a thabhairt don tríú tír go haontaobhach go dtí go nglacfar gníomh cur chun feidhme faoi bhun na míre seo. I gcás ina dtugtar an t-aitheantas aontaobhach sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl don Choimisiún líon na bhformhuinithe lena bhfianaítear aitheantas a eisíodh i dtaca le deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oilteachta dá dtagraítear i mír 1, arna n-eisiúint ag an tríú tír go dtí go nglacfar an gníomh cur chun feidhme maidir le haitheantas na tríú tíre sin.

4.   Féadfaidh Ballstát a chinneadh, i leith longa a bhfuil a bhratach ar foluain acu, deimhnithe a eisíodh ag tríú tíortha a aithníonn an Coimisiún a fhormhiniú, ag féachaint do na forálacha a leagtar síos i bpointe (4) agus pointe (5) d’Iarscríbhinn II.

5.   Aitheantais deimhnithe arna n-eisiúint ag tríú tíortha aitheanta agus arna bhfoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, roimh 14 Meitheamh 2005, beidh siad bailí go fóill.

Féadfaidh na Ballstáit uile úsáid a bhaint as na haitheantais sin ach amháin má tharraing an Coimisiún siar iad ina dhiaidh sin de bhun Airteagal 21.

6.   Déanfaidh an Coimisiún liosta tríú tíortha ar aithníodh iad a chur le chéile agus a thabhairt cothrom le dáta. Foilseofar an liosta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C.

7.   D’ainneoin Airteagal 4(7), féadfaidh Ballstát, más gá sna cúinsí, ligean do mharaí a bheith ag fónamh i gcáil nach cáil oifigigh raidió nó oibreora raidió é, seachas mar a fhoráiltear leis na Rialacháin Raidió, ar feadh tréimhse nach faide ná trí mhí, ar bord long a bhfuil a bhratach ar foluain aici, agus deimhniú iomchuí agus bailí aige a d’eisigh tríú tír agus a d’fhormhuinigh sí de réir mar is gá, ach nár fhormhuinigh an Ballstát lena mbaineann le haghaidh aitheantais go fóill chun é a dhéanamh iomchuí le haghaidh seirbhís ar bord long a bhfuil a bhratach ar foluain aici.

Coimeádfar fianaise dhoiciméadach in aice láimhe gur cuireadh isteach iarratas le haghaidh formhuinithe do na húdaráis inniúla.

Airteagal 21

Neamhchomhlíonadh cheanglais Choinbhinsiún STCW

1.   D’ainneoin na gcritéar a shonraítear in Iarscríbhinn II, nuair a mheasann Ballstát nach gcomhlíonann tríú tír aitheanta ceanglais Choinbhinsiún STCW a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra don Choimisiún láithreach, ag tabhairt cúiseanna substainteacha leis sin.

Cuirfidh an Coimisiún an cás faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 31(1) gan mhoill.

2.   D’ainneoin na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, nuair a mheasann an Coimisiún nach gcomhlíonann tríú tír aitheanta ceanglais Choinbhinsiún STCW a thuilleadh, tabharfaidh sé fógra do na Ballstáit láithreach, ag tabhairt cúiseanna substainteacha leis sin.

Cuirfidh an Coimisiún an cás faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 31(1) gan mhoill.

3.   I gcás ina bhfuil sé i gceist ag Ballstát formhuinithe na ndeimhnithe uile a d’eisigh tríú tír a tharraingt siar, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina bhfuil i gceist aige a dhéanamh gan mhoill, ag tabhairt cúiseanna substainteacha leis sin.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, athbhreithniú ar aitheantas an tríú tír sin lena mbaineann chun a fhíorú an amhlaidh nár chomhlíon an tír sin ceanglais Choinbhinsiún STCW.

5.   I gcás inar cosúil nach gcomhlíonann eagras oiliúna muirí ar leith ceanglais Choinbhinsiún STCW a thuilleadh, cuirfidh an Coimisiún in iúl don tríú tír lena mbaineann go dtarraingeofar aitheantas deimhnithe na tríú tíre sin siar in 2 mhí ach amháin má ghlactar bearta chun comhlíonadh ceanglais uile Choinbhinsiún STCW a áirithiú.

6.   Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh maidir le tarraingt siar an aitheantais. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2). Glacfaidh na Ballstáit lena mbaineann bearta iomchuí chun an cinneadh a chur chun feidhme.

7.   Beidh formhuinithe lena bhfianaítear aitheantas do dheimhnithe, arna n-eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 4(7) roimh an dáta a dhéantar an cinneadh maidir le haitheantas an tríú tír a tharraingt siar, fós bailí. Ní fhéadfaidh maraithe a bhfuil formhuinithe den sórt sin acu, áfach, formhuiniú lena bhfianaítear cáilíocht níos airde a éileamh ach amháin má tá an t-uasghrádú sin bunaithe ar thaithí bhreise maidir le seirbhís farraige.

8.   Mura bhfuil aon fhormhuinithe ann lena bhfianaítear aitheantas arna eisiúint ag Ballstát i dtaca le deimhnithe inniúlachta nó deimhnithe oilteachta, dá dtagraítear in Airteagal 20(1), arna n-eisiúint ag tríú tír le haghaidh tréimhse is faide ná 8 mbliana, déanfar an t-aitheantas do dheimhnithe na tríú tíre sin a athscrúdú. Tar éis an athscrúdaithe sin, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos a chinneadh. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2), tar éis fógra a thabhairt do na Ballstáit agus don tríú tír lena mbaineann 6 mhí roimh ré ar a laghad.

Airteagal 22

Athmheasúnú

1.   Maidir leis na tríú tíortha ar tugadh aitheantas dóibh faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 20(3), an chéad fhomhír, lena n-áirítear na tríú tíortha sin dá dtagraítear in Airteagal 20(6), déanfaidh an Coimisiún athmheasúnú orthu, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, ar bhonn rialta agus laistigh de 10 mbliana ar a laghad ó rinneadh athmheasúnú go deireanach orthu, chun a fhíorú go bhfuil na critéir ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn II á gcomhlíonadh acu agus an ndearnadh na bearta iomchuí chun cosc a chur ar dheimhnithe calaoiseacha a eisiúint.

2.   Déanfaidh an Coimisiúin, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, an t-athmheasúnú ar na tríú tíortha bunaithe ar chritéir thosaíochta. Áireofar na nithe seo a leanas sna critéir thosaíochta sin:

(a)

sonraí feidhmiúlachta ón rialú Stáit ar chalafoirt de bhun Airteagal 24;

(b)

líon na bhformhuinithe lena bhfianaítear aitheantas arna eisiúint i dtaca le deimhnithe inniúlachta, nó deimhnithe oilteachta arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialacháin V/1-1 agus V/1-2 de Choinbhinsiún STCW, arna n-eisiúint ag an tríú tír;

(c)

líon na n-institiúidí oideachais agus oiliúna muirí arna gcreidiúnú ag an tríú tír;

(d)

líon na gclár um oiliúint agus um fhorbairt ghairmiúil maraithe arna bhformheas ag an tríú tír;

(e)

dáta an mheasúnaithe is déanaí ón gCoimisiún ar an tríú tír agus líon na n-easpaí i bpróisis ríthábhachtacha a aithníodh le linn an mheasúnaithe sin;

(f)

athrú suntasach ar bith i gcóras oiliúna agus deimhniúcháin muirí na tríú tíre;

(g)

líon foriomlán na maraithe arna ndeimhniú ag an tríú tír, atá ag fónamh ar longa a bhfuil bratacha na mBallstát ar foluain orthu agus leibhéal oiliúna agus cáilíochtaí na maraithe sin;

(h)

faisnéis maidir le caighdeáin oideachais agus oiliúna sa tríú tír arna soláthar ag aon údaráis lena mbaineann nó geallsealbhóirí eile, má tá sí ar fáil.

I gcás nach gcomhlíonann tríú tír ceanglais Choinbhinsiún STCW i gcomhréir le hAirteagal 21 den Treoir seo, tabharfar tús áite don athmheasúnú ar an tríú tír sin le hais na dtríú tíortha eile.

3.   Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do na Ballstáit maidir le torthaí an mheasúnaithe.

Airteagal 23

Rialú Stáit ar chalafoirt

1.   Beidh gach long, gan beann ar cén bhratach atá ar foluain acu, ach amháin na cineálacha long a eisiatar le hAirteagal 1, agus iad i gcalafoirt Bhallstáit, faoi réir rialú Stáit ar chalafoirt, ag oifigigh a bhfuil údarú cuí faighte acu ón mBallstát sin chun a fhíorú, maidir leis na maraithe atá ag fónamh ar bord a bhfuil sé de cheangal orthu deimhniú inniúlachta agus/nó deimhniú oilteachta agus/nó fianaise dhoiciméadach a bheith acu faoi Choinbhinsiún STCW, go bhfuil an deimhniú inniúlachta sin nó dispeansáid bhailí agus/nó deimhniú oilteachta agus/nó fianaise dhoiciméadach acu.

2.   Le linn dóibh rialú Stáit ar chalafoirt a fheidhmiú faoin Treoir seo, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na forálacha agus na nósanna imeachta ábhartha uile a leagtar síos i dTreoir 2009/16/CE i bhfeidhm.

Airteagal 24

Nósanna imeachta um Rialú Stáit ar chalafoirt

1.   Gan dochar do Threoir 2009/16/CE, beidh rialú Stáit ar chalafoirt de bhun Airteagal 23 teoranta don mhéid seo a leanas:

(a)

fíorú maidir le gach maraí atá ag fónamh ar bord a bhfuil sé de cheangal orthu deimhniú inniúlachta agus/nó deimhniú oilteachta a bheith acu i gcomhréir le Coinbhinsiún STCW, go bhfuil deimhniú inniúlachta nó dispeansáid bhailí agus/nó deimhniú oilteachta acu, nó go gcuireann siad cruthúnas doiciméadach ar fáil gur cuireadh faoi bhráid údaráis Stát na brataí iarratas le haghaidh formhuiniú lena bhfianaítear aitheantas ar dheimhniú inniúlachta;

(b)

fíorú go bhfuil líon agus deimhnithe na maraithe atá ag fónamh ar bord i gcomhréir le ceanglais foirne sábháilte údaráis Stát na brataí.

2.   Déanfar measúnú ar chumas maraithe na loinge caighdeáin faire agus slándála a choinneáil ar bun, de réir mar is gá, mar a cheanglaítear de réir Choinbhinsiún STCW, i gcomhréir le Cuid A de Chód STCW má tá forais shoiléire ann le creidiúint nach bhfuiltear ag coinneáil na gcaighdeán sin ar bun toisc gur tharla aon cheann de na rudaí seo a leanas:

(a)

bhí an long páirteach in imbhualadh, dul i dtalamh nó tráchur;

(b)

sceitheadh substaintí contúirteacha ón long le linn di a bheith ag seoladh, ar ancaire nó i mbeart, rud atá mí-dhleathach faoi choinbhinsiún idirnáisiúnta;

(c)

ionramháladh an long ar bhealach guagach nó neamhshábháilte a d’fhág nár cloíodh le bearta maidir le slite loingsithe a ghlac IMO, nó le cleachtais agus nósanna imeachta sábháilte loingseoireachta;

(d)

oibrítear an long ar shlí eile is cúis baoil do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol, nó a sharódh slándáil;

(e)

fuarthas deimhniú go calaoiseach nó ní hé sealbhóir an deimhnithe an té dar eisíodh an deimhniú an chéaduair;

(f)

tá bratach tíre nár dhaingnigh Coinbhinsiún STCW ar foluain ag an long, nó tá uirthi máistir, oifigeach nó aicmeach cabhlaigh ag a bhfuil deimhniú a d’eisíodh tríú tír nár dhaingnigh Coinbhinsiún STCW.

3.   D’ainneoin fíorú an deimhnithe, féadfaidh an measúnú faoi mhír 2 ceangal a chur ar mharaí inniúlacht ábhartha a léiriú san áit dualgais. Sa léiriú sin, is féidir fíorú a chuimsiú gur comhlíonadh ceanglais i leith caighdeáin faire agus go bhfuil freagairt cheart ar chásanna éigeandála laistigh de leibhéal inniúlachta an mharaithe.

Airteagal 25

Coinneáil

Gan dochar do Threoir 2009/16/CE, is iad na heasnaimh seo a leanas, a mhéid a chinneann an t-oifigeach a dhéanann rialú Stáit ar chalafoirt gur cúis baoil iad do dhaoine, do mhaoin nó don chomhshaol, an t-aon fhoras faoin Treoir seo lenar féidir le Ballstát long a choinneáil:

(a)

mainneachtain na maraithe deimhnithe a bheith acu, deimhnithe iomchuí a bheith acu, dispeansáidí bailí nó cruthúnas doiciméadach a bheith acu go bhfuil iarratas le haghaidh formhuiniú lena bhfianaítear aitheantas curtha faoi bhráid údaráis Stát na brataí;

(b)

mainneachtain na ceanglais is infheidhme de chuid Stát na brataí maidir le foireann shábháilte a chomhlíonadh;

(c)

mainneachtain na socruithe faire loingseoireachta nó innealtóireachta a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a shonraigh Stát na brataí le haghaidh na loinge;

(d)

easnamh duine, le linn faire, a bhí cáilithe chun trealamh a oibriú atá bunriachtanach le haghaidh loingsiú sábháilte, le haghaidh radachumarsáid i ndáil le sábháilteacht, nó le haghaidh cosc ar thruailliú muirí;

(e)

mainneachtain cruthúnas oilteachta gairmiúla a chur ar fáil i dtaca leis na dualgais atá sannta do mharaithe maidir le sábháilteacht na loinge agus maidir le cosc ar thruailliú;

(f)

éagumas daoine a bhfuil a ndóthain scíthe déanta acu, agus atá réidh chun dualgais ar gach dóigh eile, a sholáthar don chéad lucht faire i dtús an aistir agus do gach lucht faire uainíochta ina dhiaidh sin.

Airteagal 26

Faireachán rialta ar chomhlíonadh

Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a fhíorú ar bhonn rialta agus ar a laghad gach 5 bliana go gcomhlíonann na Ballstáit na híoscheanglais a leagtar síos sa Treoir seo.

Airteagal 27

Faisnéis chun críocha staidrimh

1.   Déanfaidh na Ballstáit an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a chur in iúl don Choimisiún chun críocha Airteagal 21(8) agus Airteagal 22(2) agus le gur féidir leis na Ballstáit agus an Coimisiún í a úsáid i gcomhair ceapadh beartas.

2.   Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis sin ar fáil don Choimisiún ar bhonn bliantúil agus i bhformáid leictreonach agus cuirfear faisnéis a chlárófar roimh an 31 Nollaig an bhliain roimhe san áireamh leis sin. Coinneoidh na Ballstáit cearta maoine uile don fhaisnéis ina bhformáid shonraí loma. Cuirfear staidrimh phróiseáilte a tarraingíodh suas ar bhonn na faisnéise sin ar fáil go poiblí i gcomhréir le forálacha maidir le trédhearcacht agus le cosaint faisnéise a leagtar amach in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002.

3.   Chun cosaint sonraí pearsanta a áirithiú, déanfaidh na Ballstáit na sonraí pearsanta uile a anaithnidiú mar a léirítear in Iarscríbhinn III trí úsáid a bhaint as bogearraí a chuireann an Coimisiún ar fáil, nó a nglacann an Coimisiún leo, roimh na sonraí a tharchur chuig an gCoimisiún. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an bhfaisnéis anaithnidithe sin amháin.

4.   Áiritheoidh na Ballstáit agus an Coimisiún go ndeartar na bearta le haghaidh an fhaisnéis sin a bhailiú, a chur isteach, a stóráil, a anailísiú agus a scaipeadh sa chaoi go bhfuiltear in ann anailís staidrimh a dhéanamh.

Chun críocha na chéad fomhíre, glacfaidh an Coimisiún bearta mionsonraithe maidir leis na ceanglais teicniúla atá riachtanach chun bainistíocht iomchuí na sonraí staidrimh a áirithiú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31(2).

Airteagal 28

Tuarascáil mheastóireachta

Tráth nach déanaí ná an 2 Lúnasa 2024, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle tuarascáil mheastóireachta, lena n-áireofar moltaí i ndáil le gníomhartha leantacha a bheidh le déanamh i bhfianaise na meastóireachta sin. Sa tuarascáil mheastóireachta sin, déanfaidh an Coimisiún anailís ar chur chun feidhme na scéime maidir le haitheantas frithpháirteach do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit, agus ar aon fhorbairtí maidir le deimhnithe digiteacha do mharaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht freisin ar aon fhorbairtí i ndáil le breithniú na nDioplómaí Eorpacha Barr Feabhais Muirí amach anseo, agus na moltaí ó na comhpháirtithe sóisialta mar bhonn aige.

Airteagal 29

Leasuithe

1.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30, lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo agus na forálacha gaolmhara den Treoir seo d’fhonn an Iarscríbhinn sin agus na forálacha sin a ailíniú leis na leasuithe ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chuid A de Chód STCW.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30, lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir seo maidir le hábhar sonrach ábhartha agus sonraí sonracha ábhartha na faisnéise is gá do na Ballstáit a thuairisciú, ar an gcoinníoll nach bhfuil i gceist leis na gníomhartha sin ach na leasuithe ar Choinbhinsiún STCW agus ar Chuid A de Chód STCW a chur san áireamh agus na coimircí do chosaint sonraí a urramú. Ní athróidh na gníomhartha tarmligthe sin na forálacha maidir le an anaithnidiú sonraí a leagtar amach in Airteagal 27(3).

Airteagal 30

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(14) agus in Airteagal 29, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 1 Lúnasa 2019. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(14) agus Airteagal 29 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(14) agus Airteagal 29 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh an Coiste um Shábháilteacht ar Muir agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS), a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 32

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos córais pionós maidir le sáruithe ar na forálacha náisiúnta arna nglacadh de bhun Airteagal 3, Airteagal 4, Airteagal 8, Airteagail 10 go 16, Airteagail 18, 19, 20, 23, 24, 25 agus de bhun Iarscríbhinn I, agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go ndéanfar iad a chur chun feidhme. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

Airteagal 33

Cumarsáid

Déanfaidh na Ballstáit téacsanna na bhforálacha uile a ghlacfaidh siad sa réimse a rialaítear leis an Treoir seo a chur in iúl láithreach don Choimisiún.

Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas faoi sin.

Airteagal 34

Aisghairm

Aisghairtear Treoir 2008/106/CE, arna leasú leis na Treoracha a liostaítear in Iarscríbhinn IV, Cuid A, gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát maidir leis na teorainneacha ama chun na Treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn IV, Cuid B a thrasuí sa dlí náisiúnta.

Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Treoir seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn V.

Airteagal 35

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 36

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh in Strasbourg an 8 Meitheamh 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. BEAUNE


(1)  IO C 123, 9.4.2021, lch. 80.

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 24 Bealtaine 2022.

(3)  Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir leis an íosleibhéal oiliúna do mharaithe (IO L 323, 3.12.2008, lch. 33).

(4)  Féach Iarscríbhinn IV, Cuid A.

(5)  Moladh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le Creat Tagartha Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta i nGairmoideachas agus i nGairmoiliúint a bhunú (IO C 155, 8.7.2009, lch. 1).

(6)  Treoir 1999/63/CE ón gComhairle an 21 Meitheamh 1999 maidir leis an gComhaontú i ndáil le heagrú ama oibre do mharaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhlachais Úinéirí Long an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus ag Cónaidhm na gCeardchumann Oibrithe Iompair san Aontas Eorpach (FST) (IO L 167, 2.7.1999, lch. 33).

(7)  Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208, 5.8.2002, lch. 1).

(8)  Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

(9)  Treoir 2005/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do dheimhnithe maraithe arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus lena leasaítear Treoir 2001/25/CE (IO L 255, 30.9.2005, lch. 160).

(10)  Treoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 131, 28.5.2009, lch. 57).

(11)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(12)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(13)  Rialachán (CE) Uimh. 2099/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 lena mbunaítear Coiste um Fharraigí Sábháilte agus um Thruailliú ó Longa a Chosc (COSS) agus lena leasaítear na Rialacháin maidir le sábháilteacht mhuirí agus truailliú ó longa a chosc (IO L 324, 29.11.2002, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

CEANGLAIS OILIÚNA CHOINBHINSIÚN STCW, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

1.

Déantar na Rialacháin dá dtagraítear san Iarscríbhinn seo a fhorlíonadh leis na forálacha éigeantacha atá i gCuid A de Chód STCW cé is moite de Chaibidil VIII, Rialachán VIII/2.

Is ionann aon tagairt do cheanglas i Rialachán agus tagairt don Roinn comhréire de Chuid A de Chód STCW.

2.

Tá caighdeáin inniúlachta i gCuid A de Chód STCW ar gá d’iarrthóirí a léiriú le haghaidh eisiúint agus athbhailíochtú deimhnithe inniúlachta faoi fhorálacha Choinbhinsiún STCW. Chun an nasc idir forálacha deimhnithe malartacha de Chaibidil VII agus na forálacha deimhnithe de Chaibidil II, III agus IV a shoiléiriú, rangaítear na cumais a shonraítear sna caighdeáin inniúlachta de réir mar is iomchuí faoi na seacht bhfeidhm seo a leanas:

(1)

loingseoireacht;

(2)

láimhseáil agus stuáil lastais;

(3)

rialú oibriú na loinge agus cúram a dhéanamh de na daoine ar bord;

(4)

innealtóireacht mhuirí;

(5)

innealtóireacht leictreach, leictreonach agus rialaithe;

(6)

cothabháil agus deisiú;

(7)

radachumarsáid,

ar na leibhéil fhreagrachta seo a leanas:

(1)

leibhéal bainistíochta;

(2)

leibhéal oibríochtúil;

(3)

leibhéal tacaíochta.

Sainaithnítear feidhmeanna agus leibhéil freagrachta de réir fotheidil sna táblaí caighdeáin inniúlachta a thugtar, a shonraítear i gCuid A, Caibidil II, III agus IV de Chód STCW.

CAIBIDIL II

MÁISTIR AGUS AN ROINN DEICE

Rialachán II/1

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta ar longa 500 olltonnáiste nó os a chionn

1.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach máistir i gceannas ar fhaire loingseoireachta atá ag fónamh ar long farraige 500 olltonnáiste nó os a chionn.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

beidh sé 18 mbliana d’aois nó níos sine;

2.2.

beidh seirbhís fhormheasta farraige ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí aige mar chuid de chlár oiliúna formheasta lena n-áirítear oiliúint ar bord a chomhlíonann ceanglais Roinn A-II/1 de Chód STCW agus atá doiciméadaithe i leabhar taifeadta oiliúna formheasta, nó seachas sin beidh seirbhís fhormheasta farraige ar feadh tréimhse nach lú ná 36 mhí aige;

2.3.

beidh dualgais faire dhroichid déanta aige, le linn na seirbhíse farraige a cheanglaítear, faoi mhaoirseacht máistir nó oifigigh cháilithe ar feadh tréimhse nach lú ná sé mhí;

2.4.

comhlíonfaidh sé ceanglais na Rialachán is infheidhme i gCaibidil IV, de réir mar is iomchuí, maidir le dualgais raidió deartha a dhéanamh i gcomhréir leis na Rialacháin Raidió;

2.5.

beidh oideachas agus oiliúint formheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-II/1 de Chód STCW;

2.6.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-VI/1, mír 2, i Roinn A-VI/2, míreanna 1 go 4, i Roinn A-VI/3, míreanna 1 go 4, agus i Roinn A-VI/4, mír 1, mír 2 agus mír 3 de Chód STCW.

Rialachán II/2

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú máistrí agus príomh-mhátaí ar longa 500 olltonnáiste nó os a chionn

Máistir agus príomh-mháta ar longa 3 000 olltonnáiste nó os a chionn

1.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach máistir agus príomh-mhátaí ar long farraige 3 000 olltonnáiste nó os a chionn.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

comhlíonfaidh sé na ceanglais le haghaidh deimhniú mar oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta ar longa 500 olltonnáiste nó os a chionn agus beidh seirbhís fhormheasta farraige déanta aige sa cháil sin:

2.1.1.

le haghaidh deimhniú mar phríomh-mháta, ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí;

2.1.2.

le haghaidh deimhniú mar mháistir, ar feadh tréimhse nach lú ná 36 mhí; féadfar an tréimhse sin a laghdú, áfach, go tréimhse nach lú ná 24 mhí más mar phríomh-mháta a cuireadh isteach 12 mhí ar a laghad den tseirbhís farraige sin;

2.2.

beidh oideachas agus oiliúint fhormheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-II/2 de Chód STCW le haghaidh máistrí agus príomh-mhátaí ar longa 3 000 olltonnáiste nó os a chionn.

Máistir agus príomh-mháta ar longa idir 500 olltonnáiste nó 3 000 olltonnáiste

3.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach máistir agus príomh-mháta ar long farraige idir 500 olltonnáiste agus 3 000 olltonnáiste.

4.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

4.1.

i gcás deimhniú mar phríomh-mháta, comhlíonfaidh sé na ceanglais le haghaidh oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta ar longa 500 olltonnáiste nó os a chionn;

4.2.

i gcás deimhniú mar mháistir, comhlíonfaidh sé na ceanglais le haghaidh oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta ar longa 500 olltonnáiste nó os a chionn agus beidh seirbhís fhormheasta farraige aige ar feadh tréimhse nach lú ná 36 mhí sa cháil sin; féadfar an tréimhse sin a laghdú, áfach, go tréimhse nach lú ná 24 mhí más mar phríomh-mháta a cuireadh isteach 12 mhí ar a laghad den tseirbhís farraige sin;

4.3.

beidh oiliúint fhormheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-II/2 de Chód STCW le haghaidh máistrí agus príomh-mhátaí ar longa idir 500 olltonnáiste agus 3 000 olltonnáiste.

Rialachán II/3

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta agus maidir le máistrí ar longa a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste acu

Longa nach bhfuil ag gabháil d’aistir gar don chósta

1.

Beidh deimhniú inniúlachta le haghaidh longa 500 olltonnáiste nó os a chionn ag gach oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta atá ag fónamh ar long farraige a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste aici agus nach bhfuil ag gabháil d’aistir gar don chósta.

2.

Beidh deimhniú inniúlachta le haghaidh seirbhís mar mháistir ar longa idir 500 olltonnáiste agus 3 000 olltonnáiste ag gach máistir atá ag fónamh ar long farraige a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste aici agus nach bhfuil ag gabháil d’aistir gar don chósta.

Longa atá ag gabháil d’aistir gar don chósta

Oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta

3.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta ar long farraige a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste aici atá ag gabháil d’aistir gar don chósta.

4.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú mar oifigeach i gceannas ar fhaire loingseoireachta ar long farraige a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste aici atá ag gabháil d’aistir gar don chósta:

4.1.

beidh sé 18 mbliana d’aois nó níos sine;

4.2.

beidh an méid seo a leanas críochnaithe aige:

4.2.1.

sainoiliúint, lena n-áirítear tréimhse iomchuí seirbhíse farraige mar a cheanglaíonn an Ballstát; nó

4.2.2.

seirbhís fhormheasta farraige sa roinn deice ar feadh tréimhse nach lú ná 36 mhí;

4.3.

comhlíonfaidh sé ceanglais na Rialachán is infheidhme i gCaibidil IV, de réir mar is iomchuí, maidir le dualgais raidió shannta a dhéanamh i gcomhréir leis na Rialacháin Raidió;

4.4.

beidh oideachas agus oiliúint fhormheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-II/3 de Chód STCW le haghaidh oifigigh i gceannas ar fhaire loingseoireachta ar longa a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste acu atá ag gabháil d’aistir gar don chósta;

4.5.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-VI/1, mír 2, i Roinn A-VI/2, míreanna 1 go 4, i Roinn A-VI/3, míreanna 1 go 4, agus i Roinn A-VI/4, mír 1, mír 2 agus mír 3, de Chód STCW;

Máistir

5.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach máistir atá ag fónamh ar long farraige a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste aici atá ag gabháil d’aistir gar don chósta.

6.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú mar mháistir ar long farraige a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste aici atá ag gabháil d’aistear gar don chósta:

6.1.

beidh sé 20 bliain d’aois nó níos sine;

6.2.

Beidh seirbhís fhormeasta farraige aige ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí mar oifigeach i gceannas ar fhaireachán loingseoireachta;

6.3.

beidh oideachas agus oiliúint fhormheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-II/3 de Chód STCW le haghaidh máistrí ar longa a bhfuil olltonnáiste níos lú ná 500 olltonnáiste acu atá ag gabháil d’aistir gar don chósta;

6.4.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-VI/1, mír 2, i Roinn A-VI/2, míreanna 1 go 4, i Roinn A-VI/3, míreanna 1 go 4, agus i Roinn A-VI/4, mír 1, mír 2 agus mír 3, de Chód STCW.

Díolúintí

7.

Féadfaidh an Rialtas, má mheasann sé go bhfuil méid na loinge agus coinníollacha a haistir de chineál a thabharfadh go mbeadh cur i bhfeidhm ceanglais iomlán an Rialacháin seo agus Roinn A-II/3 de Chód STCW míréasúnach nó dodhéanta, a mhéid a bhaineann leis sin, an máistir agus an t-oifigeach i gceannas ar fhaireachán loingseoireachta ar bord long den sórt sin nó aicme long a dhíolmhú ó chuid de na ceanglais, agus aird á tabhairt ar shábháilteacht long uile a d’fhéadfadh a bheith ag oibriú sna huiscí céanna.

Rialachán II/4

Íoscheanlgais éigeantacha maidir le deimhniú aicmeach cabhlaigh atá mar chuid d’fhaireachán loingseoireachta

1.

Beidh gach aicmeach cabhlaigh atá mar chuid d’fhaireachán loingseoireachta ar long farraige 500 olltonnáiste nó os a chionn, seachas aicmigh chabhlaigh atá faoi oiliúint nó aicmigh chabhlaigh arb ionann na dualgais atá le déanamh acu agus iad ar faire agus dualgais de chineál neamhoilte, deimhnithe go cuí chun dualgais den sórt sin a dhéanamh.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

beidh sé 16 bliana d’aois nó níos sine;

2.2.

beidh an méid seo a leanas críochnaithe aige:

2.2.1.

seirbhís fhormheasta farraige lena n-áirítear tréimhse nach lú ná 6 mhí oiliúint agus taithí; nó

2.2.2.

sainoiliúint, roimh dhul ar bord nó le linn an ama a chaitear ar bord loinge, lena n-áirítear tréimhse fhormheasta seirbhíse farraige nach mbeidh níos lú ná dhá mhí;

2.3.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-II/4 de Chód STCW.

3.

Beidh an tseirbhís farraige, oiliúint agus taithí atá riachtanach de réir phointe 2.2.1 agus phointe 2.2.2 bainteach le feidhmeanna faire loingseoireachta agus mar chuid díobh beidh dualgais le cur gcrích faoi mhaoirseacht dhíreach an mháistir, an oifigigh i gceannas ar fhaire loingseoireachta nó aicmigh cabhlaigh cháilithe.

Rialachán II/5

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú aicmeach cabhlaigh mar mharaí deice inniúil

1.

Beidh gach maraí deice inniúil atá ag fónamh ar long farraige 500 olltonnáiste nó os a chionn deimhnithe go cuí.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

beidh sé 18 mbliana d’aois nó níos sine;

2.2.

comhlíonfaidh sé na ceanglais le haghaidh deimhniú mar aicmeach cabhlaigh atá mar chuid d’fhaire loingseoireachta;

2.3.

beidh seirbhís fhormheasta farraige críochnaithe aige sa roinn deice, agus é cáilithe chun a bheith ag fónamh mar aicmeach cabhlaigh mar chuid d’fhaire loingseoireachta:

2.3.1.

ar feadh tréimhse nach lú ná 18 mí; nó

2.3.2.

ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí agus an oiliúint fhormheasta críochnaithe aige;

2.4.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-II/5 de Chód STCW.

3.

Déanfaidh gach Ballstát na caighdeáin inniúlachta a chuir sé de cheangal ar mharaithe inniúla le haghaidh deimhnithe a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2012 a chur i gcomparáid leo siúd a shonraítear le haghaidh deimhniú i Roinn A-II/5 de Chód STCW, agus cinnfidh sé cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le ceangal a chur ar an bpearsanra sin a gcáilíochtaí a thabhairt chun dáta.

CAIBIDIL III

AN ROINN INNILL

Rialachán III/1

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú oifigeach atá i gceannas ar fhaire innealtóireachta i seomra innill foireannaithe nó innealtóir dualgais ainmnithe i seomra innill a bhíonn gan foireann go tráthrialta

1.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach oifigeach i gceannas ar fhaire innealtóireachta i seomra innill foireannaithe nó innealtóir dualgais ainmnithe i seomra innill a bhíonn gan foireann go tráthrialta ar long farraige a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána 750 kW nó níos mó.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

beidh sé 18 mbliana d’aois nó níos sine;

2.2.

beidh ceardlann oiliúna i scileanna críochnaithe aige mar aon le seirbhís fhormheasta farraige ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí mar chuid de chlár oiliúna formheasta lena n-áirítear oiliúint ar bord a chomhlíonann ceanglais Roinn A-III/1 de Chód STCW agus coimeádfar taifead de i leabhar taifeadta oiliúna formheasta, nó beidh ceardlann oiliúna i scileanna críochnaithe aige mar aon le seirbhís fhormheasta farraige ar feadh tréimhse nach lú ná 36 mhí, tréimhse as a gcaithfear 30 mí ar a laghad i seirbhís farraige sa roinn innill;

2.3.

beidh dualgais faire an tseomra innill déanta aige, le linn na seirbhíse farraige a cheanglaítear, faoi mhaoirseacht phríomhoifigeach innealtóireachta nó oifigeach innealtóireachta cáilithe ar feadh tréimhse nach lú ná sé mhí;

2.4.

beidh oideachas agus oiliúint formheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-III/1 de Chód STCW;

2.5.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-VI/1, mír 2, i Roinn A-VI/2, míreanna 1 go 4, i Roinn A-VI/3, míreanna 1 go 4, agus i Roinn A-VI/4 mír 1, mír 2 agus mír 3, de Chód STCW.

Rialachán III/2

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú príomhoifigigh innealtóireachta agus dara hoifigigh innealtóireachta ar longa a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána 3 000 kW nó níos mó

1.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach príomhoifigeach innealtóireachta agus ag gach dara hoifigeach innealtóireachta ar long farraige a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána 3 000 kW nó níos mó.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

comhlíonfaidh sé na ceanglais le haghaidh deimhniú mar oifigeach i gceannas ar fhaireachán innealtóireachta ar longa farraige a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána 750 kW nó níos mó agus beidh seirbhís fhormheasta farraige aige sa cháil sin:

2.1.1.

le haghaidh deimhniú mar dhara hoifigeach innealtóireachta, ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí mar oifigeach innealtóireachta cáilithe;

2.1.2.

le haghaidh deimhniú mar phríomhoifigeach innealtóireachta, ar feadh tréimhse nach lú ná 36 mhí: d’fhéadfaí an tréimhse sin a laghdú, áfach, go tréimhse nach lú ná 24 mhí i gcás go raibh an t-iarrthóir ag fónamh mar dhara hoifigeach innealtóireachta ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí sa tseirbhís farraige sin;

2.2.

beidh oideachas agus oiliúint fhormheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-III/2, de Chód STCW.

Rialachán III/3

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú príomhoifigeach innealtóireachta agus dara hoifigeach innealtóireachta ar longa a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána idir 750 kW agus 3 000 kW

1.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach príomhoifigeach innealtóireachta agus ag gach dara hoifigeach innealtóireachta ar long farraige a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána idir 750 agus 3 000 kW.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

comhlíonfaidh sé na ceanglais le haghaidh deimhniú mar oifigeach i gceannas ar fhaireachán innealtóireachta agus:

2.1.1.

le haghaidh deimhniú mar dhara hoifigeach innealtóireachta, beidh tréimhse nach lú ná 12 mhí seirbhís fhormheasta farraige mar oifigeach innealtóireachta cúnta nó mar oifigeach innealtóireachta críochnaithe aige;

2.1.2.

le haghaidh deimhniú mar phríomhoifigeach innealtóireachta, beidh tréimhse nach lú ná 24 mhí seirbhís fhormheasta farraige críochnaithe aige, tréimhse ina mbeidh ar a laghad 12 mhí den tréimhse sin caite aige agus é cáilithe chun a bheith ag fónamh mar dhara hoifigeach innealtóireachta;

2.2.

beidh oideachas agus oiliúint fhormheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-III/3 de Chód STCW.

3.

Féadfaidh gach oifigeach innealtóireachta atá cáilithe chun a bheith ag fónamh mar dara hoifigeach innealtóireacht ar longa a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána 3 000 kW nó níos mó, a bheith ag fónamh mar phríomhoifigeach innealtóireachta ar longa a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána le cumhacht tiomána níos lú ná 3 000 kW, ar choinníoll go bhformhuinítear an deimhniú chuige sin.

Rialachán III/4

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú aicmeach cabhlaigh atá mar chuid d’fhaireachán innealtóireachta i seomra innill foireannaithe nó atá ainmnithe do dhualgais a dhéanamh i seomra innill a bhíonn gan foireann go tráthrialta

1.

Beidh gach aicmeach cabhlaigh atá mar chuid d’fhaire seomra innill nó atá ainmnithe do dhualgais a dhéanamh i seomra innill a bhíonn gan foireann go tráthrialta ar long farraige a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána 750 kW nó níos mó, seachas aicmigh chabhlaigh atá faoi oiliúint nó aicmigh chabhlaigh arb ionann na dualgais atá le déanamh acu agus dualgais de chineál neamhoilte, deimhnithe go cuí chun dualgais den sórt sin a dhéanamh.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

beidh sé 16 bliana d’aois nó níos sine;

2.2.

beidh an méid seo a leanas críochnaithe aige:

2.2.1.

seirbhís fhormheasta farraige lena n-áirítear tréimhse nach lú ná 6 mhí oiliúint agus taithí; nó

2.2.2.

sainoiliúint, roimh dul ar bord nó le linn an ama a chaitear ar bord loinge, lena n-áirítear tréimhse fhormheasta seirbhíse farraige nach mbeidh níos lú ná dhá mhí;

2.3.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-III/4 de Chód STCW.

3.

Beidh an tseirbhís farraige, oiliúint agus taithí atá riachtanach de réir phointe 2.2.1 agus phointe 2.2.2 bainteach le feidhmeanna faireacháin seomra innill agus beidh comhlíonadh na ndualgas a dhéantar faoi mhaoirseacht dhíreach oifigeach innealtóireachta cáilithe nó aicmeach cabhlaigh cáilithe i gceist leo.

Rialachán III/5

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú aicmeach chabhlaigh mar mharaí inniúil i seomra innill foireannaithe nó atá ainmnithe do dhualgais a dhéanamh i seomra innill a bhíonn gan foireann go tráthrialta

1.

Beidh gach maraí innill inniúil atá ag fónamh ar long farraige a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána 750 kW nó níos mó deimhnithe go cuí.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

beidh sé 18 mbliana d’aois nó níos sine;

2.2.

comhlíonfaidh sé na ceanglais le haghaidh deimhniú mar aicmeach cabhlaigh atá mar chuid d’fhaireachán innealtóireachta i seomra innill foireannaithe nó atá ainmnithe do dhualgais a dhéanamh i seomra innill a bhíonn gan foireann go tráthrialta;

2.3.

beidh seirbhís fhormheasta farraige aige sa roinn innill, agus é cáilithe chun a bheith ag fónamh mar aicmeach cabhlaigh atá mar chuid d’fhaireachán innealtóireachta:

2.3.1.

ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí; nó

2.3.2.

ar feadh tréimhse nach lú ná 6 mhí agus an oiliúint fhormheasta críochnaithe aige;

2.4.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-III/5 de Chód STCW.

3.

Déanfaidh gach Ballstát na caighdeáin inniúlachta a chuir sé de cheangal ar aicmigh chabhlaigh sa roinn innill maidir le deimhnithe a eisíodh roimh an 1 Eanáir 2012 a chur i gcomparáid leo siúd a shonraítear maidir leis an deimhniú i Roinn A-III/5 de Chód STCW, agus cinnfidh sé cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le ceangal a chur ar an bpearsanra sin a gcáilíochtaí a thabhairt chun dáta.

Rialachán III/6

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú oifigigh leictreitheicniúil

1.

Beidh deimhniú inniúlachta ag gach oifigeach leictrietheicniúil atá ag fónamh ar long farraige a chumhachtaítear le príomhinnealta tiomána dar cumhacht tiomána 750 kW nó níos mó.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

beidh sé 18 mbliana d’aois nó níos sine;

2.2.

beidh ceardlann oiliúna i scileanna críochnaithe aige mar aon le seirbhís fhormheasta farraige ar feadh tréimhse nach lú ná 12 mhí, tréimhse lena linn a chaithfear ar a laghad 6 mhí i mbun seirbhíse farraige mar chuid de chlár oiliúna formheasta a chomhlíonann ceanglais Roinn A-III/6 de Chód STCW agus coimeádfar taifead de i leabhar taifeadta oiliúna formheasta, nó beidh ceardlann oiliúna i scileanna críochnaithe aige mar aon le seirbhís fhormheasta farraige ar feadh tréimhse nach lú ná 36 mhí, tréimhse lena linn a chaithfear nach lú ná 30 mí i mbun seirbhíse farraige sa roinn innill;

2.3.

beidh oideachas agus oiliúint fhormheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé na caighdeáin inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-III/6 de Chód STCW;

2.4.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-VI/1, mír 2, i Roinn A-VI/2 míreanna 1 go 4, i Roinn A-VI/3, míreanna 1 go 4, agus i Roinn A-VI/4, mír 1, mír 2, agus mír 3, de Chód STCW.

3.

Déanfaidh gach Ballstát na caighdeáin inniúlachta a chuir sé de cheangal ar oifigigh leictreitheicniúla maidir le deimhnithe roimh an 1 Eanáir 2012 a chur i gcomparáid leo siúd a shonraítear maidir leis an deimhniú i Roinn A-III/6 de Chód STCW, agus cinnfidh sé cén gá atá le ceangal a chur ar an bpearsanra sin a gcáilíochtaí a thabhairt chun dáta.

4.

D’ainneoin ceanglais phointe 1, phointe 2 agus phointe 3, féadfaidh Ballstát a mheas go bhféadfadh duine cuícháilithe a bheith in ann feidhmeanna áirithe de Roinn A-III/6 a dhéanamh.

Rialachán III/7

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú aicmeach cabhlaigh leictreitheicniúla

1.

Beidh gach aicmeach cabhlaigh leictreitheicniúil atá ag fónamh ar long farraige a chumhachtaítear le príomhinnealra tiomána dar cumhacht tiomána 750 kW nó níos mó deimhnithe go cuí.

2.

Maidir le gach iarrthóir ar dheimhniú:

2.1.

beidh sé 18 mbliana d’aois nó níos sine;

2.2.

beidh seirbhís fhormheasta farraige lena n-áirítear tréimhse nach lú ná 12 mhí oiliúint agus taithí críochnaithe aige; nó

2.3.

beidh oiliúint fhormheasta críochnaithe aige, lena n-áirítear tréimhse fhormheasta seirbhíse farraige nach lú ná sé mhí; nó

2.4.

beidh cáilíochtaí aige a chomhlíonann na hinniúlachtaí teicniúla i dtábla A-III/7 de Chód STCW agus beidh tréimhse fhormheasta seirbhíse farraige críochnaithe aige, tréimhse nach lú ná trí mhí; agus

2.5.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-III/7 de Chód STCW;

3.

Déanfaidh gach Ballstát na caighdeáin inniúlachta a chuir sé de cheangal ar aicmigh chabhlaigh leictreitheicniúla maidir le deimhnithe roimh an 1 Eanáir 2012 a chur i gcomparáid leo siúd a shonraítear maidir leis an deimhniú i Roinn A-III/7 de Chód STCW, agus cinnfidh sé cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil gá le ceangal a chur ar an bpearsanra sin a gcáilíochtaí a thabhairt chun dáta.

4.

D’ainneoin ceanglais phointe 1, phointe 2, agus phointe 3, féadfaidh Ballstát a mheas go bhféadfaidh duine cuícháilithe a bheith in ann feidhmeanna áirithe de Roinn A-III/7 a dhéanamh.

CAIBIDIL IV

RADACHUMARSÁID AGUS OIBREOIRÍ RAIDIÓ

Nóta míniúcháin

Leagtar amach forálacha éigeantacha a bhaineann le faireachán raidió leis na Rialacháin Raidió agus le SOLAS 74, arna leasú. Leagtar amach forálacha le haghaidh cothabháil raidió in SOLAS 74, arna leasú, agus na treoirlínte arna nglacadh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta.

Rialachán IV/1

Cur i bhfeidhm

1.

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo, seachas mar a fhoráiltear i bpointe 2, maidir le hoibreoirí raidió ar longa atá ag oibriú sa chóras domhanda guaise agus sábháilteachta muirí (GMDSS) mar a fhorordaítear le SOLAS 74, arna leasú.

2.

Níl sé de cheangal ar oibreoirí raidió, ar longa nach bhfuil sé de cheangal orthu forálacha GMDSS i gCaibidil IV de SOLAS 74 a chomhlíonadh, forálacha na Caibidle seo a chomhlíonadh. Tá sé de cheangal ar oibreoirí raidió ar na longa sin, mar sin féin, na Rialacháin Raidió a chomhlíonadh. Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar na deimhnithe iomchuí do na hoibreoirí raidió sin mar a fhorordaítear leis na Rialacháin Raidió nó go dtabharfar aitheantas dóibh i leith na n-oibreoirí raidió sin.

Rialachán IV/2

Íoscheanglais éigeantacha maidir le deimhniú oibreoirí raidió GMDSS

1.

Beidh deimhniú iomchuí a bhaineann le GMDSS ag gach duine i gceannas ar dhualgais raidió nó a dhéanann na dualgais sin ar long a bhfuil sé de cheangal uirthi a bheith mar chuid de GMDSS, deimhniú a d’eisigh Ballstát nó a thugann sé aitheantas dó faoi fhorálacha na Rialachán Raidió.

2.

Ina theannta sin, beidh gach iarrthóir ar dheimhniú inniúlachta faoin Rialachán seo le haghaidh seirbhís ar bord loinge ar a gceanglaítear le SOLAS 74, arna leasú, raidió-fhearas a bheith aici:

2.1.

18 mbliana d’aois nó níos sine;

2.2.

oideachas agus oiliúint fhormheasta críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-IV/2 de Chód STCW.

CAIBIDIL V

CEANGLAIS SAINOILIÚNA LE hAGHAIDH PEARSANRA AR CHINEÁLACHA ÁIRITHE LONG

Rialachán V/1-1

Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí, oifigeach agus aicmeach cabhlaigh ar thancaeir ola agus ar thancaeir ceimiceán

1.

Beidh deimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaeir ola agus ar thancaeir ceimiceán ag oifigigh agus ag aicmigh chabhlaigh a shanntar dualgais agus freagrachtaí áirithe dóibh a bhaineann le lastas nó le trealamh lastais ar thancaeir ola nó ar thancaeir ceimiceán.

2.

Beidh bunoiliúint críochnaithe ag gach iarrthóir ar dheimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola agus ar thancaer ceimiceán i gcomhréir leis na forálacha i Roinn A-VI/1 de Chód STCW agus beidh an méid seo a leanas críochnaithe aige:

2.1.

seirbhís fhormheasta farraige a mhaireann 3 mhí ar a laghad ar thancaer ola nó ar thancaer ceimiceán agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-V/1-1, mír 1, de Chód STCW; nó

2.2.

bunoiliúint fhormheasta le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola agus ar thancaer ceimiceán agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-V/1-1, mír 1, de Chód STCW.

3.

Beidh deimhniú ardoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola ag máistrí, príomhoifigigh innealtóireachta, príomh-mhátaí, dara hoifigigh innealtóireachta agus aon duine a bhfuil freagracht láithreach orthu i dtaobh luchtú lastais, díluchtú lastais, cúram a thabhairt do lastas faoi bhealach, láimhseáil lastais, glanadh umair agus oibríochtaí eile a bhaineann le lastas ar thancaeir ola.

4.

I gcás gach iarrthóra ar dheimhniú ardoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola:

4.1.

comhlíonfaidh sé na ceanglais maidir le deimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola agus ar thancaer ceimiceán;

4.2.

agus é cáilithe do dheimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola agus ar thancaer ceimiceán, beidh an méid seo a leanas críochnaithe aige:

4.2.1.

seirbhís fhormheasta farraige a mhaireann 3 mhí ar a laghad ar thancaeir ola; nó

4.2.2.

oiliúint fhormheasta a mhaireann mí amháin ar a laghad ar thancaeir ola i gcáil bhreise lena n-áirítear trí oibríocht luchtaithe agus trí oibríocht díluchtaithe ar a laghad agus coimeádfar taifead de i leabhar taifeadta oiliúna formheasta agus aird á tabhairt ar an treoraíocht i Roinn B-V/1 de Chód STCW;

4.3.

beidh ardoiliúint fhormheasta críochnaithe aige le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-V/1-1, mír 2, de Chód STCW.

5.

Beidh deimhniú ardoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ceimiceán ag máistrí, príomhoifigigh innealtóireachta, príomh-mhátaí, dara hoifigigh innealtóireachta agus aon duine a bhfuil freagracht láithreach orthu i dtaobh luchtú lastais, díluchtú lastais, cúram a thabhairt do lastas faoi bhealach, láimhseáil lastais, glanadh umair agus oibríochtaí eile a bhaineann le lastas ar thancaeir ceimiceán.

6.

I gcás gach iarrthóra ar dheimhniú ardoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ceimiceán:

6.1.

comhlíonfaidh sé na ceanglais maidir le deimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola agus ar thancaer ceimiceán;

6.2.

agus é cáilithe do dheimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ola agus ar thancaer ceimiceán, beidh an méid seo a leanas críochnaithe aige:

6.2.1.

seirbhís fhormheasta farraige a mhaireann 3 mhí ar a laghad ar thancaeir ceimiceán; nó

6.2.2.

oiliúint fhormheasta a mhaireann mí amháin ar a laghad ar thancaeir ceimiceán i gcáil bhreise lena n-áirítear trí oibríocht luchtaithe agus trí oibríocht díluchtaithe ar a laghad agus coimeádfar taifead de i leabhar taifeadta oiliúna formheasta agus aird á tabhairt ar an treoraíocht i Roinn B-V/1 de Chód STCW;

6.3.

beidh ardoiliúint fhormheasta críochnaithe aige le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer ceimiceán agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-V/1-1, mír 3, de Chód STCW.

7.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-eiseofar deimhniú oilteachta chuig maraithe atá cáilithe i gcomhréir le pointe 2, 4 nó 6, de réir mar is iomchuí, nó go bhformhuineofar go cuí deimhniú inniúlachta nó deimhniú oilteachta atá ann cheana.

Rialachán V/1-2

Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí, oifigeach agus aicmeach cabhlaigh ar thancaeir gháis leachtaithe

1.

Beidh deimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaeir gháis leachtaithe ag oifigigh agus ag aicmigh chabhlaigh a shanntar dualgais agus freagrachtaí áirithe dóibh a bhaineann le lastas nó le trealamh lastais ar thancaeir gháis leachtaithe.

2.

Beidh bunoiliúint críochnaithe ag gach iarrthóir ar dheimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer gáis leachtaithe i gcomhréir leis na forálacha i Roinn A-VI/1 de Chód STCW agus beidh an méid seo a leanas críochnaithe aige:

2.1.

seirbhís fhormheasta farraige a mhaireann 3 mhí ar a laghad ar thancaeir gháis leachtaithe agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-V/1-2, mír 1, de Chód STCW; nó

2.2.

bunoiliúint fhormheasta le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer gáis leachtaithe agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-V/1-2, mír 1, de Chód STCW.

3.

Beidh deimhniú ardoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer gáis leachtaithe ag máistrí, príomhoifigigh innealtóireachta, príomh-mhátaí, dara hoifigigh innealtóireachta agus aon duine a bhfuil freagracht láithreach orthu i dtaobh luchtú lastais, díluchtú lastais, cúram a thabhairt do lastas faoi bhealach, láimhseáil lastais, glanadh umair agus oibríochtaí eile a bhaineann le lastas ar thancaeir gháis leachtaithe.

4.

I gcás gach iarrthóra ar dheimhniú ardoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer gáis leachtaithe:

4.1.

comhlíonfaidh sé na ceanglais maidir le deimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer gáis leachtaithe;

4.2.

agus é cáilithe do dheimhniú bunoiliúna le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer gáis leachtaithe, beidh an méid seo a leanas críochnaithe aige:

4.2.1.

seirbhís fhormheasta farraige a mhaireann 3 mhí ar a laghad ar thancaeir gháis leachtaithe; nó

4.2.2.

oiliúint fhormheasta a mhaireann mí amháin ar a laghad ar thancaeir gháis leachtaithe i gcáil bhreise lena n-áirítear trí oibríocht luchtaithe agus trí oibríocht díluchtaithe ar a laghad agus coimeádfar taifead de i leabhar taifeadta oiliúna formheasta agus aird á tabhairt ar an treoraíocht i Roinn B-V/1 de Chód STCW;

4.3.

beidh ardoiliúint fhormheasta críochnaithe aige le haghaidh oibríochtaí lastais ar thancaer gáis leachtaithe agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-V/1-2, mír 2, de Chód STCW.

5.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-eiseofar deimhniú oilteachta chuig maraithe atá cáilithe i gcomhréir le pointe 2 nó 4, de réir mar is iomchuí, nó go bhformhuineofar go cuí deimhniú inniúlachta nó deimhniú oilteachta atá ann cheana.

Rialachán V/2

Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí, oifigeach, aicmeach cabhlaigh agus pearsanra eile ar longa paisinéirí

1.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le máistrí, oifigigh, aicmigh chabhlaigh agus pearsanra eile atá ag fónamh ar bord longa paisinéirí i mbun turais idirnáisiúnta. Déanfaidh na Ballstáit infheidhmeacht na gceanglas sin a chinneadh maidir le pearsanra atá ag fónamh ar longa paisinéirí i mbun turais intíre.

2.

Sula sannfar dualgais ar bord loinge dóibh, déanfaidh gach duine atá ag fónamh ar long paisinéirí ceanglais Roinn A-VI/1, mír 1, de Chód STCW a chomhlíonadh.

3.

Máistrí, oifigigh, aicmigh chabhlaigh agus pearsanra eile atá ag fónamh ar bord longa paisinéirí, críochnóidh siad an tréimhse oiliúna agus taithíochta a cheanglaítear le pointí 5 go 9, i gcomhréir lena gcumas, lena ndualgais agus lena bhfreagrachtaí.

4.

Máistrí, oifigigh, aicmigh chabhlaigh agus pearsanra eile, a gceanglaítear oiliúint a chur orthu i gcomhréir le pointe 7, pointe 8 agus pointe 9, rachaidh siad faoi oiliúint athnuachana iomchuí, ag eatraimh nach faide ná 5 bliana, nó ceanglófar orthu fianaise a sholáthar gur bhain siad amach an caighdeán riachtanach inniúlachta laistigh de na 5 bliana roimhe sin.

5.

Pearsanra atá ag fónamh ar bord longa paisinéirí, críochnóidh siad taithíocht éigeandála maidir le longa paisinéirí is iomchuí dá gcumas, dá ndualgais agus dá bhfreagrachtaí, mar a shonraítear i Roinn A-V/2, mír 1 de Chód STCW.

6.

Pearsanra a bhíonn ag fónamh go díreach ar phaisinéirí i spásanna paisinéirí ar bord longa paisinéirí, críochnóidh siad an oiliúint sábháilteachta a shonraítear i Roinn A-V/2, mír 2 de Chód STCW.

7.

Máistrí, oifigigh, aicmigh chabhlaigh atá cáilithe i gcomhréir le Caibidil II, Caibidil III agus Caibidil VII den Iarscríbhinn seo agus pearsanra eile atá ainmnithe ar an liosta tionóil maidir le cúnamh a thabhairt do phaisinéirí i gcásanna éigeandála ar bord longa paisinéirí, críochnóidh siad oiliúint maidir le bainistíocht sluaite ar longa paisinéirí mar a shonraítear i Roinn A-V/2, mír 3 de Chód STCW.

8.

Máistrí, príomhoifigigh innealtóireachta, príomh-mhátaí, dara hoifigigh innealtóireachta agus aon duine a ainmnítear ar an liosta tionóil mar dhuine a bhfuil freagracht air i leith shábháilteacht na bpaisinéirí i gcásanna éigeandála ar bord longa paisinéirí, críochnóidh siad oiliúint fhormheasta i mbainistíocht ghéarchéime agus iompraíocht daoine mar a shonraítear i Roinn A-V/2, mír 4 de Chód STCW.

9.

Máistrí, príomhoifigigh innealtóireachta, príomh-mhátaí, dara hoifigigh innealtóireachta agus aon duine a sanntar freagracht láithreach air maidir le paisinéirí a chur ar bord agus a thabhairt ó bhord, lastas a luchtú, a dhíluchtú nó a cheangal isteach, nó oscailtí i gcabhlacha a dhúnadh ar bord longa paisinéirí róró, críochnóidh siad oiliúint fhormheasta maidir le sábháilteacht paisinéirí, sábháilteacht lastais agus sláine cabhlach mar a shonraítear i Roinn A-V/2, mír 5 de Chód STCW.

10.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar fianaise dhoiciméadach ar an oiliúint a críochnaíodh chuig gach duine a chinntear a bheith cáilithe i gcomhréir le pointí 6 go 9.

Rialachán V/3

Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí, oifigeach, aicmeach cabhlaigh agus pearsanra eile ar longa atá faoi réir Chód IGF

1.

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le máistrí, oifigigh, aicmigh chabhlaigh agus pearsanra eile atá ag fónamh ar bord longa atá faoi réir Chód IGF.

2.

Sula sannfar dualgais do mharaithe ar bord longa atá faoi réir Chód IGF, beidh an oiliúint a cheanglaítear le pointí 4 go 9 críochnaithe acu, i gcomhréir lena gcumas, lena ndualgais agus lena bhfreagrachtaí.

3.

Gach maraí a bheidh ag fónamh ar bord longa atá faoi réir Chód IGF, cuirfear oiliúint iomchuí taithíochta loinge agus trealamh-shonraí air, mar a shonraítear in Airteagal 15(1), pointe (d), den Treoir seo, sula sannfar dualgais ar bord loinge dó.

4.

Maraithe atá freagrach as dualgais sábháilteachta ainmnithe a bhaineann le haire agus úsáid, nó práinnfhreagairt maidir le, breosla ar bord longa atá faoi réir Chód IGF, beidh deimhniú bunoiliúna acu le haghaidh fónamh ar longa atá faoi réir Chód IGF.

5.

Gach iarrthóir ar dheimhniú bunoiliúna le haghaidh fónamh ar longa atá faoi réir Chód IGF, beidh an tréimhse bunoiliúna críochnaithe aige i gcomhréir le forálacha Roinn A-V/3, mír 1, de Chód STCW.

6.

Maraithe atá freagrach as dualgais sábháilteachta ainmnithe a bhaineann le haire agus úsáid, nó práinnfhreagairt maidir le, breosla ar bord longa atá faoi réir Chód IGF agus atá cáilithe agus deimhnithe i gcomhréir le Rialachán V/1-2, mír 2 agus 5, nó Rialachán V/1-2, mír 4 agus 5 maidir le tancaeir gháis leachtaithe, measfar go bhfuil na ceanglais comhlíonta acu a shonraítear i Roinn A-V/3, mír 1, de Chód STCW i ndáil le bunoiliúint le haghaidh fónamh ar longa atá faoi réir Chód IGF.

7.

Máistrí, oifigigh innealtóireachta agus pearsanra uile a bhfuil freagracht láithreach orthu i dtaobh aire agus úsáid breoslaí agus córais bhreosla ar longa atá faoi réir Chód IGF, beidh deimhniú ardoiliúna acu le haghaidh fónamh ar longa atá faoi réir Chód IGF.

8.

Agus an deimhniú oilteachta dá ndéantar cur síos air i bpointe 4 aige, beidh na nithe seo a leanas déanta ag gach iarrthóir ar dheimhniú ardoiliúna le haghaidh fónamh ar longa atá faoi réir Chód IGF:

8.1.

ardoiliúint fhormheasta críochnaithe le haghaidh fónamh ar longa atá faoi réir Chód IGF agus caighdeán inniúlachta á chomhlíonadh mar a shonraítear i Roinn A-V/3, mír 2, de Chód STCW;

8.2.

fónamh formheasta mí amháin ar a laghad ar farraige a bheith críochnaithe aige lena n-áirítear ar a laghad trí oibríocht bhuncaeireachta ar bord longa atá faoi réir Chód IGF. Féadfar oiliúint ionsamhlóra fhormheasta a dhéanamh in ionad dhá cheann de na trí oibríocht bhuncaeireachta mar chuid den oiliúint i bpointe 8.1.

9.

Máistrí, oifigigh innealtóireachta agus aon duine a bhfuil freagracht láithreach air maidir le haire agus úsáid breosla ar longa atá faoi réir Chód IGF agus atá cáilithe agus deimhnithe i gcomhréir leis na caighdeáin inniúlachta a shonraítear i Roinn A-V/1-2, mír 2 de Chód STCW i ndáil le fónamh ar thancaeir gháis leachtaithe, measfar go bhfuil na ceanglais a shonraítear i Roinn A-V/3, mír 2, de Chód STCW i ndáil le hardoiliúint le haghaidh longa atá faoi réir Cód IGF, measfar go bhfuil na ceanglais sin comhlíonta acu, ar choinníoll go bhfuil na nithe seo a leanas déanta acu freisin:

9.1.

go bhfuil na ceanglais a luaitear i bpointe 6 comhlíonta acu;

9.2.

go bhfuil na ceanglais maidir le buncaeireacht a luaitear i bpointe 8.2 comhlíonta acu nó gur ghlac siad páirt i dtrí cinn d’oibríochtaí lastais ar bord tancaeir gháis leachtaithe;

9.3.

go bhfuil fónamh ar farraige 3 mhí críochnaithe aige le linn na 5 bliana roimhe sin ar bord:

9.3.1.

longa atá faoi réir Chód IGF;

9.3.2.

tancaeir a bhfuil breoslaí cuimsithe faoi Chód IGF a n-iompar, mar lastas, acu; nó

9.3.3.

longa a úsáideann gáis nó breosla íseal-splancphointe mar bhreosla.

10.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar deimhniú oilteachta chuig maraithe atá cáilithe i gcomhréir le pointe 4 nó 7, de réir mar is iomchuí.

11.

Maraithe a bhfuil deimhniú oilteachta acu i gcomhréir le bpointe 4 nó 7, rachaidh siad faoi oiliúint athnuachana iomchuí ag eatraimh nach faide ná 5 bliana, nó ceanglófar orthu fianaise a sholáthar gur bhain siad amach an caighdeán riachtanach inniúlachta laistigh de na 5 bliana roimhe sin.

Rialachán V/4

Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint agus cáilíochtaí máistrí agus oifigeach deice ar longa a oibríonn in uiscí polacha

1.

Máistrí, príomh-mhátaí agus oifigigh atá i bhfeighil faireachán loingseoireachta ar longa a oibríonn in uiscí polacha, beidh deimhniú bunoiliúna le haghaidh longa a oibríonn in uiscí polacha acu, mar a cheanglaítear leis an gCód Polach.

2.

Gach iarrthóir ar dheimhniú bunoiliúna le haghaidh longa a oibríonn in uiscí polacha, beidh cúrsa bunoiliúna formheasta le haghaidh longa a oibríonn in uiscí polacha críochnaithe aige agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta a shonraítear i Roinn A-V4, mír 1 de Chód STCW.

3.

Máistrí agus príomh-mhátaí ar longa a oibríonn in uiscí polacha, beidh deimhniú ardoiliúna acu le haghaidh fónamh ar longa a oibríonn in uiscí polacha, mar a cheanglaítear leis an gCód Polach.

4.

I gcás gach iarrthóra ar dheimhniú ardoiliúna le haghaidh longa a oibríonn in uiscí polacha:

4.1.

beidh na ceanglais maidir le deimhniú bunoiliúna le haghaidh longa in uiscí polacha comhlíonta aige;

4.2.

beidh fónamh formheasta ar farraige 2 mhí ar a laghad curtha isteach aige, sa roinn deice, ar an leibhéal bainistíochta nó i mbun dualgais faireacháin ar an leibhéal oibríochtúil, laistigh d’uiscí polacha nó i mbun fónamh farraige formheasta coibhéiseach eile;

4.3.

beidh ardoiliúint fhormheasta críochnaithe aige le haghaidh fónamh ar longa a oibríonn in uiscí polacha agus comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear i Roinn A-V/4, mír 2, de Chód STCW.

5.

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go n-eiseofar deimhniú oilteachta chuig maraithe atá cáilithe i gcomhréir le pointe 2 nó 4, de réir mar is iomchuí.

CAIBIDIL VI

ÉIGEANDÁIL, SÁBHÁILTEACHT CEIRDE, SLÁNDÁIL, CÚRAM LEIGHIS AGUS FEIDHMEANNA MAIREACHTÁLA

Rialachán VI/1

Íoscheanglais éigeantacha maidir le taithíocht sábháilteachta, bunoiliúint agus teagasc le haghaidh maraithe uile

1.

Gheobhaidh maraithe taithíocht agus bunoiliúint nó teagasc i gcomhréir le Roinn A-VI/1 de Chód STCW agus chomhlíonfaidh siad an caighdeán inniúlachta iomchuí mar a shonraítear ann.

2.

I gcás nach áireofar bunoiliúint sa cháilíocht don dheimhniú atá le heisiúint, eiseofar deimhniú oilteachta lena léirítear gur fhreastail an sealbhóir ar an gcúrsa bunoiliúna.

Rialachán VI/2

Íoscheanglais éigeantacha maidir le heisiúint deimhnithe oilteachta in árthach marthanais, báid tarrthála agus báid tarrthála thapa

1.

I gcás gach iarrthóra ar dheimhniú oilteachta le haghaidh árthach marthanais agus báid tarrthála seachas báid tarrthála thapa:

1.1.

beidh sé 18 mbliana d’aois nó níos sine;

1.2.

beidh seirbhís fhormheasta farraige críochnaithe aige a mhair tréimhse nach lú ná 12 mhí nó beidh sé tar éis freastal ar chúrsa oiliúna formheasta agus beidh seirbhís fhormheasta farraige críochnaithe aige a mhair tréimhse nach lú ná sé mhí;

1.3.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta do dheimhnithe oilteachta ar árthach marthanais agus báid tarrthála mar a leagtar amach i Roinn A-VI/2, míreanna 1 go 4, de Chód STCW.

2.

I gcás gach iarrthóra ar dheimhniú oilteachta le haghaidh báid tarrthála thapa:

2.1.

beidh deimhniú oilteachta le haghaidh árthach marthanais agus báid tarrthála seachas báid tarrthála thapa aige;

2.2.

beidh sé tar éis freastal ar chúrsa oiliúna formheasta;

2.3.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta do dheimhnithe oilteachta ar bháid tarrthála thapa mar a leagtar amach i Roinn A-VI/2, míreanna 7 go 10, de Chód STCW.

Rialachán VI/3

Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint in ardscileanna um chomhrac dóiteáin

1.

Beidh ardoiliúint maidir le teicnící chun dóiteán a chomhrac agus béim faoi leith leagtha ar eagrúchán, ar bheartaíocht agus ar cheannasaíocht críochnaithe go rathúil ag maraithe atá ainmnithe d’oibríochtaí um chomhrac dóiteáin a rialú i gcomhréir le forálacha Roinn A-VI/3, míreanna 1 go 4, de Chód STCW agus comhlíonfaidh siad an caighdeán inniúlachta mar a shonraítear ann.

2.

I gcás nach áireofar ardoiliúint maidir le comhrac dóiteáin sna cáilíochtaí don deimhniú atá le heisiúint, eiseofar deimhniú oilteachta lena léirítear gur fhreastail an sealbhóir ar chúrsa ardoiliúna maidir le comhrac dóiteáin.

Rialachán VI/4

Íoscheanglais éigeantacha maidir le garchabhair leighis agus cúram leighis

1.

Déanfaidh maraithe atá ainmnithe le haghaidh garchabhair leighis a chur ar fáil ar bord loinge an caighdeán inniúlachta garchabhair leighis a chomhlíonadh mar a shonraítear i Roinn A-VI/4, mír 1, mír 2 agus mír 3, de Chód STCW.

2.

Déanfaidh maraithe atá ainmnithe le haghaidh cúram leighis ar bord loinge a ghlacadh orthu féin an caighdeán inniúlachta cúram leighis ar bord longa a chomhlíonadh mar a shonraítear i Roinn A-VI/4, mír 4, mír 5 agus mír 6, de Chód STCW.

3.

I gcás nach n-áireofar oiliúint maidir le garchabhair leighis nó cúram leighis sna cáilíochtaí don deimhniú atá le heisiúint, eiseofar deimhniú oilteachta lena léirítear gur fhreastail an sealbhóir ar chúrsa oiliúna maidir le garchabhair leighis nó cúram leighis.

Rialachán VI/5

Íoscheanglais éigeantacha maidir le heisiúint deimhnithe oilteachta le haghaidh oifigigh slándála loinge

1.

I gcás gach iarrthóra ar dheimhniú oilteachta mar oifigeach slándála loinge:

1.1.

beidh seirbhís fhormheasta farraige críochnaithe aige a mhair tréimhse nach lú ná 12 mhí nó seirbhís fhormheasta farraige agus eolas aige ar oibríochtaí loinge;

1.2.

comhlíonfaidh sé an caighdeán inniúlachta do dheimhniú oilteachta mar oifigeach slándála loinge, mar a leagtar amach i Roinn A-VI/5, míreanna 1 go 4, de Chód STCW.

2.

Áiritheoidh na Ballstáit go n-eiseofar deimhniú oilteachta do gach duine a chinntear a bheith cáilithe faoi fhorálacha an Rialacháin seo.

Rialachán VI/6

Íoscheanglais éigeantacha maidir le hoiliúint a bhaineann le slándáil agus teagasc le haghaidh maraithe uile

1.

Gheobhaidh maraithe taithíocht a bhaineann le slándáil agus oiliúint nó teagasc maidir le feasacht i dtaobh slándála i gcomhréir le Roinn A-VI/6, míreanna 1 go 4, de Chód STCW agus chomhlíonfaidh siad an caighdeán inniúlachta iomchuí mar a shonraítear ann.

2.

I gcás nach n-áireofar feasacht ar chúrsaí slándála sa cháilíocht don deimhniú atá le heisiúint, eiseofar deimhniú oilteachta lena léirítear gur fhreastail an sealbhóir ar chúrsa oiliúna maidir le feasacht i dtaobh slándála.

Maraithe a bhfuil dualgais slándála sannta dóibh

3.

Déanfaidh maraithe a bhfuil dualgais slándála sannta dóibh an caighdeán inniúlachta a chomhlíonadh mar a shonraítear i Roinn A-VI/6, mír 6, mír 7 agus mír 8, de Chód STCW.

4.

I gcás nach n-áireofar oiliúint maidir leis na dualgais slándála a shanntar sna cáilíochtaí don deimhniú atá le heisiúint, eiseofar deimhniú oilteachta lena léirítear gur fhreastail an sealbhóir ar chúrsa oiliúna maidir le dualgais slándála a shanntar.

CAIBIDIL VII

DEIMHNIÚ MALARTACH

Rialachán VII/1

Eisiúint deimhnithe malartacha

1.

D’ainneoin na ceanglais le haghaidh deimhnithe a leagtar síos i gCaibidil II agus Caibidil III den Iarscríbhinn seo, féadfaidh na Ballstáit rogha a dhéanamh deimhnithe, seachas iad siúd dá dtagraítear i Rialacháin na gCaibidlí sin, a eisiúint nó eisiúint na ndeimhnithe sin a údarú, ar choinníoll:

1.1.

go roghnaítear na feidhmeanna agus leibhéil fhreagrachta gaolmhara a bheidh léirithe ar na deimhnithe agus sna formhuinithe as agus gurb ionann iad agus iad siúd atá le fáil i Ranna A-II/1, A-II/2, A-II/3, A-II/4, A-II/5, A-III/1, A-III/2, A-III/3, A-III/4, A-III/5, A-IV/2 de Chód STCW;

1.2.

go bhfuil oideachas agus oiliúint fhormheasta críochnaithe ag na hiarrthóirí agus go gcomhlíonann siad na ceanglais do na caighdeáin inniúlachta do na feidhmeanna agus na leibhéil le bheith léirithe ar na deimhnithe agus sna formhuinithe, mar a fhorordaítear sna Ranna ábhartha de Chód STCW agus mar a leagtar amach i Roinn A-VII/1 den Chód sin;

1.3.

go bhfuil seirbhís fhormheasta farraige críochnaithe ag na hiarrthóirí atá ábhartha do chomhlíonadh na feidhmeanna agus na leibhéil le bheith léirithe ar an deimhniú. Beidh fad íosta na seirbhíse farraige coibhéiseach le fad na seirbhíse farraige a fhorordaítear i gCaibidil II agus i gCaibidil III den Iarscríbhinn seo. Ní bheidh fad íosta na seirbhíse farraige níos giorra ná mar a fhorordaítear i Roinn A-VII/2 de Chód STCW, áfach;

1.4.

go ndeánann iarrthóirí ar dheimhniú, a chomhlíonfaidh an fheidhm loingseoireachta ar an leibhéal oibríochtúil, ceanglais na Rialachán is infheidhme i gCaibidil IV, de réir mar is iomchuí, maidir le dualgais raidió shannta a chomhlíonadh i gcomhréir leis na Rialacháin Raidió;

1.5.

go n-eisítear na deimhnithe i gcomhréir le ceanglais Airteagal 4 den Treoir seo agus leis na forálacha a leagtar amach i gCaibidil VII de Chód STCW.

2.

Ní eiseofar aon deimhniú faoin gCaibidil seo seachas i gcás go bhfuil an fhaisnéis a éilítear faoi Choinbhinsiún STCW curtha in iúl ag an mBallstát don Choimisiún.

Rialachán VII/2

Deimhniú maraithe

Beidh deimhniú inniúlachta nó deimhniú oilteachta, de réir mar is infheidhme, ag gach maraí a chomhlíonann aon fheidhm nó grúpa feidhmeanna a shonraítear i dtáblaí A-II/1, A-II/2, A-II/3, A-II/4 nó A-II/5 de Chaibidil II nó i dtáblaí A-III/1, A-III/2, A-III/3, A-III/4 nó A-III/5 de Chaibidil III nó A-IV/2 de Chaibidil IV de Chód STCW.

Rialachán VII/3

Prionsabail lena rialaítear eisiúint deimhnithe malartacha

1.

Áiritheoidh Ballstát a dhéanann rogha deimhnithe malartacha a eisiúint nó eisiúint deimhnithe malartacha a údarú go n-urramaítear na prionsabail seo a leanas:

1.1.

nach gcuirfear aon chóras deimhnithe malartach chun feidhme ach amháin má áirítear leis leibhéal sábháilteachta ar muir agus má tá éifeacht choisctheach aige i dtaobh truailliú atá coibhéiseach leis siúd dá bhforáiltear sna Caibidlí eile;

1.2.

go bhforáilfear, le haon socrú le haghaidh deimhniú malartach a eisítear faoin gCaibidil seo, maidir le hinmhalartacht deimhnithe leo siúd a eisítear faoi na Caibidlí eile.

2.

Áiritheoidh prionsabal na hinmhalartachta i bpointe 1 an méid seo a leanas:

2.1.

go bhfuil maraithe atá deimhnithe faoi shocruithe Chaibidil II agus/nó Chaibidil III agus iad siúd atá deimhnithe faoi Chaibidil VII in ann a bheith ag fónamh ar longa a bhfuil cineálacha traidisiúnta nó cineálacha eile eagraíochta ar bord acu;

2.2.

nach gcuirtear oiliúint ar mharaithe le haghaidh socraithe ar bord long áirithe sa dóigh a ndéanfadh sé dochar dá gcumas a gcuid scileanna a chur ar fáil in áit eile.

3.

Agus aon deimhniú faoin gCaibidil seo á eisiúint, cuirfear na prionsabail seo a leanas san áireamh:

3.1.

nach mbainfear úsáid as eisiúint deimhnithe malartacha chun críocha:

3.1.1.

líon an chriú ar bord a laghdú;

3.1.2.

sláine na slí beatha a ísliú nó maraithe a dhí-oiliúint; nó

3.1.3.

údar a thabhairt le sannadh dualgais na n-oifigeach faireacháin innill agus deice i dteannta a chéile do shealbhóir aonar deimhnithe le linn aon faireacháin;

3.2.

go n-ainmneofar an duine i gceannas ina mháistir agus nach ndéanfar dochar do sheasamh dlíthiúil na d’údarás an mháistir nó daoine eile le cur chun feidhme aon socraithe le haghaidh deimhniú malartach.

4.

Áiritheoidh na prionsabail atá i bpointe 1 agus pointe 2 go gcoinneofar inniúlacht oifigeach deice agus oifigeach innilteoireachta araon.

IARSCRÍBHINN II

CRITÉIR CHUN TRÍÚ TÍORTHA A D’EISIGH DEIMHNIÚ NÓ AR EISÍODH DEIMHNIÚ FAOINA nÚDARÁS A AITHINT, DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 20(2)

1.

Ní mór don tríú tír a bheith ina Páirtí de Choinbhinsiún STCW.

2.

Ní mór é a bheith sainaitheanta ag an gCoiste Muir-Shábháilteachta maidir leis an tríú tír gur léirigh sí gur tugadh éifeacht iomlán chríochnaithe d’fhorálacha Choinbhinsiún STCW.

3.

Le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí agus le rannpháirtíocht fhéideartha aon Bhallstát lena mbaineann, tá sé dearbhaithe ag an gCoimisiún, trí mheastóireacht ar an bPáirtí sin a dhéanamh, meastóireacht lenarbh fhéidir an t-iniúchadh ar shaoráidí agus ar nósanna imeachta a chur san áireamh, gur comhlíonadh go hiomlán ceanglais Choinbhinsiún STCW a bhaineann le caighdeáin inniúlachta, oiliúint agus deimhniú agus caighdeáin cháilíochta.

4.

Tá an Ballstát i mbun gealltanas a chomhaontú leis an tríú tír lena mbaineann go dtabharfar fógra pras maidir le haon athrú suntasach ar na socruithe oiliúna agus deimhnithe a chuirfear ar fáil i gcomhréir le Coinbhinsiún STCW.

5.

Maidir le maraithe atá i láthair le haghaidh deimhnithe aitheantais le haghaidh feidhmeanna ar an leibhéal bainistíochta, tá bearta tugtha isteach ag an mBallstát chun a áirithiú go bhfuil eolas iomchuí acu ar reachtaíocht mhuirí an Bhallstáit a bhaineann leis na feidhmeanna a cheadaítear dóibh a dhéanamh.

6.

Más mian le Ballstát measúnú ar chomhlíonadh tríú tír a fhorlíonadh trí institiúidí oiliúna muirí áirithe a mheasúnú, déanfaidh sé amhlaidh i gcomhréir le forálacha roinn A-I/6 de Chód STCW.

IARSCRÍBHINN III

AN CINEÁL FAISNÉISE ATÁ LE CUR IN IÚL DON CHOIMISIÚN CHUN CRÍOCHA STAIDRIMH

1.

I gcás ina ndéantar tagairt don Iarscríbhinn seo, cuirfear ar fáil an fhaisnéis seo a leanas a shonraítear i Roinn A-I/2, mír 9, de Chód STCW le haghaidh deimhnithe inniúlachta uile nó formhuinithe lena bhfianaítear a n-eisiúint, agus le haghaidh na formhuinithe uile lena bhfianaítear aitheantas deimhnithe inniúlachta arna n-eisiúint ag tíortha eile, agus i gcás ina bhfuil (*) marcáilte beidh an fhoráil sin i ndíth ainm mar a cheanglaítear le hAirteagal 27(3) den Treoir seo:

 

Deimhnithe inniúlachta/Formhuinithe lena bhfianaítear a n-eisiúint:

aitheantóir uathúil an mharaithe, má tá fáil air (*),

ainm an mharaithe(*),

dáta breithe an mharaithe,

náisiúntacht an mharaithe,

inscne an mharaithe,

uimhir fhormhuinithe na ndeimhnithe inniúlachta(*),

uimhir na bhformhuinithe lena bhfianaítear a n-eisiúint(*),

inniúlacht/inniúlachtaí,

dáta eisiúna an doiciméid nó an dáta athbhailíochtaithe is déanaí a bhaineann leis,

an dáta éaga,

stádas an deimhnithe,

teorainneacha.

 

Formhuinithe lena bhfianaítear aitheantas deimhnithe inniúlachta arna eisiúint ag tíortha eile:

aitheantóir uathúil an mharaithe, má tá fáil air(*),

ainm an mharaithe(*),

dáta breithe an mharaithe,

náisiúntacht an mharaithe,

inscne an mharaithe,

an tír a d’eisigh an deimhniú inniúlachta bunaidh,

uimhir bhunaidh an deimhnithe inniúlachta(*),

uimhir na bhformhuinithe lena bhfianaítear aitheantas(*),

inniúlacht/inniúlachtaí,

dáta eisiúna an doiciméid nó an dáta athbhailíochtaithe is déanaí a bhaineann leis,

an dáta éaga,

stádas an fhormhuinithe,

teorainneacha.

2.

Féadfaidh na Ballstáit faisnéis a sholáthar, ar bhonn deonach, maidir leis na deimhnithe oilteachta arna n-eisiúint d’aicmigh chabhlaigh i gcomhréir le Caibidil II, Caibidil III agus Caibidil VII den Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún STCW, amhail:

aitheantóir uathúil an mharaithe, má tá fáil air (*),

ainm an mharaithe(*),

dáta breithe an mharaithe,

náisiúntacht an mharaithe,

inscne an mharaithe,

uimhir na ndeimhnithe oilteachta(*),

inniúlacht/inniúlachtaí,

dáta eisiúna an doiciméid nó an dáta athbhailíochtaithe is déanaí a bhaineann leis,

an dáta éaga,

stádas an deimhnithe oilteachta.


IARSCRÍBHINN IV

Cuid A

Treoir aisghairthe agus liosta de na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh uirthi (dá dtagraítear in Airteagal 34)

Treoir 2008/106/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 323, 3.12.2008, lch. 33)

 

Treoir 2012/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 343, 14.12.2012, lch. 78)

 

Treoir (AE) 2019/1159 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 188, 12.7.2019, lch. 94)

Airteagal 1 agus an Iarscríbhinn amháin

Cuid B

Teorainneacha ama do thrasuí sa dlí náisiúnta (dá dtagraíear in Airteagal 34)

Treoir

Teorainn ama do thrasuí

2012/35/AE

4 Iúil 2014, cé is moite d’Airteagal 1, pointe 5

4 Eanáir 2015 a mhéid a bhaineann le hAirteagal 1, pointe 5

(AE) 2019/1159

2 Lúnasa 2021


IARSCRÍBHINN V

TÁBLA COMHGHAOIL

Treoir 2008/106/CE

An Treoir seo

Airteagal 1, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 2, an fhoclaíocht tosaigh

Airteagal 1, pointí 1 go 26

Airteagal 2, pointí 1 go 26

Airteagal 1, pointe 28

Airteagal 2, pointe 27

Airteagal 1, pointe 29

Airteagal 2, pointe 28

Airteagal 1, pointe 30

Airteagal 2, pointe 29

Airteagal 1, pointe 31

Airteagal 2, pointe 30

Airteagal 1, pointe 32

Airteagal 2, pointe 31

Airteagal 1, pointe 33

Airteagal 2, pointe 32

Airteagal 1, pointe 34

Airteagal 2, pointe 33

Airteagal 1, pointe 35

Airteagal 2, pointe 34

Airteagal 1, pointe 36

Airteagal 2, pointe 35

Airteagal 1, pointe 37

Airteagal 2, pointe 36

Airteagal 1, pointe 38

Airteagal 2, pointe 37

Airteagal 1, pointe 39

Airteagal 2, pointe 38

Airteagal 1, pointe 40

Airteagal 2, pointe 39

Airteagal 1, pointe 41

Airteagal 2, pointe 40

Airteagal 1, pointe 42

Airteagal 2, pointe 41

Airteagal 1, pointe 43

Airteagal 2, pointe 42

Airteagal 1, pointe 44

Airteagal 2, pointe 43

Airteagal 1, pointe 45

Airteagal 2, pointe 44

Airteagal 1, pointe 46

Airteagal 2, pointe 45

Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 1 agus Airteagal 3

Airteagal 5(1), (2) agus (3)

Airteagal 4(1), (2) agus (3)

Airteagal 5(3a)

Airteagal 4(4)

Airteagal 5(4)

Airteagal 4(5)

Airteagal 5(5)

Airteagal 4(6)

Airteagal 5(6)

Airteagal 4(7)

Airteagal 5(7)

Airteagal 4(8)

Airteagal 5(8)

Airteagal 4(9)

Airteagal 5(9)

Airteagal 4(10)

Airteagal 5(10)

Airteagal 4(11)

Airteagal 5(11)

Airteagal 4(12)

Airteagal 5(12)

Airteagal 4(13)

Airteagal 5(13)

Airteagal 4(14)

Airteagal 5a

Airteagal 5

Airteagal 5b

Airteagal 6

Airteagal 6

Airteagal 7

Airteagal 7(1)

Airteagal 8(1)

Airteagal 7(1a)

Airteagal 8(2)

Airteagal 7(2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 7(3)

Airteagal 8(4)

Airteagal 7(3a)

Airteagal 8(5)

Airteagal 7(3b)

Airteagal 8(6)

Airteagal 7(4)

Airteagal 8(7)

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 9

Airteagal 10

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 11

Airteagal 12

Airteagal 12(1)

Airteagal 13(1)

Airteagal 12(2)

Airteagal 13(2)

Airteagal 12(2a)

Airteagal 13(3)

Airteagal 12(2b)

Airteagal 13(4)

Airteagal 12(3)

Airteagal 13(5)

Airteagal 12(3a)

Airteagal 13(6)

Airteagal 12(4)

Airteagal 13(7)

Airteagal 12(5)

Airteagal 13(8)

Airteagal 13

Airteagal 14

Airteagal 14

Airteagal 15

Airteagal 15

Airteagal 16

Airteagal 16

Airteagal 17

Airteagal 17

Airteagal 18

Airteagal 18

Airteagal 19

Airteagal 19

Airteagal 20

Airteagal 20

Airteagal 21

Airteagal 21

Airteagal 22

Airteagal 22

Airteagal 23

Airteagal 23

Airteagal 24

Airteagal 24

Airteagal 25

Airteagal 25

Airteagal 26

Airteagal 25a

Airteagal 27

Airteagal 26

Airteagal 28

Airteagal 27

Airteagal 29

Airteagal 27a

Airteagal 30

Airteagal 28(1)

Airteagal 31(1)

Airteagal 28(2), an chéad abairt

Airteagal 31(2), an chéad fhomhír

Airteagal 28(2), an dara habairt

Airteagal 31(2), an dara fomhír

Airteagal 29

Airteagal 32

Airteagal 30

Airteagal 31

Airteagal 33

Airteagal 32

Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 34

Airteagal 36

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn IV

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn V

Iarscríbhinn III


Top