EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E/PRO/15

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
PRÓTACAL (Uimh. 15) MAIDIR LE FORÁLACHA ÁIRITHE A BHAINEANN LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN

IO C 202, 7.6.2016, p. 284–286 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/pro_15/oj

   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/284


PRÓTACAL (Uimh. 15)

MAIDIR LE FORÁLACHA ÁIRITHE A BHAINEANN LE RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG AITHINT DÓIBH nach gcuirfear de cheangal ar an Ríocht Aontaithe ná nach mbeidh sí faoi ghealltanas an euro a ghlacadh gan a rialtas agus a Parlaimint cinneadh ar leith chuige sin a ghlacadh,

ÓS RUD É gur chuir rialtas na Ríochta Aontaithe in iúl don Chomhairle an 16 Deireadh Fómhair 1996 agus an 30 Deireadh Fómhair 1997 nach raibh sé ar intinn aige a bheith rannpháirteach sa tríú céim den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta,

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH cleachtas rialtas na Ríochta Aontaithe a riachtanas iasachta a chistiú trí fhiachas a dhíol leis an earnáil phríobháideach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

1.

Mura gcuirfidh an Ríocht Aontaithe in iúl don Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aici an euro a ghlacadh, ní bheidh aon iallach uirthi déanamh amhlaidh.

2.

Ag féachaint don fhógra a thug rialtas na Ríochta Aontaithe don Chomhairle an 16 Deireadh Fómhair 1996 agus an 30 Deireadh Fómhair 1997, beidh feidhm ag míreanna 3 go 8 agus mír 10 maidir leis an Ríocht Aontaithe.

3.

Coimeádfaidh an Ríocht Aontaithe a cumhachtaí i réimse beartas airgeadaíochta i gcomhréir lena dlí náisiúnta.

4.

Ní bheidh Airteagal 282(2), cé is moite den chéad abairt agus den abairt dheiridh de, Airteagal 282(5), an dara mír d'Airteagal 119, Airteagal 126(1), (9) agus (11), Airteagal 127(1) go (5), Airteagal 128, Airteagail 130, 131, 132 agus 133, Airteagal 138, Airteagal 140(3), Airteagal 219 agus Airteagal 283 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme ar an Ríocht Aontaithe. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 121(2) den Chonradh seo maidir léi, a mhéid a bhaineann le glacadh na gcodanna sin de na mórthreoirlínte beartais eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro i gcoitinne. Sna forálacha sin, ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar na tagairtí don Aontas ná do na Ballstáit agus ní áireofar Banc Shasana ar na tagairtí do bhainc cheannais náisiúnta.

5.

Déanfaidh an Ríocht Aontaithe gach dícheall easnamh rialtais iomarcach a sheachaint.

Leanfaidh Airteagail 143 agus 144 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh de bheith infheidhme ar an Ríocht Aontaithe. Beidh Airteagail 134(4) agus 142 infheidhme ar an Ríocht Aontaithe amhail is dá mbeadh maolú aici.

6.

Déanfar cearta vótála na Ríochta Aontaithe a fhionraí nuair a bheidh an Chomhairle ag glacadh na mbeart dá dtagraítear sna hAirteagail atá liostaithe i mír 4 agus sna cásanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 139(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Chun na críche sin, beidh feidhm ag an dara fomhír d'Airteagal 139(4) den Chonradh sin.

Ní bheidh aon cheart ag an Ríocht Aontaithe ach oiread a bheith rannpháirteach i gceapadh Uachtarán, Leasuachtarán agus chomhaltaí eile Bhord Feidhmiúcháin BCE faoin dara mír d"Airteagal 283(2) den Chonradh sin.

7.

Ní bheidh Airteagail 3, 4, 6, 7, 9.2, 10.1, 10.3, 11.2, 12.1, 14, 16, 18,19, 20, 22, 23, 26, 27, 30 go 34 agus 49 den Phrótacal maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh ("an Reacht") infheidhme ar an Ríocht Aontaithe.

Sna hAirteagail sin, ní áireofar an Ríocht Aontaithe ar na tagairtí don Aontas ná do na Ballstáit agus ní áireofar Banc Shasana ar na tagairtí do bhainc cheannais náisiúnta.

Ní áireofar caipiteal suibscríofa Bhanc Shasana ar na tagairtí do "chaipiteal suibscríofa an Bhainc Cheannais Eorpaigh" in Airteagail 10.3 agus 30.2 den Reacht.

8.

Beidh éifeacht ag Airteagal 141(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus ag Airteagail 43 go 47 den Reacht, bíodh Ballstát a bhfuil maolú aige ann nó ná bíodh, faoi réir na leasuithe seo a leanas:

(a)

Áireofar na tagairtí in Airteagal 43 do chúraimí BCE agus IEA ar na cúraimí sin nach mór a chomhall fós tar éis an euro a thabhairt isteach de dheasca aon chinneadh ón Ríocht Aontaithe gan an euro a ghlacadh.

(b)

I dteannta na gcúraimí dá dtagraítear in Airteagal 46 tabharfaidh BCE comhairle freisin a bhaineann le hullmhú aon chinnidh ón gComhairle maidir leis an Ríocht Aontaithe arna ghlacadh i gcomhréir le míreanna 9(a) agus 9(c), agus rannchuideoidh sé le hullmhú an chinnidh sin.

(c)

Íocfaidh Banc Shasana a shuibscríbhinn le caipiteal BCE mar ranníocaíocht chuig a chostais oibríochtúla ar an mbonn céanna le bainc cheannais náisiúnta Bhallstát a bhfuil maolú acu.

9.

Féadfaidh an Ríocht Aontaithe a chur in iúl don Chomhairle tráth ar bith go bhfuil ar intinn aici an euro a ghlacadh. Sa chás sin:

(a)

Ní bheidh an ceart ag an Ríocht Aontaithe an euro a ghlacadh ach amháin ar an gcoinníoll go gcomhallann sí na coinníollacha is gá. Cinnfidh an Chomhairle, ag gníomhú di arna iarraidh sin don Ríocht Aontaithe agus faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 140(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an gcomhallann sí fós na coinníollacha is gá.

(b)

Íocfaidh Banc Shasana a chaipiteal suibscríofa, aistreoidh sé sócmhainní chuig cúlchistí eachtracha an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus ranníocfaidh sé lena chúlchistí ar an mbonn céanna le banc ceannais náisiúnta Ballstáit a bhfuil a mhaolú aisghairthe.

(c)

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di faoi na coinníollacha agus i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 140(3) den Chonradh sin, gach cinneadh eile is gá a ghlacadh chun a chumasú don Ríocht Aontaithe an euro a ghlacadh.

Má ghlacann an Ríocht Aontaithe an euro de bhun fhorálacha an Airteagail seo, scoirfidh míreanna 3 go 8 d'éifeacht a bheith leo.

10.

D'ainneoin fhorálacha Airteagail 123 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 21.1 den Reacht, féadfaidh Rialtas na Ríochta Aontaithe a shaoráid "ways and means" le Banc Shasana a choimeád ar bun mura nglacfaidh agus fad nach nglacfaidh an Ríocht Aontaithe an euro.


Top