EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2521

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2521 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2022 lena gceartaítear an leagan Rómáinise de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/9302

IO L 326, 21.12.2022, p. 57–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2521/oj

21.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 326/57


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2521 ÓN gCOIMISIÚN

an 20 Nollaig 2022

lena gceartaítear an leagan Rómáinise de Threoir 2003/96/CE ón gComhairle lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 2(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar thoradh ar an leasú ar Threoir 2003/96/CE le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/552 ón gCoimisiún (2), tá earráidí in Airteagal 2(1)(h), sa dara fleasc d’Airteagal 16(1) agus in Airteagal 20(1)(h) sa leagan Rómáinise de Threoir 2003/96/CE a mhéid a bhaineann le táirgí áirithe a eisiamh, eadhon ullmhóidí frithmheirgithe ina bhfuil aimíní mar chomhábhair ghníomhacha agus tuaslagóirí comhchodacha neamhorgánacha agus tanaitheoirí le haghaidh vearnaisí agus táirgí comhchosúla, más táirgí iad a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid mar bhreosla téimh nó mar bhreosla mótair, agus le haghaidh a gcomhpháirteanna a tháirgtear ó bhithmhais.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Rómáinise de Threoir 2003/96/CE a cheartú dá réir. Ní dhéantar difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Dhleacht Mháil,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/552 an 6 Aibreán 2018 lena dtugtar cothrom le dáta na tagairtí i dTreoir 2003/96/CE ón gComhairle do chóid na hAinmníochta Comhcheangailte le haghaidh táirgí áirithe (IO L 91, 9.4.2018, lch. 27).


Top