EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52011XG0708(04)
Council conclusions: towards modern, responsive and sustainable health systems
Conclúidí ón gComhairle: córais sláinte atá nua-aimseartha, freagrúil agus inbhuanaithe a chur ar aghaidh
Conclúidí ón gComhairle: córais sláinte atá nua-aimseartha, freagrúil agus inbhuanaithe a chur ar aghaidh
IO C 202, 8.7.2011, p. 10–12
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
8.7.2011 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C NaN/10 |
Conclúidí ón gComhairle: córais sláinte atá nua-aimseartha, freagrúil agus inbhuanaithe a chur ar aghaidh
2011/C 202/04
MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
1. |
MEABHRAÍONN SÍ DI go ndéanfar ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais faoi Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; chomh maith le beartais náisiúnta a chomhlánú agus le bheith dírithe ar shláinte phoiblí a fheabhsú tá sé i gceist le gníomhaíocht Aontais an comhar idir na Ballstáit i réimse na sláinte poiblí a spreagadh agus, i gcás inar gá, tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na mBallstát agus urraim a thabhairt do na freagrachtaí atá orthu i ndáil le seirbhísí sláinte agus cúram míochaine a eagrú agus a sheachadadh; |
2. |
MEABHRAÍONN SÍ DI na Conclúidí ón gComhairle maidir le Páipéar Bán an Choimisiúin “Ag obair i gcomhar a chéile ar mhaithe le Sláinte: Cur Chuige Straitéiseach don AE, 2008-2013” a glacadh an 6 Nollaig 2007; |
3. |
MEABHRAÍONN SÍ DI na Conclúidí ón gComhairle maidir le comhluachanna agus comhphrionsabail i gcórais sláinte AE, ar conclúidí iad a glacadh an 2 Meitheamh 2006 (1), agus go háirithe na luachanna uileghabhálacha d’uilíocht, de rochtain ar chúram ar ardchaighdeán, de chothromas agus de dhlúthpháirtíocht; |
4. |
MEABHRAÍONN SÍ DI Cairt Thaillinn maidir le Córais Sláinte um Shláinte agus Rachmas, a síníodh an 27 Meitheamh 2008 faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Sláinte (WHO); |
5. |
MEABHRAÍONN SÍ DI an Comhthuarascáil maidir le Córais Sláinte a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach (CE) agus an Coiste um Beartas Geilleagair (EPC) a cuireadh i gcrích an 23 Samhain 2010, chomh maith leis na Conclúidí ón gComhairle i ndáil leis an gComhthuarascáil CE-ECP maidir le Córais Sláinte, a glacadh an 7 Nollaig 2010; |
6. |
AITHNÍONN SÍ an obair atá déanta ag an gCoiste um Chosaint Shóisialta (SPC) agus MEABHRAÍONN SÍ DI na cuspóirí a comhaontaíodh, i ndáil le cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta laistigh de chreat an Mhodha Oscailte Comhordaithe, ag Comhairle Eorpach mhí an Mhárta 2006, d’fhonn rochtain ar chúram sláinte agus ar chúram fadtéarmach atá ar ardchaighdeán agus atá inbhuanaithe a áirithiú; |
7. |
MEABHRAÍONN SÍ DI an plé a rinneadh maidir le “Bealaí d’Othair agus do Proifisiúnaigh san Eoraip — Infheistiú a dhéanamh sna córais sláinte a bheidh ann sa todhchaí” ag an gCruinniú Neamhfhoirmiúil a bhí ag na hAirí Sláinte in Gödöllő an 4-5 Aibreán 2011; |
8. |
MEABHRAÍONN SÍ DI an Straitéis Eoraip 2020 agus FEARANN SÍ FÁILTE ROIMH thionscnamh an Choimisiúin lenar tugadh ar aghaidh an Comhpháirtíocht phíolótach Eorpach um Nuáil maidir leis “an tAoisiú Gníomhach agus Folláin” agus roimh an obair leanúnach atá ar siúl aici; |
9. |
AITHNÍONN SÍ go bhfuil dúshláin chomónta os comhair na mBallstát mar gheall ar dhaonra atá ag dul in aois, leis an athrú i riachtanais daonra, leis an méadú in ionchas othar, le scaipeadh pras na teicneolaíochta agus le méadú na gcostas i gcúram sláinte chomh maith leis an dúshlán atá ann mar gheall ar na cúinsí eacnamaíocha neamhchinnte agus leochaileacha atá ann faoi láthair, atá mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch domhanda agus ar an ngéarchéim airgeadais a tharla le déanaí, arb iad is cúis le teorainn a chur ar bhonn leanúnach leis na hacmhainní atá ar fáil do chórais sláinte na mBallstát. Tá an méadú sna galair ainsealacha, ar méadú é atá ag fás, ar cheann de na dúshláin mhóra atá os comhair na gcóras sláinte; |
10. |
AITHNÍONN SÍ gur cheist lárnach a bhí i gceist i gcónaí le rochtain chothrom ar sheirbhísí cúram sláinte ar ardchaighdeán a áirithiú i gcúinsí ina mbíonn acmhainní eacnamaíocha agus acmhainní eile gann, is iad scála agus práinne an staid atá ann atá ag athrú faoi láthair, agus mura dtugtar aghaidh orthu siúd d’fhéadfaidís a bheith ina dtosca ríthábhachtach i ndáil le tírdhreach eacnamaíoch agus sóisialta an AE amach anseo; |
11. |
AITHNÍONN SÍ an gá atá le nuáil atá cliste agus freagrach, lena n-áirítear nuáil shóisialta agus eagraíochtúil, chun na héilimh a bheidh ann amach anseo a chomhardú le hacmhainní inacmhainne agus inbhuanaithe d’fhonn go mbeifí in ann aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo ar fad; |
12. |
IARRANN SÍ go mbeidh ról imleor ag an earnáil sláinte i ndáil leis an Straitéis Eoraip 2020 a chur chun feidhme. Ba cheart a aithint go gcuirtear leis an bhfás eacnamaíoch le hinfheistíochtaí sa tsláinte. Cé gur fiúntach an tsláinte féin, is réamhchoinníoll í i ndáil le fás eacnamaíoch a bhaint amach; |
13. |
CUIREANN SÍ BÉIM ar an gcumas atá ann acmhainní Chistí Struchtúracha na hEorpa a úsáid, gan dochar don idirbheartaíocht maidir leis an gcreat airgeadais a bheidh ann amach anseo, i gcomhlánú an mhaoinithe d’fhorbairt na hearnála sláinte sna réigiún incháilithe i mBallstáit, lena n-áirítear, inter alia infheistíochtaí caipitil, d’fhonn córais sláinte nua-aimseartha, fhreagrúla, éifeachtacha, éifeachtúla agus inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de a chruthú lena soláthraítear rochtain chothrom ar sheirbhísí sláinte do chách, go háirithe mar gheall ar an méid seo a leanas:
|
14. |
LEAGANN SÍ BÉIM ar an tábhacht bhunúsach a bhaineann le héifeachtacht infheistíochtaí i gcórais sláinte na todhchaí, ar cheart go ndéanfadh na Ballstáit tomhas agus faireachán faoi seach orthu; |
15. |
AITHNÍONN SÍ an tábhacht a bhaineann le próisis um beartais agus um chinneadh a dhéanamh, ar beartais iad a bheidh bunaithe ar fhianaise agus a mbeidh córais imleor faisnéise sláinte ann chun tacú leo; |
16. |
AITHNÍONN SÍ go bhfuil gá san Aontas Eorpach le fianaise maidir le nuachóiriú na gcóras sláinte a chomhroinnt agus le cur chuige nua i leith cúram sláinte; |
17. |
AITHNÍONN SÍ gur príomhfhachtóirí iad an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc le haghaidh inbhuanaitheacht fhadtéarmach córas sláinte; |
18. |
CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur príomh-réamhchoinníoll é go mbeadh fáil ar go leor gairmithe sláinte atá oilte mar is cuí i ngach Ballstát d’fhonn córais sláinte nua-aimseartha dinimiciúla a oibriú agus ba cheart do gach Ballstát a riachtanais a chomhlíonadh agus cloí le Cód Cleachtais Domhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) i dtaca le hearcaíocht idirnáisiúnta; |
19. |
CUIREANN SÍ BÉIM ar an ngá atá ann obair in éineacht lena chéile agus le comhar níos comhordaithe ar leibhéal an AE chun tacú leis na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, maidir lena n-iarrachtaí chun a áirithiú go mbeidh a gcórais sláinte in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amach anseo, agus an comhar sin ag cur le torthaí a baineadh amach trí thionscnaimh náisiúnta agus trí thionscnaimh an AE, mar aon le gníomhaíochtaí a rinne eagraíochtaí idir-rialtasacha amhail an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) agus an EDS a chur i gcrích; |
20. |
LEAGANN SÍ BÉIM ar an ról ceannaireachta atá ag Airí Sláinte i ndáil le tabhairt faoi chur chuige sláinte éifeachtach atá bunaithe ar bheartais agus le forbairt a dhéanamh ar an gcur chuige sin chun dul i ngleic go leordhóthanach le dúshláin mhaicreacnamaíocha, sláinte agus shochaíocha, lena n-áirítear na dúshláin sin a bhaineann le daonra atá ag dul in aois, agus chun straitéisí fadtéarmacha na hearnála sláinte san am atá romhainn a áirithiú, ag díriú go háirithe ar infheistíocht san earnáil sláinte agus ar straitéisí acmhainní daonna; |
21. |
IARRANN SÍ ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
22. |
IARANN SÍ ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
23. |
IARANN SÍ ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(1) IO C 146, 22.6.2006, lch. 1.