EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0766

Rialachán (CE) Uimh. 766/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart

IO L 218, 13.8.2008, p. 48–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/766/oj

13.8.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/48


RIALACHÁN (CE) Uimh. 766/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 135 agus Airteagal 280 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Chuir Rialachán (CE) Uimh. 515/97 (3) ón gComhairle feabhas ar an meicníocht dhlíthiúil a bhí ann roimhe sin, go háirithe trína cheadú go stórálfaí faisnéis i mbunachar sonraí Comhphobail an Chórais Eolais Custaim (CEC).

(2)

Léirigh an taithí a fuarthas ó tháinig Rialachán (CE) Uimh. 515/97 i bhfeidhm, áfach, maidir le húsáid an CEC chun críocha dearcaidh, tuairiscithe, faireacháin dhiscréidigh nó seiceálacha sonracha, agus chun na gcríoch sin amháin, nach gcumasaíonn sí cuspóir an chórais a ghnóthú ina iomláine, arb éard atá ann cabhrú le hoibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim nó an reachtaíocht talmhaíochta a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(3)

Fágann na hathruithe a tugadh isteach nuair a méadaíodh an tAontas Eorpach chun 27 Ballstát a áireamh gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar chomhar custaim an Chomhphobail i gcreat níos leithne agus le meicníochtaí nuachóirithe.

(4)

Mhodhnaigh Cinneadh 1999/352/CE, CECG, Euratom ón gCoimisiún an 28 Aibreán 1999 lena mbunaítear an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) (4) agus an Coinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht na faisnéise chun críocha custaim (5), a tarraingíodh suas le Gníomh ón gComhairle an 26 Iúil 1995 (6), an creat ginearálta don chomhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún maidir le cionta faoi reachtaíocht an Chomhphobail a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

(5)

Ba chóir go gcabhródh torthaí anailíse straitéisí leo siúd a bhfuil freagracht orthu ag an leibhéal is airde chun na tionscnaimh, na cuspóirí agus na beartais chun calaois a chomhrac a chinneadh, chun gníomhaíochtaí a phleanáil agus chun na hacmhainní is gá chun na cuspóirí oibríochtúla a leagtar síos a bhaint amach a chur á n-úsáid.

(6)

Ba chóir go gcabhródh torthaí anailíse oibríochtúla maidir le gníomhaíochtaí, acmhainní agus a bhfuil ar intinn ag daoine áirithe nó ag gnóthaí áirithe nach gcomhlíonann an reachtaíocht chustaim ná an reachtaíocht talmhaíochta, nó nach ndealraíonn sé go gcomhlíonann siad an reachtaíocht chustaim ná an reachtaíocht talmhaíochta, leis na húdaráis chustaim agus leis an gCoimisiún na bearta iomchuí a ghlacadh i gcásanna sonracha chun na cuspóirí a leagtar síos maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise a chur i gcrích.

(7)

Faoin meicníocht atá ann faoi láthair, a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 515/97, ní fhéadfar sonraí pearsanta a d'iontráil Ballstát a chóipeáil ón CEC isteach i gcórais phróiseála sonraí eile ach amháin le húdarú roimh ré ón gcomhpháirtí CEC a d'iontráil iad, agus sin faoi réir na gcoinníollacha a forchuireadh air i gcomhréir le hAirteagal 30(1). Ceapadh an leasú ar an Rialachán chun imeacht ó phrionsabal sin an údaraithe roimh ré sa chás sin amháin ina mbeidh na sonraí le próiseáil ag na húdaráis náisiúnta agus seirbhísí an Choimisiúin a bhfuil bainistiú riosca mar fhreagracht orthu d'fhonn díriú ar rialuithe ar ghluaiseachtaí earraí.

(8)

Is gá an mheicníocht atá ann faoi láthair a fhorlíonadh le creat dlíthiúil lena mbunófar Bunachar Sonraí um Shainaithint Comhad Custaim a chumhdóidh comhaid a bhí ann agus comhaid reatha. Leanann cruthú bunachair shonraí den sórt sin as an tionscnamh um chomhar custaim idir-rialtasach ónar eascair glacadh an Ghnímh ón gComhairle an 8 Bealtaine 2003 ag tarraingt suas an Phrótacail lena leasaítear an Coinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht na faisnéise chun críocha custaim (7), ar mhaithe le bunachar sonraí um shainaithint comhad custaim a chruthú.

(9)

Is gá a áirithiú, chun an comhar custaim idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a neartú, agus gan dochar d'fhorálacha eile Rialachán (CE) Uimh. 515/97, go bhféadfar sonraí áirithe a mhalartú d'fhonn cuspóirí an Rialacháin sin a bhaint amach.

(10)

Ina theannta sin, is gá comhlántacht níos fearr a áirithiú le gníomhaíocht a dhéantar i gcomhthéacs an chomhair custaim idir-rialtasaigh agus an chomhair le comhlachtaí eile agus le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus réigiúnacha eile. Tagann an ghníomhaíocht sin sna sála ar Rún ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2003 maidir le straitéis don chomhar custaim (8) agus ar Chinneadh ón gComhairle an 6 Nollaig 2001 a shíneann sainordú Europol chuig an gcomhrac in aghaidh na bhfoirmeacha tromchúiseacha sin den choireacht idirnáisiúnta a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Coinbhinsiún Europol (9).

(11)

D'fhonn comhleanúnachas a chothú idir na gníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún, comhlachtaí eile agus gníomhaireachtaí eile an Aontais Eorpaigh agus na heagraíochtaí náisiúnta eile agus na heagraíochtaí réigiúnacha eile, ba chóir go dtabharfaí údarú don Choimisiún oiliúint a chur ar fáil, agus gach cineál cúnaimh seachas cúnamh airgeadais a thabhairt, d'oifigigh idirchaidrimh de chuid tríú tíortha agus de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha agus gníomhaireachtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha, lena n-áirítear malartú an dea-chleachtais leis na comhlachtaí sin, agus, mar shampla, le Europol agus leis an nGníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (Frontex).

(12)

Ba chóir go ndéanfaí na dálaí do chur chun feidhme oibríochtaí comhpháirteacha custaim i gcomhthéacs an Chomhphobail a chruthú faoi Rialachán (CE) Uimh. 515/97. Ba chóir go gcumhachtófaí don Choiste dá bhforáiltear le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 an sainordú d'oibríochtaí comhpháirteacha custaim Comhphobail a chinneadh.

(13)

Caithfear bonneagar buan a chruthú laistigh den Choimisiún chun go bhféadfar oibríochtaí comhpháirteacha custaim a chomhordú i gcaitheamh na bliana féilire agus chun go bhféadfar aíocht a dhéanamh ar ionadaithe na mBallstát agus, más gá, ar oifigigh idirchaidrimh ó thríú tíortha nó ó eagraíochtaí nó ó ghníomhaireachtaí Eorpacha nó idirnáisiúnta, ó Europol agus ón Eagraíocht Dhomhanda Chustaim (EDC) agus ó Interpol, go háirithe, don tréimhse ama is gá chun oibríocht amháin ar leith nó níos mó a sheoladh.

(14)

D'fhonn dul i ngleic le saincheisteanna maoirseachta a bhaineann le CEC, ba chóir don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí cruinniú a thionól leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí ar a laghad uair sa bhliain.

(15)

Caithfidh na Ballstáit a bheith in ann an bonneagar sin a athúsáid le haghaidh oibríochtaí comhpháirteacha custaim arna n-eagrú ar mhodh comhair custaim, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 29 agus in Airteagal 30 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, gan dochar do ról Europol. Sa chás sin, ba chóir go seolfaí oibríochtaí comhpháirteacha custaim faoin sainordú a chinnfidh meitheal oibre iomchuí na Comhairle i dtaca le comhar custaim faoi Theideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

(16)

Ina theannta sin, éilíonn forbairt margaí nua, an méadú ar idirnáisiúnú na trádála agus an méadú atá ag teacht go tiubh air sin, chomh maith leis an méadú atá faoi luas iompair earraí, gur gá do riaracháin chustaim coimeád suas le gluaiseacht chun nach ndéanfar díobháil d'fhorbairt gheilleagar na hEorpa.

(17)

Is iad na cuspóirí bunaidh go mbeadh ar chumas na n-oibreoirí uile na doiciméid uile is gá a chur ar fáil roimh ré agus a naisc leis na húdaráis chustaim a ríomhairiú ina n-iomláine. Idir an dá linn, leanfaidh an staid reatha de bheith ann agus leibhéil éagsúla forbartha ar na córais ríomhairí náisiúnta, agus caithfear meicníochtaí frithchalaoise a fheabhsú ós rud é go bhféadann sraontaí trádála tarlú i gcónaí.

(18)

Chun críche an chomhraic i gcoinne na calaoise, is gá, mar sin, i dteannta an athchóirithe agus an nuachóirithe ar chórais chustaim, faisnéis a lorg ag an bpointe is luaithe is féidir. Chomh maith leis sin, d'fhonn cabhrú le húdaráis inniúla na mBallstát gluaiseachtaí earraí, arb ábhair d'oibríochtaí iad a d'fhéadfadh a bheith ag sárú na reachtaíochta custaim nó na reachtaíochta talmhaíochta, agus gluaiseachtaí meán iompair, lena n-áirítear coimeádáin, a úsáidtear chuige sin a bhrath, is fiú sonraí ó na príomhsholáthróirí seirbhíse ar fud an domhain, bídís poiblí nó príobháideach, atá gníomhach sa slabhra soláthair idirnáisiúnta a chomhthiomsú in eolaire sonraí lárnach Eorpach.

(19)

Tá cosaint daoine nádúrtha i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi rialú ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (10) agus ag Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus le cosaint príobháideachais san earnáil teileachumarsáide leictreonaí (Treoir maidir le príobháideacht agus le cumarsáidí leictreonacha) (11), a bhfuil feidhm iomlán acu maidir le seirbhísí shochaí na faisnéise. Bunaítear cheana leis na Treoracha sin creat dlíthiúil Comhphobail i réimse na sonraí pearsanta agus mar sin ní gá an cheist a chumhdach sa Rialachán seo chun oibriú rianúil an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe saorghluaiseacht sonraí pearsanta idir na Ballstáit, a áirithiú. Caithfear an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na rialacha um chosaint sonraí pearsanta, go háirithe maidir le faisnéis a mhalartú agus a stóráil a thacaíonn le gníomhaíocht chun an chalaois a chosc agus a bhrath.

(20)

Ba chóir go mbeadh malartú sonraí pearsanta le tríú tíortha faoi réir fíorúcháin roimh ré go soláthraítear le rialacha um chosaint sonraí sa tír ghlactha leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal cosanta sonraí a fhoráiltear le dlí an Chomhphobail.

(21)

Ós rud é go ndearna na Ballstáit Treoir 945/46/CE a thrasuí ó glacadh Rialachán (CE) Uimh. 515/97, agus ós rud é gur bhunaigh an Coimisiún údarás neamhspleách chun a áirithiú go n-urramóidh institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail saoirsí agus cearta bunúsacha daoine agus sonraí pearsanta á bpróiseáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (12), ba cheart na bearta rialaithe um chosaint sonraí pearsanta a ailíniú agus ba cheart tagairt don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chur in ionad na tagartha don Ombudsman Eorpach, gan dochar do chumhachtaí an Ombudsman.

(22)

Ba cheart na bearta is gá chun Rialachán (CE) Uimh 515/97 a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (13).

(23)

Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cinneadh a dhéanamh maidir le hítimí a bheidh le háireamh sa CEC agus oibríochtaí a chinneadh a bhaineann le cur i bhfeidhm na reachtaíochta talmhaíochta a bhfuil faisnéis ina leith le hiontráil ann. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha de Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a leasú a cheapfar iad, inter alia trína fhorlíonadh le heilimintí nua neamhriachtanacha, caithfear iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(24)

Ba cheart an tuarascáil ar chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a lánpháirtiú sa tuarascáil a chuirtear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle gach bliain maidir leis na bearta a glacadh i gcur chun feidhme Airteagal 280 den Chonradh.

(25)

Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 515/97 a leasú dá réir.

(26)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon an comhrac i gcoinne na calaoise agus i gcoinne aon ghníomhaíochta eile a dhéanann dochar do leasanna airgeadais an Chomhphobail a chomhordú, a ghnóthú go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(27)

Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (14). Is é is aidhm don Rialachán seo, go háirithe, a áirithiú go n-urramófar ina iomláine an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh).

(28)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus thug an Maoirseoir tuairim an 22 Feabhra 2007 (15),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear leis seo mar a leanas Rialachán (CE) Uimh. 515/97:

1)

cuirtear na fleasca seo a leanas le hAirteagal 2(1):

‘–

ciallaíonn “anailís oibríochtúil” anailís ar oibríochtaí ar sáruithe ar an reachtaíocht chustaim nó ar an reachtaíocht talmhaíochta iad, nó a ndealródh sé gur sáruithe den sórt sin iad, a bhfuil na staideanna seo a leanas, san ord seo leanas, i gceist leo:

(a)

faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhailiú;

(b)

meastóireacht ar iontaofacht na foinse faisnéise agus ar iontaofacht na faisnéise féin;

(c)

taighde, cur i láthair modheolaíoch agus forléiriú maidir le naisc idir na hítimí faisnéise sin nó idir iad agus sonraí suntasacha eile;

(d)

tuairimí, hipitéisí nó moltaí a fhoirmiú, mar fhaisnéis riosca, a d'fhéadfadh na húdaráis inniúla agus an Coimisiún a úsáid go díreach chun oibríochtaí eile a sháraíonn an reachtaíocht chustaim agus an reachtaíocht talmhaíochta a chosc agus a bhrath agus/nó chun an duine nó na gnóthaí atá gafa leis na hoibríochtaí sin a shainaithint go cruinn;

ciallaíonn “anailís straitéiseach” taighde agus cur i láthair maidir le treochtaí ginearálta na sáruithe ar an reachtaíocht chustaim agus ar an reachtaíocht talmhaíochta trí mheastóireacht a dhéanamh ar an mbagairt ó chineálacha áirithe oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim agus an reachtaíocht talmhaíochta, ar a scála agus ar a dtionchar, d'fhonn tosaíochtaí a leagan amach ina dhiaidh sin, tuairim níos cruinne faoin bhfeiniméan nó faoin mbagairt a fháil, treoshuíomh gníomhaíochta a athrú chun an chalaois a chosc agus a bhrath agus chun eagraíocht na roinne a athbhreithniú. Is sonraí ar baineadh gnéithe sainaitheantais amach astu amháin is féidir a úsáid le haghaidh anailíse straitéisí;

ciallaíonn “malartú tráthrialta uathoibríoch” cumarsáid chórasach faisnéise réamhshainithe, gan réamhiarraidh, ag eatraimh thráthrialta réamhbhunaithe;

ciallaíonn “malartú ócáideach uathoibríoch” cumarsáid chórasach faisnéise réamhshainithe, gan réamhiarraidh, de réir mar a thiocfaidh an fhaisnéis sin chun bheith ar fáil;’;

2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 2a

Gan dochar d'fhorálacha eile an Rialacháin seo, agus chun a chuspóirí a shaothrú, go háirithe i gcás nach dtíolacfar aon dearbhú custaim ná aon dearbhú simplithe nó i gcás ina mbeidh an dearbhú neamhiomlán nó i gcás ina bhfuil cúis ann go gcreidfí go bhfuil na sonraí a bheidh ann bréagach, féadfaidh an Coimisiún nó údaráis inniúla gach Ballstáit na sonraí seo a leanas a mhalartú le húdarás inniúil aon Bhallstáit eile agus leis an gCoimisiún:

(a)

ainm an ghnó;

(b)

ainm trádála;

(c)

seoladh an ghnó;

(d)

uimhir aitheantais CBL an ghnó;

(e)

an uimhir aitheantais dleachtanna máil (16);

(f)

faisnéis faoi cé acu an bhfuil an uimhir aitheantais CBL in úsáid agus/nó an bhfuil an uimhir aitheantais dleachtanna máil in úsáid;

(g)

ainmneacha bhainisteoirí agus stiúrthóirí an ghnó agus, má tá fáil orthu, ainmneacha phríomh-scairshealbhóirí an ghnó;

(h)

uimhir an tsonraisc agus an dáta ar eisíodh é; agus

(i)

an méid a ndearnadh sonraisciú air.

Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le gluaiseachtaí earraí seachas na hearraí a ndéantar cur síos orthu sa chéad fhleasc d'Airteagal 2(1).’;

3)

leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:

(a)

uimhrítear an mhír atá ann mar mhír 1;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘2.   Féadfaidh údaráis inniúla gach Ballstáit faisnéis a sheachadadh, trí mhalartú tráthrialta uathoibríoch nó trí mhalartú ócáideach uathoibríoch, chuig údarás inniúil aon Bhallstáit eile lena mbaineann, ar faisnéis í a fuarthas agus a bhaineann le teacht isteach earraí, le himeacht earraí, le hidirthuras earraí, le stóráil earraí agus le húsáid deiridh earraí, lena n-áirítear trácht poist, a ghluaistear idir críoch custaim an Chomhphobail agus críocha eile, agus i ndáil le hearraí neamh-Chomhphobail agus le hearraí d'úsáid deiridh a bheith i láthair agus ag gluaiseacht laistigh de chríoch custaim an Chomhphobail, d'fhonn, i gcás inar gá, oibríochtaí ar sáruithe iad ar an reachtaíocht chustaim nó ar an reachtaíocht talmhaíochta nó oibríochtaí a ndealródh sé uathu gur sáruithe iad ar an reachtaíocht chustaim nó ar an reachtaíocht talmhaíochta a chosc nó a bhrath.’;

4)

leasaítear Airteagal 18 mar a leanas:

(a)

leasaítear mír 1 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhleisce:

‘–

nuair a bheidh iarmhairtí acu i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha, nó nuair a d'fhéadfadh iarmhairtí a bheith acu i mBallstáit eile nó i dtríú tíortha, nó’;

(ii)

cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas:

‘Laistigh de shé mhí ón bhfaisnéis a chuir an Coimisiún in iúl a fháil, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát ar aghaidh chuig an gCoimisiún achoimre ar na bearta frithchalaoise a bheidh déanta acu ar bhonn na faisnéise sin. Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na n-achoimrí sin, tuarascálacha ar thorthaí na mbeart a bheidh déanta ag na Ballstáit a ullmhú agus a chur ar aghaidh chuig na Ballstáit go tráthrialta.’;

(b)

cuirtear isteach na míreanna seo a leanas:

‘7.   Gan dochar d'fhorálacha Chód Custaim an Chomhphobail a bhaineann le creat comhchoiteann do bhainistiú riosca a bhunú, féadfar na sonraí a mhalartófar idir an Coimisiún agus na Ballstáit de bhun Airteagal 17 agus Airteagal 18 a stóráil agus a úsáid chun críche anailíse straitéisí agus anailíse oibríochtúla.

8.   Féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún torthaí na n-anailísí oibríochtúla agus na n-anailísí straitéiseacha a dhéanfar faoin Rialachán seo a mhalartú.’;

5)

cuirtear na hAirteagail seo a leanas le Teideal III:

‘Airteagal 18a

1.   Gan dochar d'inniúlachtaí na mBallstát, d'fhonn cabhrú leis na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(1) gluaiseachtaí earraí is ábhar d'oibríochtaí ar sárú ionchasach ar an reachtaíocht chustaim agus ar an reachtaíocht talmhaíochta iad agus meáin iompair, lena n-áirítear coimeádáin, a úsáidtear chun na críche sin, a bhrath, féadfaidh an Coimisiún eolaire a bhunú agus a bhainistiú, ar eolaire é ina mbeidh na sonraí a gheofar ó sholáthróirí seirbhísí poiblí nó ó sholáthróirí seirbhísí príobháideacha atá gníomhach sa slabhra soláthair idirnáisiúnta. Beidh an t-eolaire sin inrochtana go díreach ag na húdaráis sin.

2.   Agus an Coimisiún ag bainistiú an eolaire sin, cumhachtófar dó:

(a)

rochtain a fháil ar ábhar na sonraí nó ábhar na sonraí a bhaint as, trí mheán ar bith nó i bhfoirm ar bith, agus sonraí a athúsáid, i gcomhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme maidir le cearta maoine intleachtúla; beidh na téarmaí agus na nósanna imeachta le haghaidh rochtain a fháil ar shonraí nó le haghaidh sonraí a bhaint as an eolaire faoi rialú ag socrú teicniúil idir an Coimisiún, ag gníomhú thar ceann an Chomhphobail, agus an soláthróir seirbhíse;

(b)

sonraí a bhfuil rochtain orthu san eolaire, nó sonraí a bhaintear as an eolaire, a chur i gcomparáid agus i gcodarsnacht le chéile, innéacsú a dhéanamh orthu, iad a shaibhriú ó fhoinsí eile sonraí agus anailís a dhéanamh orthu i gcomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (17);

(c)

na sonraí a bheidh san eolaire sin a chur ar fáil, trí theicnící leictreonacha próiseála sonraí a úsáid, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(1).

3.   Baineann na sonraí dá dtagraítear san Airteagal seo go háirithe le gluaiseachtaí coimeádán agus/nó meán iompair agus le hearraí agus le daoine a bhfuil baint acu leis na gluaiseachtaí sin. Cuimseoidh na sonraí sin, i gcás ina mbeidh siad ar fáil:

(a)

maidir le gluaiseachtaí coimeádán:

uimhir an choimeádáin;

stádas luchtaithe an choimeádáin;

dáta na gluaiseachta;

cineál na gluaiseachta (luchtaithe, díluchtaithe, trasloingsithe, tagtha isteach, imithe, etc.);

ainm an tsoithigh nó cláruimhir an mheáin iompair;

uimhir an aistir;

áit;

bille lasta nó doiciméad iompair eile;

(b)

maidir le gluaiseachtaí meán iompair:

ainm an tsoithigh nó cláruimhir an mheáin iompair;

bille lasta nó doiciméad iompair eile;

líon na gcoimeádán;

meáchan an luchta;

tuairisc na n-earraí agus/nó códú na n-earraí;

uimhir áirithinte;

uimhir an tséala;

áit an chéad luchtaithe;

áit an díluchtaithe deiridh;

áiteanna an trasloingsithe;

an dáta a meastar go mbainfear áit an díluchtaithe deiridh amach;

(c)

maidir le daoine atá bainteach le gluaiseachtaí a bhfuil feidhm ag pointe (a) agus pointe (b) maidir leo: an sloinne, an sloinne réamhphósta, céadainmneacha, iarshloinnte, ailiasanna, dáta breithe agus ionad breithe, náisiúntacht, gnéas agus seoladh;

(d)

maidir le gnóthaí atá bainteach le gluaiseachtaí a bhfuil feidhm ag pointe (a) agus pointe (b) maidir leo: ainm an ghnó, an t-ainm trádála, seoladh an ghnó, uimhir chláraithe, uimhir aitheantais CBL agus uimhir aitheantais dleachtanna máil agus seoladh na n-úinéirí, na loingseoirí, na gcoinsíneoirí, na last-seoltóirí, na n-iompróirí agus na n-idirghabhálaithe eile nó na ndaoine eile atá bainteach leis an slabhra soláthair idirnáisiúnta.

4.   Laistigh den Choimisiún, ní chumachtófar ach d'anailíseoirí ainmnithe sonraí pearsanta a phróiseáil, ar anailíseoirí a bhfuil feidhm ag mír 2(b) agus mír 2(c) maidir leo.

Scriosfar láithreach bonn aon sonraí pearsanta nach mbeidh riachtanach chun an aidhm atá i gceist a bhaint amach nó bainfear na fachtóirí sainaitheantais amach astu. Ní fhéadfar na sonraí pearsanta a stóráil ar feadh tréimhse níos faide ná trí bliana, ar chaoi ar bith.

Airteagal 18b

1.   Údarófar don Choimisiún oiliúint a chur ar fáil, agus gach cineál cúnaimh seachas cúnamh airgeadais a thabhairt d'oifigigh idirchaidrimh de chuid tríú tíortha agus de chuid eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta.

2.   Féadfaidh an Coimisiún saineolas, cúnamh teicniúil nó cúnamh lóistíochtúil, gníomhaíocht oiliúna nó chumarsáide nó aon tacaíocht oibríochtúil eile a chur ar fáil do na Ballstáit chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus i bhfeidhmiú dualgas na mBallstát laistigh de chreat cur chun feidhme an chomhair chustaim dá bhforáiltear le hAirteagal 29 agus le hAirteagal 30 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.’;

6)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

‘Airteagal 19

Ar choinníoll go mbeidh an tríú tír lena mbaineann tar éis í féin a chur faoi ghealltanas dlíthiúil an cúnamh is gá a thabhairt chun an fhianaise go léir maidir le cineál neamhrialta na n-oibríochtaí a ndealróidh sé go bhfuil siad ag sárú na reachtaíochta custaim nó na reachtaíochta talmhaíochta a chur i dtoll a chéile nó chun méid na n-oibríochtaí ar fionnadh gur sáruithe ar an reachtaíocht sin a bhí iontu a chinneadh, maidir le faisnéis a gheofar de bhun an Rialacháin seo:

féadfaidh an Coimisiún nó an Ballstát lena mbaineann í a chur in iúl, faoi réir, i gcás inarb iomchuí, comhaontaithe roimh ré ó údaráis inniúla an Bhallstáit a sholáthair í; nó

féadfaidh an Coimisiún nó na Ballstáit lena mbaineann í a chur in iúl laistigh de chreat gníomhaíochta comhpháirtí, más rud é gur sholáthair níos mó ná Ballstát amháin an fhaisnéis, faoi réir comhaontaithe roimh ré ó údaráis inniúla na mBallstát a sholáthair í.

Déanfaidh an Ballstát an chumarsáid sin i gcomhlíonadh fhorálacha infheidhme baile an Bhallstáit maidir le sonraí pearsanta a aistriú chuig tríú tíortha.

I ngach cás, áiritheofar go gcuirfidh rialacha an tríú tír lena mbaineann leibhéal cosanta atá coibhéiseach leis an leibhéal dá bhforáiltear in Airteagal 45(1) agus (2) ar fáil.’;

7)

scriostar pointe (d) in Airteagal 20(2);

8)

leasaítear Airteagal 23 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Is é is aidhm don CEC, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, cúnamh a thabhairt chun oibríochtaí ar sáruithe ar an reachtaíocht chustaim nó talmhaíochta iad a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí fhaisnéis a chur ar fáil ar bhealach níos tapa, rud a chuirfidh le héifeachtúlacht nósanna imeachta comhair agus rialaithe na n-údarás inniúil dá dtagraítear sa Rialachán seo.’;

(b)

i mír 3, cuirtear na téarmaí ‘in Airteagal 29 agus in Airteagal 30’ in ionad na dtéarmaí ‘in Airteagal K.1(8)’;

(c)

i mír 4, cuirtear na focail ‘an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 43(2)’ in ionad na bhfocal ‘an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 43(2)’;.

(d)

scriostar mír 5;

9)

cuirtear na pointí seo a leanas le hAirteagal 24:

‘(g)

earraí a coinníodh, a urghabhadh nó a coigistíodh;

(h)

airgead tirim, mar a shainmhínítear é in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1889/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le rialuithe ar airgead tirim a thiocfaidh isteach sa Chomhphobal nó a imeoidh amach as (18), a coinníodh, a urghabhadh nó a coigistíodh.’;

10)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

‘Airteagal 25

1.   Cinnfear na hítimí a bheidh le háireamh sa CEC, ar ítimí iad a bhaineann le gach ceann de na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 24(a) go (h), i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 43(2), a mhéid is gá sin chun aidhm an Chórais a bhaint amach. Ní ceadmhach sonraí pearsanta a bheith sa chatagóir dá dtagraítear in Airteagal 24(e) in imthosca ar bith.

2.   Maidir leis na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 24(a) go (d), ní mó a bheidh sna hítimí faisnéise a áireofar maidir le sonraí pearsanta ná:

(a)

sloinne, sloinne réamhphósta, céadainmneacha, iarshloinnte agus ailiasanna;

(b)

dáta breithe agus ionad breithe;

(c)

náisiúntacht;

(d)

gnéas;

(e)

uimhir na bpáipéar aitheantais (pasanna, cártaí aitheantais, ceadúnais tiomána) agus áit agus dáta a n-eisiúna;

(f)

seoladh;

(g)

cuspóir áirithe agus buan-saintréithe;

(h)

cód foláirimh a shonraíonn go raibh an duine armtha cheana nó go raibh sé foréigneach cheana nó go raibh sé tar éis éalú;

(i)

an chúis atá leis na sonraí a áireamh;

(j)

gníomhaíocht mholta;

(k)

cláruimhir an mheáin iompair.

3.   Maidir leis an gcatagóir dá dtagraítear in Airteagal 24(f), ní mó a bheidh i gceist sna hítimí faisnéise a chuirfear san áireamh i ndáil le sonraí pearsanta ná sloinnte agus céadainmneacha na saineolaithe.

4.   Maidir leis na catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 24(g) agus (h), ní mó a bheidh sna hítimí faisnéise a áireofar maidir le sonraí pearsanta ná:

(a)

sloinne, sloinne réamhphósta, céadainmneacha, iarshloinnte agus ailiasanna;

(b)

dáta breithe agus ionad breithe;

(c)

náisiúntacht;

(d)

gnéas;

(e)

seoladh.

5.   Ní áireofar i gcás ar bith sonraí pearsanta a nochtfaidh tionscnamh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fealsúnacha, ballraíocht i gceardchumann nó sonraí maidir le sláinte nó maidir le saol gnéis duine.’;

11)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 27:

‘Airteagal 27

1.   Ní áireofar na sonraí pearsanta a áirítear sna catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 24 a áireamh sa CEC ach amháin chun críocha na ngníomhartha molta seo a leanas:

(a)

dearcadh agus tuairisciú;

(b)

faireachán discréideach;

(c)

seiceálacha sonracha; agus

(d)

anailís oibríochtúil.

2.   Ní fhéadfar sonraí pearsanta a áirítear sna catagóirí dá dtagraítear in Airteagal 24 a áireamh sa CEC ach amháin má bhíonn tásc réadach ann, go háirithe ar bhonn gníomhaíochtaí mídhleathacha a rinne an duine atá i gceist roimhe sin, nó ar bhonn faisnéise a tugadh mar chúnamh, gur sheol an duine atá i gceist oibríochtaí a sháraigh an reachtaíocht chustaim nó an reachtaíocht talmhaíochta, go bhfuil oibríochtaí den sórt sin á seoladh aige nó go bhfuil sé ar tí iad a sheoladh, agus ar oibríochtaí iad a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo ar leibhéal an Chomhphobail.’;

12)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34(3):

‘3.   D'fhonn a áirithiú go ndéanfar forálacha um chosaint sonraí an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm i gceart, féachfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún ar an CEC mar chóras próiseála sonraí pearsanta atá faoi réir na nithe seo a leanas:

na forálacha náisiúnta lena gcuirtear Treoir 95/46/CE chun feidhme;

Rialachán (CE) Uimh. 45/2001; agus

forálacha ar bith den Rialachán seo ar déine iad ná sin.’;

13)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 35:

‘Airteagal 35

1.   Faoi réir Airteagal 30(1), cuirtear toirmeasc ar chomhpháirtithe CEC aon úsáid a bhaint as sonraí pearsanta ón CEC seachas chun na críche sin a luaitear in Airteagal 23(2).

2.   Is chun críocha teicniúla amháin a fhéadfar sonraí a dhúbailt, ar choinníoll go bhfuil an dúbailt sin riachtanach le haghaidh cuardaigh a bheidh le déanamh ag na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 29.

3.   Ní fhéadfar sonraí pearsanta a d'áirigh Ballstát nó an Coimisiún sa CEC a chóipeáil i gcórais phróiseála sonraí a bhfuil na Ballstáit nó an Coimisiún freagrach astu, ach amháin i gcórais do bhainistiú riosca a úsáidtear chun rialuithe custaim náisiúnta a stiúradh nó i gcóras anailíse oibríochtúla a úsáidtear chun gníomhartha a chomhordú ar leibhéal an Chomhphobail.

Sa chás sin, is iad na hanailísithe a cheap údaráis náisiúnta gach Ballstáit agus na hanailísithe a cheap seirbhísí an Choimisiúin, agus iad siúd amháin, a chumhachtófar chun próiseáil a dhéanamh ar shonraí pearsanta a fuarthas ón CEC laistigh de chreat córais do bhainistiú riosca a úsáidtear chun rialuithe custaim ag údaráis náisiúnta a stiúradh nó córais anailíse oibríochtúla a úsáidtear chun gníomhartha a chomhordú ar leibhéal an Chomhphobail faoi seach.

Seolfaidh na Ballstáit chuig an gCoimisiún liosta de na ranna bainistíochta riosca a bhfuil a gcuid anailísithe údaraithe chun sonraí pearsanta a iontráladh sa CEC a chóipeáil agus a phróiseáil. Cuirfidh an Coimisiún an liosta sin in iúl do na Ballstáit eile dá réir. Cuirfidh sé faisnéis chomhréireach ar fáil freisin do gach Ballstát maidir lena seirbhísí féin atá freagrach as anailís oibríochtúil.

Foilseoidh an Coimisiún mar fhaisnéis in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh an liosta de na húdaráis ainmnithe náisiúnta agus de sheirbhísí an Choimisiúin.

Ní choimeádfar sonraí pearsanta a cóipeáladh ón CEC ach ar feadh an ama atá riachtanach chun an cuspóir ar chuige a cóipeáladh iad a ghnóthú. Déanfaidh comhpháirtí cóipeála an CEC athbhreithniú gach bliain ar a laghad ar an ngá atá lena gcoimeád. Ní rachaidh an tréimhse stórála thar dheich mbliana. Scriosfar láithreach bonn aon sonraí pearsanta nach bhfuil riachtanach chun leanúint leis an anailís, sin nó bainfear aon fhachtóirí sainaitheantais astu.’;

14)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 36(2):

‘Ar chaoi ar bith, féadfar rochtain a dhiúltú d'aon duine a bpróiseáiltear a chuid sonraí i rith na tréimhse ina bhfuil gníomhartha á gcur i gcrích chun críocha dearcaidh agus tuairiscithe nó faireacháin dhiscréidigh agus i rith na tréimhse ina bhfuil anailís oibríochtúil ar siúl ar na sonraí nó fiosrúchán riaracháin nó imscrúdú coiriúil.’;

15)

leasaítear Airteagal 37 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Féadfaidh aon duine a iarraidh ar aon údarás maoirseachta náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 28 de Threoir 95/46/CE nó féadfaidh sé a iarraidh ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 41(2) de Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta a bhaineann leis d'fhonn a sheiceáil go bhfuil siad cruinn agus d'fhonn a fháil amach cén úsáid a baineadh as na sonraí nó cén úsáid atá á baint astu. Rialófar an ceart seo le dlíthe, le rialacháin agus le nósanna imeachta an Bhallstáit ina ndearnadh an t-iarratas nó rialófar é le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001, de réir mar a bheidh. I gcás inar áirigh Ballstát eile nó an Coimisiún na sonraí, déanfar an tseiceáil i ndlúthchomhar le húdarás maoirseachta náisiúnta an Bhallstáit eile sin nó i ndlúthchomhar leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí.’;

(b)

cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

‘3a.   Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maoirsiú ar chomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ag an CEC,’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Tionólfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí cruinniú ar a laghad uair sa bhliain leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta um chosaint sonraí uile atá inniúil le haghaidh saincheisteanna maoirseachta atá bainteach leis an CEC.’;

16)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chaibidil 7 i dTeideal V: ‘Slándáil sonraí’;

17)

cuirtear an pointe seo a leanas le hAirteagal 38(1):

‘(c)

an Coimisiún a mhéid a bhaineann le heilimintí Comhphobail an líonra cumarsáide chomhchoitinn.’;

18)

cuirtear isteach an Teideal seo a leanas:

‘TEIDEAL Va

BUNACHAR SONRAÍ UM SHAINAITHINT COMHAD CUSTAIM

CAIBIDIL 1

Bunachar sonraí um shainaithint comhad custaim a bhunú

Airteagal 41a

1.   Cuirfear bunachar sonraí faoi leith san áireamh sa CEC chomh maith dá ngairtear an “Bunachar sonraí um shainaithint comhad custaim”(“FIDE”). Faoi réir fhorálacha an Teidil seo, beidh feidhm ag gach foráil den Rialachán seo a bhaineann leis an CEC maidir leis an FIDE freisin, agus folóidh aon tagairt don CEC an bunachar sonraí sin.

2.   Is iad a bheidh mar chuspóirí ag an FIDE cabhrú le cosc a chur ar oibríochtaí a sháraíonn an reachtaíocht chustaim agus an reachtaíocht talmhaíochta is infheidhme maidir le hearraí a thiocfaidh isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó a fhágfaidh críoch custaim an Chomhphobail agus brath agus ionchúiseamh na n-oibríochtaí sin a éascú agus a luathú.

3.   Is é an chríoch a bheidh ag an FIDE a chur ar chumas an Choimisiúin, agus comhad comhordaithe de réir bhrí Airteagal 18 á oscailt aige nó misean Comhphobail i dtríú tír de réir bhrí Airteagal 20 á ullmhú aige, agus a chur ar chumas údaráis inniúla aon Bhallstáit a cheaptar maidir le himscrúduithe riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 29, agus comhad imscrúdaithe á oscailt acu nó le linn dóibh duine amháin nó níos mó a imscrúdú nó le linn dóibh gnó amháin nó níos mó a imscrúdú, údaráis inniúla na mBallstát eile nó ranna an Choimisiúin a shainaithint a bhfuil na daoine nó na gnóthaí lena mbaineann á n-imscrúdú acu nó a raibh siad á n-imscrúdú acu, d'fhonn na cuspóirí a shonraítear i mír 2 a bhaint amach trí bhíthin faisnéise faoi chomhaid imscrúdaithe a bheith ann.

4.   Má bhíonn faisnéis níos iomláine de dhíth ar Bhallstát nó ar an gCoimisiún agus iad i mbun cuardaigh sa FIDE maidir leis na comhaid imscrúdaithe cláraithe i ndáil le daoine nó le gnóthaí, iarrfaidh sé cúnamh ar an mBallstát ar soláthróir é.

5.   Féadfaidh údaráis chustaim na mBallstát an FIDE a úsáid laistigh de chreat an chomhair chustaim dá bhforáiltear le hAirteagal 29 agus le hAirteagal 30 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcás den sórt sin, áiritheoidh an Coimisiún bainistiú teicniúil ar an mbunachar sonraí.

CAIBIDIL 2

An FIDE a oibriú agus a úsáid

Airteagal 41b

1.   Féadfaidh na húdaráis inniúla sonraí ó chomhaid imscrúdaithe a iontráil sa FIDE chun na gcríoch a shainmhínítear in Airteagal 41a(3) maidir le cásanna ina sáraítear an reachtaíocht chustaim nó an reachtaíocht talmhaíochta atá infheidhme maidir le hearraí a thiocfaidh isteach i gcríoch custaim an Chomhphobail nó a fhágfaidh críoch custaim an Chomhphobail agus a bhfuil ábharthacht ar leith ag baint leo ar leibhéal an Chomhphobail. Ní chumhdóidh na sonraí ach na catagóirí seo a leanas amháin:

(a)

daoine agus gnóthaí atá nó a bhí ina n-ábhar d'fhiosrúchán riaracháin nó d'imscrúdú coiriúil ag seirbhís ábhartha Ballstáit, agus

a bhfuiltear in amhras go bhfuil sárú á dhéanamh acu, nó go ndearna siad sárú, ar an reachtaíocht chustaim nó ar an reachtaíocht talmhaíochta nó go bhfuil siad rannpháirteach, nó go raibh siad rannpháirteach, in oibríocht de shárú ar an reachtaíocht sin;

a bhí ina n-ábhar do chinneadh a bhaineann le hoibríocht den sórt sin; nó

a bhí ina n-ábhar do chinneadh riaracháin nó do phionós riaracháin nó do phionós breithiúnach mar gheall ar oibríocht den sórt sin;

(b)

an réimse lena mbaineann an comhad imscrúdaithe;

(c)

ainm, náisiúntacht agus sonraí na seirbhíse ábhartha sa Bhallstát agus uimhir an chomhaid.

Cuirfear isteach go leithleach na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b), agus i bpointe (c) do gach duine agus do gach gnó. Toirmiscfear naisc a chruthú idir na sonraí sin.

2.   Ní bheidh sna sonraí pearsanta dá dtagraítear i mír 1(a) ach an méid seo a leanas amháin:

(a)

le haghaidh daoine: sloinne, sloinne réamhphósta, céadainm, iarshloinnte, ailias, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht agus gnéas;

(b)

le haghaidh gnóthaí: ainm an ghnó, an t-ainm trádála, seoladh an ghnó, an uimhir aitheantais CBL agus an uimhir aitheantais dleachtanna máil.

3.   Déanfar sonraí a iontráil ar feadh tréimhse teoranta i gcomhréir le hAirteagal 41d.

Airteagal 41c

1.   Is do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 41a amháin a fhorchoimeádfar go heisiach an ceart sonraí a thabhairt isteach agus a cheadú sa FIDE.

2.   Caithfear na sonraí pearsanta seo a leanas a shonrú agus an FIDE á cheadú:

(a)

le haghaidh daoine: céadainm agus/nó sloinne agus/nó sloinne réamhphósta agus/nó iarshloinnte agus/nó an t-ailias agus/nó dáta breithe;

(b)

le haghaidh gnóthaí: ainm an ghnó agus/nó an t-ainm trádála agus/nó an uimhir aitheantais CBL agus/nó an uimhir aitheantais dleachtanna máil.

CAIBIDIL 3

Sonraí a stóráil

Airteagal 41d

1.   Braithfidh an tréimhse ar lena linn a fhéadfar sonraí a stóráil ar dhlíthe, ar rialacháin agus ar nósanna imeachta na mBallstát a sholáthraíonn iad. Is iad seo a leanas na huastréimhsí, ar uastréimhsí iad nach bhféadfar a shárú, arna ríomh ó dháta iontrála na sonraí sa chomhad imscrúdaithe:

(a)

ní fhéadfar sonraí a bhaineann leis na comhaid imscrúduithe reatha a stóráil níos faide ná trí bliana gan aon oibríocht a sháraíonn an reachtaíocht chustaim agus an reachtaíocht talmhaíochta a bheith breathnaithe; ní mór sonraí a scriosadh sula mbeidh an teorainn ama sin caite má tá bliain amháin ann ó rinneadh an bhreathnóireacht dheireanach;

(b)

sonraí a bhaineann le fiosruithe riaracháin nó le himscrúduithe coiriúla inar suíodh gur sháraigh oibríocht an reachtaíocht chustaim agus an reachtaíocht talmhaíochta ach nár eascair cinneadh riaracháin, ionchúiseamh, ciontú, ordú chun fíneáil choiriúil a íoc ná pionós riaracháin astu, ní fhéadfar iad a stóráil ar feadh níos faide ná sé bliana;

(c)

sonraí a bhaineann le fiosruithe riaracháin nó le himscrúduithe coiriúla ar tháinig cinneadh riaracháin, nó ionchúiseamh nó ordú chun fíneáil choiriúil nó pionóis riaracháin a íoc astu, ní fhéadfar iad a stóráil ar feadh tréimhse is faide ná deich mbliana.

Ní bheidh na tréimhsí sin carnach.

2.   Ag gach céim de chomhad imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1(a), (b) agus (c), a luaithe nach mbeidh amhras a thuilleadh faoi dhuine ná faoi ghnó a bhfuil feidhm ag Airteagal 41b maidir leis faoi dhlíthe, faoi rialacháin agus faoi nósanna imeachta an Bhallstáit ar soláthróir é, scriosfar láithreach aon sonraí a bhaineann leis an duine nó leis an ngnó sin.

3.   Scriosfaidh an FIDE na sonraí go huathoibríoch a luaithe a bheidh an uastréimhse stórála sonraí dá bhforáiltear i mír 1 caite.’;

19)

cuirtear isteach an méid seo a leanas in ionad Theideal VI.

‘TEIDEAL VI

MAOINIÚ

Airteagal 42a

1.   Is é an rialachán seo an gníomh bunaidh ar a mbunaítear gníomhaíocht uile an Chomhphobail dá bhforáiltear anseo, lena n-áirítear:

(a)

gach costas a bhaineann le suiteáil agus le cothabháil an bhonneagair bhuain theicniúil lena gcuirtear na hacmhainní lóistíochtúla, uathoibrithe oifige agus TF chun oibríochtaí comhpháirteacha custaim a chomhordú, go háirithe oibríochtaí speisialta faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 7, ar fáil do na Ballstáit;

(b)

aisíoc chostais iompair, chostais cóiríochta agus chostais liúntais laethúil ionadaithe na mBallstát a ghlacfaidh páirt i misin an Chomhphobail dá bhforáiltear in Airteagal 20, oibríochtaí comhpháirteacha custaim arna n-eagrú ag an gCoimisiún nó i gcomhpháirt leis an gCoimisiún agus cúrsaí oiliúna, cruinnithe ad hoc agus cruinnithe ullmhúcháin le haghaidh imscrúduithe riaracháin nó le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla arna seoladh ag na Ballstáit, i gcás ina n-eagraíonn an Coimisiún iad nó i gcás ina n-eagraítear i gcomhpháirt leis an gCoimisiún iad.

I gcás ina n-úsáidfear an bonneagar buan teicniúil dá dtagraítear in (a) chun críocha an chomhair chustaim dá bhforáiltear le hAirteagal 29 agus le hAirteagal 30 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, íocfaidh na Ballstáit costais iompair, costais chóiríochta agus liúntais laethúla ionadaithe na mBallstát;

(c)

caiteachas a bhaineann le bonneagar ríomhaireachta (crua-earraí), bogearraí agus naisc thiomnaithe líonra a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu agus caiteachas a bhaineann leis na seirbhísí gaolmhara táirgeachta tacaíochta agus oiliúna a fháil agus le staidéar, forbairt agus cothabháil a dhéanamh orthu, chun críche na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích, go háirithe chun an chalaois a chosc agus a chomhrac;

(d)

caiteachas a bhaineann le faisnéis a sholáthar agus caiteachas ar ghníomhartha gaolmhara a cheadaíonn rochtain ar fhaisnéis, ar shonraí agus ar fhoinsí sonraí chun críocha na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i gcrích, go háirithe an chalaois a chosc agus a chomhrac;

(e)

caiteachas a bhaineann le húsáid an CEC dá bhforáiltear in ionstraimí a glacadh faoi Airteagal 29 agus faoi Airteagal 30 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus go háirithe sa Choinbhinsiún maidir le húsáid theicneolaíocht na faisnéise in ábhair chustaim a bunaíodh leis an nGníomh ón gComhairle an 26 Iúil 1995 (19), a mhéid a fhoráiltear leis na hionstraimí sin go n-íocfar an caiteachas sin as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

2.   Íocfar as buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh freisin an caiteachas a bhaineann le comhpháirteanna Comhphobail an líonra chomhchoitinn cumarsáide a úsáidtear chun críocha mhír 1(c) a fháil agus an caiteachas a bhaineann le staidéar, le forbairt agus le cothabháil a dhéanamh orthu. Cuirfidh an Coimisiún na conarthaí riachtanacha i gcrích thar ceann an Chomhphobail le cineál oibríochtúil na gcomhpháirteanna sin a áirithiú.

3.   Gan dochar do na costais a bhaineann le hoibriú an CEC ná do na méideanna dá bhforáiltear mar chúiteamh de bhun Airteagal 40, tarscaoilfidh na Ballstáit agus an Coimisiún gach uile éileamh ar aisíoc caiteachais a bhaineann le soláthar faisnéise nó a bhaineann le soláthar doiciméad nó a bhaineann le himscrúdú riaracháin nó a bhaineann le haon ghníomhaíocht oibríochtúil eile a chur chun feidhme de bhun an Rialacháin seo agus a chuirtear i gcrích ar iarraidh ó Bhallstát nó ón gCoimisiún, seachas a mhéid a bhaineann leis na liúntais, más ann dóibh, a íocfar le saineolaithe.

20)

leasaítear Airteagal 43 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.’;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Glacfar na bearta seo a leanas, a cheapfar chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear i mír 2:

(a)

cinntí a dhéanamh maidir le hítimí a bheidh le háireamh sa CEC dá bhforáiltear in Airteagal 25;

(b)

oibríochtaí a chinneadh a bhaineann le cur i bhfeidhm na reachtaíochta talmhaíochta a bhfuil faisnéis ina leith le hiontráil sa CEC, dá bhforáiltear in Airteagal 23(4).’;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Scrúdóidh an coiste gach ábhar a bhaineann leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm a fhéadfaidh cathaoirleach an choiste a tharraingt anuas, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh ó ionadaí Ballstáit, a bhaineann go háirithe leis na nithe seo a leanas:

oibriú ginearálta na socruithe do chúnamh frithpháirteach dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

socruithe praiticiúla a ghlacadh chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15, Airteagal 16 agus Airteagal 17 a sheoladh ar aghaidh;

an fhaisnéis a seoladh chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 17 agus de bhun Airteagal 18 chun a fhionnadh an féidir rud ar bith a fhoghlaim aisti, chun cinneadh a ghlacadh faoi na bearta riachtanacha a bheidh de dhíth chun deireadh a chur le cleachtais ar suíodh gur sháraigh siad an reachtaíocht chustaim nó an reachtaíocht talmhaíochta agus, i gcás inarb iomchuí, chun leasuithe a mholadh ar fhorálacha Comhphobail atá ann nó chun a mholadh go ndréachtófaí forálacha breise;

oibríochtaí comhpháirteacha custaim a eagrú, go háirithe oibríochtaí speisialta faireacháin dá bhforáiltear in Airteagal 7 a ullmhú;

imscrúduithe a sheolfaidh na Ballstáit agus a chomhordóidh an Coimisiún agus misin Chomhphobail dá bhforáiltear in Airteagal 20 a ullmhú;

bearta a glacadh chun rúndacht faisnéise, go háirithe sonraí pearsanta, a mhalartófar faoin Rialachán seo, a chosaint, seachas an beart dá bhforáiltear i dTeideal V;

cur chun feidhme agus oibríocht chuí an CEC agus na bearta teicniúla agus na bearta oibríochtúla go léir a theastaíonn chun slándáil an chórais a áirithiú;

an gá atá le faisnéis a stóráil sa CEC;

na bearta a glacadh chun rúndacht na faisnéise a iontráladh sa CEC faoin Rialachán seo, go háirithe sonraí pearsanta, a chosaint, agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar na hoibleagáidí atá ar na daoine atá freagrach as an bpróiseáil;

na bearta a glacadh de bhun Airteagal 38(2).’;

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

‘5.   Scrúdóidh an coiste na fadhbanna go léir a bhaineann le hoibriú an CEC agus a bheidh ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 37. Tionólfar an coiste ina fhoirmíocht ad hoc ar a laghad uair sa bhliain.’;

21)

in Airteagal 44 agus in Airteagal 45(2), cuirtear na téarmaí ‘i dTeideal V agus i dTeideal Va’ in ionad na dtéarmaí ‘i dTeideal V maidir leis an CEC’;

22)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 51a

Cuirfidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle gach bliain maidir leis na bearta a glacadh i gcur chun feidhme an Rialacháin seo.’;

23)

leasaítear Airteagal 53 mar a leanas:

(a)

scriostar uimhriú mhír 1;

(b)

scriostar mír 2.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Iúil 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.-G PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P JOUYET


(1)  IO C 101, 4.5.2007, lch. 4.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Feabhra 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008.

(3)  IO L 82, 22.3.1997, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 807/2003 (IO L 122, 16.5.2003, lch. 36).

(4)  IO L 136, 31.5.1999, lch. 20.

(5)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 34.

(6)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 33.

(7)  IO C 139, 13.6.2003, lch. 1.

(8)  IO C 247, 15.10.2003, lch. 1.

(9)  IO C 362, 18.12.2001, lch. 1.

(10)  IO L 281, 28.11.1995, lch. 31. Treoir arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

(11)  IO L 201, 31.7.2002, lch. 37. Treoir arna leasú le Treoir 2006/24/CE (IO L 105, 13.4.2006, lch. 54).

(12)  OJ L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(13)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).

(14)  IO C 364, 18.12.2000, lch. 1.

(15)  IO C 94, 28.4.2007, lch. 3.

(16)  Mar a fhoráiltear in Airteagal 22(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 2073/2004 ón gComhairle an 16 Samhain 2004 maidir le comhar riaracháin i réimse na ndleachtanna máil (IO L 359, 4.12.2004, lch. 1.).

(17)  IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

(18)  IO L 309, 25.11.2005, lch. 9.

(19)  IO C 316, 27.11.1995, lch. 33.’;


Top