EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0764

Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE

IO L 218, 13.8.2008, p. 21–29 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Foilsíodh an doiciméad seo in eagrán speisialta (HR)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 18/04/2020; Arna aisghairm le 32019R0515

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/764/oj

13.8.2008   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L NaN/21


RIALACHÁN (CE) Uimh. 764/2008 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Iúil 2008

lena leagtar síos nósanna imeachta a bhaineann le rialacha náisiúnta teicniúla áirithe a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 3052/95/CE

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 37 agus Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Is é atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha, ina n-áirithítear saorghluaiseacht earraí faoin gConradh, rud a chuireann toirmeasc ar bhearta a bhfuil éifeachtaí acu atá comhionann le srianta cainníochtúla a chur ar allmhairí. Cumhdaíonn an toirmeasc sin aon bheart náisiúnta a d'fhéadfadh bacainn a chur, go díreach nó go hindíreach, go hiarbhír nó go féideartha, ar thrádáil earraí laistigh den Chomhphobal.

(2)

Cheal chomhchuibhiú na reachtaíochta, d'fhéadfadh údaráis inniúla na mBallstát constaicí a chruthú, go neamhdhleathach, maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit, de thoradh ar rialacha teicniúla a chur i bhfeidhm maidir le táirgí atá ar an margadh go dleathach i mBallstáit eile, agus ar rialacha teicniúla iad lena leagtar síos ceanglais a chaithfidh na táirgí sin a chomhlíonadh, amhail rialacha a bhaineann le hainmniú, foirm, méid, meáchan, comhdhéanamh, cur i láthair, lipéadú agus pacáistiú. D'fhéadfadh sé a bheith contrártha le hAirteagal 28 agus Airteagal 30 de Chonradh CE rialacha den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le táirgí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú má bhaineann siad sin le gach táirge, gan idirdhealú.

(3)

Tá prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, a eascraíonn as cásdlí Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach, ar cheann de na modhanna lena n-áirithítear saorghluaiseacht earraí laistigh den mhargadh inmheánach. Baineann aitheantas frithpháirteach le táirgí nach bhfuil faoi réir reachtaíocht an Chomhphobail i ndáil le comhchuibhiú, nó le gnéithe de tháirgí nach dtagann faoi raon feidhme na reachtaíochta sin. De réir an phrionsabail sin, ní féidir le Ballstát cosc a chur ar tháirgí a bheith ar díol ina chríoch, más táirgí iad atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, fiú má monaraíodh iad i gcomhréir le rialacha teicniúla atá éagsúil leis na cinn a bhfuil na táirgí náisiúnta faoina réir. Ní bheidh aon eisceachtaí ón bprionsabal sin ann ach amháin srianta a dhlitear ar na forais a leagtar amach in Airteagal 30 den Chonradh, nó ar bhonn sárchúiseanna eile ar mhaithe leis an leas poiblí agus iad ar comhréir leis an aidhm atá á saothrú.

(4)

Tá go leor fadhbanna ann fós maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ag na Ballstáit. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, nósanna imeachta a bhunú i dtreo is gur lú an seans go gcruthóidh rialacha teicniúla bacainní neamhdhleathacha maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit. Cheal nósanna imeachta den sórt sin sna Ballstáit, cruthaítear constaicí breise do shaorghluaiseacht earraí, de bhrí go ndíspreagtar gnóthais óna dtáirgí a dhíol i gcríoch an Bhallstáit a bhfuil na rialacha teicniúla á bhfeidhmiú aige cé go bhfuil na táirgí ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Tá sé léirithe ag suirbhéanna go ndéanann go leor gnóthas, go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBManna), a gcuid táirgí a chomhoiriúnú, chun cloí le rialacha teicniúla na mBallstát, nó go n-éiríonn siad as iad a chur ar an margadh sna Ballstáit sin.

(5)

Chomh maith leis sin, níl nósanna imeachta iomchuí ag údaráis inniúla chun a gcuid rialacha teicniúla a chur i bhfeidhm maidir le táirgí sonracha atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Laghdaíonn an easpa nósanna imeachta sin a gcumas measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht táirgí de réir an Chonartha.

(6)

I Rún ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 1999 maidir le haitheantas frithpháirteach (3), meabhraíodh nár bhain oibreoirí eacnamaíocha agus saoránaigh an úsáid iomlán ná an úsáid cheart i gcónaí as prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh toisc nach raibh a ndóthain faisnéise acu i dtaobh an phrionsabail ná a chuid iarmhairtí oibriúcháin. D'iarr an Chomhairle ar na Ballstáit bearta iomchuí a fhorbairt chun creat éifeachtúil le haghaidh an aitheantais fhrithpháirtigh a sholáthar d'oibreoirí eacnamaíocha agus do shaoránaigh, inter alia, trí dhéileáil go héifeachtúil le hiarratais ó oibreoirí eacnamaíocha agus ó shaoránaigh, agus trí fhreagra sciobtha a thabhairt ar na hiarratais sin.

(7)

Chuir Comhairle Eorpach an 8 agus 9 Márta 2007 béim ar an tábhacht a bhaineann le spreagadh úr a thabhairt don mhargadh inmheánach d'earraí trí aitheantas frithpháirteach a neartú, agus ardleibhéal sábháilteachta agus ardleibhéal cosanta don tomhaltóir á ráthú ag an am céanna. Dearbhaíodh ag Comhairle Eorpach an 21 agus 22 Meitheamh 2007 go bhfuil sé ríthábhachtach i gcónaí don fhás, don iomaíochas agus don fhostaíocht ceithre shaoirse an mhargaidh inmheánaigh (saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil) a neartú tuilleadh agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

(8)

Chun go bhfeidhmeoidh an margadh inmheánach d'earraí mar is ceart, teastaíonn modhanna leordhóthanacha agus trédhearcacha chun réiteach a fháil ar na fadhbanna a eascraíonn as rialacha teicniúla de chuid Ballstáit amháin a chur i bhfeidhm maidir le táirgí sonracha atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

(9)

Níor chóir go ndéanfadh an Rialachán seo dochar do chomhchuibhiú breise a dhéanfaí ar rialacha teicniúla, nuair is cuí sin, d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú.

(10)

D'fhéadfadh bacainní trádála teacht freisin ó chineálacha eile beart a thagann faoi raon feidhme Airteagal 28 agus Airteagal 30 den Chonradh. Ar na bearta sin, d'fhéadfaí a áireamh, mar shampla, sonraíochtaí teicniúla a tharraingeofar suas maidir le nósanna imeachta um sholáthar poiblí nó oibleagáidí chun teangacha oifigiúla a úsáid sna Ballstáit. Níor chóir go bhféachfaí ar bhearta den sórt sin áfach mar rialacha teicniúla de réir bhrí an Rialacháin seo agus níor chóir, dá réir sin, go dtiocfadh siad faoina raon feidhme.

(11)

Rialacha teicniúla de réir bhrí an Rialacháin seo, déantar iad a chur i bhfeidhm uaireanta le linn nó trí bhíthin nósanna imeachta um réamhúdarú éigeantach, a bhunaítear le dlí Ballstáit amháin agus faoina gcaithfear formheas foirmiúil a fháil ó údarás inniúil an Bhallstáit tar éis iarratais sula bhféadfaidh táirge nó cineál táirge a chur ar mhargadh an Bhallstáit sin nó ar chuid de. Is srian iad na nósanna imeachta sin iontu féin ar shaorghluaiseacht earraí. Dá bhrí sin, le go mbeidh sé inghlactha ó thaobh phrionsabal bunúsach na saorghluaiseachta earraí laistigh den mhargadh inmheánach, ba cheart go saothródh nós imeachta an réamhúdaraithe éigeantaigh cuspóir ar mhaithe leis an leas poiblí atá aitheanta ag dlí an Chomhphobail agus ba cheart go mbeadh sé neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach; is é sin le rá, ba cheart go mbeadh sé iomchuí chun an aidhm atá á saothrú a bhaint amach ach nach rachadh sé thar a bhfuil riachtanach chun an aidhm sin a bhaint amach. Ba cheart a mheas an gcomhlíonann nós imeachta den sórt sin prionsabal na comhréireachta i bhfianaise na ndálaí a leagtar amach i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais.

(12)

Níor chóir gurbh ionann ceanglas go gcuirfí táirge faoi réir réamhúdarú sula gcuirfí ar an margadh é agus riail theicniúil de réir bhrí an Rialacháin seo agus, mar sin, cinneadh chun táirge a eisiamh nó a bhaint ón margadh a dhéantar ar an gcúis amháin nach bhfuil réamhúdarú bailí aige, níor chóir gur chinneadh é lena mbainfeadh an Rialachán seo. Nuair a dhéanfar iarratas ar réamhúdarú sainordaitheach den sórt sin do tháirge, áfach, aon chinneadh a bheartófar chun an t-iarratas a dhiúltú ar bhonn rialacha teicniúla, ba cheart go ndéanfaí é i gcomhréir leis an Rialachán seo, chun go mbeidh an t-iarratasóir in ann leas a bhaint as an nós imeachta cosanta a chuirtear ar fáil leis.

(13)

Cinntí ó chúirteanna nó ó bhinsí náisiúnta ina ndéantar measúnacht ar dhlíthiúlacht cásanna ina ndiúltaítear rochtain ar mhargadh Ballstáit eile do tháirgí atá ar an margadh go dleathach i mBallstáit eile nó ina gcuirtear pionóis i bhfeidhm de bharr chur i bhfeidhm rialach teicniúla, ba cheart iad a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(14)

Is táirgí iad airm a d'fhéadfadh a bheith ina riosca tromchúiseach do shláinte agus do shábháilteacht an duine agus do shlándáil phoiblí na mBallstát. Chun sláinte agus sábháilteacht an duine a chosaint agus chun an choiriúlacht a chosc, féadfaidh roinnt cineálacha arm ar leith atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin a bheith faoi réir beart sriantach i mBallstát eile. Is éard is féidir a bheith i gceist leis na bearta sin rialuithe sonracha agus údaruithe sonracha sula ndéanfar airm atá ar an margadh go dleathach i mBallstát amháin a chur ar an margadh i mBallstát eile. Ba cheart, dá bhrí sin, go gceadófar do Bhallstáit cosc a chur ar airm a chur ar a margaí go dtí go gcomhlíonfar go hiomlán a gceanglais náisiúnta nós imeachta.

(15)

Le Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (4) sonraítear nach féidir ach táirgí sábháilte a chur ar an margadh agus leagtar síos oibleagáidí na dtáirgeoirí agus na ndáileoirí maidir le sábháilteacht na dtáirgí. Tugtar teideal do na húdaráis táirge contúirteach ar bith a thoirmeasc láithreach, nó táirge a d'fhéadfadh a bheith contúirteach a thoirmeasc go sealadach ar feadh na tréimhse is gá le haghaidh na meastóireachtaí sábháilteachta, na seiceálacha agus na srianta éagsúla. Tugtar teideal freisin do na húdaráis na céimeanna is gá a ghlacadh chun bearta iomchuí amhail na bearta dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) go (f) a chur i bhfeidhm le luas cuí, i gcás táirgí lena ngabhann riosca tromchúiseach. Ba cheart, dá bhrí sin, bearta a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát de bhun dlíthe náisiúnta a ghlactar chun críocha chur chun feidhme Airteagal 8(1)(d) go (f) agus Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(16)

Le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar amach nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (5), bunaítear, inter alia, córas mear-rabhaidh chun riosca díreach nó indíreach do shláinte an duine, a thagann ó bhia nó ó bheathú, a fhógairt. Cuirtear d'oibleagáid ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún láithreach, faoin gcóras mear-rabhaidh, maidir le haon bheart a ghlacann siad a bhfuil d'aidhm aige srian a chur le bia nó beatha a chur ar an margadh, nó a bhfuil d'aidhm aige bia nó beatha a aistarraingt nó a aisghairm ón margadh, d'fhonn sláinte an duine a chosaint, agus a éilíonn gníomhaíocht ghasta. Ba cheart, dá bhrí sin, bearta a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát de bhun Airteagal 50(3)(a) agus Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(17)

Le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlíthe um beatha agus bia, rialacha um shláinte ainmhithe agus rialacha um leasa ainmhithe a áirithiú (6), leagtar síos rialacha ginearálta maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla le comhlíonadh a fhíorú i gcás rialacha a bhfuil d'aidhm acu, go háirithe, rioscaí, cibé acu go díreach nó tríd an gcomhshaol, do dhaoine agus d'ainmhithe, a chosc, a dhíothú nó a laghdú go dtí leibhéal inghlactha, agus a bhfuil d'aidhm acu freisin cleachtais chóra a ráthú sa trádáil beatha agus bia, agus leas tomhaltóirí a chosaint, lena n-áirítear lipéadú beatha agus bia, agus cineálacha eile faisnéise le haghaidh tomhaltóirí. Leagtar síos leis nós imeachta sonrach d'fhonn a áirithiú, i gcás neamhchomhlíonadh na ndlíthe um beatha agus bia nó na rialacha um shláinte ainmhithe agus um leas ainmhithe, go gcuirfidh na hoibreoirí eacnamaíocha cúrsaí ina gceart. Ba cheart, dá bhrí sin, bearta a ghlacann údaráis inniúla na mBallstát de bhun Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo. Bearta arna nglacadh nó arna mbeartú ag údaráis inniúla ar bhonn rialacha náisiúnta teicniúla, ba cheart go mbeadh siad faoi réir an Rialacháin seo, sa mhéid nach mbaineann siad le cuspóirí Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

(18)

Le Treoir 2004/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004, maidir le sábháilteacht ar iarnróid an Chomhphobail (Treoir um Shábháilteacht Iarnróid) (7), foráiltear do nós imeachta um údarú maidir leis an rothra atá ann cheana a chur i seirbhís, rud a fhágfaidh scóip chun rialacha áirithe náisiúnta a chur i bhfeidhm. Ba cheart, dá bhrí sin, bearta a ghlacann na húdaráis inniúla de bhun Airteagal 14 den Treoir sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(19)

Le Treoir 96/48/CE ón gComhairle an 23 Iúil 1996 maidir le hidirinoibritheacht an chórais iarnróid ardluais thras-Eorpaigh (8) agus Treoir 2001/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 maidir le hidirinoibritheacht an ghnáthchórais iarnróid thras-Eorpaigh (9), foráiltear do chórais agus d'oibríochtaí a chomhchuibhiú de réir a chéile, trí Shonraíochtaí Teicniúla don Idirinoibritheacht a ghlacadh go comhleanúnach. Ba cheart, dá bhrí sin, córais agus comhdhamhnaí idirinoibritheachta a thagann laistigh de raon feidhme na dTreoracha sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo.

(20)

Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a chur ar an margadh (10), bunaítear córas creidiúnaithe lena n-áirithítear go nglacfar go frithpháirteach le leibhéal inniúlachta na gcomhlachtaí measúnaithe comhréireachta. Níor chóir, dá bhrí sin, i gcás tuarascálacha tástála nó deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe chuige sin, go ndiúltódh údaráis inniúla na mBallstát dóibh a thuilleadh ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin. Thairis sin, féadfaidh Ballstáit glacadh le tuarascálacha tástála agus deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí eile measúnaithe comhréireachta, i gcomhréir le dlí an Chomhphobail.

(21)

Le Treoir 98/34/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meitheamh 1998 ag leagan síos nós imeachta maidir le soláthar faisnéise i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (11), cuirtear d'oibleagáid ar na Ballstáit aon dréachtrialachán teicniúil a bhaineann le haon táirge, lena n-áirítear táirgí talmhaíochta agus éisc, a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit eile mar aon le ráiteas ar na forais gur gá an Rialachán sin a achtú. Is gá a áirithiú, áfach, go gcuirfear prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i bhfeidhm i gceart maidir le táirgí sonracha i gcásanna aonair, tar éis Rialachán teicniúil den sórt sin a ghlacadh. Leis an Rialachán seo, leagtar síos nós imeachta maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i gcásanna aonair, trí oibleagáid a chur ar an údarás inniúil chun go léireoidh sé na forais theicniúla nó eolaíocha atá ann le nach gcuirfí an táirge sonrach ar an margadh sa chruth ina bhfuil sé ag an am sin ina Bhallstát, i gcomhréir le hAirteagal 28 agus Airteagal 30 den Chonradh. I gcomhthéacs an Rialacháin seo, níor chóir go dtuigfí go gciallaíonn fianaise cruthúnas dlíthiúil. Ní bheidh sé d'oibleagáid ar údaráis na mBallstát, i gcomhthéacs an Rialacháin seo, an riail theicniúil féin a dhlisteanú. I gcás go gcuirfí an riail theicniúil i bhfeidhm maidir le táirge atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, áfach, ba cheart go ndlisteanóidís é sin, mar a leagtar síos sa Rialachán seo.

(22)

I gcomhréir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, ba cheart go bhforálfaí leis an nós imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo go gcuirfeadh na húdaráis inniúla in iúl don oibreoir eacnamaíoch i ngach cás, ar bhonn na n-eilimintí ábhartha teicniúla nó eolaíocha atá ar fáil, go bhfuil sárchúiseanna ann ar mhaithe leis an leas poiblí chun rialacha teicniúla náisiúnta a fhorchur ar an táirge nó ar an gcineál táirge lena mbaineann agus nach féidir rialacha is lú srian a úsáid. Leis an bhfógra i scríbhinn, ba cheart go gceadófaí don oibreoir eacnamaíoch tuairimí a nochtadh maidir le gnéithe ábhartha uile an chinnidh a bheartaítear agus lena gcuirfear srian le rochtain ar an margadh. Níl aon chúis ann nach mbeadh an t-údarás inniúil in ann gníomhú tar éis an spriocdháta le haghaidh na dtuairimí sin mura bhfaighfear freagra ón oibreoir eacnamaíoch.

(23)

Maidir le coincheap na sárchúiseanna leasa phoiblí dá dtagraítear i bhforálacha áirithe den Rialachán seo, coincheap atá ag éabhlóidiú i gcónaí atá ann, a d'fhorbair an Chúirt Bhreithiúnais ina cásdlí maidir le hAirteagal 28 agus Airteagal 30 den Chonradh. Leis an gcoincheap sin, cuimsítear, inter alia, éifeachtúlacht na maoirseachta fioscaí, cothroime sna hidirbhearta tráchtála, cosaint na dtomhaltóirí, caomhnú an chomhshaoil, cothabháil éagsúlacht an phreasa agus an baol atá ann go ndéanfar lagú tromchúiseach ar chothromaíocht airgeadais an chórais slándála shóisialta. D'fhéadfadh sárchúiseanna den sórt sin a bheith ina ndlisteanú do na húdaráis inniúla chun rialacha teicniúla a chur i bhfeidhm. Níor chóir áis a bhaint as an bhfeidhmiú sin, áfach, chun idirdhealú treallach a dhéanamh ná srian faoi cheilt a chur ar an trádáil idir Bhallstáit. Ina theannta sin, ba cheart, i gcónaí, go n-urramófaí prionsabal na comhréireachta agus go bhféachfaí arbh é an beart is lú srian atá roghnaithe ag na húdaráis inniúla.

(24)

Le linn d'údarás inniúil de chuid Ballstáit an nós imeachta atá leagtha síos sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm, níor chóir dó táirge nó cineál táirge a aistarraingt as a mhargadh ná srian a chur lena chur ar an margadh, más táirge nó cineál táirge é atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile. Is cuí, áfach, go mbeidh údarás inniúil in ann bearta sealadacha a ghlacadh i gcás ina mbeadh gá le gníomhaíocht sciobtha le nach ndéanfaí dochar do shábháilteacht nó do shláinte na n-úsáideoirí. Féadfaidh an t-údarás inniúil na bearta sealadacha sin a ghlacadh freisin le nach gcuirfear táirge ar a mhargadh a bhfuil toirmeasc ginearálta ann maidir lena chur ar an margadh ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí, lena n-áirítear cosc na coireachta. Ba cheart, dá bhrí sin, go gceadófaí do na Ballstáit, ag céim ar bith den nós imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo, fionraíocht shealadach a chur ar tháirgí nó ar chineálacha táirge a chur ar an margadh ina gcríocha sna himthosca sin.

(25)

Ba cheart go sonrófaí, le cinneadh ar bith a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo ina leith, na réitigh atá ar fáil, ionas gur féidir le hoibreoir eacnamaíoch imeachtaí a thionscnamh os comhair na cúirte náisiúnta inniúla nó os comhair an bhinse náisiúnta inniúil.

(26)

Is cuí go gcuirfear an t-oibreoir eacnamaíoch ar an eolas freisin maidir leis na meicníochtaí neamhbhreithiúnacha atá ar fáil chun fadhbanna a réiteach, amhail córas SOLVIT, chun go seachnófar éiginnteacht dhlíthiúil agus costais dlí.

(27)

Agus cinneadh glactha ag údarás inniúil chun táirge a eisiamh ar bhonn rialach teicniúla i gcomhréir le ceanglais nós imeachta an Rialacháin seo, aon bheart breise a dhéanfar i ndáil leis an táirge sin, a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin agus ar an riail theicniúil chéanna, níor chóir go mbeadh sé faoi réir cheanglais an Rialacháin seo.

(28)

Tá sé tábhachtach a áirithiú, ar mhaithe leis an margadh inmheánach d'earraí, gur féidir teacht go héasca ar na rialacha náisiúnta teicniúla, i dtreo is gur féidir le gnóthais, agus go háirithe gnóthais bheaga agus mheánmhéide (GBManna), faisnéis chruinn iontaofa a bhailiú maidir leis an dlí atá i bhfeidhm.

(29)

Is gá, dá bhrí sin, prionsabail um shimpliú riaracháin a chur i ngníomh, inter alia, trí chóras Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunú. Ba cheart go gcinnteodh sé seo go mbeidh gnóthais in ann faisnéis a fháil i gceart agus ar bhealach trédhearcach, ionas gur féidir na moilleanna, na costais agus na héifeachtaí athchomhairleacha a chruthaíonn rialacha náisiúnta teicniúla a sheachaint.

(30)

D'fhonn saorghluaiseacht earraí a éascú, ba cheart go ndéanfadh na Pointí Teagmhála do Tháirgí faisnéis a chur ar fáil, saor in aisce, maidir lena rialacha náisiúnta teicniúla agus maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ó thaobh táirgí de. Ba cheart go mbeadh trealamh leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha ag na Pointí Teagmhála do Tháirgí agus ba cheart go spreagfaí iad freisin chun an fhaisnéis a chur ar fáil ar láithreán gréasáin agus i dteangacha eile de chuid an Chomhphobail. D'fhéadfadh na Pointí Teagmhála do Tháirgí aon fhaisnéis bhreise nó barúlacha breise a chur in iúl freisin d'oibreoirí eacnamaíocha le linn an nós imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo. Féadfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí táillí a ghearradh i gcás faisnéise eile, a bheidh i gcomhréir le costais na faisnéise sin.

(31)

De bhrí nár chóir go gcuirfeadh bunú na bPointí Teagmhála do Tháirgí isteach ar an tslí a leithdháiltear feidhmeanna ar údaráis inniúla laistigh de chórais riaracháin na mBallstát, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunú de réir inniúlachtaí réigiúnacha nó áitiúla. Chomh maith leis sin, ba cheart go bhféadfadh Ballstáit ról Pointí Teagmhála do Tháirgí a dheonú do phointí teagmhála a bunaíodh cheana féin i gcomhréir le hionstraimí eile Comhphobail, d'fhonn nach ndéanfaí an iomarca pointí teagmhála neamhriachtanacha a bhunú agus d'fhonn nósanna imeachta riaracháin a shimpliú. Ba cheart go mbeadh Ballstáit in ann ról Pointe Teagmhála do Tháirgí a thabhairt, ní amháin do sheirbhísí atá ann cheana laistigh den chóras riaracháin phoiblí, ach do lárionaid náisiúnta SOLVIT, do chumainn lucht tráchtála, d'eagraíochtaí gairmiúla agus do chomhlachtaí príobháideacha, i dtreo is nach leagfaí costais bhreise riaracháin ar ghnóthais agus ar údaráis inniúla araon.

(32)

Ba cheart go spreagfaí na Ballstáit agus an Coimisiún chun oibriú go dlúth le chéile d'fhonn oiliúint na foirne a bheidh fostaithe ag Pointí Teagmhála do Tháirgí a éascú.

(33)

Agus ríomhsheirbhís Rialtais uile-Eorpach á forbairt agus á bunú, maille lena bunlíonraí teileamaitice idirinoibritheacha, ba cheart go bhféachfaí arbh fhéidir córas leictreonaice a bhunú le haghaidh malartú faisnéise idir Phointí Teagmhála do Tháirgí, de réir Chinneadh 2004/387/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le ríomhsheirbhísí Rialtais uile-Eorpacha a chur ar fáil go hidiroibritheach do chórais riaracháin phoiblí, do ghnóthais agus do shaoránaigh (IDABC) (12).

(34)

Ba cheart meicníochtaí monatóireachta agus meastóireachta atá iontaofa agus éifeachtach a bhunú d'fhonn faisnéis a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo chun eolas a bhaineann le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh d'earraí in earnálacha nach bhfuil faoi réir an chomhchuibhithe a fheabhsú agus chun a áirithiú go gcuirfidh údaráis inniúla na mBallstát prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh i bhfeidhm go cuí. Níor chóir go rachadh na meicníochtaí sin thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(35)

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le táirgí nó le gnéithe áirithe de tháirgí nach bhfuil faoi réir bhearta an Chomhphobail um chomhchuibhiú a cheaptar chun constaicí ar thrádáil idir Bhallstáit a dhíchur agus a eascraíonn as an éagsúlacht atá ann maidir le rialacha náisiúnta teicniúla. Is forálacha de chineál cuimsitheach go minic iad forálacha na mbearta sin um chomhchuibhiú, agus sa chás sin ní fhéadfaidh Ballstáit srian, cosc ná bac a chur ar tháirgí a chur ar an margadh ina gcríocha má chomhlíonann siad an beart sin. Ceadaítear do Bhallstáit, áfach, le bearta áirithe um chomhchuibhiú de chuid an Chomhphobail, coinníollacha teicniúla breise a fhorchur maidir le táirge a chur ar a margadh. Ba cheart go mbeadh na coinníollacha breise sin faoi réir Airteagal 28 agus Airteagal 30 den Chonradh agus faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo. Is cuí, dá bhrí sin, ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, go mbunódh an Coimisiún liosta táscach agus neamhchuimsitheach de tháirgí nach bhfuil faoi réir comhchuibhithe ar leibhéal an Chomhphobail.

(36)

Maidir leis an scéim monatóireachta a bunaíodh le Cinneadh Uimh. 3052/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 1995 lena mbunaítear nós imeachta chun faisnéis a mhalartú maidir le bearta náisiúnta de mhaolú ar phrionsabal na saorghluaiseachta earraí laistigh den Chomhphobal (13), níor éirigh léi den chuid is mó, sa mhéid is nach bhfuair an Coimisiún a dhóthain faisnéise as cur chun feidhme na scéime chun na hearnálacha a aithint ina bhféadfadh an comhchuibhiú a bheith oiriúnach. Níor éirigh léi ach oiread réiteach mear a aimsiú ar fhadhbanna áirithe maidir le saorghluaiseacht. Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Uimh. 3052/95/CE a aisghairm.

(37)

Is cuí idirthréimhse a thabhairt isteach do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le go mbeidh sé ar chumas na n-údarás inniúil iad féin a chur in oiriúint do na ceanglais a leagtar síos leis.

(38)

Ó tharla nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon na constaicí teicniúla maidir le saorghluaiseacht earraí idir Bhallstáit a dhíchur, a bhaint amach go leordhóthanach ar leibhéal na mBallstát agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, a fhéadfar é a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

(39)

Ba cheart na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (14),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL 1

ÁBHAR AGUS RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar

1.   Is é is aidhm don Rialachán seo oibriú an mhargaidh inmheánaigh a neartú, trí shaorghluaiseacht earraí a fheabhsú.

2.   Leis an Rialachán seo leagtar síos na rialacha agus na nósanna imeachta atá le leanúint ag údaráis inniúla de chuid Ballstáit agus cinneadh, dá dtagraítear in Airteagal 2(1), á dhéanamh nó á bheartú aige, a d'fhéadfadh bac a chur ar shaorghluaiseacht táirge atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus faoi réir Airteagal 28 den Chonradh.

3.   Foráiltear leis freisin go mbunófaí Pointí Teagmhála do Tháirgí sna Ballstáit, d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóir an Rialacháin seo, a leagtar amach i mír 1.

Airteagal 2

Raon feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le cinntí riaracháin a dhírítear ar oibreoirí eacnamaíocha, cibé arna ndéanamh nó arna mbeartú, ar bhonn rialach teicniúla, mar a shainmhítear i mír 2 í, maidir le haon táirge, táirgí talmhaíochta agus éisc san áireamh, atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile, nuair is é toradh díreach nó indíreach an chinnidh sin aon cheann díobh seo a leanas:

(a)

toirmeasc ar an táirge nó ar an gcineál táirge sin a chur ar an margadh;

(b)

modhnú nó tástáil bhreise ar an táirge nó ar an gcineál táirge sin sula bhféadfaí é a chur nó a choinneáil ar an margadh;

(c)

aistarraingt an táirge nó an chineáil táirge sin ón margadh.

Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, ciallóidh modhnú ar an táirge nó ar an gcineál táirge aon mhodhnú ar thréith amháin nó níos mó ná tréith amháin den táirge nó den chineál táirge sin mar a liostaítear i bpointe (b)(i) de mhír 2.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, is riail theicniúil í aon fhoráil de dhlí, de rialachán nó d'aon fhoráil riaracháin eile de chuid Ballstát:

(a)

nach bhfuil faoi réir an chomhchuibhithe ar leibhéal an Chomhphobail; agus

(b)

a chuireann toirmeasc ar tháirge nó ar chineál táirge a chur ar an margadh i gcríoch an Bhallstáit sin nó a fhágann nach féidir a bhfuil éigeantach a chomhlíonadh nuair a chuirtear táirge nó cineál táirge ar an margadh i gcrích an Bhallstáit sin, agus a leagann síos ceachtar ceann díobh seo a leanas:

(i)

na saintréithe a chaithfidh a bheith ag an táirge nó ag an gcineál táirge sin, amhail leibhéil cáilíochta, feidhmíochta nó sábháilteachta, nó toisí, lena n-áirítear na ceanglais is infheidhme maidir leis an táirge nó leis an gcineál táirge i dtaca leis an ainm faoina ndíoltar é, téarmaíocht, siombailí, tástáil agus modhanna tástála, pacáistiú, marcáil nó lipéadú; nó

(ii)

aon cheanglas eile a fhorchuirtear ar an táirge nó ar an gcineál táirge chun tomhaltóirí a chosaint nó chun an timpeallacht a chaomhnú, agus a bhfuil éifeacht aige ar shaolré an táirge tar éis é a bheith curtha ar an margadh, amhail coinníollacha úsáide, athchúrsála, athúsáide nó diúscartha, i gcás ina bhféadfadh coinníollacha den sórt sin tionchar suntasach a imirt ar chomhdhéanamh, ar nádúr nó ar mhargú an táirge nó an chineáil táirge.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

cinntí de chineál breithiúnach arna ndéanamh ag cúirteanna náisiúnta nó binsí náisiúnta;

(b)

cinntí de chineál breithiúnach arna ndéanamh ag údaráis forghníomhaithe an dlí le linn fiosrú nó ionchúiseamh a bheith á dhéanamh ar chion coiriúil maidir le téarmaíocht, siombailí nó tagairt ábharach d'eagraíochtaí míbhunreachtúla nó coiriúla nó ar chionta de chineál ciníoch nó seineafóibeach.

Airteagal 3

Gaol le forálacha eile de dhlí an Chomhphobail

1.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais ná maidir le comhdhamhnaí idirinoibritheachta a thagann faoi raon feidhme Threoir 96/48/CE agus Treoir 2001/16/CE.

2.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás beart a ghlacfaidh údaráis na mBallstát de bhun:

(a)

Airteagal 8(1)(d) go (f) agus Airteagal 8(3) de Threoir 2001/95/CE;

(b)

Airteagal 50(3)(a) agus Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;

(c)

Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 882/2004;

(d)

Airteagal 14 de Threoir 2004/49/CE.

CAIBIDIL 2

NÓS IMEACHTA CHUN RIAIL THEICNIÚIL A CHUR I bhFEIDHM

Airteagal 4

Faisnéis ar an táirge

I gcás ina gcuirfidh údarás inniúil táirge nó cineál táirge faoi mheastóireacht d'fhonn a shocrú an nglacfar nó nach nglacfar cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), féadfaidh sé ceann ar bith de na nithe seo a leanas, go háirithe, a iarraidh ar an oibreoir eacnamaíoch a aithneofar i gcomhréir le hAirteagal 8, ag féachaint go cuí do phrionsabal na comhréireachta:

(a)

faisnéis ábhartha maidir le saintréithe an táirge nó saintréithe an chineáil táirge atá i gceist;

(b)

faisnéis atá ábhartha agus ar fáil go réidh maidir leis an táirge a bheith ar an margadh go dleathach i mBallstát eile.

Airteagal 5

Aitheantas frithpháirteach ar leibhéal inniúlachta na gcomhlachtaí atá creidiúnaithe chun comhréireacht a mheasúnú

Deimhnithe ná tuairiscí a eiseoidh comhlacht measúnaithe comhréireachta atá creidiúnaithe le haghaidh réimse iomchuí na gníomhaíochta measúnaithe comhréireachta i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ní dhiúltóidh Ballstáit dóibh, ar fhorais a bhaineann le hinniúlacht an chomhlachta sin.

Airteagal 6

Measúnú ar an ngá atá ann chun riail theicniúil a chur i bhfeidhm

1.   I gcás ina mbeartóidh údarás inniúil cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a ghlacadh, cuirfidh sé fógra faoina bhfuil beartaithe aige i scríbhinn chuig an oibreoir eacnamaíoch arna aithint i gcomhréir le hAirteagal 8, lena sonrófar an riail theicniúil ar a bhfuil an cinneadh á bhunú agus lena leagfar amach fianaise theicniúil nó eolaíoch a léireoidh:

(a)

go bhfuil call leis an gcinneadh a bheartaítear ar bhonn ceann de na forais ar mhaithe leis an leas poiblí a leagtar amach in Airteagal 30 den Chonradh, nó trí thagairt do shárchúiseanna eile leasa phoiblí; agus

(b)

gurb iomchuí an cinneadh a bheartaítear chun a áirithiú go mbainfear amach an cuspóir atá á shaothrú, agus nach dtéann sé thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.

Beidh aon chinneadh a bheartaítear bunaithe ar thréithe an táirge sin nó an chineáil táirge sin.

Tar éis dó an fógra sin a fháil, tabharfar, ar a laghad, fiche lá oibre don oibreoir eacnamaíoch chun a chuid tuairimí a chur in iúl. Sonróidh an fógra sin an teorann ama chun tuairimí a chur in iúl.

2.   Déanfar aon chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a ghlacadh agus a chur in iúl don oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann agus don Choimisiún laistigh de thréimhse fiche lá oibre tar éis dhul in éag na teorann ama chun tuairimí a fháil ón oibreoir eacnamaíoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo. Tabharfar aird chuí ar na tuairimí sin ann agus luafar ann na forais ar a bhfuil an cinneadh bunaithe, lena n-áirítear na cúiseanna, más ann dóibh, nár glacadh leis na hargóintí a rinne an t-oibreoir, agus an fhianaise theicniúil nó eolaíoch dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

I gcás ina mbeidh call cuí leis mar gheall ar chastacht an ábhair, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh amháin a chur leis an tréimhse ama atá sonraithe sa chéad fhomhír thuas go ceann fiche lá oibre ar a mhéad. Réasúnófar an síneadh sin go cuí agus cuirfear in iúl don oibreoir eacnamaíoch é sula mbeidh an chéad tréimhse caite.

Sonrófar freisin, le haon chinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1), na réitigh atá ar fáil faoin dlí atá i bhfeidhm sa Bhallstát lena mbaineann, agus na teorainneacha ama a bhaineann leis na réitigh sin. Is féidir agóid a dhéanamh in aghaidh aon chinnidh den sórt sin os comhair na gcúirteanna náisiúnta nó os comhair na mbinsí náisiúnta nó meicníochtaí eile achomhairc.

3.   I gcás ina socróidh an t-údarás inniúil, tar éis fógra i scríbhinn a thabhairt i gcomhréir le mír 1, gan cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a ghlacadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch.

4.   Má theipeann ar an údarás inniúil cinneadh dá dtagraítear in Airteagal 2(1) a chur in iúl don oibreoir eacnamaíoch laistigh den tréimhse sonraithe i mír 2 den Airteagal seo, measfar go bhfuil an táirge ar an margadh go dleathach sa Bhallstát sin a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm a rialach teicniúla dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 7

Fionraíocht shealadach ar tháirge a chur ar an margadh

1.   Agus an nós imeachta a leagtar síos sa Chaibidil seo á chur i bhfeidhm, ní chuirfidh an t-údarás inniúil fionraíocht shealadach ar tháirge ná ar chineál táirge a chur ar an margadh, ach amháin nuair a chomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

go bhfuil baol tromchúiseach do shláinte agus do shábháilteacht na n-úsáideoirí i gceist leis an táirge nó leis an gcineál táirge lena mbaineann, faoi ghnáthchoinníollacha úsáide nó faoi choinníollacha úsáide a mbeadh coinne réasúnta leo; nó

(b)

go bhfuil toirmeasc ginearálta ar an táirge nó ar an gcineál táirge sin a chur ar an margadh i mBallstát ar chúiseanna a bhaineann leis an moráltacht phoiblí nó leis an tslándáil phoiblí.

2.   Cuirfidh an t-údarás inniúil aon fhionraíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo in iúl láithreach don oibreoir eacnamaíoch á aithint i gcomhréir le hAirteagal 8 agus don Choimisiún. Sna cásanna dá dtagraítear i mír 1(a) den Airteagal seo, cuirfear bunús teicniúil nó eolaíoch na fionraíochta in iúl in éineacht leis an bhfógra sin.

3.   Aon fhionraíocht ar mhargú táirge a ghlacfar de bhun an Airteagail seo, is féidir agóid a dhéanamh ina coinne os comhair na gcúirteanna náisiúnta nó os comhair na mbinsí náisiúnta nó meicníochtaí náisiúnta eile achomhairc.

Airteagal 8

Faisnéis don oibreoir eacnamaíoch

Na tagairtí d'oibreoirí eacnamaíocha sna hAirteagail 4, 6 agus 7, measfar mar thagairtí iad dóibh seo a leanas:

(a)

do dhéantóir an táirge, i gcás ina bhfuil sé nó sí bunaithe sa Chomhphobail, nó don duine a chuir an táirge ar an margadh nó atá ag iarraidh ar an údarás inniúil go gcuirfí an táirge ar an margadh;

(b)

i gcás nach féidir leis an údarás inniúil céannacht ná sonraí teagmhála na n-oibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointe (a) a dheimhniú, d'ionadaí an déantóra, nuair nach bunaithe sa Chomhphobal don déantóir nó, mura bhfuil aon ionadaí bunaithe sa Chomhphobal aige, d'allmhaireoir an táirge;

(c)

i gcás nach féidir leis an údarás inniúil céannacht ná sonraí teagmhála aon cheann de na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) a dheimhniú, do ghairmí eile sa slabhra soláthair, a mbíonn éifeacht ag a ghníomhaíochtaí ar airí ar bith den táirge atá faoi réir na rialach teicniúla atá á cur i bhfeidhm air;

(d)

i gcás nach féidir leis an údarás inniúil céannacht ná sonraí teagmhála aon cheann de na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointí (a), (b) ná (c) a dheimhniú, do ghairmí ar bith sa slabhra soláthair nach mbíonn éifeacht ag a ghníomhaíochtaí ar airí ar bith den táirge atá faoi réir na rialach teicniúla atá á cur i bhfeidhm air.

CAIBIDIL 3

NA POINTÍ TEAGMHÁLA DO THÁIRGÍ

Airteagal 9

Na Pointí Teagmhála do Tháirgí a bhunú

1.   Ainmneoidh Ballstáit Pointí Teagmhála do Tháirgí ina gcríocha agus cuirfidh siad a sonraí teagmhála in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún.

2.   Déanfaidh an Coimisiún liosta de na Pointí Teagmhála do Tháirgí agus tabharfaidh sé cothrom le dáta go rialta é agus foilseoidh sé in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é. Cuirfidh an Coimisiúin an fhaisnéis sin ar fáil freisin ar láithreán gréasáin.

Airteagal 10

Cúraimí

1.   Ar iarraidh ó, inter alia, oibreoir eacnamaíoch nó údarás inniúil Ballstáit eile, cuirfidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

(a)

na rialacha teicniúla is infheidhme maidir le cineál sonrach táirge sa chríoch ina bhfuil na Pointí Teagmhála do Tháirgí sin bunaithe agus faisnéis maidir le cibé acu an bhfuil an cineál sin táirge faoi réir ceanglais maidir le réamhúdarú faoi dhlíthe Bhallstát na bPointí Teagmhála do Tháirgí, mar aon le faisnéis maidir le prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo i gcríoch an Bhallstáit sin;

(b)

sonraí teagmhála na n-údarás inniúil laistigh den Bhallstát sin, trínar féidir dul i dteagmháil leo go díreach, lena n-áirítear sonraí na n-údarás a bhfuil sé d'fhreagracht orthu maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha teicniúla sin i gcríoch an Bhallstáit sin;

(c)

na réitigh atá ar fáil de ghnáth i gcríoch an Bhallstáit sin i gcás ina mbeadh aighneas ann idir na húdaráis inniúla agus oibreoir eacnamaíoch.

2.   Tabharfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí freagra laistigh de chúig lá oibre déag tar éis aon iarratas a fháil dá dtagraítear i mír 1.

3.   Féadfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí sa Bhallstát ina bhfuil an táirge atá i gceist curtha ar an margadh go dleathach ag an oibreoir eacnamaíoch lena mbaineann aon fhaisnéis ábhartha nó aon bharúlacha ábhartha a sholáthar don oibreoir eacnamaíoch nó don údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 6.

4.   Ní ghearrfaidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí aon táille ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar.

Airteagal 11

Líonra Teileamaitice

I gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 13(2), féadfaidh an Coimisiún, líonra teileamaitice a bhunú, d'fhonn forálacha an Rialacháin seo maidir le malartú faisnéise idir Pointí Teagmhála do Tháirgí agus/nó údaráis inniúla na mBallstát a chur chun feidhme.

CAIBIDIL 4

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 12

Oibleagáidí maidir le tuairisciú

1.   Seolfaidh gach Ballstát tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo chuig an gCoimisiún ar bhonn bliantúil. Sa tuarascáil sin beidh, ar a laghad, an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

líon na bhfógraí i scríbhinn a seoladh de bhun Airteagal 6(1) agus na cineáil táirgí lena mbaineann;

(b)

faisnéis leordhóthanach maidir le cinneadh ar bith a glacadh de bhun Airteagal 6(2), lena n-áirítear na forais ar a bunaíodh na cinntí sin agus an cineál táirgí lena mbaineann;

(c)

líon na gcinntí a glacadh de bhun Airteagal 6(3) agus na cineáil táirgí lena mbaineann.

2.   I bhfianaise na faisnéise de bhun mhír 1 a chuirfidh na Ballstáit ar fáil, déanfaidh an Coimisiún anailís ar na cinntí a glacadh de bhun Airteagal 6(2) agus déanfaidh sé measúnú ar na forais ar a bunaíodh iad.

3.   Faoin 13 Bealtaine 2012 agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, athbhreithneoidh an Coimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus cuirfidh sé tuarascáil ina leith faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Féadfaidh an Coimisiún, más iomchuí, moltaí a chur in éineacht leis an tuarascáil d'fhonn saorghluaiseacht táirgí a fheabhsú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún liosta nach mbeidh uileghabhálach a tharraingt suas, a fhoilsiú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta de tháirgí nach bhfuil faoi réir reachtaíocht an Chomhphobail i ndáil le comhchuibhiú. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil ar láithreán gréasáin.

Airteagal 13

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh coiste d'ionadaithe ó na Ballstáit, faoi chathaoirleacht ionadaithe ón gCoimisiún, cúnamh don Choimisiún.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag an nós imeachta comhairleach a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh 1999/468/CE, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) agus Airteagal 8 de.

Airteagal 14

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh Uimh. 3052/95/CE le héifeacht ón 13 Bealtaine 2009

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 13 Bealtaine 2009

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 9 Iúil 2008.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

H.–G. PÖTTERING

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-P. JOUYET


(1)  IO C 120, 16.5.2008, lch. 1.

(2)  Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Feabhra 2008 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus Cinneadh ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008.

(3)  IO C 141, 19.5.2000, lch. 5.

(4)  IO L 11, 15.1.2002, lch. 4.

(5)  IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 202/2008 ón gCoimisiún (IO L 60, 5.3.2008, lch. 17).

(6)  IO L 165, 30.4.2004; leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1).

(7)  IO L 164, 30.4.2004, lch. 44; leagan ceartaithe in IO L 220, 21.6.2004, lch. 16.

(8)  IO L 235, 17.9.1996, lch. 6. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/32/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 2.6.2007, lch. 63).

(9)  IO L 110, 20.4.2001, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/32/CE ón gCoimisiún.

(10)  Féach leathanach 30 den Iris Oifigúil seo.

(11)  IO L 204, 21.7.1998, lch. 37. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/96/CE ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 81).

(12)  IO L 144, 30.4.2004; arna cheartú le IO L 181, 18.5.2004, lch. 25.

(13)  IO L 321, 30.12.1995, lch. 1.

(14)  IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).


Top