EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023D2101

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2101 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2023 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2023/6471

IO L 241, 29.9.2023, p. 147–148 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2101/oj

29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 241/147


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2023/2101 ÓN gCOIMISIÚN

an 28 Meán Fómhair 2023

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Áiríodh fluairíd sulfairile in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh an tsubstaint a bheith formheasta faoin Rialachán sin faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 28 Meitheamh 2017 cuireadh isteach iarratais i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun an formheas maidir le fluairíd sulfairile a athnuachan lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 (‘na hiarratais’).

(3)

An 14 Feabhra 2018, chuir údarás inniúil meastóireachta na Sualainne an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, gur ghá meastóireacht iomlán a dhéanamh ar na hiarratais. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis di moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

De bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1479 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 30 Meitheamh 2021 an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8, rud a chomhfhreagair do dháta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 faoi Threoir 2009/84/CE ón gCoimisiún (4), ionas go mbeidh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(7)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/713 ón gCoimisiún (5), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2023 arís dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 ionas go mbeidh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar na hiarratais.

(8)

An 20 Eanáir 2023 fuair an Ghníomhaireacht na moltaí ón údarás inniúil meastóireachta i leith an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile a athnuachan lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18.

(9)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís go ceann tréimhse leordhóthanach chun gur féidir an scrúdú ar na hiarratais a chur i gcrích. Agus na teorainneacha ama á gcur san áireamh chun go n-ullmhóidh an Ghníomhaireacht na tuairimí uaithi agus chun go gcuirfidh sí isteach iad, agus chun go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh an ndéanfar an formheas maidir le fluairíd sulfairile a athnuachan lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirgí 8 agus 18, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2024.

(10)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth arís, beidh fluairíd sulfairile formheasta lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 go fóill faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le fluairíd sulfairile lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 8 agus 18 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/713, cuirtear ar atráth é go dtí an 31 Nollaig 2024.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1479 ón gCoimisiún an 3 Deireadh Fómhair 2018 lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 249, 4.10.2018, lch. 16).

(4)  Treoir 2009/84/CE ón gCoimisiún an 28 Iúil 2009 lena leasaítear Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun fluairíd sulfairile a áireamh ina substaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis (IO L 197, 29.7.2009, lch. 67).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/713 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2021 lena gcuirtear ar atráth an dáta éaga i leith formheas fluairíde sulfairile le húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirge 8 agus 18 (IO L 147, 30.4.2021, lch. 21).


Top