EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022L0277

Treoir Tarmligthe (AE) 2022/277 ón gCoimisiún an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20000 u nó níos mo ná sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/8956

IO L 43, 24.2.2022, p. 35–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dir_del/2022/277/oj

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 43/35


TREOIR TARMLIGTHE (AE) 2022/277 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Nollaig 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun mearcair a úsáid i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2011 maidir leis an srian ar shubstaintí guaiseacha áirithe a úsáid i dtrealamh leictreach agus leictreonach (1), agus go háirithe Airteagal 5(1), pointe (b), di,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2011/65/AE, ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh na substaintí guaiseacha a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Treoir sin i dtrealamh leictreach agus leictreonach a chuirtear ar an margadh. Níl feidhm ag an srian sin maidir le feidhmeanna díolmhaithe áirithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir.

(2)

Liostaítear catagóirí an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh a bhfuil feidhm ag Treoir 2011/65/AE ina leith in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin.

(3)

Is substaint é mearcair a bhfuil srian air agus a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2011/65/AE.

(4)

De réir Threoir Tharmligthe 2014/14/AE (2), dheonaigh an Coimisiún díolúine maidir le húsáid mearcair, ina bhfuil cion uasta 3,5 mg, i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin (“an díolúine”), a liostaítear anois mar dhíolúine 1(g) in Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE. Bhí an díolúine le dul in éag an 31 Nollaig 2017, i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2014/14/AE.

(5)

Úsáidtear mearcair i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun solas ultraivialait a tháirgeadh, solas a thiontaítear ansin ina sholas infheicthe ag an mbratú fluaraiseach ar an mbolgán lampa.

(6)

An 28 Meitheamh 2016, fuair an Coimisiún iarratas ar athnuachan na díolúine (“an t-iarratas ar athnuachan”) laistigh den teorainn ama a leagtar síos in Airteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, iarratas a tugadh cothrom le dáta le hiarratas athnuaite an 17 Eanáir 2020. I gcomhréir le hAirteagal 5(5) de Threoir 2011/65/AE, fanann an díolúine bailí go dtí go nglacfar cinneadh ar an iarratas ar athnuachan.

(7)

Cinneadh sa mheastóireacht ar an iarratas ar athnuachan, inar cuireadh san áireamh infhaighteacht ionadach agus tionchar socheacnamaíoch an ionadaithe, go bhfuil ionadaigh atá iontaofa go leormhaith agus atá saor ó mhearcair ar fáil i gcomhair na gcineálacha lampa a chumhdaítear leis an díolúine agus go bhfuil an t-ionadú indéanta ó thaobh na heolaíochta de agus ar bhonn teicniúil. Thairis sin, cinneadh sa mheastóireacht sin gur léir gur mhó na tairbhí a bhaineann le hionadú ná aon tionchar diúltach. Áiríodh comhairliúcháin le páirtithe leasmhara sa mheastóireacht i gcomhréir le hAirteagal 5(7) de Threoir 2011/65/AE. Cuireadh na barúlacha a fuarthas le linn na gcomhairliúchán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin tiomnaithe.

(8)

Ós rud é nach gcomhlíontar a thuilleadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), pointe (a), de Threoir 2011/65/AE, ba cheart an díolúine a chúlghairm.

(9)

Ba cheart dáta éaga a shocrú maidir leis an díolúine sin i gcomhréir le hAirteagal 5(6) de Threoir 2011/65/AE. Bíodh go bhfuil sciar beag de na cineálacha lampa (3) a chumhdaítear leis an díolúine sin faoi réir na gcritéar éicidhearthóireachta a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún (4), atá infheidhme ón 1 Meán Fómhair 2021, agus nach gcuirfear ar an margadh a thuilleadh iad dá bhrí sin, ní dhéantar difear d’fhormhór mór na lampaí a chumhdaítear leis an díolúine reatha leis na critéir faoin Rialachán Éicidhearthóireachta thuasluaite. Dá bhrí sin, is é an dáta éaga uasta is féidir, 18 mí tar éis an chinnidh, ba cheart a shocrú maidir le hiontráil iomlán na díolúine chun costais shocheacnamaíocha atá níos airde ná mar is gá a sheachaint ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil baint dhíreach acu le hionadú na catagóire deiridh sin.

(10)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2011/65/AE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN TREOIR SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir seo.

Airteagal 2

1.   Na forálacha reachtaíochta, rialúcháin nó riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 30 Meán Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Nuair a ghlacfaidh na Ballstáit na forálacha sin, beidh tagairt iontu don Treoir seo nó beidh tagairt den sórt sin ag gabháil leo tráth a bhfoilsithe oifigiúil. Is iad na Ballstáit a chinnfidh an bealach le tagairt den sórt sin a dhéanamh.

2.   Déanfaidh na Ballstáit téacs phríomhfhorálacha an dlí náisiúnta a ghlacfaidh siad sa réimse a chumhdaítear leis an Treoir seo a chur in iúl don Choimisiún.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Treoir seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 4

Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Treoir seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 174, 1.7.2011, lch. 88.

(2)  Treoir Tharmligthe 2014/14/AE ón gCoimisiún an 18 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chun oiriúnú don dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch, a mhéid a bhaineann le díolúine chun 3,5 mg mearcair in aghaidh an lampa i ndlúthshoilse fluaraiseacha aonchaidhpeacha chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000 u nó níos mo ná sin (IO L 4, 9.1.2014, lch. 71).

(3)  Ón 1 Meán Fómhair 2021, cumhdaítear dlúthshoilse fluaraiseacha ag a bhfuil gléas rialaithe comhtháite (CFLi) leis an iontráil “Foinsí eile solais faoin raon feidhme nach luaitear thuas” i dTábla 1 d’Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún.

(4)  Mar a luaitear in Aithris 9 agus Aithris 10 de Rialachán (AE) 2019/2020 ón gCoimisiún, níl aon cheanglas sonrach éicidhearthóireachta maidir le cion mearcair le socrú sa Rialachán sin.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Treoir 2011/65/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 1(g):

Díolúine

Raon feidhme agus dátaí infheidhmeachta

“1(g)

Chun críoch soilsithe ghinearálta < 30 W a maireann a saolré cothrom le 20 000  u nó níos mo ná sin: 3,5 mg

In éag an 24 Lúnasa 2023”


Top