EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32013R0610

Rialachán (AE) Uimh. 610/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

IO L 182, 29.6.2013, p. 1–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/610/oj

29.6.2013   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/1


RIALACHÁN (AE) Uimh. 610/2013 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meitheamh 2013

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen), an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77 (2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá sé mar aidhm ag beartas an Aontais i ndáil le teorainneacha seachtracha, bainistiú comhtháite a dhéanamh lena n-áiritheofar ardleibhéal aonfhoirmeach rialaithe agus faireachais, rud a bhfuil gá leis do shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas agus ar gné bhunúsach é de limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Chuige seo, ba cheart rialacha coiteanna maidir le caighdeáin agus le nósanna imeachta um rialú na dteorainneacha seachtracha a leagan síos agus na brúnna sonracha agus díréireacha a bhíonn ag roinnt Ballstát ag a dteorainneacha seachtracha á gcur san áireamh iontu. Ba cheart na rialacha a rialú faoi phrionsabal na dlúthpháirtíochta idir na Ballstáit.

(2)

Tá saorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar Schengen ar cheann de na héachtaí is mó a bhaineann leis an gcomhtháthú Eorpach. Is ceart bunúsach í saorghluaiseacht na ndaoine agus sonraítear na dálaí a bhaineann le feidhmiú an chirt sin sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh(CFAE) agus i dTreoir 2004/38/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le ceart shaoránaigh an Aontais agus ceart bhaill dá dteaghlaigh gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát (2).

(3)

Le díothú an rialaithe ag teorainneacha inmheánacha, tá gá le muinín iomlán fhrithpháirteach idir na Ballstáit maidir lena n-acmhainn na bearta tionlacain a chur chun feidhme go hiomlán chun go mbeifear in ann deireadh a chur leis an rialú seo.

(4)

Tháinig Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar teorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (3) i bhfeidhm an 13 Deireadh Fómhair 2006.

(5)

Tar éis é a chur i bhfeidhm go praiticiúil thar roinnt blianta, is léir go bhfuil gá le roinnt leasuithe, bunaithe ar thaithí phraiticiúil na mBallstát agus an Choimisiúin maidir le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 a chur i bhfeidhm, ar na torthaí ar mheastóireachtaí ar Schengen, agus ar na tuarascálacha agus na hiarrataí a chuir na Ballstáit isteach, chomh maith le forbairtí reachtacha ar dhlí príomhúil agus ar dhlí tánaisteach de chuid an Aontais agus an gá chun ceisteanna teicniúla géarchúiseacha a shoiléiriú agus a rianadh ar bhonn níos éifeachtúla.

(6)

Tá moltaí nithiúla i dtaobh leasuithe teicniúla ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 sa tuarascáil ón gCoimisiún, an 21 Meán Fómhair 2009, maidir le hoibriú na bhforálacha i ndáil le doiciméid taistil náisiúnach triú tíortha a stampáil i gcomhréir le hAirteagal 10 agus Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus sa tuarascáil ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2010 maidir le cur i bhfeidhm Theideal III (Teorainneacha Inmheánacha) de Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.

(7)

Le gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais a glacadh le déanaí, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosa) (4) agus Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha (5) atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais, ceanglaítear leasuithe áirithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006.

(8)

Mar an gcéanna, ba cheart forálacha áirithe den Choinbhinsiúin chun Comhaontú Schengen an 14 Meitheamh 1985 a chur chun feidhme idir Rialtais Stáit Aontas Eacnamaíoch Benelux, Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine agus Phoblacht na Fraince maidir le seiceálacha ag a gcomhtheorainneacha a dhíothú de réir a chéile (6) ("an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme") a leasú chun na hathruithe ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus an staid dhlíthiúil reatha a léiriú.

(9)

De bhun Chás C-241/05 Nicolae Bot v Préfet du Val-de-Marne (7), tá gá ann na rialacha a bhaineann le ríomh fhad údaraithe an fhanachta ghearrthéarmaigh san Aontas a leasú. Rachadh rialacha soiléire, simplí agus comhchuibhithe i ndáil leis na gníomhartha dlíthiúla uile a bhaineann leis an tsaincheist sin chun tairbhe taistealaithe agus na n-údarás teorainneacha agus víosaí araon. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 agus an Coinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme, Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach do víosaí (8) agus Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15 Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar na teorainneacha seachtracha agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (9), Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir Ballstáit (Rialachán VIS) (10) agus Rialachán (CE) Uimh. 810/2009, a leasú dá réir.

(10)

Le glacadh Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (11) (Frontex) ("an Ghníomhaireacht"), tá feabhas curtha ar bhainistiú comhtháthaithe na dteorainneacha seachtracha agus tá tuilleadh feabhsaithe curtha ar ról na Gníomhaireachta ag teacht le cuspóir an Aontais beartas a fhorbairt d’fhonn coincheap an Bhainistithe Chomhtháite ag Teorainneacha a thabhairt isteach de réir a chéile.

(11)

D'fhonn forálacha Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 a ailíniú le CFAE, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le bearta breise a ghlacadh chun faireachas a rialú chomh maith le leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin chuí le linn na réamhoibre, agus é sin ar leibhéal na saineolaithe freisin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(12)

Ós rud é nach bhféadfar cuspóir an Rialacháin seo, eadhon foráil a dhéanamh maidir le leasuithe teicniúla ar na rialacha atá ann cheana i Rialachán (CE) Uimh. 562/2006, sa Choinbhinsiún chun Comhaontú Schengen a chur chun feidhme chomh maith le Rialachán (CE) Uimh. 1683/95, Rialachán (CE) Uimh. 767/2008agus Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 a bhaint amach ach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(13)

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (12), ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin (13).

(14)

Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (14), a chur i bhfeidhm, agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh in gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (15).

(15)

Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen laistigh de bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme (16), a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (17).

(16)

I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal (Uimh. 22) maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ó tharla go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

(17)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (18); dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná níl faoi réir a chur i bhfeidhm.

(18)

Is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen (19); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 562/2006

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 leis seo mar a leanas:

(1)

Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a)

i pointe 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c)

calafoirt fharraige, abhann agus locha na mBallstát i gcás nasc inmheánach rialta bád farantóireachta;";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (4):

"4.

ciallaíonn "nasc rialta inmheánach bád farantóireachta" aon nasc bád farantóireachta idir an dá chalafort chéanna nó níos mó atá suite ar chríoch na mBallstát, gan dul isteach in aon chalafoirt nach bhfuil suite ar chríoch na mBallstát agus arb éard atá ann paisinéirí agus feithiclí a iompar de réir amchláir fhoilsithe;";

(c)

leasaítear pointe 5 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

"5.

ciallaíonn ‧daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais‧:";

(ii)

i bpointe (a), cuirtear an tagairt "Airteagal 20(1)" in ionad na tagartha "Airteagal 17(1)";

(iii)

i bpointe (b), cuirtear na focail "an tAontas" in ionad na bhfocal "an Comhphobal";

(d)

i bpointe 6, cuirtear an tagairt "Airteagal 20(1)" in ionad na tagartha "Airteagal 17(1)";

(e)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"8a.

ciallaíonn ‧pointe trasnaithe roinnte‧ aon phointe trasnaithe lonnaithe ar chríoch Bhallstáit nó ar chríoch tríú tír, ag a ndéanfaidh gardaí teorann an Bhallstáit agus gardaí teorann an tríú tír i ndiaidh a chéile, seiceálacha ar imeacht agus seiceálacha ar dhul isteach i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, agus de bhun comhaontaithe déthaobhaigh;";

(f)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 15:

"15.   ciallaíonn ‧cead cónaithe‧:

(a)

gach cead cónaithe a eisíonn na Ballstáit de réir na formáide aonfhoirmí a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh ceadanna cónaithe do náisiúnaigh tríú tíortha (20) agus cártaí cónaithe arna n-eisiúint i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE;

(b)

na doiciméid eile ar fad a eisíonn Ballstát chuig náisiúnaigh tríú tíortha a n-údaraítear tréimhse fanachta ar a gcríoch leo, ar doiciméid iad a bhí faoi réir fógra agus foilsithe ina dhiaidh sin i gcomhréir le hAirteagal 34, cé is moite den méid seo a leanas:

(i)

ceadanna sealadacha a eisítear ar feitheamh an chéad iarratas ar chead cónaithe amhail dá dtagraítear i bpointe (a) nó iarratas ar thearmann a scrúdú agus

(ii)

víosaí a eisíonn na Ballstáit san fhormáid aonfhoirmeach a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1683/95 ón gComhairle an 29 Bealtaine 1995 lena leagtar síos formáid aonfhoirmeach le haghaidh víosaí (21)

(g)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"18a.

ciallaíonn ‧oibrí amach ón gcósta‧ duine atá ag obair ar láthair amach ón gcósta ach atá lonnaithe in uiscí teorann na mBallstát nó i limistéar dúshaothraithe eacnamaíche eisíche muirí i gcomhair úsáid na mBallstát faoi mar a shainmhínítear sa dlí muirí idirnáisiúnta, agus a fhilleann go rialta ar chríoch na mBallstát, bíodh taisteal ar muir nó ar tír i gceist leis;";

(2)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

cearta daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais;";

(3)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

"Airteagal 3a

Cearta Bunúsacha

Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, déanfaidh na Ballstáit a gcuid cúraimí a chomhall agus dlí ábhartha an Aontais á chomhlíonadh go hiomlán acu, lena n-áirítear Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh ("an Chairt um Chearta Bunúsacha"); an dlí idirnáisiúnta is ábhartha, lena n-áirítear an Coinbhinsiún maidir le Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 ("Coinbhinsiún na Ginéive"); oibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, go háirithe prionsabal an non-refoulement; agus cearta bunúsacha. I gcomhréir le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, is ar bhonn indibhidiúil a dhéanfar cinntí faoin Rialachán seo.";

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 4:

"2.   De mhaolú ar mhír 1, féadfar eisceachtaí a cheadú ón oibleagáid teorainneacha seachtracha a thrasnú ag pointí trasnaithe teorann amháin agus ag na huaireanta oscailte seasta amháin:

(a)

i gcás daoine aonair nó grúpaí daoine, nuair atá gá speisialta le teorainneacha seachtracha a thrasnú lasmuigh de phointí trasnaithe teorann ó am go ham nó lasmuigh de na huaireanta oscailte seasta, chomh fada agus go bhfuil na ceadanna atá de cheangal orthu de réir dlí náisiúnta ina seilbh acu, agus nach bhfuil coimhlint ann le leasanna bheartas poiblí agus shlándáil inmheánach na mBallstát. Féadfaidh na Ballstáit socruithe sonracha a dhéanamh i gcomhaontuithe déthaobhacha. Maidir le heisceachtaí ginearálta dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta agus le comhaontuithe déthaobhacha, tábharfar fógra ina leith don Choimisiún de bhun Airteagal 34;

(b)

le haghaidh daoine aonair nó grúpaí daoine i gcás staid éigeandála gan choinne;

(c)

i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar amach in Airteagal 18 agus in Airteagal 19 i gcomhcheangal le hIarscríbhinn VI agus le hIarscríbhinn VII.";

(5)

Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na coda réamhráití:

"1.   I gcás tréimhsí beartaithe fanachta ar chríoch na mBallstát ar tréimhsí iad nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá, eadhon fad ar ina leith a fhéachtar ar an tréimhse 180 lá a thagann roimh gach lá fanachta, is iad seo a leanas na coinníollacha dul isteach le haghaidh náisiúnach tríú tíortha:";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

doiciméad taistil bailí a bheith ina seilbh acu lena gceadófar don sealbhóir an teorainn a thrasnú agus na critéir seo a leanas á sásamh aige:

(i)

beidh sé bailí fós trí mhí ar a laghad tar éis an dáta beartaithe imeachta ó chríoch na mBallstát. Féadfar an oibleagáid sin a tharscaoileadh i gcás éigeandála a bhfuil bonn cirt leis;.

(ii)

is doiciméad é a eisíodh sna deich mbliana roimhe sin;";

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"1a.   Chun críocha mír 1 a chur chun feidhme, measfar gurb é an lá a rachfar isteach an chéad lá den fhanacht ar chríoch na mBallstát agus measfar gurb é an lá a fhágtar an lá deireanach den fhanacht ar chríoch na mBallstát. Ní áireofar tréimhsí fanachta atá údaraithe faoi chead cónaithe nó faoi víosa fadfhanachta le linn tréimhse fanachta ar chríoch na mBallstát a ríomh.";

(c)

leasaítear mír 4 mar seo a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

maidir le náisiúnaigh tríú tíortha nach gcomhlíonann na coinníollacha ar fad a leagtar síos i mír 1 ach a mbeidh cead cónaithe nó víosa fadfhanachta ina seilbh acu, údarófar dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát eile chun críocha idirthurais ionas go bhféadfaidh siad críoch an Bhallstáit inar eisíodh an cead cónaithe nó an víosa fadfhanachta a bhaint amach, mura rud é go mbeidh a n-ainmneacha ar liosta náisiúnta foláireamh an Bhallstáit arb iad a theorainneacha seachtracha atá uathu a thrasnú agus go mbeidh treoracha ag gabháil leis an bhfoláireamh á rá nach mór dul isteach nó idirthuras a dhiúltú;";

(ii)

i bpointe (b), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre agus an dara mír:

"(b)

maidir le náisiúnaigh tríú tíortha a chomhlíonfaidh na coinníollacha a leagtar síos i mír 1, seachas na coinníollacha a leagtar síos i bpointe (b), agus a chuirfidh iad féin in iúl ag an teorainn, féadfar údarú dóibh dul isteach i gcríoch na mBallstát, má eisítear víosa ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 35 agus Airteagal 36 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (22).

Cuirfidh na Ballstáit staidreamh le chéile maidir leis na víosaí a eisítear ag an teorainn i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 agus le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis.

(6)

in Airteagal 6(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"1.   Le linn dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh, déanfaidh gardaí teorann dínit an duine a urramú go hiomlán, go háirithe i gcásanna a bhaineann le daoine soghonta.";

(7)

Leasaítear Airteagal 7 mar a leanas:

(a)

i mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír:

"Is í an tseiceáil íosta dá dtagraítear sa dara fomhír an riail le haghaidh daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais."

Le linn dóibh seiceálacha íosta a dhéanamh ar dhaoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, féadfaidh gardaí teorainn, áfach, ar bhonn nach bonn córasach, bunachair sonraí naisiúnta agus Eorpacha a cheadú chun a áirithiú nach ionann na daoine sin agus bagairt dáiríre, láithreach agus tromchúiseach go leor ar an tslándáil inmheánach, ar an mbeartas poiblí ná ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát, nó nach bagairt ar an tsláinte phoiblí iad.

Ní dhéanfaidh iarmhairtí ceadaithe den sórt sin an ceart chun dul isteach ar chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ar ceart é chun saorghluaiseachta atá ag daoine faoi dhlí an Aontais a leagtar síos i dTreoir 2004/38/CE, a chur i mbaol.";

(b)

i mír 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Gan dochar don dara fomhír, tabharfar faisnéis i scríbhinn do náisiúnaigh tríú tír atá faoi réir seiceála cuimsithí ar an dara líne ar faisnéis í maidir le cuspóir agus nós imeachta na seiceála sin, agus tabharfar an fhaisnéis sin dóibh i dteanga a thuigeann siad nó arb fhéidir glacadh leis ar bhonn réasúnta go bhfuil siad in ann an teanga sin a thuiscint, nó tabharfar an fhaisnéis sin dóibh ar bhealach éifeachtach eile.";

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6,

"6.   Is i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE a dhéanfar seiceálacha ar dhuine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais.";

(d)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

"8.   I gcás ina mbeidh feidhm ag pointe (a) nó pointe (b) d'Airteagal 4(2), féadfaidh na Ballstáit maoluithe a thabhairt ar na rialacha atá leagtha amach san Airteagal seo freisin.";

(8)

leasaítear Airteagal 9 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.

(a)

Maidir le daoine a mbeidh ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais, beidh siad i dteideal na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gCuid A d'Iarscríbhinn III ("AE, LEE, CH"). Féadfaidh siad freisin na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gCuid B1 ("níl víosa riachtanach") agus i gcuid B2 ("gach cineál pas") d'Iarscríbhinn III.

Maidir le náisiúnaigh tríú tír nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide víosa a bheith ina seilbh acu agus teorainneacha seachtracha na mBallstát á dtrasnú acu i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 agus náisiúnaigh tríú tíortha a mbeidh cead cónaithe bailí nó víosa fadfhanachta ina seilbh acu, féadfaidh siad na lánaí a úsáid a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gCuid B1 d'Iarscríbhinn III ("níl víosa riachtanach") a ghabhann leis an Rialachán seo. Féadfaidh siad freisin feidhm a bhaint as na lánaí a bheidh léirithe leis an gcomhartha ("gach cineál pas") atá i gcuid B2 d'Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo."

(b)

Úsáidfidh gach duine eile na lánaí a bheidh léirithe leis an gcomhartha ("gach cineál pas") atá i gcuid B2 d'Iarscríbhinn III.

Féadfar an fhaisnéis atá ar na comharthaí dá dtagraítear i bpointe (a) agus pointe (b) a léiriú i gcibé teanga nó teangacha a mheasfaidh gach Ballstát a bheith oiriúnach.

Níl sé éigeantach lánaí ar leith a sholáthar a bheidh léirithe leis an gcomhartha atá i gcuid B1 d'Iarscríbhinn III ("níl víosa riachtanach"). Cinnfidh na Ballstáit an ndéanfaidh siad na lánaí sin a sholáthar agus cinnfidh siad na pointí trasnaithe teorann i gcomhréir le riachtanais phraiticiúla.";

(b)

scriostar mír 5.

(9)

Leasaítear Airteagal 10 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an teidil "Doiciméid taistil a stampáil";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2.   Maidir le doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha ar baill iad de theaghlach saoránaigh de chuid an Aontais a mbeidh feidhm ag Treoir 2004/38/CE maidir leis, ach nach dtíolacfaidh an cárta cónaithe dá bhforáiltear sa Treoir sin, déanfar na doiciméid sin a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht na náisiúnach sin.

Maidir le doiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha ar baill iad de theaghlach de chuid náisiúnaigh tríú tír a mbeidh ceart chun saorghluaiseachta aige faoi dhlí an Aontais ach ar náisiúnaigh iad nach dtíolacfaidh an cárta cónaithe dá bhforáiltear i dTreoir 2004/38/CE, déanfar na doiciméid sin a stampáil ar dhul isteach agus ar imeacht na náisiúnach sin.";

(c)

leasaítear mír 3 mar a leanas:

(i)

sa chéad fhomhír, cuirtear na pointí seo a leanas isteach:

"(f)

do dhoiciméid taistil chriúnna traenacha paisinéirí agus earraí agus iad ar naisc idirnáisiúnta;

(g)

do dhoiciméid taistil náisiúnach tríú tíortha a thíolacann cárta cónaithe dá bhforáiltear i dTreoir 2004/38/CE.";

(ii)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Ar bhonn eisceachtúil agus ar iarraidh ó náisiúnach tríú tír, féadfar gan stampa um víosa dul isteach nó imeachta a chur má tá baol ann go gcruthóidh an stampa sin fadhbanna tromchúiseacha don duine sin. Sa chás sin, déanfar víosa dul isteach nó imeachta a thaifeadadh ar leathanach ar leith ar a sonrófar ainm agus uimhir phas an duine sin. Tabharfar an leathanach sin don náisiúnach ón tríú tír sin. Féadfaidh údaráis inniúla na mBallstát staidreamh a choimeád maidir le cásanna eisceachtúla den chineál sin agus féadfaidh siad an staidreamh sin a sholáthar don Choimisiún.";

(10)

leasaítear Airteagal 11 mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3.   I gcás nach mbréagnófar an toimhde dá dtagraítear i mír 1, féadfar an náisiúnach tríú tír a chur ar ais i gcomhréir le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le caighdeáin choiteanna agus nósanna imeachta coiteanna sna Ballstáit i ndáil le náisiúnaigh tríú tíortha atá ag fanacht go mídhleathach a chur ar ais (23) agus i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n–urramaítear an Treoir sin.

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

"4.   Beidh feidhm ag forálacha ábhartha mhír 1 agus mhír 2 mutatis mutandis in éagmais stampa imeachta.";

(11)

Leasaitear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Is é an príomhchuspóir atá leis an bhfaireachas ar na teorainneacha trasnú neamhúdaraithe a chosc, an choireacht thrasteorann a chomhrac agus bearta a ghlacadh i gcoinne daoine atá tar éis an teorainn a thrasnú go neamhdhleathach. Duine a thrasnaigh teorainn go mídhleathach agus nach bhfuil cead aige fanacht ar chríoch an Bhallstáit atá i gceist, déanfar an duine sin a ghabháil agus a chur faoi réir na nósanna imeachta lena n-urramaítear Treoir 2008/115/CE";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.   Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 maidir le bearta breise i ndáil le faireachas a rialú.";

(12)

in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

"5.   Baileoidh na Ballstáit staidreamh ar líon na ndaoine a ndiúltaítear dul isteach dóibh, ar an mbonn leis an diúltú sin, ar náisiúntacht na ndaoine a diúltaíodh dul isteach dóibh agus ar an gcineál teorann (teorainn ar thalamh, san aer, cois farraige) ag ar diúltaíodh dul isteach dóibh agus cuirfidh siad an staidreamh sin faoi bhráid an Choimisiúin (Eurostat) ar bhonn bliantúil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 862/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir le staidreamh Comhphobail i ndáil le himirce agus le cosaint idirnáisiúnta (24).

(13)

in Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Áiritheoidh na Ballstáit gur gairmithe speisialaithe a mbeidh oiliúint chuí orthu na gardaí teorann, agus cuirfear san áireamh lárchuraclaim choiteanna le haghaidh gardaí teorann, ar lár churaclaim iad a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha na mBallstát a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle a bhunú agus a fhorbairt. Áireofar sna curaclaim oiliúna oiliúint speisialaithe chun cásanna leochaileacha a bhrath agus chun déileáil leo, ar cásanna iad a bhaineann le daoine soghonta amhail mionaoisigh neamhthionlactha agus íospartaigh gáinneála. Le tacaíocht ón nGníomhaireacht, spreagfaidh na Ballstáit gardaí teorann chun na teangacha a fhoghlaim arb iad na teangacha a bheidh riachtanach chun a gcúraimí a chur i gcrích.";

(14)

in Airteagal 18, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Féadfaidh maoluithe ó Airteagal 4 agus Airteagal 5 agus ó Airteagal 7 go Airteagal 13 a bheith san áireamh sna rialacha sonracha sin.";

(15)

in Airteagal 19, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear na pointí seo a leanas leis an gcéad fhomhír:

"(g)

seirbhísí tarrthála, póilíní agus briogáidí dóiteáin agus gardaí teorann;

(h)

oibrithe amach ón gcósta.";

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Féadfaidh maoluithe ó Airteagal 4 agus Airteagal 5 agus ó Airteagal 7 go hAirteagal 13 a bheith san áireamh sna rialacha sonracha sin.";

(16)

in Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d)

an deis a d'fhéadfadh a bheith ag Ballstát foráil a dhéanamh le dlí lena gcuirfear oibleagáid ar náisiúnaigh tríú tíortha a láithreacht ar a chríoch a thuairisciú de bhun fhorálacha Airteagal 22 de Choinbhinsiún Schengen a chur chun feidhme."

(17)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

"Airteagal 32

Leasuithe ar na hIarscríbhinní

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn III, ar Iarscríbhinn IV agus ar Iarscríbhinn VIII.";

(18)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

"Airteagal 33

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(5) agus in Airteagal 32 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón 19 Iúil 2013.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 12(5) agus Airteagal 32 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

5.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(5) agus Airteagal 32 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle".

(19)

in Airteagal 34, leasaítear mír 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (a):

"(a)

liosta na gceadanna cónaithe agus idirdhealú á dhéanamh idir iad siúd a chumhdaítear le pointe (a) de phointe 15 d'Airteagal 2 agus iad siúd a chumhdaítear le pointe (b) de phointe 15 d'Airteagal 2 agus a mbeidh sampla le haghaidh ceadanna arna gcumhdach le pointe (b) de phointe 15 d'Airteagal 2 ag gabháil leo. Cártaí cónaithe a eiseofar i gcomhréir le Treoir 2004/38/CE, léireofar go soiléir gurb é an cineál sin ceada a bheidh i gceist agus cuirfear cóipeanna samplacha ar fáil i leith na gcártaí cónaithe sin nár eisíodh i gcomhréir leis an bhformáid aonfhoirmeach a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 1030/2002.";

(b)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

"(ea)

na heisceachtaí ó na rialacha maidir leis na teorainneacha seachtracha dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 4(2) a thrasnú;

(eb)

an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 10(3).";

(20)

in Airteagal 37, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre:

"Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha náisiúnta a bhaineann le hAirteagal 21(c) agus (d), maidir leis na pionóis amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(3) agus maidir leis na comhaontuithe déthaobhacha a údaraítear leis an Rialachán seo. Déanfar fógra maidir le hathruithe dá éis ar na forálacha sin a thabhairt laistigh de chúig lá oibre.";

(21)

Leasaítear Iarscríbhinní III, IV, VI, VII agus VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar an gCoinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme

Leasaítear leis seo an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme mar seo a leanas:

(1)

in Airteagal 18(1), cuirtear na focail "90 lá" in ionad na bhfocal "trí mhí";

(2)

leasaítear Airteagal 20 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an frása "90 lá le linn aon tréimhse 180 lá" in ionad an fhrása "trí mhí le linn na chéad sé mhí tar éis dháta an chéad teacht isteach";

(b)

i mír 2,cuirtear na focail "90 lá" in ionad na bhfocal "trí mhí";

(3)

leasaítear Airteagal 21 mar a leanas;

(a)

i mír 1, cuirtear an frása "90 lá le linn aon tréimhse 180 lá" in ionad an fhrása "trí mhí le linn aon tréimhse shé mhí";

(b)

scriostar mír 3;

(4)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

"Airteagal 22

Féadfar a chur d'oibleagáid ar eachtrannaigh a rachaidh isteach go dlíthiúil ar chríoch ceann de na Páirtithe Conarthacha teacht i láthair údaráis inniúla an Pháirtí Chonarthaigh ar ina chríoch a bheidh siad ag dul isteach, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagfaidh gach Páirtí Conarthach síos. Tiocfaidh eachtrannaigh den chineál sin i láthair ar dhul isteach dóibh nó laistigh de thrí lá oibre tar éis dul isteach dóibh, ar dhiscréid an Pháirtí Chonarthaigh ar ina chríoch a bheidh siad ag dul isteach.";

(5)

scriostar Airteagal 136.

Airteagal 3

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1683/95

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1683/95:

"Airteagal 5

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‧víosa‧ víosa faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (25).

Airteagal 4

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

"Beidh náisiúnaigh tríú tíortha atá ar an liosta in Iarscríbhinn II díolmhaithe ón gceanglas atá leagtha síos i mír 1 i gcás fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.";

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 2:

"Airteagal 2

Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‧víosa‧ víosa faoi mar a shainmhínítear é in Airteagal 2(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí)  (26).

Airteagal 5

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 767/2008

In Airteagal 12(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

"(iv)

d'fhan sé nó sí cheana féin ar feadh 90 lá i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmigh nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;".

Airteagal 6

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 810/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 leis seo mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear na nósanna imeachta agus na coinníollacha maidir le víosaí a eisiúint le haghaidh idirthuras trí chríoch na mBallstát nó le haghaidh tréimhsí fanachta atá beartaithe ar chríoch na mBallstát, agus nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá.";

(2)

in Airteagal 2, pointe 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a)

go ndéanfaí idirthuras trí chríoch na mBallstát nó go bhfanfaí ar chríoch na mBallstát ar feadh tréimhse nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá ón dáta a rachfar isteach den chéad uair ar chríoch na mBallstát;";

(3)

in Airteagal 25(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b)

"(b)

nuair, ar chúiseanna a measfaidh an chonsalacht bonn cirt a bheith leo, a eisítear víosa nua le haghaidh fanachta i rith na tréimhse céanna 180 lá chuig iarratasóir a bhain úsáid cheana, le linn na tréimhse 180 lá seo, as víosa aonfhoirmeach nó as víosa a raibh bailíocht chríochach theoranta aige a cheadaigh fanacht ar feadh 90 lá.";

(4)

in Airteagal 32(1)(a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (iv):

"(iv)

gur fhan sé 90 lá cheana féin i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmigh nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige;";

(5)

Leasaítear Iarscríbhinn VI, Iarscríbhinn VII agus Iarscríbhinn XI a ghabann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 7

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 19 Iúil 2013.

Beidh feidhm ag Airteagal 1(5)(a)(i), 1(5)(b), ag Airteagal 2(1) agus (2), ag Airteagal 2(3)(a), ag Airteagail 3, 4, 5 agus 6, ag pointe (3) d'Iarscríbhinn I agus ag Iarscríbhinn II ón 18 Deireadh Fómhair 2013.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Meitheamh 2013

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. SHATTER


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 20 Meitheamh 2013.

(2)  IO L 158, 30.4.2004, lch. 77.

(3)  IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

(4)  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.

(5)  IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.

(6)  IO L 239, 22.9.2000, lch. 19.

(7)  [2006]TCE I-9627.

(8)  IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.

(9)  IO L 81, 21.3.2001, lch. 1.

(10)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 60.

(11)  IO L 304, 22.11.2011, lch. 1.

(12)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

(13)  IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

(14)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

(15)  IO L 53, 27.2.2008, lch. 1.

(16)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 21.

(17)  IO L 160, 18.6.2011, lch. 19.

(18)  IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

(19)  IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

(20)  IO L 157, 15.6.2002, lch. 1.

(21)  IO L 164, 14.7.1995, lch. 1.";

(22)  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1";

(23)  IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.";

(24)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 23.";

(25)  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.".

(26)  IO L 243, 15.9.2009, lch. 1.".


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear leis seo na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 562/2006 mar a leanas:

(1)

Leasaítear Iarscríbhinn III mar seo a leanas:

(a)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid B:

"CUID B1:

‧níl víosa riachtanach‧;

Image

CUID B2:

‧gach cineál pas‧.

Image";

(b)

i gCuid C, cuirtear na comharthaí seo a leanas idir na comharthaí "AE, LEE, CH" agus na comharthaí "GACH CINEÁL PAS".

"Image Image Image";

(2)

i bpointe 3 d'Iarscríbhinn IV, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad míre:

"3.

Ar dhul isteach agus ar imeacht do náisiúnaigh tríú tíortha a bheidh faoi réir na hoibleagáide víosa, déanfar, mar riail ghinearálta, an stampa a ghreamú ar an leathanach ar aghaidh an leathanaigh ar a mbeidh an víosa greamaithe.";

(3)

in Iarscríbhinn V, cuid B, san Fhoirm chaighdeánach chun cead isteach a dhiúltú, cuirtear an méid seo a leanas in ionad litir (F):

"Tá 

(F)

tar éis 90 lá a chaitheamh cheana féin ar chríoch Bhallstáit an Aontais Eorpaigh sna 180 lá roimhe sin".;

(4)

Leasaítear Iarscríbhinn VI mar seo a leanas:

(a)

leasaítear pointe 1 mar a leanas:

(i)

i bpointe 1.1. cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"1.1.4.   Pointí trasnaithe teorann roinnte

1.1.4.1.

Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích nó a choinneáil ar bun le tríú tíortha comharsanachta maidir le pointí trasnaithe teorann roinnte a bhunú ag a ndéanfaidh gardaí teorann an Bhallstáit agus gardaí teorann an tríú tír, i ndiaidh a chéile, seiceálacha ar imeacht agus seiceálacha ar dhul isteach i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, ar chríoch an pháirtí eile. Féadfaidh pointí trasnaithe teorann roinnte a bheith suite ar chríoch an Bhallstáit nó ar chríoch tríú tír.

1.1.4.2.

Pointí trasnaithe theorann roinnte suite ar chríoch Ballstáit: Beidh údarú do ghardaí teorann tríú tír a gcúraimí a fheidhmiú sa Bhallstát sna comhaontuithe déthaobhacha lena mbunaítear pointí trasnaithe theorann roinnte ar chríoch Ballstáit, agus na prionsabail seo a leanas á n-urramú:

(a)

Cosaint idirnáisiúnta: Tabharfar rochtain ar nósanna imeachta ábhartha an Bhallstáit do náisiúnach tríú tír atá ag iarraidh cosaint idirnáisiúnta ar chríoch Ballstáit i gcomhréir le acquis an Aontais maidir le tearmann.

(b)

Duine a ghabháil nó maoin a urghabháil: Má thagann gardaí tríú tír ar an eolas faoi fhíricí a bhfuil bonn cirt leo leis an duine a ghabháil nó an duine a chur faoi chosaint nó le maoin a urghabháil, cuirfidh siad údaráis an Bhallstáit ar an eolas faoi na fíricí sin agus áiritheoidh údaráis an Bhallstáit go ndéanfar gníomh leantach iomchuí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais, agus leis an dlí idirnáisiúnta, go neamhspleách ar náisiúntacht an duine lena mbaineann.

(c)

Daoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais atá ag dul isteach i gcríoch an Aontais: Ní chuirfidh gardaí teorann tríú tír cosc ar dhaoine a bhfuil ceart chun saorghluaiseachta acu faoi dhlí an Aontais dul isteach i gcríoch an Aontais. Má tá cúiseanna ann a bhfuil bonn cirt leo le himeacht ón tríú tír lena mbaineann a dhiúltú, cuirfidh gardaí teorann tríú tír údaráis an Bhallstáit ar an eolas faoi na cúiseanna sin agus áiritheoidh údaráis an Bhallstáit go ndéanfar gníomh leantach i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta.

1.1.4.3.

Pointí trasnaithe theorann roinnte suite ar chríoch tríú tír: Beidh údarú do ghardaí teorann an Bhallstáit a gcúraimí a chomhlíonadh sa tríú tír sna comhaontuithe déthaobhacha lena mbunaítear pointí trasnaithe theorann roinnte ar chríoch tríú tír. Chun críche an Rialacháin seo, féachfar ar sheiceálacha a dhéanann gardaí teorann aon Bhallstáit ag pointe trasnaithe teorann roinnte ach atá suite ar chríoch tríú tír mar sheiceálacha a rinneadh ar chríoch an Bhallstáit a bheidh i gceist. Tabharfaidh gardaí teorann faoina gcuid cúraimí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 562/2006 agus na prionsabail seo a leanas á n-urramú:

(a)

Cosaint idirnáisiúnta: Tabharfar rochtain ar nósanna imeachta ábhartha Ballstáit i gcomhréir le acquis an Aontais maidir le tearmann do náisiúnach tríú tír atá imithe thar rialú imeachta arna fheidhmiú ag gardaí teorann tríú tír agus a iarann, ina dhiaidh sin, cosaint idirnáisiúnta ar ghardaí teorann an Bhallstáit atá i láthair sa tríú tír. Glacfaidh údaráis tríú tír le haistriú an duine lena mbaineann go críoch an Bhallstáit.

(b)

Duine a ghabháil nó maoin a urghabháil: Má thagann gardaí teorann Ballstáit ar an eolas faoi fhíricí a bhfuil bonn cirt leo le duine a ghabháil nó a chur faoi chosaint nó le maoin a urghabháil, gníomhóidh siad i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta. Glacfaidh údaráis tríú tír le haistriú an duine nó an ní lena mbaineann go críoch an Bhallstáit.

(c)

Rochtain ar chórais TF: I gcomhréir le hAirteagal 7, beidh cead ag gardaí teorainn Ballstáit córais faisnéise phróiseála sonraí pearsanta a úsáid maidir le faisnéis. Beidh cead ag Ballstáit na bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla a cheanglaítear le dlí an Aontais a bhunú d'fhonn sonraí pearsanta a chosaint ar scrios nó ar chailliúint mhídhleathach nó ar chailliúint de thaisme, ar athrú, ar nochtadh nó ar rochtain neamhúdaraithe, lena n-áirítear rochtain ag údaráis tríú tír.

1.1.4.4.

Sula dtabharfar i gcrích nó sula leasófar aon chomhaontú déthaobhach le tríú tír comharsanachta i ndáil le pointí trasnaithe teorann roinnte, rachaidh an Ballstát lena mbaineann i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le comhoiriúnacht an chomhaontaithe le dlí an Aontais. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas maidir le haon chomhaontú déthaobhach atá ann cheana faoin 20 Eanáir 2014.

Más dóigh leis an gCoimisiún nach bhfuil an comhaontú comhoiriúnach le dlí an Aontais, cuirfidh sé an Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin méid sin. Glacfaidh an Ballstát na céimeanna uile is iomchuí chun an comhaontú a leasú laistigh de thréimhse réasúnta ionas go bhfaighfear réidh leis na neamh-chomhoiriúnachtaí sin.";

(ii)

i bpointe 1.2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1.2.1. agus phointe 1.2.2.:

"1.2.1.

Déanfar seiceálacha ar phaisinéirí traenach agus ar fhoireann iarnróid araon ar thraenacha a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha, lena náirítear traenacha earraí nó traenacha folmha. Féadfaidh Ballstáit comhaontuithe déthaobhacha nó comhaontuithe iltaobhacha a thabhairt i gcrích maidir leis an mbealach chun na seiceálacha sin a dhéanamh agus na prionsabail a leagtar amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú. Déanfar na seiceálacha sin ar cheann de na bealaí seo a leanas:

sa chéad stáisiún a dtiocfaidh an traein isteach ann nó an stáisiún deireanach a n-imeoidh sí uaidh ar chríoch Ballstáit,

ar bord na traenach, le linn idirthurais idir an stáisiún deireanach a n-imeoidh sí uaidh i dtríú tír agus an chéad stáisiún a dtiocfaidh sí isteach ann ar chríoch Ballstáit, nó vice versa,

sa stáisiún deireanach a n-imeoidh an traein uaidh nó sa chéad stáisiún a dtiocfaidh sí isteach ann ar chríoch tríú tír.

1.2.2.

Ina theannta sin, d'fhonn sreafaí tráchta iarnróid na dtraenacha paisinéirí ardluais a éascú, féadfaidh na Ballstáit a bheidh ar chúrsa taistil na dtraenacha sin ó thríú tíortha a chinneadh freisin, i gcomhaontú leis na tríú tíortha lena mbaineann agus na prionsabail a leagtar amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú acu, seiceálacha ar dhul isteach a dhéanamh ar dhaoine i dtraenacha ó thríú tíortha ar cheann ar bith de na bealaí seo a leanas:

sna stáisiúin i dtríú tír ag a dtiocfaidh daoine ar an traein,

sna stáisiúin ag a dtuirlingeoidh daoine den traein, laistigh de chríoch na mBallstát,

ar bord na traenach le linn idirthurais idir na stáisiúin ar chríoch tríú tír agus stáisiúin ar chríoch na mBallstát, ar choinníoll go bhfanfaidh na daoine ar bord na traenach.";

(b)

cuitear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1.:

"3.1.   Nósanna imeachta seiceála ginearálta maidir le muirthrácht

3.1.1

Déanfar seiceálacha ar longa ag an gcalafort teacht isteach nó imeachta, nó i limistéar a chuirtear ar fáil go sonrach chun na críche sin agus a bheidh suite díreach taobh leis an árthach nó ar bord loinge sna huiscí teorann arna sainmhíniú ag Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige. Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe a thabhairt i gcrích agus féadfar seiceálacha a dhéanamh freisin i gcomhréir leis na comhaontuithe sin le linn trasnuithe nó, ar theacht i dtír nó ar imeacht na loinge, i gcríoch tríú tír, agus na prionsabail a leagtar amach i bpointe 1.1.4. á n-urramú.";

3.1.2.

Déanfaidh an máistir, gníomhaire na loinge nó duine éigin eile arna údarú go cuí ag an máistir nó a fhíordheimhneofar ar bhealach a bheidh inghlactha don údarás poiblí lena mbaineann (dá ngairfear, sa dá chás, an ‧máistir‧ anseo feasta), liosta den chriú agus d'aon phaisinéirí a bheidh ann a tharraingt suas, ar liosta é ar a mbeidh an fhaisnéis a bheidh de dhíth i bhfoirm 5 (liosta an chriú) agus i bhfoirm 6 (liosta na bpaisinéirí) den Choinbhinsiún maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú (Coinbhinsiún FAL) agus, i gcás inarb infheidhme, uimhir an víosa nó an cheada chónaithe:

ar a dhéanaí ceithre uair an chloig is fiche sula sroichfear an calafort, nó

ar a dhéanaí, nuair a fhágfaidh an long an calafort roimhe sin más turas níos lú ná fiche uair an chloig is fiche atá i gceist, nó

murab eol an calafort cuarda nó má athraítear le linn an turais é, a luaithe is a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

Cuirfidh an máistir an liosta/na liostaí in iúl do na gardaí teorann nó, má fhoráiltear dó sin sa dlí náisiúnta, d'údaráis ábhartha eile a chuirfidh an liosta/na liostaí ar aghaidh chuig na gardaí teorann gan mhoill.

3.1.3.

Déanfaidh na gardaí teorann nó na húdaráis dá dtagraítear i bpointe 3.1.2. daingniúchán a chur ar ais chuig an máistir go bhfuarthas an liosta/na liostaí (cóip shínithe den liosta/de na liostaí nó dearbhú leictreonach go bhfuarthas na liostaí) agus soláthróidh sé é arna iarraidh sin dó agus an long sa chalafort.

3.1.4.

Déanfaidh an máistir aon athrú ar chomhdhéanamh an chriú nó ar líon na bpaisinéirí a thuairisciúdon údarás inniúil gan mhoill.

Ina theannta sin, tabharfaidh an máistir fógra do na húdaráis inniúla gan mhoill, agus laistigh den teorainn ama a leagtar amach i bpointe 3.1.2., má tá folachánaithe ar bord. Fanann folachánaithe faoi fhreagracht an mháistir, áfach.

De mhaolú ar Airteagal 4 agus ar Airteagal 7, ní dhéanfar aon seiceálacha córasacha teorann ar dhaoine a bheidh ag fanacht ar bord. Mar sin féin, ní chuardóidh na gardaí teorann an long ná ní dhéanfaidh siad seiceálacha ar na daoine a bheidh ag fanacht ar bord ach amháin nuair a bheidh bonn cirt leis sin ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí.

3.1.5.

Tabharfaidh an máistir fógra don údaras inniúil faoi imeacht na loinge in am cuí agus i gcomhréir leis na rialacha a bheidh i bhfeidhm sa chalafort lena mbaineann.";

(c)

leasaítear pointe 3.2. mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.2.1:

"3.2.1.

Cuirfidh máistir na loinge cúrsála clár taistil agus clár na cúrsála chuig an údarás inniúil, a luaithe a shuífear iad agus tráth nach déanaí ná tráth laistigh den teorainn ama atá leagtha amach i bpointe 3.1.2.";

(ii)

i bpointe 3.2.2., cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

"Mar sin féin, ní dhéanfar seiceálacha ar chriú ná ar phaisinéirí na long sin ach amháin nuair a bheidh bonn cirt leis sin ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí.";

(iii)

i bpointe 3.2.3.(a) (b), cuirtear an tagairt "pointe 3.1.2." in ionad na tagartha "pointe 3.2.4.";

(iv)

i bpointe 3.2.3.(e), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Mar sin féin, ní dhéanfar seiceálacha ar chriú ná ar phaisinéirí na long sin ach amháin nuair a bheidh bonn cirt sin ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí.";

(v)

scriostar pointe 3.2.4.;

(vi)

i bpointe 3.2.9, scriostar an dara mír;

(vii)

i bpointe 3.2.10. cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"(i)

pointe 3.1.2. (oibleagáid liostaí paisinéirí agus criú a chur isteach) – níl feidhm aige. Más gá liosta na ndaoine a bheidh ar bord a tharraingt suas i gcomhréir le Treoir 98/41/CE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1998 maidir le clárú daoine atá ag taisteal ar bord long d'iompar paisinéirí a oibríonn trí dhul isteach i gcalafoirt Bhallstáit an Chomhphobail nó trí dhul amach astu (1), cuirfidh an máistir cóip den liosta sin ar aghaidh tráth nach déanaí ná tríocha nóiméad tar éis imeachta ó chalafort tríú tír chuig údarás inniúil an chalafoirt a dtiocfaidh an long i dtír ann i gcríoch na mBallstát

(viii)

cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

"3.2.11.

I gcás nach ndéanann bád farantóireachta a thiocfaidh ó thríú tír, a stopfaidh níos mó ná uair amháin laistigh de chríoch na mBallstát, paisinéirí a thabhairt ar bord ach amháin don chéim dheireanach den turas laistigh den chríoch sin, beidh na paisinéirí sin faoi réir seiceála ar imeacht ag an gcalafort a n-imeoidh an bád uaidh agus faoi réir seiceála ar dhul isteach ag an gcalafort a dtiocfaidh sé i dtír ann.

Maidir le daoine a bheidh ar bord an bháid farantóireachta cheana féin ag na stopanna sin agus nár tháinig ar bord i gcríoch na mBallstát, déanfar seiceálacha orthu ag an gcalafort ina dtiocfaidh an bád farantóireachta i dtír. Beidh an nós imeachta malartach i bhfeidhm nuair is tríú tír í an tír is ceann scríbe.";

(ix)

cuirtear isteach an pointe le teideal seo a leanas:

"Naisc lasta idir Ballstáit

3.2.12.

De mhaolú ar Airteagal 7, ní dhéanfar aon seiceálacha teorann ar naisc lasta idir an dá chalafort chéanna, nó níos mó ná dhá chalafort, atá suite ar chríoch na mBallstát, nach stopfaidh ag calafort ar bith lasmuigh de chríoch na mBallstát agus arb é iompar earraí a bheidh i gceist leo.

Mar sin féin, ní dhéanfar seiceálacha ar chriú ná ar phaisinéirí na long sin ach amháin nuair a bheidh bonn cirt leis sin ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí.";

(5)

Leasaítear Iarscríbhinn VII mar a leanas:

(a)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3.1. agus phointe 3.2:

"De mhaolú ar Airteagal 4 agus Airteagal 7, féadfaidh Ballstáit maraithe a mbeidh doiciméad aitheantais maraí acu, a eiseofar i gcomhréir le Coinbhinsiún na Maraithe de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Doiciméid Aitheantais, Uimh. 108 (1958) nó Uimh. 185 (2003), le Coinbhinsiún maidir le Muirthrácht Idirnáisiúnta a Éascú (Coinbhinsiún FAL), nó leis an dlí ábhartha náisiúnta, a údarú le dul isteach i gcríoch na mBallstát trí dhul i dtír chun fanacht i gceantar an chalafoirt chuarda nó i mbardais taobh leis, nó le himeacht ó chríoch na mBallstát trí dhul ar ais go dtí a gcuid long, gan iad féin a chur in iúl ag pointe trasnaithe teorann, ar choinníoll go mbeidh a n-ainmneacha ar liosta chriú na loinge a mbainfidh siad léi, liosta a bheidh curtha faoi bhráid na n-údarás inniúil cheana féin d'fhonn seiceálacha a dhéanamh.

Ar bhonn measúnaithe ar na rioscaí i dtaobh slándála inmheánaí agus inimirce mídhleathaí, áfach, beidh maraithe faoi réir seiceála ag na gardaí teorann, i gcomhréir le hAirteagal 7, sula rachaidh siad i dtír.".

(b)

i bpointe 6, cuirtear isteach na pointí. seo a leanas:

"6.4.

Ainmneoidh na Ballstáit pointí teagmhála náisiúnta i ndáil le comhairliúchán maidir le mionaoisigh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála náisiúnta sin ar fáil do na Ballstáit.

6.5.

I gcás ina bhfuil amhras ann maidir le haon cheann de na himthosca a leagtar amach i bpointí 6.1, 6.2 agus 6.3, bainfidh na gardaí teorann úsáid as liosta na bpointí teagmhála náisiúnta i ndáil le comhairliúchán maidir le mionaoisigh."

(c)

cuirtear isteach na pointí seo a leanas:

"7.   Seirbhísí tarrthála, póilíní, briogáidí dóiteáin agus gardaí teorann

Leagfar síos sa dlí náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, i gcomhaontuithe déthaobhacha, na socruithe maidir le dul isteach agus imeacht ball de sheirbhísí tarrthála, de na póilíní, briogáidí dóiteáin a bhíonn ag gníomhú i gcásanna éigeandála chomh maith le gardaí teorann a thrasnaíonn teorainn chun a gcúraimí proifisiúnta a fheidhmiú. Féadfaidh Ballstáit conarthaí déthaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha maidir le dul isteach agus imeacht na gcatagóirí daoine sin. Féadfaidh na socruithe sin agus na comhaontuithe déthaobhacha sin foráil a dhéanamh do mhaoluithe ar Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7.

8.   Oibrithe amach ón gcósta.

De mhaolú ar Airteagal 4 agus Airteagal 7, ní dhéanfar seiceáil chórasach ar oibrithe amach ón gcósta faoi mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe 18a, ar oibrithe iad a thiocfaidh ar ais go rialta ar muir nó trí aeriompar chuig críoch na mBallstát gan fanacht i gcríoch tríú tír.

Mar sin féin, cuirfear san áireamh measúnú ar na rioscaí i dtaobh inimirce mídhleathaí, go háirithe i gcás ina mbeidh imeallbhord tríú tír suite go díreach in aice le hionad amach ón gcósta, d'fhonn minicíocht na seiceálacha a bheidh le déanamh a chinneadh.";

(6)

in Iarscríbhinn VIII, leasaítear an fhoirm chaighdeánach mar a leanas:

(a)

cuirtear na focail "stampa dul isteach nó imeachta" in ionad na bhfocal "stampa dul isteach"

(b)

cuirtear an frása "Maidir leis an bhfianaise i ndáil lena thréimhse nó lena tréimhse fanachta i gcríoch na mBallstát, meastar go ndeachaigh sé/sí isteach i gcríoch Bhallstáit …/gur imigh sé/sí as críoch Bhallstát …" in ionad an fhrása "Maidir leis an bhfianaise i ndáil lena thréimhse nó lena tréimhse fanachta i gcríoch na mBallstát, meastar go ndeachaigh sé isteach i gcríoch Bhallstáit …"


(1)  IO L 188, 2.7.1998, lch. 35.";


IARSCRÍBHINN II

Leis seo, leasaítear na hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn VI, san "Fhoirm chaighdeánach chun fógra a thabhairt faoi víosa a bheith á dhiúltú, á neamhniú nó á chúlghairm", cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

"4.

tá tú tar éis fanacht 90 lá cheana féin i rith na tréimhse reatha 180 lá ar chríoch na mBallstát ar bhonn víosa aonfhoirmigh nó ar bhonn víosa a bhfuil bailíocht chríochach theoranta aige";

(2)

in Iarscríbhinn VII, pointe 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4

"Nuair atá víosa bailí ar feadh níos mó ná sé mhí, is 90 lá in aon tréimhse 180 lá tréimhsí na fanachta.";

(3)

In Iarscríbhinn XI, cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

"2.   An víosa a eiseofar, is víosa aonfhoirmeach do dhul isteach iolrach a bheidh ann, lena n-údarófar fanacht nach faide ná 90 lá ar feadh ré na gCluichí Oilimpeacha agus/nó na gCluichí Para-Oilimpeacha".


Top