EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0542

Treoir (AE) 2022/542 ón gComhairle an 5 Aibreán 2022 lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha

ST/5442/2022/INIT

IO L 107, 6.4.2022, p. 1–12 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2022/542/oj

6.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 107/1


TREOIR (AE) 2022/542 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Aibreán 2022

lena leasaítear Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a mhéid a bhaineann le rátaí cánach breisluacha

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 113 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is éard is aidhm leis na rialacha maidir le rátaí cánach breisluacha (CBL) dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE ón gComhairle (3) feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a chaomhnú agus saobhadh iomaíochta a sheachaint. Ceapadh na rialacha sin breis agus scór bliain ó shin bunaithe ar phrionsabal an tionscnaimh. Sna teachtaireachtaí uaidh maidir le plean gníomhaíochta CBL an 7 Aibreán 2016 dar teideal “Towards a single EU VAT area – Time to decide” [I dtreo Limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach — an t-am le cinneadh a dhéanamh] agus an 4 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis an obair leantach ar an bplean gníomhaíochta CBL dar teideal “Towards a single EU VAT area – Time to act” [I dtreo Limistéar CBL aonair san Aontas Eorpach — an t-am le gníomhú], d’fhógair an Coimisiún go raibh sé beartaithe aige na rialacha sin a choigeartú le haghaidh córas cinntitheach CBL chun críche trádáil trasteorann gnólacht le gnólacht in earraí idir na Ballstáit a bheadh bunaithe ar an gcánachas sa Bhallstát cinn scríbe.

(2)

Faoi chóras ina ngearrfaí cáin ar sholáthar earraí agus seirbhísí sa Bhallstát cinn scríbe, ní bhainfeadh soláthróirí aon tairbhe shuntasach as a bheith bunaithe i mBallstát ina bhfuil ráta níos ísle. Faoi chóras den sórt sin, ní chuirfeadh níos mó éagsúlachta sna rátaí CBL isteach ar fheidhmiú an mhargaidh inmhéanaigh agus ní chruthódh sé saobhadh iomaíochta. Sna himthosca sin, b’iomchuí breis solúbthachta a thabhairt do Bhallstáit chun rátaí a shocrú.

(3)

Ba cheart na hearraí agus na seirbhísí a bheadh incháilithe le haghaidh rátaí laghdaithe a bheith dírithe ar leas an tomhaltóra deiridh agus go saothófaí cuspóirí leasa ghinearálta leo. Chun castacht nach bhfuil gá léi agus ardú ina dhiaidh sin ar chostais ghnó a sheachaint, go háirithe i gcás trádáil laistigh den Chomhphobal, bheadh na rátaí laghdaithe infheidhme ar fad iomlán an tslabhra tráchtála a luaithe agus a roghnaíonn na Ballstáit earraí agus seirbhísí den sórt sin dá réir.

(4)

Ba cheart don chreat dlíthiúil lena gceadaítear cur i bhfeidhm rátaí laghdaithe a bheith comhleanúnach ar an iomlán le beartais eile de chuid an Aontais amhail Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019“The European Green Deal” [An Comhaontú Glas don Eoraip]. Chun a chur ar chumas na mBallstát rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm d’fhonn athléimneacht a gcóras sláinte a neartú, is iomchuí síneadh a chur le raon feidhme na n-earraí agus na seirbhísí a mheastar iad a bheith riachtanach chun tacú le soláthar cúraim sláinte agus chun míchumais a chúiteamh agus a shárú. Thairis sin, ba cheart an deis a thabhairt do na Ballstáit freisin ionas go bhféadaidís rannchuidiú le geilleagar atá aeráidneodrach agus glas trí bhíthin rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm ar sholáthairtí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus, ag an am céanna, trí ullmhú le deireadh a chur de réir a chéile le cóir fhabhrach atá ann cheana maidir le soláthairtí atá díobhálach don chomhshaol.

(5)

Ba cheart go gcaithfear go cothrom leis na Ballstáit uile agus, dá bhrí sin, ba cheart na féidearthachtaí céanna a thabhairt dóibh chun rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm, ach, mar sin féin, ba cheart go leanfar leis na rátaí sin a bheith fós mar eisceacht ón ráta caighdeánach. Is féidir cóir chomhionann den sórt sin a bhaint amach trína chur ar chumas na mBallstát uile, laistigh de theorainneacha sainithe, dhá ráta laghdaithe d’íosmhéid 5 % a chur i bhfeidhm ar na hearraí agus seirbhísí incháilithe agus ráta laghdaithe níos lú ná an t-íosmhéid 5 % agus díolúine leis an gceart CBL ar ionchur a asbhaint.

(6)

Águs an gá leathadh ar rátaí laghdaithe a sheachaint ar chúiseanna buiséadacha agus prionsabal na córa comhionainne araon á chur san áireamh, ba cheart cead a bheith ag na Ballstáit rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm nach lú iad ná an t-íosmhéid 5 % ar sholáthairtí earraí nó seirbhísí a chumhdaítear le suas le 24 phointe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE. Ar na cúiseanna céanna, ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit ráta laghdaithe ar lú é ná an t-íosmhéid 5 % agus díolúine leis an gceart CBL ar ionchur a asbhaint a chur i bhfeidhm ach ní ach ar sholáthairtí earraí nó seirbhísí a chumhdaítear le huasmhéid de sheacht bpointe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE, arna roghnú as measc soláthair na n-earraí agus na seirbhísí a mheastar go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais bhunúsacha, eadhon, na cinn sin a bhaineann le soláthar earraí bia, uisce, cógas leighis, táirgí cógaisíochta, táirgí sláinte agus sláintíochta, iompar daoine agus míreanna cultúrtha faoi leith (leabhair, nuachtáin agus tréimhseacháin), nó as measc soláthar earraí agus seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE a gcuireann Ballstáit eile rátaí laghdaithe is lú ná an t-íosmhéid 5 % i bhfeidhm orthu nó díolúintí lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint, ar an gcoinníoll go ndéanfar na spriocdhátaí is infheidhme a urramú. Is iomchuí an tréimhse ama is gá chun oiriúnú do na teorainneacha sin a thabhairt do na Ballstáit a bhfuil na rátaí laghdaithe nó na díolúintí sin á gcur i bhfeidhm acu cheana.

(7)

Is iomchuí grianphainéil a áireamh i measc na seacht bpointe sin i gcomhréir le gealltanais chomhshaoil an Aontais maidir le dícharbónú agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip chomh maith leis an deis a thabhairt do na Ballstáit úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh a chur chun cinn freisin trí bhíthin rátaí laghdaithe CBL. Chun tacú leis an aistriú i dtreo úsáid foinsí inathnuaite fuinnimh agus chun neamhthuilleamaíocht an Aontais maidir le fuinneamh a chothú, is gá a cheadú do na Ballstáit feabhas a chur ar rochtain na dtomhaltóirí deiridh ar fhoinsí fuinnimh glasa.

(8)

Ba cheart feidhmiú aon cheann de na roghanna a fhorléiriú mar bheart atá leabaithe i loighic chóras na rátaí CBL, agus arna ghlacadh ar chúiseanna sóisialta atá sainithe go soiléir chun tairbhe don tomhaltóir deiridh nó ar mhaithe leis an leas ginearálta.

(9)

Mar aon le rialacha ginearálta maidir le rátaí CBL, tá roinnt maoluithe ann cheana a cheadaíonn do Bhallstáit áirithe rátaí níos lú a chur i bhfeidhm. Tá údar leis na rátaí níos lú sin i ngeall ar ghnéithe sonracha geografacha nó ar chúiseanna sóisialta atá chun leas an tomhaltóra deiridh nó ar mhaithe leis an leas ginearálta. D’fhéadfadh na rátaí níos lú sin a bheith ábhartha do Bhallstáit eile. I gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne, is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le rogha, oscailte do gach Ballstát, rátaí níos lú a chur i bhfeidhm ar na hearraí agus ar na seirbhísí céanna a bhfuil feidhm ag rátaí níos lú ina leith i mBallstáit eile agus faoi na coinníollacha céanna. Chun an uasteorainn seacht bpointe a chomhlíonadh, na Ballstáit sin a bhí ag cur rátaí níos lú den sórt sin do sholáthairtí earraí nó seirbhísí a chumhdaítear le níos mó ná seacht bpointe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE an 1 Eanáir 2021 i bhfeidhm, ba cheart dóibh teorainn a chur ar chur i bhfeidhm rátaí laghdaithe ar lú iad ná an t-íosmhéid 5 % agus ar dheonú díolúintí lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a chumhdaítear le seacht bpointe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE faoin 1 Eanáir 2032 nó faoi thráth glactha na socruithe cinntitheacha; cibé acu is túisce. Ní dhéanann na leasuithe difear do na socruithe le haghaidh maoluithe a bhaineann le cur i bhfeidhm na ndíolúintí gan an ceart CBL ar ionchur a asbhaint a leagtar amach in Iarscríbhinn X a ghabhann le Treoir 2006/112/CE.

(10)

Ina theannta sin, tá roinnt maoluithe eile ann faoi láthair lena dtugtar cead do Bhallstáit áirithe rátaí laghdaithe nach lú ná 12 % a chur i bhfeidhm ar earraí agus seirbhísí nach liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE. I bhfianaise leibhéal na rátaí laghdaithe sin a bheith gar don ráta caighdeánach agus i gcomhréir le prionsabal na córa comhionainne, is iomchuí foráil a dhéanamh don rogha, atá ar fáil do gach Ballstát, rátaí laghdaithe nach lú ná 12 % a chur i bhfeidhm ar na hearraí agus na seirbhísí céanna sin a ndéantar rátaí laghdaithe nach lú ná 12 % a chur i bhfeidhm orthu i mBallstáit eile agus faoi na coinníollacha céanna.

(11)

Ba cheart do na Ballstáit eile a bheith in ann rátaí laghdaithe nach lú ná 12 % ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí nach liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE, agus ar rátaí laghdaithe is lú ná 5 % agus díolúintí lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint ar sholáthairtí earraí nó seirbhísí a chumhdaítear i gcás aon phointí d’Iarscríbhinn III seachas pointí (1) go (6) agus pointe (10c), a fhad is a urramaítear struchtúr na rátaí CBL dá bhforáiltear sa Treoir seo agus na coinníollacha arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit sin a bhfuil rátaí laghdaithe nó díolúintí lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint i bhfeidhm acu an 1 Eanáir 2021. Ba cheart go n-áireofaí leis na Ballstáit eile Ballstáit a chuireann rátaí laghdaithe agus díolúintí lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint i bhfeidhm faoi láthair agus ar mhaith leo rátaí laghdaithe nach lú ná 12 % a chur i bhfeidhm ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí nach liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE, agus rátaí is lú ná 5 % nó díolúintí lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí eile seachas na cinn is infheidhme cheana féin.

(12)

Maidir leis na Ballstáit a raibh rátaí laghdaithe á gcur i bhfeidhm acu nó a raibh díolúintí á ndeonú acu lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint bunaithe ar mhaoluithe an 1 Eanáir 2021, ba cheart dóibh a chur in iúl don Choiste um CBL na príomhfhorálacha agus na príomhchoinníollacha maoluithe sin atá i bhfeidhm ina ndlí náisiúnta, agus ar tugadh rochtain orthu do Bhallstáit eile, an 1 Eanáir 2021. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus chun rochtain chomhionann ar na maoluithe sin a chumasú do na Ballstáit uile, agus bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit lena mbaineann faoin spriocdháta atá leagtha síos, déanfaidh an Coimisiún liosta iomlán de na hearraí agus de na seirbhísí a gcuirfear na rátaí laghdaithe nó na díolúintí sin i bhfeidhm ina leith a ullmhú agus a dháileadh ar na Ballstáit uile díreach tar éis dó an fhaisnéis a fháil. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfar na Ballstáit an spriocdháta chun an fhaisnéis sin a chur in iúl chun a áirithiú go mbeidh an rochtain chéanna ar mhaoluithe ag na Ballstáit uile.

(13)

Ar bhonn na faisnéise arna dáileadh ag an gCoimisiún, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann rátaí laghdaithe agus díolúintí lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint a chur i bhfeidhm ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí ar a gcuireann Ballstáit eile na rátaí agus na díolúintí sin i bhfeidhm ar choinníoll go gcuirtear rátaí laghdaithe agus díolúintí i bhfeidhm faoi na coinníollacha céanna is infheidhme sna Ballstáit a bhfuil na rátaí agus na díolúintí sin á gcur i bhfeidhm acu cheana féin. Chun na roghanna sin a fheidhmiú, ba cheart do na Ballstáit rialacha mionsonraithe a ghlacadh agus téacs na bhforálacha arna nglacadh a chur in iúl don Choiste um CBL. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil, bunaithe ar an teachtaireacht sin, a chur faoi bhráid na Comhairle agus liosta cuimsitheach ann d’earraí agus de sheirbhísí a gcuireann Ballstáit rátaí laghdaithe agus díolúintí lena ngabhann an ceart CBL ar ionchur a asbhaint i bhfeidhm ina leith.

(14)

I bhfianaise an ghá atá le liosta na n-earraí agus na seirbhísí atá incháilithe do rátaí laghdaithe a nuachóiriú agus a thabhairt cothrom le dáta, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun go bhféadfar rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm le haghaidh cuspóirí sonracha beartais shóisialta, chun soiléireacht a áirithiú agus chun prionsabal na neodrachta a chur san áireamh, eadhon, tríd an gcóir chéanna a áirithiú, i dtéarmaí rátaí CBL, i ndáil le hearraí áirithe a thógáil ar cíos, a léasú nó a sholáthar.

(15)

Chun an deis a thairiscint do na Ballstáit tacú leis an aistriú i dtreo córais téimh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a úsáid agus i gcomhréir le gealltanais chomhshaoil an Aontais maidir leis an dícharbónú, ba cheart go n-áirítear sa bhreis air sin an fhéidearthacht do na Ballstáit ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm maidir le córais téimh astaíochtaí ísle atá thar a bheith éifeachtúil a sholáthar agus a shuiteáil, ar córais iad a chomhlíonann critéir na reachtaíochta comhshaoil in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE.

(16)

Tá ról lárnach ag an digitiú chun luach a chruthú agus chun an t-iomaíochas a chothú araon. San Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach déantar feidhmíocht dhigiteach na mBallstát a thomhas agus a rangú bunaithe ar tháscairí réamhshainithe lena léirítear neamhréitigh shuntasacha san fhorbairt dhigiteach. Chun drochchlúdach seirbhísí rochtana idirlín a shárú agus d’fhonn a bhforbairt a chur chun cinn, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm ar na seirbhísí sin. Ba cheart cur i bhfeidhm ráta laghdaithe ar sheirbhísí rochtana idirlín a chur in oiriúint do na cuspóirí a leagtar amach sa bheartas náisiúnta maidir leis an digitiú agus a theorannú ó thaobh raon feidhme de, dá réir sin. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), soláthraítear an nascacht le seirbhísí rochtana idirlín, ach ní dhéantar an t-inneachar a sholáthraítear tríd an idirlíon a shíneadh leo.

(17)

Ina theannta sin, i bhfianaise chlaochlú digiteach an gheilleagair, ba cheart go mbeadh na Ballstáit in ann foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí, lena n-áirítear imeachtaí, atá beoshruthaithe, go bhfaighidís an chóir chéanna a thugtar dóibh siúd atá incháilithe do rátaí laghdaithe nuair a dhéantar iad a sholáthar go fisiciúil.

(18)

Chun cánachas sa Bhallstát tomhaltais a áirithiú, ní mór do na seirbhísí go léir is féidir a sholáthar don chustaiméir trí mheán leictreonach a bheith incháinithe san áit ina bhfuil an custaiméir bunaithe, ina bhfuil seoladh buan aige nó ina gcónaíonn sé de ghnáth. Dá bhrí sin, is gá modhnú a dhéanamh ar na rialacha lena rialaítear áit soláthair seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí den sórt sin.

(19)

Chun críocha na deimhneachta dlíthiúla, is gá a shoiléiriú, i gcás na n-eagraíochtaí atá tiomnaithe don leas sóisialta, gurb iad gníomhaíocht ghinearálta agus cuspóirí ginearálta na heagraíochta ina hiomláine, gan beann ar thairbhí deiridh an tsoláthair earraí nó seirbhísí, ar cheart a bheith curtha san áireamh agus breithniú agus measúnú á dhéanamh ar na ceanglais maidir le cur i bhfeidhm ráta laghdaithe.

(20)

Thairis sin, ba cheart Treoir 2006/112/CE a leasú chun gur féidir rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm i líon teoranta cásanna sonracha ar chúiseanna sóisialta, ar mhaithe le leas an tomhaltóra deiridh agus chun cuspóir a bhaint amach atá ar mhaithe leis an leas ginearálta. Dá bhrí sin, ba cheart go leathnaítear liosta na n-earraí agus na seirbhísí atá incháilithe le haghaidh rátaí laghdaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE chun líon teoranta maoluithe den sórt sin atá ann cheana a chur san áireamh.

(21)

Bhí sé cruthaithe, mar gheall ar phaindéim COVID-19, gur gá Treoir 2006/112/CE a oiriúnú chun an creat dlíthiúil a chur faoi réir chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo agus, dá bhrí sin, chun cur ar chumas na mBallstát freagairt go tapa d’imthosca eisceachtúla, amhail paindéimí, géarchéimeanna daonnúla nó tubaistí nádúrtha. Chun na críocha sin, ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit a d’údaraigh an Coimisiún díolúine ó CBL a chur i bhfeidhm, faoi na coinníollacha céanna, ar earraí arna n-allmhairiú chun tairbhe d’íospartaigh thubaiste, díolúine le ceart in-asbhainteacht CBL ionchur a chur i bhfeidhm i ndáil le fálacha agus soláthairtí laistigh den Chomhphobal agus soláthairtí intíre na n-earraí sin agus na seirbhísí a bhaineann leis na hearraí sin chuig na comhlachtaí incháilithe chun go mbeidh siad in ann cabhrú le híospartaigh na dtubaistí sin. Mura gcomhlíonfar na coinníollacha le haghaidh díolúintí a thuilleadh, ba cheart soláthar earraí agus seirbhísí den sórt sin a bheith faoi réir CBL.

(22)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit príomhchuspóirí na Treorach seo, eadhon liosta na n-earraí agus na seirbhísí atá incháilithe do rátaí laghdaithe a thabhairt cothrom le dáta agus na forais a bhunú chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag na Ballstáit ar rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm, a ghnóthú go leordhóthanach ach, de bharr na dteorainneacha atá ann cheana, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Treoir seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(23)

Leasaíodh Treoir 2006/112/CE le Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle (6). Mar gheall ar struchtúr éagsúil rátaí CBL dá bhforáiltear sa Treoir seo, ba cheart na tagairtí i dTreoir (AE) 2020/285 a leasú.

(24)

I gcomhréir le Dearbhú Comhpháirteach Polaitiúil an 28 Meán Fómhair 2011 ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún maidir le doiciméid mhíniúcháin (7), ghlac na Ballstáit mar chúram orthu féin, i gcásanna a bhfuil údar leo, doiciméad amháin nó níos mó a chur leis an bhfógra maidir lena mbearta trasuite, ar doiciméid iad lena mínítear an gaol idir codanna de threoir agus páirteanna comhfhreagracha na n-ionstraimí náisiúnta trasuite. I ndáil leis an Treoir seo, measann an reachtóir go bhfuil údar le doiciméid den sórt sin a tharchur.

(25)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoracha 2006/112/CE agus (AE) 2020/285 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Threoir 2006/112/CE

Leasaítear Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)

in Airteagal 53, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

“Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le ligean isteach sna himeachtaí dá dtagraítear sa chéad mhír i gcás ina mbeidh an freastal fíorúil.”;

(2)

in Airteagal 54(1), cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:

“I gcás ina mbainfidh na seirbhísí agus seirbhísí coimhdeacha le gníomhaíochtaí a shruthaítear nó a chuirtear ar fáil go fíorúil ar shlí eile, beidh an áit soláthair an áit sin ina bhfuil an duine neamh-inchánach bunaithe, a bhfuil a sheoladh buan aige nó a gcónaíonn sé de ghnáth.”;

(3)

in Airteagal 59a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal réamhráití:

“Chun cánachas dúbailte, neamhchánachas nó saobhadh iomaíochta a chosc, féadfaidh na Ballstáit, maidir le seirbhísí a bhfuil a n-áit soláthair faoi rialú ag Airteagal 44 agus Airteagal 45, Airteagal 54(1), an dara fomhír, agus Airteagal 56, Airteagal 58 agus Airteagal 59:”;

(4)

in Airteagal 81, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

“Na Ballstáit nach raibh ag baint leas as an rogha faoi Airteagal 98 maidir le ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm an 1 Eanáir 1993, féadfaidh siad, má bhaineann siad leas as an rogha faoi Airteagal 89, a fhoráil, i leith an tsoláthair saothar ealaíne, dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointe (26), go mbeidh an méid inchánach cothrom le codán den mhéid arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagail 73, 74, 76, 78 agus 79.”;

(5)

leasaítear Airteagal 94 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Is é an ráta is infheidhme maidir le hallmhairiú earraí an ráta a chuirtear i bhfeidhm maidir le soláthar earraí comhchosúla laistigh de chríoch an Bhallstáit.”;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3.   De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit a chuireann ráta caighdeánach i bhfeidhm maidir le soláthar saothar ealaíne, earraí bailitheoirí agus seandachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX, Cuid A, Cuid B agus Cuid C, ráta laghdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 98(1), an chéad fhomhír, a chur i bhfeidhm ar allmhairiú na n-earraí sin laistigh de chríoch an Bhallstáit.”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 98:

“Airteagal 98

1.   Féadfaidh na Ballstáit uasmhéid de dhá ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm.

Socrófar na rátaí laghdaithe mar chéatadán den mhéid inchánach, nach mbeidh níos lú ná 5 % agus nach mbeidh feidhm aige ach amháin maidir leis na soláthairtí earraí agus seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III.

Féadfaidh na Ballstáit na rátaí laghdaithe a chur i bhfeidhm i leith earraí nó seirbhísí a chumhdaítear le 24 phointe ar a mhéad in Iarscríbhinn III.

2.   Féadfaidh na Ballstáit, de bhreis ar an dá ráta laghdaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, ráta laghdaithe a chur i bhfeidhm atá níos lú ná íosmhéid 5 % agus díolúine a chur i bhfeidhm lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin de sholáthairtí earraí agus seirbhísí a chumhdaítear le huasmhéid de sheacht bpointe in Iarscríbhinn III.

Ní fhéadfar an ráta laghdaithe atá níos lú ná an t-íosmhéid 5 % agus an díolúine lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin a chur i bhfeidhm ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a chumhdaítear ach amháin sna pointí seo a leanas d’Iarscríbhinn III:

(a)

pointí (1) go (6) agus pointe (10c);

(b)

aon phointe eile d’Iarscríbhinn III a thagann faoi na roghanna dá bhforáiltear in Airteagal 105a(1).

Chun críocha phointe (b) den dara fomhír den mhír seo, measfar go dtagann na hidirbhearta maidir le tithíocht dá dtagraítear in Airteagal 105a(1), an dara fomhír, faoi Iarscríbhinn III, pointe (10).

Na Ballstáit a chuireann rátaí laghdaithe atá níos lú ná an t-íosmhéid 5 % i bhfeidhm, an 1 Eanáir 2021, nó a dheonaíonn díolúintí lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin do sholáthairtí earraí agus seirbhísí a chumhdaítear le níos mó ná seacht bpointe in Iarscríbhinn III, cuirfidh siad teorainn le cur i bhfeidhm na rátaí laighdaithe nó na díolúintí sin a thabhairt chun an chéad fhomhír den mhír seo a chomhlíonadh faoin 1 Eanáir 2032, nó trí na socruithe cinntitheacha dá dtagraítear in Airteagal 402, cibé acu is túisce, a ghlacadh. Beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit a chinneadh cé na soláthairtí earraí nó seirbhísí a leanfaidh siad de na rátaí laghdaithe sin a chur i bhfeidhm orthu nó na díolúintí sin a dheonú dóibh.

3.   Ní bheidh feidhm ag na rátaí laghdaithe agus ag na díolúintí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo maidir le seirbhísí a sholáthraítear go leictreonach, seachas na seirbhísí sin a liostaítear faoi Iarscríbhinn III, pointí (6), (7), (8) agus (13).

4.   Agus na rátaí laghdaithe agus díolúintí dá bhforáiltear sa Treoir seo á gcur i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit an ainmníocht chomhcheangailte nó aicmiú staidrimh táirgí de réir gníomhaíochta, nó an dá rud, a úsáid chun cumhdach beacht na catagóire lena mbaineann a bhunú.”;

(7)

cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

“Airteagal 98a

Ní bheidh feidhm ag na rátaí laghdaithe agus ag na díolúintí dá dtagraítear in Airteagal 98(1) agus (2) maidir le soláthairtí saothar ealaíne, earraí bailitheoirí agus seandachtaí lena mbaineann socruithe speisialta de Theideal XII, Caibidil 4.”;

(8)

scriostar Airteagal 99;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 100:

“Airteagal 100

Faoin 31 Nollaig 2028 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle maidir le raon feidhme Iarscríbhinn III, lena ngabhfaidh aon tograí iomchuí, i gcás inar gá.”;

(10)

scriostar Airteagal 101;

(11)

i dTeideal VIII, Caibidil 2, cuirtear an Roinn seo a leanas isteach:

Roinn 2a

cásanna eisceachtúla

Airteagal 101a

1.   I gcás inar dheonaigh an Coimisiún údarú do Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 53, an chéad mhír, de Threoir 2009/132/CE ón gComhairle (*1) chun díolúine a chur i bhfeidhm maidir le hearraí a allmhairítear chun tairbhe d’íospartaigh thubaiste, féadfaidh an Ballstát sin díolúine a dheonú lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin faoi na coinníollacha céanna, maidir leis na fáltais laistigh den Chomhphobal agus soláthar na n-earraí agus na seirbhísí sin a bhaineann le hearraí den sórt sin, lena n-áirítear seirbhísí cíosa.

2.   Ballstát ar mian leis an beart dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm, cuirfidh sé an Coiste um CBL ar an eolas faoin méid sin.

3.   I gcás ina n-úsáidtear earraí nó seirbhísí arna bhfáil ag na heagraíochtaí a thairbhíonn den díolúine a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo chun críocha seachas na críocha sin dá bhforáiltear i dTeideal VIII, Caibidil 4, de Threoir 2009/132/CE, beidh úsáid earraí nó seirbhísí den sórt sin faoi réir CBL faoi na coinníollacha is infheidhme tráth nach gcomhlíontar na coinníollacha le haghaidh na díolúine a thuilleadh.

(*1)  Treoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena gcinntear raon feidhme Airteagal 143(b) agus (c) de Threoir 2006/112/CE maidir le díolúine ó cháin bhreisluacha ar allmhairiú críochnaitheach earraí áirithe (IO L 292, 10.11.2009, lch. 5).”;"

(12)

scriostar Airteagal 102 agus Airteagal 103;

(13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 104:

“Airteagal 104

1.   Féadfaidh an Ostair an dara ráta caighdeánach atá níos ísle ná an ráta comhfhreagrach a chuirtear i bhfeidhm sa chuid eile den Ostair ach nach lú ná 15 % a chur i bhfeidhm sna comúin Jungholz agus Mittelberg (Kleines Walsertal).

2.   Féadfaidh an Ghréig rátaí a chur i bhfeidhm suas go 30 % níos ísle ná na rátaí comhfhreagracha a chuirtear i bhfeidhm ar mhórthír na Gréige sna ranna seo a leanas: Lesbos, Cíos, Samas, na hOileáin Dhóideacanacha agus na Ciocláidí, agus ar oileáin Thassos, Sporades Thuaidh, Samatracae agus Skiros.

3.   Féadfaidh an Phortaingéil, i gcás idirbheart arna ndéanamh i Réigiúin Féinrialaitheacha na nAsór agus Mhaidéara agus i gcás allmhairiú díreach isteach sna réigiúin sin, rátaí atá níos ísle ná na rátaí is infheidhme ar an mórthír a chur i bhfeidhm.

4.   Féadfaidh an Phortaingéil ceann den dá ráta laghdaithe dá bhforáiltear in Airteagal 98(1) a chur i bhfeidhm maidir leis na dolaí ar dhroichid i limistéar Liospóin.”;

(14)

scriostar Airteagal 104a agus Airteagal 105;

(15)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach:

“Airteagal 105a

1.   Na Ballstáit a raibh rátaí laghdaithe atá níos ísle ná an t-íosmhéid a leagtar síos in Airteagal 98(1) á gcur i bhfeidhm acu nó a raibh díolúintí á ndeonú acu lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin, maidir le soláthar earraí nó seirbhísí a liostaítear i bpointí seachas Iarscríbhinn III, pointí (1) go (6) agus pointe (10c), i gcomhréir le dlí an Aontais, an 1 Eanáir 2021, féadfaidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 98(2), leanúint de na rátaí laghdaithe sin a chur i bhfeidhm nó de na díolúintí sin a dheonú, gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo.

Na Ballstáit a raibh rátaí laghdaithe atá níos ísle ná an t-íosmhéid a leagtar síos in Airteagal 98(1) á gcur i bhfeidhm acu maidir le hidirbhearta i dtaca le tithíocht nach cuid de bheartas sóisialta iad, i gcomhréir le dlí an Aontais, an 1 Eanáir 2021, féadfaidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 98(2), leanúint de na rátaí laghdaithe sin a chur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choiste um CBL téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta agus na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na rátaí laghdaithe agus na ndíolúintí sin a bhaineann le Airteagal 98(2), an dara fomhír, pointe (b), tráth nach déanaí ná an 7 Iúil 2022.

Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstáit eile rátaí laghdaithe atá níos ísle ná an t-íosmhéid a leagtar síos in Airteagal 98(1), nó díolúintí lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin, a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le hAirteagal 98(2), an chéad fhomhír, maidir leis na soláthairtí earraí nó seirbhísí céanna dóibh siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo agus faoi na coinníollacha céanna is infheidhme an 1 Eanáir 2021 sna Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo.

2.   Na Ballstáit a raibh rátaí laghdaithe faoi bhun 12 % á gcur i bhfeidhm acu, lena n-áirítear rátaí laghdaithe atá níos ísle ná an t-íosmhéid a leagtar síos in Airteagal 98(1) nó a raibh díolúintí á ndeonú acu lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin, maidir le soláthar earraí nó seirbhísí seachas iad siúd a liostaítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le dlí an Aontais, an 1 Eanáir 2021, féadfaidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 98(1) agus (2), leanúint de na rátaí laghdaithe sin a chur i bhfeidhm nó de na díolúintí sin a dheonú go dtí an 1 Eanáir 2032 nó go dtí go nglacfar na socruithe cinntitheacha dá dtagraítear in Airteagal 402, cibé acu is túisce, gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo.

3.   Na Ballstáit a raibh rátaí laghdaithe nach lú ná 12 % á gcur i bhfeidhm acu maidir le soláthar earraí nó seirbhísí a liostaítear in Iarscríbhinn III, i gcomhréir le dlí an Aontais, an 1 Eanáir 2021, féadfaidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 98(1) an chéad fhomhír, leanúint de na rátaí laghdaithe sin a chur i bhfeidhm, gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choiste um CBL téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta agus na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na rátaí laghdaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo tráth nach déanaí ná an 7 Iúil 2022.

Gan dochar do mhír 4 den Airteagal seo, féadfaidh Ballstáit eile rátaí laghdaithe nach lú ná 12 % a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le Airteagal 98(1), an chéad fhomhír, maidir leis na soláthairtí earraí nó seirbhísí céanna dóibh siúd dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo agus faoi na coinníollacha céanna is infheidhme an 1 Eanáir 2021 sna Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

4.   De mhaolú ar mhír 1, mír 2 agus mír 3, scoirfidh na rátaí laghdaithe nó díolúintí leis an CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin maidir le breoslaí iontaise, earraí eile a bhfuil an tionchar céanna acu ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, amhail móin, agus adhmad a úsáidtear mar chonnadh, d’fheidhm a bheith acu faoin 1 Eanáir 2030. Scoirfear de na rátaí laghdaithe nó díolúintí maidir le lotnaidicídí ceimiceacha agus leasacháin cheimiceacha, d’fheidhm a a bheith acu faoin 1 Eanáir 2032.

5.   Na Ballstáit ar mian leo, i gcomhréir leis an gceathrú fomhír de mhír 1 den Airteagal seo, leis an tríú fomhír de mhír 3 den Airteagal seo agus le hAirteagal 105b, na rátaí laghdaithe nach lú ná 12 %, na rátaí laghdaithe atá níos ísle ná an t-íosmhéid a leagtar síos in Airteagal 98(1), nó na díolúintí lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin, a chur i bhfeidhm, glacfaidh siad, faoin 7 Deireadh Fómhair 2023, na rialacha mionsonraithe lena rialófar feidhmiú na roghanna sin. Cuirfidh siad in iúl don Choiste um CBL téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta atá glactha acu.

6.   Faoin 1 Iúil 2025, ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid na Comhairle ina mbeidh liosta cuimsitheach lena léireofar na hearraí agus na seirbhísí dá dtagraítear i mír 1 agus mír 3 den Airteagal seo agus in Airteagal 105b a ndéantar na rátaí laghdaithe, lena n-áirítear na rátaí laghdaithe atá níos ísle ná an t-íosmhéid a leagtar síos in Airteagal 98(1), nó na díolúintí lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin, a chur i bhfeidhm ina leith sna Ballstáit.

Airteagal 105b

Na Ballstáit a raibh rátaí laghdaithe á gcur i bhfeidhm acu nach raibh níos lú ná an t-íosmhéid de 5 % maidir le hidirbhearta i dtaca le tithíocht nach cuid de bheartas sóisialta iad, i gcomhréir le dlí an Aontais, an 1 Eanáir 2021, féadfaidh siad, i gcomhréir le hAirteagal 98(1), an chéad fhomhír, leanúint de na rátaí laghdaithe sin a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, ní bheidh an ráta laghdaithe atá le cur i bhfeidhm maidir leis na hidirbhearta sin níos lú ná 12 % amhail ón 1 Eanáir 2042.

Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choiste um CBL téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta agus na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na rátaí laghdaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír tráth nach déanaí ná an 7 Iúil 2022.

Féadfaidh Ballstáit eile ráta laghdaithe nach lú ná 12 % a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le d’Airteagal 98(1), an chéad fhomhír, maidir leis na hidirbhearta dá dtagraítear sa chéad mhír den Airteagal seo faoi na coinníollacha céanna leis na coinníollacha is infheidhme an 1 Eanáir 2021 sna Ballstáit dá dtagraítear sa chéad fhomhír den Airteagal seo.

Chun críocha Airteagal 98(1), an tríú fomhír, measfar go dtagann na hidirbhearta dá dtagraítear san Airteagal seo faoi Iarscríbhinn III, pointe (10).”;

(16)

i dTeideal VIII, scriostar Caibidil 4;

(17)

scriostar Airteagail 123, 125, 128 agus 129;

(18)

in Airteagal 221, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

“3.   Féadfaidh na Ballstáit daoine inchánacha a scaoileadh ón oibleagáid a leagtar síos in Airteagal 220(1) nó Airteagal 220a chun sonrasc a eisiúint i ndáil le soláthairtí earraí nó seirbhísí a rinne siad ina gcríoch agus atá díolmhaithe, bíodh in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin a bheith ag gabháil leo nó ná bíodh, de bhun Airteagal 98(2), Airteagail 105a agus, 132, Airteagal 135(1), pointí (h) go (l), Airteagail 136, 371, 375, 376 agus 377, Airteagal 378(2), Airteagal 379(2) agus Airteagail 380 go 390c.”;

(19)

in Airteagal 288, an chéad mhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (2):

“(2)

luach na n-idirbheart atá díolmhaithe, lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin, de bhun Airteagal 98(2) nó Airteagal 105a;”;

(20)

in Airteagal 316, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Faoi réir gan ráta laghdaithe a bheith curtha i bhfeidhm maidir leis na saothair ealaíne, earraí bailitheoirí agus seandachtaí lena mbaineann arna soláthar don déileálaí inchánach nó arna n-onnmhairiú aige siúd, deonóidh na Ballstáit an ceart do dhéileálaithe inchánacha chun an scéim corrlaigh a chur i bhfeidhm ar na hidirbhearta seo a leanas:

(a)

soláthar saothar ealaíne, earraí bailitheoirí nó seandachtaí a d’allmhairigh an déileálaí inchánach é féin;

(b)

soláthar saothar ealaíne arna soláthar don déileálaí inchánach ag a gcruthaitheoirí nó ag a gcomharbaí i dteideal;

(c)

soláthar saothar ealaíne arna soláthar don déileálaí inchánach ag duine inchánach seachas déileálaí inchánach.”;

(21)

in Airteagal 387, scriostar pointe (c);

(22)

in Iarscríbhinn III, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil:

“Liosta sholáthairtí na n-earraí agus na seirbhísí a bhféadfar na rátaí laghdaithe agus an díolúine lena ngabhann in-asbhainteacht CBL dá dtagraítear in Airteagal 98 a chur i bhfeidhm maidir leo”;

(23)

leasaítear Iarscríbhinn III i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Threoir (AE) 2020/285

In Airteagal 1 de Threoir (AE) 2020/285, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (15):

“(15)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 288:

‘Airteagal 288

1.   Is iad na méideanna a leanas, ar leith ó CBL, a bheidh sa láimhdeachas bliantúil a bheidh mar thagairt chun an díolúine dá bhforáiltear in Airteagal 284 chur i bhfeidhm:

(a)

luach soláthairtí earraí agus seirbhísí, a mhéid a ngearrfaí cáin orthu dá mba dhuine inchánach neamhdhíolmhaithe a sholáthraigh iad;

(b)

luach na n-idirbheart atá díolmhaithe, lena ngabhann in-asbhainteacht CBL arna íoc ag an gcéim roimhe sin, de bhun Airteagal 98(2) nó Airteagal 105a;

(c)

luach na n-idirbheart atá díolmhaithe de bhun Airteagail 146 go 149 agus Airteagal 151, Airteagal 152 agus Airteagal 153;

(d)

luach na n-idirbheart atá díolmhaithe de bhun Airteagal 138 i gcás ina mbeidh feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear san Airteagal sin;

(e)

luach na n-idirbheart eastáit réadaigh, idirbheart airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 135(1), pointí (b) go (g), agus seirbhísí árachais agus athárachais, mura idirbhearta coimhdeacha na hidirbhearta sin.

2.   Ní chuirfear san áireamh diúscairtí sócmhainní caipitil inláimhsithe nó doláimhsithe duine inchánach chun an láimhdeachas dá dtagraítear i mír 1 a ríomh.’;”.

Airteagal 3

Trasuí

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin is gá chun Airteagal 1, pointí (1), (2), (5), (7), (12), a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann le scriosadh Airteagal 103 de Threoir 2006/112/CE, agus (20) agus Airteagal 2, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig 2024.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025.

Féadfaidh na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin a chur i bhfeidhm maidir le hIarscríbhinn III, pointe (7) agus pointe (13), a bhaineann le rochtain ar bheoshruth na n-imeachtaí nó na gcuairteanna a chumhdaítear leis na pointí sin, agus pointe (26) de Threoir 2006/112/CE, a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, ón 1 Eanáir 2025.

2.   Cuirfidh na Ballstáit téacs na bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo in iúl don Choimisiún láithreach.

3.   Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

Airteagal 4

Athbhreithniú

Ar bhonn measúnú an féidir réitigh a bheith ann a bheadh slán i bhfad na haimsire arna gcur in oiriúint don aois dhigiteach agus arna n-ailíniú leis an gcuspóir maidir le Córas um CBL bunaithe ar cheann scríbe, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun forálacha ábhartha na Treorach seo a leasú a mhéid a bhaineann leis an scéim corrlaigh a leagtar síos i dTeideal XII, Caibidil 4, de Threoir 2006/112/CE.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm ar dháta a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 6

Seolaithe

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna déanamh i Lucsamburg, 5 Aibreán 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

B. LE MAIRE


(1)  Tuairim an 9 Márta 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  IO C 283, 10.8.2018, lch. 35.

(3)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (“Clár EU4Health”) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 (IO L 310, 26.11.2015, lch. 1).

(6)  Treoir (AE) 2020/285 ón gComhairle an 18 Feabhra 2020 lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha a mhéid a bhaineann leis an scéim speisialta d’fhiontair bheaga agus Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 a mhéid a bhaineann leis an gcomhar riaracháin agus leis an malartú faisnéise chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart na scéime speisialta d’fhiontair bheaga (IO L 62, 2.3.2020, lch. 13).

(7)  IO C 369, 17.12.2011, lch. 14.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2006/112/CE mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (3) go (8):

“(3)

táirgí cógaisíochta a úsáidtear chun críoch míochaine agus tréidliachta, lena n-áirítear táirgí a úsáidtear le haghaidh frithghiniúna agus táirgí cosanta sláintíochta do mhná, agus táirgí sláinteachais ionsúiteacha;

(4)

trealamh leighis, fearais, feistí, earraí, áiseanna agus fearas cosanta sláinte, lena n-áirítear maisc cosanta sláinte, atá ceaptha de ghnáth lena n-úsáid i gcúram sláinte nó lena n-úsáid ag daoine faoi mhíchumas, earraí atá riachtanach chun míchumas a chúiteamh agus a shárú, chomh maith le hoiriúnú agus deisiú earraí den sórt sin, agus iad a fháil ar cíos nó ar léas;

(5)

iompar paisinéirí agus iompar na n-earraí a ghabhann leo, amhail bagáiste, rothair, lena n-áirítear rothair leictreacha, mótarfheithiclí nó feithiclí eile, nó soláthar seirbhísí a bhaineann le hiompar paisinéirí;

(6)

leabhair, nuachtáin agus tréimhseacháin a sholáthar, lena n-áirítear ar iasacht ó leabharlanna, bíodh siad ar mhodhanna tacaíochta fisiceacha nó curtha ar fáil go leictreonach nó an dá rud (lena n-áirítear bróisiúir, bileoga agus ábhar clóite comhchosúil, leabhair pictiúr, líníochta nó dathúcháin do leanaí, ceol clóite nó i bhfoirm lámhscríbhinne, léarscáileanna agus cairteacha hidreagrafacha nó cairteacha comhchosúla), seachas foilseacháin atá dírithe go hiomlán nó den chuid is mó ar fhógraíocht agus seachas foilseacháin arb é atá iontu go hiomlán nó den chuid is mó ábhar físe nó ceol inchloiste; táirgeadh foilseachán eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus seirbhísí a bhaineann le táirgeadh den sórt sin;

(7)

cead isteach chuig seónna, amharclanna, sorcais, aontaí, páirceanna siamsaíochta, ceolchoirmeacha, músaeim, zúnna, pictiúrlanna, taispeántais agus imeachtaí agus saoráidí cultúrtha comhchosúla nó rochtain ar bheoshruthú na n-imeachtaí nó na gcuairteanna sin nó an dá rud;

(8)

glacadh seirbhísí craoltóireachta raidió agus teilifíse agus craoladh gréasáin na gclár den sórt sin arna soláthar ag soláthraí seirbhíse meán; seirbhísí rochtana idirlín a sholáthraítear mar chuid den bheartas digitithe, arna sainiú ag na Ballstáit;”;

(2)

cuirtear an méid a leanas in ionad phointe (10) agus phointe (10a):

“(10)

tithe a sholáthar agus a thógáil, mar chuid de bheartas sóisialta, mar atá sainithe ag na Ballstáit; tithe agus teaghaisí príobháideacha a athchóiriú agus a athrú, lena n-áirítear iad a scartáil agus a atógáil, agus iad a dheisiú; maoin dhochorraithe a ligean ar cíos le haghaidh úsáid cónaithe;

(10a)

foirgnimh phoiblí agus foirgnimh eile a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí ar mhaithe le leas an phobail a thógáil agus a athchóiriú;”;

(3)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(10c)grianphainéil

a sholáthar agus a shuiteáil ar theaghaisí príobháideacha, ar thithíocht agus ar fhoirgnimh phoiblí agus foirgnimh eile a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí atá chun leas an phobail nó grianphainéil a sholáthar agus a shuiteáil cóngarach dóibh;”;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (11):

“(11)

soláthar earraí agus seirbhísí de chineál a bheartaítear de ghnáth lena n-úsáid i dtáirgeadh talmhaíochta ach gan earraí caipitiúla ar nós innealra nó foirgneamh a áireamh; agus, go dtí an 1 Eanáir 2032, soláthar lotnaidicídí ceimiceacha agus leasachán ceimiceach;”;

(5)

cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

“(11a)eachaithe

beo agus soláthar seirbhísí a bhaineann le heachaithe beo;”;

(6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (13):

“(13)

cead isteach chuig imeachtaí spóirt nó rochtain ar bheoshruth na n-imeachtaí sin nó an dá rud; áiseanna spóirt a úsáid, agus ranganna spóirt nó ranganna aclaíochta coirp a sholáthar freisin nuair a bhíonn siad beoshruthaithe;”;

(7)

scriostar pointe (14);

(8)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (15):

“(15)

soláthar earraí agus seirbhísí ag eagraíochtaí atá ag gabháil d’obair leasa nó slándála sóisialta mar a shainmhínítear ag na Ballstáit agus a n-aithnítear iad a bheith tiomanta don dea-bhail shóisialta ag na Ballstáit, a mhéid nach bhfuil na hidirbhearta sin díolmhaithe de bhun Airteagal 132, Airteagal 135 agus Airteagal 136;”;

(9)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (18) agus phointe (19):

“(18)

soláthar seirbhísí a chuirtear ar fáil i dtaca le séarachas, glanadh sráide, bailiú bruscair agus cóireáil dramhaíola nó athchúrsáil dramhaíola, seachas soláthar seirbhísí den sórt sin ag comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 13;

(19)

soláthar seirbhísí deisithe d’fhearais tí, bróga agus earraí leathair, éadaí agus línéadach tí (lena n-áirítear deisiú agus athrú);”;

(10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (21):

“(21)

gruagaireacht;”;

(11)

cuirtear na pointí seo a leanas leis:

“(22)

soláthar leictreachais, téimh ceantair agus fuaraithe ceantair, agus bithgháis a tháirgtear leis an mbunábhar a liostaítear in Iarscríbhinn IX, Cuid A, a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1); soláthar agus suiteáil córas téimh íseal-astaíochtaí an-éifeachtúil lena gcomhlíontar na tagarmharcanna d’astaíochtaí a leagtar síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1189 ón gCoimisiún (*2) agus in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/1185 ón gCoimisiún (*3) agus ar tugadh lipéad fuinnimh an Aontais dóibh chun a thaispeáint go bhfuil an critéar dá dtagraítear in Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4) á chomhlíonadh; agus, go dtí an 1 Eanáir 2030, gás nádúrtha agus adhmad a úsáidtear mar chonnadh;

(23)

plandaí beo agus táirgí bláthanna eile, lena n-áirítear bleibíní, cadás, fréamhacha agus a leithéidí, bláthanna gearrtha agus duilliúr ornáideach;

(24)

éadaí agus coisbheart leanaí; soláthar suíochán gluaisteáin do leanaí;

(25)

soláthar rothar, lena n-áirítear rothair leictreacha; seirbhísí fruilithe agus deisithe rothar den sórt sin;

(26)

soláthar saothar ealaíne, earraí bailitheoirí agus seandachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn IX, Cuid A, Cuid B agus Cuid C;

(27)

seirbhísí dlí a sholáthraítear do dhaoine faoi chonradh oibre agus daoine dífhostaithe in imeachtaí cúirte oibreachais, agus seirbhísí dlí a sholáthraítear faoin scéim um chúnamh dlíthiúil, arna sainiú ag na Ballstáit;

(28)

uirlisí agus trealamh eile de chineál a bheartaítear de ghnáth le húsáid i seirbhísí tarrthála nó i seirbhísí garchabhrach nuair a sholáthraítear iad do chomhlachtaí poiblí nó eagraíochtaí neamhbhrabúsacha atá gníomhach i gcosaint shibhialta nó pobail;

(29)

soláthar seirbhísí i ndáil le hoibriú long solais, tithe solais nó áiseanna loingseoireachta agus seirbhísí tarrthála eile lena n-áirítear eagrú agus cothabháil na seirbhíse bád tarrthála.

(*1)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82)."

(*2)  Rialachán (AE) 2015/1189 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do choirí breosla sholadaigh a chur i bhfeidhm (IO L 193, 21.7.2015, lch. 100)."

(*3)  Rialachán (AE) 2015/1185 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena gcuirtear Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do choirí breosla sholadaigh a chur i bhfeidhm (IO L 193, 21.7.2015, lch. 1)."

(*4)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).”."


(*1)  Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn (athmhúnlú) (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).

(*2)  Rialachán (AE) 2015/1189 ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2015 lena gcuirtear Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do choirí breosla sholadaigh a chur i bhfeidhm (IO L 193, 21.7.2015, lch. 100).

(*3)  Rialachán (AE) 2015/1185 ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2015 lena gcuirtear Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais éicidhearthóireachta do choirí breosla sholadaigh a chur i bhfeidhm (IO L 193, 21.7.2015, lch. 1).

(*4)  Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena leagtar amach creat i gcomhair lipéadú fuinnimh agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lch. 1).”.”


Top