EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0456

Cás C-456/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Ravensburg (an Ghearmáin) an 8 Iúil 2022 – VX agus AT v Gemeinde Ummendorf

IO C 359, 19.9.2022, p. 49–49 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

19.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 359/49


Iarraidh ar réamhrialú ón Landgericht Ravensburg (an Ghearmáin) an 8 Iúil 2022 – VX agus AT v Gemeinde Ummendorf

(Cás C-456/22)

(2022/C 359/57)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Landgericht Ravensburg

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: VX, AT

Cosantóir: Gemeinde Ummendorf

An cheist a tharchuirtear

An bhfuil coincheap an damáiste neamhábhartha in Airteagal 82(1) de Rialachán (AE) 2016/679 (1) le léiriú mar ní a chiallaíonn go dteastaíonn míbhuntáiste suntasach agus lagú leasanna pearsanta atá sothuigthe go hoibiachtúil chun damáiste neamhábhartha a thoimhdiú, nó an leordhóthanach chun na críche sin an caillteanas gearrthéarmach amháin ar smacht neamhshrianta an duine is ábhar do na sonraí, ar a shonraí, mar gheall ar fhoilsiú sonraí pearsanta ar an idirlíon ar feadh tréimhse cúpla lá, nach raibh aon iarmhairtí suntasacha nó díobhálacha aige don duine is ábhar do na sonraí?


(1)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1).


Top