EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52008PC0644

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle lena leagtar síos oibleagáidí na n oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh {SEC(2008) 2615} {SEC(2008) 2616}

/* COIM/2008/0644 leagan deireanach - COD 2008/0198 */

52008PC0644

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle lena leagtar síos oibleagáidí na n oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh {SEC(2008) 2615} {SEC(2008) 2616} /* COIM/2008/0644 leagan deireanach - COD 2008/0198 */


GA

An Bhruiséil 17.10.2008

COIM(2008) 644 leagan deireanach

2008/0198 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh

{SEC(2008) 2615}

{SEC(2008) 2616}

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

· Forais agus aidhmeanna an togra

Is é príomhaidhm an togra seo an creat beartais atá ann anois san AE a chomhlánú agus a chur i dtaca agus tacú leis an gcomhrac idirnáisiúnta in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire.

· Comhthéacs ginearálta

Bíonn lománaíocht neamhdhleathach ar siúl aon uair a lománaítear, a phróiseáiltear nó a thrádáiltear adhmad mar shárú ar na dlíthe náisiúnta is infheidhme i dtír na lománaíochta. Tá cúiseanna go leor leis seo ach is é an príomhcheann díobh an t-éileamh mór atá ar adhmad agus gan ach rialacha laga a bheith ann leis an trádáil in adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chosc. Is cuid í an lománaíocht neamhdhleathach d'fhadhb mhór a chuimsíonn ceisteanna a bhaineann le rialú foraoise, le forghníomhú an dlí agus le héilliú.

Toisc í a bheith folaitheach, is deacair a scála ná a luach a mheas ach tá fianaise ann gur fadhb mhór í atá ag fás i gcónaí. Is iomaí tír ina bhfuil lománaíocht neamhdhleathach chomh forleathan céanna, nó níos forleithne fiú, ná an lománaíocht dhleathach. Is fadhb í an lománaíocht neamhdhleathach san Eoraip freisin cé nach rátaí suntasacha atá i gceist.

Cuireann an lománaíocht neamhdhleathach go mór le dífhoraoisiú ar bhonn domhanda, rud a dhéanann dochar ollmhór don chomhshaol. Is é an dífhoraoisiú is cúis le tuairim is 20% d'astaíochtaí gás ceaptha teasa ar bhonn domhanda (níos airde ná iomlán na n-astaíochtaí domhanda ó earnáil an iompair) agus cuireann sé go mór le cailliúint na bithéagsúlachta.

Lena chois sin, baineann an lománaíocht neamhdhleathach an bonn d'iomaíochas na n-oibríochtaí foraoise dlisteanacha sna tíortha allmhairíochta agus onnmhairíochta agus cailleann na rialtais ioncam nach beag dá deasca. Baineann sí an bonn d'fhorlámhas an dlí agus de phrionsabail an rialachais dhaonlathaigh, is bac ar an bhforbairt inbhuanaithe í i gcuid mhaith tíortha atá i mbéal forbartha agus is féidir coinbhleacht armtha a mhaoiniú aisti. Is lú a thuigtear iarmhairt shóisialta na lománaíochta neamhdhleathaí. Mar sin féin, tá fianaise dhoiciméadaithe le fáil faoi threascairt ar chearta an duine.

Cuireann an tAontas Eorpach tús le tionscnaimh agus tacaíonn sé le tionscnaimh ar bhonn leanúnach ar an leibhéal náisiúnta, an leibhéal réigiúnach agus an leibhéal idirnáisiúnta chun an tiomantas a mhéadú agus an obair a threisiú maidir le haghaidh a thabhairt ar an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar. Tá an Coimisiún Eorpach agus go leor Ballstát gníomhach in a lán tionscnamh den saghas sin, amhail próisis réigiúnacha FLEG. Tá an Coimisiún i mbun comhráite déthaobhacha agus iltaobhacha le tríú tíortha i bhfóraim iltaobhacha amhail Fóram na Náisiún Aontaithe ar Fhoraoisí, an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Adhmad Trópaiceach agus i gcainteanna déthaobhacha le tíortha móra tomhaltais adhmaid amhail na Stáit Aontaithe, an tSín, an Rúis agus an tSeapáin, chun plé a dhéanamh ar an bhfadhb. Baineann an Coimisiún leas as idirbheartaíochtaí leanúnacha i gcomhair Comhaontuithe Comhpháirtíochta agus Comhair agus i gcomhair Comhaontuithe Saorthrádála chun an cheist maidir le caomhnú foraoisí agus bainistíocht inbhuanaithe foraoise a tharraingt anuas, lena n-áirítear an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar.

Sa Teachaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle in 2003, mhol an Coimisiún Eorpach go gcuirfí Plean Gníomhaíochta AE i bhfeidhm i ndáil le Forghníomhú an Dlí, Rialú agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) [1] le tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire. Tionscnamh é seo atá i gcomhréir go hiomlán le gealltanas Choimisinéir Nielson in 2002 le linn an Chruinnithe Mullaigh Dhomhanda ar an bhForbairt Inbhuanaithe agus leis an dlús atá curtha leis na próisis réigiúnacha a d'eagraigh an Banc Domhanda, go háirithe an cruinniú ardleibhéil ar Fhorghníomhú an Dlí agus Rialú i dtaca le Foraoisí (FLEG) a tionóladh in Bali in 2001.

Leagtar amach le Plean Gníomhaíochta FLEGT an AE sraith beart, lena n-áirítear, inter alia, tacaíocht do na tíortha táirgthe adhmaid, iarrachtaí chun an comhoibriú iltaobhach a fhorbairt d'fhonn cur in aghaidh na trádála in adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach, tionscnaimh de chuid na hearnála príobháidí mar aon le bearta d'fhonn an infheistíocht i ngníomhaíochtaí a spreagann an lománaíocht neamhdhleathach a chosc agus adhmad cogaíochta.

Ba ghné lárnach í scéim ceadúnúcháin FLEGT i bPlean Gníomhaíochta FLEGT an AE, lena bhfianófaí trí cheadúnas (FLEGT) gurbh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta iomchuí a lománaíodh an t-adhmad arna onnmhairiú isteach san AE ó thíortha rannpháirteacha. Chuige sin, ghlac an Chomhairle in 2005 Rialachán FLEGT [2] lena mbunaítear creat dlíthiúil i gcomhair adhmad a thionscnaíonn i dtíortha comhpháirtíochta a allmhairiú isteach san AE agus thug sí an t-údarás don Choimisiún dul i mbun idirbheartaíochta leis na tíortha táirgthe agus leis na heagraíochtaí réigiúnacha a raibh curtha in iúl acu gur shuim leo Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha FLEGT (VPAnna FLEGT) a dhéanamh leis an AE.

Go dtí Deireadh Fómhair 2008 tá cúig thír – an Mhalaeisia, an Indinéis, Camarún, Congó (Brazzaville) agus Gána – i mbun idirbheartaíochta leis an AE faoina leithéid de chomhaontú, agus tá comhairliúcháin neamhfhoirmiúla ar siúl le roinnt tíortha táirgthe eile a bhfuil a suim sa phróiseas curtha in iúl acu. Cuireadh tús leis an gcéad chomhaontú dá leithéid i mí Mheán Fómhair, comhaontú a rinneadh le Gána. Mar sin féin, i ngeall ar an achar ama is gá chun VPA a chur chun feidhme agus ar an bpriacal go dtiocfaí timpeall orthu nó go dtarlódh sciúradh, ní leor iad na VPAnna amháin le tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí.

D'aithin an Coimisiún, i bPlean Gníomhaíochta FLEGT, gurbh fhéidir go roghnódh roinnt tíortha móra táirgthe adhmaid gan VPA FLEGT a dhéanamh leis an AE agus, dá bhrí sin, in éagmais dul chun cinn iltaobhach nó i ngeall ar an achar ama a ghlacann an dul chun cinn sin, gur cheart don AE bearta breise a ghlacadh chun an lománaíocht neamhdhleathach a chomhrac ar leibhéal domhanda, lena n-áirítear reachtaíocht d'fhonn allmhairí adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach a chosc san AE. Rinne an Coimisiún tiomantas go n-athbhreithneofaí roghanna den saghas sin agus tá an tiomantas sin meabhraithe, ó shin i leith, ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i rúin fhoirmiúla [3] agus i gconclúidí [4].

San idirthréimhse tá obair mhór déanta ag na Ballstáit, ag an gCoimisiún, ag meithleacha smaointe agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha féachaint conas is fearr is féidir tabhairt faoin bhfadhb. Agus torthaí na hoibre cuimsithí seo curtha san áireamh aige, sheol an Coimisiún, ag deireadh na bliana 2006, measúnú ar líon beart breise. Tá achoimre déanta ar thorthaí an phróisis seo i dtuarascáil phoiblí ón gCoimisiún.

Ag cur thorthaí an mheasúnaithe sin san áireamh, tá an Coimisiún den tuairim gur gá beartas an AE a neartú maidir leis an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar a chomhrac. In éagmais cur chuige comhchuibhithe, tá sé tugtha le fios ag roinnt mhaith Ballstát go gcuirfidh siad bearta náisiúnta i gcrích. Is léir ón taithí a fuarthas go dtí seo, áfach, go bhféadfadh gníomh ar an leibhéal náisiúnta bac a chur le saorghluaiseacht earraí agus an iomaíocht a shaobhadh ar an margadh inmheánach. Creideann an Coimisiún, dá bhrí sin, go bhfuil gá le gníomh ar leibhéal an Chomhphobail. D'fhonn é seo a dhéanamh, táthar ag moladh Rialachán lena sainaithneofaí oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar mhargadh an Chomhphobail.

Ní fhágfaidh an Rialachán atá beartaithe nach bhféadfar gníomh Comhphobail a dhéanamh chun dífhoraoisiú agus cailliúint na bithéagsúlachta a chomhrac trí bhearta eile a úsáid, amhail, mar shampla, critéir inbhuanaitheachta a leagan síos maidir le bithmhais.

· Na forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Tá cur síos iomlán tugtha sa mhéid roimhe seo ar na forálacha atá ann cheana.

· Comhsheasmhacht le beartais agus le haidhmeanna eile an Aontais

An beartas um athrú aeráide: Tá méadú tagtha ar fheasacht daoine, le blianta beaga anuas, ar an ról fíorthábhachtach atá ag na foraoisí i dtimthriall carbóin an domhain, áit a stóráiltear tuairim is leath de charbón talúnda an domhain. Ar an bhfeasacht sin, go háirithe, tá comhdhearcadh atá ag éirí níos coitianta anois de réir a chéile, is é sin murar féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an dífhoraoisithe, nach mbeidh sé indéanta teorainn 2°C os cionn na teochta réamhthionsclaíche a chur leis an téamh domhanda; agus nach bhféadfar leas a bhaint as na sochair a thiocfaidh as iarrachtaí an AE chun an t-athrú aeráide a chomhrac.

Tá an lománaíocht neamhdhleathach ar cheann de na cúiseanna díreacha le dífhoraoisiú agus baineann sí an bonn de rialú na bhforaoisí agus de bhainistíocht inbhuanaithe foraoise, dhá ábhar atá thar a bheith riachtanach ionas go mbeidh éifeacht leis na bearta ar chóir a bhunú faoin gComhaontú Idirnáisiúnta um an Aeráid tar éis 2012 agus a chuirfear i bhfeidhm in earnáil na foraoiseachta.

Déanann na táirgí adhmaid ísealchostais a bhíonn mar thoradh ar an lománaíocht neamhdhleathach dochar freisin d'oibreoirí adhmaid san Eoraip agus dá bhfostaithe. Tá sé mar aidhm leis an togra seo troid in aghaidh na faidhbe seo agus an iomaíocht a chothromú do lucht tionscail agus do na hoibrithe.

Tá aidhm an togra seo i gcomhréir le haidhmeanna straitéiseacha an Choimisiúin, agus leis na prionsabail 'rialáil níos fearr', go háirithe d'fhonn bearta éifeachtacha éifeachtúla agus leibhéal ard cinnteachta maidir leis an dlí a chur ar fáil ar fud an AE, cur ar chumas na n-oibreoirí a bheith níos dinimiciúla gan ualach suntasach breise a chur orthu, agus ar an gcaoi seo treisiú le creidiúnacht an Chomhphobail i measc na saoránach.

Díríonn an togra seo, i gcomhréir le Plean Gníomhaíochta FLEGT, ar cheist na dlíthiúlachta amháin agus ní thugtar aghaidh ann ar an inbhuanaitheacht. Mar sin féin, tá reachtaíocht na foraoiseachta bunaithe ar phrionsabal na bainistíochta inbhuanaithe foraoise in a lán tíortha agus, ar an dóigh sin, níl an dlíthiúlacht ar leithligh go hiomlán ón inbhuanaitheacht. Lena chois sin, ós rud é go ndíríonn an togra seo ar fhorghníomhú dlí níos fearr agus ar rialú níos fearr a spreagadh bheadh sé ina chéim mhór ar aghaidh i dtreo na hinbhuanaitheachta, go háirithe i dtíortha a ndéanann an lománaíocht neamhdhleathach difear dóibh. Rinneadh cuspóirí an togra seo a mheas faoi chuimsiú na Straitéise um Fhorbairt Inbhuanaithe a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach i Meitheamh 2006 agus faoi chuimsiú an Athbhreithnithe Straitéisigh Eorpaigh ar Fhuinneamh a thíolaic an Coimisiún don Chomhairle Eorpach in Eanáir 2007. Ba cheart go mbeadh an togra agus aon bhearta cur chun feidhme ag teacht leis na cuspóirí seo.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

Reáchtáladh próiseas leathan comhairliúcháin idir mí na Nollag 2006 agus mí an Mheithimh 2008, a chuimsigh comhairliúchán poiblí ar an ngréasán agus go leor cruinnithe le páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún measúnú iarmharta ar na roghanna beartais a bhí á moladh, agus foilsíodh tuarascáil dá bharr.

Ar dtús breathnaíodh ar cheithre rogha:

Rogha 1: Treisiú leis an gcur chuige déthaobhach trí bhíthin Comhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha (VPA) FLEGT.

De réir an rogha seo, ba thosaíocht é don Chomhphobal cur chun feidhme na VPAnna a neartú. Ní bheadh aon éifeacht mhór ag an bpróiseas seo, áfach, mura ndéanfadh na tíortha táirgthe, na tíortha idirthurais agus na tíortha próiseála go léir VPAnna FLEGT, nó mura dtiocfadh tionscnamh iltaobhach dá bharr. Meastar go bhfuil an chéad cheann díobh seo dodhéanta agus gur beag an seans atá ag an dara ceann.

Rogha 2: Bearta deonacha na hearnála príobháidí a chur chun cinn

De réir an rogha seo thacódh an Comhphobal le neartú bhearta na hearnála príobháidí, amhail cód iompraíochta agus scéimeanna deimhniúcháin foraoise - thabharfadh sé aitheantas dóibh sna VPAnna FLEGT, mar shampla, nó dhéanfadh sé oibleagáid den bhallraíocht i gcónaidhm, nó thacódh sé le bearta ar nós dreasachtaí airgeadais nó rialála.

Tá cóid iompraíochta tugtha isteach ag cónaidhmeanna trádála adhmaid agus ag comhlachtaí trádála adhmaid a fhorbraíonn beartais ceannaigh fhreagracha agus a thugann comhairle dá mbaill faoi na beartais sin. Tá scéimeanna príobháideacha deimhniúcháin bunaithe chun caighdeáin a shocrú sa bhainistíocht foraoise agus chun foraoisí, táirgí agus/nó a mbainisteoirí a chreidiúnú de réir na gcaighdeán sin. Cé go bhfuil fiúntais ag baint leis na tionscnaimh seo, amhail fiúntas solúbthachta, spreagadh láidir agus dea-chothromaíocht idir costas agus éifeachtacht, tá dúshlán láidir tugtha dá gcreidiúnacht agus dá n-inbhuanaitheacht le blianta beaga anuas i ngeall gur ar bhonn deonach a dhéantar iad ó nádúr, go bhfuil easpa monatóireachta ar a gcur chun feidhme agus easpa pionós i gcás neamhchomhlíonta.

Rogha 3: Bearta teorann chun allmhairiú adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach a chosc

De réir an rogha seo dhearbhófaí go mbeadh sé neamhdhleathach faoi dhlí an Chomhphobail táirgí adhmaid a thagann ó lománaíocht neamhdhleathach a allmhairiú agus bheadh allmhairiú adhmaid isteach sa Chomhphobal ag brath ar chruthúnas dlíthiúlachta. Bheadh an toirmeasc agus an ceanglas i bhfeidhm maidir leis na tíortha go léir, beag beann ar an tionchar atá acu ar thrádáil adhmaid a lománaíodh go neamhdhleathach. Tharlódh an tseiceáil comhlíonta ag teorainn an AE, bunaithe ar dhoiciméadacht a thabharfadh dlíthiúlacht an adhmaid le fios.

Faoin rogha seo, bhraithfeadh an Comhphobal ar an mbonn tuisceana nach dtarlaíonn an lománaíocht neamhdhleathach ach lasmuigh de theorainneacha an AE agus, dá bhrí sin, go mbeadh ról láidir ag bearta trádála sa chomhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí. Léiríonn an rogha seo go bhfuil deacrachtaí ag baint leis maidir le comhoiriúnacht le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) (idirdhealú sa tslí ina gcaitear le hoibreoirí adhmaid) agus maidir le comhréireacht.

Rogha 4: Toirmeasc ar adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar mhargadh an AE

Faoin rogha seo bheadh sé mídhleathach adhmad neamhdhleathach nó táirgí a dhéantar as adhmad den saghas sin a chur ar mhargadh an AE. Bheadh feidhm ag an rogha seo maidir le táirgí foraoise allmhairithe agus le táirgí foraoise arna dtáirgeadh san AE araon.

D'fhéadfaí cur chuige seo ar dhá shlí:

Rogha 4A: Reachtaíocht a thoirmiscfeadh trádáil in adhmad agus i dtáirgí as adhmad a lománaíodh mar shárú ar dhlíthe na tíre tionscnaimh nó a thoirmiscfeadh iad a bheith i do sheilbh

De réir an rogha seo thoirmiscfí adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar mhargadh an AE. Toisc gurbh ar na gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin a bheadh sé an neamhdhleathacht a chruthú, ní iarrfaí ar na hoibreoirí a gcomhlíonadh a chruthú ach nuair a chuirfí forrán orthu.

Dhíreodh an rogha seo i ndáiríre ar chásanna ardriosca agus bheadh dreasacht ann do na hoibreoirí adhmad a bhfuil cruthúnas leordhóthanach maidir lena dhlíthiúlacht ag dul leis a fhoinsiú. Mar sin féin, bheadh deacrachtaí móra ann maidir leis an rogha seo a chur chun feidhme ós rud é gur mhór an obair a bheadh ann an neamhdhleathacht bhunaidh a thaispeáint mar is casta iad slabhraí soláthair na dtáirgí adhmaid, a shíneann thar roinnt mhaith tíortha agus oibreoirí agus bheadh ar chúirteanna Eorpacha breithniú a thabhairt ar sháruithe a tharlódh i dtríú tíortha, ag tabhairt airde ar reachtaíocht na dtíortha sin. Ina theannta sin, ní thabharfadh sé an chinnteacht a theastaíonn ó thaobh an dlí le go bhfeidhmeodh an margadh mar ba cheart.

Tá an rogha seo cosúil leis na forálacha a cuireadh isteach leis an leasú i dtaobh na lománaíochta neamhdhleathaí in Acht Lacey sna Stáit Aontaithe, a faomhadh an 2 Meitheamh 2008 lena gcuirtear plandaí agus crainn a gearradh nó a leagadh go neamhdhleathach lasmuigh de na Stáit Aontaithe faoi chuimsiú na cosanta sin.

Rogha 4B: Reachtaíocht a fhorálann nach féidir ach adhmad agus táirgí as adhmad a lománaíodh go dleathach a chur ar an margadh

De réir an rogha seo, ní fhéadfaí adhmad ná táirgí adhmaid a chur ar an margadh sa Chomhphobal gan dlíthiúlacht a bheith cruthaithe ag an oibreoir. Chun críocha forghníomhaithe, áfach, bheadh gá le doiciméadacht i scríbhinn a thíolacadh ina gclúdófaí gach lastas faoi seach i gcás cruthúnais dá leithéid agus, dhá thoradh, bheadh baol ann go gcruthódh an rogha seo córas fadálach, costasach a chuirfeadh isteach ar thrádáil.

Go pointe áirithe, bhraithfeadh an rogha seo ar chur chuige cosúil leis an gcur chuige ar a bhfuil cur síos déanta i rogha 3; bheadh ar na hoibreoirí fianaise dhoiciméadach a thabhairt ar dhlíthiúlacht gach lastais adhmaid agus gach lastais táirgí adhmaid faoi seach a chuirtear ar fáil ar mhargadh an AE, beag beann ar a dtionscnamh. Chaithfí fianaise dá leithéid a thabhairt arna iarraidh sin nó ar bhonn córasach agus, chun críocha forghníomhaithe, bheadh sí i bhfoirm doiciméadachta ag cruthú dlíthiúlachta.

Is é an tátal a bhí ar an measúnú ar na ceithre rogha dhifriúla atá leagtha amach thuas go raibh míbhuntáistí suntasacha ag baint le gach rogha acu a chuirfeadh srian lena n-éifeachtúlachta. I ngeall ar an gcuma shonrach atá ar an lománaíocht neamhdhleathach tá gá le cur chuige nua ina gcuirfí struchtúr earnáil iomlán an adhmaid san áireamh, lena ndíreofaí ar athrú córasach iompraíocht na n-oibreoirí agus na gcustaiméirí agus ar chórais a chur chun cinn a bhainfeadh go sonrach leis an earnáil seo trína gcuirfí cosc ar adhmad neamhdhleathach agus ar tháirgí adhmaid neamhdhleathacha teacht isteach ar mhargadh an Chomhphobail. Agus na cuspóirí seo á mbreithniú, tháinig rogha úrnua chun cinn.

Rogha 5: Reachtaíocht a éilíonn dícheall cuí ó na hoibreoirí go léir a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar mhargadh an Chomhphobail

Éilítear leis an rogha seo go ndéanfaidh na hoibeoirí a ndícheall cuí chun deimhin a dhéanamh a mhéad is féidir leo gur de thionscnamh dleathach an t-adhmad nó na táirgí adhmaid a chuireann siad ar mhargadh an Chomhphobail. Braitheann sé go mór ar an bprionsabal gur chóir go dtacódh straitéis éifeachtach le córais láidre a fhorbairt arna gceapadh chun adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a dhíbirt ó mhargadh an Chomhphobail.

Buntáiste mór atá ag baint leis an rogha sin, go mbeidh claonadh dá bharr an foinsiú a dhéanamh i dtíortha ag a bhfuil cleachtais iontaofa bainstíochta foraoise, go háirithe na tíortha sin a chomhaontaigh VPA FLEGT leis an AE, mar tugann ceadúnas FLEGT leibhéal ard cinnteachta maidir le dlíthiúlacht na dtáirgí adhmaid lena mbaineann. Tá na costais seo i gcomhréir leis an ngá atá ann go bhfeabhsódh an Comhphobal éifeachtacht a bheartais in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire. Le himeacht ama bainfidh na hoibreoirí leas freisin as díbirt na dtáirgí adhmaid neamhdhleathacha ón margadh.

Thabharfadh an rogha seo le tuiscint go gcuirfidh na hoibreoirí atá folaithe aige córais agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun deimhin a dhéanamh a mhéad is féidir leo nach gcuirfidh siad ar mhargadh an AE ach adhmad agus táirgí as adhmad a lománaíodh go dleathach.

· Comhairliúchán Poiblí

Reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar an ngréasán go luath sa bhliain 2007. Bhí an comhairliúchán ag iarraidh tuairimí faoin ngá a bhí le bearta bheartais an AE, faoina n-oiriúnacht is a n-indéantacht, d'fhonn tabhairt faoi fhadhb an adhmaid neamhdhleathaigh agus na dtáirgí adhmaid neamhdhleathacha ar mhargadh na hEorpa. Ní bhfuarthas tuairimí ach faoi na chéad cheithre rogha ós rud é gur forbraíodh rogha 5 mar fhreagairt ar an measúnú tosaigh. Cé nár mhór iad na freagraí maidir lena líon (93 aighneacht), is maith a shásaigh siad an Coimisiún maidir leis an ábhar is le héagsúlacht dearcaidh. Fuair an Coimisiún 7,161 ríomhphost freisin trí fheachtas a sheol Greenpeace, is é sin 'Ban illegal timber'.

Dar le bunáite na bhfreagróirí, níor leor an éifeacht a bhí ag cur chuige déthaobhach FLEGT le tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí. Cheap siad freisin go bhféadfadh scéimeanna deonacha eile ón earnáil phríobháideach creat an chórais a neartú. Dar le cuid de na freagróirí, áfach, d'fhéadfaí díriú ar na réimsí ba mhó priacal maidir leis an lománaíocht neamhdhleathach, ach na bearta seo a chomhcheangal. Ba mhian le cuid nár bheag de na freagróirí go gcuirfeadh an AE deireadh leis an dearcadh 'status quo' agus go mór mór aon lúb ar lár i gcóras VPA FLEGT a chur ina ceart. Tríd is tríd, bhí na freagraí seo i bhfabhar reachtaíocht a dhéanamh cé nár thaobhaigh siad go soiléir le haon rogha ar leith. Tá an tuarascáil a thugann achoimre ar thorthaí an chomhairliúcháin le fáil ag http://www.cc.cec/dgintranet/env/i/e2/doc/pdf_docs/forests/AddlOptionsSynthFinal.pdf

· Staidéir Náisiúnta

Ina cuid conclúidí d'iarr an Chomhairle ar na Ballstáit gach "faisnéis chuí" a thabhairt don Choimisiún faoi mar ab fhéidir an reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana a úsáid chun an trádáil in adhmad a táirgeadh agus a trádáladh go neamhdhleathach a chosc. Rinne cuid mhaith de na Ballstáit an anailís a iarradh orthu. Tugann an anailís le creidiúint gur féidir rudaí áirithe a dhéanamh d'fhonn tabhairt faoin lománaíocht neamhdhleathach ar bhonn na reachtaíochta atá ann, e.g. na dlíthe faoin ngoid agus faoi gháinneáil earraí a goideadh, faoi sciúradh airgid, éilliú nó smuigleáil.

· Comhairliúchán le tríú tíortha

Reáchtáladh comhairliúcháin le cuid mhaith comhpháirtithe idirnáisiúnta. Reáchtáladh cruinnithe ar leibhéal ard le hallmhaireoirí móra adhmaid eile, e.g. an tSín, an tSeapáin agus na Stáit Aontaithe. Eagraíodh cruinnithe le tíortha atá i mbun idirbheartaíochta leis an gComhphobal faoi Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha FLEGT (e.g. an Mhalaeisia, an Indinéis, Gána agus Camarún) chomh maith le roinnt tíortha onnmhairíochta adhmaid eile (an Rúis, an Bhrasaíl) agus tíortha ar shuim leo VPA a phlé leis an AE.

· Tuarascáil ar an Measúnú Iarmharta

Tá tuarascáil curtha ar fáil ag an gCoimisiún a mheasann na hiarmhairtí comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a bheadh ar na roghanna beartais éagsúla laistigh agus lasmuigh den AE. Is féidir teacht ar an tuarascáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht Comhshaoil an Choimisiúin Eorpaigh. Tá gnólacht sainchomhairliúcháin fostaithe ar chonradh ag an gCoimisiún le staidéar a dhéanamh, a áireofar ina thuarascáil nuair a bheidh sé déanta.

· Comhairliúcháin ad hoc

Mar chuid den mheasúnú iarmharta chuathas i gcomhairle le páirtithe leasmhara i gceardlanna nó trí agallaimh. Iarradh ar na páirtithe leasmhara na roghanna breise a rangú ón gceann ab fhearr go dtí an ceann ba mheasa. Toisc nach raibh Rogha 5 forbartha fós, ba ar na ceithre cinn a bhí le fáil ag an am a iarradh tuairimí.

Nuair a forbraíodh Rogha 5, reáchtáil seirbhísí an Choimisiúin roinnt cruinnithe leis na páirtithe leasmhara chun buntáistí agus míbhuntáistí an mhodha oibre seo a phlé. Tríd is tríd ba mhaith mar a glacadh le Rogha 5. Ach níor aontaigh gach páirtí díobh faoinar cheart go mbainfeadh sé le hadhmad a táirgeadh taobh istigh den AE mar is beag an lománaíocht neamhdhleathach a dhéantar san AE. Saincheist eile a tháinig aníos ab ea praiticiúlacht maidir le ceanglais reachtaíochta a chur i bhfeidhm ar bhonn teicniúil maidir le táirgí ilchodacha cé go raibh bunáite na bpáirtithe leasmhara ar son mhodha oibre ar aon réim, a chinnteodh cothrom na Féinne do gach gníomhaire ar mhargadh an adhmaid.

Ba chúis imní do chuid díobh freisin nach dtoirmisctear le Rogha 5 adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach ná táirgí a dhéantar as adhmad den saghas sin a chur ar an margadh ach ina ionad sin go n-éilítear ar na hoibreoirí adhmaid cúram cuí a léiriú trína áirithiú nach gcuirfidh siad adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach ar an margadh. Mar sin féin, aithníodh go bhfuil an acmhainn ag na bearta atáthar a mholadh, trí mhuinín a chur sna hoibreoirí freagracha, athruithe fadtéarmacha agus infheidhmithe a spreagadh ar mhargadh adhmaid an AE agus sa chaoi sin go bhféadfaidh siad réitigh fheabhsaithe a chur ar fáil d'fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire.

3. EILIMINTÍ AN TOGRA

· Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Díríonn an togra ar an gcéad uair a chuirtear adhmad agus táirgí adhmaid ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail, beag beann ar a dtionscnamh, trí oibleagáidí na n-oibreoirí sin a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar mhargadh an Chomhphobail a chinneadh. Tá sé bunaithe ar phrionsabal an díchill chuí a chuireann de cheangal ar na hoibreoirí atá folaithe aige córas a chur i bhfeidhm (córas an díchill chuí) chun an riosca maidir le hadhmad agus le táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar mhargadh an Chomhphobail a íoslaghdú. Tá bearta agus nósanna imeachta ar áireamh i gcóras an díchill chuí a chuirfidh na hoibreoirí ar a gcumas an t-adhmad agus na táirgí adhmaid a rianú siar, teacht ar fhaisnéis a bhaineann le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme agus bainistíocht a dhéanamh ar an riosca adhmad nó táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar mhargadh an Chomhphobail. Díríonn na bearta atá beartaithe ar oibreoirí a dhíspreagadh adhmad agus táirgí adhmaid a chur ar mhargadh an Chomhphobail mura bhfuil dearbhú réasúnach acu maidir lena ndlíthiúlacht agus, ar an gcaoi sin, cuirfear leis na hiarrachtaí domhanda sa chomhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí. Tugann siad cinnteacht freisin do thomhaltóirí nach bhfuil siad ag cur le fadhb na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire trí adhmad agus táirgí adhmaid a cheannach.

Is tábhachtach a thabhairt faoi deara nach ionann dícheall cuí agus dualgas morálta amháin cúram a dhéanamh de ach ceanglas dlí ar mhaithe le hiompraíocht réamhghníomhach. Cuireann sé oibleagáid ar na hoibreoirí críonnacht, breithiúnas agus gníomh dearfach a léiriú chun dlíthiúlacht an adhmaid nó na dtáirgí adhmaid a théann isteach i slabhra an tsoláthair a fhionnadh d'fhonn an riosca maidir le hadhmad agus táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar mhargadh an Chomhphobail a íoslaghdú.

Sainítear an dlíthiúlacht ar bhonn reachtaíocht thír na lománaíochta maidir le bainistíocht foraoise, baint adhmaid agus trádáil adhmaid.

Glactar leis gur bhfuarthas go dleathach an t-adhmad agus na táirgí adhmaid atá folaithe ag ceadúnas FLEGT nó ag cead CITES.

Is féidir leis na hoibreoirí ar cheart dóibh córas an díchill chuí a chur i bhfeidhm córas a fhorbairt ar a dtionscnamh féin nó brath ar chóras aitheanta díchill chuí ós rud é go bhforáiltear leis an togra d'aitheantas a thabhairt do chórais an díchill chuí arna bhforbairt ag eagraíochtaí monatóireachta. Ciallaíonn sé seo, cé go leagtar amach go soiléir leis na prionsabail a chaithfear a chur san áireamh agus córas an díchill chuí á chur i bhfeidhm, go dtugtar leis an togra seo an tsolúbthacht do na hoibreoirí na meicníochtaí a roghnú chun an toradh a theastaíonn a bhaint amach.

Is éifeachtúlacht agus soiléire maidir leis na hoibleagáidí dlí iad na treoirphrionsabail atá sa Rialachán atá beartaithe. Tá freagracht ar na hoibreoirí an riosca a bhaineann le hadhmad agus táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar an margadh a íoslaghdú trí chóras beart agus nósanna imeachta a úsáid. Tá príomheilimintí an chórais seo leagtha amach sa togra. Leagfar síos mionsonraí breise trí bhearta cur chun feidhme ionas go n-éascófar an cur chun feidhme, go háirithe maidir leis na critéir a aithint chun a chinneadh go bhfuil ardriosca nó ísealriosca ann go gcuirfear adhmad agus táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach ar mhargadh an Chomhphobail. Ba cheart na prionsabail seo a leanas a urramú agus na bearta cur chun feidhme sin á leagan síos: an gá le haon ualach neamhriachtanach ar na hoibreoirí a sheachaint; cothromaíocht idir na costais ar oibreoirí agus na sochair d'oibreoirí atá folaithe ag an Rialachán seo; an gá leis an tsolúbthacht riachtanach a urramú agus na bearta cur chun feidhme á gcur i bhfeidhm; an gá le hoibreoirí beaga a chur in oiriúint do na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo a éascú. Trína aithint go mbraitheann cur chun feidhme éifeachtúil na mbeart atá beartaithe ar bhearta forlíontacha a ghlacadh, ní thosófar é a chur i bhfeidhm go dtí go mbeidh na bearta sin glactha.

Ní fhéadfaidh an cur chuige is cuimsithí feidhmiú go héifeachtúil gan tiomantas agus gan dlúthchomhoibriú na bpáirtithe uile a bhfuil baint acu leis an gcur chun feidhme. Maidir leis na gnéithe go léir a bhaineann leis an togra seo tá sé ríthábhachtach dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara, an lucht tionscail agus an tsochaí shibhialta go háirithe, chun go gcinnfear na slite is fearr maidir lena chur chun feidhme trí chreat struchtúrtha d'idirphlé agus de chomhroinnt faisnéise.

· Bunús dlí

Baineann forálacha an Rialacháin seo le cosaint an chomhshaoil. Dá réir sin is é Airteagal 175(1) den Chonradh a chuireann an bunús dlí cuí ar fáil.

· Rogha na hionstraime

Is rialachán an ionstraim atá beartaithe mar tá gá le rialachán le gur féidir an comhchuibhiú is fearr a bhaint amach agus le nach mbeidh caighdeáin éagsúla ann sna Ballstáit seachas a chéile.

· Prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta

Tá feidhm le prionsabal na coimhdeachta mar nach bhfuil an togra faoi réir inniúlacht eisiach an Chomhphobail.

Tá neart fianaise ann gur gníomhaíocht mhór í an lománaíocht neamhdhleathach a dhéanann dochar nach beag don chomhshaol agus a chuireann le cailliúint na bithéagsúlachta, a bhaineann an bonn de chumas iomaíochta na n-oibreoirí dlisteanacha i dtionscal na foraoiseachta agus a bhfuil dlúthbhaint aici leis an éilliú, leis an gcoirpeacht eagraithe agus le coinbhleachtaí foréigneacha. Is é aidhm an togra seo an riosca maidir le go dtiocfaidh adhmad neamhdhleathach agus táirgí adhmaid neamhdhleathacha isteach ar mhargadh an Chomhphobail a íoslaghdú, trí bhíthin sraithe oibleagáidí a leagfaí ar oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar mhargadh an Chomhphobail. Cé gur beag an méid lománaíochta neamhdhleathaí a tharlaíonn san AE agus in éagmais ceanglas Comhphobail maidir le hadhmad agus táirgí adhmaid arna dtáirgeadh san AE a mhargú, beidh feidhm ag an rialachán atá beartaithe maidir le hoibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid arna dtáirgeadh taobh istigh den AE ar an margadh chomh maith. Is é an neamh-idirdhealú an treoirphrionsabal atá leis an togra chun cur chuige cuimsitheach agus comhtháite a áirithiú agus chun easaontas le rialacha trádála idirnáisiúnta a sheachaint. Is é croílár bheart seo an Chomhphobail atáthar a mholadh go leagfar na hoibleagáidí céanna ar na hoibreoirí go léir a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar mhargadh an Chomhphobail. Leis an gcur chuige rioscabhunaithe is féidir an t-ualach riaracháin ar na hoibreoirí a laghdú agus an rialú a dhíriú níos fearr ar chásanna a léiríonn go bhfuil riosca ard ag baint leo. Shimpleodh an comhchuibhiú atá beartaithe ceanglais na n-oibreoirí agus ar an gcaoi sin spreagfaí an t-iomaíochas agus is fearr a thuigfeadh na tomhaltóirí na caighdeáin atá i bhfeidhm. Ina theannta sin, thabharfadh an córas an chinnteacht a theastaíonn ó thaobh an dlí le go bhfeidhmeodh an margadh mar ba cheart.

Rinneadh meastacháin, mar chuid den mheasúnú iarmharta, ar na costais a bhainfeadh leis na roghanna éagsúla. Tá na costais d'allmhaireoirí agus do tháirgeoirí an AE faoin rialachán atá beartaithe íseal i gcomparáid leis na roghanna eile a fiosraíodh sa mheasúnú iarmharta. Is tábhachtach a thabhairt faoi deara go dtugann an togra seo aird ar na cleachtais reatha san earnáil phríobháideach maidir le dearbhú ó thaobh dlíthiúlachta agus go n-urramaíonn sé na meicníochtaí atá ann cheana. Tá cuid de na costais folaithe cheana, dá bhrí sin, trí na córais atá ann cheana.

Tá sé áitithe nach dtiocfadh de bharr beart a bhaineann le hallmhairiú adhmaid agus táirgí adhmaid ach an trádáil a shraonadh go margaí neamh-idirdhealaitheacha. Ach is gníomhaire mór é an AE ar stáitse an domhain agus ba chomhartha soiléir agus ba shampla don chuid eile den domhan é tionscnamh dá leithéid ar a thiomantas don chomhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí, chailliúint na bithéagsúlachta agus athrú aeráide, lena spreagfaí a samhail de bhearta i dtíortha móra tomhaltais eile.

I bhfianaise na n-eilimintí seo, bheadh údar le bearta an AE agus bheidís i gcomhréir leis an bhfadhb.

4. IARMHAIRT DON BHUISÉAD

Tá iarmhairtí teoranta airgeadais ag an togra seo do bhuiséad an Chomhphobail chun críoch riaracháin.

5. CLÁSAL ATHBHREITHNITHE /ATHCHEARTAITHE/ÉAGA

Ní fholaítear clásal athbhreithnithe sa togra seo.

6. SIMPLIÚ

Níl eilimint simplithe ag baint leis an togra mar ní théann sé i bhfeidhm ar reachtaíocht atá ann cheana.

7. AISGHAIRM

Ní aisghairtear leis an togra reachtaíocht atá ann cheana.

8. ATHMHÚNLÚ

Níl athmhúnlú i gceist sa togra.

9. TÁBLA COMHGHAOIL

N/A mar ní theastaíonn táblaí comhghaoil ach i gcás treoracha.

10. AN LIMISTÉAR EORPACH EACNAMAÍOCH (LEE)

Tá baint ag an togra le hábhar LEE agus ba cheart go gcuimseodh sé an Limistéar Eacnamaíoch Eorpach dá réir.

2008/0198 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 175(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [5],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún [7],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh [8],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Soláthraíonn na foraoiseacha réimse leathan éagsúil sochar comhshaoil, eacnamaíoch agus sóisialta, lena n-áirítear táirgí foraoise adhmaid agus neamhadhmaid agus seirbhísí comhshaoil.

(2) Is mó i gcónaí is cúis imní an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar, de bharr éileamh meádaitheach a bheith ar adhmad agus ar tháirgí adhmaid ar fud an domhain agus, lena chois sin, de dheasca na n-easnamh rialála agus institiúideach atá in earnáil na foraoiseachta i roinnt tíortha táirgthe adhmaid.

(3) Is cúis mhór imní ar an leibhéal idirnáisiúnta fadhb fhorleatach seo na lománaíochta neamhdhleathaí. Is contúirt nach beag í do na foraoiseacha óir géaraíonn sí ar phróiseas an dífhoraoisithe, atá freagrach as tuairim is 20% de na hastaíochtaí CO2, cuireann sí an bhithéagsúlacht i mbaol agus baineann sí na cosa de bhainistíocht inbhuanaithe foraoise agus d'fhorbairt inbhuanaithe foraoise. Lena chois sin fágann sí iarmhairtí sóisialta, polaitiúla agus eacnamaíocha.

(4) I dTeachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi Phlean Gníomhaíochta an AE i ndáil le Forghníomhú an Dlí, Rialú agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) beartaíodh sraith beart chun tacú leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta d'fhonn tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire [9].

(5) Mar gur aithin siad an gá a bhí ann go gcuirfeadh an Comhphobal leis na hiarrachtaí domhanda d'fhonn tabhairt faoi fhadhb na lománaíochta neamhdhleathaí, d'fháiltigh an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa roimh an Teachtaireacht sin.

(6) I gcomhréir le haidhm na Teachtaireachta sin, is é sin le rá, a áirithiú nach dtagann isteach sa Chomhphobal ach earraí adhmaid arna dtáirgeadh de réir reachtaíocht náisiúnta na tíre táirgthe, tá an Comhphobal i mbun idirbheartaíochta le tíortha táirgthe adhmaid (tíortha comhpháirtíochta) faoi Chomhaontuithe Comhpháirtíochta Deonacha (VPA), lena gcuirtear ceangal dlíthiúil ar na páirtithe scéim ceadúnúcháin a chur chun feidhme agus an trádáil san adhmad agus sna táirgí adhmaid a shainaithnítear sna Comhaontuithe a rialáil.

(7) I bhfianaise mhórscála agus phráinn na faidhbe, is gá tacú go gníomhach leis an gcomhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire, tionscnamh VPA a chomhlánú agus a neartú agus na sineirgí a fheabhsú idir na beartais arb aidhm dóibh na foraoiseacha a chaomhnú agus leibhéal ard cosanta comhshaoil a bhaint amach, lena n-áirítear an comhrac in aghaidh athrú aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta.

(8) Ba cheart go dtabharfaí aitheantas d'iarrachtaí na dtíortha a bhfuil VPA FLEGT déanta acu leis an gComhphobal agus do na prionsabail atá san áireamh iontu, go mór mór maidir leis an sainmhíniú ar adhmad a táirgeadh go dleathach. Ba cheart go gcuirfí san áireamh freisin nach n-onnmhairítear isteach sa Chomhphobal faoi scéim ceadúnúcháin FLEGT ach adhmad agus táirgí as adhmad a lománaíodh i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta chuí. Chuige sin, ba cheart go nglacfaí leis gur as adhmad a lománaíodh go dleathach na táirgí adhmaid atá liostaithe in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle an 20 Nollaig 2005 maidir le scéim ceadúnúcháin FLEGT a bhunú i gcás allmhairí adhmaid isteach sa Chomhphobal Eorpach [10], arb i dtíortha comhpháirtíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle a thionscnaíonn siad, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an Rialachán sin agus aon fhorálacha cur chun feidhme.

(9) Ba cheart aird a thabhairt freisin go gceanglaítear leis an gCoinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) ar na páirtithe sa Choinbhinsiún gan cead onnmhairíochta CITES a dheonú ach amháin i gcás go ndéantar speiceas atá liostaithe in CITES a fháil, inter alia, i gcomhréir leis an reachtaíocht náisiúnta sa tír onnmhairíochta. Chuige sin, ba cheart go nglacfaí leis gur as adhmad a lománaíodh go dleathach na táirgí adhmaid ar de speicis atá liostaithe in Iarscríbhinní A, B agus C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 ón gComhairle an 9 Nollaig 1996 maidir le speicis fauna agus flora fiáine a chosaint trí thrádáil iontu a rialú [11] é an t-adhmad iontu, ar choinníoll go gcomhlíonann siad an Rialachán sin agus aon fhorálacha cur chun feidhme.

(10) Toisc an lománaíocht neamhdhleathach a bheith chomh casta maidir leis na tosca bunúsacha agus na hiarmhairtí, ba cheart díriú ar iompraíocht na n-oibreoirí d'fhonn buntáistí na hiompraíochta neamhdhleathaí a laghdú.

(11) In éagmais sainmhínithe atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta ba cheart go mbeadh reachtaíocht na tíre inar lománaíodh an t-adhmad mar bhunús maidir leis an lománaíocht neamhdhleathach a shainmhíniú.

(12) Téann a lán táirgí adhmaid trí phróisis éagsúla sula gcuirtear ar an margadh iad den chéad uair nó tar éis iad a chur ar an margadh den chéad uair. Ionas nach gcuirfear ró-ualach riaracháin ar na hoibreoirí ní bheidh ach na hoibreoirí sin a chuirfidh adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh den chéad uair faoi réir na gceanglas atá leagtha síos sa Rialachán seo, in ionad na n-oibreoirí go léir a bhfuil baint acu leis an slabhra dáileacháin.

(13) Tá an cuspóir foriomlán maidir le hinbhuanaitheacht a bhaint amach, trí chritéir inbhuanaitheachta a chur chun cinn, fós ina thosaíocht ag an gComhphobal. I bhfianaise an chuspóra seo agus chun an t-ualach a laghdú do na hoibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hadhmad agus le táirgí adhmaid atá faoi réir critéar inbhuanaitheachta éigeantach arna leagan síos le Treoir (CE) Uimh. XX/XX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur ar aghaidh [12].

(14) Ba cheart go ndéanfadh na hoibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar mhargadh an Chomhphobail den chéad uair a ndícheall cuí trí chóras beart agus nósanna imeachta (córas an díchill chuí) chun an riosca a bhaineann le hadhmad agus le táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar an margadh a íoslaghdú.

(15) Ba cheart go dtabharfadh córas an díchill chuí rochtain ar fhoinsí adhmaid agus táirgí adhmaid agus ar sholáthraithe adhmaid agus táirgí adhmaid atá á gcur ar mhargadh an Chomhphobail agus ar fhaisnéis maidir le comhlíonadh na reachtaíochta is infheidhme.

(16) Tá earnáil an adhmaid thar a bheith tábhachtach do gheilleagar an Chomhphobail. Tá ról tábhachtach ag eagraíochtaí na n-oibreoirí san earnáil mar is ionadaithe leasanna na hearnála iad ar scála leathan agus bíonn teagmháil acu le raon éagsúil páirtithe leasmhara. Tá an saineolas agus an inniúlacht freisin ag na heagraíochtaí anailís a dhéanamh ar reachtaíocht ábhartha agus comhlíonadh na reachtaíochta a éascú dá mbaill, ar choinníoll nach n-úsáideann siad an inniúlacht seo d'fhonn ceannas a fháil ar an margadh. D'fhonn cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú agus cur le forbairt an dea-chleachtais, is ceart aitheantas a thabhairt d'eagraíochtaí atá tar éis ceanglais a fhorbairt d'fhonn córais an díchill chuí a chur i gcrích. Cuirfear liosta na n-eagraíochtaí a bhfuil aitheantas faighte acu dá réir sin ar fáil go poiblí agus cinnteoidh sé go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát go léir aitheantas a thabhairt do na heagraíochtaí monatóireachta atá liostaithe ann.

(17) Ba cheart do na húdaráis inniúla deimhin a dhéanamh de go gcomhlíonann na hoibreoirí na hoibleagáidí atá leagtha síos sa Rialachán seo. Chuige sin, ba cheart do na húdaráis inniúla seiceálacha oifigiúla a dhéanamh, agus ceangal a chur ar na hoibreoirí bearta ceartaitheacha a dhéanamh más gá.

(18) Ba cheart do na húdaráis inniúla taifid a choinneáil de na seiceálacha agus achoimre a chur ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain phoiblí ar fhaisnéis ar an gcomhshaol [13].

(19) Toisc an lománaíocht neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar a bheith chomh hidirnáisiúnta sin, ba cheart do na húdaráis inniúla comhoibriú le chéile agus le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus/nó leis an gCoimisiún.

(20) Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go bpionósófar aon sárú ar an Rialachán seo agus go mbeidh na pionóis éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

(21) Ba cheart na bearta atá riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [14].

(22) Ba cheart, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun córas an díchill chuí a chur i bhfeidhm agus, go háirithe, critéir a ghlacadh chun an riosca maidir le hadhmad a lománaíodh go neamhdhleathach agus táirgí a rinneadh as an adhmad sin a chur ar an margadh a mheasúnú, critéir a leagan síos chun aitheantas a thabhairt do chórais an díchill chuí arna bhforbairt ag eagraíochtaí monatóireachta agus liosta na n-adhmad agus na dtáirgí adhmaid maidir lena bhfuil feidhm ag an Rialachán seo a leasú i gcás go mbeadh gá ag saintréithe teicniúla, úsáidí deiridh nó próisis táirgthe adhmaid nó táirgí adhmaid le hathruithe den saghas sin. Toisc go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní mór iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(23) Le cur ar chumas na n-oibreoirí agus na n-údarás inniúil iad féin a ullmhú d'fhonn ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach tar éis dhá bhliain tar éis dó teacht i bhfeidhm.

(24) Toisc nach féidir leis na Ballstáit aidhm an Rialacháin seo a bhaint amach mar ba cheart, eadhon an creat beartais atá ann cheana a chomhlánú agus a chur i dtaca agus tacú leis an gcomhrac in aghaidh na lománaíochta neamhdhleathaí agus na trádála gaolmhaire, agus toisc gur fearr is féidir fadhb ar mhórscála mar seo a réiteach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Is éard a leagtar síos leis an Rialachán seo oibleagáidí na n-oibreoirí a chuireann adhmad agus táirgí adhmaid ar an margadh.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn 'adhmad agus táirgí adhmaid' an t-adhmad agus na táirgí adhmaid atá liostaithe san Iarscríbhinn cé is moite d'adhmad agus de tháirgí adhmaid atá faoi réir critéar inbhunaitheachta éigeantach arna leagan síos le Treoir (CE) Uimh. XX/XX;

(b) ciallaíonn 'cur ar an margadh' adhmad nó táirgí adhmaid a sholáthar ar mhargadh an Chomhphobail den chéad uair chun críche dáilte nó chun críche úsáide le linn gníomhaíochta tráchtála, cibé acu ar íocaíocht nó saor in aisce;

(c) ciallaíonn 'oibreoir' duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith a chuireann adhmad nó táirgí adhmaid ar an margadh;

(d) ciallaíonn 'a lománaíodh go dleathach' gur lománaíodh é i gcomhréir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtír na lománaíochta;

(e) ciallaíonn 'bainistíocht riosca' foireann beart agus nósanna imeachta arna ndéanamh ag na hoibreoirí d'fhonn an riosca maidir le hadhmad agus le táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar an margadh a mheasúnú;

(f) ciallaíonn 'reachtaíocht is infheidhme' reachtaíocht thír na lománaíochta lena rialaítear caomhnú foraoise agus bainistíocht foraoise agus lománaíocht adhmaid mar aon le reachtaíocht ar thrádáil adhmaid nó ar thrádáil táirgí adhmaid a bhaineann le caomhnú foraoise agus bainstíocht foraoise agus le lománaíocht adhmaid;

(g) ciallaíonn 'tír na lománaíochta' an tír inar lománaíodh an t-adhmad nó inar lománaíodh an t-adhmad ar cuid de tháirge adhmaid é;

(h) ciallaíonn 'eagraíocht monatóireachta' eintiteas dlíthiúil nó comhlachas nó cónaidhm atá bunaithe ar bhallraíocht agus a bhfuil an inniúlacht dhlíthiúil aige/aici monatóireacht a dhéanamh ar an tslí a gcuireann na hoibreoirí a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil córais an díchill chuí in úsáid acu na córais sin i bhfeidhm agus chun a áirithiú go gcuirfidh siad na córais sin i bhfeidhm.

Airteagal 3

Oibleagáidí na n-oibreoirí

1. Déanfaidh na hoibreoirí a ndícheall cuí d'fhonn an riosca maidir le hadhmad agus le táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar an margadh a íoslaghdú. Chuige sin, bainfidh siad leas as creat nósanna imeachta agus beart, dá ngairfear 'córas an díchill chuí' anseo feasta.

2. Bunóidh na hoibreoirí córas an díchill chuí ina mbeidh eilimintí dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó úsáidfidh siad córas díchill chuí eagraíochta monatóireachta aitheanta dá dtagraítear in Airteagal 5(1).

3. Glacfar leis, chun críocha an Rialacháin seo, gur lománaíodh go dleathach an t-adhmad sna táirgí adhmaid atá liostaithe in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 arb i dtíortha comhpháirtíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 a thionscnaíonn siad, agus a chomhlíonann an Rialachán sin agus a fhorálacha cur chun feidhme.

4. Glacfar leis, chun críocha an Rialacháin seo, gur as adhmad a lománaíodh go dleathach iad na táirgí adhmaid ar de speicis atá liostaithe in Iarscríbhinní A, B agus C a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 338/97 é an t-adhmad iontu agus a chomhlíonann an Rialachán sin agus a fhorálacha cur chun feidhme.

Airteagal 4

Córais an díchill chuí

1. Déanfaidh córas an díchill chuí dá dtagraítear in Airteagal 3(1) an méid seo a leanas:

(a) tabharfaidh sé rochtain ar an bhfaisnéis seo a leanas faoin adhmad agus faoi na táirgí adhmaid a chuireann an t-oibreoir ar an margadh:

(i) cuntas orthu;

(ii) tír na lománaíochta;

(iii) méid agus/nó meáchan;

(iv) ainm agus seoladh an oibreora a sholáthair an t-adhmad nó na táirgí adhmaid, nuair is iomchuí;

(v) faisnéis faoi chomhlíonadh cheanglais na reachtaíochta is infheidhme;

(b) beidh nós imeachta bainistíochta riosca ar áireamh ann agus

(c) déanfar foráil d'iniúchtaí inmheánacha lena áirithiú go gcuirfear córas an díchill chuí i bhfeidhm go héifeachtúil.

2. Glacfaidh an Coimisiún bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme. Leagfaidh an Coimisiún síos, go háirithe, critéir lena measúnófar cibé an bhfuil nó nach bhfuil riosca ann maidir le hadhmad agus le táirgí as adhmad a lománaíodh go neamhdhleathach a chur ar an margadh.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 5

Aitheantas d'eagraíochtaí monatóireachta

1. Tabharfaidh na húdaráis inniúla aitheantas d'eagraíochtaí monatóireachta a dhéanann iarratas ar aitheantas dá leithéid, más rud é go gcomhlíonann an eagraíocht monatóireachta na ceanglais seo a leanas:

(a) beidh pearsantacht dhlítheanach aici;

(b) beidh córas an díchill chuí bunaithe aici ina mbeidh na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 4(1);

(c) cuirfidh sí dualgas ar na hoibreoirí a bheidh deimhnithe aici córais díchill chuí na heagraíochta a úsáid;

(d) beidh meicníocht mhonatóireachta i bhfeidhm aici lena áirithiú go n-úsáidfidh na hoibreoirí a córais díchill chuí i gcás ina bhfuil sé deimhnithe aici go bhfuil a córais díchill chuí in úsáid acu;

(e) cuirfidh sí bearta araíonachta iomchuí i bhfeidhm ar aon oibreoir deimhnithe nach gcomhlíonann córas díchill chuí na heagraíochta monatóireachta.

2. Cuirfidh an eagraíocht monatóireachta an fhaisnéis seo a leanas isteach lena hiarratas ar aitheantas agus cuirfidh sí iad faoi bhráid údaráis inniúil:

(a) a reacht;

(b) ainmneacha na ndaoine atá údaraithe gníomhú thar a ceann;

(c) cuntas mionsonraithe ar a córas díchill chuí.

3. Cinnfidh na húdaráis inniúla cibé ar cheart nó nár cheart aitheantas a thabhairt d'eagraíocht monatóireachta laistigh de thrí mhí ón dáta ar a gcuireann an eagraíocht monatóireachta an t-iarratas isteach.

Déanfaidh siad seiceálacha ar bhonn rialta lena chinntiú go bhfuil na heagraíochtaí monatóireachta ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha síos i mír 1.

4. Tarraingeoidh údarás inniúil siar aitheantas eagraíochta monatóireachta más rud é go suitear nach bhfuil na ceanglais atá leagtha síos i mír 1 á gcomhall a thuilleadh.

5. Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra don Choimisiún laistigh de dhá mhí maidir le haon chinneadh faoi aitheantas eagraíochta monatóireachta a thabhairt, a dhiúltú nó a tharraingt siar.

6. Glacfaidh an Coimisiún bearta chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 6

Liosta na n-eagraíochtaí monatóireachta

Foilseoidh an Coimisiún liosta na n-eagraíochtaí monatóireachta a bhfuil aitheantas faighte acu ó na húdaráis inniúla in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, sraith C, agus cuirfidh sé ar fáil é ar a shuíomh gréasáin. Tabharfar an liosta suas chun dáta go rialta.

Airteagal 7

Bearta monatóireachta

1. Déanfaidh na húdaráis inniúla seiceálacha lena dheimhniú go bhfuil na hoibreoirí ag comhlíonadh na gceanglas atá leagtha amach in Airteagal 3(1) agus (2) agus Airteagal 4(1).

2. Tabharfaidh na hoibreoirí gach cúnamh is gá le gur féidir na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 a fheidhmiú go héasca.

3. Tar éis na seiceálacha dá dtagraítear i mír 1 féadfaidh na húdaráis inniúla iarraidh ar an oibreoir bearta ceartaitheacha a dhéanamh.

Airteagal 8

Na seiceálacha a thaifeadadh

1. Coinneoidh na húdaráis inniúla taifid de na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1), ag tabhairt le fios, go háirithe, cineál agus torthaí na seiceálacha, lena n-áirítear aon bhearta ceartaitheacha a iarradh a dhéanamh. Coinneofar taifead de gach seiceáil ar feadh 10 mbliana ar a laghad.

2. Cuirfear achoimre de na taifid dá dtagraítear i mír 1 ar fáil don phobal i gcomhréir le Treoir 2003/4/CE.

Airteagal 9

Comhoibriú

1. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla le chéile, le húdaráis riaracháin tríú tíortha agus leis an gCoimisiún d'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

2. Malartóidh na húdaráis inniúla faisnéis faoi thorthaí na seiceálacha dá dtagraítear in Airteagal 7(1) leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile agus leis an gCoimisiún.

Airteagal 10

Údaráis inniúla

1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil amháin nó níos mó a bheidh freagrach as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit ainmneacha agus seoltaí na n-údarás inniúil in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 20XX ar a dhéanaí. Cuirfidh na Ballstáit aon athrú ar ainmneacha nó ar sheoltaí na n-údarás inniúil in iúl don Choimisiún.

2. Cuirfidh an Coimisiún liosta na n-údarás inniúil ar fáil go poiblí.

Airteagal 11

Coiste

1. Beidh an Coiste um Thrádáil Adhmaid, dá ngairfear 'an Coiste' anseo feasta, de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Aon áit a dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Airteagal 12

Leasuithe

Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-adhmad agus na dtáirgí adhmaid atá leagtha amach san Iarscríbhinn a leasú, ag cur saintréithe teicniúla, úsáidí deiridh agus próiseas táirgthe sna áireamh.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 11(2).

Airteagal 13

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Caithfidh na pionóis a leagfar amach a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh na Ballstáit na forálacha sin in iúl don Choimisiún faoin 31 Nollaig 20XX agus cuirfidh siad aon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh in iúl dó gan mhoill.

Airteagal 14

Tuairisciú

1. Roimh an 30 Aibreán gach dara bliain tar éis an dáta ar a gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm cuirfidh na Ballstáit tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le linn an dá bhliain roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin.

2. Ar bhonn na dtuarascálacha sin tarraingeoidh an Coimisiún suas tuarascáil le cur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach dara bliain.

Airteagal 15

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón […] [15].

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN – Adhmad agus táirgí adhmaid mar atá aicmithe san Ainmníocht Chomhcheangailte atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle [16], maidir lena bhfuil feidhm ag an Rialachán seo

1. Na táirgí atá leagtha amach in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2173/2005 ón gComhairle, maidir lena bhfuil feidhm ag scéim ceadúnúcháin FLEGT;

2. Laíon agus páipéar i gCaibidlí 47 agus 48 den Ainmníocht Chomhcheangailte (AC), cé is moite de tháirgí atá déanta as bambú agus táirgí (fuíll agus draimh) aisghafa;

3. Troscán adhmaid ag a bhfuil cód AC 9403 30, 9403 40, 9403 50 00, 9403 60 agus 9403 90 30;

4. Foirgnimh réamhdhéanta ag a bhfuil cód AC 9406 00 20;

5. Connadh, ina spreotaí, ina bhilléid, ina chipíní, ina bhrosna, nó i bhfoirmeacha dá samhail; adhmad ina shliseanna nó ina cháithníní; min sáibh agus fuíolladhmad agus dramhadhmad, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe i bhfoirm spreotaí, brícíní, millíní nó foirmeacha dá samhail ag a bhfuil cód AC 4401;

6. Táirgí siúinéireachta agus cearpantóireachta, lena n-áirítear painéil cheallacha adhmaid, painéil urláir (cóimeáilte), slinnte adhmaid (shingles and shakes), adhmad (lena n-áirítear stiallacha agus fríosanna d'urláir iontlaise, nach bhfuil cóimeáilte) atá dealbhaithe (teangaithe, eitrithe, céimnithe, seaimféaráilte, V-siúntáilte, feirbthe, múnlaithe, maolaithe nó a leithéid) feadh ceann nó níos mó dá imill, dá chinn nó dá éadain, bíodh nó ná bíodh sé plánáilte, greanáilte, nó ceannsiúntáilte ag a bhfuil cód AC 4418;

7. Clár cáithníní, clár sliseog treoshuite (OSB) agus clár adhmaid dá leithéid, bíodh nó ná bíodh sé ceirtleánaithe le roisíní nó le táthshubstaintí orgánacha eile ag a bhfuil cód AC 4410;

8. Clár snáithíneach adhmaid nó ábhar adhmadúil eile, bíodh nó ná bíodh sé nasctha le roisíní nó le substaintí orgánacha eile ag a bhfuil cód AC 4411;

9. Adhmad dlúite, ina bhloic, ina phlátaí, ina stiallacha nó ina chruthanna próifíle ag a bhfuil cód AC 4413 00 00;

10. Frámaí adhmaid do phictiúir, do ghrianghraif, do scátháin nó d'earraí eile adhmaid den sórt sin ag a bhfuil cód AC 4414 00;

11. Cásanna, boscaí, cliathbhoscaí, drumaí agus pacáistithe dá samhail, déanta as adhmad; drumaí cáblaí, déanta as adhmad; pailléid, pailléid i bhfoirm bosca agus cláir ualaigh eile, déanta as adhmad; coiléir phailléid, déanta as adhmad; cónraí ag a bhfuil cód AC 4415;

12. Cascaí, bairillí, dabhcha, tobáin agus táirgí cúipéara eile agus codanna díobh, déanta as adhmad, lena n-áirítear na cláir, ag a bhfuil cód AC 4416 00 00.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí)

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Gníomhaíochtaí gaolmhara:

0703 – Cur chun feidhme an bheartais chomhshaoil

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh:

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

N/A

3.3. Tréithe buiséadacha (is féidir sraitheanna breise a chur isteach más gá):

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

| | | | | | |

4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain 2014 | Bliain 2015 | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil [17] | | | | | | | | |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | | | | | | | |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | | b | | | | | | | |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha [18] | | | | |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | | | | | | | |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN | | | | | | | |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | | a+c | | | | | | | |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | | b+c | | | | | | | |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha [19] | | |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0.334 | 0.334 | 0.334 | 0.334 | 0.334 | 0.334 | 2.004 |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.732 |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | a+c+d+e | 0.456 | 0.456 | 0.456 | 0.456 | 0.456 | 0.456 | 2.736 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | b+c+d+e | 0.456 | 0.456 | 0.456 | 0.456 | 0.456 | 0.456 | 2.736 |

Sonraí an Chómhaoinithe

Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

…………………… | f | | | | | | | |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | | | | | | | |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh [20] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

| | Roimh an ngníomhaíocht [bliain n-1] | | Staid tar éis na gníomhaíochta |

Líne Buiséid | Ioncam | | | [Bliain n] | [n+1] | [n+2] | [n+3] | [n+4] | [n+5] [21] |

| a) Ioncam mar ghlanfhigiúr | | | | | | | | |

| b) Athrú san ioncam | | | | | | | | |

4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach ar na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Riachtanais Bhliantúla | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | | | | | | |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreat le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach)

Bainistiú láraithe

ag an gCoimisiún go díreach

go hindíreach trína tharmligean chuig:

gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

leis na Ballstáit

le Tríú tíortha

Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Barúlacha ábhartha:

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

7. Bearta frith-chalaoise

8. Sonraí na nacmhainní

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

(Ba chóir Ceannteidil na gcuspóirí, na ngníomhaíochta agus na n-aschur a thabhairt) | Saghas aschuir | Meánchostas | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

| | | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh.1 [22]… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Gníomhaíocht 1……… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Aschur 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

Aschur 2 | | | | | | | | | | | | | | | | |

Gníomhaíocht 2……… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Aschur 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán Chuspóir 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 2… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Gníomhaíocht 1……… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Aschur 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán Chuspóir 2 | | | | | | | | | | | | | | | | |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. n | | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán Chuspóir n | | | | | | | | | | | | | | | | |

COSTAS IOMLÁN | | | | | | | | | | | | | | | | |

8.2. Caiteachas Riaracháin

8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna

Cineálacha post | | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE) |

| | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain 2014 | Bliain 2015 |

Oifigigh nó foireann shealadach [23] (XX 01 01) | A*/AD | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 |

| B*, C*/AST | 0.5 | 0.5 | 0.5 | 0.5 | 0.5 | 0.5 |

Foireann arna maoiniú [24] ag Airteagal XX 01 02 | | | | | | |

Foireann eile [25] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 | | | | | | |

IOMLÁN | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 | 1.5 |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht

Ar na cúraimí tá forálacha cur chun feidhme a dhréachtú agus cruinnithe a bhainistiú.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

Poist réamh-leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid(uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

1. Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) | | | | | | | |

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin [26] | | | | | | | |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | | | | | | | |

- intra muros | | | | | | | |

- extra muros | | | | | | | |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | | | | | | | |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain 2014 | Bliain 2015 |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 |

Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.)(sonraigh an líne sonrach buiséid) | | | | | | |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 | 0.234 |

Ríomh – Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha |

|

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 |

|

8.2.6. Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagarthaEUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

| Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain 2014 | Bliain 2015 | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin | 0.002 | 0.002 | 0.002 | 0.002 | 0.002 | 0.002 | 0.012 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | | | | | | | |

XX 01 02 11 03 -Coistí [27] | 0.120 | 0.120 | 0.120 | 0.120 | 0.120 | 0.120 | 0.72 |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin | | | | | | | |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise | | | | | | | |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.732 |

3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | | | | | | | |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.732 |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha |

Amhail ó 2010 2 mhisean in aghaidh na bliana ar chostas EUR 1,000 an ceann.Cruinnithe an Choiste Rialúcháin arna bhunú faoin Rialachán (costas aonaid:30,000 € in aghaidh an chruinnithe) 4 huaire sa bhliain. |

[1] COIM 251, 21.5.2003.

[2] IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

[3] Doiciméad ón gComhairle 7014/04.

[4] Conclúidí ón gComhairle 268/2003, lch.1.

[5] IO C , , lch. .

[6] IO C , , lch. .

[7] IO C , , lch. .

[8] IO C , , lch. .

[9] COIM(2003) 251, 21.5.2003.

[10] IO L 347, 30.12.2005, lch. 1.

[11] IO L 61, 3.3.1997, lch. 1.

[12] *nóta don IO: tagairt le cur isteach nuair a bheidh an gníomh glactha.

[13] IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

[14] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[15] Nóta don IO: dhá bhliain tar éis an dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

[16] Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 256, 7.9.1987, lch. 1).

[17] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[18] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[19] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

[20] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[21] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana.

[22] Mar a thuairiscítear i Mír 5.3.

[23] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[24] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[25] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

[26] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta Feidhmiúcháin/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[27] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

--------------------------------------------------

Top