EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide: sainmhíniú agus raon feidhme

Micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide: sainmhíniú agus raon feidhme

ACHOIMRE AR:

Moladh ón gCoimisiún – an sainmhíniú ar mhicreafhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA MHOLADH?

Leagtar amach ann na critéir chun a shainaithint an bhfuil cuideachta ina micreafhiontar, ina fiontar beag nó ina fiontar meánmhéide (FBM). Leis na catagóirí éagsúla seo, bunaithe ar líon fostaithe cuideachta agus ar a láimhdeachas nó ar a clár comhardaithe, dearbhaítear a cáilitheacht i leith cláir airgeadais agus tacaíochta AE agus náisiúnta. Tháinig na sainmhínithe i bhfeidhm an 1 Eanáir 2005.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Sainmhínithe:
    • micreafhiontar: tá níos lú ná 10 fostaithe ann agus tá a láimhdeachas bliantúil (an méid airgid a ghlactar i dtréimhse faoi leith) nó a chlár comhardaithe (ráiteas maidir le sócmhainní agus dliteanais cuideachta) faoi bhun €2 mhilliún;
    • fiontar beag: tá níos lú ná 50 fostaí ann agus tá a láimhdeachas bliantúil nó a chlár comhardaithe faoi bhun €10 milliún;
    • fiontar meánmhéide: tá níos lú ná 250 fostaí ann agus tá a láimhdeachas bliantúil faoi bhun €50 milliún nó tá a chlár comhardaithe faoi bhun €43 mhilliún.
  • Is féidir le FBManna a chomhlíonann na critéir éagsúla tairbhe a bhaint as
    • cláir AE agus náisiúnta um thacaíocht ghnó, amhail maoiniú taighde, iomaíochais agus nuálaíochta, nach mbeadh ceadaithe seachas sin faoi rialacha AE maidir leis an státchabhair,
    • níos lú ceanglas nó costas laghdaithe agus iad ag cloí le reachtaíocht AE.
  • Déanann an Coimisiún Eorpach monatóireacht rialta ar thionchar praiticiúil na sainmhínithe. Is é tátal staidéir neamhspleách a foilsíodh i Meán Fómhair 2012 nach raibh gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na critéir, ach go bhféadfadh roinnt soiléireachta agus treorach maidir leis na rialacha reatha a bheith úsáideach.
  • In 2015, i ndiaidh measúnú a dhéanamh ar an gcéad treoir d’úsáideoirí maidir le sainmhíniú FBManna, d’fhoilsigh an Coimisiún leagan cothrom le dáta.

CÚLRA

FBManna is ea 99 % de na gnóthais uile in AE. Is iad cnámh droma a gheilleagair iad. Gintear dhá phost as gach trí phost iontu. In 2013, sholáthair breis agus 21 milliún FBM beagnach 90 milliún post ar fud AE. Spreagann siad mothú fiontraíochta agus nuálaíochta, rud a chuidíonn le hiomaíochas, fás eacnamaíoch agus fostaíocht na hEorpa a chothú.

GNÍOMH

Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an sainmhíniú ar mhicreafhiontair, ar fhiontair bheaga agus ar fhiontair mheánmhéide (fógartha faoin uimhir doiciméid C(2003) 1422) (IO L 124, 20.5.2003, lgh. 36-41)

Nuashonraithe 11.01.2016

Top