EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52013PC0853
Proposal for a REGULATION OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL amending Regulation (EC) No 539/2001 listing the third countries whose nationals must be in possession of visas when crossing the external borders and those whose nationals are exempt from that requirement
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin
/* COM/2013/0853 final - 2013/0415 (COD) */
Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin /* COM/2013/0853 final - 2013/0415 (COD) */
MEABHRÁN
MÍNIÚCHÁIN 1. Comhthéacs an togra Leis an leasú beartaithe
seo ar Rialachán (CE) Uimh. 539/2001[1], ar leasaíodh go deireanach le
Rialachán (CE) Uimh. 1211/2010[2]
é, tá an Coimisiún ag dul i mbun na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán
a choigeartú, ag cur san áireamh an dul chun cinn atá déanta ag Poblacht na
Moldóive ina comhphlé maidir le léirscaoileadh víosaí i rith na dtrí bliana seo
caite, agus tá sé chun í a aistriú ó Iarscríbhinn I (liosta na dtríú
tíortha nach mór dá náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu agus iad ag dul
thar theorainneacha seachtracha Ballstát) go hIarscríbhinn II (liosta na
dtríú tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin) den
Rialachán; tá an t‑aistriú sin ag teacht leis an ngealltanas polaitiúil a
thug an tAontas Eorpach sa Dearbhú Comhpháirteach a faomhadh ag Cruinniú
Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir i bPrág an 7 Bealtaine 2009, ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá soghluaisteacht an
tsaoránaigh agus léirscaoileadh víosaí i dtimpeallacht shábháilte. Thug an AE
gealltanas tabhairt faoi chéimeanna de réir a chéile i dtreo léirscaoilte iomláin
víosaí san fhadtéarma do thíortha comhpháirtíochta, ar an gcoinníoll go bhfuil
na coinníollacha i bhfeidhm le haghaidh soghluaisteachta atá dea‑bhainistithe
agus slán. Sa Dearbhú Comhpháirteach a rinneadh tráth an chruinnithe den
Chomhairle um Chomhar idir an AE agus Poblacht na Moldóive an 21 Nollaig 2009, thángthas ar chomhaontú
comhphlé a sheoladh ina ndéanfaí imscrúdú ar na coinníollacha a bhainfeadh le
saoránaigh na Moldóive a bheith ag taisteal go dtí an AE gan víosa sa todhchaí. Comhthéacs ginearálta agus foras an togra In 2001, i gcomhréir le hAirteagal 62 (2)
(b) (i) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ghlac an Chomhairle
Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle ina liostaítear na tríú
tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu agus iad ag
dul thar theorainneacha seachtracha Ballstát (dá ngairtear an liosta diúltach)
agus na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (dá
ngairtear an liosta dearfach). Tá na liostaí sin luaite in Airteagal 61 de
Chonradh CE i measc na mbeart tionlacain atá nasctha go díreach le
saorghluaiseacht daoine i limistéar saoirse, slándála agus ceartais. Mar atá ráite in Aithris 5 de Rialachán 539/2001, "d'fhonn
cinneadh a dhéanamh cé na tríú tíortha sin a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an
cheanglais víosa, agus cé na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe
uaidh, déantar measúnú breithnithe ar gach cás ar leith de réir roinnt critéar
a bhaineann inter alia le hinimirce mhídhleathach, beartas poiblí agus
slándáil phoiblí agus caidreamh seachtrach an Aontais Eorpaigh le tríú tíortha;
meastar impleachtaí an chomhleanúnachais réigiúnaigh agus na cómhalartachta
freisin". I bhfianaise chritéir an oird phoiblí agus na hinimirce
mídhleathaí, ba cheart aird ar leith a thabhairt freisin ar shlándáil doiciméad
taistil arna n‑eisiúint ag na tríú tíortha lena mbaineann. Ós rud é gur féidir leis na critéir atá
leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 fabhrú thar am i ndáil le
tríú tíortha, ba cheart comhdhéanamh an liosta dhiúltaigh agus an liosta
dhearfaidh a athbhreithniú nuair is iomchuí. Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 539/2001
go deireanach in 2010 (faoi dhó) rud a léiríonn, ar thaobh amháin, toradh an
chomhphlé maidir le léirscaoileadh víosaí leis na tíortha sna Balcáin Thiar
tríd an Albáin agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a aistriú go
hIarscríbhinn II; agus, ar an taobh eile, athbhreithniú rialta a dhéanamh
ar liostaí na dtíortha tríd an Téaváin a aistriú go hIarscríbhinn II. Mhol
an Coimisiún i mí na Samhna 2012[3]
go ndéanfaí athbhreithniú rialta eile ar na liostaí tíortha. Táthar i mbun
idirbheartaíochta i gcónaí maidir leis an moladh sin. Tá an chéad ghnáth-athbhreithniú
eile beartaithe go luath in 2014 agus déanfaidh sé breithniú ar an tionchar
eacnamaíoch a bhaineann le léirscaoileadh víosaí, mar a d’fhógair an Coimisiún
ina Theachtaireacht i mí na Samhna 2012 i ndáil le víosaí agus fás[4]. Is é aidhm an athbhreithnithe seo ar an
Rialachán a áirithiú go gcomhlíonann comhdhéanamh liostaí na dtríú tíortha na
critéir atá leagtha amach in aithris (5) den Rialachán i bhfianaise an dul
chun cinn atá déanta ag Poblacht na Moldóive faoi chuimsiú a comhphlé maidir le
léirscaoileadh víosaí. 2. Eilimintí an togra Tar
éis cainteanna míniúcháin in Chisinau an 2 Márta 2010, osclaíodh Comhphlé Víosa go foirmiúil an 15 Meitheamh 2010, ar imeall an chruinnithe den
Chomhairle um Chomhar idir an AE agus Poblacht na Moldóive a bhí ar siúl i
Lucsamburg. Thug saineolaithe cuairt ar Phoblacht na Moldóive i rith mhí Mheán
Fómhair 2010 chun “anailís mhionsonraithe ar bhearnaí”
a dhéanamh a rinne measúnú cuimsitheach ar an staid ina raibh gach bloc
saincheisteanna arna chuimsiú ag an gComhphlé Víosa (slándáil doiciméad, lena n‑áirítear
bithmhéadracht; inimirce neamhrialta lena n‑áirítear athghlacadh; ord poiblí
agus slándáil; caidreamh eachtrach agus cearta bunúsacha), agus cuireadh faoi
bhráid na Comhairle í, ar leibhéal grúpa oibre, i mí Dheireadh Fómhair 2010. Ag
teacht le conclúidí na Comhairle (Gnóthaí Eachtracha) an 25 Deireadh Fómhair
2010 i ndáil le Poblacht na Moldóive agus Comhpháirtíocht an Oirthir, pléadh
dréacht-phlean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí do Phoblacht na Moldóive
(VLAP) agus thacaigh an Chomhairle leis an 16 Nollaig 2010. Ghlac Rialtas na Moldóive an Plean
Gníomhaíochta Náisiúnta Anótáilte an 17 Feabhra agus thíolaic
sé ag Cruinniú na nOifigeach Sinsearach é an 18 Feabhra 2011. An 16 Meán Fómhair 2011, tíolacadh an Chéad
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn[5]
maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí ag Rialtas
na Moldóive. An 9 Feabhra 2012, eisíodh an Dara Tuarascáil
ar Dhul Chun Cinn[6]
maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí ag
Rialtas na Moldóive. Bhí Cruinniú na nOifigeach Sinsearach ann an 27 Feabhra
2012 ag ar cuireadh i láthair an Dara Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn agus na
chéad chéimeanna eile sa phróiseas. An 22 Meitheamh 2012 eisíodh an Dara
Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn[7]
maidir le cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí ag
Rialtas na Moldóive. Ba í an tríú tuarascáil, agus an ceann deireanach, ar dhul
chun cinn chéad chéim an VLAP agus chuir sé measúnú comhdhlúite an Choimisiúin
i láthair maidir leis an dul chun cinn a bhí déanta ag Poblacht na Moldóive i dtaobh
tagarmharcanna chéad chéime an VLAP a bhaint amach, ar tagarmharcanna iad a
bhaineann le bunú an chreata reachtaigh, beartais agus institiúidigh. D’eisigh an Coimisiún an 3 Lúnasa 2012 measúnú
níos leithne, a raibh gníomhaireachtaí agus geallsealbhóirí ábhartha an AE
páirteach ann, ar an tionchar a d'fhéadfadh léirscaoileadh víosaí a imirt ar
imirce agus slándáil sa todhchaí do shaoránaigh na Moldóive a bheadh ag
taisteal chuig an AE.[8] Ghlac an Chomhairle le Conclúidí an 19 Samhain
2012 i gcomhréir le measúnú an Choimisiúin go raibh gach ceann de na
tagarmharcanna faoin gcéad chéim den Phlean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh
Víosaí comhlíonta ag Poblacht na Moldóive. Tá an creat reachtach, beartais agus
institiúideach a bhí de dhíth anois ann. Ina dhiaidh sin, seoladh an measúnú ar
na tagarmharcanna a leagadh amach faoin dara céim. Tionóladh Cruinniú na nOifigeach Sinsearach an
28 Eanáir 2013 ag ar cuireadh i láthair cuspóirí an dara céim in éineacht le
hullmhú na chéad mhisin mheasúnaithe eile. Eagraíodh misin mheasúnaithe ar
Bhloc 1, 2, 3 agus 4 den VLAP ón 18 Feabhra go 15 Márta
2013. Bhí na misin mheasúnaithe thar a bheith cuimsitheach i dtéarmaí scóip agus
shonraí an mheasúnaithe – mhair siad 4 seachtaine agus bhí 12 saineolaí ó na
Ballstáit páirteach agus iad á dtionlacan ag oifigeach de chuid an Choimisiúin
agus an EEAS. Is é an cuspóir a bhí ag na misin saineolaithe seo measúnú a
dhéanamh ar a mhéid atá na tagarmharcanna dara céim den Phlean Gníomhaíochta um
Léirscaoileadh Víosaí comhlíonta agus measúnú a dhéanamh ar an méid den chreat
reachtach, beartais agus institiúideach atá curtha chun feidhme, i gcomhlíonadh
na gcaighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta. Cuireadh bailchríoch ar na
tuarascálacha saineolaithe i mí Bealtaine 2013.
Eisíodh an Ceathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an 21 Meitheamh 2013[9] agus chuir sé i iúl an staid
ag a raibh cur chun feidhme an chreata reachtaigh agus institiúidigh, feidhmiú
na n‑institiúidí agus an leibhéal comhordaithe atá ann idir na
gníomhaireachtaí. Léiríonn an Cúigiú Tuarascáil ar Dhul Chun
Cinn[10],
ar glacadh an 15 Samhain 2013, a mhéid a cuireadh i bhfeidhm moltaí a eisíodh
sa Cheathrú Tuarascáil agus comhlíonadh na dtagarmharcanna VLAP dara céim ar an
iomlán. Tugadh aird faoi leith ar inbhuanaitheacht na n‑athchóirithe agus
na torthaí a baineadh amach, lena n‑áirítear trí leibhéal foirne,
acmhainn agus maoiniú oiriúnach. Áirítear leis measúnú ar a mhéid a cuireadh i
bhfeidhm na moltaí a cuireadh faoi bhráid Phoblacht na Moldóive, ar moltaí iad
a bhí sa Tuarascáil ar Mheasúnú Tionchair i mí Lúnasa 2012. Ba í conclúid an
Choimisiúin sa tuarascáil sin gur bhain Poblacht na Moldóive amach gach ceann
de na tagarmharcanna a leagadh síos sa cheithre bhloc den dara céim den VLAP,
agus go raibh dóthain acmhainní airgeadais agus daonna leithdháilte ag Poblacht
na Moldóive chun a chinntiú go bhfuil na hathchóirithe inbhuanaithe. Ón uair a seoladh an Comhphlé Víosa idir an AE
agus Poblacht na Moldóive i mí an Mheithimh 2010 agus ó tíolacadh an Plean
Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí d’údaráis na Moldóive i mí Eanáir 2011,
tá an Coimisiún i mbun tuairiscithe rialta do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag Poblacht na Moldóive ó
thaobh chomhlíonadh na dtagarmharcanna a aithníodh faoin gceithre bhloc den
chéad agus den dara céim den VLAP. Sa bhreis ar an bpróiseas mionsonraithe tuairiscithe
seo i ndáil leis an VLAP, lean an Coimisiún ag déanamh faireacháin ar an dul
chun cinn a bhí á dhéanamh ag Poblacht na Moldóive i réimsí ábhartha den VLAP
trí bhíthin: · Cruinniú na nOifigeach Sinsearach den Chomhphlé Víosa idir an AE agus
Poblacht na Moldóive; · Comh‑Fhochoiste Uimh. 3 an AE‑Poblacht na Moldóive; · Cruinniú Oifigeach Sinsearach na Comhpháirtíochta Soghluaisteachta idir
an AE agus Poblacht na Moldóive; · an Comhphlé maidir le Cearta an Duine idir an AE agus Poblacht na
Moldóive; · Comhchoiste um Athghlacadh an AE agus Poblacht na Moldóive; agus · Comhchoiste um Eisiúint Víosaí a Éascú an AE agus Poblacht na Moldóive. Pléitear go rialta staid an chomhair idir an
AE agus Poblacht na Moldóive i ngach ceann de na coistí agus comhphlé seo. Le
linn na gComhchoistí deireanacha um Éisiúint Víosaí a Éascú agus um Athghlacadh
a reáchtáladh an 12 Meitheamh 2013 sa Bhruiséil, chuir an Coimisiún in iúl go
raibh sé sásta le cur chun feidhme an dá chomhaontú ar an iomlán. Tháinig an Comhaontú bunaidh um Eisiúint
Víosaí a Éascú idir an AE agus Poblacht na Moldóive i bhfeidhm an 1 Eanáir
2008. Rinne sé foráil go mbeadh táille víosa laghdaithe ag gach saoránach de
chuid Phoblacht na Moldóive (‘saoránaigh na Moldóive’ anseo feasta) agus chuir
sé dlús le nósanna imeachta a bhaineann le heisiúint agus le catagóirí sonracha
iarratasóirí ón Moldóiv a bhfuil tarscaoileadh táille víosa acu, eisiúint níos
leithne víosaí iliontrála a bhfuil tréimhse fhada bhailíochta acu, agus
ceanglais shimplithe do dhoiciméid tacaíochta chun cuspóir an taistil a
chruthú. Bhí tarscaoileadh víosa ann do shealbhóirí pasanna taidhleoireachta freisin. Tháinig feidhm leis an gComhaontú um Léirscaoileadh Víosaí
uasghrádaithe le Poblacht na Moldóive an 1 Iúil 2013. Leis an gcomhaontú nua
seo cuirtear ar fáil éascuithe breise agus tairbhí suntasacha do shaoránaigh na
Moldóive: go háirithe, (1) baineann níos mó catagóirí iarratasóirí víosa
tairbhe as na héascuithe dá bhforáiltear sa chomhaontú bunaidh, (2) fágann na
forálacha maidir le víosaí iliontrála a eisiúint a bhfuil tréimhse fhada
bhailíochta acu do chatagóirí áirithe taistealaithe bona fide go bhfuil
níos lú discréide ag na consail, (3) cuirtear comhar na mBallstát le soláthraithe
seirbhíse seachtracha faoi réir creata reachtaigh shoiléir, agus (4)
díolmhaítear iad siúd a bhfuil pasanna seirbhíse bithmhéadraí acu ón oibleagáid
víosa. Seoladh an Chomhpháirtíocht Soghluaisteachta le Poblacht na Moldóive go
hoifigiúil i mí Mheán Fómhair 2008 in Chisinau. Tá 15 Ballstát i gceist léi (an
Bhulgáir, an Chipir, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia,
Poblacht na Seice, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin, an
tSlóvaic, an tSualainn agus an Ungáir,) agus dhá ghníomhaireacht AE (FRONTEX
agus an Fhondúireacht Eorpach Oiliúna), a d’oibrigh le chéile chun cur chuige
comhleanúnach maidir le comhar a chur i láthair do thír chomhpháirtíochta. Tá
réimse leathan tionscnamh curtha chun feidhme i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta
agus tugann sé aitheantas iomlán do cheithre ghné an Chur Chuige Domhanda i
leith na hImirce agus na Soghluaisteachta (GAMM): cur le himirce dhleathach
agus soghluaisteacht a éascú, imirce neamhrialta agus gáinneáil ar dhaoine a
chosc agus a chomhrac, tionchar forbartha na himirce agus na soghluaisteachta a
uasmhéadú, agus cosaint idirnáisiúnta a chur chun cinn. Níl réiteach cheist réigiún Trasnistria ina choinníoll do
léirscaoileadh víosaí faoin VLAP. Anuas air sin, níl aon tagairt sa VLAP do chur
i bhfeidhm ar leibhéal críochach. Rachaidh léirscaoileadh víosaí chun tairbhe
na saoránach a bhfuil pas bithmhéadrach Phoblacht na Moldóive ina seilbh acu. Tugann an togra seo aitheantas do thoradh na bpróiseas
a luadh thuas: ag cur san áireamh freisin go bhfuil na Comhaontuithe um
Eisiúint Víosaí a Éascú agus um Athghlacadh le Poblacht na Moldóive curtha chun
feidhme ar bhealach sásúil, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Poblacht na
Moldóive, atá ag baint amach gach ceann de thagarmharcanna an VLAP, a aistriú
ón liosta diúltach go dtí an liosta dearfach, ach go bhfuil an tarscaoileadh víosaí
seo srianta dóibh siúd a bhfuil pasanna bithmhéadracha acu arna n‑eisiúint
de réir chaighdeán an ICAO. 3. Na Chéad Chéimeanna Eile Uirlis thábhachtach agus éifeachtach a bhí sa
Chomhphlé Víosa idir an AE agus Poblacht na Moldóive chun athchóirithe
forleathana agus deacra sna réimsí Ceartais agus Gnóthaí Baile a chur chun
cinn, ach tionchar a imirt freisin ar réimsí amhail smacht reachta agus
athchóiriú ceartais, lena n‑áirítear maoiniú iontaofa páirtithe,
athbhreithniú ar dhíolúintí agus nuachóiriú riaracháin. Is socair agus éifeachtach
an dul chun cinn atá déanta ag Poblacht na Moldóive i rith na dtrí bliana seo
caite i ngach ceann de na réimsí atá cuimsithe ag ceithre bhloc an VLAP.
Léiríonn sé an tiomantas agus na hiarrachtaí leanúnacha atá déanta ag rialtais
éagsúla na Moldóive i ndiaidh a chéile agus ag gach institiúid Stáit chun
ardtosaíocht náisiúnta a thabhairt do chomhlíonadh na dtagarmharcanna VLAP. Tá sé ábhartha a chuimhneamh gur baineadh
amach na hathchóirithe i roinnt réimsí lárnacha a cuimsíodh san VLAP sa chéad
leath de 2013 d’ainneoin staid pholaitiúil ghuagach a mhair ar feadh roinnt
míonna, rud a thugann le fios go bhfuil leibhéal cuí rialachais mhaith ann
chomh maith le riarachán poiblí aibí. Tá leasuithe le déanamh ar
rialacha víosa an AE go gairid agus tionscnófar leis na leasuithe sin sásra fionraí
nua do tharscaoileadh víosaí, rud a chuirfidh le sláine an phróisis
léirscaoilte víosa a chaomhnú agus a chinnteoidh mar rogha dheireanach nach
mbeidh sé mar thoradh ar thaisteal gan víosa go mbeidh neamhrialtachtaí nó mí‑úsáid
ann. Measann an Coimisiún go bhfuil an dul chun
cinn riachtanach déanta ag Poblacht na Moldóive ó mhí
an Mheithimh seo caite chun a chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm ar bhonn
éifeachtach agus inbhuanaithe na hathchóirithe a bhí le déanamh aici chun
tagarmharcanna an VLAP a chomhlíonadh. Tá gach beart a bhí ag teastáil i
ndiaidh an cheathrú tuarascáil VLAP ar dhul chun cinn bainte amach. Tá feidhmiú
an chreata reachtaigh agus beartais, leagan amach na bprionsabal institiúideach
agus eagraíochtúil, agus cur i bhfeidhm na nósanna imeachta sna ceithre bhloc
ag teacht leis na caighdeáin ábhartha Eorpacha agus idirnáisiúnta. Agus é ag cur leis an measúnú reatha, agus ag
tagairt don toradh a bhí ar an bhfaireachán agus tuairisciú leanúnach a
rinneadh ón uair a seoladh an Comhphlé Víosa idir an AE agus Poblacht na
Moldóive, measann an Coimisiún go gcomhlíonann Poblacht na
Moldóive gach ceann de na tagarmharcanna a leagadh amach
sna ceithre bhloc den dara céim den VLAP. Ag cur san áireamh an chaidrimh idir
an AE agus Poblacht na Moldóive ar an iomlán agus na dinimice atá eatarthu,
cuireann an Coimisiún i láthair mar sin an togra reachtach riachtanach chun
Rialachán CE 539/2001 a leasú, de réir na modheolaíochta ar thángthas ar
chomhaontú uirthi faoin VLAP.[11]
Sa chomhthéacs sin, is fiú féachaint ar na
sonraí staitistiúla atá ar fáil. Bhí isteach is amach le 230 000 Moldóvach
ina gcónaí go dlíthiúil san AE[12]
ag deireadh 2012, de réir na sonraí a bhaineann le ceadanna cónaithe bailí.
Léiríonn sonraí staitistiúla go bhfuil laghdú tagtha ar an mbaol go rachaidh
saoránaigh na Moldóive ar imirce neamhrialta go dtí an AE: ón mbliain 2008,
nuair a gabhadh 6 830 inimirceach neamhrialta ón Moldóiv, tá an líon a
gabhadh laghdaithe gach bliain, agus níor gabhadh ach 3 070 in 2012, i.e.
laghdú 55 %. Tá laghdú faoina leath (-48%) tagtha ar iarratais ar
thearmann i rith na tréimhse sin freisin: rinne saoránaigh na Moldóive 435
iarratas ar thearmann in 2012, i gcomparáid le 837 iarratas in 2008. Tá feabhas
ag teacht ar an gcóimheas idir líon na ndaoine a cuireadh ar ais agus líon na
gcinntí a eisíodh maidir le daoine a chur ar ais agus baineadh 73 % amach
in 2012, i gcomparáid le 50 % nó mar sin i rith na gceithre bliana roimhe
sin. Ar deireadh, bíodh is go bhfuil líon na n‑iarratas víosaí
gearrchónaí Schengen cobhsaí le trí bliana anuas (idir 50 000 agus 55 000),
tá an ráta diúltaithe d’iarratais víosaí laghdaithe go mór ó 11.4 % in
2010 go 6.5 % in 2012. Cruthaíonn na sonraí seo go bhfuil laghdú suntasach
tagtha ar an mbaol ó imirce neamhdhleathach ó shaoránaigh na Moldóive.
Tabharfaidh na leasuithe ar rialacha víosaí an AE isteach sásra fionraí nua do
tharscaoileadh víosaí i Rialachán 539/2001, ar sásra é a chuirfidh le sláine an
phróisis léirscaoilte víosa agus a chinnteoidh, mar rogha dheireanach, nach
mbeidh neamhrialtachtaí nó mí‑úsáid mar thoradh ar thaisteal gan víosa. Leanfaidh an Coimisiún ag déanfaidh faireachán
gníomhach ar chur chun feidhme leanúnach Phoblacht na Moldóive ar gach
tagarmharc faoi cheithre bhloc an VLAP faoi chuimsiú na struchtúr agus comhphlé
Comhpháirtíochta agus Comhair atá ann cheana féin, agus, más gá, trí shásraí
leantacha ad hoc. Mar a bhí amhlaidh i gcás aistriú thíortha na
mBalcán Thiar isteach sa chóras áit nach bhfuil gá le víosa, níl aon údar ann
tabhairt i gcrích comhaontaithe léirscaoilte víosa leis an AE a bheith ina
coinníoll do chur chun feidhme an léirscaoilte víosaí do Phoblacht na Moldóive,
nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil gach saoránach de chuid an AE
díolmhaithe ón gceanglas víosa ag Poblacht na Moldóive agus go mbeadh an sásra fionraí
ina réiteach éifeachtach dá mbainfí mí‑úsáid as an gcóras gan víosa. 4. Príomheagraíochtaí/príomhshaineolaithe
a ndeachthas i gcomhairle leo Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit. 5. Measúnú tionchair Níl aon ghá le measúnú tionchar. 6. Bunús dlí I bhfianaise CFAE, forbairt ar an
gcomhbheartas víosa atá sa togra seo i gcomhréir le hAirteagal 77(2)(a)
CFAE. 7. Prionsabail na comhréireachta
agus na coimhdeachta Liostaítear i Rialachán (CE) Uimh. 539/2001
na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu agus
iad ag dul thar theorainneacha seachtracha (an liosta diúltach) agus na tríú
tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (an liosta
dearfach). Maidir leis an gcinneadh na liostaí a athrú
agus tíortha a aistriú ón liosta diúltach chuig an liosta dearfach nó a
mhalairt, is faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh a thagann sé i
gcomhréir le hAirteagal 77 (2) (a) CFAE. 8. Rogha ionstraimí Tá Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 le leasú
le Rialachán. 9. Impleacht bhuiséadach Ní bhaineann aon impleacht do bhuiséad an
Aontais Eorpaigh leis an leasú atá beartaithe. 2013/0415 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE)
Uimh. 539/2001 lena liostaítear na tríú tíortha a gcaithfidh a náisiúnaigh
víosaí a bheith acu agus iad ag dul thar theorainneacha seachtracha agus na
tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(a) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur
chuig na parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Ba cheart comhdhéanamh na
liostaí tríú tíortha in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a
ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 539/2001[13]
ón gComhairle a bheith ag luí leis na critéir atá leagtha síos ann, agus ba
cheart dó leanúint de bheith ag luí leo. Maidir leis na tríú tíortha a bhfuil
athrú tagtha ar a staid i ndáil leis na critéir sin, ba cheart iad a aistriú ó
Iarscríbhinn amháin go dtí an Iarscríbhinn eile. (2) I gcomhréir leis an Dearbhú
Comhpháirteach arna fhormheas ag Cruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir
i bPrág an 7 Bealtaine 2009, agus le Plean Gníomhaíochta um Léirscaoileadh
Víosaí a bheith curtha i gcrích ag Poblacht na Moldóive, measann an Coimisiún
go bhfuil gach ceann de na tagarmharcanna atá leagtha síos sa Phlean
Gníomhaíochta um Léirscaoileadh Víosaí comhlíonta ag Poblacht na Moldóive. (3) Toisc go gcomhlíonann sí gach
ceann de na tagarmharcanna, ba cheart Poblacht na Moldóive a aistriú go
hIarscríbhinn II de Rialachán (CE) Uimh. 539/2001. Ba cheart go mbeadh
feidhm ag an léirscaoileadh víosaí maidir le sealbhóirí pasanna bithmhéadracha
arna n‑eisiúint ag Poblacht na Moldóive I gcomhréir le caighdeáin na
hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO). (4) A fhad a bhaineann leis an
Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis
Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an
Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le
baint an dá stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis
Schengen[14],
rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 1 de
Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir
le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin[15]. (5) A fhad a bhaineann leis an
Eilvéis, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis
Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach,
an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le baint Chónaidhm na
hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm, agus forbairt acquis
Schengen[16],
rud a thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe (b) agus (c) d'Airteagal 1
de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh in éineacht le
hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle[17]. (6) A fhad a bhaineann le
Lichtinstéin, is éard atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis
Schengen dá bhforáiltear sa Phrótacal idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal
Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le
haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach,
an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm
na hEilvéise le acquis Schengen[18]
a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a
thagann faoin réimse dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 1 de
Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999, arna
léamh in éineacht le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón
gComhairle[19]. (7) Is forbairt é an Rialachán
seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe
páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine
2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus
Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i gcuid d’fhorálacha acquis
Schengen[20];
dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí
faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. (8) Is forbairt é an Rialachán
seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i
gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis
an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i gcuid d’fhorálacha acquis
Schengen[21];
dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal
aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. (9) A fhad a bhaineann leis an
gCipir, is éard atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis Schengen
nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir bhrí
Airteagal 3(1) d'Ionstraim Aontachais 2003. (10) A fhad a bhaineann leis an
mBulgáir agus leis an Rómáin, is éard atá sa Rialachán seo gníomh lena
gcuirtear le acquis Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis
Schengen de réir bhrí Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2005. (11) A fhad a bhaineann leis an
gCróit, is éard atá sa Rialachán seo gníomh lena gcuirtear le acquis
Schengen, nó a bhfuil baint ar shlí eile aige le acquis Schengen de réir
bhrí Airteagal 4(1) d'Ionstraim Aontachais 2011, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear
Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 mar seo a leanas: 1. in Iarscríbhinn I, Cuid
1, scriostar an tagairt don Mholdóiv. 2. in Iarscríbhinn II,
Cuid 1, cuirtear an tagairt seo a leanas isteach: "Moldóive, Poblacht na* ______________ * Beidh an
léirscaoileadh víosaí teoranta do shealbhóirí pasanna bithmhéadracha a eisíodh i
gcomhréir le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta
(ICAO).” Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo
ina cheangal go huile agus go hiomláin agus beidh sé infheidhme go díreach i
ngach Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann
Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán [1] IO L 81, 21.3.2001, lch. 1. [2] IO L 339, 22.12.2010, lch. 6. [3] COM(2012) 650 final [4] COM(2012) 649 final [5] SEC (2011) 1075 final [6] SWD (2012) 12 final [7] COM (2012) 348 final [8] COM (2012) 443 final [9] COM (2013) 459 críochnaitheach [10] Níor foilsíodh fós, tagairt le cur isteach níos
deireanaí [11] (*) Tá téacs an Chúigiú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn
faoin ISC faoi láthair; má tharlaíonn sé go n‑athraítear foclaíocht na
gconclúidí, ní mór an téacs a ailíniú dá réir. [12] Cuimsíonn na sonraí atá curtha i láthair sa chuid seo gach
ceann de thíortha an AE ach amháin an Ríocht Aontaithe, Éire agus an Chróit;
agus áirítear leo freisin sonraí don Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus
Lichtinstéin. Tháinig na sonraí uile ó Eurostat, ach amháin na sonraí maidir le
hiarratais agus diúltaithe víosaí, ar thiomsaigh DG HOME iad. [13] Rialachán (CE) Uimh. 539/2001 ón gComhairle an 15
Márta 2001 lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh
víosaí a bheith ina seilbh acu nuair atá na teorainneacha seachtracha á dtrasnú
acu agus lena liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh
díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 81,21.3.2001, lch. 1). [14] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36. [15] IO L 176, 10.7.1999, lch 31. [16] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52. [17] IO L 53, 27.2.2008, lch. 1. [18] IO L 160, 18.6.2011, lch. 21. [19] IO L 160, 18.6.2011, lch. 19. [20] IO L 131, 1.6.2000, lch. 43. [21] IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.