EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0274

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/274 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí sainchuspóireacha (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/8959

IO L 43, 24.2.2022, p. 25–28 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2022/274/oj

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/25


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/274 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí sainchuspóireacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (a), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir sin.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus i lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (CCFL agus EEFL) sainchuspóireacha (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 3(a), 3(b) agus 3(c) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Cumhdaítear leis an díolúine grúpa ilchineálach lampaí de chruthanna éagsúla, de theicneolaíochtaí éagsúla, d’fheidhmeanna éagsúla agus chun críoch éagsúil. Úsáidtear mearcair san fheadán gás-díluchtúcháin, atá fíor-riachtanach chun fuinneamh leictreach a thiontú go solas.

(6)

An 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún iarratas chun an díolúine a athnuachan (“an t-iarratas ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar amach in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, a leanadh in Eanáir 2020 le hiarratas breise ar athnuachan ó na hiarrthóirí céanna. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go mbeidh cinneadh glactha ar an iarraidh ar athnuachan.

(7)

Léiríodh sa mheasúnú ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht na n-ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadú nó díothú mearcair sna feidhmeanna lena mbaineann dodhéanta go teicniúil faoi láthair. Mar sin féin, cuireadh in iúl sa mheasúnú sin go bhfuil ionadaigh atá saor ó mhearcair i bhfoirm lampaí dé-óidí astaithe solais (LED) ar fáil, agus go n-úsáidtear iad i bhfoinsí solais i dtrealamh nua atá ag teacht ar an margadh. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Tá an díolúine i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), agus ar an gcaoi sin ní lagaítear an chosaint don chomhshaol agus don tsláinte a thugtar léi.

(9)

Cé gur cuireadh ionadaigh saor ó mhearcair in ionad CCFLanna agus EEFLanna in go leor feidhmeanna, tá na lampaí sin de dhíth i roinnt feidhmeanna fós chun a bhfeidhmíocht a áirithiú agus chun giniúint dramhaíola leictrí agus leictreonaí roimh am a sheachaint.

(10)

Dá bhrí sin, is iomchuí an t-athnuachan ar an díolúine a dheonú ar feadh tréimhse 3 bliana i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, le haghaidh na lampaí sin a úsáidtear i dtrealamh leictreach agus leictreonach a cuireadh ar an margadh sular glacadh an Treoir seo, agus le haghaidh na lampaí sin amháin. I gcomhréir le hAirteagal 5(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2011/65/AE, ní dócha go mbeidh impleachtaí díobhálacha ag fad na díolúine ar an nuálaíocht.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 3, 3(a), 3(b) agus 3(c):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“3

Mearcair i lampaí fluaraiseacha catóide fuaire agus i lampaí fluaraiseacha leictreoide seachtraí (CCFL agus EEFL) chun críoch speisialta a úsáidtear in TLL a chuirtear ar an margadh roimh an 24 Feabhra 2022 nach dtéann thar (in aghaidh an lampa):

 

3(a)

Gearrfhad (≤ 500 mm): 3,5 mg

In éag an 24 Feabhra 2025

3(b)

Meánfhad (> 500 mm agus ≤ 1 500  mm): 5 mg

In éag an 24 Feabhra 2025

3(c)

Mórfhad (> 1 500 mm): 13 mg

In éag an 24 Feabhra 2025”


Top