EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0284

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/284 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2021 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/9156

IO L 43, 24.2.2022, p. 57–59 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2022/284/oj

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/57


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/284 ÓN gCOIMISIÚN

an 16 Nollaig 2021

lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

Le Cinneadh 2010/571/AE (2), dheonaigh an Coimisiún, i measc nithe eile, díolúine chun mearcair a úsáid i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 2(a)(1), 2(a)(2), 2(a)(3), 2(a)(4) agus 2(a)(5) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 21 Iúil 2016, i gcomhréir le hAirteagal 5(2), an dara fomhír, pointe (a), den Treoir sin.

(5)

Úsáidtear mearcair i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta chun solas ultraivialait a ghiniúint, ar solas é sin a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe leis an mbratú fluaraiseach ar an lampa.

(6)

An 19 Nollaig 2014 agus an 15 Eanáir 2015, fuair an Coimisiún dhá iarratas ar athnuachan na díolúine (“na hiarratais ar athnuachan”), atá laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, ar iarratas ceann amháin acu a tugadh cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 20 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5), an dara fomhír, de Threoir 2011/65/AE, beidh an díolúine bailí go dtí go ndéanfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Cinneadh sa mheastóireacht ar na hiarratais ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadaigh atá iontaofa a ndóthain agus atá saor ó mhearcair ar fáil anois i gcomhair na gcineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil sé indéanta ó thaobh na heolaíochta de agus ar bhonn teicniúil mearcair a ionadú sna lampaí sin. Thairis sin, cinneadh sa mheastóireacht sin gur léir gur mhó na tairbhí a bhaineann le hionadú ná aon tionchar diúltach.

(8)

Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht ar iarratais ar athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(9)

Ós rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, ba cheart diúltú don iarratas ar athnuachan. Ba cheart dátaí éaga le haghaidh na díolúine a shocrú i gcomhréir le hAirteagal 5(6) den Treoir sin.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Dírítear an Treoir seo chuig na Ballstáit.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Cinneadh 2010/571/AE ón gCoimisiún an 24 Meán Fómhair 2010 lena leasaítear, chun í a chur in oiriúint don dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil, an Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2002/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le díolúintí i gcomhair feidhmeanna ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam, cróimiam heicsifhiúsach, défheinil pholabróimínithe nó éitir dhéfheiníle pholabróimínithe (IO L 251, 25.9.2010, lch. 28).


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontrálacha 2(a), 2(a)(1), 2(a)(2), 2(a)(3), 2(a)(4) agus 2(a)(5):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“2(a)

Mearcair i lampaí líneacha fluaraiseacha a bhfuil caidhpeáil dhúbailte orthu chun críoch soilsithe ghinearálta nach dtéann thar (in aghaidh an lampa):

 

2(a)(1)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil gnáth-shaolré agus feadán < 9 mm ar trastomhas acu (e.g. T2): 4 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

2(a)(2)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil gnáth-shaolré agus feadán ≥ 9 mm agus ≤ 17 mm ar trastomhas acu (e.g. T5): 3 mg

In éag an 24 Lúnasa 2023

2(a)(3)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil gnáth-shaolré agus feadán > 17 mm agus ≤ 28 mm ar trastomhas acu (e.g. T8): 3,5 mg

In éag an 24 Lúnasa 2023

2(a)(4)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil gnáth-shaolré agus feadán > 28 mm ar trastomhas acu (e.g. T12): 3,5 mg

In éag an 24 Feabhra 2023

2(a)(5)

Lampaí fosfair trí bhanda a bhfuil saolré fhada acu (≥ 25 000 u): 5 mg.

In éag an 24 Feabhra 2023”


Top