EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32010D0087

Sonraí Pearsanta a Aistriú chuig tíortha nach tíortha den Aontas Eorpaigh iad: Clásail Chonarthacha Chaighdeánacha

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

Sonraí Pearsanta a Aistriú chuig tíortha nach tíortha den Aontas Eorpaigh iad: Clásail Chonarthacha Chaighdeánacha

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2010/87/AE maidir le clásail chonarthacha chaighdeánacha chun sonraí pearsanta a aistriú chuig próiseálaithe a bunaíodh i dtríú tíortha faoi Threoir 95/46/CE

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Leagtar síos leis clásail chonarthacha chaighdeánacha is féidir le rialaitheoirí sonraí* (easpórtálaithe) a úsáid in AE a aistríonn sonraí pearsanta* chuig próiseálaithe sonraí* (allmhaireoirí) a bunaíodh lasmuigh de AE nó LEE, cosaintí iomchuí um chosaint sonraí a sholáthar agus ar an gcaoi sin ceanglais dhlíthe cosanta sonraí an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh (an rialachán ginearálta maidir le cosaint sonraí — Rialachán (AE) 2016/679 — féach an achoimre).

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na clásail chonarthacha chaighdeánacha leagtha amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh mar a leanas. Ní bhaineann clásail chonarthacha chaighdeánacha ach le cosaint sonraí agus is féidir leis na páirtithe iad a áireamh i gconradh níos leithne nó iad a fhorlíonadh le clásail eile nó le cosaintí breise, ar choinníoll nach dtiocfaidh siad salach, go díreach nó go hindíreach, ar na clásail chaighdeánacha chonarthacha arna nglacadh leis an gcinneadh seo.

Clásal 1: Sainmhínithe

Leagtar amach sainmhínithe ar phríomhchoincheapa a úsáidtear sna clásail chaighdeánacha chonarthacha.

Clásal 2: Sonraí aistrithe

Ba cheart do na páirtithe mionsonraí na n-aistrithe a liostáil, in iarscríbhinn a ghabhann leis na clásail chonarthacha, lena n–áirítear gníomhaíochtaí ábhartha an allmhaireora agus an onnmhaireora sonraí, na catagóirí sonraí pearsanta a aistríodh agus na hoibríochtaí próiseála a mbeidh na sonraí pearsanta faoina réir nuair a aistreofar iad.

Clásal 3: Clásal tairbhí tríú páirtí

Leis an gclásal féadfaidh ábhair sonraí roinnt de na clásail a fhorfheidhmiú i gcoinne an onnmhaireora sonraí, an allmhaireora sonraí nó an fhophróiseálaí mar thairbhí tríú páirtí. Foráiltear leis freisin nach gcuirfidh na páirtithe i gcoinne ábhar sonraí a bhfuil ionadaíocht á déanamh ar a shon nó ar a son ag comhlachas nó comhlacht eile má cheadaítear sin leis an dlí náisiúnta.

Clásal 4: Oibleagáidí an onnmhaireora sonraí

Leagtar síos sa chlásal seo na hoibleagáidí conarthacha don onnmhaireoir sonraí, a chaithfidh comhaontú agus barántas a thabhairt i leith an méid seo a leanas:

  • na sonraí pearsanta a phróiseáil de réir an dlí cosanta sonraí amháin;
  • treoir a thabhairt don allmhaireoir sonraí gan na sonraí a phróiseáil ach thar ceann an onnmhaireora sonraí amháin agus de réir an dlí um chosaint sonraí agus de réir na gclásal a ghabhann leis;
  • ráthaíochtaí leordhóthanacha a sholáthar (agus a chomhlíonadh) maidir le bearta slándála teicniúla agus eagrúcháin chun sonraí pearsanta a chosaint ar scriosadh de thaisme nó go neamhdhleathach, ar chaillteanas, ar athrú, ar nochtadh nó ar rochtain neamhúdaraithe, go háirithe i gcás ina bhfuil an phróiseáil thar líonra;
  • an t–ábhar sonraí a chur ar an eolas más amhlaidh go bhféadfaí catagóirí speisialta sonraí a tharchur chuig tír nach tír den Aontas Eorpach í le cosaint sonraí neamhleor;
  • an fógra a fuair sé ón allmhaireoir sonraí faoi neamhábaltacht an allmhaireora sonraí na clásail a chomhlíonadh a chur ar aghaidh chuig an údarás maoirseachta inniúil, má chinneann sé leanúint den aistriú;
  • cóip de na clásail a chur ar fáil d’ábhair sonraí, arna iarraidh sin dóibh, le tuairisc achomair ar na bearta slándála;
  • i gcás fophróiseála, ní mór don fhophróiseálaí an leibhéal céanna cosanta sonraí pearsanta a sholáthar agus a sholáthraíonn an t–allmhaireoir sonraí.

Clásal 5: Oibleagáidí an allmhaireora sonraí

Leagtar síos sa chlásal seo oibleagáidí conarthacha an allmhaireora sonraí, a chaithfidh comhaontú agus barántas a thabhairt ina leith:

  • gan na sonraí pearsanta a phróiseáil ach thar ceann an onnmhaireora sonraí amháin agus i gcomhréir lena threoracha agus leis na clásail;
  • nach bhfuil aon chúis aige a chreidiúint go gcuirtear cosc leis an reachtaíocht is infheidhme maidir leis na treoracha a fhaightear ón onnmhaireoir sonraí agus a oibleagáidí faoin gconradh a chomhlíonadh;
  • fógra a thabhairt go pras faoi aon athrú ar an reachtaíocht sin ar dóigh go mbeidh drochthionchar suntasach aige ar na barántais agus na hoibleagáidí a sholáthraítear leis na clásail, agus sa chás sin beidh an t–onnmhaireoir sonraí i dteideal aistriú sonraí a chur ar fionraí agus/nó an conradh a fhoirceannadh;
  • bearta slándála teicniúla agus eagrúcháin sonraithe a chur chun feidhme sula ndéantar na sonraí pearsanta a aistrítear a phróiseáil;
  • fógra a thabhairt go pras don onnmhaireoir sonraí faoi iarratais ó údarás forfheidhmithe dlí sonraí pearsanta a nochtadh, faoi aon rochtain de thaisme nó neamhúdaraithe, agus faoi aon iarratas a fhaightear go díreach ó na hábhair sonraí gan freagra a thabhairt ar an iarratas, mura n–údaraítear a mhalairt;
  • déileáil go pras le gach fiosrúchán ón onnmhaireoir sonraí agus cloí le comhairle an údaráis mhaoirseachta;
  • arna iarraidh sin ag an onnmhaireoir sonraí, a shaoráidí próiseála sonraí a chur isteach le haghaidh iniúchadh ar na gníomhaíochtaí próiseála a chumhdaítear sna clásail;
  • cóip de na clásail a chur ar fáil d’ábhair sonraí, arna iarraidh sin dóibh, le tuairisc achomair ar na bearta slándála;
  • fophróiseálaí a fhostú le toiliú i scríbhinn roimh ré ón onnmhaireoir sonraí agus sa chás sin amháin.

Clásal 6: Dliteanas

Éilítear leis na clásail ar na páirtithe aontú go bhfuil aon ábhar sonraí ar tharla damáistí dóibh mar thoradh ar aon sárú ar na hoibleagáidí i dteideal cúiteamh a fháil ón onnmhaireoir sonraí as na damáistí a tharla.

Clásal 7: Idirghabháil agus dlínse

Ní mór don allmhaireoir sonraí aontú má agraíonn an t-ábhar sonraí cearta tairbhí tríú páirtí ina choinne agus/nó má éilíonn sé cúiteamh i leith damáistí, go nglacfaidh sé le cinneadh an ábhair sonraí an díospóid a tharchur chuig idirghabháil neamhspleách, nó chuig na cúirteanna i dtír AE ina bhfuil an t–onnmhaireoir sonraí bunaithe (leis an gceart leigheasanna a lorg faoi dhlíthe náisiúnta nó idirnáisiúnta eile).

Clásal 8: Comhar le húdaráis mhaoirseachta

Rialaítear leis an gclásal seo an comhar leis an údarás maoirseachta inniúil, trí fhoráil a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

  • tá sé de cheart ag an údarás maoirseachta iniúchadh a dhéanamh ar an allmhaireoir sonraí, agus ar aon fhophróiseálaí;
  • aontaíonn an t–allmhaireoir sonraí an t–onnmhaireoir sonraí a chur ar an eolas faoi aon reachtaíocht a choisceann iniúchadh ar an allmhaireoir sonraí. I gcás den sórt sin beidh an t–onnmhaireoir sonraí i dteideal aistriú sonraí a chur ar fionraí nó an conradh a fhoirceannadh.

Clásal 9: An dlí rialaithe

Ba cheart na clásail a bheith á rialú le dlí náisiúnta na tíre AE ina bhfuil an t–onnmhaireoir sonraí pearsanra bunaithe.

Clásal 10: An conradh a athrú

Ní ceadmhach do na páirtithe na clásail a athrú, a mhodhnú nó a bhréagnú.

Clásal 11: Fophróiseáil

Ba cheart na forálacha a bhaineann le fophróiseáil a rialú le dlí na tíre de chuid AE ina bhfuil an t–onnmhaireoir sonraí bunaithe.

Clásal 12: Oibleagáid tar éis deireadh a chur le seirbhísí próiseála sonraí pearsanta

Rialaítear leis an gclásal seo oibleagáidí na bpáirtithe tar éis deireadh a chur leis an bpróiseáil sonraí. Go háirithe, ba cheart do na páirtithe comhaontú go gcaithfidh an t–allmhaireoir sonraí agus an fophróiseálaí, ag deireadh na seirbhísí próiseála sonraí, na sonraí pearsanta go léir a aistrítear a thabhairt ar ais (nó a scriosadh, arna iarraidh sin) mura gcuirtear leis an reachtaíocht orthu déanamh amhlaidh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 15 Bealtaine 2010.

CÚLRA

  • Nóta: bhí an cinneadh seo ina ábhar d’iarratas ar réamhrialú a raibh mar thoradh air breithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (Cás C-311/18) an 16 Iúil 2020, inar dheimhnigh an Chúirt bailíocht an chinnidh.
  • Tá dhá shraith de chlásail chonarthacha chaighdeánacha eisithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir le haistrithe sonraí ó rialaitheoirí sonraí in AE chuig rialaitheoirí sonraí a bunaíodh lasmuigh de AE nó de LEE.
  • Féach chomh maith:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Rialaitheoir sonraí: an duine nádúrtha nó dlíthiúil, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a shocraíonn críocha agus modhanna chun sonraí pearsanta a phróiseáil.
Sonraí pearsanta: aon fhaisnéis a bhaineann le duine (ábhar sonraí) ar féidir é nó í a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, trí ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó tosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiciúil, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine sin.
Próiseálaí sonraí: duine nádúrtha nó dlíthiúil, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a phróiseálann sonraí pearsanta thar ceann an rialaitheora.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh 2010/87/AE ón gComhairle an 5 Feabhra 2010 maidir le clásail chonarthacha chaighdeánacha maidir le haistriú sonraí pearsanta chuig próiseálaithe bunaithe i dtríú tíortha faoi Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 39, 12.2.2010, lgh. 5-18)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2010/87/AE a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2004/915/CE ón gCoimisiún an 27 Nollaig 2004 lena leasaítear Cinneadh 2001/497/CE maidir le sraith mhalartach clásal conarthach a thionscnamh i dtaobh sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha (IO L 385, 29.12.2004, lgh. 74-84)

Cinneadh 2001/497/CE ón gCoimisiún an 15 Meitheamh 2001 maidir le clásail chonarthacha chaighdeánacha chun sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha, faoi Threoir 95/46/CE (IO L 181, 4.7.2001, lgh. 19-31)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (IO L 281, 23.11.1995, Igh. 31-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 07.10.2020

Barr