EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022CN0652
Case C-652/22: Request for a preliminary ruling from the Visoki upravni sud Republike Hrvatske (Croatia) lodged on 18 October 2022 — Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret A.Ș. v Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave
Cás C-652/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Visoki upravni sud Republike Hrvatske (an Chróit) a taisceadh an 18 Deireadh Fómhair 2022 – Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret A. Ș. v Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave
Cás C-652/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Visoki upravni sud Republike Hrvatske (an Chróit) a taisceadh an 18 Deireadh Fómhair 2022 – Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret A. Ș. v Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave
IO C 482, 19.12.2022, p. 11–11
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 482/11 |
Iarraidh ar réamhrialú ón Visoki upravni sud Republike Hrvatske (an Chróit) a taisceadh an 18 Deireadh Fómhair 2022 – Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret A. Ș. v Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave
(Cás C-652/22)
(2022/C 482/16)
Teanga an cháis: an Chróitis
An chúirt a rinne an tarchur
Visoki upravni sud Republike Hrvatske
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: Kolin Inşaat Turizm Sanayi ve Ticaret A. Ș.
Cosantóir: Državna komisija za kontrolu postupaka javne nabave
Na ceisteanna a tharchuirtear:
1) |
An gceadaítear doiciméid arna soláthar ag an tairgeoir den chéad uair i ndiaidh dhul in éag na teorann ama chun tairiscintí a thaisceadh a bheith á gcur san áireamh ag an eintiteas conarthach le hAirteagal 76 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE, (1) i gcomhar le hAirteagal 36 den Treoir sin, i gcás nach raibh na doiciméid sin sa chéad tairiscint agus ina léirítear cúinsí nár thug an tairgeoir le fios sa chéad tairiscint leo? |
2) |
Má tá freagra dearfach ar an gcéad cheist, an é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 76 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE, i gcomhar le hAirteagal 36 den Treoir sin, ná go gcuirtear cosc leis ar dhoiciméid sa bhreis ón gconraitheoir nach raibh sa chéad tairiscint, lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair phoiblí á gcomhlíonadh, ar nós liosta na n-oibreacha arna gcríochnú a fhorlíontar le tagairt nach raibh sa chéad liosta oibreacha, is é sin le rá, nach raibh sa chéad tairiscint, a bheith á n-iarraidh ag údarás conarthach, i ndiaidh an chéad chinnidh maidir le bronnadh conartha a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an eintiteas conarthach chun athbhreithniú agus athmheastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí? |
3) |
An é an léiriú atá le déanamh ar Airteagal 76 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE, i gcomhar le hAirteagal 36 den Treoir sin, ná go gcuirtear cosc leis ar dhoiciméid nach raibh sa chéad tairiscint, lena léirítear go bhfuil na coinníollacha maidir le páirt a ghlacadh sa nós imeachta soláthair phoiblí á gcomhlíonadh, ar nós liosta na n-oibreacha arna gcríochnú a fhorlíontar le tagairt nach raibh sa chéad liosta oibreacha, is é sin le rá, nach raibh sa chéad tairiscint, a bheith á soláthar don údarás conarthach ag eintiteas conarthach, i ndiaidh an chéad chinnidh maidir le bronnadh conartha a chur ar neamhní agus an cás a tharchur ar ais chuig an eintiteas conarthach chun athbreithniú agus athmheastóireacht a dhéanamh ar na tairiscintí? |