EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016M055

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach
TEIDEAL VI - FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 55 (sean-Airteagal 53 CAE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 45–45 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/teu_2016/art_55/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/45


Airteagal 55

(sean-Airteagal 53 CAE)

1.   Tarraingíodh an Conradh seo suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Bhulgáiris, sa Chróitis, sa Danmhairgis, san Eastóinis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, san Ollainnis, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa tSeicis, sa tSlóivéinis, sa tSlóvaicis, sa Spáinnis, sa tSualainnis agus san Ungáiris, agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit shínitheacha.

2.   Féadfar an Conradh seo a aistriú chuig aon teanga eile arna cinneadh ag na Ballstáit as measc na dteangacha sin a bhfuil stádas oifigiúil acu ar a gcríoch nó ar chuid di, i gcomhréir le hord bunreachtúil na mBallstát sin. Cuirfidh na Ballstáit i dtrácht cóip dheimhnithe de na haistriúcháin sin ar fáil agus taiscfear iad i gcartlann na Comhairle.


Top