EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R2675

Rialachán (AE) 2023/2675 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Samhain 2023 maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha

PE/34/2023/REV/1

IO L, 2023/2675, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2675/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2675/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2023/2675

7.12.2023

RIALACHÁN (AE) 2023/2675 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Samhain 2023

maidir leis an Aontas agus a Bhallstáit a chosaint ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 3(5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ina chaidreamh leis an domhan mór, tá an tAontas lena chuid luachanna agus leasanna a chumhdach agus a chur chun cinn agus tá sé le cur le cosaint a shaoránach agus, i measc nithe eile, leis an dlúthpháirtíocht agus leis an meas frithpháirteach idir na pobail agus leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a urramú.

(2)

De bhun Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, CAE, tá gníomhaíocht an Aontais ar an ardán idirnáisiúnta le bheith bunaithe ar phrionsabail amhail an smacht reachta, an comhionannas agus an dlúthpháirtíocht, agus ar urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe agus do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta. De bhun Airteagal 21(1), an dara fomhír, CAE, tá an tAontas le réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna a chur chun cinn freisin.

(3)

De bhun Airteagail 1 agus 2 de Chairt na Náisiún Aontaithe, ceann de chuspóirí na Náisiún Aontaithe is ea caidreamh cairdiúil a fhorbairt idir náisiúin i gcomhréir le, inter alia, prionsabal an chomhionannais cheannasaigh.

(4)

Le hAirteagal 21(2) CAE, ceanglaítear ar an Aontas comhbheartais agus comhghníomhaíochtaí a shainiú agus a shaothrú, agus oibriú ar mhaithe le hardleibhéal comhair i ngach réimse den chaidreamh idirnáisiúnta, i measc nithe eile, chun a luachanna, a bhunleasanna, a neamhspleáchas agus a shláine a choimirciú, agus an smacht reachta agus prionsabail an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo.

(5)

Luaitear sa Dearbhú ar Phrionsabail an Dlí Idirnáisiúnta a bhaineann le Comhcharadra agus Comhar i measc Stát de réir Chairt na Náisiún Aontaithe, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Deireadh Fómhair 1970, go bhfuil caidreamh idirnáisiúnta le stiúradh i gcomhréir le prionsabail an chomhionannais cheannasaigh agus na neamh-idirghabhála. I ndáil leis an bprionsabal a bhaineann leis an dualgas gan idirghabháil a dhéanamh in ábhair laistigh de dhlínse baile aon Stáit, foráiltear sa Dearbhú sin freisin nach bhféadfaidh aon Stát bearta eacnamaíocha, bearta polaitiúla ná bearta d’aon chineál eile a úsáid ná a spreagadh iad a úsáid chun Stát eile a chomhéigniú chun ísliú ar fheidhmiú a cheart ceannasach a fháil uaidh agus buntáistí d’aon chineál a fháil uaidh, rud a léiríonn an dlí idirnáisiúnta gnách agus, dá bhrí sin, atá ceangailteach sa chaidreamh idir tríú tíortha, de pháirt, agus an tAontas agus a Bhallstáit, den pháirt eile. Thairis sin, léirítear rialacha an dlí idirnáisiúnta ghnách maidir le freagracht Stáit as gníomhartha éagóracha ar leibhéal idirnáisiúnta sna hAirteagail maidir le Freagracht na Stát i leith Gníomhartha Éagóracha ar Leibhéal Idirnáisiúnta (‘ARSIWA’), a ghlac Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe in 2001 ag a thríú seisiún is caoga, agus arna dtabhairt faoi deara ag Comhthionól na Náisiún Aontaithe i Rún 56/83. Tá na rialacha sin ceangailteach sa chaidreamh idir tríú tíortha, de pháirt, agus idir an tAontas agus a Bhallstáit, den pháirt eile.

(6)

Sa gheilleagar domhanda idirnasctha nua-aimseartha, cuirtear leis an riosca go mbeidh ann do chomhéigean eacnamaíoch, toisc go gcuireann sé modhanna feabhsaithe ar fáil do thíortha le haghaidh comhéigean den sórt sin, lena n-áirítear modhanna hibrideacha. Tá sé inmhianaithe go gcuirfidh an tAontas le creataí idirnáisiúnta a chruthú, a fhorbairt agus a shoiléiriú chun cásanna comhéigin eacnamaíoch a chosc agus a dhíothú.

(7)

Agus é ag gníomhú i gcónaí faoi chuimsiú an dlí idirnáisiúnta, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh ionstraim iomchuí ag an Aontas chun cosc a chur ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha agus chun cur ina aghaidh sin chun a chearta agus a leasanna féin, agus cearta agus leasanna a Bhallstát, a choimirciú. Is amhlaidh atá go háirithe nuair a chuireann tríú tíortha isteach ar roghanna ceannasacha dlisteanacha an Aontais nó Ballstáit trí bhearta a chur i bhfeidhm a dhéanann difear do thrádáil nó d’infheistíocht nó trí bhagairt a dhéanamh bearta den sórt sin a chur i bhfeidhm chun scor, modhnú nó glacadh gnímh ar leith ag an Aontas nó Ballstát a chosc nó a fháil, lena n-áirítear seasamh ó institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais nó Ballstáit a chur in iúl. Áirítear ar na bearta sin a dhéanann difear don trádáil nó don infheistíocht, ní hamháin gníomhaíochtaí a dhéantar i leith chríoch an tríú tír lena mbaineann agus a bhfuil éifeachtaí acu laistigh di, ach gníomhaíochtaí de dhéanamh tríú tír freisin, lena n-áirítear trí eintitis atá á rialú nó á stiúradh ag an tríú tír agus atá san Aontas, ar gníomhaíochtaí iad a dhéanann dochar do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas. Ba cheart go dtuigfí leis an téarma ‘tríú tír’ ní hamháin tríú Stát, ach freisin críoch chustaim ar leith nó aon chríoch eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta toisc go bhfuil eintitis den sórt sin in ann comhéigean eacnamaíoch a dhéanamh freisin. Ní bheidh aon impleacht ag úsáid an téarma sin ná ag cur i bhfeidhm an Rialacháin seo maidir le ceannasacht. Thairis sin, ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le seasamh an Aontais i ndáil leis an tríú tír lena mbaineann.

(8)

Is é is aidhm don Rialachán seo freagairt an Aontais ar an gcomhéigean eacnamaíoch a áirithiú atá éifeachtach, éifeachtúil agus tapa. Tá sé mar aidhm leis go háirithe comhéigean eacnamaíoch i leith an Aontais nó Ballstáit a dhíspreagadh agus chun cur ar chumas an Aontais, mar rogha dheiridh, gníomhú in aghaidh an chomhéigin eacnamaíoch trí bhearta freagartha de chuid an Aontais. Tá an Rialachán seo gan dochar d’ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana agus do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, agus freisin do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh fúthu atá comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, i réimse an chomhbheartais tráchtála, agus le beartais eile an Aontais.

(9)

Is féidir le comhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha díriú ar ghníomhaíochtaí beartais eachtraigh an Aontais nó Ballstáit, agus is féidir impleachtaí suntasacha a bheith ag cinneadh maidir le comhéigean eacnamaíoch a bheith ann, agus ag na freagairtí ar an gcomhéigean sin, ar an gcaidreamh le tríú tíortha. Is gá freagairtí comhsheasmhacha a áirithiú i réimsí beartais atá leithleach ach gaolmhar. Tá an Rialachán seo gan dochar do ghníomhaíocht fhéideartha de chuid an Aontais de bhun forálacha sonracha i gCaibidil 2 de Theideal V CAE, ar cheart aird chuí a thabhairt uirthi agus aon fhreagairt ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tír á meas.

(10)

Déanann comhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tír i leith Ballstáit difear do mhargadh inmheánach an Aontais agus don Aontas ina iomláine. Ní féidir leis na Ballstáit, ag gníomhú dóibh ina n-aonar, gníomhú in aghaidh comhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha trí bhearta a thagann faoi réimse an chomhbheartais tráchtála. I bhfianaise na hinniúlachta eisiaiche a thugtar don Aontas le hAirteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is é an tAontas amháin a bhfuil cead aige gníomhú. Thairis sin, is féidir nach mbeidh na Ballstáit, mar ghníomhaithe ar leith faoin dlí idirnáisiúnta, i dteideal gníomhú in aghaidh comhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha i leith an Aontais. Dá bhrí sin, is gá na modhanna chun na cuspóirí sin a bhaint amach go héifeachtach a chruthú ar leibhéal an Aontais. Tá an Rialachán seo gan dochar do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit.

(11)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, chun creat éifeachtach cuimsitheach a chruthú maidir le gníomhaíocht an Aontais in aghaidh comhéigean eacnamaíoch, is gá agus is iomchuí rialacha i ndáil le scrúdú, cinneadh agus cur in aghaidh a leagan síos maidir le comhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha. Sula ndéanfar bearta freagartha de chuid an Aontais, ba cheart scrúdú a dhéanamh ar na fíorais, cinneadh a dhéanamh an ann do chomhéigean eacnamaíoch agus, nuair is féidir sin agus ar choinníoll go bhfuil meon macánta ag an tríu tír freisin, iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach i gcomhar leis an tríú tír lena mbaineann. Aon bhearta a fhorchuireann an tAontas, ba cheart dóibh a bheith comhréireach agus níor cheart dóibh gabháil thar an díobháil arna déanamh don Aontas. Ba cheart a chur san áireamh, go háirithe, sna critéir chun bearta freagartha de chuid an Aontais a roghnú agus a dhearadh éifeachtacht na mbeart freagartha i scor den chomhéigean eacnamaíoch a spreagadh agus, i gcás ina n-iarrtar é, leigheas na díobhála don Aontas a fháil, agus an gá atá le héifeachtaí comhthaobhachta, castacht riaracháin dhíréireach agus ualaí agus costais a fhorchuirtear, go háirithe, ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais, a sheachaint nó a íoslaghdú, chomh maith le leas an Aontais. Dá bhrí sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a ghnóthú, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) CAE.

(12)

Ba cheart aon ghníomhaíocht a dhéanann an tAontas ar bhonn an Rialacháin seo a bheith comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta gnách. I measc na gcomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas agus ag na Ballstáit, is é an Comhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) cloch choirnéil an chórais trádála iltaobhaigh riailbhunaithe. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt don chóras sin, agus an Eagraíocht Dhomhanda Trádála ina chroílár, agus go n-úsáidfidh sé a chóras um réiteach díospóidí i gcás inarb iomchuí.

(13)

Faoin dlí idirnáisiúnta gnách, ceadaítear, mar a léirítear in Airteagal 22 agus Airteagail 49 go 53 de ARSIWA, faoi choinníollacha áirithe amhail comhréireacht agus réamhfhógra, frithbhearta a fhorchur, eadhon bearta a thiocfadh trasna, murach sin, ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ar pháirtí díobhálaithe i leith na tíre atá freagrach as sárú a dhéanamh ar an dlí idirnáisiúnta, agus arb é is aidhm dóibh go scoirfí den sárú nó den chúiteamh ina leith. Dá réir sin, d’fhéadfadh bearta freagartha de chuid an Aontais a bheith i gceist, de réir mar is gá, ní hamháin i mbearta atá comhsheasmhach le hoibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais, ach freisin i neamhchomhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta i leith an tríú tír lena mbaineann sa mhéid gur gníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta atá sa chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh an tríú tír. Faoin dlí idirnáisiúnta, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, tá frithbhearta le bheith ag teacht leis an díobháil a rinneadh, agus aird á tabhairt ar thromchúis an ghnímh éagóraigh ar leibhéal idirnáisiúnta agus ar na cearta atá i gceist. Ina leith sin, tuigtear faoin dlí idirnáisiúnta gurb ionann díobháil d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais laistigh den Aontas agus díobháil don Aontas nó do Bhallstát.

(14)

I gcás inar gníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta é an comhéigean eacnamaíoch, ba cheart don Aontas, i gcás inarb iomchuí, sa bhreis ar scor den chomhéigean eacnamaíoch, a iarraidh ar an tríú tír lena mbaineann aon díobháil don Aontas a leigheas, i gcomhréir le hAirteagal 31 agus Airteagail 34 go 39 de ARSIWA. I gcás ina bhfaighidh an tAontas cúiteamh as an díobháil d’oibreoirí an Aontais, féadfaidh an tAontas, i gcás inarb iomchuí agus a mhéid is féidir, a mheas go n-aistreofar an cúiteamh sin chuig oibreoirí an Aontais ar bhain caillteanais dóibh mar thoradh ar an gcomhéigean eacnamaíoch.

(15)

Toirmisctear an comhéigean faoin dlí idirnáisiúnta, agus mar sin is gníomh éagórach é, nuair a úsáideann tír bearta amhail srianta trádála nó infheistíochta chun gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht a fháil ó thír eile nach bhfuil oibleagáid ar an tír sin í a dhéanamh faoin dlí idirnáisiúnta ach gur gníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht í a thagann faoi cheannasacht na tíre sin, agus nuair a bhaineann an comhéigean tairseach cháilíochtúil nó chainníochtúil áirithe amach, ag brath ar na cuspóirí atá á saothrú agus ar na modhanna a úsáidtear araon. Ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla a chur san áireamh, ar critéir iad a chuidíonn chun a chinneadh an gcuireann an tríú tír isteach ar roghanna ceannasacha dlisteanacha an Aontais nó Ballstáit agus an ionann a gníomhaíocht agus comhéigean eacnamaíoch lena n-éileofaí freagairt ón Aontas. Ba cheart gnéithe áirithe a bheith i measc na gcritéar sin a dhéanann cruth, éifeachtaí agus aidhm na mbeart atá á gcur in úsáid ag an tríú tír a shaintréithriú agus ba cheart an saintréithriú sin a dhéanamh ar bhealach cáilíochtúil agus cainníochtúil araon. Le cur i bhfeidhm na gcritéar sin, d’áiritheofaí nach dtiocfadh faoin Rialachán seo ach comhéigean eacnamaíoch a mbeadh tionchar tromchúiseach go leor aige nó, i gcás inar bagairt atá sa chomhéigean eacnamaíoch, comhéigean eacnamaíoch a mbeadh bagairt inchreidte ann ina leith. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún agus don Chomhairle scrúdú géar a dhéanamh an bhfuil an tríú tír ag tabhairt faoi chúis dhlisteanach, toisc gurb é is cuspóir di seasamh le hábhar imní a aithnítear go hidirnáisiúnta, amhail an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chaomhnú, cearta an duine a chosaint, an comhshaol a chosaint, nó an t-athrú aeráide a chomhrac, i measc nithe eile.

(16)

Le gníomhartha tríú tíortha, tuigtear, faoin dlí idirnáisiúnta gnách, go gcuimsíonn siad gach cineál gníomhaíochta nó neamhghníomhaíochta, lena n-áirítear bagairtí, atá inchurtha i leith Stáit faoin dlí idirnáisiúnta gnách. Dearbhaítear le hAirteagal 2(a) agus Airteagail 4 go 11 de ARSIWA gur gníomh Stáit atá sa dhlí idirnáisiúnta gnách, go háirithe an méid seo a leanas: iompar aon orgáin Stáit, iompar duine nó eintitis nach orgán Stáit é ach a bhfuil sé de chumhacht aige faoi dhlí an Stáit sin gnéithe d’údarás rialtasach a fheidhmiú, iompar orgáin a chuir Stát eile ar fáil do Stát eile, iompar duine nó grúpa daoine atá ag gníomhú de réir threoracha an Stáit sin nó faoi stiúradh nó rialú an Stáit sin agus an t-iompar á dhéanamh, iompar duine nó grúpa daoine atá ag feidhmiú gnéithe den údarás rialtasach in éagmais nó i mainneachtain na n-údarás oifigiúil agus in imthosca lena n-iarrtar feidhmiú na ngnéithe sin den údarás, agus an t-iompar a aithníonn an Stáit agus a ghlacann sé é féin.

(17)

Ba cheart don Choimisiún scrúdú a dhéanamh i dtaobh an comhéigean eacnamaíoch atá i mbeart tríú tír. Ba cheart don Choimisiún scrúdú den sórt sin a dhéanamh ar bhonn faisnéis a fhaightear ó aon fhoinse iontaofa, lena n-áirítear daoine nádúrtha agus dlítheanacha, Parlaimint na hEorpa, Ballstát, nó ceardchumainn. Chun a chinneadh an gcuireann tríú tír bearta i bhfeidhm a dhéanann difear do thrádáil nó d’infheistíocht agus i dtaobh an comhéigean eacnamaíoch atá iontu, nó an mbagraíonn sí go gcuirfidh sí bearta i bhfeidhm, ba cheart measúnú an Choimisiúin agus na Comhairle a bheith bunaithe ar fhíorais.

(18)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, agus i bhfianaise chineál uathúil an chomhéigin eacnamaíoch a dhéanann difear do thrádáil agus d’infheistíocht, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Chomhairle chun a chinneadh an comhéigean eacnamaíoch atá ann agus an iomchuí leigheas i leith na díobhála don Aontas a iarraidh. Tá tabhairt na gcumhachtaí cur chun feidhme don Chomhairle teoranta do na himthosca a eascraíonn as an gcomhéigean eacnamaíoch, agus tugtar aghaidh ar na himthosca sin leis, agus ní mheasfar é mar fhasach.

(19)

Tar éis scrúdú an Choimisiúin, i gcás ina dtagann an Coimisiún ar an gconclúid gur comhéigean eacnamaíoch atá sa bheart tríú tír, ba cheart don Choimisiún togra le haghaidh gníomh cur chun feidhme a thíolacadh don Chomhairle lena gcinnfear go gcomhlíonann an beart tríú tír na coinníollacha maidir le comhéigean eacnamaíoch a bheith ann. Sa togra sin, ba cheart don Choimisiún tréimhse tháscach a áireamh freisin don Choimisiún chun a mheasúnú an bhfuil na coinníollacha maidir le glacadh beart freagartha de chuid an Aontais á gcomhlíonadh. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún togra le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle a thíolacadh freisin lena gcinnfear go n-iarrann an tAontas ar an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas. Ina theannta sin, is féidir le comhéigean eacnamaíoch tionchar a bheith aige ar an Aontas nó ar aon Bhallstát agus, ar an gcaoi sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le gníomhú go pras faoin Rialachán seo agus i gcomhréir le prionsabail an Aontais maidir le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit agus maidir le comhar dílis. Mar iarmhairt air sin, ba cheart don Chomhairle gníomhú go dlúsúil agus gach iarracht is gá a dhéanamh chun cinneadh a ghlacadh laistigh de 8 seachtaine ón dáta a chuirfidh an Coimisiún an togra isteach. Agus a cumhachtaí cur chun feidhme á bhfeidhmiú aici, ba cheart don Chomhairle gníomhú i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le comhéigean eacnamaíoch a bheith ann agus leis na critéir chun a chinneadh an iomchuí a iarraidh ar an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas.

(20)

Mar iarracht chun deireadh a chur leis an gcomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás ina n-iarrtar sin, leigheas i leith díobháil don Aontas a áirithiú, ba cheart don Aontas réiteach luath agus cóir ar an ábhar a lorg. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún deis leordhóthanach a chur ar fáil chun dul i gcomhairle leis an tríú tír lena mbaineann agus, má tá an tríú tír sin réidh chun dul i mbun comhairliúcháin de mheon macánta, ba cheart dó dul i dteagmháil léi go dlúsúil. Le linn na gcomhairliúchán sin, ba cheart don Choimisiún breathnú ar mhodhanna amhail caibidlíochtaí díreacha, an t-ábhar a chur faoi bhráid breithniú idirnáisiúnta, idirghabháil, idir-réiteach nó dea-mhéin ag tríú páirtí, gan dochar do roinnt na hinniúlachta idir an tAontas agus na Ballstáit. Go háirithe, nuair a chuireann an tríú tír an comhéigean eacnamaíoch ar fionraí agus nuair a chomhaontaíonn sí an t-ábhar a chur faoi bhráid breithniú idirnáisiúnta, ba cheart comhaontú idirnáisiúnta leis an tríú tír a thabhairt i gcrích, de réir mar is gá. D’fhéadfadh an tAontas comhaontú idirnáisiúnta den sórt sin a thabhairt i gcrích, i gcomhréir le hAirteagal 218 CFAE, nó d’fhéadfadh an Ballstát lena mbaineann é a thabhairt i gcrích.

(21)

Ba cheart don Aontas tacú agus oibriú i gcomhar le tríú tíortha dá ndéanann an comhéigean eacnamaíoch céanna nó comhéigean eacnamaíoch comhchosúil difear, nó le tríú tíortha leasmhara eile. Ba cheart don Aontas páirt a ghlacadh sa chomhordú idirnáisiúnta in aon fhóraim dhéthaobhacha, ilpháirtithe nó iltaobhacha atá oiriúnach do chomhéigean eacnamaíoch a chosc nó a dhíothú. Ba cheart don Choimisiún seasamh an Aontais a chur in iúl tar éis dó dul i gcomhairle leis an gComhairle i gcomhréir leis na Conarthaí de réir mar is infheidhme agus, i gcás inarb iomchuí, le rannpháirtíocht na mBallstát.

(22)

Is inmhianaithe go mbainfeadh an tAontas úsáid réamhghníomhach as gach modh rannpháirtíochta atá ar fáil leis an tríú tír lena mbaineann, amhail caibidlíocht, breithniú nó idirghabháil, agus nach ndéanfadh sé bearta freagartha a fhorchur ach amháin i gcás nach é an toradh a bheidh ar na modhanna sin go scoirfear go pras agus go héifeachtach den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina n-iarrfaidh an tAontas ar an tríú tír lena mbaineann é, an díobháil don Aontas a leigheas, agus i gcás inar gá beart a dhéanamh chun leasanna agus cearta an Aontais agus a Bhallstát a chosaint faoin dlí idirnáisiúnta agus má tá sé chun leas an Aontais an ghníomhaíocht sin a dhéanamh. Is iomchuí go leagtar amach sa Rialachán seo na rialacha agus na nósanna imeachta is infheidhme maidir le bearta freagartha de chuid an Aontais a fhorchur agus a chur i bhfeidhm agus go gceadaítear gníomhaíocht ghasta leis i gcás inar gá chun éifeachtacht na mbeart freagartha sin de chuid Aontais a chaomhnú.

(23)

Ba cheart bearta freagartha de chuid an Aontais arna nglacadh i gcomhréir leis an Rialachán seo a roghnú agus a dhearadh ar bhonn critéir oibiachtúla, lena n-áirítear: éifeachtacht na mbeart chun scor den chomhéigean eacnamaíoch a spreagadh agus, i gcás inarb iomchuí, an díobháil a rinne sé don Aontas a leigheas; an acmhainneacht chun faoiseamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha de chuid an Aontais a ndéanann comhéigean eacnamaíoch difear dóibh; an aidhm éifeachtaí diúltacha eacnamaíocha agus éifeachtaí eile ar an Aontas a sheachaint nó a íoslaghdú; agus ualach díréireach riaracháin agus costais dhíréireacha le linn chur i bhfeidhm na mbeart freagartha de chuid an Aontais a sheachaint. Ba cheart timpeallacht infheistíochta agus geilleagar eolasbhunaithe an Aontais a choimirciú. Tá sé fíor-riachtanach go gcuirfear leas an Aontais san áireamh agus bearta freagartha de chuid an Aontais á roghnú agus á ndearadh, lena n-áirítear, i measc nithe eile, leasanna tionscal réamhtheachtach agus iartheachtach an Aontais agus leasanna tomhaltóirí deiridh an Aontais. Agus bearta freagartha de chuid an Aontais á meas ag an gCoimisiún, ba cheart dó tús áite a thabhairt do bhearta nach mbeadh tionchar díréireach acu ar dheimhneacht dhlíthiúil agus ar intuarthacht na mbeart d’oibreoirí eacnamaíocha, agus ar riar na rialachán náisiúnta ábhartha. Agus bearta freagartha de chuid an Aontais á meas ag an gCoimisiún a dhéanann difear d’údaruithe, do chlárúcháin, do cheadúnais nó do chearta eile chun críocha gníomhaíochtaí tráchtála, ba cheart dó tús áite a thabhairt do bhearta a dhéanann difear do nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn uile-Aontais agus atá bunaithe ar reachtaíocht thánaisteach, nó, i gcás nach iomchuí na bearta sin, bearta i réimsí ina bhfuil dlí an Aontais go fairsing ann. Níor cheart do bhearta freagartha de chuid an Aontais cur isteach ar chinntí riaracháin atá bunaithe ar mheastóireacht ar fhianaise eolaíoch. Ba cheart bearta freagartha de chuid an Aontais a roghnú ó réimse leathan roghanna ionas go mbeifear in ann na bearta is oiriúnaí a ghlacadh in aon chás ar leith.

(24)

Ba cheart don Aontas a bheith in ann bearta freagartha de chuid an Aontais a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh sa chaoi go ndéanfaidh siad difear d’earnálacha, do réigiúin nó d’oibreoirí áirithe sa tríú tír lena mbaineann. Chomh maith leis sin, ba cheart don Aontas a bheith in ann bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha áirithe atá bainteach nó nasctha le rialtas an tríú tír agus a théann i mbun gníomhaíochtaí a chumhdaítear le hAirteagal 207 CFAE, nó a d’fhéadfadh dul i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Le bearta freagartha spriocdhírithe an Aontais, is féidir scor pras den chomhéigean eacnamaíoch a spreagadh, agus éifeachtaí diúltacha an chomhéigin sin ar gheilleagair na mBallstát, oibreoirí eacnamaíocha an Aontais agus tomhaltóirí deiridh an Aontais a sheachaint nó a íoslaghdú go héifeachtach.

(25)

Mar chuid de fhreagairt an Aontais chun scor an chomhéigin eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha a spreagadh, is féidir leis an gCoimisiún bearta a ghlacadh freisin de bhun ionstraimí dlíthiúla eile seachas an Rialachán seo lena dtugtar cumhachtaí sonracha don Choimisiún, mar shampla maidir le cistiú ón Aontas a dheonú nó maidir le féidearthachtaí chun rannpháirtíocht i gcreatchláir an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht a theorannú, i gcomhréir leis na nósanna imeachta is infheidhme a leagtar amach iontu. Ní dochar an Rialachán seo do rialacha agus do nósanna imeachta faoi ionstraimí dlí eile den sórt sin. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh glacadh na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn I ag teacht leis na bearta a ghlacann sé de bhun gníomhartha dlí de chuid an Aontais seachas an Rialachán seo. Go háirithe, ba cheart freagairt fhoriomlán an Aontais a bheith comhréireach agus níor cheart di gabháil thar an leibhéal díobhála don Aontas. Gan dochar d’aon oibleagáidí tuairiscithe i leith Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle dá bhforáiltear faoi ionstraimí dlí eile den sórt sin, ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a choinneáil ar an eolas maidir le gníomhaíochtaí faoi na hionstraimí sin atá sioncronaithe le bearta freagartha de chuid an Aontais.

(26)

Is iomchuí rialacha a leagan amach maidir le tionscnamh earraí nó seirbhísí agus náisiúntacht soláthraithe seirbhíse, infheistíochta agus sealbhóirí ceart maoine intleachtúla, chun na bearta freagartha de chuid an Aontais a chinneadh. Ba cheart na rialacha maidir le tionscnamh agus náisiúntacht a chinneadh i bhfianaise na rialacha atá i réim i ndáil le trádáil agus infheistíocht neamhfhabhrach is infheidhme faoi dhlí an Aontais agus faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas.

(27)

Chun scor an chomhéigin eacnamaíoch i gcás ar leith a fháil, agus, i gcás inarb iomchuí, leigheas na díobhála a rinneadh á saothrú, níor cheart go mbeadh feidhm ag bearta freagartha de chuid an Aontais ina mbeidh srianta ar infheistíocht dhíreach eachtrach nó ar thrádáil seirbhísí ach maidir le seirbhísí arna soláthar, nó infheistíochtaí díreacha arna ndéanamh, laistigh den Aontas ag duine dlítheanach amháin nó níos mó ná sin atá bunaithe san Aontas agus atá faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine ón tríú tír lena mbaineann, i gcás inar gá sin chun éifeachtacht beart freagartha de chuid an Aontais a áirithiú, agus, go háirithe, chun seachaint na mbeart nó teacht timpeall orthu a chosc. Ba cheart údar cuí a bheith leis an gcinneadh aon srianta den sórt sin a fhorchur i ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo i bhfianaise na gcritéar a shonraítear sa Rialachán seo.

(28)

Tar éis bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an gcás de chomhéigean eacnamaíoch go leanúnach, ar éifeachtacht na mbearta freagartha de chuid an Aontais agus a n-éifeachtaí ar leas an Aontais, d’fhonn na bearta freagartha de chuid an Aontais a leasú, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh dá réir sin. Dá bhrí sin, is gá na rialacha agus na nósanna imeachta chun na bearta freagartha de chuid an Aontais a leasú, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh a leagan amach, mar aon leis na himthosca ina bhfuil leasú, fionraí, nó foirceannadh na mbeart freagartha de chuid an Aontais iomchuí.

(29)

Tá sé fíor-riachtanach foráil a dhéanamh maidir le deiseanna rannpháirtíochta do gheallsealbhóirí, lena n-áirítear gnóthaí, chun bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh agus a leasú, agus, i gcás inarb ábhartha, chun iad a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh, i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar na geallsealbhóirí sin.

(30)

I bhfianaise comhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tíortha agus, go háirithe, a mhinicíocht agus déine, ba cheart don Choimisiún, chun comhleanúnachas a áirithiú le haon gníomhartha dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, pointe teagmhála aonair a sholáthar d’fheidhmiú an Rialacháin seo agus, mar iarmhairt air sin, ba cheart dó gníomhú d’fhonn a áirithiú go mbeidh an tAontas in ann an comhéigean eacnamaíoch a thuar ar bhealach níos fearr agus freagairt dó go héifeachtach.

(31)

Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfear Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go rialta agus go tráthúil maidir le forbairtí ábhartha i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, i gcás inarb iomchuí, go mbeidh deiseanna acu chun tuairimí a mhalartú leis an gCoimisiún.

(32)

Chun go bhféadfar na rialacha tionscnaimh nó náisiúntachta a choigeartú chun forbairtí ábhartha in ionstraimí idirnáisiúnta agus taithí ar chur i bhfeidhm beart faoin Rialachán seo nó gníomhartha eile de chuid an Aontais a chur san áireamh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith Iarscríbhinn II a leasú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (2). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(33)

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir le bearta freagartha de chuid an Aontais a chur chun feidhme faoin Rialachán seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(34)

Ba cheart an nós imeachta scrúdúcháin a úsáid chun bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh agus chun iad a leasú, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh ós rud é go gcinntear leis na bearta sin freagairt an Aontais ar chomhéigean eacnamaíoch a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. I bhfianaise chineál sonrach an Rialacháin seo agus na híogaireachta ar leith a ghabhann leis na bearta freagartha de chuid an Aontais, níor cheart don Choimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir le haon bhearta freagartha de chuid an Aontais i gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim uaidh maidir leis an ngníomh sin. Agus a chumhachtaí cur chun feidhme á bhfeidhmiú aige, ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar réitigh a bhfuil an tacaíocht is forleithne agus is féidir acu i measc na mBallstát agus, ag gach céim den nós imeachta, lena n-áirítear sa choiste achomhairc, ar réitigh chothroma a aimsiú agus ar dhul i gcoinne aon phríomhsheasamh idir Ballstáit a sheachaint, go háirithe maidir le hoiriúnacht dréachtghnímh cur chun feidhme.

(35)

Ba cheart don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach ar feadh tréimhse theoranta a ghlacadh más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le bearta freagartha de chuid an Aontais a leasú nó a chur ar fionraí, go n-éilítear, ar dhianfhorais práinne, gníomhaíocht bhrostaithe chun damáiste doleigheasta don Aontas nó do Bhallstát a sheachaint nó chun comhsheasmhacht leis an dlí idirnáisiúnta a áirithiú. D’fhéadfadh an ghníomhaíocht bhrostaithe sin cosc a chur ar an gcomhéigean eacnamaíoch aon damáiste eacnamaíoch a dhéanamh, nó é a dhéanamh níos measa, go háirithe d’fhonn leasanna ríthábhachtacha an Aontais nó Ballstáit a chosaint.

(36)

Aon ghníomhaíocht a dhéantar faoin Rialachán seo, lena n-áirítear bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh is infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha áirithe, tá sí le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a urramú. Thairis sin, aon phróiseáil sonraí pearsanta a dhéantar de bhun an Rialacháin seo, tá sí leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh. Aon phróiseáil sonraí a dhéanann oifigigh na mBallstát a fhaigheann faisnéis faoin Rialachán seo, táthar lena dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Táthar le próiseáil sonraí ag institiúidí an Aontais a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5).

(37)

Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar bhearta freagartha de chuid an Aontais arna nglacadh faoin Rialachán seo a mhéid a bhaineann lena n-éifeachtacht agus lena n-oibriú agus, i gcás inarb iomchuí, teacht ar chonclúidí chun críocha beart freagartha de chuid an Aontais a dhéanfar amach anseo. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an Rialachán seo tar éis dó taithí leordhóthanach a fháil maidir lena chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, agus maidir leis an ngaol atá aige ina theannta sin le beartais eile an Aontais agus le hionstraimí dlí atá ann cheana, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle (6). Ba cheart raon feidhme, feidhmiú, éifeachtúlacht agus éifeachtacht an Rialacháin seo a chumhdach leis an athbhreithniú air. Ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Tá feidhm ag an Rialachán seo i gcásanna comhéigin eacnamaíoch de dhéanamh tríú tír. Leagtar síos ann rialacha agus nósanna imeachta chun cosaint éifeachtach leasanna an Aontais agus a Bhallstát ar chomhéigean eacnamaíoch de dhéanamh tríú tír a áirithiú.

2.   Leis an Rialachán seo, bunaítear creat don Aontas chun freagairt don chomhéigean eacnamaíoch agus é mar aidhm leis comhéigean eacnamaíoch a dhíspreagadh, nó a scor a fháil, agus ag an am céanna a chur ar chumas an Aontais, mar rogha dheiridh, gníomhú in aghaidh an chomhéigin eacnamaíoch trí bhearta freagartha de chuid an Aontais.

Bunaítear leis an Rialachán seo freisin creat don Aontas chun leigheas na díobhála don Aontas a lorg, i gcás inarb iomchuí.

3.   Beidh aon ghníomhaíocht a dhéanfar faoin Rialachán seo comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta agus déanfar í i gcomhthéacs phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais.

4.   Tá feidhm ag an Rialachán seo gan dochar d’ionstraimí de chuid an Aontais atá ann cheana agus do chomhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas, agus freisin do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh fúthu atá comhsheasmhach leis an dlí idirnáisiúnta, i réimse an chomhbheartais tráchtála, agus do bheartais eile an Aontais.

5.   Ní dhéanann an Rialachán seo difear do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus a Bhallstáit mar a shainítear sna Conarthaí.

Airteagal 2

Comhéigean eacnamaíoch

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá comhéigean eacnamaíoch ann i gcás ina gcuireann tríú tír beart tríú tír i bhfeidhm, nó ina mbagraíonn sí beart tríú tír a chur i bhfeidhm, a dhéanann difear do thrádáil nó d’infheistíocht chun scor, modhnú nó glacadh gnímh ar leith ag an Aontas nó ag Ballstát a chosc nó a fháil, rud a chuireann isteach ar roghanna ceannasacha dlisteanacha an Aontais nó Ballstáit.

2.   Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil na coinníollacha i mír 1 comhlíonta, cuirfidh an Coimisiún agus an Chomhairle an méid seo a leanas san áireamh:

(a)

tréine, déine, minicíocht, fad, leithead agus méid an bhirt tríú tír, lena n-áirítear a thionchar ar chaidreamh trádála nó infheistíochta leis an Aontas, agus an brú a chuireann sé ar an Aontas agus ar Bhallstát;

(b)

an bhfuil an tríú tír i mbun patrún cur isteach a fhéachann le gníomhartha ar leith ón Aontas, ó Bhallstát nó ó thríú tír eile a chosc nó a fháil;

(c)

a mhéid a dhéanann an beart tríú tír cúngú ar cheannasacht an Aontais nó ar cheannasacht Ballstáit nó ar réimse de cheannasacht an Aontais nó ar réimse de cheannasacht Ballstáit;

(d)

an bhfuil an tríú tír ag gníomhú ar bhonn ábhar imní dlisteanach a aithnítear go hidirnáisiúnta;

(e)

an ndearna an tríú tír iarrachtaí cearta, roimh fhorchur nó cur i bhfeidhm an bhirt tríú tír, de mheon macánta, réiteach a fháil ar an gcás trí chomhordú nó breithniú idirnáisiúnta, bíodh sin déthaobhach nó laistigh d’fhóram idirnáisiúnta, agus i gcás ina ndearnadh, ar cén bealach a ndearnadh iad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘beart tríú tír’ aon ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht is inchurtha i leith tríú tír faoin dlí idirnáisiúnta;

(2)

ciallaíonn ‘gníomh ar leith’ aon ghníomh dlíthiúil nó aon ghníomh eile, lena n-áirítear seasamh a léiriú, arna dhéanamh ag institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht de chuid an Aontais, Ballstáit, nó tríú tír;

(3)

ciallaíonn ‘díobháil don Aontas’ tionchar diúltach, lena n-áirítear damáiste eacnamaíoch, ar an Aontas nó ar Bhallstát, lena n-áirítear ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais, arb é comhéigean eacnamaíoch is cúis leis;

(4)

ciallaíonn ‘tríú tír’ aon Stát, críoch chustaim ar leith nó aon chríoch eile faoi réir an dlí idirnáisiúnta, seachas an tAontas nó Ballstát;

Airteagal 4

Scrúdú a dhéanamh ar bhearta tríú tíortha

1.   Féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarraidh chuí-réasúnaithe, scrúdú a dhéanamh ar aon bheart tríú tír chun a chinneadh an gcomhlíonann sé coinníollacha Airteagal 2(1).

2.   I gcás ina scrúdaíonn an Coimisiún beart tríú tír, gníomhóidh sé go dlúsúil. Go hiondúil, ní bheidh an scrúdú níos faide ná 4 mhí.

Déanfaidh an Coimisiún an scrúdú bunaithe ar fhaisnéis réasúnaithe arna bailiú ar a thionscnamh féin nó arna fáil ó aon fhoinse iontaofa, lena n-áirítear Ballstát, Parlaimint na hEorpa, oibreoirí eacnamaíocha nó ceardchumainn.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar faisnéis rúnda i gcomhréir le hAirteagal 15, lena n-áirítear, i gcás inar gá, céannacht an duine a sholáthraíonn an fhaisnéis a chosaint.

Cuirfidh an Coimisiún uirlis shlán ar fáil don phobal d’fhonn éascú a dhéanamh ar fhaisnéis a chur faoi bhráid an Choimisiúin.

3.   Cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit ar an eolas go tráthúil faoi thús na scrúduithe agus faoi fhorbairtí ábhartha maidir le scrúduithe atá ag dul ar aghaidh ag an am sin.

4.   Lorgóidh an Coimisiún faisnéis faoi thionchar na mbeart tríú tír, i gcás inar gá.

Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar na Ballstáit an fhaisnéis sin a sholáthar agus gníomhóidh na Ballstáit i gcomhréir leis an iarraidh sin go dlúsúil.

Trí fhógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb iomchuí, trí mhodhanna oiriúnacha cumarsáide poiblí eile, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí faisnéis a chur isteach. Sonróidh an Coimisiún dáta faoina mbeidh an fhaisnéis sin le cur isteach, agus an tréimhse a shonraítear sa chéad fomhír de mhír 2 á cur san áireamh.

Má fhoilsíonn an Coimisiún fógra den sórt sin, cuirfidh sé in iúl don tríú tír lena mbaineann go bhfuil tús curtha leis an scrúdú.

Airteagal 5

Cinneadh maidir leis an mbeart tríú tír

1.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis scrúdú arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4, go gcomhlíonann an beart tríú tír coinníollacha Airteagal 2(1), déanfaidh sé togra a thíolacadh don Chomhairle le haghaidh gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear go gcomhlíonann an beart tríú tír coinníollacha Airteagal 2(1).

Sa togra sin, míneoidh an Coimisiún an chaoi a gcomhlíontar na coinníollacha sin.

Leagfar amach sa togra tréimhse tháscach don Choimisiún chun a mheasúnú an bhfuil coinníollacha Airteagal 8(1) á gcomhlíonadh. Ní bheidh an tréimhse sin níos faide ná 6 mhí ach amháin má tá gá bailí le tréimhse níos faide i bhfianaise imthosca sonracha an cháis.

2.   Sa togra dá dtagraítear i mír 1 nó i dtogra ina dhiaidh sin le haghaidh gníomh cur chun feidhme ón gComhairle, molfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, go gcinnfidh an Chomhairle go n-iarrfar ar an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas.

Beidh an measúnú i dtaobh an iomchuí a iarraidh ar an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas, bunaithe ar imthosca uile an cháis. Beidh an measúnú sin bunaithe go háirithe ar chineál agus ar mhéid an damáiste a rinneadh agus ar an oibleagáid ghinearálta faoin dlí idirnáisiúnta gnách leigheas iomlán a dhéanamh as an díobháil a rinneadh de bharr gníomh éagórach ar leibhéal idirnáisiúnta.

3.   Sula ndéanfaidh sé an togra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thíolacadh, i gcás ina mbeidh sé úsáideach chun críocha an chinnidh dá dtagraítear sa mhír sin, iarrfaidh an Coimisiún ar an tríú tír, gan dochar d’aon rannpháirtíocht leis an tríú tír lena mbaineann de bhun Airteagal 6, a barúlacha a chur isteach laistigh de thréimhse shonraithe. Beidh an tréimhse sin réasúnta agus ní chuirfidh sí moill mhíchuí ar chur isteach an togra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag an gCoimisiún.

4.   Sula ndéanfar an togra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a thíolacadh, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chonclúidí an scrúdaithe, arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 4.

5.   Glacfaidh an Chomhairle na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.

Féadfaidh an Chomhairle na tograí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a leasú, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe.

6.   Chun críocha an Airteagail seo, gníomhóidh an Chomhairle go dlúsúil.

Gníomhóidh an Chomhairle laistigh de 8 seachtaine ón dáta a dhéanfaidh an Coimisiún na tograí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thíolacadh.

De mhaolú ar an dara fomhír, féadfaidh an Chomhairle gníomhú tar éis na tréimhse 8 seachtaine sin ar choinníoll go gcuireann sí an Coimisiún ar an eolas faoin moill agus faoi na cúiseanna leis an moill sin.

Go hiondúil, ní mó an tréimhse iomlán chun go ngníomhóidh an Chomhairle ná 10 seachtaine ón tráth a dhéanfar na tograí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a thíolacadh.

I bhfeidhmiú a cumhachtaí cur chun feidhme, cuirfidh an Chomhairle Airteagal 2(1), lena leagtar amach na coinníollacha maidir le comhéigean eacnamaíoch a bheith ann, i bhfeidhm agus na critéir a leagtar amach i mír 2, an dara fomhír den Airteagal seo, agus míneoidh sí conas a chomhlíontar na coinníollacha sin agus conas a chuirtear na critéir sin i bhfeidhm.

7.   Foilseofar gníomhartha cur chun feidhme a ghlacfar de bhun an Airteagail seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

8.   Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi aon ghníomhartha cur chun feidhme arna moladh nó arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.

9.   I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, cuirfidh an Coimisiún an tríú tír ar an eolas dá réir sin agus iarrfaidh sé ar an tríú tír sin scor den chomhéigean eacnamaíoch láithreach.

10.   I gcás ina nglacfaidh an Chomhairle gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 2, iarrfaidh an Coimisiún ar an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas laistigh de thréimhse réasúnta.

Airteagal 6

Rannpháirtíocht leis an tríú tír

1.   Tar éis gníomh cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 5, tabharfaidh an Coimisiún deis leordhóthanach le haghaidh comhairliúcháin leis an tríú tír d’fhonn scor den chomhéigean eacnamaíoch a fháil agus, i gcás go n-iarrfar amhlaidh de bhun Airteagal 5(10), an díobháil don Aontas a leigheas.

I gcás ina rachaidh an tríú tír i mbun comhairliúcháin leis an Aontas de mheon macánta, rachaidh an Coimisiún i mbun na gcomhairliúchán sin go dlúsúil.

Le linn na gcomhairliúchán sin, féadfaidh an Coimisiún breathnú ar roghanna éagsúla leis an tríú tír, lena n-áirítear an méid seo a leanas:

(a)

caibidlíocht dhíreach;

(b)

an t-ábhar a chur faoi bhráid breithniú idirnáisiúnta;

(c)

idirghabháil, idir-réiteach nó dea-mhéin ag tríú páirtí chun cabhrú leis an Aontas agus leis an tríú tír ina n-iarrachtaí faoin Airteagal seo.

2.   Gan dochar do mhír 1, féachfaidh an Coimisiún le scor den chomhar eacnamaíoch a fháil tríd an ábhar a tharraingt anuas freisin in aon fhóraim idirnáisiúnta ábhartha tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir leis na Conarthaí.

3.   Tar éis bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh de bhun Airteagal 8, leanfaidh an Coimisiún de bheith toilteanach dul i gcomhairle leis an tríú tír, i gcomhar leis an bhféidearthacht aon bhearta freagartha de chuid an Aontais a chur ar fionraí de bhun Airteagal 12(2).

Airteagal 7

Comhar idirnáisiúnta

Rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán nó comhoibreoidh sé le haon tríú tír eile dá ndéanann an comhéigean eacnamaíoch céanna nó comhéigean eacnamaíoch comhchosúil difear, nó le haon tríú tír leasmhar eile, d’fhonn scor den chomhéigean eacnamaíoch a fháil, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle, i gcás inarb infheidhme i gcomhréir leis na Conarthaí.

Féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith i gceist leis na comhairliúcháin agus leis an gcomhar sin, i gcás inarb iomchuí:

(a)

faisnéis agus taithí ábhartha a chomhroinnt chun freagairt chomhleanúnach ar chomhéigean eacnamaíoch den sórt sin a éascú;

(b)

comhordú i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta;

(c)

comhordú sa fhreagairt ar an gcomhéigean eacnamaíoch.

Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin agus sa chomhar sin.

Ní chuirfidh na comhairliúcháin ná an comhar sin moill mhíchuí ar an nós imeachta faoin Rialachán seo.

Airteagal 8

Bearta freagartha de chuid an Aontais

1.   Glacfaidh an Coimisiún bearta freagartha de chuid an Aontais trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas uile:

(a)

ní raibh mar thoradh ar ghníomhaíocht de bhun Airteagail 5 agus 6, laistigh de thréimhse réasúnta, gur scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inar iarradh de bhun Airteagal 5(10), gur leigheasadh an díobháil don Aontas;

(b)

is gá bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh chun leasanna agus cearta an Aontais agus a Bhallstát a chosaint sa chás áirithe sin, i bhfianaise na roghanna atá ar fáil;

(c)

is chun leas an Aontais é bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh, de réir mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 9.

I gcás inar scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch ach nach ndearna an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas ina hiomláine, in ainneoin gur iarradh uirthi é sin a dhéanamh, bunóidh an Coimisiún an measúnú maidir le cibé acu a chomhlíontar an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo, ar imthosca uile an cháis. Beidh an measúnú sin bunaithe, go háirithe, ar chineál agus ar mhéid na díobhála a rinneadh agus ar an oibleagáid ghinearálta faoin dlí idirnáisiúnta gnách leigheas iomlán a dhéanamh as an díobháil a rinneadh mar thoradh ar ghníomh éagórach ar bhonn idirnáisiúnta.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

2.   Roghnóidh an Coimisiún bearta freagartha iomchuí de chuid an Aontais as measc na mbeart a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Cinnfidh sé cé na bearta as a measc atá iomchuí ar bhonn na gcritéar don roghnú agus don cheapadh a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, luafaidh an Coimisiún na cúiseanna a measann sé go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa mhír sin á gcomhlíonadh agus na cúiseanna a measann sé go bhfuil bearta freagartha de chuid an Aontais iomchuí i bhfianaise na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 11.

3.   Glacfar bearta freagartha de chuid an Aontais mar a leanas:

(a)

bearta a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn ginearálta; nó

(b)

bearta a bhfuil feidhm acu maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha áirithe atá i mbun gníomhaíochtaí, nó a d’fhéadfadh a bheith i mbun gníomhaíochtaí, a thagann faoi Airteagal 207 CFAE agus atá bainteach nó nasctha le rialtas an tríú tír.

Féadfar bearta freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a cheapadh sa chaoi go ndéanfaidh siad difear d’earnálacha, do réigiúin nó d’oibreoirí áirithe sa tríú tír i gcomhréir leis na rialacha tionscnaimh agus náisiúntachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

4.   Sa mhéid gur gníomh éagórach ar bhonn idirnáisiúnta atá i mbeart an tríú tír, féadfaidh bearta freagartha de chuid an Aontais a bheith comhdhéanta de bhearta arb ionann iad agus neamhchomhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta i leith an tríú tír.

5.   Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar comhordú ar ghlacadh bhearta freagartha de chuid an Aontais leis na bearta a ghlacann sé de bhun ghníomhartha dlí an Aontais seachas an Rialachán seo chun freagairt don chomhéigean eacnamaíoch sa chás áirithe.

6.   Déanfar foráil sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 do dháta cur i bhfeidhm iarchurtha nach déanaí ná 3 mhí ón dáta a ghlacfar é, mura rud é, i bhfianaise imthosca sonracha, go bhforáiltear do dháta cur i bhfeidhm níos déanaí.

Socróidh an Coimisiún an dáta sin, agus imthosca an cháis á gcur san áireamh, chun go bhféadfar fógra a thabhairt don tríú tír de bhun mhír 7 agus chun go bhféadfaidh an tríú tír scor den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás ina n-iarrfar é, an díobháil don Aontas a leigheas.

7.   Ar ghlacadh an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, tabharfaidh an Coimisiún fógra don tríú tír faoin méid sin agus:

(a)

iarrfaidh sé ar an tríú tír scor láithreach den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inarb iomchuí agus, i gcás ina n-iarrfar é, an díobháil don Aontas a leigheas;

(b)

tairgfidh sé réiteach a chaibidliú leis an tríú tír; agus

(c)

tabharfaidh sé fógra don tríú tír go mbeidh feidhm ag na bearta freagartha de chuid an Aontais, mura scoirfear den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inarb iomchuí agus i gcás ina n-iarrtar é, mura ndéanfaidh an tríú tír an díobháil don Aontas a leigheas.

8.   I gcás ina mbeidh faisnéis inchreidte ag an gCoimisiún a thugann le fios gur scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch nó go bhfuil bearta nithiúla déanta ag an tríú tír chun scor den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inarb iomchuí, go ndearna sí an díobháil don Aontas a leigheas roimh an dáta cur i bhfeidhm iarchurtha a socraíodh i gcomhréir le mír 6, déanfar foráil sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 maidir leis an dáta cur i bhfeidhm a chur siar tuilleadh. Mairfidh an t-iarchur sin ar feadh tréimhse a shonraítear sa ghníomh cur chun feidhme sin agus beidh sé de chineál a ligfidh don Choimisiún a fhíorú ar scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch i ndáiríre.

I gcás ina mbeidh an fhaisnéis inchreidte sin ag an gCoimisiún, foilseoidh sé fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina gcuirfear in iúl go bhfuil an fhaisnéis sin aige agus go bhfuil dáta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, arna gcur siar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.

9.   Má scoireann an tríú tír den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás inarb iomchuí, má dhéanann sí an díobháil don Aontas a leigheas roimh dháta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena n-aisghairfear an gníomh cur chun feidhme sin.

Glacfar an gníomh cur chun feidhme aisghairme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

10.   D’ainneoin mhíreanna 7, 8 agus 9, féadfar a fhoráil leis an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 go mbeidh feidhm ag bearta freagartha de chuid an Aontais gan an Coimisiún réamhiarraidh a dhéanamh ar an tríú tír lena mbaineann, de bhun mhír 7, pointe (a), scor den chomhéigean eacnamaíoch nó, i gcás inarb iomchuí, an díobháil don Aontas a leigheas, nó fógra a thabhairt don tríú tír lena mbaineann, de bhun mhír 7, pointe (c), go mbeidh feidhm ag bearta freagartha de chuid an Aontais, más rud é, i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, gur gá sin chun cearta agus leasanna an Aontais nó Ballstáit a chaomhnú, go háirithe maidir le héifeachtacht beart freagartha de chuid an Aontais.

11.   D’ainneoin mhíreanna 6 agus 8, i gcás inar bagairt beart tríú tír a dhéanfaidh difear do thrádáil nó d’infheistíocht a chur i bhfeidhm atá sa chomhéigean eacnamaíoch i gcomhréir le hAirteagal 2(1), beidh feidhm ag an ngníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ón dáta a chuirfear an beart tríú tír sin i bhfeidhm.

Foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ina gcuirfear in iúl dáta chur i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 9

Leas an Aontais a chinneadh

Leas an Aontais maidir le bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh, a chur ar fionraí, a leasú nó a fhoirceannadh, déanfar é a chinneadh bunaithe ar an bhfaisnéis uile atá ar fáil agus is é a bheidh sa chinneadh tuiscint ar na leasanna éagsúla atá i gceist, agus iad á nglacadh ina n-iomláine. Áirítear ar na leasanna sin go príomha caomhnú chumas an Aontais agus a Bhallstát roghanna ceannasacha dlisteanacha a dhéanamh agus iad saor ó chomhéigean eacnamaíoch, agus gach leas eile de chuid an Aontais nó na mBallstát a bhaineann go sonrach leis an gcás, leasanna oibreoirí eacnamaíocha an Aontais, lena n-áirítear tionscail réamhtheachtacha agus iartheachtacha, agus leasanna thomhaltóirí deiridh an Aontais a ndéanann an comhéigean eacnamaíoch nó bearta freagartha de chuid an Aontais difear dóibh nó a bhféadfadh an comhéigean eacnamaíoch nó bearta freagartha de chuid an Aontais difear a dhéanamh dóibh.

Airteagal 10

Coinníollacha chun bearta freagartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha áirithe

1.   Chun críocha Airteagal 8(3), an chéad fhomhír, pointe (b), féadfar a mheas go bhfuil duine nádúrtha nó dlítheanach bainteach nó nasctha le rialtas an tríú tír sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá níos mó ná 50 % den leas cothromais sa duine dlítheanach sin faoi úinéireacht an rialtais sin, feidhmíonn sé go díreach nó go hindíreach níos mó ná 50 % de na cearta vótála ann, nó tá sé de chumhacht aige tromlach a stiúrthóirí a cheapadh nó a ghníomhartha a stiúradh go dlíthiúil ar shlí eile;

(b)

tairbhíonn an duine sin de chearta nó de phribhléidí eisiacha nó speisialta arna ndeonú le dlí nó le gníomh ag rialtas an tríú tír lena mbaineann, i gcás ina n-oibríonn sé in earnáil ina dteorannaíonn an rialtas sin líon na soláthróirí nó na gceannaitheoirí do cheann amháin nó níos mó, nó ina gceadaíonn an rialtas sin dó, go díreach nó go hindíreach, cleachtais a fheidhmiú lena ndéantar an iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh; nó

(c)

gníomhaíonn an duine sin go a bheag nó a mhór thar ceann rialtas an tríú tír lena mbaineann, nó faoi threoir nó faoi thionscnamh rialtas an tríú tír lena mbaineann.

2.   I gcás ina bhfuil cúis ag an gCoimisiún lena chreidiúint go gcomhlíonann duine nádúrtha nó dlítheanach na critéir a leagtar amach in Airteagal 8(3), an chéad fhomhír, pointe (b), agus go bhfuil sé ag smaoineamh ar bhearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh maidir leis an duine sin, cuirfidh sé an duine sin ar an eolas faoin méid seo a leanas:

(a)

na cúiseanna a gcreideann an Coimisiún go gcomhlíonann an duine sin na critéir sin;

(b)

na bearta freagartha de chuid an Aontais a bhfuil an Coimisiún ag smaoineamh ar iad a ghlacadh maidir leis an duine sin;

(c)

an fhéidearthacht don duine sin barúlacha a chur isteach, laistigh de thréimhse ama réasúnta, maidir le cibé acu a chomhlíonann an duine sin na critéir sin.

3.   Chun críocha mhír 2, foilseoidh an Coimisiún fógra in Iris Oifigiúil Aontais Eorpaigh agus, i gcás inar féidir, tabharfaidh sé fógra go díreach don duine lena mbaineann.

San fhógra sin, tabharfaidh an Coimisiún deis do pháirtithe leasmhara eile barúlacha a chur isteach.

4.   Chun críocha an Airteagail seo, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a measann sé a bheith ábhartha a lorg, lena n-áirítear tríd an bhfaisnéis sin a iarraidh ar na Ballstáit.

5.   Gan dochar d’Airteagal 12, agus tar éis bearta freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 8(3), an chéad fhomhír, pointe (b) a ghlacadh, i gcás ina gcuirfear fianaise shubstaintiúil nua faoi bhráid an Choimisiúin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú maidir le cibé acu a leanann na daoine lena mbaineann de na critéir a leagtar amach i bpointe (b) den chéad fhomhír d’Airteagal 8(3) a chomhlíonadh agus cuirfidh sé na daoine lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 11

Critéir chun bearta freagartha de chuid an Aontais a roghnú agus a cheapadh

1.   Beidh bearta freagartha de chuid an Aontais comhréireach agus ní bheidh siad ar leibhéal níos airde ná an leibhéal díobhála don Aontas, agus tromchúis an chomhéigin eacnamaíoch, a thionchar eacnamaíoch ar an Aontas nó ar Bhallstát agus cearta an Aontais agus a Bhallstát á gcur san áireamh.

2.   Déanfaidh an Coimisiún bearta freagartha iomchuí an Aontais a roghnú agus a cheapadh ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis arna bailiú de bhun Airteagal 13, agus an cinneadh arna dhéanamh de bhun Airteagal 5, na critéir a leagtar amach in Airteagal 2(2), leas an Aontais a chinneadh de bhun Airteagal 9, agus aon ghníomhaíocht ábhartha de bhun chomhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais á gcur san áireamh chomh maith leis na critéir seo a leanas:

(a)

éifeachtacht na mbeart freagartha de chuid an Aontais chun scor den chomhéigean eacnamaíoch a spreagadh agus, i gcás ina n-iarrtar é, an díobháil a rinne sé don Aontas a leigheas;

(b)

tionchar diúltach orthu seo a leanas a sheachaint nó a íoslaghdú:

(i)

gníomhaithe an Aontais a ndéanann bearta freagartha de chuid an Aontais difear dóibh, i bhfianaise, inter alia, infhaighteacht roghanna malartacha do na gníomhaithe sin a ndéantar difear dóibh, amhail foinsí malartacha soláthair le haghaidh earraí nó seirbhísí;

(ii)

an timpeallacht infheistíochta san Aontas nó i mBallstát, lena n-áirítear an tionchar ar fhostaíocht agus ar bheartas forbartha réigiúnaí;

(c)

tionchar diúltach ar chur chun cinn an fháis eacnamaíoch agus na fostaíochta a sheachaint nó a íoslaghdú trí chearta maoine intleachtúla a chosaint mar bhealach chun nuálaíocht agus geilleagar eolasbhunaithe a chur chun cinn san Aontas nó i mBallstát;

(d)

an acmhainneacht faoiseamh a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha an Aontais a ndearna an comhéigean eacnamaíoch difear dóibh;

(e)

éifeachtaí diúltacha na mbeart freagartha de chuid an Aontais ar bheartais nó ar chuspóirí an Aontais a sheachaint nó a íoslaghdú;

(f)

ualach díréireach riaracháin agus costais dhíréireacha a sheachaint agus na bearta freagartha de chuid an Aontais á gcur chun feidhme;

(g)

gurb ann d’aon bheart freagartha agus cineál aon bhirt freagartha arna achtú ag tríú tíortha a ndéanann an comhéigean eacnamaíoch céanna nó comhéigean eacnamaíoch comhchosúil difear dóibh, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon chomhordú de bhun Airteagal 7;

(h)

aon chritéir iomchuí eile arna mbunú leis an dlí idirnáisiúnta.

Agus bearta freagartha de chuid an Aontais á roghnú aige, tabharfaidh an Coimisiún tús áite do na bearta lena n-áirithítear ar an mbealach is éifeachtaí comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b).

3.   Gan dochar do mhír 2, nuair a bheidh beart freagartha iomchuí á roghnú agus á cheapadh a dhéanfaidh difear do nós imeachta trína ndeonaíonn údarás poiblí san Aontas údaruithe, clárúcháin, ceadúnais nó cearta eile do dhuine nádúrtha nó dlítheanach chun críocha a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí tráchtála, breithneoidh an Coimisiún bearta freagartha de chuid an Aontais san ord ordlathach seo a leanas:

(a)

bearta a dhéanann difear do nósanna imeachta arna dtionscnamh tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1);

(b)

i gcás nach bhfuil bearta dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo ar fáil, bearta a dhéanann difear do nósanna imeachta nach bhfuil curtha i gcrích go fóill ar theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1).

I gcás nach bhfuil aon cheann de na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír indéanta, féadfaidh an Coimisiún, in imthosca eisceachtúla, bearta freagartha eile a bhreithniú, i gcás inar léiríodh, i bhfianaise na faisnéise agus na dtuairimí a bailíodh de bhun Airteagal 13, go n-áiritheofaí éifeachtacht leis na bearta eile sin, gan difear díréireach a dhéanamh do na tionscail réamhtheachtacha, do na tionscail iartheachtacha ná do na tomhaltóirí deiridh, laistigh den Aontas, ná gan ualach díréireach a fhorchur ar phróiseas riaracháin na rialachán náisiúnta ábhartha.

Agus beart freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír á roghnú agus á cheapadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh leibhéal an chomhchuibhithe agus tabharfaidh sé tús áite do bhearta a dhéanann difear do nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm ar bhonn uile-Aontais nó i réimse ina bhfuil dlí fairsing an Aontais ann.

Ní chuirfidh bearta freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír isteach ar chinntí riaracháin údaráis an Aontais agus údaráis na mBallstát atá bunaithe ar mheastóireacht ar fhianaise eolaíoch.

4.   I gcás inar gá chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh a dhéanann difear do rochtain ag infheistíocht dhíreach choigríche ar an Aontas nó do thrádáil seirbhísí agus a bhfuil feidhm acu maidir le seirbhísí arna soláthar, nó infheistíochtaí díreacha arna ndéanamh, laistigh den Aontas ag duine dlítheanach amháin nó níos mó atá bunaithe san Aontas agus atá faoi úinéireacht nó faoi rialú daoine den tríú tír.

Féadfaidh an Coimisiún bearta freagartha den sórt sin de chuid an Aontais a ghlacadh i gcás ina mbeadh sé neamhleordhóthanach gan iad a chur i bhfeidhm maidir le seirbhísí den sórt sin arna soláthar nó le hinfheistíochtaí díreacha arna ndéanamh chun cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go héifeachtach, go háirithe i gcás ina bhféadfadh an tríú tír nó an duine lena mbaineann éifeacht bearta freagartha de chuid an Aontais a sheachaint nó teacht timpeall orthu.

Agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé acu ba cheart bearta freagartha den sórt sin de chuid an Aontais a ghlacadh, breithneoidh an Coimisiún, inter alia, na critéir seo a leanas, i dteannta na gcritéar sin a leagtar amach i míreanna 1 agus 2:

(a)

patrúin na trádála i seirbhísí agus san infheistíocht san earnáil a bhfuiltear ag díriú uirthi leis na bearta freagartha de chuid an Aontais a shamhlaítear agus an riosca go seachnóidh an tríú tír nó an duine lena mbaineann aon bhearta freagartha de chuid an Aontais nach bhfuil feidhm acu maidir le seirbhísí arna soláthar, nó infheistíochtaí díreacha a rinneadh, laistigh den Aontas nó go ndéanfadh an tríú tír nó an duine lena mbaineann iarracht teacht timpeall orthu;

(b)

an rannchuidiú éifeachtach a d’fhéadfadh a bheith ag bearta freagartha de chuid an Aontais dá dtagraítear sa chéad fhomhír chun scor den chomhéigean eacnamaíoch a bhaint amach agus chun an díobháil don Aontas a leigheas;

(c)

gurb ann do bhearta malartacha a d’fhéadfadh an scor den chomhéigean eacnamaíoch agus an leigheas na díobhála don Aontas a fháil, ar bearta iad atá ar fáil go réasúnta agus nach bhfuil chomh sriantach céanna le trádáil seirbhísí nó le hinfheistíocht laistigh den Aontas.

Tabharfar údar cuí le glacadh beart freagartha de chuid an Aontais den sórt sin sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 8(1) i bhfianaise na gcritéar a leagtar amach sa mhír seo.

Airteagal 12

Bearta freagartha de chuid an Aontais a leasú, a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh

1.   Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú leanúnach ar an gcomhéigean eacnamaíoch agus ar éifeachtacht na mbearta freagartha de chuid an Aontais a glacadh agus ar a n-éifeachtaí ar leas an Aontais.

2.   I gcás ina gcuireann an tríú tír an comhéigean eacnamaíoch ar fionraí, cuirfidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na mbeart freagartha de chuid an Aontais ar fionraí ar feadh ré fionraíochta an tríú tír.

I gcás ina bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an tríú tír agus an tAontas nó an Ballstát lena mbaineann, lena n-áirítear ar bhonn tairisceana ón tríú tír sin, chun an t-ábhar a chur faoi bhráid breithniú ceangailteach idirnáisiúnta tríú páirtí agus go gcuireann an tríú tír sin a comhéigean eacnamaíoch ar fionraí, cuirfidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na mbeart freagartha de chuid an Aontais ar fionraí ar feadh fhad na n-imeachtaí breithniúcháin.

I gcás ina n-éilíonn cinneadh breithniúcháin nó réiteach leis an tríú tír go gcuirfidh an tríú tír chun feidhme iad, cuirfidh an Coimisiún cur i bhfeidhm na mbeart freagartha de chuid an Aontais ar fionraí ar choinníoll go bhfuil an tríú tír ag gabháil do chur chun feidhme an chinnidh breithniúcháin nó an réitigh sin.

Déanfaidh an Coimisiún cur i bhfeidhm beart freagartha de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a atosú i gcás inar gá i bhfianaise leas an Aontais arna chinneadh de bhun Airteagal 9, nó i gcás inar gá, chun rannpháirtíocht leanúnach a éascú de bhun Airteagal 6(3) tar éis bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh,

Is trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme a dhéanfaidh an Coimisiún beart freagartha de chuid an Aontais a chur i bhfeidhm an athuair nó a chur ar fionraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

3.   I gcás inar gá bearta freagartha de chuid an Aontais a choigeartú, agus Airteagail 2 agus 11, nó forbairtí breise, lena n-áirítear freagairt an tríú tír, á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, bearta freagartha de chuid an Aontais a leasú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

4.   Déanfaidh an Coimisiún bearta freagartha de chuid an Aontais a fhoirceannadh in aon cheann de na himthosca seo a leanas:

(a)

scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch agus, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag an gComhairle leigheas na díobhála don Aontas a iarraidh de bhun Airteagal 5(10), rinneadh an díobháil don Aontas a leigheas;

(b)

scoireadh den chomhéigean eacnamaíoch, ach níl an díobháil don Aontas leigheasta ag an tríú tír d’ainneoin gur chinn an Chomhairle leigheas na díobhála don Aontas a iarraidh de bhun Airteagal 5(10), ach amháin más gá na bearta freagartha de chuid an Aontais a choinneáil ar bun chun cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh;

(c)

thángthas ar réiteach arna chomhaontú ar bhonn frithpháirteach;

(d)

ceanglaítear le cinneadh ceangailteach arna ghlacadh mar chuid de bhreithniú idirnáisiúnta tríú páirtí inar cumhdaíodh ábhar an chomhéigin eacnamaíoch gur gá an beart freagartha de chuid an Aontais a fhoirceannadh; nó

(e)

is iomchuí an beart freagartha de chuid an Aontais a fhoirceannadh i bhfianaise leas an Aontais arna chinneadh de bhun Airteagal 9.

Déanfaidh an Coimisiún an beart freagartha de chuid an Aontais a fhoirceannadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

5.   Ar dhianfhorais práinne a bhfuil údar cuí leo, amhail chun díobháil dholeigheasta don Aontas nó do Bhallstát a sheachaint nó chun leanúint de bheith ag áirithiú na comhsheasmhachta le hoibleagáidí an Aontais faoin dlí idirnáisiúnta mar thoradh ar an gcomhéigean eacnamaíoch a bheith curtha ar fionraí nó ar scor den chomhéigean eacnamaíoch, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach chun bearta freagartha de chuid an Aontais a chur ar fionraí nó a leasú.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 18(3) agus leanfaidh siad d’fheidhm a bheith acu ar feadh tréimhse nach faide ná 2 mhí.

Airteagal 13

Bailiú faisnéise a bhaineann le bearta freagartha de chuid an Aontais

1.   Sula ndéanfar bearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacadh nó a leasú, déanfaidh an Coimisiún, agus sula gcuirfear na bearta sin ar fionraí nó sula bhfoirceannfar iad, féadfaidh an Coimisiún faisnéis agus tuairimí a lorg maidir leis an tionchar eacnamaíoch ar oibreoirí eacnamaíocha an Aontais trí bhíthin fógra a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus, i gcás inarb iomchuí, trí mhodhanna cumarsáide poiblí oiriúnacha eile.

Luafar san fhógra an dáta faoina mbeidh an fhaisnéis agus na tuairimí curtha isteach.

Féadfaidh an Coimisiún tús a chur le bailiú na faisnéise agus na dtuairimí dá dtagraítear sa chéad fhomhír tráth ar bith is iomchuí leis.

2.   Chun críocha mhír 1, cuirfidh an Coimisiún geallsealbhóirí ar an eolas agus rachaidh sé i gcomhairle leo, go háirithe comhlachais atá ag gníomhú thar ceann oibreoirí eacnamaíocha de chuid an Aontais, agus ceardchumainn, a bhféadfadh bearta freagartha féideartha an Aontais difear a dhéanamh dóibh, agus údaráis na mBallstát atá rannpháirteach in ullmhú nó i gcur chun feidhme reachtaíochta lena rialaítear na hearnálacha a bhféadfadh na bearta sin difear a dhéanamh dóibh.

3.   Gan moill mhíchuí a chur ar ghlacadh bhearta freagartha de chuid an Aontais, sainaithneoidh an Coimisiún roghanna féideartha do bhearta freagartha de chuid an Aontais a d’fhéadfadh a bheith ann agus, lorgóidh sé faisnéis agus tuairimí maidir leis an méid seo a leanas go háirithe:

(a)

tionchar na mbeart sin ar ghníomhaithe tríú tír agus ar a n-iomaitheoirí, a gcomhpháirtithe gnó nó a gcliaint laistigh san Aontas, agus ar úsáideoirí, tomhaltóirí deiridh nó fostaithe laistigh den Aontas;

(b)

idirghníomhú na mbeart sin le reachtaíocht ábhartha na mBallstát;

(c)

an t-ualach riaracháin a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar na bearta sin;

4.   Tabharfaidh an Coimisiún lánaird ar an bhfaisnéis agus na tuairimí a bhailítear de bhun an Airteagail seo.

Nuair a bheidh dréachtghníomh cur chun feidhme á chur faoi bhráid an Choiste ag an gCoimisiún i gcomhthéacs an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2), soláthróidh sé anailís ar na bearta atá beartaithe agus ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu.

Áireofar san anailís sin measúnú críochnúil ar an tionchar ar thionscail réamhtheachtacha agus iartheachtacha agus ar thomhaltóirí deiridh laistigh den Aontas agus, más ábhartha, cuirfear in iúl aon tionchar díréireach a d’fhéadfadh a bheith ann.

5.   Chun gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 12(5), lorgóidh an Coimisiún faisnéis agus tuairimí ar bhealach spriocdhírithe ó gheallsealbhóirí, mura rud é go bhfágann an staid eisceachtúil ina bhfuil dianfhorais práinne nach féidir faisnéis agus tuairimí a lorg nó nach bhfuil gá leo ar chúiseanna oibiachtúla, amhail chun comhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais a áirithiú.

Airteagal 14

Pointí teagmhála aonair

1.   Soláthróidh an Coimisiún pointe teagmhála aonair laistigh den Choimisiún le haghaidh chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus a chomhordaithe le haon ghníomhartha dlí de chuid an Aontais is ábhartha agus le haghaidh faisnéis a bhailiú agus anailísí costais agus sonraí a sholáthar d’fhonn cineál an chomhéigin eacnamaíoch a chinneadh.

2.   Chun críocha an Rialacháin seo, maidir leis an bpointe teagmhála aonair, agus prionsabal na rúndachta á chomhlíonadh go hiomlán, gníomhóidh sé ina phríomhphointe teagmhála do ghnólachtaí an Aontais agus do gheallsealbhóirí príobháideacha a ndéanann an comhéigean eacnamaíoch difear dóibh, lena n-áirítear maidir leis an gcúnamh atá le cur ar fáil i gcomhthéacs comhéigean eacnamaíoch leanúnach le haghaidh na ngnólachtaí agus na ngeallsealbhóirí sin;

Airteagal 15

Rúndacht

1.   Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear de bhun an Rialacháin seo a úsáid ach amháin chun na críche ar soláthraíodh, ar iarradh, nó a bhfuarthas í.

2.   Féadfaidh duine a sholáthraíonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a iarraidh go gcaithfear leis an bhfaisnéis sin mar fhaisnéis rúnda. Beidh achoimre neamhrúnda agus fhóinteach ar an bhfaisnéis lena mbaineann nó ráiteas ar na cúiseanna nach féidir achoimre a dhéanamh ar an bhfaisnéis lena mbaineann ag gabháil leis an iarraidh sin.

3.   Ní nochtfaidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle. an Coimisiún, na Ballstáit, ná a n-oifigigh faoi seach aon fhaisnéis de chineál rúnda arna fáil de bhun an Rialacháin seo, gan cead sonrach a fháil ón duine a sholáthraíonn an fhaisnéis sin.

4.   Ní chuirfidh míreanna 2 agus 3 bac ar an gCoimisiún faisnéis ghinearálta a nochtadh in achoimre fhóinteach, ar choinníoll nach bhfágann an nochtadh gur féidir an duine a sholáthair an fhaisnéis a aithint.

Cuirfear leas dlisteanach na bpáirtithe lena mbaineann, is é sin nach nochtfaí aon fhaisnéis rúnda, san áireamh agus nochtadh faisnéise ginearálta den sórt sin á dhéanamh.

5.   Beidh oifigigh na mBallstát faoi réir dhualgas na rúndachta gairmiúla maidir le haon fhaisnéis rúnda a dtagann siad uirthi le linn dóibh a ndualgais oifigiúla i ndáil leis an Rialachán seo a chomhlíonadh.

6.   Cuirfidh an Coimisiún córas slán criptithe ar fáil chun tacú leis an gcomhar díreach agus le malartú faisnéise le hoifigigh na mBallstát.

Airteagal 16

Rialacha tionscnaimh agus náisiúntachta

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, déanfar tionscnamh earra nó seirbhíse nó náisiúntacht soláthraí seirbhíse, infheistíochta nó sealbhóra cirt maoine intleachtúla a chinneadh i gcomhréir le hIarscríbhinn II.

2.   Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun pointí 2 agus 3 d’ Iarscríbhinn II a leasú chun forbairtí ábhartha in ionstraimí idirnáisiúnta agus taithí ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo nó gníomhartha eile de chuid an Aontais a chur san áireamh.

Airteagal 17

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 27 Nollaig 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 16(2) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 16(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 18

An nós imeachta coiste

1.   Tabharfaidh Coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní ghlacfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.

Airteagal 19

Tuairisciú agus athbhreithniú

1.   Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, coinneoidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas, go rialta agus go tráthúil, faoi fhorbairtí ábhartha i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar feadh scrúdú beart tríú tír, lena n-áirítear tús an scrúdaithe, an rannpháirtíocht leis an tríú tír agus an comhar idirnáisiúnta, agus le linn na tréimhse ina mbeidh bearta freagartha de chuid an Aontais i bhfeidhm.

I bhfianaise na faisnéise a fuarthas, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle a iarraidh, i gcás inarb iomchuí, ar an gCoimisiún tuairimí a mhalartú.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairimí a chur in iúl trí aon mhodh iomchuí.

2.   Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar bhearta freagartha de chuid an Aontais a ghlacfar de bhun Airteagal 8, laistigh de 6 mhí tar éis a bhfoirceannta, agus ionchur ó gheallsealbhóirí, faisnéis arna soláthar ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle agus aon fhaisnéis ábhartha eile á gcur san áireamh agus cuirfidh sé tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Sa tuarascáil mheastóireachta, déanfar scrúdú ar éifeachtacht agus oibriú na mbeart freagartha de chuid an Aontais, agus, i gcás inarb iomchuí, tiocfar ar chonclúidí chun críocha beart freagartha de chuid an Aontais amach anseo agus maidir leis an athbhreithniú ar an Rialachán seo de bhun mhír 3.

3.   Tráth nach déanaí ná 3 bliana tar éis ghlacadh an chéad ghnímh cur chun feidhme de bhun Airteagal 5 nó faoin 27 Nollaig 2028 cibé acu is luaithe, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an Rialachán seo agus ar a chur chun feidhme agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Chun críocha an athbhreithnithe sin, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar aon saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir leis an ngaol atá ag an Rialachán seo le hionstraimí eile de chuid an Aontais atá ann cheana.

Airteagal 20

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 22 Samhain 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

P. NAVARRO RÍOS


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Deireadh Fómhair 2023 (nár foilsíodh fós in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh) agus cinneadh ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2023.

(2)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(4)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 2271/96 ón gComhairle an 22 Samhain 1996 lena gcosnaítear i gcoinne éifeachtaí cur i bhfeidhm seach-chríochach reachtaíochta arna glacadh ag tríú tír, agus gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an Rialachán sin nó a eascraíonn as (IO L 309, 29.11.1996, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Bearta freagartha de chuid an Aontais de bhun Airteagal 8

1.   

Dleachtanna custaim nua nó méadaithe a fhorchur, lena n-áirítear athbhunú dleachtanna custaim ar leibhéal na náisiún barrfhabhair nó dleachtanna custaim a fhorchur thar leibhéal na náisiún barrfhabhair, nó aon mhuirear breise ar allmhairiú nó ar onnmhairiú earraí a thabhairt isteach, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme maidir le haon lamháltais taraife;

2.   

Srianta a thabhairt isteach nó a mhéadú ar allmhairiú nó onnmhairiú earraí, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, earraí a chuirtear faoi réir rialú onnmhairí, bíodh na srianta sin curtha i bhfeidhm le cuóta, le ceadúnais allmhairiúcháin nó onnmhairiúcháin nó le haon bhearta eile, nó ar srianta ar íocaíocht as earraí a thabhairt isteach nó a mhéadú, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is iomchuí, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme;

3.   

Srianta a thabhairt isteach ar thrádáil in earraí, srianta arna gcur i bhfeidhm trí bhearta a mbeadh feidhm acu maidir le hearraí faoi bhealach nó bearta inmheánacha a mbeadh feidhm acu maidir le hearraí, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is iomchuí, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme.

4.   

Na bearta seo a leanas, arb é a d’fhéadfadh a bheith iontu, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme a fhionraí, oibleagáidí a bhaineann leis an gceart bheith rannpháirteach i nósanna imeachta soláthair i réimse an tsoláthair phoiblí:

(a)

earraí, seirbhísí nó soláthraithe earraí nó seirbhísí an tríú tír lena mbaineann a eisiamh ó sholáthar poiblí nó tairiscintí ar mó a luach iomlán ná 50 % d’earraí nó de sheirbhísí de thionscnamh an tríú tír lena mbaineann a eisiamh ó sholáthar poiblí, mura bhfuil gá le céatadán níos ísle i bhfianaise imthosca eisceachtúla an cháis, agus ar choinníoll nach gcumhdaítear an céatadán atá fágtha d’earraí nó de sheirbhísí le gealltanais an Aontais faoin Chomhaontú maidir le Soláthar Rialtais a tugadh i gcrích laistigh den Eagraíocht Domhanda Trádála nó faoi chomhaontú eile maidir le soláthar poiblí arna thabhairt i gcrích idir an tAontas tríú tír seachas an tríú tír lena mbaineann; nó

(b)

coigeartú scóir (1) a fhorchur ar thairiscintí earraí nó seirbhísí an tríú tír lena mbaineann nó ar thairiscintí de sholáthróirí earraí nó seirbhísí ón tríú tír lena mbaineann.

5.   

Bearta a dhéanann difear do thrádáil in seirbhísí a fhorchur, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is iomchuí, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme a fhionraí i ndáil le trádáil i seirbhísí.

6.   

Bearta a dhéanann difear don rochtain ag infheistíocht dhíreach choigríche ar an Aontas a fhorchur, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme;

7.   

Srianta a fhorchur ar chosaint ceart maoine intleachtúla nó ar shaothrú tráchtála na gceart maoine intleachtúla sin, i ndáil le sealbhóirí cirt ar náisiúnaigh iad den tríú tír lena mbaineann, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme i ndáil le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil.

8.   

Srianta a fhorchur ar bhaincéireacht, ar árachas, ar rochtain ar mhargaí caipitil an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí eile seirbhíse airgeadais, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme i ndáil le seirbhísí airgeadais.

9.   

Srianta a thabhairt isteach nó a mhéadú maidir leis an bhféidearthacht earraí a thagann faoi ghníomhartha dlí an Aontais maidir le ceimiceáin a chur ar mhargadh an Aontais, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisiúnta is infheidhme;

10.   

Srianta a thabhairt isteach nó a mhéadú maidir leis an bhféidearthacht earraí a thagann faoi ghníomhartha dlí an Aontais maidir le sláintíocht agus fíteashláintíocht a chur ar mhargadh an Aontais, arb é a d’fhéadfadh a bheith ann, de réir mar is gá, neamhchomhlíonadh na n-oibleagáidí idirnáisúnta is infheidhme.


(1)  Ciallaíonn ‘coigeartú scóir’ oibleagáid a chur ar údaráis chonarthacha nó ar eintitis chonarthacha atá i mbun nósanna imeachta soláthair phoiblí laghdú réasúnta a dhéanamh, faoi réir eisceachtaí áirithe, ar scór tairisceana de thoradh a meastóireachta, ar bhonn na gcritéar dámhachtana conartha a shainítear sna doiciméid ábhartha soláthair phoiblí, de réir céatadán áirithe. I gcásanna inarb é an praghas nó an costas an t-aon chritéar dámhachtana conartha, ciallaíonn an coigeartú scóir an méadú coibhneasta, chun críche meastóireacht a dhéanamh ar thairiscintí, le céatadán áirithe den phraghas atá á thairiscint ag tairgeoir;


IARSCRÍBHINN II

Rialacha Tionscnaimh agus Náisiúntachta

1.   

Déanfar tionscnamh earra a chinneadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

2.   

Cinnfear tionscnamh seirbhíse, lena n-áirítear seirbhís a sholáthraítear i réimse an tsoláthair phoiblí, ar bhonn náisiúntacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a bhfuil an tseirbhís á soláthar aige.

Measfar gurb é a bheidh i náisiúntacht soláthraí seirbhíse:

(a)

i gcás duine nádúrtha, an tír ar náisiúnach di an duine nó an tír a bhfuil ceart buanchónaithe ag an duine inti;

(b)

i gcás duine dhlítheanaigh aon cheann díobh seo a leanas:

(i)

má sholáthraítear an tseirbhís ar bhealach seachas trí láithreacht tráchtála laistigh den Aontas, an tír ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe nó ina bhfuil sé curtha ar bun ar shlí eile faoi dhlíthe na tíre sin agus a bhfuil sé ag gabháil d'oibríochtaí substainteacha gnó ar a críoch;

(ii)

má sholáthraítear an tseirbhís trí láithreacht tráchtála laistigh den Aontas,

(a)

má tá an duine dlítheanach ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil an duine dlítheanach bunaithe sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aige le geilleagar an Bhallstáit sin, an Ballstát ina bhfuil sé bunaithe nó, má tá feidhm ag bearta freagartha de chuid an Aontais maidir leis an duine sin, náisiúntacht nó áit bhuanchónaithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh nó na ndaoine ar leo an duine dlítheanach nó a rialaíonn an duine dlítheanach san Aontas;

(b)

mura bhfuil an duine dlítheanach a sholáthraíonn an tseirbhís ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aige le geilleagar an Bhallstáit ina bhfuil sé bunaithe, measfar gur tionscnamh na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha a bhfuil an duine dlítheanach faoina n-úinéireacht nó faoina rialú tionscnamh an duine dhlítheanaigh sin..

Measfar go bhfuil an duine dlítheanach ‘faoi úinéireacht’ daoine de chuid tíre áirithe má tá níos mó ná 50 % dá leas cothromais faoi úinéireacht thairbhiúil daoine den tír sin agus measfar go bhfuil sé ‘faoi rialú‘ ag daoine de chuid tíre áirithe, má tá sé de chumhacht ag na daoine sin tromlach de na stiúrthóirí a ainmniú nó a ghníomhaíochtaí a stiúradh go dlíthiúil ar bhealach eile.

3.   

Is é a bheidh i náisiúntacht infheistíochta:

(a)

má tá an infheistíocht ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó i gcríoch an Bhallstáit ina bhfuil an infheistíocht bunaithe sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aici le geilleagar an Bhallstáit sin, náisiúntacht an Bhallstáit ina bhfuil sí nó, má tá feidhm ag bearta freagartha de chuid an Aontais maidir leis an duine nádúrtha nó dhlítheanach ar leo an infheistíocht sin san Aontais nó a rialaíonn an infheistíocht sin san Aontas, náisiúntacht nó áit bhuanchónaithe an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh sin;

(b)

mura bhfuil an infheistíocht ag gabháil d’oibríochtaí substainteacha gnó sa dóigh is go bhfuil baint dhíreach agus éifeachtach aici le geilleagar an Bhallstáit ina bhfuil sí bunaithe, náisiúntacht an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ar leis nó léi an infheistíocht nó a rialaíonn an infheistíocht sin.

Measfar go bhfuil an infheistíocht ‘faoi úinéireacht’ daoine de chuid tíre áirithe má tá níos mó ná 50 % dá leas cothromais faoi úinéireacht thairbhiúil daoine den tír sin agus measfar go bhfuil sí ‘faoi rialú’ ag daoine de chuid tíre áirithe, má tá sé de chumhacht ag na daoine sin tromlach de na stiúrthóirí a ainmniú nó a gníomhaíochtaí a stiúradh go dlíthiúil ar bhealach eile;

4.   

Maidir le gnéithe de chearta maoine intleachtúla a bhaineann le trádáil, tuigfear an téarma ‘náisiúnaigh’ sa chiall chéanna agus a úsáidtear é i mír 3 d’Airteagal 1 de Chomhaontú EDT maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) agus leasuithe a dhéanfar air amach anseo.

Rinneadh dhá ráiteas maidir leis an Rialachán seo agus is féidir teacht orthu in IO C, C/2023/1340, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1340/oj agus ag an nasc seo a leanas IO C, C/2023/1341, 7.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1341/oj.


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2675/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top