EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32000R1760

Mairteoil agus laofheoil a lipéadú

Mairteoil agus laofheoil a lipéadú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 — Córas AE maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach ann rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú
  • Tá na rialacha, lena n-áirítear lipéadú éigeantach, ceaptha chun gur féidir mairteoil agus laofheoil a rianú feadh an bhiashlabhra iomláin.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith ar lipéid ar gach mairteoil agus laofheoil atá ar díol san AE: cód tagartha lenar féidir a thionscnamh a shainaithint, sonraí faoin áit ar maraíodh an t-ainmhí (uimhir formheasa an tseamlais) agus a ndearnadh búistéireacht air (uimhir formheasa an halla gearrtha a rinne an oibríocht gearrtha ar an gconablach nó ar an ngrúpa conablach).
  • Ón 1 Eanáir 2002 i leith, ní mór Ballstát breithe, ramhrú agus marú an ainmhí a lua ar na lipéid freisin.
  • Féadfaidh faisnéis dheonach bhreise faoin bhfeoil atá á díol a bheith ar na lipéid. Ní mór don fhaisnéis a bheith intuigthe do thomhaltóirí agus ní mór dó cloí leis an reachtaíocht maidir le lipéadú bia, go háirithe Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 (féach achoimre).
  • Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfar an rialachán seo ar a gcríoch. Ní mór aon phionóis a ghearrann siad ar oibreoir nó ar eagraíocht a dhéanann margaíocht ar mhairteoil a bheith éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach. I gcás ina mbeidh oibreoirí agus eagraíochtaí a dhéanann margú ar mhairteoil tar éis mairteoil a lipéadú gan a n-oibleagáidí a chomhlíonadh, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a cheangal go mbainfear an mhairteoil den mhargadh.
  • Tá cumhachtaí ag saineolaithe ón gCoimisiún Eorpach, i gcomhar leis na húdaráis ábhartha:
    • a fhíorú go gcomhlíonann na Ballstáit ceanglais an rialacháin;
    • seiceálacha ar an láthair a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar na seiceálacha i gcomhréir leis an rialachán.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 14 Lúnasa 2000.

CÚLRA

Cumhdaíodh rialacha maidir le sainaithint agus clárú bó-ainmhithe roimhe seo faoin rialachán seo. Cumhdaítear iad anois le Rialachán (AE) 2016/429 (“Dlí an Aontais maidir le Sláinte Ainmhithe” — féach achoimre) agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córas chun bó–ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lgh. 1–10).

Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe agus ceartúcháin i ndiaidh a chéile ar Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1825/2000 ón gCoimisiún an 25 Lúnasa 2000 ag leagan síos rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú (IO L 216, 26.8.2000, lgh. 8–12)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 23.09.2022

Barr