EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0888

Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/30/2021/INIT

IO L 202, 8.6.2021, p. 32–54 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/888/oj

8.6.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

32


RIALACHÁN (AE) 2021/888 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2021

lena mbunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 165(4), 166(4) agus 214(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is ar an dlúthpháirtíocht atá an tAontas bunaithe, i measc a shaoránach agus i measc na mBallstát araon. Leis an gcomhluach uilíoch sin, treoraítear gníomhaíochtaí an Aontais agus soláthraítear an aontacht is gá chun déileáil le dúshláin na sochaí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, ar dúshláin iad a bhfuil Eorpaigh óga toilteanach cabhrú dul i ngleic leo trína ndlúthpháirtíocht a chur in iúl sa chleachtas. In Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leagtar béim ar an dlúthpháirtíocht mar cheann de bhunphrionsabail an Aontais. Déantar tagairt do phrionsabal na dlúthpháirtíochta freisin in Airteagal 21(1) CAE mar chuid de dhúshraith ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

(2)

I bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh ar na riachtanais dhomhanda dhaonnúla agus d’fhonn feabhas a chur ar chur chun cinn na dlúthpháirtíochta agus infheictheacht na cabhrach daonnúla i measc shaoránaigh an Aontais, is gá an dlúthpháirtíocht a fhorbairt idir na Ballstáit agus le tríú tíortha atá thíos le tubaistí de dhéantús an duine nó tubaistí nádúrtha.

(3)

Le gníomhaíochtaí saorálaíochta maidir le cabhair dhaonnúil, ba cheart rannchuidiú le freagairt dhaonnúil bunaithe ar riachtanais agus ba cheart iad a bheith á dtreorú ag an gComhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil a leagtar amach sa Ráiteas Comhpháirteach ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh laistigh den Chomhairle, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach dar teideal “Comhdhearcadh Eorpach maidir le Cabhair Dhaonnúil” (4). Ba cheart an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an dlí um chearta an duine a chur chun cinn.

(4)

I gcás inarb iomchuí, ba cheart ról lárnach agus foriomlán comhordúcháin Oifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla a chur san áireamh maidir le freagairt chomhleanúnach idirnáisiúnta ar ghéarchéimeanna daonnúla a chur chun cinn.

(5)

Le gníomhaíochtaí saorálaíochta maidir le cabhair dhaonnúil, ba cheart rannchuidiú le freagairt dhaonnúil leormhaithe lena ndéantar an pheirspictíocht inscne i mbeartas an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil a neartú agus lena ndéantar freagairtí daonnúla leormhaithe do riachtanais shonracha ban agus fear de gach aois a chur chun cinn. Le gníomhaíochtaí saorálaíochta maidir le cabhair dhaonnúil, ba cheart riachtanais agus acmhainneachtaí na ndaoine sin atá sna cásanna is leochailí, lena n-áirítear mná agus leanaí, agus na daoine is mó atá i mbaol a chur san áireamh.

(6)

Le gníomhaíochtaí saorálaíochta maidir le cabhair dhaonnúil, ba cheart féachaint le rannchuidiú le feabhas a chur ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht chabhair dhaonnúil an Aontais, i gcomhréir le prionsabail na Dea-dheontóireachta Daonnúla.

(7)

In aitheasc ar Staid an Aontais an 14 Meán Fómhair 2016, leagadh béim ar an ngá le hinfheistiú a dhéanamh i ndaoine óga agus fógraíodh go mbunófaí Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach d’fhonn deiseanna a chruthú do dhaoine óga ar fud an Aontais beart a dhéanamh ar son na sochaí, dlúthpháirtíocht a léiriú agus a scileanna a fhorbairt, rud a chuirfeadh ar a gcumas taithí oibre, chomh maith le taithí ríluachmhar daonna, a fháil.

(8)

Ina theachtaireacht an 7 Nollaig 2016 dar teideal “A European Solidarity Corps” [Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach], leag an Coimisiún béim ar an ngá atá leis an dúshraith a neartú le haghaidh obair dhlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa, níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr le haghaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a sholáthar do dhaoine óga i raon leathan réimsí, agus tacaíocht a thabhairt do ghníomhaithe náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla maidir lena n-iarrachtaí déileáil le dúshláin agus géarchéimeanna éagsúla. Leis an teachtaireacht sin, seoladh an chéad chéim den Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach faoinar slógadh acmhainní faoi chláir éagsúla de chuid an Aontais chun deiseanna saorálaíochta, seala oiliúna nó poist a thairiscint do dhaoine óga ar fud an Aontais.

(9)

I gcomhthéacs an Rialacháin seo, tuigtear “an dlúthpháirtíocht” mar mheon na freagrachta aonair agus comhchoitinne as an leas coiteann, rud a léirítear trí ghníomhaíocht nithiúil a dhéanamh.

(10)

Is bealach tábhachtach chun dlúthpháirtíocht a chur in iúl é rannchuidiú le cúnamh a thabhairt do dhaoine agus do phobail lasmuigh den Aontas a bhfuil cabhair dhaonnúil ag teastáil uathu, bunaithe ar bhunphrionsabail na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais.

(11)

Is gá tuilleadh dlúthpháirtíochta a fhorbairt leis na daoine atá buailte ag géarchéimeanna agus tubaistí i dtríú tíortha agus an fheasacht maidir le cabhair dhaonnúil agus infheictheacht na cabhrach daonnúla araon, agus an fheasacht maidir leis an tsaorálaíocht agus infheictheacht na saorálaíochta i gcoitinne, mar ghníomhaíocht ar feadh an tsaoil a ardú i measc shaoránaigh an Aontais.

(12)

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag na Ballstáit go ndéanfaidh siad Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de a chur chun feidhme go hinmheánach agus trí ghníomhaíochtaí seachtracha araon.

(13)

Sna conclúidí uaithi an 19 Bealtaine 2017 maidir leis an nasc idir an daonnúlacht agus an fhorbairt a chur chun cinn, d’aithin an Chomhairle gur gá an athléimneacht a neartú trí nasc níos fearr a dhéanamh idir an chabhair dhaonnúil agus an comhar um fhorbairt agus gur gá na naisc oibríochtúla idir cineálacha comhlántacha cur chuige na cabhrach daonnúla, an chomhair um fhorbairt agus an choisc ar choinbhleachtaí a neartú tuilleadh.

(14)

Ba cheart deiseanna cuimsitheacha atá inrochtana go héasca a chur ar fáil do dhaoine óga le bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, rud a chabhródh leo a dtiomantas a chur in iúl maidir le leas a dhéanamh do phobail agus ag an am céanna taithí úsáideach, eolas úsáideach, scileanna úsáideacha agus inniúlachtaí úsáideacha a bheith á sealbhú acu maidir lena bhforbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil, rud a chuirfeadh feabhas dá réir sin ar a n-infhostaitheacht. Leis na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin, ba cheart tacú freisin le soghluaisteacht saorálaithe óga, le feasacht idirchultúrtha agus le hidirphlé idirchultúrtha.

(15)

Leis na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairgtear do dhaoine óga, ba cheart an deis a thabhairt dóibh rannchuidiú ar bhealach nithiúil tairbhiúil. Le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, ba cheart freastal ar riachtanais sa tsochaí nach bhfuiltear ag freastal orthu cheana agus ba cheart rannchuidiú le pobail agus rannpháirtíocht shibhialta a neartú. Le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, ba cheart an deis a thairiscint do dhaoine óga eolas luachmhar, scileanna luachmhara agus inniúlachtaí luachmhara a shealbhú. Ba cheart gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a bheith inrochtana ó thaobh airgid de do dhaoine óga, agus ba cheart iad a bheith á ndéanamh faoi dhálaí slána agus sláintiúla.

(16)

Le Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (“an Clár”), soláthraítear pointe aonair iontrála do ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Chun éifeachtúlacht chistiú an Aontais agus thionchar an Chláir a uasmhéadú, ba cheart don Choimisiún féachaint le sineirgíochtaí a bhunú ar fud na gclár ábhartha go léir ar bhealach comhleanúnach, ach gan na sineirgíochtaí sin a bheith ina gcúis chun cistí a úsáid chun cuspóirí a shaothrú seachas iadsan a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart comhsheasmhacht agus comhlántacht a áirithiú le beartais ábhartha eile de chuid an Aontais, amhail Straitéis Óige an Aontais Eorpaigh 2019-2027 (5), agus cláir ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Clár Erasmus+, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). Tá an Clár bunaithe ar láidreachtaí agus sineirgíochtaí clár a bhí ann roimhe agus atá ann anois, go háirithe an tSeirbhís Dheonach Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus an tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE, a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Ba cheart comhlántacht a áirithiú freisin le líonraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais a bhaineann le gníomhaíochtaí de chuid an Chláir, amhail líonra Eurodesk. Ina theannta sin, ba cheart comhlántacht idir scéimeanna gaolmhara atá ann cheana, go háirithe scéimeanna náisiúnta dlúthpháirtíochta, amhail saorálaíocht, an tseirbhís shibhialta, agus scéimeanna soghluaisteachta do dhaoine óga, agus an Clár a áirithiú chun tionchar agus cáilíochtaí na scéimeanna sin ar a chéile a fheabhsú agus a shaibhriú agus, i gcás inarb iomchuí, chun tógáil ar dhea-chleachtais. Níor cheart don Clár ionad na scéimeanna náisiúnta comhchosúla a ghabháil. Ba cheart rochtain chomhionann ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta náisiúnta a áirithiú do gach duine óg.

(17)

Chun a ré a ailíniú le ré an chreata airgeadais ilbhliantúil don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027 (“CAI 2021-2027”) a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (9), ba cheart an Clár a bhunú ar feadh tréimshe 7 mbliana.

(18)

Maidir leis an léiriú ar ghníomhartha dlí gaolmhara an Aontais, is iomchuí a mheas gur gníomhaíochtaí coibhéiseacha leis an tsaorálaíocht a dhéantar faoin tSeirbhís Dheonach Eorpach iad an tsaorálaíocht trasteorann agus an tsaorálaíocht a leanann de thacaíocht a fháil faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 araon.

(19)

Deartar an Clár chun deiseanna nua a chur ar fáil do dhaoine óga chun gníomhaíochtaí saorálaíochta a dhéanamh i réimsí a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht, agus chun tionscadail dlúthpháirtíochta a cheapadh agus a fhorbairt ar a dtionscnamh féin. Leis na deiseanna sin, rannchuidítear le feabhas a chur ar fhorbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil na ndaoine óga. Leis an gClár, ba cheart tacú freisin le gníomhaíochtaí líonraithe do rannpháirtithe agus d’eagraíochtaí rannpháirteacha agus le bearta chun cáilíocht na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo a áirithiú agus chun bailíochtú thorthaí foghlama na rannpháirtithe a fheabhsú. Ar an gcaoi sin, is é is aidhm leis an gClár freisin rannchuidiú le comhar Eorpach atá ábhartha do dhaoine óga agus le feasacht a ardú faoin tionchar dearfach a bhíonn aige. Is iomchuí go leanann na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairgtear nós imeachta soiléir agus mionsonraithe atá dírithe ar rannpháirtithe agus ar eagraíochtaí rannpháirteacha lena mbunaítear codanna gach céime de na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta.

(20)

Ba cheart breisluach féideartha Eorpach a chur ar fáil le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus ba cheart iad a bheith chun leas an phobail, agus ba cheart forbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, shibhialta agus ghairmiúil na rannpháirtithe a chothú leo. Ba cheart gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a fhorbairt i dtaca le réimsí éagsúla, amhail: oideachas agus oiliúint; obair óige; fostaíocht; comhionannas inscne; fiontraíocht agus, go háirithe, fiontraíocht shóisialta; saoránacht agus rannpháirtíocht dhaonlathach; feasacht idirchultúrtha agus idirphlé idirchultúrtha; cuimsiú sóisialta; cuimsiú daoine faoi mhíchumas; cosaint an chomhshaoil agus an dúlra; gníomhú ar son na haeráide; cosc tubaistí; ullmhacht agus téarnamh; talmhaíocht agus forbairt tuaithe; soláthar bia agus ábhar neamhbhia; sláinte agus folláine; cultúr, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha; cruthaitheacht; corpoideachas agus spórt; cúnamh sóisialta agus leas sóisialta; glacadh le náisiúnaigh tríú tír agus lánpháirtiú náisiúnach tríú tír, agus na dúshláin atá os comhair daoine a bhfuil cúlra imirceach acu á gcur san áireamh ag an am céanna; comhar críochach agus comhtháthú críochach; agus comhar trasna teorainneacha. Ba cheart gné láidir foghlama agus oiliúna a bheith san áireamh i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta trí ghníomhaíochtaí ábhartha a tháirgtear do rannpháirtithe roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta, lena linn, agus ina diaidh.

(21)

Eispéireas saibhir i gcomhthéacs na foghlama seachfhoirmiúla agus na foghlama neamhfhoirmiúla atá sa tsaorálaíocht, laistigh den Aontas agus lasmuigh de araon, agus feabhsaítear léi forbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil, saoránacht ghníomhach, rannpháirtíocht shibhialta agus infhostaitheacht daoine óga. Níor cheart drochthionchar a bheith ag an tsaorálaíocht ar fhostaíocht íoctha a d’fhéadfadh a bheith ann ná ar fhostaíocht íoctha atá ann cheana agus níor cheart í a mheas mar rud a ghabhfadh ionad na fostaíochta íoctha. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit obair i gcomhar le chéile maidir le beartais saorálaíochta i réimse na hóige tríd an modh oscailte comhordúcháin.

(22)

Is sócmhainn thábhachtach é meon tionscnaimh daoine óga don tsochaí agus do mhargadh an tsaothair. Leis an gClár, rannchuidítear leis an meon tionscnaimh sin a chothú trí dheis a thabhairt do dhaoine óga a dtionscadail dlúthpháirtíochta féin a dhearadh agus a chur chun feidhme, arb é is aidhm leis na tionscadail sin dul i ngleic le dúshláin shonracha chun leasa a bpobal áitiúil féin. Is deis iad na tionscadail dlúthpháirtíochta chun triail a bhaint as smaointe nua a bhaineann le dúshláin chomhchoiteanna agus as réitigh nuálacha ar dhúshláin den sórt sin trí chur chuige ón mbun aníos agus le tionscadail dlúthpháirtíochta, tacaítear le daoine óga gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thiomáint chun tosaigh astu féin. Is túsphointe iad tionscadail dlúthpháirtíochta freisin le haghaidh breis rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus is céad chéim iad chun rannpháirtithe a spreagadh i dtreo na féinfhostaíochta agus leanúint de bheith ina saoránaigh ghníomhacha mar shaorálaithe, oiliúnaithe nó fostaithe i gcumainn, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó comhlachtaí eile atá gníomhach in earnáil na dlúthpháirtíochta, earnáil an neamhbhrabúis agus earnáil na hóige.

(23)

Is féidir le rannpháirtithe sa tsaorálaíocht (“saorálaithe”) rannchuidiú le hacmhainneacht an Aontais a neartú cabhair dhaonnúil atá bunaithe ar riachtanais agus atá ar bhonn prionsabail a sholáthar agus is féidir leo rannchuidiú le héifeachtacht na hearnála daonnúla a mhéadú ar choinníoll go ndéantar iad a roghnú, a oiliúint agus a ullmhú go leormhaith lena n-imscaradh chun a áirithiú go bhfuil na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha acu chun cabhair a thabhairt do dhaoine atá i ngátar ar an mbealach is éifeachtaí is féidir agus ar choinníoll gur féidir leo brath ar thacaíocht agus ar mhaoirsiú leordhóthanach ar an láthair. Dá bhrí sin, tá ról na gcóitseálaithe, na meantóirí agus na saineolaithe, a bhfuil ardscileanna acu, atá ardoilte agus a bhfuil taithí acu, fíorthábhachtach chun rannchuidiú le héifeachtacht na freagartha daonnúla ar an láthair mar aon le tacú le saorálaithe mar chuid den tsaorálaíocht. Is féidir le cóitseálaithe, meantóirí agus saineolaithe den sórt sin páirt a ghlacadh sa tsaorálaíocht chun treoir a thabhairt do na saorálaithe agus chun iad a thionlacan agus chun cabhrú le tacaíocht a thabhairt do chomhpháirteanna forbartha agus fothaithe acmhainneachta na saorálaíochta, rud a neartaíonn ar an dóigh sin líonraí agus pobail áitiúla. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar acmhainneacht na n-ósteagraíochtaí i dtríú tíortha agus ar an ngá atá leis an tsaorálaíocht a dhaingniú sa chomhthéacs áitiúil agus le hidirghníomhaíocht na saorálaithe le gníomhaithe áitiúla daonnúla, leis an bpobal óstála agus leis an tsochaí shibhialta a éascú.

(24)

Tá sé tábhachtach go mbraithfeadh rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha gur cuid de phobal daoine agus eintiteas iad atá tiomanta don dlúthpháirtíocht a fheabhsú ar fud na hEorpa. San am céanna, tá tacaíocht de dhíth ar eagraíochtaí rannpháirteacha chun a n-acmhainneacht a neartú maidir le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ardcháilíochta a thairiscint do líon méadaitheach rannpháirtithe. Leis an gClár, ba cheart tacú le gníomhaíochtaí líonraithe arb é is aidhm leo rannpháirtíocht na rannpháirtithe agus na n-eagraíochtaí rannpháirteacha a neartú i bpobal den sórt sin, meon an Chláir a chothú agus malartú cleachtas úsáideach agus taithí a spreagadh. Le gníomhaíochtaí líonraithe, ba cheart rannchuidiú freisin le feasacht a ardú faoin gClár i measc gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus le bailiú aiseolais a éascú ó rannpháirtithe agus ó eagraíochtaí rannpháirteacha maidir le cur chun feidhme an Chláir.

(25)

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus na ndeiseanna a thairgtear faoin gClár a áirithiú, go háirithe trí oiliúint ar líne nó as líne, tacaíocht teanga agus tacaíocht riaracháin a thairiscint do rannpháirtithe roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta i gceist, lena linn agus ina diaidh, chomh maith le hárachas, lena n-áirítear cumhdach tionóisce, breoiteachta agus dliteanais tríú páirtí. Ba cheart bailíochtú an eolais, na scileanna agus na n-inniúlachtaí arna sealbhú ag na rannpháirtithe le linn a n-eispéireas faoin gClár a áirithiú. Tá slándáil agus sábháilteacht na rannpháirtithe, na n-eagraíochtaí rannpháirteacha agus na dtairbhithe beartaithe ríthábhachtach i gcónaí. Ba cheart ceanglais iomchuí imréitigh do rannpháirtithe a oibríonn le grúpaí leochaileacha a áireamh i slándáil agus sábháilteacht den sórt sin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme. Ba cheart do na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta uile an prionsabal arb é “gan dochar a dhéanamh” a chomhlíonadh agus ba cheart iad a chur chun feidhme agus aird chuí á tabhairt ar thionchar imthosca gan choinne amhail géarchéimeanna comhshaoil, coinbhleachtaí nó paindéimí. Níor cheart saorálaithe a imlonnú in oibríochtaí a dhéantar i limistéir coinbhleachtaí armtha idirnáisiúnta agus neamh-idirnáisiúnta nó i saoráidí lena sáraítear caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine.

(26)

Ba cheart don Chlár urraim a thabhairt do na prionsabail a leagtar amach i dTreoirlínte 2017 de chuid an Aontais Eorpaigh maidir le Cearta an Linbh a Chur chun Cinn agus a Chosaint agus in Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas.

(27)

Chun tionchar ghníomhaíochtaí an Chláir ar fhorbairt phearsanta, oideachasúil, shóisialta, chultúrtha, shibhialta agus ghairmiúil na rannpháirtithe a áirithiú, ba cheart an fhaisnéis, na scileanna agus na hinniúlachtaí ar cuspóirí foghlama na gníomhaíochta i gceist iad a shainaithint agus a dhoiciméadú go cuí. Chuige sin, ba cheart úsáid ionstraimí éifeachtacha ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh aitheantas a thabhairt d’fhoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta, amhail Youthpass agus Europass, a spreagadh, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na himthosca agus na sainiúlachtaí náisiúnta, mar a mholtar i Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 (10).

(28)

Ba cheart don Choimisiún agus do na gníomhaireachtaí náisiúnta iar-rannpháirtithe a spreagadh freisin chun a dtaithí a roinnt trí líonraí don óige, forais oideachais agus ceardlanna i róil amhail ambasadóirí nó mar bhaill de líonra. D’fhéadfadh iar-rannpháirtithe rannchuidiú le hoiliúint a chur ar na rannpháirtithe freisin.

(29)

Le lipéad cáilíochta, ba cheart a áirithiú go gcomhlíonann na heagraíochtaí rannpháirteacha prionsabail agus riachtanais an Chláir maidir lena gcearta agus lena bhfreagrachtaí ag gach céim d’eispéireas na dlúthpháirtíochta.

(30)

Aon eintiteas ar mian leis a bheith rannpháirteach sa Chlár, ba cheart dó lipéad cáilíochta a fháil ar choinníoll go gcomhlíonann sé na coinníollacha iomchuí. Ba cheart do chomhlachtaí cur chun feidhme an Chláir an próiseas trína mbronntar lipéad cáilíochta a dhéanamh ar bhonn leanúnach. Ba cheart do chomhlachtaí cur chun feidhme an Chláir athmheasúnú tréimhsiúil a dhéanamh féachaint an leanann na heintitis de na coinníollacha ba bhun lena lipéad cáilíochta a bhronnadh a chomhlíonadh. Ba cheart lipéad cáilíochta a chúlghairm i gcás inar léir, i gcomhthéacs na seiceálacha a dhéanann comhlachtaí cur chun feidhme an Chláir, nach bhfuil na coinníollacha sin á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an eintiteas i gceist. Ba cheart an próiseas riaracháin maidir le lipéad cáilíochta a bhronnadh a íoslaghdú oiread agus féidir sa chaoi nach gcuirfear bac ar eagraíochtaí níos lú a bheith rannpháirteach.

(31)

Ba cheart lipéad cáilíochta a bheith faighte ag aon eintiteas ar mian leis cur isteach ar chistiú chun gníomhaíochtaí a thairiscint faoin gClár. Níor cheart feidhm a bheith ag réamhchoinníoll den sórt sin maidir le daoine nádúrtha atá ag lorg tacaíocht airgeadais dá dtionscadail dlúthpháirtíochta thar ceann grúpa neamhfhoirmiúil de rannpháirtithe. Mar sin féin, níor cheart cistiú a fháil go huathoibríoch faoin gClár toisc go bhfaightear lipéad cáilíochta.

(32)

Mar riail ghinearálta, ba cheart iarratais ar dheontais a chur faoi bhráid ghníomhaireacht náisiúnta na tíre ina bhfuil an eagraíocht rannpháirteach lonnaithe. Iarratais ar dheontais le haghaidh gníomhaíochtaí a bhfuil gné uile-Aontais nó idirnáisiúnta ag baint leo, lena n-áirítear gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta de chuid foirne saorálaíochta i réimsí tosaíochta a aithnítear ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta mar thacaíocht le hoibríochtaí cabhrach daonnúla i dtríú tíortha, féadfar iad a bhainistiú go lárnach más iomchuí.

(33)

Féadfaidh eagraíochtaí rannpháirteacha roinnt feidhmeanna éagsúla a dhéanamh faoi chuimsiú an Chláir. I gcáil óstaigh, ba cheart d’eagraíochtaí rannpháirteacha gníomhaíochtaí a dhéanamh a bhaineann le glacadh leis na rannpháirtithe, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a eagrú agus treoir agus tacaíocht a sholáthar do rannpháirtithe le linn na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta, de réir mar is iomchuí. I bhfeidhm tacaíochta, féadfaidh siad gníomhaíochtaí i ndáil leis na rannpháirtithe a chur amach mar aon leis na rannpháirtithe a ullmhú roimh an ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta agus iad a threorú lena linn agus ina diaidh, lena n-áirítear oiliúint a chur ar rannpháirtithe agus iad a chur i dtreo eagraíochtaí áitiúla i ndiaidh na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta chun cur leis na deiseanna a bheadh ann tuilleadh eispéiris dlúthpháirtíochta a fháil. Leis an lipéad cáilíochta, ba cheart a léiriú go mbíonn difríocht idir ceanglais shonracha ag brath ar chineál na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta a chuirtear ar fáil, agus ba cheart a dheimhniú leis go bhfuil an eagraíocht in ann cáilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a áirithiú le linn gach céime den eispéireas dlúthpháirtíochta, i gcomhréir le prionsabail agus cuspóirí an Chláir. Aon eintiteas a dhéanann athrú suntasach ar a ghníomhaíochtaí, ba cheart dó é sin a chur in iúl do chomhlacht inniúil cur chun feidhme an Chláir, agus is féidir leis an gcomhlacht sin a athmheasúnú an leanann an t-eintiteas sin de na coinníollacha ba bhun leis an lipéad cáilíochta a bhronnadh a chomhlíonadh.

(34)

Chun tacú le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta i measc daoine óga, d’fhéadfadh eagraíochtaí rannpháirteacha a bheith ina n-eintitis phoiblí nó phríobháideacha nó ina n-eagraíochtaí idirnáisiúnta, bíodh siad de chineál neamhbhrabúsach nó brabúsach, agus d’fhéadfaí a áireamh leo eagraíochtaí don óige, institiúidí reiligiúnacha, comhlachtaí carthanais, eagraíochtaí tuata daonnachais, eagraíochtaí neamhrialtasacha nó gníomhaithe eile ón tsochaí shibhialta.

(35)

Ba cheart méadú ar thionscadail an Chláir a éascú. Ba cheart bearta sonracha a chur i bhfeidhm chun cabhrú le tionscnóirí thionscadail an Chláir iarratas ar dheontais a dhéanamh nó sineirgíochtaí a fhorbairt trí thacaíocht ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus ó chláir an Aontais a bhaineann le himirce, slándáil, ceartas agus saoránacht, sláinte agus cultúr.

(36)

Ba cheart d’Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh cuidiú le comhlachtaí cur chun feidhme an Chláir, na heagraíochtaí rannpháirteacha agus na rannpháirtithe chun cáilíocht chur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chláir a fheabhsú agus chun feabhas a chur ar shainaithint agus bailíochtú inniúlachtaí a shealbhaítear trí na gníomhaíochtaí sin, lena n-áirítear trí Youthpass.

(37)

Ba cheart Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh a fhorbairt go leanúnach chun rochtain éasca ar an gClár a áirithiú i gcomhréir leis na caighdeáin a bunaíodh le Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11) agus chun ionad ilfhreastail a chur ar fáil do dhaoine agus d’eagraíochtaí ar spéis leo é maidir le, inter alia, clárú, sainaithint agus meaitseáil próifílí agus deiseanna, líonrú agus malartuithe fíorúla, oiliúint ar líne, tacaíocht teanga agus iar-ghníomhaíochta agus feidhmiúlachtaí úsáideacha eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo.

(38)

Ba cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ag cur san áireamh an Creat Eorpach Idir-inoibritheachta, a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Márta 2017 dar teideal “European Interoperability Framework – Implementation Strategy” [An Creat Eorpach Idir-inoibritheachta – Straitéis Cur Chun Feidhme], lena dtugtar treoir shonrach ar an gcaoi le seirbhísí poiblí digiteacha idir-inoibritheacha a bhunú, agus a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit agus i gcomhaltaí eile den Limistéar Eacnamaíoch Eorpach trí chreata náisiúnta idir-inoibritheachta. Leis an gCreat Eorpach Idir-inoibritheachta, tugtar 47 moladh nithiúla don lucht riaracháin phoiblí i dtaca leis an gcaoi le rialachas ar a ngníomhaíochtaí idir-inoibritheachta a fheabhsú, le caidrimh thraseagraíochtúla a bhunú, le próisis a thacaíonn le seirbhísí digiteacha ó cheann go ceann a chuíchóiriú agus lena áirithiú nach gcuireann na gníomhartha dlí atá ann cheana ná na gníomhartha dlí nua isteach ar iarrachtaí idir-inoibritheachta.

(39)

Tá feidhm ag Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) (“an Rialachán Airgeadais”) maidir leis an gClár. Leis an Rialachán Airgeadais, leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais, lena n-áirítear rialacha maidir le deontais, duaiseanna, soláthar, bainistíocht indíreach, ionstraimí airgeadais, ráthaíochtaí buiséadacha, cúnamh airgeadais agus aisíocaíocht a dhéanamh le saineolaithe seachtracha.

(40)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 833/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), agus Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 (14), (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 (15) agus (AE) 2017/1939 (16) ón gComhairle, táthar chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhíthin bearta comhréireacha, lena n-áirítear bearta a bhaineann le neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a imscrúdú, lena n-áirítear calaois, le cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, le pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, tá an chumhacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. Tugtar de chumhacht d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, cionta coiriúla a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais, dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), a imscrúdú agus a ionchúiseamh. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, tá ar aon duine nó aon eintiteas a fhaigheann cistí de chuid an Aontais comhoibriú go hiomlán maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais, na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, don Chúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939, do OIPE, agus a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtithe a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(41)

Tá an Clár dírithe ar dhaoine óga idir 18 agus 30 bliain d’aois. Chun a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí a chuireann an Clár ar fáil, ba cheart ceangal a bheith ar dhaoine óga den sórt sin clárú ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ar dtús.

(42)

I bhfianaise dhúshláin shonracha na gníomhaíochta daonnúla, ba cheart do rannpháirtithe a dhéanann saorálaíocht mar thacaíocht le hoibríochtaí cabhrach daonnúla a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad agus gan a bheith os cionn 35 bliana d’aois.

(43)

Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú go mbíonn gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta inrochtana ag gach duine óg, agus go háirithe ag daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu. Ba cheart bearta speisialta a chur i bhfeidhm chun cuimsiú sóisialta agus, go háirithe, rannpháirtíocht daoine óga faoi mhíbhuntáiste, a chur chun cinn, lena n-áirítear cóiríocht réasúnta a chur ar fáil chun cur ar chumas na ndaoine faoi mhíchumas a bheith rannpháirteach go héifeachtach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar bhonn comhionann le daoine eile i gcomhréir le hAirteagal 27 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus le Treoir 2000/78/CE ón gComhairle (18). Le bearta speisialta den sórt sin, ba cheart a chur san áireamh na srianta atá ann mar gheall ar iargúltacht roinnt limistéar tuaithe, na réigiún is forimeallaí den Aontas agus na dtíortha agus na gcríoch thar lear agus mar gheall ar bhochtaineacht i limistéir pheirea-uirbeacha áirithe. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na Ballstáit, na tíortha agus na críocha thar lear agus na tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár féachaint leis na bearta iomchuí uile a ghlacadh chun deireadh a chur leis na bacainní dlí agus riaracháin atá ar fheidhmiú cuí an Chláir. Leis na bearta sin, ba cheart, nuair is féidir agus gan dochar do acquis Schengen agus dlí an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tíortha, na fadhbanna riaracháin a réiteach, ar fadhbanna iad a chruthaíonn deacrachtaí i dtaca le víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil agus, i gcás gníomhaíochtaí trasteorann laistigh den Aontas, i dtaca le Cárta Eorpach um Sláinte Árachais a fháil.

(44)

Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras a glacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide a chur chun feidhme agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, agus léiriú air sin is ea é go bhfuil an Clár beartaithe chun rannchuidiú le príomhshruthú na mbeart a dhéantar ar son na haeráide agus le baint amach na sprice arb é atá inti 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. I gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip ina cháil mar threoirphlean don fhás inbhuanaithe, ba cheart do na gníomhaíochtaí faoin Rialachán seo an prionsabal arb é “gan dochar a dhéanamh” a urramú ach gan buntréith an Chláir a athrú. Le linn chur chun feidhme an Chláir, ba cheart gníomhaíochtaí ábhartha a shainaithint agus a chur i bhfeidhm agus ba cheart athmheasúnú a dhéanamh orthu i gcomhthéacs na meastóireachtaí ábhartha agus an phróisis athbhreithnithe ábhartha. Is iomchuí freisin tomhas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ábhartha a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin atá beartaithe chun tionchar an Chláir ar an gcomhshaol a laghdú.

(45)

Leagtar síos leis an Rialachán seo imchlúdach airgeadais don Chlár, arb éard a bheidh ann an príomh-mhéid tagartha, de réir bhrí phointe 18 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (19), do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(46)

Ba cheart na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo a roghnú bunaithe ar a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sonracha na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a thabhairt, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais na rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamhchomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Agus an rogha sin á dhéanamh i dtaca le deontais, ba cheart úsáid cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus scálaí costas aonaid a mheas.

(47)

Féadfaidh tríú tíortha ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a bheith rannpháirteach i gcláir de chuid an Aontais faoi chuimsiú an chomhair arna bhunú faoin gComhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (20), ina ndéantar foráil do chur chun feidhme na gclár ar bhonn cinneadh arna ghlacadh faoin gComhaontú sin. Féadfaidh tríú tíortha a bheith rannpháirteach freisin ar bhonn ionstraimí dlí eile. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach leis an Rialachán seo lena gcuirfear de cheangal ar thríú tíortha na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don oifigeach údarúcháin freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun go bhféadfaidh gach ceann díobh a gcuid inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. Ba cheart rannpháirtíocht iomlán tríú tíortha sa Chlár a bheith faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i gcomhaontuithe sonracha lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír lena baineann sa Chlár. Cuimsíonn rannpháirtíocht iomlán, ina theannta sin, an oibleagáid gníomhaireacht náisiúnta a chur ar bun agus cuid de ghníomhaíochtaí an Chláir a bhainistiú faoi bhainistíocht indíreach. Ba cheart eintitis dhlítheanacha ó thríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith in ann a bheith rannpháirteach i gcuid de ghníomhaíochtaí an Chláir, mar a shainítear sna cláir oibre agus sna glaonna ar thograí arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún. Agus an Clár á chur chun feidhme, d’fhéadfaí socruithe sonracha a chur san áireamh maidir le heintitis dhlítheanacha ó Andóra, Lichtinstéin, ó Mhonacó, ó Shan Mairíne agus ón Suí Naofa a bheith rannpháirteach.

(48)

Chun tionchar an Chláir a uasmhéadú, ba cheart forálacha a dhéanamh le go mbeidh na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár agus le cláir eile de chuid an Aontais in ann cistiú náisiúnta breise a chur ar fáil i gcomhréir le rialacha an Chláir.

(49)

De bhun Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle (21), tá daoine agus eintitis atá bunaithe i dtíortha agus críocha thar lear incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát lena bhfuil an tír nó an chríoch ábhartha thar lear nasctha.

(50)

I bhfianaise Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal “A stronger and renewed strategic partnership with the EU’s outermost regions” [Comhpháirtíocht straitéiseach níos láidre agus athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas], ba cheart don Chlár staid shonrach na réigiún dá dtagraítear san Airteagal sin a chur san áireamh. Ba cheart bearta a dhéanamh chun rannpháirtíocht na réigiún is forimeallaí a mhéadú i ngach gníomhaíocht, lena n-áirítear trí bhíthin tacaíocht airgeadais, i gcás inarb ábhartha, le haghaidh gníomhaíochtaí soghluaisteachta. Ba cheart malartuithe agus comhar soghluaisteachta idir daoine agus eagraíochtaí ó na réigiúin sin agus ó thríú tíortha, go háirithe a gcomharsana, a chothú. Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar bhearta den sórt sin ar bhonn rialta.

(51)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ba cheart don Choimisiún cláir oibre a ghlacadh agus Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi sin. Ba cheart na bearta is gá leis na cláir oibre a chur chun feidhme a leagan amach sna cláir oibre i gcomhréir le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Chláir, leis na critéir roghnúcháin agus dámhachtana le haghaidh deontas, chomh maith le gach aon ghné eile is gá. Ba cheart na cláir oibre agus aon leasú a dhéantar orthu a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin.

(52)

De bhun mhíreanna 22 agus 23 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (22), ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an gClár ar bhonn na faisnéise arna bailiú i gcomhréir le ceanglais faireacháin shonracha, agus ag an céanna ualach riaracháin, go háirithe ar na Ballstáit, agus ró-rialáil á seachaint. Ar na ceanglais sin, ba cheart a áireamh, i gcás inarb iomchuí, táscairí intomhaiste mar bhonn chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtaí an Chláir ar an láthair, lena n-áirítear éifeachtaí ar dhúshláin shochaíocha agus dhaonnúla.

(53)

Ba cheart for-rochtain iomchuí, poiblíocht agus scaipeadh na ndeiseanna agus thorthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaíonn an Clár leo a áirithiú ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus Eorpach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar fhiontair shóisialta, rud a spreagfadh iad le tacú le gníomhaíochtaí an Chláir. Ba cheart na gníomhaíochtaí for-rochtana, poiblíochta agus scaipthe a bheith ag brath ar chomhlachtaí cur chun feidhme uile an Chláir agus ba cheart, i gcás inarb ábhartha, tacaíocht na bpríomhpháirtithe leasmhara eile a bheith acu. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún dul i dteagmháil le raon leathan geallsealbhóirí go tráthrialta, lena n-áirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, feadh shaolré an Chláir, chun comhroinnt dea-chleachtas agus torthaí tionscadal a éascú agus aiseolas ar an gclár a bhailiú. Ba cheart cuireadh a thabhairt do na gníomhaireachtaí náisiúnta páirt a ghlacadh sa phróiseas sin.

(54)

Chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach ar bhealach níos fearr, ba cheart don Choimisiún, do na húdaráis náisiúnta agus do na gníomhaireachtaí náisiúnta a bheith ag obair i ndlúthchomhar le chéile i gcás inar féidir agus, i gcás inarb iomchuí, i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí neamhrialtasacha, fiontair shóisialta, eagraíochtaí don óige, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, agus geallsealbhóirí áitiúla a bhfuil saineolas acu ar ghníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta.

(55)

Chun éifeachtúlacht níos fearr a áirithiú maidir leis an gcumarsáid a dhéantar leis an bpobal i gcoitinne agus chun sineirgíochtaí níos láidre idir gníomhaíochtaí cumarsáide a dhéantar ar thionscnamh an Choimisiúin a threisiú, ba cheart, leis na hacmhainní airgeadais a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí cumarsáide faoin Rialachán seo, rannchuidiú freisin le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais a chumhdach, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin le cuspóir ginearálta an Chláir.

(56)

Chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán seo chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil, ba cheart don Chlár an leas is mó is féidir a bhaint as na socruithe bainistíochta atá ann cheana. Ba cheart, dá bhrí sin, cur chun feidhme foriomlán an Chláir a chur de chúram ar struchtúir atá ann cheana, eadhon an Coimisiún agus na gníomhaireachtaí náisiúnta arna n-ainmniú chun bainistiú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chaibidil maidir leis an óige i Rialachán (AE) 2021/817. Mar sin féin, ba cheart gníomhaíochtaí faoin tsraith arb í “rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a bhaineann leis an gcabhair dhaonnúil” a bhainistiú go díreach go príomha. Ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle go rialta leis na príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí rannpháirteacha, maidir le cur chun feidhme an Chláir.

(57)

Chun bainistíocht fhónta airgeadais agus deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú sna Ballstáit agus i dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, ba cheart do gach údarás náisiúnta comhlacht neamhspleách iniúchóireachta a ainmniú. Más indéanta, agus chun an leibhéal éifeachtúlachta is fearr is féidir a bhaint amach, ba cheart gurbh ionann na comhlachtaí neamhspleácha iniúchóireachta agus na comhlachtaí neamhspleácha iniúchóireachta arna n-ainmniú do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa chaibidil maidir leis an óige i Rialachán (AE) 2021/817.

(58)

Ba cheart do na Ballstáit féachaint leis na bearta iomchuí uile a ghlacadh is gá chun deireadh a chur le bacainní dlí agus riaracháin ar fheidhmiú ceart an Chláir. Áirítear leis sin teacht ar réiteach, nuair is féidir agus gan dochar do dhlí an Aontais maidir le dul isteach agus cónaí náisiúnach tríú tír, ar fhadhbanna a chruthaíonn deacrachtaí maidir le víosaí agus ceadanna cónaithe a fháil.

(59)

Ba cheart a áirithiú leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go ndéanfar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus meastóireacht an Chláir a bhailiú ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil agus ar an leibhéal iomchuí mionsonraithe. Ba cheart sonraí den sórt sin a chur in iúl don Choimisiún ar dhóigh a chomhlíonann na rialacha ábhartha cosanta sonraí.

(60)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23).

(61)

Chun na ceanglais ar thairbhithe a shimpliú, ba cheart úsáid a bhaint a mhéid is féidir as deontais shimplithe i bhfoirm cnapshuimeanna, maoiniú ar ráta comhréidh agus costais aonaid. Ba cheart a chur san áireamh sna deontais shimplithe chun tacú le gníomhaíochtaí soghluaisteachta faoin gClár, arna sainiú ag an gCoimisiún, costais mhaireachtála agus chothaithe sa tír óstach. I gcomhréir leis an dlí náisiúnta, ba cheart na Ballstáit a spreagadh chomh maith chun na deontais sin a dhíolmhú ó aon chánacha agus tobhaigh shóisialta; ba cheart caitheamh le deontais a dhámhann eintitis dhlítheanacha phoiblí nó phríobháideacha do dhaoine aonair ar an mbealach céanna.

(62)

Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an Iarscríbhinn a leasú maidir le táscairí feidhmíochta an Chláir. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe.

(63)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”). Go háirithe, féachtar leis an Rialacháin seo urraim iomlán a áirithiú do cheart an chomhionannais idir fir agus mná agus do cheart an neamh-idirdhealaithe bunaithe ar ghnéas, tionscnamh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéasach, cúlra socheacnamaíoch, agus cur i bhfeidhm Airteagail 21 agus 23 den Chairt a chur chun cinn.

(64)

Tá feidhm ag rialacha airgeadais cothrománacha arna nglacadh ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 322 CFAE maidir leis an Rialachán seo. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus foráiltear leo do sheiceálacha ar fhreagracht na ngníomhaithe airgeadais. Áirítear freisin leis na rialacha arna nglacadh ar bhonn Airteagal 322 CFAE córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint.

(65)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta ar ardcháilíocht a fheabhsú, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(66)

I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, is féidir deontas a dhámhachtain i gcomhair gníomhaíocht atá tosaithe cheana, ar choinníoll gur féidir leis an iarratasóir a thaispeáint gur gá tús a chur leis an ngníomhaíocht sula síneofar an comhaontú deontais. Mar sin féin, níl na costais arna dtabhú roimh an dáta a thíolacfar an t-iarratas ar dheontas incháilithe do mhaoiniú ón Aontas, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil údar cuí leo. Chun aon chur isteach ar thacaíocht ón Aontas a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do leasanna an Aontais a sheachaint, ba cheart an fhéidearthacht a bheith ann foráil a dhéanamh sa chinneadh maoiniúcháin, ar feadh tréimhse theoranta ama ag tús CAI 2021-2027, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus sna cásanna sin amháin, d’incháilitheacht gníomhaíochtaí agus costas ón 1 Eanáir 2021, fiú más rud é gur cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus gur tabhaíodh na costais sin sular cuireadh isteach an t-iarratas ar dheontas.

(67)

Ní féidir gníomhaíochtaí nó tionscnaimh nach dtacaítear leo faoin gClár seo a chur san áireamh sna cláir oibre.

(68)

Chun an breisluach is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó i bpáirt ó bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgíochtaí a lorg go háirithe idir an Clár agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear Cistí a chuirtear chun feidhme faoi bhainistíocht roinnte. Chun an leas is mó is féidir a bhaint as na sineirgíochtaí sin, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach i ngníomhaíocht ón gClár agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó cistiú carnach den sórt sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach sa Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú ar bhonn pro rata don Chlár agus do chlár eile de chuid an Aontais.

(69)

Ba cheart Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24) a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

(70)

Chun leanúnachas a áirithiú maidir le tacaíocht a sholáthar sa réimse beartais ábhartha agus chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme an Chláir ó thús CAI 2021-2027, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo, le héifeacht chúlghabhálach, ón 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

1.   Leis an Rialachán seo, bunaítear Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh (“an Clár”) ar feadh ré CAI 2021-2027.

2.   Leis an gClár, cuirtear an dá shraith gníomhaíochtaí seo a leanas ar bun:

(a)

an tsraith arb í “rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta”; agus

(b)

an tsraith arb í “rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a bhaineann leis an gcabhair dhaonnúil” (“an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil”).

3.   Leis an Rialachán seo, leagtar síos cuspóirí an Chláir, an buiséad don tréimhse 2021 go dtí 2027, na foirmeacha cistiúcháin ón Aontas agus na rialacha a bhaineann leis an gcistiú sin a sholáthar.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “gníomhaíocht dlúthpháirtíochta” gníomhaíocht chuimsitheach ar ardcháilíocht lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin mhóra shochaíocha, lena rannchuidítear le cuspóirí an Chláir a bhaint amach, i bhfoirm saorálaíochta, tionscadail dlúthpháirtíochta nó gníomhaíochta líonraithe i réimsí éagsúla, lena n-áirítear i réimse na cabhrach daonnúla, lena n-áirithítear an breisluach Eorpach agus lena gcomhlíontar rialacháin sláinte ceirde agus sábháilteachta agus rialacha slándála ábhartha;

(2)

ciallaíonn “iarrthóir cláraithe” duine aonair atá idir 17 mbliana d’aois agus 30 bliain d’aois nó, i gcás saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, idir 17 mbliana d’aois agus 35 bliana d’aois, atá ina chónaí nó ina cónaí go dlíthiúil i mBallstát, i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír rannpháirteach eile faoin Rialachán seo agus a chláraigh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun a léiriú go bhfuil spéis aige nó aici a bheith rannpháirteach i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta ach nach bhfuil rannpháirteach i ngníomhaíocht den sórt sin go fóill;

(3)

ciallaíonn “rannpháirtí” duine aonair atá idir 18 mbliana d’aois agus 30 bliain d’aois nó, i gcás saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, idir 18 mbliana d’aois agus 35 bliana d’aois atá ina chónaí nó ina cónaí go dlíthiúil i mBallstát, i dtríú tír atá comhlachaithe leis an gClár nó i dtír rannpháirteach eile faoin Rialachán seo, a chláraigh ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus a ghlacann páirt i ngníomhaíocht dlúthpháirtíochta;

(4)

ciallaíonn “daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu” daoine óga a mbíonn bacainní rompu a chuireann cosc orthu rochtain éifeachtach a bheith acu ar dheiseanna faoin gClár ar chúiseanna eacnamaíocha, sóisialta, cultúrtha, geografacha nó sláinte, mar gheall ar a gcúlra imirceach, nó ar chúiseanna amhail míchumas nó deacrachtaí oideachais nó ar aon chúis eile, lena n-áirítear cúis a d’fhéadfadh idirdhealú faoi Airteagal 21 den Chairt teacht aisti;

(5)

ciallaíonn “eagraíocht rannpháirteach” eintiteas áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, bíodh sé poiblí nó príobháideach nó bíodh sé de chineál neamhbhrabúsach nó brabúsach, ar bronnadh lipéad cáilíochta air;

(6)

ciallaíonn “saorálaíocht” gníomhaíocht dlúthpháirtíochta a mhaireann suas le 12 mhí, ar gníomhaíocht dheonach gan íocaíocht í a rannchuidíonn leis an leas coiteann a bhaint amach;

(7)

ciallaíonn “tionscadal dlúthpháirtíochta” gníomhaíocht dlúthpháirtíochta gan íocaíocht a mhaireann suas le 12 mhí agus a dhéanann grúpaí de chúigear rannpháirtithe ar a laghad d’fhonn aghaidh a thabhairt ar phríomhdhúshláin ina bpobail, agus breisluach Eorpach soiléir á léiriú ag an am céanna;

(8)

ciallaíonn “lipéad cáilíochta” an deimhniúchán a bhronntar, ar bhonn ceanglais shonracha éagsúla ag brath ar an gcineál gníomhaíochta dlúthpháirtíochta, ar eagraíocht rannpháirteach atá toilteanach gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur ar fáil faoin gClár i gcáil óstaigh, i gcáil tacaíochta, nó sa dá cháil;

(9)

ciallaíonn “Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh” na feidhmeanna breise a dhéanann gníomhaireachtaí náisiúnta ainmnithe chun tacú le forbairt, cur chun feidhme agus cáilíocht gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta faoin gClár chomh maith le sainaithint na n-inniúlachtaí arna sealbhú ag na rannpháirtithe trína ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta;

(10)

ciallaíonn “Tairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh” uirlis ghréasánbhunaithe idirghníomhach, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, arna bainistiú faoi fhreagracht an Choimisiúin, a sholáthraíonn seirbhísí ábhartha ar líne chun tacú le dea-chur chun feidhme an Chláir, a chomhlánaíonn gníomhaíochtaí na n-eagraíochtaí rannpháirteacha, lena n-áirítear faisnéis a sholáthar faoin gClár, a chláraíonn rannpháirtithe, a lorgaíonn rannpháirtithe, a fhógraíonn agus a lorgaíonn gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, a lorgaíonn comhpháirtithe tionscadail ionchasacha, a thacaíonn le teagmhálacha a dhéanamh agus a tháirgeann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, oiliúint agus gníomhaíochtaí cumarsáide agus líonraithe, a chuireann úsáideoirí ar an eolas faoi dheiseanna agus a thugann fógra dóibh maidir leo, a sholáthraíonn sásra aiseolais maidir le cáilíocht na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus a ligeann d’fheidhmeanna eile a chur léi mar fhreagairt ar fhorbairtí ábhartha eile a bhaineann leis an gClár;

(11)

ciallaíonn “uirlis trédhearcachta agus aitheantais an Aontais” ionstraim a chuidíonn le geallsealbhóirí torthaí na foghlama seachfhoirmiúla agus na foghlama neamhfhoirmiúla a thuiscint, meas a bheith acu orthu agus, de réir mar is iomchuí, iad a aithint ar fud an Aontais;

(12)

ciallaíonn “gníomhaíocht cabhrach daonnúla” gníomhaíocht a thacaíonn le hoibríochtaí iarghéarchéime fadtéarmacha cabhrach daonnúla i dtríú tíortha, a bhfuil sé beartaithe léi cúnamh riachtanaisbhunaithe a sholáthar arb é is aidhm leis beatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chothabháil i gcás géarchéimeanna de dhéantús an duine nó tubaistí nádúrtha, agus áirítear uirthi oibríochtaí cúnaimh, fóirithinte agus cosanta le linn géarchéimeanna daonnúla atá fós ar siúl nó ina ndiaidh, bearta tacaíochta chun rochtain ar dhaoine i ngátar a áirithiú agus chun saorshreabhadh cúnaimh a éascú, agus bearta arb é is aidhm leo an ullmhacht maidir le tubaistí agus laghdú riosca tubaistí a threisiú, fóirithint, athshlánú agus forbairt a nascadh agus rannchuidiú le hathléimneacht agus acmhainneacht pobal atá leochaileach nó buailte le tubaiste a neartú ionas go mbeidh siad in ann déileáil le géarchéimeanna agus teacht astu;

(13)

ciallaíonn “tríú tír” tír nach bhfuil ina ball den Aontas.

Airteagal 3

Cuspóirí an Chláir

1.   Is é cuspóir ginearálta an Chláir rannpháirtíocht daoine óga agus eagraíochtaí a fheabhsú i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta atá inrochtana agus ar ardcháilíocht, an tsaorálaíocht go príomha, mar mhodh chun comhtháthú, dlúthpháirtíocht, daonlathas, féiniúlacht Eorpach agus saoránacht ghníomhach a neartú san Aontas agus níos faide i gcéin, lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shochaíocha agus dúshláin dhaonnúla ar an láthair, agus béim ar leith á leagan ar an bhforbairt inbhuanaithe, an cuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn.

2.   Is é cuspóir sonrach an Chláir deiseanna atá inrochtana go héasca a sholáthar do dhaoine óga, lena n-áirítear daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu, chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a mbíonn athruithe dearfacha ar an tsochaí san Aontas agus níos faide i gcéin mar thoradh orthu, agus a dhéanann, ag an am céanna, a gcuid inniúlachtaí a fheabhsú agus a bhailíochtú go cuí, agus a rannpháirtíocht leanúnach mar shaoránaigh ghníomhacha a éascú freisin.

3.   Déanfar cuspóirí an Chláir a chur chun feidhme faoi na sraitheanna gníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 1(2).

CAIBIDIL II

Gníomhaíochtaí an chláir

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí an Chláir

1.   Leis an gClár, tacófar leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

saorálaíocht mar a leagtar amach in Airteagail 7 agus 10;

(b)

tionscadail dlúthpháirtíochta mar a leagtar amach in Airteagal 8;

(c)

gníomhaíochtaí líonraithe mar a leagtar amach in Airteagal 5(1); agus

(d)

bearta cáilíochta agus tacaíochta mar a leagtar amach in Airteagal 5(2).

2.   Leis an gClár, tacófar leis na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a mbaineann breisluach Eorpach soiléir leo, a bhuí leis na tréithe seo a leanas, mar shampla:

(a)

na saintréithe trasnáisiúnta a bhaineann leo, go háirithe i dtaca le soghluaisteacht foghlama agus comhar;

(b)

an cumas atá acu cláir agus beartais eile a chomhlánú ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;

(c)

an ghné Eorpach a bhaineann leo i dtaca lena dtéamaí agus a n-aidhmeanna, a gcineálacha cur chuige, a dtorthaí a bhfuiltear ag súil leo agus gnéithe eile de na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta sin;

(d)

an cur chuige atá acu i dtaca le páirt a thabhairt do dhaoine óga ó chúlraí éagsúla;

(e)

an méid a rannchuidíonn siad le huirlisí trédhearcachta agus aitheantais an Aontais a úsáid go héifeachtach.

3.   Déanfar gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais shonracha a shocraítear le haghaidh gach cineáil gníomhaíochta arna déanamh faoi chuimsiú an Chláir dá dtagraítear in Airteagail 5, 7, 8 agus 10, agus leis na creata rialála is infheidhme sna Ballstáit agus i dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár.

4.   Tagairtí don tSeirbhís Dheonach Eorpach i ngníomhartha dlí an Aontais, tuigfear leo go n-áirítear tagairtí don tsaorálaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 agus faoin Rialachán seo araon.

Airteagal 5

Gníomhaíochtaí is coiteann don dá shraith

1.   Déanfar gníomhaíochtaí líonraithe sa tír féin nó trasteorann agus beidh an méid seo a leanas mar aidhm acu:

(a)

acmhainneachtaí na n-eagraíochtaí rannpháirteacha a neartú tionscadail ar ardcháilíocht atá inrochtana go héasca a thairiscint do líon méadaitheach rannpháirtithe;

(b)

rannpháirtithe nua agus eagraíochtaí rannpháirteacha nua a mhealladh;

(c)

deiseanna a thabhairt do rannpháirtithe agus d’eagraíochtaí rannpháirteacha aiseolas a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus an Clár a chur chun cinn; agus

(d)

rannchuidiú le taithí a mhalartú agus an bhraistint chomhuintearais a neartú i measc rannpháirtithe agus eagraíochtaí rannpháirteacha, agus, ar aon gcaoi sin, tacú le tionchar dearfach níos leithne an Chláir, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí amhail malartú dea-chleachtas agus cruthú líonraí.

2.   Áireofar le bearta cáilíochta agus tacaíochta:

(a)

bearta iomchuí chun ceanglais imréitigh a sholáthar i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

bearta arna nglacadh roimh na gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta, lena linn nó ina ndiaidh, arb é is aidhm leo cáilíocht agus inrochtaineacht na ngníomhaíochtaí sin a áirithiú, lena n-áirítear oiliúint ar líne agus as líne, arna cur in oiriúint, i gcás inarb iomchuí, don ghníomhaíocht dlúthpháirtíochta i gceist agus dá comhthéacs, tacaíocht teanga, árachas, lena n-áirítear árachas tionóisce agus breoiteachta; tuilleadh úsáide a bhaint as Youthpass, ar rud é a dhéanann na hinniúlachtaí a shealbhaíonn na rannpháirtithe le linn na ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a shainaithint agus a dhoiciméadú, fothú acmhainneachta, agus tacaíocht riaracháin le haghaidh eagraíochtaí rannpháirteacha;

(c)

lipéad cáilíochta a fhorbairt agus a chothabháil;

(d)

gníomhaíochtaí Ionaid Acmhainní an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh chun tacú le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Chláir, agus chun cáilíocht an chur chun feidhme sin a ardú, agus chun bailíochtú a dtorthaí a fheabhsú;

(e)

Tairseach de chuid an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh atá inrochtana agus seirbhísí ábhartha eile ar líne, chomh maith le córais tacaíochta TF agus uirlisí gréasánbhunaithe is gá, a bhunú, a chothabháil agus a nuashonrú.

CAIBIDIL III

Rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta

Airteagal 6

Cuspóir agus cineálacha gníomhaíochtaí

1.   Maidir le gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme faoin tsraith arb í “rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta”, rannchuideofar, go háirithe, leis an gcomhtháthú, an tsaoránacht ghníomhach, an dlúthpháirtíocht agus an daonlathas a neartú laistigh den Aontas agus lasmuigh de, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin shochaíocha agus béim ar leith á leagan ar an gcuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn.

2.   Leis an tsraith arb í “rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta”, tacófar leis na gníomhaíochta seo a leanas:

(a)

saorálaíocht mar a leagtar amach in Airteagal 7;

(b)

tionscadail dlúthpháirtíochta mar a leagtar amach in Airteagal 8;

(c)

gníomhaíochtaí líonraithe do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí atá rannpháirteach sa straith seo mar a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(d)

bearta cáilíochta agus tacaíochta mar a leagtar amach in Airteagal 5(2).

Airteagal 7

Saorálaíocht faoin tsraith “rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta”

1.   Maidir le saorálaíocht:

(a)

áireofar comhpháirt foghlama agus oiliúna;

(b)

ní ghabhfaidh sí ionad sealanna oiliúna ná post;

(c)

ní mheasfar gurb ionann í agus fostaíocht; agus

(d)

beidh sí bunaithe ar chomhaontú saorálaíochta i scríbhinn.

Sa chomhaontú dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, leagfar amach cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe sa chomhaontú sin, fad agus ionad an imlonnaithe agus tuairisc ar na cúraimí a bheidh i gceist. I gcomhaontú den sórt sin, déanfar tagairt do théarmaí chumhdach árachais na rannpháirtithe agus, i gcás inarb iomchuí, do na ceanglais imréitigh ábhartha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

2.   Féadfar saorálaíocht a dhéanamh i dtír nach tír chónaithe an rannpháirtí í (“saorálaíocht trasteorann”) nó i dtír chónaithe an rannpháirtí (“saorálaíocht intíre”). Féadfaidh na daoine óga ar fad, go háirithe daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu, a bheith rannpháirteach sa tsaorálaíocht intíre.

Airteagal 8

Tionscadail dlúthpháirtíochta

Ní ghabhfaidh tionscadail dlúthpháirtíochta ionad sealanna oiliúna ná post.

CAIBIDIL IV

An Cór Saorálach Eorpach Um Chabhair Dhaonnúil

Airteagal 9

Cuspóir, prionsabail agus cineálacha na ngníomhaíochtaí

1.   Gníomhaíochtaí faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, rannchuideoidh siad, go háirithe, le cabhair dhaonnúil riachtanaisbhunaithe a sholáthar, arb é is aidhm léi beatha a chaomhnú, fulaingt an duine a chosc agus a mhaolú agus dínit an duine a chothabháil agus le hacmhainneacht agus athléimneacht pobal atá leochaileach nó buailte le tubaiste a neartú.

2.   Maidir leis na gníomhaíochtaí faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil:

(a)

déanfar iad i gcomhréir le prionsabail dhaonnúla na daonnachta, na neodrachta, na neamhchlaontachta agus an neamhspleáchais, mar aon leis an bprionsabal arb é “gan dochar a dhéanamh”;

(b)

freagrófar leo do riachtanais dhaonnúla na bpobal áitiúil arna sainaithint i gcomhar le comhpháirtithe daonnúla agus le comhpháirtithe ábhartha eile sa tír óstach nó sa réigiún óstach;

(c)

pleanálfar iad ar bhonn measúnuithe riosca agus déanfar iad ar bhealach a áiritheoidh go mbeidh ardleibhéal sábháilteachta agus slándála ann do shaorálaithe;

(d)

i gcás inarb ábhartha, éascófar leo an t-aistriú ón bhfreagairt dhaonnúil chuig an bhforbairt fhadtéarmach inbhuanaithe chuimsitheach;

(e)

éascófar leo rannpháirtíocht ghníomhach foirne áitiúla agus saorálaithe ó na tíortha agus na pobail ina gcuirtear chun feidhme iad;

(f)

in aon chás is ábhartha, cuirfear san áireamh leo riachtanais shonracha na mban agus féachfar leo le páirt a thabhairt do mhná agus grúpaí agus líonraí ban; agus

(g)

rannchuideofar leo leis na hiarrachtaí chun an ullmhacht áitiúil nó an fhreagairt do ghéarchéimeanna daonnúla a neartú.

3.   Leis an gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, tacófar leis na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(a)

saorálaíocht mar a leagtar amach in Airteagal 10;

(b)

gníomhaíochtaí líonraithe do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí atá rannpháirteach sa Chór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil mar a leagtar amach in Airteagal 5(1);

(c)

bearta cáilíochta agus tacaíochta mar a leagtar amach in Airteagal 5(2), agus béim ar leith á leagan ar bhearta chun sábháilteacht agus slándáil na rannpháirtithe a áirithiú.

Airteagal 10

Saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil

1.   Maidir le saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil:

(a)

áireofar léi comhpháirt foghlama agus oiliúna, lena n-áirítear i ndáil leis na prionsabail a leagtar amach in Airteagal 10(2), agus, i gcás inarb iomchuí, comhpháirteanna forbartha agus fothaithe acmhainneachta, ina mbeidh cóitseálaithe, meantóirí agus saineolaithe a bhfuil ardscileanna acu, atá ardoilte agus a bhfuil taithí acu páirteach;

(b)

ní ghabhfaidh sí ionad sealanna oiliúna ná post;

(c)

ní mheasfar gurb ionann í agus fostaíocht; agus

(d)

beidh sí bunaithe ar chomhaontú saorálaíochta i scríbhinn.

Sa chomhaontú dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír, leagfar amach cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe sa chomhaontú sin, fad agus ionad an imlonnaithe agus tuairisc ar na cúraimí a bheidh i gceist. I gcomhaontú den sórt sin, déanfar tagairt do théarmaí chumhdach árachais na rannpháirtithe agus, i gcás inarb iomchuí, do na ceanglais imréitigh ábhartha, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

2.   Ní fhéadfar saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil a dhéanamh ach sna réigiúin sin de thríú tíortha:

(a)

ina ndéantar gníomhaíochtaí agus oibríochtaí cabhrach daonnúla; agus

(b)

nach bhfuil aon choinbhleachtaí armtha leanúnacha idirnáisiúnta nó neamh-idirnáisiúnta ar siúl iontu.

CAIBIDIL V

Forálacha airgeadais

Airteagal 11

An buiséad

1.   Is é EUR 1 009 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ó 2021 go dtí 2027.

2.   Agus uasmhéid 20 % do shaorálaíocht intíre, is mar a leanas a bheidh dáileadh táscach an mhéid a leagtar amach i mír 1 do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) d’Airteagal 4(1):

(a)

94 % don tsaorálaíocht mar a leagtar amach in Airteagal 7 agus do thionscadail dlúthpháirtíochta;

(b)

6 % don tsaorálaíocht mar a leagtar amach in Airteagal 10.

3.   Féadfar an méid a leagtar amach i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

4.   Féadfar acmhainní arna leithdháileadh ar Bhallstáit faoi bhainistíocht roinnte a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig an gClár faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Airteagal 26 de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leo agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (“Rialachán na bhForálacha Coiteanna do 2021-2027”). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

Airteagal 12

Cineálacha cistiúcháin ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

1.   Cuirfear an Clár chun feidhme, ar bhealach comhsheasmhach, faoin mbainistíocht dhíreach i gcomhréir le pointe (a) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais nó faoin mbainistíocht indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán sin.

2.   Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na cineálacha a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

3.   Le ranníocaíochtaí le sásra árachais fhrithpháirtigh, féadfar an riosca a bhaineann le gnóthú na gcistí atá dlite ag faighteoirí a chumhdach agus measfar gur ráthaíocht leordhóthanach é faoin Rialachán Airgeadais. Beidh feidhm ag Airteagal 37(7) de Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25).

4.   I gcás roghnuithe faoi bhainistíocht dhíreach agus indíreach araon, féadfaidh saineolaithe seachtracha a bheith ina gcomhaltaí den choiste meastóireachta faoi mar a fhoráiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 150(3) den Rialachán Airgeadais.

CAIBIDIL VI

Rannpháirtíocht sa chlár

Airteagal 13

Tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár

1.   Féadfaidh na tríú tíortha seo a leanas a bheith rannpháirteach sa Chlár:

(a)

comhaltaí de Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa ar comhaltaí iad den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch;

(b)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(c)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus na coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais faoi seach nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an tAontas agus na tíortha sin;

(d)

tríú tíortha eile, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon chlár de chuid an Aontais, ar choinníoll gur fíor an méid seo a leanas maidir leis an gcomhaontú:

(i)

áirithítear leis cothromaíocht chóir idir ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Aontais;

(ii)

leagtar síos leis coinníollacha maidir le rannpháirtíocht sna cláir, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais le cláir aonair, agus costais riaracháin na gclár;

(iii)

ní thugtar don tríú tír leis aon chumhacht chinnteoireachta i ndáil le clár an Aontais;

(iv)

ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun a leasanna airgeadais a chosaint.

Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b)(ii) den chéad fhomhír.

2.   Ní fhéadfaidh na tíortha a liostaítear i mír 1 a bheith rannpháirteach ach sa Chlár ina iomláine agus ar choinníoll go gcomhlíonann siad na hoibleagáidí uile a fhorchuirtear ar na Ballstáit leis an Rialachán seo.

Airteagal 14

Tíortha rannpháirteacha eile

1.   Féadfaidh tíortha agus críocha thar lear a bheith rannpháirteach sa Chlár.

2.   I gcásanna a bhfuil údar cuí leo chun leas an Aontais, féadfaidh eintitis dhlítheanacha de chuid tríú tíortha nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár a bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus sa tsaorálaíocht dá dtagraítear in Airteagal 7.

Airteagal 15

Rannpháirtíocht daoine aonair

1.   Daoine óga idir 17 mbliana d’aois agus 30 bliain d’aois nó, i gcás saorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil faoi mar a leagtar amach in Airteagal 10, idir 17 mbliana d’aois agus 35 bliana d’aois ar mian leo a bheith rannpháirteach sa Chlár, cláróidh siad ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh.

2.   An tráth a dtosóidh rannpháirtí ar shaorálaíocht nó ar thionscadal dlúthpháirtíochta faoin tsraith arb í “rannpháirtíocht daoine óga i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta”, beidh 18 mbliana d’aois, ar a laghad, slánaithe ag an rannpháirtí agus gan an rannpháirtí a bheith os cionn 30 bliain d’aois. An tráth a dtosóidh rannpháirtí ar shaorálaíocht faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil faoi mar a leagtar amach in Airteagal 10, beidh 18 mbliana d’aois, ar a laghad, slánaithe ag an rannpháirtí agus gan an rannpháirtí a bheith os cionn 35 bliana d’aois.

Airteagal 16

Cuimsiú na ndaoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu

1.   Agus an Rialachán seo á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún, na Ballstáit agus na tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár go ndéanfar bearta sonracha agus éifeachtacha a ghlacadh chun cuimsiú sóisialta agus coinníollacha rochtana comhionanna a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh rannpháirtíocht daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu.

2.   Forbróidh an Coimisiún, faoin 9 Nollaig 2021, creat i ndáil le bearta maidir le cuimsiú chun rátaí rannpháirtíochta a mhéadú i measc daoine ar lú iad na deiseanna atá acu agus treoir maidir le cur chun feidhme beart den sórt sin. Déanfar an treoir sin a nuashonrú de réir mar is gá le linn ré an Chláir. Bunaithe ar an gcreat i ndáil le bearta maidir le cuimsiú, agus aird ar leith á tabhairt ar dhúshláin shonracha maidir le rochtain ar an gClár i gcomhthéacsanna náisiúnta, forbrófar pleananna gníomhaithe maidir le cuimsiú agus beidh siad mar chuid lárnach de chláir oibre na ngníomhaireachtaí náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme na bpleananna gníomhaithe sin maidir le cuimsiú ar bhonn rialta.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún, i gcás inarb ábhartha, agus bainistíocht fhónta airgeadais á coimirciú, go ndéanfar bearta tacaíochta airgeadais, lena n-áirítear réamh-mhaoiniú, a chur ar bun chun rannpháirtíocht daoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu sa Chlár a éascú. Is ar chritéir oibiachtúla a bhunófar leibhéal na tacaíochta.

Airteagal 17

Eagraíochtaí rannpháirteacha

1.   Féadfaidh eintitis phoiblí nó phríobháideacha, bídís de chineál neamhbhrabúsach nó brabúsach, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, a bheith rannpháirteach sa Chlár, ar choinníoll go bhfuil lipéad cáilíochta faighte acu.

2.   Déanfaidh comhlacht inniúil cur chun feidhme an Chláir measúnú ar iarratas ó eintiteas le bheith ina eagraíocht rannpháirteach bunaithe ar na prionsabail seo a leanas:

(a)

an chóir chomhionann;

(b)

deiseanna comhionanna agus neamh-idirdhealú;

(c)

ionadú post a sheachaint;

(d)

gníomhaíochtaí díobhálacha a sheachaint;

(e)

gníomhaíochtaí ar ardcháilíocht, atá inrochtana go héasca agus cuimsitheach agus lena mbainfidh gné foghlama a dhíreoidh ar fhorbairt phearsanta, shochoideachasúil agus ghairmiúil a sholáthar;

(f)

socruithe saorálaíochta leormhaithe;

(g)

timpeallachtaí agus coinníollacha sábháilte cuibhiúla, le sásraí inmheánacha chun coinbhleachtaí a réiteach chun an rannpháirtí a chosaint; agus

(h)

“an neamhbhrabús” i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

Déanfaidh comhlacht inniúil cur chun feidhme an Chláir na prionsabail dá dtagraítear sa chéad fhomhír a úsáid chun a chinneadh an gcomhlíontar ceanglais agus cuspóirí an Chláir le gníomhaíochtaí an eintitis a bhfuil iarratas á chur isteach aige le bheith ina eagraíocht rannpháirteach.

3.   Mar thoradh ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2, féadfar lipéad cáilíochta a bhronnadh ar an eintiteas. Déanfaidh comhlacht inniúil cur chun feidhme an Chláir athmheasúnú tréimhsiúil féachaint an leanann an t-eintiteas de na coinníollacha ba bhun leis an lipéad cáilíochta a bhronnadh a chomhlíonadh. I gcás nach gcomhlíonann an t-eintiteas a thuilleadh na coinníollacha sin, déanfaidh comhlacht inniúil cur chun feidhme an Chláir bearta feabhais go dtí go gcomhlíonfar na coinníollacha agus na ceanglais cháilíochta. I gcás mainneachtain leanúnach i dtaobh na coinníollacha agus na ceanglais cháilíochta sin a chomhlíonadh, déanfar an lipéad cáilíochta a chúlghairm.

4.   Aon eintiteas a bhfuil lipéad cáilíochta faighte aige, tabharfar rochtain ar Thairseach an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh dó i gcáil óstaigh, i gcáil tacaíochta, nó sa dá cháil, agus beidh sé in ann gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta a thairiscint d’iarrthóirí cláraithe.

5.   Ní leanfaidh cistiú faoin gClár go huathoibríoch as lipéad cáilíochta a fháil.

6.   Féadfaidh gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta agus bearta gaolmhara cáilíochta agus tacaíochta a thairgeann eagraíocht rannpháirteach cistiú a fháil faoin gClár nó ó fhoinsí cistiúcháin eile nach mbíonn ag brath ar bhuiséad an Aontais.

7.   I gcás eagraíochtaí rannpháirteacha faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil, beidh sábháilteacht agus slándáil na saorálaithe, bunaithe ar mheasúnuithe riosca, mar thosaíocht acu.

8.   Tar éis dheireadh na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta agus má iarrann an rannpháirtí é, tabharfaidh eagraíocht rannpháirteach deimhniú, amhail Youthpass nó Europass, don rannpháirtí ina luaitear torthaí foghlama na gníomhaíochta dlúthpháirtíochta agus na scileanna a forbraíodh lena linn.

Airteagal 18

Rochtain ar an gcistiú faoin gClár

Féadfaidh aon eintiteas poiblí nó príobháideach atá bunaithe i mBallstát, tír nó críoch thar lear nó tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár, chomh maith le haon eagraíocht idirnáisiúnta, iarratas a dhéanamh ar chistiú faoin gClár. I gcás na saorálaíochta a leagtar amach in Airteagail 7 agus 10, beidh lipéad cáilíochta faighte, mar réamhchoinníoll, ag an eagraíocht rannpháirteach chun cistiú a fháil faoin gClár. I gcás na dtionscadal dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal 8, féadfaidh daoine nádúrtha cur isteach freisin ar chistiú thar ceann grúpaí neamhfhoirmiúla de rannpháirtithe. Mar riail ghinearálta, cuirfear an t-iarratas ar dheontais faoi bhráid ghníomhaireacht náisiúnta na tíre ina bhfuil an t-eintiteas, an eagraíocht nó an duine nádúrtha lonnaithe.

CAIBIDIL VII

Clársceidealú, faireachán agus meastóireacht

Airteagal 19

Clár oibre

Cuirfear an Clár chun feidhme trí bhíthin na gclár oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Tabharfar le fios sna cláir oibre an méid a leithdháilfear ar gach gníomhaíocht agus dáileadh na gcistí idir na Ballstáit agus tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár i gcás na ngníomhaíochtaí atá le bainistiú tríd an ngníomhaireacht náisiúnta. Glacfaidh an Coimisiún cláir oibre trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 31.

Airteagal 20

Faireachán agus tuairisciú

1.   Leagtar amach san Iarscríbhinn na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar síos in Airteagal 3.

2.   Chun a áirithiú go ndéanfar measúnú éifeachtach ar dhul chun cinn an Chláir maidir le baint amach a chuspóirí, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, i gcomhréir le hAirteagal 30, chun an Iarscríbhinn a leasú i dtaca leis na táscairí, i gcás ina measfar gur gá sin, agus chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

3.   Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí an Chláir ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil.

Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí de chuid an Aontais agus, i gcás inarb iomchuí, ar Bhallstáit.

Airteagal 21

Meastóireacht

1.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireachtaí go tráthúil ionas go bhféadfaidh siad fónamh don phróiseas cinnteoireachta.

2.   A luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoi chur chun feidhme an Chláir ach, in aon chás, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach ar an gClár. Beidh meastóireacht deiridh ar Chlár Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpach 2018-2020 ag gabháil leis an meastóireacht eatramhach sin freisin, agus fónfaidh sé don mheastóireacht eatramhach. Sa mheastóireacht eatramhach ar an gClár, déanfar measúnú ar éifeachtacht agus feidhmíocht fhoriomlán an Chláir, mar aon le cur i gcrích na mbeart cuimsiúcháin.

3.   Gan dochar do na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil IX agus d’oibleagáidí na ngníomhaireachtaí náisiúnta a leagtar amach in Airteagal 24, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, faoin 31 Bealtaine 2024, maidir le cur chun feidhme agus tionchar an Chláir ina gcríocha féin.

4.   I gcás inarb iomchuí, agus ar bhonn na meastóireachta eatramhaí, cuirfidh an Coimisiún togra reachtach ar aghaidh chun an Rialachán seo a leasú.

5.   Tar éis an 31 Nollaig 2027, ach, in aon chás, tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar thorthaí agus ar thionchar an Chláir.

6.   Cuirfidh an Coimisiún aon mheastóireacht a dhéantar faoin Airteagal seo, lena n-áirítear an mheastóireacht eatramhach, agus a bharúlacha féin ag gabháil léi, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

CAIBIDIL VIII

Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh

Airteagal 22

Faisnéis, cumarsáid agus scaipeadh

1.   Tabharfaidh faighteoirí cistithe de chuid an Aontais aitheantas d’fhoinse na gcistí sin agus áiritheoidh siad infheictheacht an chistithe de chuid an Aontais, go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do lucht spéise éagsúil, lena n-áirítear na meáin agus an pobal.

2.   Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, leis na gníomhaíochtaí a rinneadh de bhun an Chláir agus leis na torthaí a baineadh amach. Beidh na hacmhainní airgeadais a leithdháilfear ar an gClár ina rannchuidiú freisin chun cumarsáid chorparáideach a dhéanamh ndáil le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais, a mhéid a bhaineann na tosaíochtaí sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

3.   I gcomhar leis an gCoimisiún, déanfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta straitéis chomhsheasmhach a fhorbairt maidir le for-rochtain éifeachtach agus maidir le scaipeadh agus saothrú thorthaí na ngníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi na gníomhartha ar a ndéanann siad bainistiú laistigh den Chlár. Tabharfaidh na gníomhaireachtaí náisiúnta cúnamh don Choimisiún ina chúram ginearálta maidir le faisnéis faoin gClár a scaipeadh, lena n-áirítear faisnéis i dtaca le gníomhartha agus gníomhaíochtaí arna mbainistiú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus i dtaca lena thorthaí. Cuirfidh gníomhaireachtaí náisiúnta na spriocghrúpaí ábhartha ar an eolas faoi na gníomhartha agus na gníomhaíochtaí a dhéantar ina dtíortha féin.

4.   Bainfidh na heagraíochtaí rannpháirteacha úsáid as an ainm “an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach” chun faisnéis a bhaineann leis an gClár a chur in iúl agus a scaipeadh.

CAIBIDIL IX

Córas bainistíochta agus iniúchóireachta

Airteagal 23

An t-údarás náisiúnta

I ngach Ballstát agus tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár, gníomhóidh na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2021/817 a bhainistiú mar údaráis náisiúnta faoi chuimsiú an Chláir freisin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 26(1), (2), (6), (7), (9), (10), (11), (12), (13) agus (14) de Rialachán (AE) 2021/817 maidir leis na húdaráis náisiúnta faoin gClár.

Airteagal 24

An ghníomhaireacht náisiúnta

1.   I ngach tír mBallstát agus tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár, gníomhóidh na húdaráis náisiúnta atá ainmnithe chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i gCaibidil III de Rialachán (AE) 2021/817 a bhainistiú ina dtíortha féin mar ghníomhaireachtaí náisiúnta faoi chuimsiú an Chláir freisin. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 27(1) agus (2) agus (4) go (8) de Rialachán (AE) 2021/817 maidir leis na húdaráis náisiúnta faoin gClár.

2.   Gan dochar d’Airteagal 27(2) de Rialachán (AE) 2021/817, beidh an ghníomhaireacht náisiúnta freagrach freisin as gach céim de shaolré tionscadal na ngníomhaíochtaí sin de chuid an Chláir a liostaítear sna gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 19 den Rialachán seo a bhainistiú, i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 62(1) den Rialachán Airgeadais.

3.   I gcás nach bhfuil gníomhaireacht náisiúnta ainmnithe do thríú tír dá dtagraítear in Airteagal 13(1) den Rialachán seo, bunófar í i gcomhréir le Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/817.

Airteagal 25

An Coimisiún Eorpach

1.   I gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/817, leagfar síos i ndoiciméad scríofa na rialacha a bhaineann leis an gcaidreamh idir an Coimisiún agus gníomhaireacht náisiúnta agus sa doiciméad scríofa sin:

(a)

leagfar amach na caighdeáin rialaithe inmheánaigh le haghaidh na gníomhaireachta náisiúnta lena mbaineann agus na rialacha maidir le bainistiú chistí an Aontais chun tacaíocht deontais ó na gníomhaireachtaí náisiúnta a thabhairt;

(b)

áireofar clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta ina bhfuil cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta a bhfuil tacaíocht ón Aontas á cur ar fáil di; agus

(c)

sonrófar na ceanglais tuairiscithe atá ar an ngníomhaireacht náisiúnta.

2.   Gach bliain, cuirfidh an Coimisiún na cistí seo a leanas ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta:

(a)

cistí le haghaidh tacaíocht deontais sa Bhallstát nó sa tríú tír atá comhlachaithe leis an gClár lena mbaineann do ghníomhaíochtaí de chuid an Chláir ar cuireadh de chúram ar an ngníomhaireacht náisiúnta iad a bhainistiú;

(b)

ranníocaíocht airgeadais chun tacú le cúraimí bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta, a bhunófar i gcomhréir leis na socruithe a leagtar amach i bpointe (b) d’Airteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2021/817.

3.   Leagfaidh an Coimisiún síos na ceanglais do chlár oibre na gníomhaireachta náisiúnta. Ní chuirfidh an Coimisiún cistí ón gClár ar fáil don ghníomhaireacht náisiúnta sula mbeidh clár oibre na gníomhaireachta náisiúnta formheasta go foirmiúil aige.

4.   Ar bhonn na gceanglas comhlíontachta do ghníomhaireachtaí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2021/817, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na córais náisiúnta bhainistíochta agus rialaithe, ar dhearbhú bliantúil bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, agus an fhaisnéis arna soláthar ag an údarás náisiúnta maidir lena ghníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta i dtaca leis an gClár á cur i gcuntas go cuí.

5.   Nuair a bheidh measúnú déanta aige ar an dearbhú bliantúil bainistíochta agus ar thuairim an chomhlachta neamhspleách iniúchóireachta ina leith, cuirfidh an Coimisiún a thuairim agus a bharúlacha in iúl don ghníomhaireacht náisiúnta agus don údarás náisiúnta.

6.   I gcás nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an dearbhú bliantúil bainistíochta ná leis an tuairim neamhspleách iniúchóireachta ina leith, nó i gcás ina gcuireann an ghníomhaireacht náisiúnta barúlacha an Choimisiún chun feidhme go míshásúil, féadfaidh an Coimisiún aon bhearta ceartaitheacha agus réamhchúraim is gá chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a chur chun feidhme i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 131(3) den Rialachán Airgeadais.

Airteagal 26

Comhlacht neamhspleách iniúchóireachta

1.   Eiseoidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta tuairim iniúchóireachta maidir leis an dearbhú bliantúil bainistíochta dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 155(1) den Rialachán Airgeadais. Is í sin a bheidh mar bhonn don chinnteacht fhoriomlán bunaithe de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

2.   Maidir leis an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta:

(a)

beidh an inniúlacht ghairmiúil is gá aige chun iniúchtaí san earnáil phoiblí a dhéanamh;

(b)

áiritheoidh sé go gcuirfear caighdeáin iniúchóireachta a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta i gcuntas sna hiniúchtaí; agus

(c)

ní bheidh coinbhleacht leasa ag baint leis maidir leis an eintiteas dlítheanach a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina cuid de, agus beidh sé, i dtaca lena chuid feidhmeanna, neamhspleách ar an eintiteas dlítheanach a bhfuil an ghníomhaireacht náisiúnta ina cuid de.

3.   Cuirfidh an comhlacht neamhspleách iniúchóireachta ar fáil don Choimisiún agus dá ionadaithe agus don Chúirt Iniúchóirí rochtain iomlán ar gach doiciméad agus tuarascáil a thacaíonn leis an tuairim iniúchóireachta a eisíonn sé maidir le dearbhú bliantúil bainistíochta na gníomhaireachta náisiúnta.

CAIBIDIL X

Córas rialaithe

Airteagal 27

Prionsabail an chórais rialaithe

1.   Beidh an Coimisiún freagrach as na rialuithe maoirseachta i dtaca leis na gníomhaíochtaí de chuid an Chláir a bhainistíonn na gníomhaireachtaí náisiúnta. Socróidh sé na híoscheanglais do na rialuithe arna ndéanamh ag an ngníomhaireacht náisiúnta agus ag an gcomhlacht neamhspleách iniúchóireachta.

2.   Beidh na gníomhaireachtaí náisiúnta freagrach as na príomhrialuithe a dhéanfar ar thairbhithe deontais i gcás na ngníomhaíochtaí de chuid an Chláir a chuirtear de chúram orthu. Leis na rialuithe sin, soláthrófar cinnteacht réasúnach go mbaintear úsáid as na deontais arna ndámhachtain de réir mar a bhí beartaithe agus i gcomhlíonadh na rialacha de chuid an Aontais is infheidhme.

3.   Maidir leis na cistí ón gClár arna n-aistriú chuig na gníomhaireachtaí náisiúnta, áiritheoidh an Coimisiún comhordú cuí ar a rialuithe leis na húdaráis náisiúnta agus leis na gníomhaireachtaí náisiúnta ar bhonn phrionsabal na hiniúchóireachta aonair agus tar éis anailís rioscabhunaithe a dhéanamh. Ní bheidh feidhm ag an mhír seo maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag OLAF.

Airteagal 28

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

I gcás ina mbeidh tríú tír rannpháirteach sa Chlár trí bhíthin cinneadh arna ghlacadh de bhun comhaontú idirnáisiúnta nó ar bhonn aon ionstraim dlí eile, tabharfaidh an tríú tír na cearta agus an rochtain is gá don oifigeach údarúcháin atá freagrach, do OLAF agus don Chúirt Iniúchóirí chun a n-inniúlachtaí faoi seach a fheidhmiú go cuimsitheach. I gcás OLAF, áiritheofar sna cearta sin an ceart imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, dá bhforáiltear le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013.

CAIBIDIL XI

Comhlántacht

Airteagal 29

Comhlántacht ghníomhaíocht an Aontais

1.   Beidh gníomhaíochtaí an Chláir comhsheasmhach agus comhlántach leis na beartais, na hionstraimí agus na cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, go háirithe Clár Erasmus+, agus le líonraí atá ann cheana ar leibhéal an Aontais atá ábhartha maidir le gníomhaíochtaí an Chláir.

2.   Beidh gníomhaíochtaí an Chláir comhsheasmhach agus comhlántach freisin leis na beartais, na cláir agus na hionstraimí ábhartha ar an leibhéal náisiúnta sna Ballstáit agus sna tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, na húdaráis náisiúnta agus na gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéis a mhalartú faoi na scéimeanna agus na tosaíochtaí náisiúnta a bhaineann le dlúthpháirtíocht agus an óige atá ann cheana féin, ar lámh amháin, agus gníomhaíochtaí faoin gClár, ar an lámh eile, d’fhonn cur leis na dea-chleachtais ábhartha agus éifeachtacht agus éifeachtúlacht a bhaint amach.

3.   Go háirithe, beidh saorálaíocht mar a leagtar amach in Airteagal 10 comhsheasmhach agus comhlántach le réimsí eile de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go háirithe an beartas um chabhair dhaonnúil, an beartas maidir le comhar um fhorbairt, an beartas um méadú, an beartas comharsanachta agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

4.   Gníomhaíocht ar tugadh ranníocaíocht di faoin gClár, féadfar ranníocaíocht a thabhairt di freisin ó chlár eile de chuid an Aontais, ar choinníoll nach gcumhdaítear na costais chéanna leis na ranníocaíochtaí. Beidh feidhm ag rialacha chlár ábhartha an Aontais maidir leis an ranníocaíocht chomhfhreagrach leis an ngníomhaíocht. Ní rachaidh an maoiniú carnach thar chostais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Féadfar an tacaíocht ó na cláir éagsúla de chuid an Aontais a ríomh ar bhonn pro rata i gcomhréir leis na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha tacaíochta.

5.   Féadfaidh tograí tionscadail tacaíocht a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa nó ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, i gcomhréir le hAirteagal 73(4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna do 2021-2027, i gcás inar dámhadh lipéad an tSéala Barr Feabhais orthu faoin gClár de bhua na coinníollacha carnacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a)

rinneadh measúnú orthu i nglao ar thograí faoin gClár;

(b)

comhlíonann siad na ceanglais íosta cháilíochta a bhaineann leis an nglao sin ar thograí; agus

(c)

ní féidir iad a mhaoiniú faoin nglao sin ar thograí de dheasca srianta buiséadacha.

CAIBIDIL XII

Forálacha idirthréimhseacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 30

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20 a thabhairt don Choimisiún ar feadh ré an Chláir.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 31

Nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 32

Aisghairm

Aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 le héifeacht ón 1 Eanáir 2021.

Airteagal 33

Forálacha idirthréimhseacha

1.   Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do leanúint de ghníomhaíochtaí, ná do mhodhnú gníomhaíochtaí, arna dtionscnamh de bhun Rialachán (AE) 2018/1475 nó (AE) Uimh. 375/2014, ar rialacháin iad a leanfaidh d’fheidhm a bheith acu maidir leis na gníomhaíochtaí sin go dtí go gcuirfear clabhsúr orthu.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh imchlúdach airgeadais an Chláir na costais theicniúla agus cúnaimh riaracháin is gá a chumhdach chun an t-aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1475 nó (AE) Uimh. 375/2014 a áirithiú.

3.   I gcomhréir le pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 193(2) den Rialachán Airgeadais, agus de mhaolú ar Airteagal 193(4) den Rialachán sin, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo agus atá sonraithe sa chinneadh maoiniúcháin, féadfar a mheas go bhfuil gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoin Rialachán seo agus na costais bhunúsacha a tabhaíodh in 2021 incháilithe amhail ón 1 Eanáir 2021, fiú má cuireadh na gníomhaíochtaí sin chun feidhme agus má tabhaíodh na costais sin sular tíolacadh an t-iarratas ar dheontas.

4.   Más gá, féadfar leithreasuithe a iontráil i mbuiséad an Aontais tar éis 2027 chun na speansais dá bhforáiltear in Airteagal 11(3) a chumhdach ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh curtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta, nach gcuirfear bac ar aistriú idir na gníomhaíochtaí a cuireadh chun feidhme faoi Chlár Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpach 2018-2020 agus na gníomhaíochtaí atá le cur chun feidhme faoin gClár.

Airteagal 34

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil an 20 Bealtaine 2021.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

D.M. SASSOLI

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A.P. ZACARIAS


(1)  IO C 62, 15.2.2019, lch. 201.

(2)  IO C 86, 7.3.2019, lch. 282.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Márta 2019 (IO C 23, 21.1.2021, lch. 218) agus seasamh ón gComhairle ag an gcéad léamh an 20 Aibreán 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil). Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(4)  IO C 25, 30.1.2008, lch. 1.

(5)  IO C 456, 18.12.2018, lch. 1.

(6)  Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear “Erasmus+”: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (“an Tionscnamh maidir le Saorálaithe Cabhrach AE”) (IO L 122, 24.4.2014, lch. 1).

(9)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).

(10)  Moladh ón gComhairle an 20 Nollaig 2012 maidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus an fhoghlaim neamhfhoirmiúil a bhailíochtú (IO C 398, 22.12.2012, lch. 1).

(11)  Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht na suíomhanna gréasáin agus na bhfeidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).

(12)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(13)  Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).

(14)  Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint (IO L 312, 23.12.1995, lch. 1).

(15)  Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).

(16)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (“OIPE”) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).

(17)  Treoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (IO L 198, 28.7.2017, lch. 29).

(18)  Treoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le cóir comhionann i gcúrsaí fostaíochta agus oideachais (IO L 303, 2.12.2000, lch. 16).

(19)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(20)  IO L 1, 3.1.1994, lch. 3.

(21)  Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le tíortha agus críocha thar lear a chomhlachú leis an Aontas Eorpach (“Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

(22)  IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(23)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(24)  Rialachán (AE) 2018/1475 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos creat dlíthiúil an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 agus Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE (IO L 250, 4.10.2018, lch. 1).

(25)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Déanfar tomhais na dtáscairí cainníochtúla a imdhealú, i gcás inarb iomchuí, de réir tíre, cúlra gairmiúil, leibhéal an oideachais, inscne, cineál gnímh agus gníomhaíochta.

Táthar le faireachán a dhéanamh ar na réimsí seo a leanas:

(a)

líon na rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta;

(b)

an sciar de na rannpháirtithe ar lú iad na deiseanna atá acu;

(c)

líon na n-eagraíochtaí a bhfuil lipéad cáilíochta acu;

(d)

líon na rannpháirtithe atá ina ndaoine óga ar lú iad na deiseanna atá acu;

(e)

an sciar de na rannpháirtithe a thuairiscigh torthaí dearfacha foghlama;

(f)

an sciar de na rannpháirtithe inar tuairiscíodh a gcuid torthaí foghlama trí bhíthin uirlis aitheantais thrédhearcach de chuid an Aontais amhail Youthpass, Europass nó uirlis náisiúnta;

(g)

ráta foriomlán sástachta na rannpháirtithe maidir le cáilíocht na ngníomhaíochtaí;

(h)

an sciar de na gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar chuspóirí aeráide;

(i)

leibhéal sástachta na saorálaithe arna n-imlonnú i réimse na cabhrach daonnúla agus leibhéal sástachta na n-eagraíochtaí rannpháirteacha a mhéid a bhaineann le rannchuidiú daonnúil éifeachtach na ngníomhaíochtaí ar an láthair;

(j)

líon na ngníomhaíochtaí i dtríú tíortha a rannchuidíonn le gníomhaithe agus pobail áitiúla a neartú agus a rannchuidíonn leis an tsaorálaíocht a chomhlánú faoin gCór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil.


Top