EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32023R1781

Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

PE/28/2023/INIT

IO L 229, 18.9.2023, p. 1–53 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/1781/oj

18.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 229/1


RIALACHÁN (AE) 2023/1781 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 13 Meán Fómhair 2023

lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (an Gníomh um Shliseanna)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 173(3) agus Airteagal 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (2),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (3),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá leathsheoltóirí i gcroílár aon ghairis dhigitigh agus aistriú digiteach an Aontais: ó fhóin chliste agus gluaisteáin, trí fheidhmchláir agus bonneagair ríthábhachtacha i réimse na sláinte, an fhuinnimh, na cumarsáide agus an uathoibrithe go dtí an chuid is mó d’earnálacha eile na tionsclaíochta. Ós rud é go bhfuil leathsheoltóirí lárnach sa gheilleagar digiteach, is cumasóirí cumhachtacha iad don aistriú inbhuanaitheachta agus glas agus rannchuidíonn siad, dá bhrí sin, le cuspóirí na teachtaireachta ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Cé go bhfuil leathsheoltóirí fíor-riachtanach d’fheidhmiú gheilleagar an lae inniu agus na sochaí chomh maith le d’fheidhmiú cosanta agus slándála, tá bristeacha gan fasach ina soláthar tar éis tarlú san Aontas, ar suntasach iad a n-iarmhairtí. Nochtaigh na bristeacha atá ann faoi láthair leochaileachtaí fadtréimhseacha i ndáil leis sin, go háirithe spleáchas láidir ar thriú tíortha maidir le monaraíocht agus dearadh sliseanna. Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bonn láidir tionsclaíoch, iomaíoch, inbhuanaithe agus nuálach a chothabháil san Aontas thar raon iomlán sliseanna.

(2)

Ba cheart creat a bhunú chun athléimneacht an Aontais i réimse na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra a mhéadú, chun éiceachóras leathsheoltóra an Aontais a threisiú trí spleáchais a laghdú, ceannasacht dhigiteach a fheabhsú, infheistíocht a spreagadh, cumais, slándáil, inoiriúnaitheacht agus athléimneacht shlabhra soláthair leathsheoltóra an Aontais a neartú, agus comhar a mhéadú i measc na mBallstát, an Choimisiúin, agus comhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta.

(3)

Tá dhá chuspóir ghinearálta á saothrú leis an gcreat sin. Is é an chéad chuspóir na dálaí a áirithiú is gá le haghaidh iomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta an Aontais, oiriúnú an tionscail d’athruithe struchtúracha i ngeall ar thimthriallta nuálaíochta tapa agus an gá le hinbhuanaitheacht a áirithiú, agus chun an t-éiceachóras leathsheoltóra uile-Aontais a neartú le heolas, saineolas, acmhainní comhthiomsaithe agus láidreachtaí coiteanna. Is é an dara cuspóir, ar leithligh ón gcéad chuspóir agus comhlántach leis, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach de chuid an Aontais a leagan síos chun athléimneacht fhadtéarmach agus cumas nuálaíochta an Aontais agus a chumas slándáil soláthair a chur ar fáil a mhéadú i réimse na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra d’fhonn cur leis an stóinseacht chun bristeacha a chomhrac.

(4)

Is gá bearta a dhéanamh chun acmhainneacht a fhorbairt agus éiceachóras leathsheoltóra an Aontais a neartú i gcomhréir le hAirteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Níor cheart comhchuibhiú na ndlíthe náisiúnta ná na rialachán náisiúnta a bheith ag baint leis na bearta sin. I ndáil leis an méid sin, ba cheart don Aontas iomaíochas agus athléimneacht an bhoinn theicneolaíoch agus thionsclaíoch leathsheoltóra a threisiú, agus an tráth céanna acmhainneacht nuálaíochta a éiceachóras leathsheoltóra a neartú ar fud an Aontais, an spleáchas ar líon teoranta cuideachtaí agus limistéir gheografacha tríú tír a laghdú, agus a acmhainneacht leathsheoltóirí ardfhorbartha a dhearadh, a tháirgeadh, a phacáistiú, a athúsáid agus a athchúrsáil a neartú. Ba cheart an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip (‘an Tionscnamh’) a bhunaítear leis an Rialachán seo a bheith ina thacú leis na haidhmeanna sin tríd an mbearna a dhúnadh idir ardchumais taighde agus nuálaíochta an Aontais agus saothrú tionsclaíoch inbhuanaithe na gcumas sin. Leis an Tionscnamh, ba cheart fothú acmhainneachta a chur chun cinn chun dearadh, táirgeadh agus comhtháthú córas a éascú i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra den chéad ghlúin eile, agus ba cheart feabhas a chur ar an gcomhar idir príomhghníomhaithe ar fud an Aontais, rud a neartódh slabhraí soláthair agus luacha leathsheoltóra an Aontais, a fhreastalódh ar phríomhearnálacha tionsclaíocha agus a chruthódh margaí nua.

(5)

Mar gheall ar uileláithreacht leathsheoltóirí, rinne na ganntanais a bhí ann le déanaí dochar díreach nó indíreach do ghnólachtaí ar fud an Aontais agus spreag siad mór-iarmhairtí eacnamaíocha. Mar thoradh ar an tionchar eacnamaíoch agus sóisialta atá aige sin, is mó feasacht an phobail agus na n-oibreoirí eacnamaíocha, agus tá brú ar na Ballstáit dá bharr sin aghaidh a thabhairt ar na spleáchais straitéiseacha a mhéid a bhaineann le leathsheoltóirí. Ag an am céanna, is saintréith den earnáil leathsheoltóra é idirthuilleamaíochtaí a bheith ar fud an tslabhra luacha, nach bhfuil aon gheografacht amháin inti chun tosaigh ar na céimeanna go léir den slabhra luacha. Léiriú breise ar an nádúr trasteorann sin is ea nádúr na dtáirgí leathsheoltóra mar chumasóir do thionscail iartheachtacha. Cé go bhféadfadh monaríocht leathsheoltóra a bheith comhchruinnithe i roinnt réigiún, tá tionscail na n-úsáideoirí scaipthe amach ar fud an Aontais. I bhfianaise an mhéid sin, is trí dhlí chomhchuibhithe an Aontais, ar bhonn Airteagal 114 CFAE is fearr aghaidh a thabhairt ar shlándáil soláthair leathsheoltóra agus athléimneacht an éiceachórais leathsheoltóra. Tá gá le creat rialála comhleanúnach aonair lena gcomhchuibhítear coinníollacha áirithe d’oibreoirí chun tionscadail shonracha a chur i gcrích a chuireann le slándáil an tsoláthair agus le hathléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart sásra comhordaithe le haghaidh faireacháin, mapáil straitéiseach agus cosc agus freagairt ar ghéarchéimeanna a bhunú chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais soláthair agus chun bacainní ar aontacht an mhargaidh inmheánaigh a chosc, agus difríochtaí sa fhreagairt idir na Ballstáit á seachaint.

(6)

Chun bonneagar criticiúil agus slándáil an Aontais a neartú chomh maith lena cheannaireacht theicneolaíoch, tá gá le sliseanna ceannródaíocha agus aibí araon, go háirithe chun féachaint chuige go seasfaidh earnálacha straitéiseacha an aimsir.

(7)

Ba cheart tacú le baint amach na gcuspóirí sin le sásra rialachais. Ar leibhéal an Aontais, leis an Rialachán seo, ba cheart an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí a bhunú, ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit agus a mbeidh an Coimisiún ina chathaoirleach air, chun cur chun feidhme rianúil, éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo, agus chun comhar agus malartú faisnéise a éascú. Ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle agus cúnamh a chur ar fáil don Choimisiún maidir le ceisteanna sonracha, lena n-áirítear cur chun feidhme comhsheasmhach an Rialacháin seo, rud a d’éascódh comhar idir na Ballstáit agus malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo. Ba cheart don Bord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle a thabhairt freisin don Choimisiún i ndáil le comhar idirnáisiúnta a bhaineann le leathsheoltóirí. Ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí cruinnithe ar leithligh a thionól dá chúraimí faoi na caibidlí éagsúla den Rialachán seo. Féadfar comhdhéanamh éagsúil de na hionadaithe ardleibhéil a bheith ag na cruinnithe éagsúla agus féadfaidh an Coimisiún foghrúpaí a bhunú.

(8)

I bhfianaise chineál domhandaithe an tslabhra soláthair leathsheoltóra, is gné thábhachtach é an comhar idirnáisiúnta le tríú tíortha chun athléimneacht in éiceachóras leathsheoltóra an Aontais a bhaint amach. Leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoin Rialachán seo, ba cheart a chur ar chumas an Aontais ról níos láidre a bheith aige freisin, mar ionad barr feabhais, in éiceachóras domhanda idirspleách leathsheoltóra a fheidhmíonn níos fearr. Chuige sin, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hábhair a bhaineann leis na hiarrachtaí sin a chomhordú agus le feabhas a chur ar an gcomhar feadh an tslabhra luacha leathsheoltóra dhomhanda idir an tAontas agus tríú tíortha, agus tuairimí na comhghuaillíochta um próiseálaithe agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra agus geallsealbhóirí eile á gcur san áireamh i gcás inarb ábhartha.

(9)

I gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta agus leis na ceanglais nós imeachta is infheidhme, d’fhéadfadh an tAontas agus na Ballstáit a bheith rannpháirteach, lena n-áirítear trí bhíthin taidhleoireachta, le comhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta a bhfuil buntáistí acu sa thionscal leathsheoltóra, d’fhonn réitigh a lorg chun slándáil an tsoláthair a neartú agus chun aghaidh a thabhairt ar bhristeacha sa slabhra soláthair leathsheoltóra amach anseo, mar shampla iad sin a eascraíonn as srianta ar onnmhairiú tríú tír, chun infhaighteacht amhábhar agus táirgí idirmheánacha a shainaithint. D’fhéadfadh, i gcás inarb iomchuí, comhaontuithe infheistíochta agus trádála nó iarrachtaí taidhleoireachta eile a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta is infheidhme comhordú a bheith i gceist leis sin i bhfóraim ábhartha idirnáisiúnta nó rannpháirtíocht le geallsealbhóirí ábhartha.

(10)

Chun an gealltanas a chomhlíonadh go bhfreastalófaí ar riachtanais lucht saothair ar fud an tslabhra soláthair leathsheoltóra, ba cheart don Choimisiún sineirgí le cláir de chuid an Aontais atá ann cheana a áirithiú agus ba cheart dó tacú leis na Ballstáit agus iad a spreagadh chun tionscnaimh a bhunú a rannchuidíonn le malartú eolais acadúil, le comhpháirtithe straitéiseacha idirnáisiúnta.

(11)

Is cuspóir soiléir de chuid an Aontais é comhar idirnáisiúnta agus malartú eolais a chur chun cinn ar bhonn leasanna an Aontais, ar leasanna frithpháirteacha, ar ghealltanais idirnáisiúnta, agus, a mhéid is féidir, ar chómhalartacht. Mar sin féin, d’fhéadfadh sárú ar chearta maoine intleachtúla, nochtadh neamhúdaraithe rún trádála, nó sceitheadh teicneolaíochtaí íogaire atá ag teacht chun cinn san earnáil leathsheoltóra dochar a dhéanamh do leasanna slándála an Aontais. I bhfianaise an mhéid sin, tá an Coimisiún ag féachaint ar thograí nithiúla chun creataí infheistíochta agus rialála onnmhairí an Aontais a neartú. Ina theannta sin, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit comhoibriú le comhpháirtithe straitéiseacha chun an chomhcheannaireacht theicneolaíoch agus thionsclaíoch a neartú i gcomhréir leis na ceanglais nós imeachta is infheidhme.

(12)

Príomhthréith san earnáil leathsheoltóra is ea costais forbartha agus nuálaíochta an-ard agus costais an-ard chun saoráidí úrscothacha le haghaidh tástála agus bailíochtú a thógáil chun tacú leis an táirgeacht thionsclaíoch. Tá tionchar díreach aige sin ar iomaíochas agus ar acmhainneacht nuálaíochta thionsclaíocht an Aontais, agus ar shlándáil an tsoláthair agus athléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais chomh maith. I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh ó na ganntanais a bhí ann le déanaí san Aontas agus ar fud an domhain agus i bhfianaise éabhlóid ghasta na ndúshlán teicneolaíochta agus na dtimthriallta nuálaíochta a dhéanann difear don slabhra luacha leathsheoltóra, is gá na láidreachtaí atá ag an Aontas cheana a threisiú agus, ar an gcaoi sin a iomaíochas, a iomaíochas, a athléimneacht, agus a acmhainneacht taighde agus nuálaíochta a mhéadú trí bhíthin an Tionscnamh a bhunú.

(13)

Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bonn láidir tionsclaíoch, iomaíoch, inbhuanaithe agus nuálach a chothú san Aontas. Mar sin féin, mar gheall ar chineál agus scála na ndúshlán taighde agus nuálaíochta i réimse na leathsheoltóirí, ní mór gníomhú go comhoibríoch ar leibhéal an Aontais.

(14)

Chun na hacmhainneachtaí le haghaidh taighde agus nuálaíocht i gcúrsaí teicneolaíochta leathsheoltóra a thabhairt don Aontas a bhfuil gá leo chun ról ceannaireachta a chuid infheistíochtaí taighde agus tionsclaíocha a choinneáil ar thús cadhnaíochta, agus chun an bhearna atá ann faoi láthair idir taighde agus forbairt (T&F) agus an mhonaraíocht a líonadh, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit a gcuid iarrachtaí a chomhordú ar bhealach níos fearr agus ba cheart dóibh comh-infheistiú. Mar gheall ar na dúshláin atá roimh éiceachóras leathsheoltóra an Aontais faoi láthair, tá gá le hacmhainneacht mhórscála a bhaint amach agus teastaíonn iarracht chomhchoiteann ó na Ballstáit, i dteannta an Aontais, chun tacú le hacmhainneacht mhórscála a fhorbairt agus a imscaradh. Áirítear leis an iarracht chomhchoiteann sin acmhainní airgeadais a chur ar fáil i gcomhréir le huaillmhian an Tionscnaimh tacú le forbairt agus infhaighteacht fhorleathan acmhainneachtaí nuálacha agus bonneagar digiteach fairsing, lena gcuimsítear an t-ardán dearthóireachta fíorúil, na línte píolótacha, lena n-áirítear le haghaidh sliseanna candamacha, agus scaipeadh eolais, scileanna agus inniúlachtaí ar mhaithe leis an éiceachóras leathsheoltóra iomlán. Chun an méid sin a bhaint amach, ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit spriocanna an aistrithe ghlais agus dhigitigh araon a chur san áireamh. I ndáil leis an méid sin, cuireann feistí leathsheoltóra agus próisis mhonaraíochta deiseanna suntasacha ar fáil chun tionchar comhshaoil, agus, go háirithe, tionchar carbóin, na dtionscal a laghdú, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le huaillmhianta, mar shampla, an teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘“Fit for 55”: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’ [“Oiriúnach do 55”: Sprioc Aeráide 2030 AE i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach], na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus teachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘plean REPowerEU’. Trí chomhpháirteanna agus gníomhaíochtaí uile an Tionscnaimh, ba cheart, a mhéid is féidir, na tairbhí a bhaineann le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra a phríomhshruthú agus a uasmhéadú mar chumasóirí cumhachtacha don aistriú inbhuanaitheachta a bhféadfadh táirgí nua agus úsáid acmhainní atá níos éifeachtúla, níos éifeachtaí, níos glaine agus níos marthanaí a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear fuinneamh agus ábhair atá riachtanach do tháirgeacht agus d’úsáid shaolré iomlán na leathsheoltóirí.

(15)

Chun a chuspóir ginearálta a bhaint amach, agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin soláthair agus éilimh an éiceachórais leathsheoltóra atá ann faoi láthair, ba cheart cúig chuspóir oibríochtúla a chuimsiú sa Tionscnamh. Ar an gcéad dul síos, chun acmhainneacht deartha an Aontais a threisiú, ba cheart, leis an Tionscnamh tacú le gníomhaíochtaí chun ardán dearthóireachta fíorúil a fhorbairt a bheadh ar fáil ar fud an Aontais. Leis an ardán, ba cheart dearthóireachta fíorúil pobail na dtithe dearthóireachta, na ngnólachtaí nuathionscanta, FBManna agus na soláthróirí maoine intleachtúla agus uirlisí agus eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta a nascadh chun réitigh fréamhshamhla fíorúla a sholáthar bunaithe ar chomhfhorbairt na teicneolaíochta.

(16)

Ar an dara dul síos, chun bonn a chur faoi shlándáil an tsoláthair agus éiceachóras leathsheoltóra an Aontais a neartú, ba cheart don Tionscnamh tacú le feabhas a chur ar ardlínte píolótacha atá ann cheana agus le hardlínte píolótacha nua a fhorbairt agus a imscaradh chun forbairt agus imscaradh teicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra na chéad ghlúine eile a chumasú. Ba cheart do na línte píolótacha saoráid a sholáthar don tionscal chun teicneolaíochtaí leathsheoltóra agus coincheapa deartha córais a thástáil agus a bhailíochtú agus chun turgnamh a dhéanamh orthu ar leibhéil ullmhachta teicneolaíochta atá níos airde ná leibhéal 3 ach faoi bhun leibhéal 8, agus na tionchair ar an gcomhshaol á laghdú a mhéid is féidir an tráth céanna. Tá gá le hinfheistíochtaí ón Aontas, in éineacht le hinfheistíocht ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach, i línte píolótacha chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán struchtúrach agus ar an gcliseadh margaidh atá ann faoi láthair i gcás nach bhfuil saoráidí den sórt sin ar fáil san Aontas, rud a chuireann bac ar phoitéinseal nuálaíochta agus ar iomaíochas domhanda an Aontais.

(17)

Ar an tríú dul síos, chun dlús a chur le forbairt nuálach slisíní candamacha agus teicneolaíochtaí gaolmhara leathsheoltóra, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar ábhar leathsheoltóra nó atá comhtháite le fótónaic, lena gcuidítear le forbairt na hearnála leathsheoltóra, ba cheart don Tionscnamh tacú le gníomhaíochtaí lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le leabharlanna dearthóireachta le haghaidh sliseanna candamacha, le línte píolótacha chun sliseanna candamacha a dhéanamh agus saoráidí le haghaidh tástála agus bailíochtú sliseanna candamacha arna dtáirgeadh ag na línte píolótacha.

(18)

Ar an gceathrú dul síos, chun úsáid na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra a chur chun cinn, chun rochtain a sholáthar ar shaoráidí dearthóireachta agus línte píolótacha, agus chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí scileanna ar fud an Aontais, ba cheart don Tionscnamh deis a thabhairt do na Ballstáit ar a laghad lárionad inniúlachta amháin maidir le leathsheoltóirí a bhunú i ngach Ballstát, trí na lárionaid atá ann cheana a fheabhsú nó trí shaoráidí nua a chruthú. Ba cheart rochtain ar bhonneagar a chistítear go poiblí, mar shampla saoráidí píolótacha agus tástála, agus ar lárionaid inniúlachta, a bheith oscailte do raon leathan úsáideoirí agus ba cheart an rochtain sin a dheonú ar bhonn trédhearcach neamh-idirdhealaitheach agus ar théarmaí margaidh (nó ar bhonn an chostais móide corrlach réasúnta) do ghnóthais mhóra, agus féadfaidh FBManna agus institiúidí acadúla tairbhe a bhaint as rochtain fhabhrach nó as praghsanna laghdaithe an tráth céanna. Is féidir le crostoirchiú níos leithne agus gnóthachain maidir le fios gnó agus barr feabhais eascairt as rochtain den sórt sin, lena n-áirítear rochtain do chomhpháirtithe idirnáisiúnta taighde agus tráchtála, agus an tráth céanna rannchuidiú le gnóthú costais.

(19)

Ar an gcúigiú dul síos, ba cheart don Choimisiún saoráid thiomnaithe a bhunú chun infheistíocht a dhéanamh i leathsheoltóirí (mar chuid de na gníomhaíochtaí éascaithe infheistíochta a ndéantar cur síos orthu go comhchoiteann mar ‘an Ciste um Shliseanna’) lena molfaí réitigh chothromais agus fiachais araon, lena n-áirítear saoráid mheasctha faoin gCiste InvestEU a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), i ndlúthchomhar le Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta agus in éineacht le comhpháirtithe cur chun feidhme eile mar shampla bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagadh. Ba cheart do ghníomhaíochtaí ‘an Ciste um Shliseanna’ tacú le héiceachóras leathsheoltóra dinimiciúil athléimneach a fhorbairt trí dheiseanna a chur ar fáil le haghaidh infhaighteacht mhéadaithe chun tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna chomh maith le hinfheistíochtaí ar fud an tslabhra luacha, lena n-áirítear deiseanna le haghaidh cuideachtaí eile sa slabhra luacha leathsheoltóra. I ndáil leis an méid sin, ba cheart tacaíocht agus treoir shoiléir a chur ar fáil, go háirithe, do FBManna, agus é mar aidhm leis sin cabhrú leo sa phróiseas iarratais. Sa chomhthéacs sin, trí dheontais agus infheistíochtaí cothromais, táthar ag súil go gcuirfidh an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach tacaíocht bhreise thiomnaithe ar fáil do nuálaithe ardriosca a chruthaíonn margadh.

(20)

Chun na teorainneacha leis na hiarrachtaí ilroinnte infheistíochta poiblí agus príobháidí atá ann faoi láthair a shárú, chun comhtháthú, crostoirchiú agus toradh ar infheistíocht sna cláir leanúnacha a éascú agus chun fís straitéiseach chomhchoiteann de chuid an Aontais maidir le leathsheoltóirí a shaothrú mar bhealach chun uaillmhian an Aontais agus na mBallstát ról ceannasach a áirithiú sa gheilleagar digiteach a bhaint amach, ba cheart don Tionscnamh comhordú níos fearr agus sineirgí níos dlúithe idir na cláir chistiúcháin atá ann cheana ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, comhordú agus comhoibriú níos fearr le geallsealbhóirí tionsclaíochta agus le príomh-gheallsealbhóirí de chuid na hearnála príobháidí agus infheistíochtaí breise leis na Ballstáit a éascú. Tá cur chun feidhme an Tionscnaimh ceaptha chun acmhainní a chomhthiomsú ón Aontas, ó na Ballstáit agus ó thríú tíortha a bhfuil baint acu leis na cláir de chuid an Aontais atá ann cheana, mar aon leis an earnáil phríobháideach. Dá bhrí sin, ní fhéadfar rath an Tionscnaimh a fhorbairt ach le hiarracht chomhchoiteann ó na Ballstáit, agus ón Aontas chun tacú leis na costais shuntasacha chaipitil agus le hinfhaighteacht fhorleathan an dearaidh fhíorúil araon, le hacmhainní a thástáil agus a phíolótú agus le heolas, scileanna agus inniúlachtaí a scaipeadh. I gcás inarb iomchuí, i bhfianaise shainiúlachtaí na ngníomhaíochtaí lena mbaineann, ba cheart tacú freisin le cuspóirí an Tionscnaimh, go háirithe le gníomhaíochtaí ‘an Ciste um Shliseanna’, trí shaoráid mheasctha faoin gCiste InvestEU.

(21)

Ba cheart tacaíocht ón Tionscnamh a úsáid ar bhealach comhréireach costéifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha a bhíonn ann mar thoradh ar ard-déine caipitil, ardriosca agus tírdhreach casta an éiceachórais leathsheoltóra, agus níor cheart maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú le gníomhaíochtaí, ná níor cheart an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh leo. Ba cheart breisluach soiléir ar fud an Aontais a bheith ag na gníomhaíochtaí.

(22)

Ba cheart cur chun feidhme príomha an Tionscnaimh a chur faoi chúram an Chomhghnóthais um Shliseanna arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle (6) (‘an Comhghnóthas um Shliseanna’).

(23)

Ba cheart don Tionscnamh cur leis an mbonn láidir eolais agus feabhas a chur ar shineirgí le gníomhaíochtaí a dtacaíonn an tAontas agus na Ballstáit leo faoi láthair trí chláir agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta maidir le leathsheoltóirí agus maidir le forbairtí ar chuid den slabhra soláthair, go háirithe Fís Eorpach an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (Fís Eorpach) agus an Clár don Eoraip Dhigiteach a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) arb é is aidhm dó faoin mbliain 2030 an tAontas a threisiú mar ghníomhaí domhanda i dteicneolaíocht leathsheoltóra agus a feidhmchlár, a mbeidh a sciar domhanda den mhonaraíocht ag dul i méid, i gcomhréir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade’ [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach le haghaidh na Deacáide Digití]). Ina theannta sin, meastar go slógfar infheistíochtaí príobháideacha chun cistiú an Tionscnaimh a chomhlánú chun rannchuidiú lena chuspóirí a bhaint amach. Agus na gníomhaíochtaí sin á gcomhlánú aige, d’oibreodh an Tionscnamh i ndlúthchomhar le geallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra.

(24)

Chun sineirgí a cheadú idir cláir an Aontais agus cláir na mBallstát, ba cheart do chláir oibre an Chomhghnóthais um Shliseanna faoin Tionscnamh, i gcomhréir le hAirteagal 17(2), pointe (k), agus Airteagal 137, pointe (aa), de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle, idirdhealú soiléir a dhéanamh idir gníomhaíochtaí chun tacú le taighde agus nuálaíocht i leathsheoltóirí agus na gníomhaíochtaí sin arb é is aidhm dóibh codanna den slabhra soláthair a fhorbairt, chun rannpháirtíocht iomchuí eintiteas poiblí agus príobháideach a áirithiú.

(25)

D’fhonn cur chun feidhme ghníomhaíochtaí sonracha a dtacaíonn an Tionscnamh leo a éascú, mar shampla an t-ardán dearthóireachta fíorúil nó línte píolótacha, is gá ionstraim dlí nua, cuibhreannas Eorpach um bonneagar sliseanna (ECIC) a chur ar fáil mar rogha. Ba cheart pearsantacht dhlítheanach a bheith ag ECIC. Ciallaíonn sé sin, nuair a dhéantar iarratas ar na gníomhaíochtaí sonracha atá le cistiú ag an Tionscnamh, gur féidir le ECIC féin, seachas na heintitis aonair in ECIC, a bheith ina iarratasóir. Mar sin féin, de bhun Airteagal 134(43) de Rialachán (AE) 2021/2085, iarrtar faoin gClár Oibre go bhfuil na tograí faoin oscailte d’fhoirmeacha dlíthiúla éagsúla comhair agus do rannpháirtithe eile, agus níl roghnú na dtograí le haghaidh cistiúcháin bunaithe ar fhoirm shonrach dhlíthiúil comhair. Ba cheart spreagadh an chomhair éifeachtaigh struchtúraigh idir eintitis dhlíthiúla, lena n-áirítear eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, lucht tionscail agus na Ballstáit, a bheith ina phríomhaidhm ag ECIC. Ba cheart trí chomhalta ar a laghad a bheith rannpháirteach in ECIC, eadhon na Ballstáit, nó eintitis dhlíthiúla phoiblí nó phríobháideacha ó thrí Bhallstát ar a laghad, nó teaglaim díobh sin, d’fhonn ionadaíocht leathan ar fud an Aontais a bhaint amach. Ach pearsantacht dhlítheanach a bheith aige, bheadh dóthain neamhspleáchais ag ECIC chun a bhallraíocht, a rialachas, a chistiú, a bhuiséad, na socruithe le haghaidh ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil óna chomhaltaí, agus an comhordú agus bainistiú a dhéantar ar mhaoin intleachtúil agus modhanna oibre a leagan síos. Ba cheart comhaltaí ECIC a bheith in ann lánsolúbthacht a bheith acu maidir leis an dlí is infheidhme, an suíomh reachtúil agus cearta vótála a chinneadh. Ba cheart roghnú na n-eintiteas dlíthiúil poiblí agus príobháideach lena gcuirtear plean oibre ECIC chun feidhme a bheith cothrom, trédhearcach agus oscailte. Chun rochtain chothrom chomhionann ar rannpháirtíocht a áirithiú, ba cheart ECIC a bheith oscailte do chomhaltaí nua, eadhon Ballstáit nó eintitis dhlíthiúla phoiblí nó phríobháideacha, i gcaitheamh a shaolré. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, a bheith in ann dul isteach in ECIC tráth ar bith mar lánchomhaltaí nó mar bhreathnóirí, ach ba cheart d’eintitis dhlíthiúla phoiblí nó phríobháideacha eile a bheith in ann teacht isteach tráth ar bith ar théarmaí cothroma agus réasúnacha a shonraítear i reachtanna ECIC. Ba cheart do Bhord Údarás Poiblí an Chomhghnóthais um Shliseanna a bheith in ann oscailteacht ECIC a fhíorú agus a mholadh go ndéanfaí bearta feabhais áirithe i gcás inar gá. Níor cheart bunú iarbhír comhlachta nua de chuid an Aontais a bheith i gceist le ECIC a bhunú. Ba cheart dó aghaidh a thabhairt ar an mbearna atá i mbosca uirlisí an Aontais maidir le cistiú ó na Ballstáit, ó bhuiséad an Aontais agus ó infheistíocht phríobháideach a chomhcheangal chun gníomhaíochtaí sonracha a dtacaíonn an Tionscnamh leo a chur chun feidhme. Níor cheart don Choimisiún a bheith ina bhall de ECIC.

(26)

I gcás nach n-áirítear eintitis phríobháideacha le comhaltas ECIC, aithneofar mar chomhlacht idirnáisiúnta é de réir bhrí Airteagal 143(1), pointe (g), agus Airteagal 151(1) pointe (b), de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle (9) agus mar eagraíocht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 11(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2020/262 ón gComhairle (10). Níor cheart ECIC a aithint mar chomhlacht idirnáisiúnta den sórt sin ná mar eagraíocht idirnáisiúnta den sórt sin má tá eintitis phríobháideacha i measc a chomhaltaí.

(27)

Tá T&F laistigh den Aontas níos neamhchosanta ar chleachtais darb aidhm faisnéis rúnda, rún trádála, agus sonraí cosanta a chúbláil, mar shampla goid maoine intleachtúla, aistrithe éigeantacha teicneolaíochta agus spiaireacht eacnamaíoch. Chun drochthionchair ar leasanna an Aontais agus ar chuspóirí an Tionscnaimh a chosc, is gá cur chuige a ghlacadh chun a áirithiú go gcosnófar rochtain ar fhaisnéis íogair nó ar thorthaí íogaire agus a n-úsáid, lena n-áirítear sonraí agus fios gnó, slándáil agus aistriú úinéireachta torthaí chomh maith le hinneachar atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla a ghintear i ndáil le gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Tionscnamh leo nó mar thoradh orthu. Chun an chosaint sin a áirithiú, aon ghníomhaíocht a fhaigheann tacaíocht ón Tionscnamh agus a chistítear le Clár Fís Eorpach agus leis an gClár don Eoraip Dhigiteach ba cheart dóibh forálacha ábhartha na gClár sin a leanúint, mar shampla maidir le rannpháirtíocht eintiteas atá bunaithe i dtríú tíortha atá comhlachaithe leis an gclár, comhaontuithe deontais, úinéireacht agus cosaint, slándáil, saothrú agus scaipeadh, aistriú agus ceadúnú agus cearta rochtana. Is féidir forálacha sonracha a leagan síos agus na Cláir sin á gcur chun feidhme, go háirithe maidir le teorainneacha ar aistrithe agus ceadúnú i gcomhréir le hAirteagal 40(4) de Rialachán (AE) 2021/695, agus teorainn le rannpháirtíocht eintiteas dlítheanach atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe sonraithe nó i dtríú tíortha eile mar gheall ar chúiseanna bunaithe ar shócmhainní straitéiseacha, leasanna, uathriail nó slándáil an Aontais agus a Bhallstát, i gcomhréir le hAirteagal 22(5) de Rialachán (AE) 2021/695 agus le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694. Ina theannta sin, ba cheart láimhseáil faisnéise íogaire, slándáil, rúndacht, cosaint rún trádála agus cearta maoine intleachtúla a rialú le dlí an Aontais, lena n-áirítear Treoracha (AE) 2016/943 (11) agus 2004/48/CE (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leis an dlí náisiúnta. Is féidir leis an gCoimisiún agus na Ballstáit aistrithe teicneolaíochta a chosaint ar chúiseanna a bhaineann le leasanna slándála an Aontais agus náisiúnta maidir le hinfheistíochtaí a dhéantar i saoráidí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13).

(28)

Chun rochtain ar shaineolas teicniúil a éascú agus chun scaipeadh eolais a áirithiú ar fud an Aontais, agus tacaíocht a áirithiú do thionscnaimh scileanna éagsúla, ba cheart líonra d’ionaid inniúlachta a bhunú. Chuige sin, ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna an nós imeachta chun lárionaid inniúlachta a bhunú a leagan síos, lena n-áirítear na critéir roghnúcháin, chomh maith le sonraí breise maidir le cur chun feidhme na gcúraimí agus na bhfeidhmeanna dá dtagraítear sa Rialachán seo. Is é an Comhghnóthas um Shliseanna ba cheart na lárionaid inniúlachta a roghnú lena gcomhdhéanfar an líonra agus ba cheart uathriail shubstaintiúil fhoriomlán a bheith ag na lárionaid sin chun a n-eagrúchán, a gcomhdhéanamh agus a modhanna oibre a leagan síos. Mar sin féin, lena n-eagar, a gcomhdhéanamh agus a modhanna oibre ba cheart cuspóirí an Rialacháin seo agus an Tionscnaimh a chomhlíonadh, agus ba cheart dóibh rannchuidiú leis na cuspóirí sin.

(29)

Ba cheart do lárionaid inniúlachta rannchuidiú leis an Aontas a choimeád i dtús cadhnaíochta maidir le cumais taighde, forbartha agus nuálaíochta agus deartha sliseanna trí dhíriú ar thaighde, forbairt, nuálaíocht agus dearadh a chur chun cinn, mar aon le béim a chur ar an monaraíocht. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, tá sé ríthábhachtach poitéinseal agus scileanna daonna a chur chun cinn trí oideachas in ábhair eolaíochta, theicneolaíochta, innealtóireachta agus mhatamaitice (ETIM) go dtí an leibhéal iardhochtúireachta. Go háirithe, ba cheart lárionaid inniúlachta seirbhísí a chur ar fáil do na geallsealbhóirí leathsheoltóra, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna. I measc na samplaí a bheadh ann de seo tá rochtain ar línte píolótacha agus ar an ardán dearthóireachta fíorúil a éascú, oiliúint agus forbairt scileanna a chur ar fáil, tacaíocht a thabhairt chun infheisteoirí a aimsiú, úsáid a bhaint as inniúlachtaí áitiúla atá ann cheana nó teagmháil a dhéanamh leis na ceartingearacha ábhartha. Ba cheart na seirbhísí a sholáthar ar bhonn oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach. Ba cheart do gach ionad inniúlachta nascadh le agus bheith páirteach i Líonra Eorpach na lárionad inniúlachta maidir le leathsheoltóirí agus feidhmiú mar phointe rochtana ar nóid eile an líonra. I ndáil leis an méid sin, ba cheart uasmhéadú a dhéanamh ar shineirgí le struchtúir chomhchosúla atá ann cheana, mar shampla na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach arna bhunú faoin gClár Fís Eorpach. Mar shampla, d’fhéadfadh na Ballstáit an Mol Eorpach maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach atá ann cheana agus é dírithe ar leathsheoltóirí a ainmniú mar lárionad inniúlachta chun críocha an Rialacháin seo, ar choinníoll nach sáraítear an toirmeasc ar mhaoiniú dúbailte.

(30)

Is cumas ríthábhachtach é an dearadh sliseanna chun aon nuálaíocht agus feidhmiúlacht a chur chun feidhme i réitigh leictreonacha a cuireadh in oiriúint do chur i bhfeidhm difriúil agus riachtanais úsáideoirí leathsheoltóirí. Dá réir sin, tá an dearadh sin i gcroílár an tslabhra luacha leathsheoltóra agus tá sé ríthábhachtach tacú le leathnú na gcumas dearthóireachta san Aontas. Chun aitheantas a thabhairt do phríomhról na n-ionad dearthóireachta agus an méid a chuireann siad le barr feabhais Eorpach i ndearadh ardsliseanna trí sheirbhísí a thairiscint nó trí scileanna dearthóireachta agus cumais san Aontas a neartú, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann lipéad a bhronnadh ar ‘lárionad dearthóireachta barr feabhais’. I bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun éiceachóras leathsheoltóra athléimneach a chumasú, ba cheart a mheas go bhfuil na lárionaid dearthóireachta barr feabhais chun leas an phobail. Chun cur le hathléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann bearta tacaíochta a chur i bhfeidhm, ar bhealach comhréireach, más FBManna iad na lárionaid dearthóireachta barr feabhais sin. Ní dochar an méid sin d’inniúlacht an Choimisiúin i réimse na Státchabhrach faoi Airteagail 107 agus 108 CFAE, i gcás inarb ábhartha, agus Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2022 dar teideal ‘Creat maidir le Státchabhair le haghaidh taighde agus forbartha agus nuálaíochta’ (‘creat státchabhrach T&F&N’). Is é is aidhm do chreat státchabhrach T&F&N gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta a éascú, gníomhaíochtaí nach dtarlódh, de dheasca teipeanna margaidh, in éagmais tacaíocht phoiblí. I ndáil leis sin, ar bhonn chreat státchabhrach T&F&N, féadfaidh na Ballstáit, faoi réir coinníollacha áirithe, na dreasachtaí is gá a sholáthar do chuideachtaí agus don phobal taighde chun na gníomhaíochtaí agus na hinfheistíochtaí tábhachtacha sin a dhéanamh sa réimse sin. Faoi chreat státchabhrach T&F&N, féadfar déine uasta cabhrach suas go dtí an leibhéal 80 % a cheadú do chabhair do thionscadail T&F d’fhiontair mheánmhéide agus suas le 90 % dóibh siúd atá ag fiontair bheaga. Ina theannta sin, chun sineirgí a uasmhéadú, d’fhéadfaí ionaid inniúlachta arna mbunú faoin Tionscnamh a dhíríonn ar dhearadh sliseanna úrscothacha iarratas a dhéanamh chun lipéad an lárionaid dearthóireachta barr feabhais a fháil. Ag an am céanna, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann lárionaid dearthóireachta barr feabhais a ainmniú mar a lárionaid inniúlachta a d’fhéadfaí a áireamh.

(31)

Chun bunú na n-acmhainneachtaí monaraíochta agus na n-acmhainneachtaí dearthóireachta gaolmhara is gá a spreagadh, agus ar an gcaoi sin slándáil an tsoláthair a áirithiú agus athléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais a neartú, d’fhéadfadh tacaíocht phoiblí a bheith iomchuí, ar choinníoll nach mbeidh saobhadh sa mhargadh inmheánach mar thoradh air sin. I ndáil leis sin, is gá comhchuibhiú a dhéanamh ar choinníollacha áirithe d’oibreoirí chun tionscadail shonracha a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais a rannchuidíonn le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach agus idirdhealú á dhéanamh idir dhá chineál saoráide, eadhon: saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE. Ba cheart gurb í an tsamhail ghnó an fachtóir idirdhealaitheach le haghaidh cáiliú mar cheachtar den dá chineál saoráide. Tairgeann teilgcheártaí oscailte AE acmhainneacht táirgeachta do ghnóthais eile. Táirgeann saoráidí táirgeachta comhtháite chun a gcríoch tráchtála féin agus féadfaidh siad céimeanna eile den slabhra soláthair a chomhtháthú ina samhail ghnó chomh maith le monaraíocht, mar shampla na táirgí a dhearadh agus a dhíol.

(32)

Le saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE, ba cheart acmhainneachtaí monaraithe leathsheoltóra a sholáthar nó acmhainneachtaí táirgthe trealaimh nó príomh-chomhpháirteanna le haghaidh an trealaimh sin a úsáidtear go príomha le haghaidh monaraíocht leathsheoltóra atá ceannródaíoch san Aontas agus a chuireann le slándáil an tsoláthair agus le hathléimneacht an éiceachórais leathsheoltóra sa mhargadh inmheánach. Is é an fachtóir cáilitheach le bheith ‘ceannródaíoch’ go ndéantar eilimint nuálach a thabhairt isteach sa mhargadh inmheánach maidir leis na próisis mhonaraíochta nó maidir leis an táirge deiridh a d’fhéadfaí é a bhunú ar nóid teicneolaíochta nua nó ar nóid teicneolaíochta atá ann cheana. D’fhéadfadh na heilimintí ábhartha nuálaíochta a bheith bainteach leis an nód teicneolaíochta nó ábhar foshraithe, nó cineálacha cur chuige as a n-eascraíonn feabhsuithe ar ríomhaireacht nó tréithe feidhmíochta eile, éifeachtúlacht fuinnimh, leibhéal slándála, sábháilteachta nó iontaofachta, chomh maith le comhtháthú feidhmiúlachtaí nua, mar shampla an intleacht shaorga, acmhainneacht cuimhne nó eile. Is samplaí freisin den nuálaíocht iad comhtháthú próiseas éagsúil as a dtagann gnóthachain éifeachtúlachta nó uathoibriú pacáistíochta agus cóimeála. Maidir le gnóthachain chomhshaoil, áirítear ar eilimintí nuálaíochta laghdú ar bhealach inchainníochtaithe ar an méid fuinnimh, uisce nó ceimiceán a úsáidtear, nó in-athchúrsáilteacht a fheabhsú. Féadfaidh na heilimintí nuálaíochta feidhm a bheith acu maidir le nóid teicneolaíochta aibí agus úrscothacha. Níor cheart an nuálaíocht sin a bheith i láthair go substaintiúil fós ná níor cheart gealltanas a bheidh tugtha í a thógáil laistigh den Aontas. Mar shampla, ní gá go bhfágfadh nuálaíocht den chineál céanna in T&F nó i dtáirgeadh ar mionscála nach gcáileodh an teicneolaíocht sin ina dhiaidh sin mar shaoráid ‘ceannródaíoch’. D’fhéadfadh cáiliú mar shaoráid ‘ceannródaíoch’ trí shaoráid nua nó saoráid atá uasghrádaithe go substaintiúil a shuiteáil.

(33)

I gcás ina gcuirfidh teilgcheárta oscailte AE acmhainneacht táirgeachta ar fáil do ghnóthais nach bhfuil baint acu le hoibreoir na saoráide, ba cheart don teilgcheárta oscailte AE deighilt fheidhmiúil leordhóthanach éifeachtach a bhunú, a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun chun malartú faisnéise rúnda idir táirgeacht inmheánach agus táirgeacht sheachtrach a chosc. Ba cheart feidhm a bheith aige sin maidir le haon fhaisnéis a fhaightear sna próisis dearthóireachta agus sna próisis mhonaraíochta tosaigh nó chúil.

(34)

Chun cáiliú mar shaoráidí táirgeachta comhtháite nó teilgcheártaí Oscailte AE ba cheart tionchar dearfach soiléir a bheith ag bunú na saoráide le héifeachtaí iarmharta thar an ngnóthas nó an Ballstát lena mbaineann ar shlabhra luacha leathsheoltóra an Aontais sa mheántéarma agus san fhadtéarma, d’fhonn slándáil soláthair agus athléimneacht an éiceachórais leathsheoltóra a áirithiú agus rannchuideofar le haistriú glas agus le haistriú digiteach an Aontais. Féadfar gníomhaíochtaí éagsúla darb aidhm éifeachtaí iarmharta dearfacha a chruthú a mheas chun críche cáilithe mar shaoráidí táirgeachta comhtháite nó mar theilgcheártaí oscailte AE. Is sampla díobh sin é rochtain a thabhairt ar shaoráidí monaraíochta i gcoinne táille mhargaidh; pacáistí deartha próisis a thabhairt do chuideachtaí dearthóireachta beaga nó don ardán dearthóireachta fíorúil; torthaí óna ngníomhaíochtaí T&F a scaipeadh; páirt a ghlacadh i gcomhar taighde le hollscoileanna agus institiúidí taighde Eorpacha; comhoibriú le húdaráis náisiúnta nó le hinstitiúidí oideachais agus gairme chun cur le forbairt scileanna; rannchuidiú le tionscadail taighde ar fud an Aontais; nó deiseanna tacaíochta tiomnaithe a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus do FBManna. Ba cheart an tionchar ar roinnt Ballstát, lena n-áirítear i ndáil leis na cuspóirí comhtháthaithe, a mheas mar cheann de na táscairí go bhfuil tionchar dearfach soiléir ag saoráid táirgeachta chomhtháite agus teilgcheárta oscailte AE ar an slabhra luacha leathsheoltóra san Aontas.

(35)

Tá sé tábhachtach nach mbeadh saoráidí táirgeachta comhtháite ná teilgcheártaí oscailte AE faoi réir cur i bhfeidhm seach-chríochach oibleagáidí seirbhíse poiblí arna bhforchur ag tríú tíortha a d’fhéadfadh an bonn a bhaint dá gcumas a mbonneagar, a mbogearraí, a seirbhísí, a saoráidí, a sócmhainní, a n-acmhainní, a maoin intleachtúil nó a bhfios gnó a úsáid, rudaí atá ag teastáil chun an oibleagáid a chomhlíonadh maidir le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo faoin Rialachán seo, agus lena mbeadh orthu gealltanas a thabhairt a dhéanamh.

(36)

I bhfianaise na forbartha tapa ar theicneolaíochtaí leathsheoltóra agus chun iomaíochas tionsclaíoch an Aontais a neartú amach anseo, ba cheart do shaoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE infheistíocht a dhéanamh san Aontas i nuálaíocht leanúnach d’fhonn dul chun cinn nithiúil a bhaint amach i dteicneolaíocht leathsheoltóra nó d’fhonn teicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile a ullmhú. I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart na saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE a bheith in ann tástáil agus turgnamh a dhéanamh ar fhorbairtí nua trí rochtain fhabhrach a thabhairt ar na línte píolótacha arna mbunú ag an Tionscnamh, trí iarratais bhrostaithe ar a gcuid seirbhísí. Níor cheart le haon rochtain fhabhrach a thabharfaí, rochtain éifeachtach aon ghnóthais leasmhair eile ar théarmaí cothroma ar na línte píolótacha a eisiamh ná a chosc, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna.

(37)

Ag cur san áireamh a thábhachtaí atá lucht saothair cáilithe agus oilte chun cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach, ba cheart do shaoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE tacú le píblíne thalainne an Aontas trí oiliúint oideachais agus scileanna a fhorbairt agus a imscaradh agus tríd an líon lucht saothair cáilithe agus oilte a mhéadú.

(38)

Chun go mbeidh nós imeachta aonfhoirmeach trédhearcach ann chun an stádas a bhaint amach mar shaoráid táirgeachta chomhtháite nó mar theilgcheárta oscailte AE, ba cheart don Choimisiún an cinneadh lena ndeonaítear an stádas sin a ghlacadh tar éis do ghnóthas aonair nó do chuibhreannas ina bhfuil roinnt gnóthas iarratas a dhéanamh. Ba cheart an stádas a bheith ar oscailt chun saoráid monaraíochta leathsheoltóra nua a shuiteáil agus chun saoráid monaraíochta leathsheoltóra atá ann cheana a uas-scálú nó a chlaochlú go nuálach. Chun an tábhacht a bhaineann le cur chun feidhme comhordaithe comhoibritheach na saoráide atá beartaithe a chur san áireamh, maidir le Ballstát amháin nó níos mó ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir saoráidí den sórt sin a bhunú ba cheart don Choimisiún a ullmhacht nó a n-ullmhacht tacú leis an mbunú a chur san áireamh ina mheasúnú. Thairis sin, agus measúnú á dhéanamh ar indéantacht an phlean gnó, d’fhéadfadh an Coimisiún taifead foriomlán an iarratasóra a chur san áireamh.

(39)

I bhfianaise na gceart a bhaineann le haitheantas mar shaoráid táirgeachta chomhtháite nó mar theilgcheárta oscailte AE, ba cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh le feiceáil an leanann na saoráidí ar deonaíodh an stádas sin dóibh de na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh. Murab amhlaidh an cás a thuilleadh, ba cheart an ceart a bheith ag an gCoimisiún an stádas a athscrúdú agus, más gá, a aisghairm agus, dá réir sin, na cearta a ghabhann leis an stádas sin a aisghairm. Níor cheart aon chinneadh maidir le haisghairm an stádais a dhéanamh ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí agus ba cheart é a bheith cuí-réasúnaithe. Dá réir sin, ba cheart an deis a bheith ag an ngnóthas a bhfuil saoráid táirgeachta chomhtháite nó teilgcheárta oscailte AE á hoibriú aige a iarraidh go réamhghníomhach go ndéanfaí athbhreithniú ar ré an stádais nó na bpleananna cur chun feidhme i gcás ina bhféadfadh imthosca seachtracha gan choinne, mar shampla bristeacha tromchúiseacha ag a mbíonn tionchar díreach eacnamaíoch ar an tsaoráid aitheanta, tionchar a imirt ar a chumas na critéir a chomhlíonadh. Chun a chur san áireamh gur le linn na tréimhse bunaíochta a dheonaítear formhór na gceart, ba cheart saoráidí a bheith fós faoi réir na hoibleagáide orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a chomhlíonadh fiú i gcás ina n-aisghairfí an stádas don tréimhse atá fágtha go dtí go mbeadh an stádas imithe in éag.

(40)

I bhfianaise a thábhachtaí atá siad chun slándáil an tsoláthair a áirithiú agus chun éiceachóras leathsheoltóra athléimneach a chumasú, ba cheart a mheas go bhfuil saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE chun leas an phobail. Tá sé tábhachtach freisin slándáil an tsoláthair leathsheoltóra a áirithiú i gcomhair digiteáil lena gcumasaítear an t-aistriú glas in go leor earnálacha eile. Chun infheistíochtaí a mhealladh chuig earnáil leathsheoltóra an Aontais agus chun rannchuidiú le cinnteacht soláthair leathsheoltóra agus athléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais, féadfaidh na Ballstáit bearta tacaíochta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear dreasachtaí, agus foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht riaracháin i nósanna imeachta náisiúnta um dheonú ceadanna le haghaidh saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE. Ní dochar an méid sin d’inniúlacht an Choimisiúin i réimse na Státchabhrach faoi Airteagail 107 agus 108 CFAE, i gcás inarb ábhartha. Chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha maidir leis an státchabhair i bhfeidhm i gceart agus go héifeachtúil, sa teachtaireacht uaidh an 8 Feabhra 2022 dar teideal ‘Ionstraim um Shliseanna don Eoraip’, d’aithin an Coimisiún cheana féin an gá atá le measúnú cás ar chás maidir le státchabhair a dheonaítear do shaoráidí táirgeachta leathsheoltóra ardfhorbartha d’fhonn cinnteacht soláthair agus athléimneacht shlabhra soláthair an Aontais a choimirciú agus, ag an am céanna, tionchair dhearfacha shuntasacha a ghiniúint don gheilleagar i gcoitinne. Ina theannta sin, déanfar na nósanna imeachta maidir le haitheantas a thabhairt do shaoráidí táirgeachta comhtháite’ nó teilgcheártaí oscailte AE’ agus chun státchabhair a údarú, i gcás inarb infheidhme, ag an am céanna chun dlús a chur leis an bpróiseas cinnteoireachta. Ba cheart do na Ballstáit tacú le bunú saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí Oscailte AE i gcomhréir le dlí an Aontais. Agus bearta tacaíochta á gcur ar fáil do shaoráidí táirgeachta comhtháite agus do theilgcheártaí oscailte AE, ba cheart na Ballstáit a bheith in ann breithniú a dhéanamh ar cheanglais neamh-idirdhealaitheach a bhunú a bhaineann le cosaint agus slándáil intleachtúil, lena n-áirítear cibearshlándáil, agus rúndacht agus féadfaidh siad bearta maolaithe a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí sonracha a bhaineann leis an gcur isteach, le haistrithe éigeantacha teicneolaíochta, agus le goid maoine intleachtúla a dhéanann eintitis ó thríú tíortha.

(41)

Chun bunú na gcumas dearthóireachta gaolmhar is gá a spreagadh, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil do na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir leis na rialacha maidir le Státchabhair ar bhonn Airteagail 107 agus 108 CFAE, lena n-áirítear faoi chreat státchabhrach T&F&N nó Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 (14) ón gCoimisiún..

(42)

Ní mór saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE a bhunú a luaithe is féidir, agus an t-ualach riaracháin a choinneáil chomh héadrom agus is féidir. Ar an gcúis sin, ba cheart do na Ballstáit iarratais a phróiseáil a bhaineann le pleanáil, tógáil agus oibriú saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE ar an mbealach is tapa is féidir. Ba cheart do na Ballstáit bheith in ann údarás a cheapadh a éascóidh agus a chomhordóidh na próisis deonaithe ceadanna agus comhordaitheoir a cheapadh, a fhéadfaidh a bheith ina phointe teagmhála aonair don tionscadal. Thairis sin, i gcás inar gá chun maolú a dheonú faoi Threoir 92/43/CEE (15) ón gComhairle agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), féadfar a mheas go bhfuil bunú agus oibriú na saoráidí sin chun leasa phoiblí sháraithigh de réir bhrí na Rialacháin sin, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile a leagtar amach sna forálacha seo. Tá seo gan dochar d’infheidhmeacht nó do chur chun feidhme dlí chomhshaoil eile an Aontais.

(43)

Tá gnólachtaí nuálacha ardteicneolaíochta níos neamhchosanta ar chleachtais darb aidhm faisnéis rúnda, rúin trádála, agus sonraí cosanta a chúbláil, mar shampla goid maoine intleachtúla, cóipeáil neamhúdaraithe, aistrithe éigeantacha teicneolaíochta, spiaireacht eacnamaíoch nó sárú ceanglas rúndachta, arna ndéanamh laistigh den Aontas agus go háirithe lasmuigh de. Cuireann a bhfuil ag titim amach le déanaí, mar shampla eisfhoinsiú méadaithe, slabhraí luacha domhanda níos faide, agus méadú ar úsáid na teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide leis an riosca a bhaineann leis na cleachtais sin. I gcás ina ndéantar faisnéis rúnda, rúin trádála, agus sonraí cosanta a fháil, a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach, cuirtear isteach ar chumas na n-iarrachtaí nuálaíochta torthaí ar thús cadhnaíochta a bhaint amach. Chun cosaint faisnéise rúnda, rúin trádála, agus sonraí cosanta a áirithiú, ba cheart an Rialachán seo a chur chun feidhme ar bhealach a urramaíonn go hiomlán creat an Aontais agus creat idirnáisiúnta maidir le sonraí agus cosaint agus forfheidhmiú maoine intleachtúla, lena n-áirítear, Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), Treoracha 2004/48/CE agus (AE) 2016/943 agus Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (18). Chun aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar na príomhrioscaí sa slabhra soláthair, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear le Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19) measúnuithe riosca slándála comhordaithe a dhéanamh ar shlabhraí soláthair criticiúla, mar a dhéantar le haghaidh líonraí 5G i gcomhréir le Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún (20), agus é mar aidhm leis sin bagairtí agus leochaileachtaí ábhartha a shainaithint, de réir earnála, agus bearta, pleananna maolaithe agus dea-chleachtais a shainaithint chun spleáchais chriticiúla, pointí aonair féideartha teipe, bagairtí, leochaileachtaí agus rioscaí eile a bhaineann leis an slabhra soláthair a chomhrac.

(44)

Bhainfeadh an margadh inmheánach an-tairbhe as comhchaighdeáin le haghaidh sliseanna a mhonaraítear go hinbhuanaithe, atá iontaofa agus atá slán. Beidh ar ghairis chliste, córais chliste agus ardáin nascachta chliste a bheidh ann amach anseo brath ar ardsliseanna leathsheoltóra agus beidh orthu ceanglais ghlasa, iontaoibhe agus chibearshlándála a chomhlíonadh, ceanglais a bheidh ag brath den chuid is mó ar ghnéithe den bhunteicneolaíocht. Chuige sin, ba cheart don Aontas nósanna imeachta tagartha deimhniúcháin a fhorbairt agus ceangal a chur ar an tionscal na nósanna imeachta sin a fhorbairt go comhpháirteach le haghaidh earnálacha agus teicneolaíochtaí sonracha a bhféadfadh tionchar mór sóisialta a bheith acu.

(45)

I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí agus le rannpháirtíocht chuí na ngeallsealbhóirí, na hearnálacha agus na táirgí a bhraitheann ar theicneolaíochtaí leathsheoltóra nó a bhaineann úsáid fhorleathan astu agus a bhfuil sliseanna atá glas, iontaofa agus slán de dhíth orthu a shainaithint; D’fhéadfadh sainaithint na n-earnálacha agus na dtáirgí glacadh a spreagadh i gcás caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta maidir le bainistiú riosca.

(46)

I bhfianaise chastachtaí an tslabhra soláthair leathsheoltóra agus an riosca go mbeidh ganntanais amach anseo, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le hionstraimí le haghaidh cur chuige comhordaithe maidir le mapáil straitéiseach agus faireachán a dhéanamh ar an earnáil leathsheoltóra agus dul i ngleic go héifeachtach le haon bhristeacha a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhargadh ar bhealach comhréireach.

(47)

Ba cheart é a bheith mar chuspóir ag mapáil straitéiseach ar an earnáil leathsheoltóra anailís a sholáthar ar láidreachtaí agus laigí an Aontais sna hearnálacha domhanda leathsheoltóra d’fhonn bonn a chur ar fáil do bhearta chun slándáil soláthair agus athléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais a áirithiú. Chuige sin, ba cheart, leis an mapáil straitéiseach, tosca a shainaithint mar shampla príomhtháirgí agus bonneagair chriticiúla sa mhargadh inmheánach a bhíonn ag brath ar sholáthar leathsheoltóirí, príomhthionscail úsáideoirí agus a riachtanais reatha agus ionchasacha, príomhchodanna de shlabhra soláthair leathsheoltóra an Aontais, saintréithe teicneolaíocha, spleáchais ar theicneolaíocht agus soláthraithe tríú tíortha, agus scrogaill in earnáil leathsheoltóra an Aontais, riachtanais reatha agus ionchasacha scileanna agus rochtana ar lucht saothair cáilithe agus, i gcás inarb iomchuí, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag bearta an bhosca uirlisí éigeandála. Ba cheart an mhapáil straitéiseach a bheith bunaithe ar shonraí atá ar fáil go poiblí agus ar bhonn tráchtála agus, más gá, ar na sonraí a fhaightear trí iarrataí deonacha ar fhaisnéis chuig gnóthais, i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí.

(48)

Chun bristeacha amach anseo i gcéimeanna éagsúla an tslabhra luacha leathsheoltóra san Aontas agus sa trádáil laistigh den Aontas a thuar agus chun ullmhú lena n-aghaidh, ba cheart don Choimisiún, le cúnamh ón mBord Eorpach um Leathsheoltóirí agus ar bhonn thoradh na mapála straitéisí, liosta táscairí luathrabhaidh a shainaithint agus a fhorbairt. D’fhéadfaí a áireamh ar na táscairí sin méaduithe neamhthipiciúla ar an aga tionscanta, infhaighteacht na n-amhábhar, na dtáirgí idirmheánacha agus an chaipitil dhaonna atá riachtanach chun leathsheoltóirí a mhonarú, nó trealamh monaraíochta iomchuí, an t-éileamh réamh-mheasta ar leathsheoltóirí san Aontas agus ar mhargaí domhanda, borradh praghsanna atá níos mó ná an ghnáthluaineacht praghsanna, tionchar timpistí, ionsaithe, tubaistí nádúrtha nó imeachtaí tromchúiseacha eile, tionchar beartas trádála, taraifí, srianta le honnmhairí, bacainní trádála agus bearta eile a bhaineann le trádáil, agus tionchar dúnta gnólachtaí, seachfhoinsiú nó fálacha príomhghníomhaithe margaidh. Ba cheart gníomhaíochtaí faireacháin an Choimisiúin a dhíriú ar na táscairí luathrabhaidh sin.

(49)

Mar gheall ar na slabhraí luacha leathsheoltóra le gníomhaithe éagsúla atá casta agus idirnasctha agus a bhíonn ag athrú go tapa, tá gá le cur chuige comhordaithe maidir le faireachán chun cur leis an gcumas rioscaí a mhaolú a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith acu ar sholáthar leathsheoltóirí agus chun feabhas a chur ar an tuiscint ar dhinimic na slabhraí luacha leathsheoltóra. Ba cheart don Choimisiún, i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, faireachán a dhéanamh ar an slabhra luacha leathsheoltóra lena ndíreofaí ar tháscairí luathrabhaidh agus ar dhea-chleachtais a shainaithint le haghaidh maolú riosca agus trédhearcacht mhéadaithe sa slabhra luacha leathsheoltóra ar bhealach nach gcuirfeadh ualach riaracháin iomarcach ar ghnóthais, go háirithe FBManna.

(50)

Chun an t-ualach ar ghnóthais a fhreagraíonn don fhaireachán a íoslaghdú agus chun a áirithiú gur féidir an fhaisnéis a fhaightear a thiomsú ar bhealach fóinteach, ba cheart don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le modhanna caighdeánaithe slána le haghaidh aon bhailiú faisnéise. Ba cheart a áirithiú leis na modhanna sin go gcaithfear le haon fhaisnéis a bhailítear faoi rún, chun rúndacht ghnó agus cibearshlándáil a áirithiú.

(51)

Ba cheart torthaí ábhartha, lena n-áirítear faisnéis arna cur ar fáil ag geallsealbhóirí ábhartha agus comhlachais tionscail ábhartha, a chur ar fáil don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí ionas gur féidir faisnéis a mhalartú go rialta agus chun an fhaisnéis a chomhtháthú i bhforbhreathnú faireacháin ar na slabhraí luacha leathsheoltóra.

(52)

Chun na gníomhaíochtaí faireacháin sin a chumasú, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát liosta teagmhála a bhunú de na gnóthais ábhartha uile a oibríonn feadh an tslabhra soláthair leathsheoltóra arna bhunú ar a gcríoch náisiúnta. Ba cheart a cheadú leis an liosta sin freagróirí iomchuí na n-iarrataí ar fhaisnéis dheonach a shainaithint. Níor cheart é a bheith riachtanach don liosta sin a bheith uileghabhálach. Ba cheart an liosta a láimhseáil ar bhealach ina dtugtar lánurraim do na rialacha rúndachta is infheidhme.

(53)

Dá mbeadh acmhainní leordhóthanacha daonna, airgeadais agus teicniúla ar fáil, d’fhéadfaí na cúraimí faoin Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtúil agus chuideofaí leis na cuspóirí a leagtar amach ann a bhaint amach. Dá bhrí sin, gan dochar don nós imeachta buiséadach ná d’uathriail riaracháin, ba cheart don Choimisiún an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainní chun a áirithiú gur féidir leis a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach agus a chumhachtaí a fheidhmiú faoin Rialachán seo.

(54)

Glactar leis go bhfuil roinnt gnóthas a sholáthraíonn seirbhísí nó earraí leathsheoltóra bunriachtanach le haghaidh slabhra soláthair leathsheoltóra éifeachtach in éiceachóras leathsheoltóra an Aontais, i ngeall ar líon na ngnóthas de chuid an Aontais atá ag brath ar a dtáirgí, ar a sciar de mhargadh an Aontais nó den mhargadh domhanda, ar a dtábhacht chun leibhéal leordhóthanach soláthair a áirithiú nó ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag briseadh i soláthar a dtáirgí nó a seirbhísí. Ba cheart do na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, na príomhghníomhaithe margaidh sin ina gcríocha a shainaithint.

(55)

Faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/452, agus cinneadh á dhéanamh an dócha go ndéanfaidh infheistíocht dhíreach choigríche difear don tslándáil nó don ord poiblí, féadfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún na héifeachtaí a mheas a d’fhéadfadh a bheith aici ar theicneolaíochtaí ríthábhachtacha agus ar ítimí dé-úsáide mar a shainmhínítear iad in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle (21), lena n-áirítear leathsheoltóirí.

(56)

Mar chuid den fhaireachán, ba cheart do na Ballstáit sláine na ngníomhaíochtaí a dhéanann príomhghníomhaithe na margaí a mheas go sonrach. D’fhéadfadh an Ballstát lena mbaineann aird an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí a tharraingt ar shaincheisteanna den sórt sin.

(57)

Chun réamhaíocht a chumasú maidir le ganntanais a d’fhéadfadh a bheith ann, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta an Coimisiún a chur ar an eolas má fhaigheann siad amach go bhfuil riosca ann go mbeadh briseadh tromchúiseach sa soláthar leathsheoltóirí nó i gcás ina mbeidh faisnéis nithiúil iontaofa aige faoi aon fhachtóir nó teagmhas ábhartha eile a thiocfaidh chun cinn. Chun cur chuige comhordaithe a áirithiú, ba cheart don Choimisiún, i gcás ina bhfaighidh sé amach go bhfuil baol ann go dtarlódh briseadh tromchúiseach i soláthar leathsheoltóirí nó ina bhfuil faisnéis nithiúil nó iontaofa aige faoi aon toisc riosca ábhartha eile nó faoi aon teagmhas ábhartha eile a thagann chun cinn, nó ar fholáireamh a fháil ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta, cruinniú urghnách den Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí chun plé a dhéanamh ar dhéine an tsuaite agus ar thionscnamh féideartha an nós imeachta chun céim na géarchéime a ghníomhachtú, agus i gcás inarb iomchuí, riachtanach agus comhréireach do na Ballstáit soláthar comhpháirteach comhordaithe a dhéanamh mar bheart coisctheach, chomh maith le dul i mbun idirphlé le geallsealbhóirí, d’fhonn bearta coisctheacha den sórt sin a shainaithint, a ullmhú agus b’fhéidir a chomhordú. Ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí agus don Choimisiún, san idirphlé sin, tuairimí gheallsealbhóirí an tslabhra luacha leathsheoltóra a chur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin agus comhair le tríú tíortha ábhartha d’fhonn aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar bhristeacha sa slabhra soláthair, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta agus gan dochar do cheanglais nós imeachta.

(58)

Ba cheart an chéim ghéarchéime leathsheoltóra a chur i bhfeidhm nuair a bhíonn fianaise nithiúil thromchúiseach iontaofa ann go bhfuil géarchéim den sórt sin ann. Tarlaíonn géarchéim leathsheoltóra i gcás ina bhfuil briseadh tromchúiseach ar sholáthar leathsheoltóirí nó bacainní tromchúiseacha ar thrádáil leathsheoltóirí laistigh den Aontas, rud is cúis le ganntanais shuntasacha leathsheoltóirí, táirgí idirmheánacha nó amhábhar nó ábhar próiseáilte, agus cuireann na ganntanais shuntasacha sin cosc ar sholáthar, deisiú agus cothabháil táirgí riachtanacha a úsáideann earnálacha criticiúla, mar shampla trealamh leighis agus diagnóiseach, sa mhéid go mbeadh tionchar díobhálach tromchúiseach aige ar fheidhmiú na n-earnálacha criticiúla i ngeall ar a dtionchar ar shochaí, ar gheilleagar agus ar shlándáil an Aontais.

(59)

D’fhonn freagairt lúfar agus éifeachtach a áirithiú ar an ngéarchéim leathsheoltóra sin, i gcás ina dtiocfadh an Coimisiún ar an eolas faoi ghéarchéim leathsheoltóra fhéideartha, ba cheart dó measúnú a dhéanamh an gcomhlíontar na coinníollacha chun an ghéarchéim a ghníomhachtú. Má chruthaíonn an measúnú sin fianaise nithiúil, thromchúiseach agus iontaofa ar ghéarchéim leathsheoltóra, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann togra a chur faoi bhráid na Comhairle chun an chéim ghéarchéime a chur i ngníomh ar feadh tréimhse réamhchinntithe 12 mhí ar a mhéad, agus tuairim an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí á cur san áireamh. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le fadú nó foirceannadh luath na céime géarchéime agus an nós imeachta sin a thionscnamh, i gcás ina bhfionnfaí an gá sin, agus an tuairim ón mBord Eorpach um Leathsheoltóirí á cur san áireamh.

(60)

Mar gheall ar a íogaire atá gníomhachtú na céime géarchéime agus na bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh mar fhreagairt air, lena n-áirítear an tionchar suntasach a d’fhéadfadh a bheith ag na bearta sin ar ghnóthais phríobháideacha san Aontas, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle gníomh cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis an gcéim ghéarchéime a ghníomhachtú, a fhadú agus a fhoirceannadh i ngéarchéim leathsheoltóra.

(61)

Tá dlúthchomhar idir an Coimisiún agus na Ballstáit agus beidh an comhordú a dhéantar ar aon bhearta náisiúnta maidir leis an slabhra soláthair leathsheoltóra fíor-riachtanach le linn na céime géarchéime d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhristeacha leis an gcomhleanúnachas, leis an athléimneacht agus leis an éifeachtacht is gá. Chuige sin, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí cruinnithe urghnácha a thionól de réir mar is gá. Ba cheart aon bheart a dhéantar a bheith teoranta go docht d’fhad na céime géarchéime.

(62)

D’fhonn freagairt thapa éifeachtúil chomhordaithe a fháil ón Aontas ar ghéarchéim leathsheoltóra, is gá faisnéis thráthúil cothrom le dáta a chur ar fáil don Choimisiún agus na Ballstáit tríd an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí maidir leis an staid oibríochtúil faoi mar atá sí ag titim amach agus trína áirithiú chomh maith go bhféadfar bearta éifeachtacha a dhéanamh chun soláthar leathsheoltóirí d’earnálacha ríthábhachtacha atá buailte a áirithiú. Ba cheart bearta iomchuí éifeachtacha comhréireacha a shainaithint agus a chur chun feidhme nuair a ghníomhachtaítear an chéim ghéarchéime gan dochar do rannpháirtíocht leanúnach idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann leis na comhpháirtithe ábhartha d’fhonn an ghéarchéim a bhíonn ag síorathrú a mhaolú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart don Choimisiún faisnéis a iarraidh ar ghnóthais feadh an tslabhra soláthair leathsheoltóra. Thairis sin, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann, i gcás inar gá agus inar comhréireach, oibleagáid a chur ar shaoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE glacadh le hordú maidir le táirgeadh na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, agus tosaíocht a thabhairt don ordú sin, agus gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh nuair a thugann na Ballstáit sainordú chuige sin. Ba cheart don Choimisiún na bearta a theorannú ionas nach mbeadh baint acu ach le hearnálacha ríthábhachtacha áirithe. Féadfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí measúnú a dhéanamh freisin agus comhairle a thabhairt maidir le bearta iomchuí éifeachtacha. Ina theannta sin, féadfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle a thabhairt maidir leis an ngá atá le bearta cosanta a thabhairt isteach de bhun Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (22). Ba cheart úsáid na mbeart éigeandála go léir a bheith comhréireach agus teoranta don mhéid is gá chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim leathsheoltóra chun leas an Aontais. Ba cheart don Choimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas go tráthrialta faoi na bearta a rinneadh agus faoi na cúiseanna foluiteacha. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, treoir bhreise a eisiúint faoi chur chun feidhme agus úsáid na mbeart éigeandála.

(63)

Tá roinnt earnálacha ríthábhachtach d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart na hearnálacha criticiúla sin na hearnálacha a liostú in iarscríbhinn a gabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart an liosta sin a bheith teoranta d’earnálacha agus fo-earnálacha na hIarscríbhinne arna liostú i dTreoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), an leagan atá i bhfeidhm an 19 Meán Fómhair 2023, lena gcuirtear leis earnálacha na cosanta agus na slándála, ar bhonn an ról tábhachtach atá acu maidir le feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha a áirithiú. Níor cheart bearta áirithe a ghlacadh ach amháin chun an soláthar d’earnálacha ríthábhachtacha a chinntiú. Féadfaidh an Coimisiún na bearta éigeandála a theorannú do roinnt de na hearnálacha sin nó do chodanna áirithe díobh nuair a bheidh an ghéarchéim leathsheoltóra tar éis cur isteach ar a n-oibriú nó nuair atá an bhagairt ann go gcuirfidh sí isteach ar a n-oibriú.

(64)

Is é is aidhm d’iarrataí ar fhaisnéis ó ghnóthais feadh an tslabhra soláthair leathsheoltóra atá bunaithe san Aontas le linn na céime géarchéime measúnú beacht a dhéanamh ar an ngéarchéim leathsheoltóra nó chun bearta maolaithe nó éigeandála féideartha a shainaithint agus a ullmhú ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí ar an bhfaisnéis sin cumas táirgeachta, acmhainneacht táirgeachta agus na príomhbhristeacha agus na príomhscrogaill láithreacha. D’fhéadfaí a áireamh ar na gnéithe sin stoc tipiciúil agus stoc reatha iarbhír na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime i saoráidí táirgeachta atá lonnaithe san Aontas chomh maith le saoráidí táirgeachta atá lonnaithe i dtríú tíortha ina n-oibríonn na gnóthais sin nó lena ndéanann siad conradh leo nó as a gceannaíonn siad soláthairtí; an gnáth-aga tionscanta agus an meán-aga tionscanta iarbhír reatha do na táirgí is coitianta a tháirgtear; an t-aschur táirgeachta ionchasach i gcomhair na 3 mhí ina dhiaidh sin le haghaidh gach saoráide táirgthe de chuid an Aontais; nó cúiseanna lena gcuirtear cosc ar líonadh na hacmhainneachta táirgeachta. Ba cheart an fhaisnéis sin a bheith teoranta don mhéid is gá chun measúnú a dhéanamh ar chineál na géarchéime leathsheoltóra nó na mbeart féideartha maolaithe nó éigeandála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta. Níor cheart soláthar faisnéise a bheith i gceist leis na hiarrataí ar fhaisnéis soláthar faisnéise a bheadh contrártha do leasanna slándála náisiúnta na mBallstát dá nochtfaí í. Féadfar an fhaisnéis nithiúil atá le hiarraidh a chinneadh ar bhonn comhairle roimh ré ó líon ionadaíoch gnóthas ábhartha trí chomhairliúchán deonach, i gcomhar leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí. Ba cheart aon iarraidh a bheith comhréireach, ba cheart aird a thabhairt léi ar aidhmeanna dlisteanacha an ghnóthais agus ar an gcostas agus ar an iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil, chomh maith le teorainneacha ama iomchuí a leagan amach maidir leis an bhfaisnéis arna hiarraidh a chur ar fáil. Ba cheart a cheangal ar ghnóthais an iarraidh a chomhlíonadh agus féadfaidh siad a bheith faoi réir pionóis má bhíonn siad neamh-chomhlíontach nó má chuireann siad faisnéis mhícheart ar fáil. Níor cheart aon fhaisnéis a fhaightear a úsáid ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus ba cheart í a bheith faoi réir rialacha rúndachta. Chun rannpháirtíocht iomlán na mBallstát ina bhfuil a láithreán táirgthe ag an ngnóthas a áirithiú, ba cheart don Choimisiún cóip den iarraidh ar fhaisnéis a chur ar aghaidh gan mhoill chuig an údarás inniúil náisiúnta agus, má iarrann an t-údarás inniúil náisiúnta amhlaidh, an fhaisnéis a fuarthas a roinnt leis an údarás inniúil sin trí mhodhanna slána. I gcás ina bhfaighfí gnóthas iarraidh ó thríú tír ar fhaisnéis a bhaineann lena ghníomhaíochtaí leathsheoltóra, ba cheart dó an Coimisiún a chur ar an eolas ionas go mbeidh an Coimisiún in ann measúnú a dhéanamh le fáil amach an bhfuil údar maith le hiarraidh ar fhaisnéis ón gCoimisiún.

(65)

Mar uirlis na rogha deiridh, chun a áirithiú gur féidir le hearnálacha ríthábhachtacha leanúint de bheith ag oibriú le linn géarchéime agus lena linn sin amháin nuair is gá agus nuair is comhréireach chun na críche sin, d’fhéadfadh an Coimisiún ceangal a chur ar shaoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE glacadh le horduithe maidir le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus tosaíocht a thabhairt dóibh. Ba cheart tairbhithe féideartha na n-orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a bheith ina n-eintitis ó earnálacha ríthábhachtacha nó gnóthais a sholáthraíonn d’earnálacha ríthábhachtacha ar tharla briseadh ina ngníomhaíochtaí nó ar baol dó sin tarlú mar gheall ar an nganntanas. Chun a áirithiú nach n-úsáidfear orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo ach amháin nuair is gá, ba cheart iad a theorannú do thairbhithe nach raibh in ann, tar éis dóibh bearta maolaithe riosca a chur chun feidhme, tionchar an ghanntanais a sheachaint, mar shampla trína gcleachtais soláthair, agus é a mhaolú, trí mhodhanna eile, mar shampla úsáid a bhaint as stoc-chairn a bhí ann cheana. Féadfar an oibleagáid sin a leathnú freisin chuig saoráidí monaraíochta leathsheoltóra inar glacadh leis an bhféidearthacht sin i gcomhthéacs ina bhfaightear tacaíocht phoiblí, más rud é go bhfuil an tacaíocht phoiblí sin dírithe ar an gcumas a chothú acmhainneacht táirgeachta a mhéadú. Ba cheart an cinneadh maidir le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a ghlacadh i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla uile an Aontais is infheidhme, ag féachaint d’imthosca an cháis. Ba cheart tosaíocht a bheith ag an oibleagáid maidir le rátáil tosaíochta ar aon oibleagáid feidhmíochta faoin dlí príobháideach nó poiblí agus ba cheart aird a thabhairt léi ar aidhmeanna dlisteanacha na ngnóthas agus ar an gcostas agus ar an iarracht is gá d’aon athrú ar sheicheamh na táirgeachta. Gach ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, ba cheart é a dhéanamh ar phraghas cóir réasúnta. Féadfaidh an praghas sin a ríomh ar bhonn na meánphraghsanna margaidh le blianta beaga anuas, faoi réir cúiseanna a thabhairt d’aon mhéadú, mar shampla boilsciú nó ardú i gcostais fuinnimh a chur san áireamh. Féadfaidh gnóthais a bheith faoi réir pionóis mura n-éiríonn leo an oibleagáid maidir le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a chomhlíonadh.

(66)

I gcás saoráidí a dhéanann ordú rátáilte tosaíochta, d’fhéadfadh sé a bheith tairbheach don Choimisiún, le cúnamh ón mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, agus do na Ballstáit dea-chleachtais a mhalartú maidir le forghníomhú na n-orduithe sin, lena n-áirítear dea-chleachtais riaracháin.

(67)

Ba cheart ceangal a bheith ar an ngnóthas lena mbaineann ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a ghlacadh agus tosaíocht a thabhairt dó. D’fhonn a áirithiú go mbeidh na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo ag teacht le hacmhainneachtaí agus le punann táirgthe na saoráide, ba cheart don Choimisiún an deis a thabhairt don tsaoráid lena mbaineann éisteacht a fháil maidir le hindéantacht agus sonraí an ordaithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis. Níor cheart don Choimisiún an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a eisiúint i gcás nach bhfuil an tsaoráid in ann an t-ordú a chomhlíonadh fiú má thugtar tosaíocht do, bíodh sé mar gheall ar chumas táirgthe neamhleor nó acmhainneacht táirgeachta neamhleor, nó ar fhorais theicniúla nó i gcás nach soláthraítear an táirge nó i gcás nach bhfuil an tseirbhís á feidhmiú ag an tsaoráid nó toisc go gcuirfeadh sé sin ualach eacnamaíoch míréasúnta agus cruatan ar leith ar an ngnóthas, lena n-áirítear rioscaí suntasacha a bhaineann le leanúnachas gnó.

(68)

Chun creat trédhearcach agus soiléir a áirithiú chun orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a chur chun feidhme, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe praiticiúla agus oibríochtúla. Ba cheart coimircí a bheith sa ghníomh cur chun feidhme sin chun a áirithiú go ndéanfar na horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabail na riachtanais agus na comhréireachta, mar shampla sásra lena gcuirtear san áireamh orduithe atá ann cheana agus sásra chun a áirithiú nach rachaidh líon na n-orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo thar a bhfuil riachtanach.

(69)

Sa chás eisceachtúil go bhfaighidh gnóthas atá ag oibriú feadh an tslabhra soláthair leathsheoltóra san Aontas iarraidh ó thríú tír ar ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, ba cheart dó an Coimisiún a chur ar an eolas faoi iarraidh den sórt sin, chun bonn eolais a chur faoi mheasúnú le fáil amach ar cheart don Choimisiún oibleagáid maidir le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a fhorchur chomh maith, i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ar shlándáil an tsoláthair d’earnálacha ríthábhachtacha, agus gur comhlíonadh ceanglais eile an riachtanais, na comhréireachta agus na dlíthiúlachta i gcúinsí an cháis.

(70)

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé slándáil an tsoláthair a áirithiú d’earnálacha ríthábhachtacha a bhfuil feidhmeanna sochaíocha ríthábhachtacha á ndéanamh acu, níor cheart dliteanas i leith damáistí do thríú páirtithe a bheith i gceist le comhlíonadh na hoibleagáide maidir le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a dhéanamh i leith aon sárú ar oibleagáidí conarthacha a d’fhéadfadh eascairt as na hathruithe sealadacha riachtanacha ar phróisis oibríochtúla an mhonaróra lena mbaineann, arna theorannú don mhéid a bhí an sárú ar oibleagáidí conarthacha riachtanach chun an tosaíocht shainordaithe a chomhlíonadh. Ba cheart do ghnóthais a d’fhéadfadh a bheith laistigh de raon feidhme ordaithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis an fhéidearthacht sin a thuar i gcoinníollacha a gconarthaí tráchtála. Gan dochar d’infheidhmeacht na bhforálacha eile, ní dhéanfaidh an díolúine sin ó dhliteanas difear don dliteanas i leith táirgí lochtacha, dá bhforáiltear i dTreoir 85/374/CEE ón gComhairle (24).

(71)

Leis an oibleagáid tosaíocht a thabhairt do tháirgeadh táirgí áirithe, urramaítear bunús na saoirse chun gnó a sheoladh agus na saoirse conradh a dhéanamh a leagtar síos in Airteagal 16 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus an chirt chun maoine a leagtar síos in Airteagal 17 den Chairt, agus ní dhéantar difear díréireach leis do na saoirsí ná don cheart sin. I gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt, déanfar foráil sa dlí maidir le haon teorannú ar na cearta sin sa Rialachán seo, déanfar bunús na gceart agus na saoirse sin a urramú, agus comhlíonfar prionsabal na comhréireachta.

(72)

Nuair a ghníomhachtaítear an chéim ghéarchéime, d’fhéadfadh dhá Bhallstát nó níos mó sainordú a thabhairt don Choimisiún an t-éileamh a chomhiomlánú agus gníomhú thar a gceann ar mhaithe lena soláthar poiblí chun leas an phobail, i gcomhréir le rialacha agus nósanna imeachta de chuid an Aontais atá ann cheana, rud a dhéanfadh giaráil ar chumhacht ceannaigh an Choimisiúin. Níor cheart ceannach comhpháirteach a úsáid ach amháin chun aghaidh a thabhairt ar bhristeacha ar leathsheoltóirí sa slabhra soláthair le linn géarchéime. Leis an sainordú, d’fhéadfaí a údarú don Choimisiún comhaontuithe a dhéanamh maidir le táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a cheannach le haghaidh earnálacha ríthábhachtacha áirithe. Ba cheart don Choimisiún an áirgiúlacht, an riachtanas agus an chomhréireacht a mheas i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí maidir le gach iarraidh. I gcás ina mbeartóidh sé gan an iarraidh a leanúint, ba cheart dó na Ballstáit lena mbaineann agus an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí a chur ar an eolas agus a chúiseanna a thabhairt. Ba cheart na mionsonraí nós imeachta a leagan amach i gcomhaontú den sórt sin idir an Coimisiún agus na Ballstáit rannpháirteacha, lena n-áirítear an cúiseanna le húsáid an tsásra ceannaigh chomhpháirtigh agus na dliteanais atá le glacadh. Féadfar a áireamh i gcomhaontú den sórt sin líon na gconarthaí atá le tabhairt i gcrích agus coinníollacha an chomhcheannaigh, mar shampla praghsanna, creataí ama seachadta, cainníochtaí agus clásail um rogha a bheith páirteach nó clásail um rogha gan a bheith páirteach. D’fhéadfadh sé gurb é an toradh a bheadh ar an gcomhcheannach go síneofaí conradh amháin lena gcumhdaítear riachtanais na mBallstát uile nó roinnt conarthaí a gcumhdaíonn gach ceann acu riachtanais Ballstáit amháin nó níos mó. Thairis sin, ba cheart na Ballstáit rannpháirteacha a bheith i dteideal ionadaithe a cheapadh chun treoraíocht agus comhairle a sholáthar le linn na nósanna imeachta soláthair agus i gcaibidlíocht na gcomhaontuithe ceannaigh. Ba cheart imscaradh, úsáid nó athdhíol na dtáirgí a cheannaítear leanúint de bheith faoi shainchúram na mBallstát rannpháirteach.

(73)

Le linn géarchéim ganntanais leathsheoltóra, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Aontas féachaint ar bhearta cosanta. Ba cheart an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí a bheith in ann a thuairimí a chur in iúl chun bonn eolais a chur faoi mheasúnú an Choimisiúin le fáil amach an ionann staid an mhargaidh agus ganntanas suntasach táirgí bunriachtanacha de bhun Rialachán (AE) 2015/479.

(74)

Ba cheart feidhm maidir leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí a bheith ag an gcreat institiúideach le haghaidh ghrúpaí saineolaithe, lena n-áirítear na rialacha trédhearcachta maidir leis an eintiteas agus a fhoghrúpaí, gan dochar don Rialachán seo. Ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle agus cúnamh a chur ar fáil don Choimisiún maidir le ceisteanna sonracha. Ba cheart an méid a leanas a bheith san áireamh leis na ceisteanna sin: comhairle a sholáthar faoin Tionscnamh do Bhord Údarás Poiblí an Chomhghnóthais um Shliseanna; faisnéis a mhalartú faoi fheidhmiú na saoráidí táirgeachta comhtháite agus theilgcheártaí oscailte AE; plé ar shainaithint earnálacha agus teicneolaíochtaí sonracha agus í a ullmhú, ar earnálacha agus teicneolaíochtaí iad le tionchar mór sóisialta féideartha agus a bhfuil tábhacht slándála ar leith ag baint leo agus a bhfuil gá acu le deimhniú le haghaidh táirgí iontaofa, agus aghaidh a thabhairt ar fhaireachán comhordaithe agus ar fhreagairt ar ghéarchéimeanna. Thairis sin, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú, agus comhar idir na Ballstáit mar aon le malartú faisnéise maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo a éascú. Ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí tuairimí a mhalartú leis an gCoimisiún freisin maidir leis na bealaí is fearr chun cosaint agus forfheidhmiú éifeachtach ceart maoine intleachtúla, faisnéise rúnda agus rún trádála agus rannpháirtíocht chuí na ngeallsealbhóirí i ndáil leis an earnáil leathsheoltóra á háirithiú. Ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí tacú leis an gCoimisiún chun comhar idirnáisiúnta a dhéanamh i gcomhréir leis na hoibleagáidí idirnáisiúnta. Ba cheart dó fónamh mar fhóram le haghaidh plé maidir le, inter alia, conas feabhas a chur ar an gcomhar feadh an tslabhra luacha leathsheoltóra domhanda gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle i gcomhréir leis na Conarthaí. Chun na críche sin, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí tuairimí na Comhghuaillíochta Thionsclaíoch um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra agus tuairimí geallsealbhóirí eile a chur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí comhordú le struchtúir eile freagartha ar ghéarchéimeanna agus ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna de chuid an Aontais, oibriú i gcomhar leo agus faisnéis a mhalartú leo, d’fhonn a áirithiú go mbeidh cur chuige comhleanúnach comhordaithe ag an Aontas a mhéid a bhaineann le freagairt ar ghéarchéimeanna agus bearta ullmhachta i gcomhair géarchéimeanna leathsheoltóra.

(75)

Ba cheart ionadaí ón gCoimisiún a bheith ina chathaoirleach ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí. Ba cheart do gach Ballstát ionadaí ardleibhéil amháin ar a laghad a cheapadh don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí. D’fhéadfaidís ionadaithe éagsúla a cheapadh freisin i ndáil le cúraimí éagsúla an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí, mar shampla, ag brath ar an gcuid den Rialachán seo a phléifear i gcruinnithe an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí. Chun comhairle thábhachtach a fháil maidir le gníomhaíochtaí an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí agus chun rannpháirtíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí a cheadú, ba cheart an Cathaoirleach a bheith in ann foghrúpaí a bhunú agus ba cheart an Cathaoirleach a bheith i dteideal socruithe oibre a bhunú trí chuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do bhreathnóirí páirt a ghlacadh sna cruinnithe ar bhonn ad hoc nó cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí, go háirithe d’eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna thionscal leathsheoltóra an Aontais, mar shampla an Chomhghuaillíocht Thionsclaíoch um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra, chuig a fhoghrúpaí mar bhreathnóirí.

(76)

Ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí cruinnithe ar leithligh a thionól maidir lena chúraimí i ndáil leis an Tionscanamh dá chúraimí i ndáil le slándáil an tsoláthair agus athléimneacht chomh maith le faireachán agus freagairt ar ghéarchéimeanna. Ba cheart do na Ballstáit féachaint le comhar éifeachtach éifeachtúil a áirithiú ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí. Ba cheart an Cathaoirleach a bheith ábalta malartuithe idir an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí agus comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí, agus grúpaí saineolaithe agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais a éascú. I bhfianaise a thábhachtaí atá soláthar leathsheoltóirí d’earnálacha eile agus an gá atá le comhordú dá bharr, ba cheart don Chathaoirleach a áirithiú go mbeidh institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais rannpháirteach mar bhreathnóirí i gcruinnithe an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí i ndáil leis an sásra faireacháin agus freagartha ar ghéarchéimeanna a bhunaítear sa Rialachán seo. Chun leanúint leis an obair tar éis chur chun feidhme Mholadh (AE) 2022/210 ón gCoimisiún (25), agus chun úsáid a bhaint aisti, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí cúraimí Shainghrúpa Leathsheoltóirí na hEorpa a dhéanamh. A luaithe a bheidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí ag feidhmiú, ba cheart deireadh a theacht leis an sainghrúpa sin.

(77)

Tá ról lárnach ag na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú an Rialacháin seo. I ndáil leis sin, ba cheart do gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó a ainmniú freagrach as an Rialachán seo a chur chun feidhme go héifeachtach agus ba cheart dóibh a áirithiú go bhfuil cumhacht leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha ag na húdaráis sin. Féadfaidh na Ballstáit údarás nó údaráis atá ann cheana a ainmniú. Chun éifeachtúlacht eagraíochta a mhéadú sna Ballstáit agus chun pointe teagmhála oifigiúil a shocrú i leith an phobail agus contrapháirteanna eile ar leibhéal an Aontais agus na mBallstát, lena n-áirítear an Coimisiún agus an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí, ba cheart do gach Ballstát pointe teagmhála náisiúnta amháin a ainmniú, laistigh de cheann de na húdaráis a d’ainmnigh sé mar údarás inniúil faoin Rialachán seo, le bheith freagrach as saincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo agus as comhar trasteorann le húdaráis inniúla na mBallstát eile a chomhordú.

(78)

Chun comhar iontaofa cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a urramú go háirithe chun cearta maoine intleachtúla, faisnéis ghnó íogair agus rúin cheirde a chosaint. Maidir le haon fhaisnéis a fhaightear le linn an chur i bhfeidhm mar shaoráid táirgeachta chomhtháite nó mar theilgcheárta oscailte AE, i gcomhthéacs iarrataí ar fhaisnéis nó oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoin Rialachán seo, níor cheart í a úsáid ach amháin chun críocha an Rialacháin seo agus ba cheart í a bheith cumhdaithe faoi oibleagáid na rúndachta gairmiúla i gcomhréir le hAirteagal 339 CFAE, chomh maith le rialacha inmheánacha an Choimisiúin maidir le láimhseáil shlán sonraí, go háirithe Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún (26). Ba cheart don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla náisiúnta, a n-oifigigh, a seirbhísigh agus daoine eile a oibríonn faoi mhaoirseacht na n-údarás sin, chomh maith le hoifigigh agus státseirbhísigh údarás eile de chuid na mBallstát, rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad le linn dóibh a gcúraimí agus gníomhaíochtaí a bheith á ndéanamh acu a áirithiú. Ba cheart feidhm a bheith aige sin freisin maidir leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí agus maidir leis an gCoiste Leathsheoltóirí a bhunaítear leis an Rialachán seo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart an Coimisiún a bheith in ann gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na socruithe praiticiúla a shonrú maidir le faisnéis rúnda a láimhseáil i gcomhthéacs an bhailithe faisnéise.

(79)

Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith infhorfheidhmithe trí bhíthin fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis. Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha a leagan síos i leith neamhchomhlíonadh iarrataí ar fhaisnéis agus oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoin Rialachán seo, agus leibhéil éagsúla tromchúise an neamhchomhlíonta idir an dá oibleagáid, agus uasteorainneacha éagsúla do FBManna, á gcur san áireamh. Ina theannta sin, ba cheart íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a leagan síos i gcás nach gcomhlíonfar an oibleagáid maidir le horduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo a ghlacadh agus a fheidhmiú, ar cheart dóibh a bheith comhréireach agus leibhéil na bpraghsanna ar an margadh le 90 lá roimhe sin a léiriú, agus uasteorainneacha éagsúla ann do FBManna. Ba cheart feidhm a bheith ag tréimhsí teorann maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí tréimhsiúla pionóis a fhorchur, sa bhreis ar na tréimhsí teorann chun pionóis a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún an ceart éisteachta a thabhairt don ghnóthas lena mbaineann nó d’eagraíochtaí ionadaíocha de chuid gnóthas.

(80)

D’fhonn athruithe teicneolaíocha agus forbairtí sa mhargadh a léiriú, chun cur chun feidhme agus meastóireacht éifeachtach an Tionscnaimh a áirithiú agus rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le lipéad na lárionad dearthóireachta barr feabhais, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún d’fhonn an Rialachán seo a leasú i dtaca leis na gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Tionscnamh leo ar bhealach atá comhsheasmhach lena chuspóirí agus i dtaca le táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Tionscnaimh agus chun tuairisciú a dhéanamh ar a dhul chun cinn maidir le baint amach a chuspóirí, agus d’fhonn an Rialachán seo a fhorlíonadh tríd an nós imeachta le haghaidh iarratais, na ceanglais agus coinníollacha a bhunú maidir leis an lipéad i dtaca le lárionaid dearthóireachta barr feabhais a dheonú, faireachán a dhéanamh air agus a tharraingt siar. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear é sin a dhéanamh ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (27). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(81)

Chun coinníollacha comhionanna a áirithiú maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir le roghnú ECICanna, ionas go mbainfear amach cuspóirí an Tionscnaimh, na socruithe praiticiúla agus oibríochtúla a leagan síos le haghaidh fheidhmiú na n-orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo, agus chun na socruithe praiticiúla a shonrú maidir le faisnéis rúnda a láimhseáil. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28).

(82)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat a bhunú chun an t-éiceachóras leathsheoltóra a neartú ar leibhéal an Aontais, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí na gníomhaíochta seo, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(83)

Chun go bhféadfar tús a chur le cur chun feidhme an Rialacháin seo a luaithe is féidir d’fhonn a chuspóirí a bhaint amach, ba cheart é a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar agus cuspóirí ginearálta

1.   Leis an Rialachán seo bunaítear creat chun an t-éiceachóras leathsheoltóra a neartú ar leibhéal an Aontais, go háirithe trí na bearta seo a leanas:

(a)

bunú an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip (‘an Tionscnamh’);

(b)

na critéir a leagan síos chun aitheantas agus tacaíocht a thabhairt do shaoráidí táirgeachta comhtháite ceannródaíocha agus teilgcheártaí oscailte AE ar saoráidí ceannródaíocha iad agus lena gcothófar slándáil an tsoláthair agus athléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais;

(c)

sásra comhordúcháin a bhunú idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun earnáil leathsheoltóra an Aontais a mhapáil agus faireachán a dhéanamh uirthi chomh maith le cosc agus freagairt ghéarchéime ar ghanntanais leathsheoltóirí agus, i gcás inarb ábhartha, dul i gcomhairle le geallsealbhóirí ón earnáil leathsheoltóirí.

2.   Is é an chéad chuspóir ginearálta atá ag Rialachán seo na dálaí is gá le haghaidh iomaíochas agus acmhainneacht nuálaíochta an Aontais a áirithiú agus oiriúnú an tionscail d’athruithe struchtúracha a áirithiú.

3.   Is é an dara cuspóir ginearálta, ar leithligh ón gcéad chuspóir ginearálta a leagtar amach i mír 2 agus go comhlántach leis, feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach de chuid an Aontais a leagan síos chun athléimneacht agus slándáil soláthair an Aontais a mhéadú i réimse na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘leathsheoltóir’ ceann díobh seo a leanas:

(a)

ábhar, lena n-áirítear nua-ábhair, bíodh an t-ábhar sin eiliminteach, nó comhdhúileach, ar féidir a sheoltacht leictreach a mhodhnú; nó

(b)

comhpháirt atá comhdhéanta de shraith sraitheanna d’ábhair leathsheoltacha, inslithe agus sheoltacha, arna leagan amach de réir pátrún réamhshocraithe, agus atá ceaptha chun feidhmeanna leictreonacha nó fótónacha dea-shainithe a dhéanamh, nó an dá rud;

(2)

ciallaíonn ‘slis’ gaireas leictreonach lena gcuimsítear eilimintí feidhmiúla éagsúla ar aon chuid amháin d’ábhar leathsheoltóra, gaireas arb iondúil dó a bheith i bhfoirm gairis chuimhne, loighce, phróiseálaí, optaileictreonaice agus analógacha;

(3)

ciallaíonn ‘slis chandamach’ gléas lena bpróiseáiltear faisnéis ar leibhéal na gcóras candamach aonair, ag a bhfuil leibhéal comhtháthaithe comhpháirteanna éagsúil ar an slis, ag brath ar an ardán candamach a úsáidtear, lena n-áirítear ardáin le haghaidh ríomhaireacht, cumarsáid, braiteacht nó méadreolaíocht chandamach;

(4)

ciallaíonn ‘nód teicneolaíochta’ próiseas monaraíochta leathsheoltóra sonrach agus a rialacha dearaidh;

(5)

ciallaíonn ‘slabhra soláthair leathsheoltóra’ an córas gníomhaíochtaí, eagraíochtaí, gníomhaithe, teicneolaíochta, faisnéise, acmhainní agus seirbhísí atá bainteach leis an táirgeadh leathsheoltóirí, lena n-áirítear amhábhair agus ábhair phróiseáilte, amhail gáis, trealamh monaraíochta, dearadh, lena n-áirítear forbairt bogearraí gaolmhara, déantúsaíocht, cóimeáil, tástáil agus pacáistiú;

(6)

ciallaíonn ‘slabhra luacha leathsheoltóra’ an tacar gníomhaíochtaí a bhaineann le táirge leathsheoltóra, óna cheapadh go dtí a úsáid deiridh, lena n-áirítear amhábhair agus ábhair phróiseáilte, mar shampla gáis, trealamh monaraíochta, taighde, forbairt agus nuálaíocht, dearadh, lena n-áirítear forbairt bogearraí gaolmhara, déantúsaíocht, tástáil, cóimeáil agus pacáistiú go leabú agus comhtháthú i dtáirgí deiridh, chomh maith le próisis deireadh ré, mar shampla athúsáid, díchóimeáil agus athchúrsáil;

(7)

ciallaíonn ‘líne phíolótach’ tionscadal turgnamhach nó gníomhaíocht thurgnamhach lena dtugtar aghaidh ar ardleibhéil ullmhachta teicneolaíochta ó leibhéil 3 go 8 chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar bhonneagar cumasúcháin ar gá leis chun táirge nó córas a thástáil, a léiriú, a bhailíochtú agus a chalabrú trí leas a bhaint as toimhdí na samhla;

(8)

ciallaíonn ‘comhordaitheoir’ eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus ar ball é de Chuibhreannas Eorpach um bonneagar sliseanna agus arna cheapadh ag gach comhalta den chuibhreannas chun bheith ina phríomhphointe teagmhála leis an gCoimisiún;

(9)

ciallaíonn ‘fiontair bheaga agus mheánmhéide’ nó ‘FBManna’ fiontair bheaga nó mheánmhéide mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (29);

(10)

ciallaíonn ‘cuideachta meánchaipitlithe beag’ cuideachta meánchaipitlithe beag mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Rialachán (AE) 2021/695;

(11)

ciallaíonn ‘saoráid cheannródaíoch’ saoráid monaraíochta leathsheoltóra nua nó uasghrádaithe go substaintiúil, nó saoráid chun trealamh a tháirgeadh chomh maith le príomh-chomhpháirteanna don trealamh sin, nó ar nithe iad a úsáidtear den chuid is mó i monaraíocht leathsheoltóra, saoráidí lena soláthraítear nuálaíocht maidir leis an bpróiseas monaraíochta nó táirge deiridh nach bhfuil ann go fóill nó nach bhfuil geallta a bheith tógtha laistigh den Aontas, lena n-áirítear nuálaíocht a bhaineann le feabhas a chur ar ríomh cumhachta nó ar leibhéal na slándála, na sábháilteachta nó na hiontaofachta, na feidhmíochta fuinnimh agus comhshaoil, an nóid teicneolaíochta nó na n-ábhar foshraithe teicneolaíochta, nó cur chun feidhme próiseas táirgthe as a n-eascraíonn gnóthachain éifeachtúlachta, nó a fheabhsaíonn in-athchúrsáilteacht, nó a laghdaíonn ionchuir táirgthe;

(12)

ciallaíonn ‘sliseanna den chéad ghlúin eile’ sliseanna a sháraíonn an leibhéal úrscothach maidir le feabhsuithe suntasacha ar fheidhmíocht fheidhmiúil, ar chumhacht ríomhaireachta nó ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur ar fáil, chomh maith le gnóthachain shuntasacha eile fuinnimh agus comhshaoil;

(13)

ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí leathsheoltóra den chéad ghlúin eile’ teicneolaíochtaí leathsheoltóra a sháraíonn an leibhéal úrscothach maidir le feabhsuithe suntasacha ar fheidhmíocht fheidhmiúil, ar chumhacht ríomhaireachta nó ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur ar fáil, chomh maith le gnóthachain shuntasacha eile fuinnimh agus comhshaoil;

(14)

ciallaíonn ‘teicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha’ nuálaíocht úrscothach maidir le sliseanna agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra nuair a chuirtear na tionscadail i gcrích;

(15)

ciallaíonn ‘monaraíocht leathsheoltóra’, aon cheann de chéimeanna táirgthe agus próiseála na sliseog leathsheoltóra, lena n-áirítear ábhair fhoshraithe, tosaigh agus chúil, atá riachtanach chun táirge leathsheoltóra críochnaithe a sheachadadh;

(16)

ciallaíonn ‘monaraíocht tosaigh’ próiseáil iomlán na sliseoige leathsheoltóra;

(17)

ciallaíonn ‘monaraíocht chúil’ pacáistiú, cóimeáil agus tástáil an táirge leathsheoltóra;

(18)

ciallaíonn ‘úsáideoirí leathsheoltóirí’ gnóthais a chuireann táirgí ar fáil ina n-ionchorpraítear leathsheoltóirí;

(19)

ciallaíonn ‘príomhghníomhaithe margaidh’ gnóthais i slabhra soláthair leathsheoltóra an Aontais, gnóthais a bhfuil a bhfeidhmiú iontaofa bunriachtanach don soláthar leathsheoltóirí;

(20)

ciallaíonn ‘earnáil chriticiúil’ aon earnáil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV;

(21)

ciallaíonn ‘táirge géarchéimábhartha’ leathsheoltóirí, táirgí idirmheánacha, agus amhábhair agus ábhair phróiseáilte a úsáideann earnálacha criticiúla go díreach nó a úsáidtear chun gléasanna a tháirgeadh a úsáideann earnálacha criticiúla a bhfuil gá leo chun leathsheoltóirí nó táirgí idirmheánacha a tháirgeadh, a ndéanann géarchéim leathsheoltóra difear dóibh agus atá ábhartha chun feidhmeanna ríthábhachtacha earnála criticiúla a áirithiú;

(22)

ciallaíonn ‘cumas táirgeachta’ an cumas atá ag saoráid cineálacha áirithe táirgí a tháirgeadh;

(23)

ciallaíonn ‘acmhainneacht táirgeachta’ aschur uasta féideartha saoráide.

(24)

ciallaíonn ‘rún trádála’ rún trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/943.

Caibidil II

An Tionscnamh Sliseanna don Eoraip

Airteagal 3

Bunú an Tionscnaimh

1.   Bunaítear an Tionscnamh ar feadh thréimhse an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, arna bhunú le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (30).

2.   Cuirfear tacaíocht ar fáil don Tionscnamh trí chistiú ón gClár Fís Eorpach agus ón gClár don Eoraip Dhigiteach, agus go háirithe Cuspóir Sonrach 6 den Chlár don Eoraip Dhigiteach, le haghaidh uasmhéid EUR 1.725 billiún agus EUR 1.575 billiún, faoi seach. Cuirfear an cistiú sin chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694 agus (AE) 2021/695.

Airteagal 4

Cuspóirí an Tionscnaimh

1.   Is é cuspóir ginearálta an Tionscnaimh fothú acmhainneachta teicneolaíche ar mórscála a bhaint amach agus tacú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara ar fud shlabhra luacha leathsheoltóra an Aontais chun forbairt agus imscaradh teicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha, teicneolaíochtaí leathsheoltóra na chéad ghlúine eile agus teicneolaíochtaí candamacha úrscothacha a chumasú agus nuálaíocht na dteicneolaíochtaí seanbhunaithe lena dtreiseofar ardacmhainneachtaí dearthóireachta, comhtháthaithe córas agus táirgthe sliseanna san Aontas, agus, ar an gcaoi sin, iomaíochas an Aontais a mhéadú. Rannchuideoidh sé freisin leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach a bhaint amach, go háirithe trí thionchar na gcóras leictreonach ar an aeráid a laghdú, trí inbhuanaitheacht sliseanna den chéad ghlúin eile a fheabhsú agus trí phróisis an gheilleagair chiorclaigh a neartú, trí rannchuidiú le poist ardcháilíochta laistigh den éiceachóras leathsheoltóra agus trí aghaidh a thabhairt ar phrionsabail slándáil trí dhearadh, ar prionsabail iad lena soláthraítear cosaint i gcoinne bagairtí cibearshlándála.

2.   Beidh na cúig chuspóir oibríochtúla seo a leanas ag an Tionscnamh:

(a)

cuspóir oibríochtúil 1: ardacmhainneachtaí dearthóireachta a fhorbairt le haghaidh teicneolaíochtaí leathsheoltóra comhtháite.

(b)

cuspóir oibríochtúil 2: feabhas a chur ar ardlínte píolótacha atá ann cheana agus ardlínte nua píolótacha a fhorbairt ar fud an Aontais chun teicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha agus teicneolaíochtaí na chéad ghlúine eile a fhorbairt agus a imscaradh;

(c)

cuspóir oibríochtúil 3: ardacmhainneachtaí teicneolaíochta agus innealtóireachta a fhothú chun dlús a chur le forbairt nuálach sliseanna candamacha úrscothacha agus teicneolaíochtaí gaolmhara leathsheoltóra;

(d)

cuspóir oibríochtúil 4: líonra lárionad inniúlachta a bhunú ar fud an Aontais, trí shaoráidí atá ann cheana a fheabhsú nó trí shaoráidí nua a chruthú;

(e)

cuspóir oibríochtúil 5: gníomhaíochtaí a dhéanamh, a dtabharfar tuairisc orthu go comhpháirteach mar ghníomhaíochtaí an ‘Chiste um Shliseanna’, chun rochtain ar mhaoiniú fiachais agus ar chothromas a éascú, lena n-áirítear trí threoir shoiléir a sholáthar, go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá i mbun fáis, FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga sa slabhra luacha leathsheoltóra, trí shaoráid mheasctha faoi Chiste InvestEU agus tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach.

3.   Féadfar gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara a áireamh ar cuspóirí oibríochtúla an Tionscnaimh. Maoineofar gach gníomhaíocht fothaithe acmhainneachta tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach agus déanfar na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara a chistiú trí Fhís Eorpach.

Airteagal 5

Ábhar an tionscnaimh

Déanfar an méid seo a leanas leis an Tionscnamh:

(a)

faoina chuspóir oibríochtúil 1:

(i)

ardán fíorúil nuálach a fhorbairt agus a chothabháil a bheidh ar fáil ar fud an Aontais, ina gcomhtháthófar saoráidí dearthóireachta atá ann cheana agus saoráidí dearthóireachta nua le leabharlanna leathnaithe agus uirlisí le haghaidh uathoibriú dearaidh leictreonaigh;

(ii)

na cumais dearthóireachta a leathnú trí fhorbairtí nuálacha a chothú, mar shampla ailtireachtaí próiseála foinse oscailte agus ailtireachtaí nuálacha eile, sliseanna, sliseanna in-ríomhchláraithe, cineálacha nua cuimhne, próiseálaithe, luasairí nó sliseanna ísealchumhachta, a thógtar i gcomhréir leis na prionsabail slándáil trí dhearadh;

(iii)

an t-éiceachóras leathsheoltóra a mhéadú trí earnálacha an mhargaidh ingearaigh a chomhtháthú mar shampla an tsláinte, an tsoghluaisteacht, an fuinneamh, an teileachumarsáid, an tslándáil, an chosaint agus an spás, rud a rannchuideofar le cláir oibre ghlasa, dhigiteacha agus nuálaíochta an Aontais;

(b)

faoina chuspóir oibríochtúil 2:

(i)

na cumais maidir le teicneolaíochtaí táirgeachta sliseanna agus trealamh monaraíochta den chéad ghlúin eile a neartú, trí ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chomhtháthú agus trí fhorbairt nóid teicneolaíochta na todhchaí a ullmhú, mar shampla nóid úrscothacha, teicneolaíochtaí sileacan lánídithe ar an inslitheoir, ábhair leathsheoltóirí nua nó comhtháthú córas ilchineálach agus cóimeáil agus pacáistiú modúl ardleibhéil le haghaidh méideanna arda, ísle agus meánacha;

(ii)

tacú le nuálaíocht ar mórscála trí rochtain a fháil ar línte píolótacha nua nó ar línte píolótacha atá ann cheana chun turgnamh, tástáil, rialú próisis, iontaofacht deiridh feiste agus bailíochtú a dhéanamh ar choincheapa nua dearthóireachta lena gcomhtháthaítear príomhfheidhmiúlachtaí;

(iii)

tacaíocht a sholáthar do shaoráidí táirgeachta comhtháite agus do theilgcheártaí oscailte AE trí rochtain fhabhrach ar na línte píolótacha nua, chomh maith le rochtain ar théarmaí cothroma ar línte píolótacha nua a áirithiú do réimse leathan úsáideoirí eiceachóras leathsheoltóra an Aontais;

(c)

faoina chuspóir oibríochtúil 3:

(i)

leabharlanna dearthóireachta nuálacha a fhorbairt le haghaidh sliseanna candamacha;

(ii)

tacú le forbairt línte píolótacha, seomraí glana agus teilgcheártaí atá nua nó atá ann cheana chun sliseanna candamacha a fhréamhshamhaltú agus a tháirgeadh chun ciorcaid chandamach agus leictreonaic rialaithe a chomhtháthú;

(iii)

saoráidí a fhorbairt chun sliseanna ardchandamacha a tháirgfear trí na línte píolótacha a thástáil agus a bhailíochtú, d’fhonn an lúb aischothaithe nuálaíochta idir dearthóirí, táirgeoirí agus úsáideoirí comhpháirteanna candamacha a dhúnadh;

(d)

faoina chuspóir oibríochtúil 4:

(i)

na hacmhainneachtaí a neartú agus réimse leathan saineolais a chur ar fáil do na geallsealbhóirí, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna is úsáideoirí deiridh, rud a éascóidh rochtain ar na hacmhainneachtaí agus na saoráidí dá dtagraítear san Airteagal seo, chomh maith lena n-úsáid éifeachtach;

(ii)

aghaidh a thabhairt ar an nganntanas feasa agus scileanna agus ar an mí-mheaitseáil scileanna trí dhaoine nua tréitheacha i réimsí an taighde, an deartha agus an táirgthe a mhealladh, a shlógadh agus a choinneáil agus trí thacú le teacht chun cinn lucht saothair atá oilte go cuí sna hábhair eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta agus matamaitice (ETIM) suas go dtí an leibhéal iardhochtúireachta chun an t-éiceachóras leathsheoltóra a neartú, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí dheiseanna oiliúna oiriúnacha a thairiscint do mhic léinn, mar shampla déchláir staidéir agus treoshuíomh mac léinn, chomh maith le hathsciliú agus uas-sciliú oibrithe;

(e)

faoina chuspóir oibríochtúil 5:

(i)

feabhas a chur ar éifeacht ghiarála chaiteachas bhuiséad an Aontais agus éifeacht iolraitheora níos airde a bhaint amach i dtaobh maoiniú a mhealladh ón earnáil phríobháideach;

(ii)

tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí a bhfuil deacrachtaí acu maoiniú a fháil, agus tabhairt faoi bhonn taca a chur faoi athléimneacht ar fud an Aontais agus na mBallstát;

(iii)

dlús a chur le inrochtaineacht ar infheistíocht agus í a fheabhsú sa réimse deartha sliseanna, monaraithe leathsheoltóra agus teicneolaíochtaí comhtháthúcháin, agus cistiú a ghiaráil ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon, agus slándáil an tsoláthair agus athléimneacht an éiceachórais leathsheoltóra a mhéadú don slabhra luacha leathsheoltóra ina iomláine san am céanna.

Airteagal 6

Sineirgí le cláir de chuid an Aontais

Cuirfear an Tionscnamh chun feidhme i sineirgíocht le cláir de chuid an Aontais i gcomhréir le hIarscríbhinn III. Áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfear bac ar bhaint amach na gcuspóirí, agus tairbhe á baint i gcláir de chuid an Aontais as cineál comhlántach an Tionscnaimh.

Airteagal 7

An cuibhreannas Eorpach um bonneagar sliseanna

1.   Chun gníomhaíochtaí a chisteofar faoin Tionscnamh a chur chun feidhme, féadfar eintiteas dlíthiúil a bhunú i bhfoirm cuibhreannais Eorpaigh um bonneagar sliseanna ECIC i gcomhréir leis an Airteagal seo. Féadfar níos mó ná ECIC amháin a bhunú.

2.   Maidir le ECIC:

(a)

beidh pearsantacht dhlítheanach aige ón dáta a thagann an gníomh cur chun feidhme ón gCoimisiún dá dtagraítear i mír 5 i bhfeidhm;

(b)

i ngach Ballstát lena mbaineann, beidh aige an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil d’eintitis dhlítheanacha faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin agus, go háirithe, an inniúlacht maoin inchorraithe, réadmhaoin agus maoin intleachtúil a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus féadfaidh sé conarthaí a thabhairt i gcrích agus a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla;

(c)

beidh oifig chláraithe amháin aige agus beidh an oifig sin lonnaithe ar chríoch Bhallstáit;

(d)

déanfaidh trí chomhalta (comhaltaí bunaidh), ar a laghad, é a chur ar bun, eadhon Ballstáit, nó eintitis dhlíthiúla phoiblí nó phríobháideacha ó thrí Bhallstát ar a laghad, nó teaglaim díobh sin, agus d’fhonn ionadaíocht leathan a bhaint amach ar fud an Aontais;

(e)

áiritheoidh sé, tar éis an gníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 5 a ghlacadh lena mbunaítear ECIC, go bhféadfaidh Ballstáit eile teacht isteach mar chomhaltaí tráth ar bith go bhféadfaidh eintitis dhlíthiúla phoiblí nó phríobháideacha eile teacht isteach mar chomhaltaí tráth ar bith ar théarmaí cothroma réasúnacha a shonraítear i reachtanna ECIC agus go bhféadfaidh na Ballstáit sin nach soláthraíonn rannchuidiú airgeadais ná neamhairgeadais ballraíocht a ghlacadh, mar bhreathnóirí gan cearta vótála, trí fhógra a thabhairt do ECIC;

(f)

déanfaidh sé comhordaitheoir a cheapadh.

3.   Cuirfidh an comhordaitheoir ar ECIC ionchasach, thar ceann na gcomhaltaí bunaidh uile, iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i scríbhinn. Beidh an méid seo a leanas san iarratas sin:

(a)

iarraidh ar an gCoimisiún ECIC a chur ar bun, lena n-áirítear liosta na gcomhaltaí bunaidh atá sa chuibhreannas;

(b)

tuairisc ar na príomhchúraimí, ar na príomhghníomhaíochtaí agus ar na hacmhainní riachtanacha is gá chun na gníomhaíochtaí a leagtar amach san iarratas a chur i gcrích;

(c)

dréacht-reachtanna ECIC, lena n-áireofar na heilimintí seo a leanas ar a laghad:

(i)

ré agus nós imeachta an fhoirceanta i gcomhréir le hAirteagal 10;

(ii)

an córas dliteanais i gcomhréir le hAirteagal 8;

(iii)

oifig chláraithe agus ainm ECIC;

(iv)

raon feidhme thascanna agus ghníomhaíochtaí ECIC;

(v)

an comhaltas, lena n-áirítear na coinníollacha le haghaidh comhaltas agus an nós imeachta le haghaidh athruithe ar chomhaltas;

(vi)

an buiséad, lena n-áirítear na socruithe le haghaidh na ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil óna chomhaltaí;

(vii)

úinéireacht na dtorthaí;

(viii)

rialachas, lena n-áirítear an próiseas cinnteoireachta agus róil shonracha

(ix)

más infheidhme, cearta vótála;

(d)

dearbhú ón mBallstát óstach maidir le cibé acu a aithníonn nó nach n-aithníonn sé ECIC mar chomhlacht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 143(1), pointe (g), agus Airteagal 151(1), pointe (b), de Threoir 2006/112/CE, agus mar eagraíocht idirnáisiúnta de réir bhrí Airteagal 11(1), pointe (b), de Threoir (AE) 2020/262, ón dáta bunaithe faoi réir theorainneacha agus choinníollacha na ndíolúintí dá bhforáiltear sna forálacha sin i gcomhaontú idir chomhaltaí ECIC;

(e)

tuairisc ina sonraítear an chaoi a rannchuideoidh na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh ECIC leis na cuspóirí ábhartha a leagtar amach in Airteagal 4, lena n-áirítear forléargas ar an tionchar a mheastar a bheidh ag cistiú poiblí féideartha;

(f)

ráiteas ina luaitear go ndéanfaidh ECIC a ghníomhaíochtaí i gcomhréir le prionsabail fhónta bhuiséadacha maidir lena fhreagracht airgeadais a fheidhmiú.

4.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an iarratas ar bhonn na gcritéar uile seo a leanas:

(a)

na hinniúlachtaí, an fios gnó agus na cumais iomchuí atá ag comhaltaí bunaidh ECIC atá beartaithe i réimse na leathsheoltóirí;

(b)

an acmhainneacht bhainistíochta, an fhoireann agus na hacmhainní iomchuí is gá chun a chuspóir reachtúil a chur i gcrích;

(c)

an cumas dlíthiúil agus oibríochtúil chun na rialacha riaracháin, conarthacha agus bainistíochta airgeadais a leagtar síos ar leibhéal an Aontais a chur i bhfeidhm;

(d)

an inmharthanacht airgeadais iomchuí a chomhfhreagraíonn do leibhéal na gcistí ón Aontas a n-iarrfar air iad a bhainistiú agus a léirítear, i gcás inarb iomchuí, trí dhoiciméid chuntasaíochta agus ráitis bhainc;

(e)

ranníocaíochtaí chomhaltaí ECIC a chuirfí ar fáil do ECIC, agus socruithe gaolmhara;

(f)

oscailteacht ECIC do chomhaltaí nua;

(g)

cumas ECIC cumhdach riachtanais shlabhra luacha leathsheoltóra an Aontais a áirithiú, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna;

(h)

an rannchuidiú leis na cuspóirí ábhartha a leagtar amach in Airteagal 4 den ghníomhaíocht a bheartaítear a chur chun feidhme, go háirithe a rannchuidiú le hiomaíochas fadtéarmach earnáil leathsheoltóra an Aontais a áirithiú.

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme ar bhonn na critéir a leagtar amach i mír 4 chun aitheantas a thabhairt don iarratasóir mar ECIC nó chun diúltú don iarratas. Tabharfaidh an Coimisiún fógra dá réir sin do na comhaltaí bunaidh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

6.   Foilseofar an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear ECIC in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

7.   Le leasuithe ar reachtanna ECIC, comhlíonfar cuspóirí an Rialacháin seo, agus rannchuideofar na haidhmeanna agus cuspóirí sin. Cuirfidh ECIC an Coimisiún ar an eolas maidir le haon leasuithe den sórt sin laistigh de 10 lá ón dáta a nglacfar é. Sna fógraí sin, beidh an fhaisnéis seo a leanas:

(a)

téacs na leasuithe atá beartaithe nó, i gcás inarb iomchuí, mar a glacadh é, lena n-áirítear an dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm; agus

(b)

leagan leasaithe comhdhlúite reachtanna ECIC.

Féadfaidh an Coimisiún agóid a dhéanamh i gcoinne an leasaithe sin laistigh de 60 lá ón dáta a bhfuarthas fógra den sórt sin, agus na cúiseanna á dtabhairt atá aige lena mheas nach gcomhlíonann an leasú ceanglais an Rialacháin seo.

Ní bheidh feidhm ag an leasú ach amháin tar éis don tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír dul in éag, tar éis don Choimisiún a cheart chun agóid a dhéanamh a tharscaoileadh nó tar éis don Choimisiún a agóid a tharmligean.

8.   Cuirfidh ECIC tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí ar fáil, ina mbeidh tuairisc theicniúil ar a ghníomhaíochtaí mar aon le ráiteas airgeadais. Áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí measúnú ar thionchar comhshaoil agus sóisialta na ngníomhaíochtaí arna gcistiú agus déanfar í a tharchur chuig an gCoimisiún agus a chur ar fáil go poiblí. Féadfaidh an Coimisiún moltaí a sholáthar maidir leis na hábhair a chumhdaítear sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí. Cuirfidh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ECICanna chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí gan moill mhíchuí.

9.   I gcás ina measfaidh Ballstát go ndiúltaigh ECIC glacadh le comhalta nua sa chuibhreannas gan cúiseanna leordhóthanacha a thabhairt leis an diúltú sin ar bhonn na dtéarmaí cothroma agus réasúnacha a shonraítear sna reachtanna, féadfaidh an Ballstát sin aird Bhord Údarás Poiblí an Chomhghnóthais um Shliseanna a tharraingt ar an ábhar. Molfaidh Bord Údarás Poiblí an Chomhghnóthais um Shliseanna, más gá, go ndéanfadh ECIC gníomhaíocht feabhais, mar shampla leasú ar a reachtanna, i gcomhréir le hAirteagal 137, pointe (f), de Rialachán (AE) 2021/2085.

Airteagal 8

Dliteanas ECIC

1.   Beidh ECIC faoi dhliteanas maidir lena chuid fiach.

2.   Beidh dliteanas airgeadais na gcomhaltaí as fiacha ECIC teoranta do ranníocaíochtaí a rinne siad cheana le ECIC. Féadfaidh na comhaltaí a shonrú i reachtanna ECIC go ngabhfaidh siad dliteanas teoranta níos airde ná a ranníocaíochtaí faoi seach nó dliteanas neamhtheoranta orthu féin.

3.   Ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas i leith fhiacha ECIC.

Airteagal 9

An dlí is infheidhme agus dlínse ECIC

1.   Rialófar bunú agus feidhmiú inmheánach ECIC:

(a)

faoi dhlí an Aontais, go háirithe an Rialachán seo;

(b)

faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe ECIC i gcás nithe nach rialaítear le dlí an Aontais nó nach rialaítear ach go páirteach leis;

(c)

le reachtanna ECIC agus lena rialacha cur chun feidhme.

2.   Gan dochar do na cásanna ina bhfuil dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt Bhreithiúnais) faoi na Conarthaí, is faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe ag ECIC a chinnfear an dlínse is inniúil chun díospóidí idir na comhaltaí i ndáil le ECIC, idir na comhaltaí agus ECIC, agus idir ECIC agus tríú páirtithe a réiteach.

Airteagal 10

ECIC a fhoirceannadh

1.   Is le reachtanna ECIC a chinnfear an nós imeachta a bheidh le leanúint le haghaidh ECIC sin a fhoirceannadh tar éis do na comhaltaí cinneadh a dhéanamh chuige sin.

2.   Beidh feidhm ag rialacha dócmhainneachta an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe ag ECIC i gcás nach mbeidh ECIC in ann a fhiacha a íoc.

Airteagal 11

Líonra Eorpach na lárionad inniúlachta maidir le leathsheoltóirí

1.   Chun críocha chuspóir oibríochtúil 4 an Tionscnaimh, bunófar líonra Eorpach de lárionaid inniúlachta maidir le leathsheoltóirí, comhtháthú agus dearadh córas (‘an líonra’). Beidh an líonra comhdhéanta de na lárionaid inniúlachta arna roghnú ag an gComhghnóthas um Shliseanna i gcomhréir le mír 3.

2.   Déanfaidh na lárionaid inniúlachta na gníomhaíochtaí seo a leanas nó cuid díobh a dhéanamh chun sochair d’earnáil tionsclaíochta an Aontais agus i ndlúthchomhar léi, go háirithe FBManna agus cuideachtaí meánchaipitlithe, chomh maith le heagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta, ollscoileanna, agus an earnáil phoiblí agus geallsealbhóirí ábhartha eile ar fud an tslabhra soláthair leathsheoltóra:

(a)

rochtain a sholáthar ar sheirbhísí dearthóireachta agus uirlisí dearthóireachta faoi chuspóir oibríochtúil 1 den Tionscnamh, agus ar na línte píolótacha a bhfuil tacaíocht á fáil acu faoi chuspóir oibríochtúil 2 den Tionscnamh;

(b)

feasacht a ardú agus an fios gnó, an saineolas agus na scileanna is gá a chur ar fáil do na geallsealbhóirí chun cabhrú leo dlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí nua leathsheoltóra, monaraíocht leathsheoltóra, trealamh, roghanna dearaidh agus coincheapa córais chomh maith le comhtháthú teicneolaíochtaí leathsheoltóra nua, trí úsáid éifeachtach a bhaint as bonneagar agus as acmhainní eile an líonra atá ar fáil;

(c)

feasacht a ardú agus rochtain a sholáthar nó a áirithiú ar shaineolas, fios gnó agus seirbhísí, lena n-áirítear ullmhacht i gcomhair dearadh córas, línte píolótacha nua agus línte píolótacha atá ann cheana agus na bearta tacaíochta is gá chun scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt le tacaíocht ón Tionscnamh;

(d)

aistriú saineolais agus feasa gnó idir na Ballstáit agus idir réigiúin a éascú agus malartú scileanna, eolais, agus dea-chleachtas a spreagadh, mar aon le cláir chomhpháirteacha;

(e)

gníomhaíochtaí oiliúna sonracha maidir le teicneolaíochtaí leathsheoltóra agus maidir lena bhfeidhmeanna a fhorbairt agus a bhainistiú chun tacú le forbairt na linne tallann, trí sciliú agus athsciliú, agus chun líon na mac léinn chomh maith le cáilíocht an oideachais i réimsí ábhartha staidéir a mhéadú suas go dtí leibhéal PhD i scoileanna agus ollscoileanna atá lonnaithe san Aontas trí naisc a éascú idir mic léinn agus cuideachtaí leathsheoltóra ar fud an Aontais, agus aird ar leith á tabhairt ar rannpháirtíocht na mban.

3.   Ainmneoidh na Ballstáit lárionaid inniúlachta a d’fhéadfaí a áireamh i gcomhréir lena nósanna imeachta agus lena struchtúir riaracháin agus institiúideacha náisiúnta trí phróiseas oscailte iomaíoch.

Leagfar síos i gClár Oibre an Chomhghnóthais um Shliseanna an nós imeachta chun lárionaid inniúlachta a bhunú, lena n-áirítear na critéir roghnúcháin chomh maith le sonraí breise maidir le cur chun feidhme na gcúraimí agus na bhfeidhmeanna dá dtagraítear san Airteagal seo.

Roghnóidh an Comhghnóthas um Shliseanna na lárionaid inniúlachta as a gcomhdhéanfar an líonra.

Déanfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún sineirgí a uasmhéadú leis na hionaid inniúlachta atá ann cheana agus a bunaíodh faoi thionscnaimh eile de chuid an Aontais mar shampla na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach.

4.   Beidh neamhspleáchas foriomlán suntasach ag na lárionaid inniúlachta chun a n-eagar, a gcomhdhéanamh agus a modhanna oibre a leagan síos. Beidh eagar, comhdhéanamh agus modhanna oibre na lárionad inniúlachta i gcomhréir agus ina rannchuidiú le cuspóirí an Rialacháin seo agus an Tionscnaimh.

Airteagal 12

Cur chun feidhme

1.   Maidir le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4 an Tionscnaimh, cuirfear faoi chúram an Chomhghnóthais um Shliseanna iad, agus féadfar iad a chur chun feidhme le gníomhaíochtaí arna leagan amach i gclár oibre an Chomhghnóthais um Shliseanna.

2.   Chun athruithe teicneolaíocha agus forbairtí sa mhargadh a léiriú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun Iarscríbhinn I a leasú maidir leis na gníomhaíochtaí a leagtar amach inti ar bhealach atá comhsheasmhach le cuspóirí an Tionscnaimh mar a leagtar amach in Airteagal 4.

3.   Chun cur chun feidhme agus measúnú éifeachtach an Tionscnaimh a áirithiú, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 37 chun Iarscríbhinn II a leasú maidir leis na táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Tionscnaimh agus chun tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun cinn an Tionscnaimh maidir le baint amach a chuspóirí mar a leagtar amach in Airteagal 4.

4.   Chun cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht éifeachtach an Tionscnaimh a áirithiú, áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Shliseanna faisnéis maidir le hábhair a bhaineann le cuspóirí oibríochtúla 1 go 4 an Tionscnaimh, ar bhonn na dtáscairí intomhaiste a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

5.   Cuirfidh an Coimisiún an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí ar an eolas ar bhonn rialta maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme chuspóir oibríochtúil 5 an Tionscnaimh.

Caibidil III

Slándáil an tsoláthair agus athléimneacht

Airteagal 13

Saoráidí táirgeachta comhite

1.   Beidh saoráidí táirgeachta comhtháite mar shaoráidí ceannródaíocha le haghaidh monaraíocht leathsheoltóra, agus, i gcás inarb ábhartha, dearadh nó táirgeadh trealaimh nó príomh-chomhpháirteanna den trealamh sin a úsáidtear den chuid is mó i monaraíocht leathsheoltóra san Aontas, ar saoráidí iad a fhéadfaidh céimeanna eile den slabhra soláthair a chomhtháthú, agus a rannchuidíonn le slándáil an tsoláthair agus le hathléimneacht an éiceachórais leathsheoltóra an Aontais, agus ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, féadfaidh siad rannchuidiú le slándáil na slabhraí soláthair domhanda leathsheoltóra.

2.   Tráth a chuirfear isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 15(1), beidh sé de cheangal ar shaoráid táirgeachta chomhtháite cáiliú mar shaoráid cheannródaíoch.

3.   Comhlíonfaidh saoráid táirgeachta chomhtháite na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh tionchar dearfach soiléir ag a bhunadh ar shlabhra luacha leathsheoltóra an Aontais sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena ngabhfaidh éifeachtaí iarmharta a rachaidh níos faide ná an gnóthas nó an Ballstát lena mbaineann, d’fhonn slándáil soláthair agus athléimneacht an éiceachórais leathsheoltóra a áirithiú, lena n-áirítear fás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, agus chun rannchuidiú le haistriú glas agus le haistriú digiteach an Aontais;

(b)

tabharfaidh sí dearbhú gan bheith faoi réir cur i bhfeidhm seach-chríochach oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le tríú tíortha ar chaoi a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chumas an ghnóthais na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 21(1) a chomhlíonadh, agus geallfaidh sí an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina dtagann oibleagáid mar sin chun cinn;

(c)

déanfaidh sí infheistíocht san Aontas sa nuálaíocht leanúnach d’fhonn dul chun cinn nithiúil a bhaint amach sa teicneolaíocht leathsheoltóra nó teicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile a ullmhú;

(d)

tabharfaidh sí tacaíocht do phíblíne thallainne an Aontais trí oiliúint oideachasúil agus scileanna a fhorbairt agus a imscaradh agus tríd an líon lucht saothair cáilithe agus oilte a mhéadú.

4.   Chun infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht leanúnach i gcomhréir le mír 3, pointe (c), den Airteagal seo, beidh rochtain fhabhrach ag an tsaoráid táirgeachta chomhtháite ar na línte píolótacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 5, pointe (b). Ní dhéanfar, le haon rochtain fhabhrach a thabharfar, rochtain éifeachtach aon ghnóthais leasmhair eile ar théarmaí cothroma ar na línte píolótacha a eisiamh ná a chosc, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna.

Airteagal 14

Teilgcheártaí oscailte AE

1.   Beidh teilgcheártaí oscailte AE mar shaoráidí ceannródaíocha le haghaidh monaraíocht leathsheoltóra san Aontas a thairgeann acmhainneacht táirgeachta do ghnóthais nach bhfuil baint acu le chéile agus a rannchuidíonn ar an gcaoi sin le slándáil an tsoláthair don mhargadh inmheánach agus le hathléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais, agus ina theannta sin, i gcás inarb ábhartha, féadfaidh siad rannchuidiú le slándáil an tslabhra soláthair dhomhanda leathsheoltóra.

2.   Tráth a chuirfear isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 15(1), beidh sé de cheangal ar theilgcheárta oscailte AE cáiliú mar shaoráid cheannródaíoch.

3.   Comhlíonfaidh teilgcheárta oscailte AE na ceanglais seo a leanas:

(a)

beidh tionchar dearfach soiléir ag a bhunadh ar shlabhra luacha leathsheoltóra an Aontais sa mheántéarma agus san fhadtéarma, lena ngabhfaidh héifeachtaí iarmharta a rachaidh níos faide ná an gnóthas nó an Ballstát lena mbain’ann, d’fhonn slándáil soláthair agus athléimneacht an éiceachórais leathsheoltóra a áirithiú, lena n-áirítear fás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, agus rannchuidiú le haistriú glas agus le haistriú digiteach an Aontais, agus aird á tabhairt go háirithe ar a mhéid a chuireann sé acmhainneacht táirgeachta tosaigh nó chúil ar fáil do ghnóthais, nó an dá rud, nach bhfuil baint acu leis an tsaoráid, má tá éileamh leordhóthanach ann;

(b)

tabharfaidh sí dearbhú gan bheith faoi réir cur i bhfeidhm seach-chríochach oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhaineann le tríú tíortha ar chaoi a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do chumas an ghnóthais na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 26(1) a chomhlíonadh, agus geallfaidh sí an Coimisiún a chur ar an eolas i gcás ina dtagann oibleagáid mar sin chun cinn;

(c)

déanfaidh sí infheistíocht san Aontas sa nuálaíocht leanúnach d’fhonn dul chun cinn nithiúil a bhaint amach sa teicneolaíocht leathsheoltóra nó teicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile a ullmhú;

(d)

tabharfaidh sí do phíblíne thalainne an Aontais trí oiliúint oideachasúil agus scileanna a fhorbairt agus a imscaradh agus tríd an líon lucht saothair cáilithe agus oilte a mhéadú.

4.   I gcás ina dtairgfidh teilgcheárta oscailte AE acmhainneacht táirgeachta do ghnóthais nach mbaineann le hoibreoir na saoráide, bunóidh sí agus coimeádfaidh sí deighilt fheidhmiúil leormhaith éifeachtach na bpróiseas dearthóireachta agus monaraíochta chun cosaint na faisnéise a fhaightear ag gach céim a áirithiú.

5.   Chun infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht leanúnach i gcomhréir le mír 3, pointe (c), den Airteagal seo beidh rochtain fhabhrach ag teilgcheárta oscailte AE ar na línte píolótacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 5, pointe (b). Ní dhéanfar, le haon rochtain fhabhrach a thabharfar, rochtain éifeachtach aon ghnóthais leasmhara eile ar théarmaí cothroma ar na línte píolótacha a eisiamh ná a chosc, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna.

Airteagal 15

Iarratas ar Stádas mar shaoráid táirgthe chomhtháite nó mar theilgcheárta oscailte AE

1.   Féadfaidh aon ghnóthas nó cuibhreannas gnóthas iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun stádas mar shaoráid táirgeachta chomhtháite nó mar theilgcheárta oscailte AE a dheonú do thionscadal.

2.   Déanfaidh an Coimisiún, agus tuairimí an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí á gcur san áireamh, measúnú ar an iarratas trí phróiseas cóir trédhearcach a bheidh ar bhonn na n-eilimintí seo a leanas:

(a)

comhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2) nó Airteagal 14(2), faoi seach, agus gealltanas do na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13(3) nó in Airteagal 14(3), faoi seach;

(b)

plean gnó ina ndéantar meastóireacht ar inmharthanacht airgeadais agus theicniúil an tionscadail, agus a shaolré iomlán á chur san áireamh, lena n-áirítear faisnéis maidir le haon tacaíocht phoiblí atá beartaithe;

(c)

taithí chruthaithe an iarratasóra ar shaoráidí cosúla a shuiteáil agus a oibriú;

(d)

soláthar doiciméid tacaíochta iomchuí lena gcruthaítear go bhfuil an Ballstát nó na Ballstáit ina bhfuil sé beartaithe ag an iarratasóir a shaoráid a bhunú, ullamh chun tacú le saoráid den chineál sin a bhunú;

(e)

beartais iomchuí a bheith ann, lena n-áirítear cosaint theicniúil agus bearta cur chun feidhme, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go gcosnófar faisnéis neamhnochta agus cearta maoine intleachtúla, go háirithe d’fhonn nochtadh neamhúdaraithe rún trádála nó sceitheadh teicneolaíochtaí íogaire atá ag teacht chun cinn a chosc.

Cuirfidh an Coimisiún treoraíocht shoiléir ar fáil maidir leis an bhfaisnéis is gá agus maidir lena formáid ábhartha.

3.   Déanfaidh an Coimisiún iarratais a phróiseáil, cinntí a ghlacadh agus cuirfidh sé na hiarratasóirí ar an eolas laistigh de 6 mhí dó an t-iarratas iomlán a fháil. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an fhaisnéis a chuir an t-iarratas ar fáil neamhiomlán, tabharfaidh sé deis don iarratasóir an fhaisnéis bhreise is gá chun an t-iarratas a chomhlánú a thíolacadh gan moill mhíchuí. Cinnfear le an cinneadh an Choimisiúin sin fad an stádais ar bhonn shaolré tuartha an tionscadail.

4.   Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir le saoráidí táirgeachta comhtháite agus na teilgcheártaí oscailte AE a bhunú agus a oibriú agus cuirfidh sé an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí ar an eolas ar bhonn rialta.

5.   Féadfaidh oibreoir na saoráide a iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fhad an stádais nó a phleananna cur chun feidhme a mhodhnú maidir le comhlíonadh na gceanglas faoi Airteagal 13(3) nó Airteagal 14(3), faoi seach, i gcás ina measann sé go bhfuil údar cuí le hathbhreithniú den sórt sin mar gheall ar imthosca seachtracha gan choinne. Ar bhonn athbhreithniú den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fhad an stádais a deonaíodh i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo nó féadfaidh sé glacadh leis an modhnú ar na pleananna cur chun feidhme.

6.   I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach gcomhlíonann saoráid na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13(3) nó Airteagal 14(3) a thuilleadh, tabharfaidh sé deis d’oibreoir na saoráide táirgeachta comhtháite nó d’oibreoir theilgcheárta oscailte AE tuairimí a thabhairt agus bearta iomchuí a mholadh.

7.   Féadfaidh an Coimisiún, cinneadh lenar aithníodh stádas saoráide táirgeachta comhtháite nó stádas theilgcheárta oscailte AE a aisghairm má bhí an t-aitheantas sin bunaithe ar iarratas ina raibh faisnéis mhíchruinn, nó más rud é, d’ainneoin an nós imeachta i mír 5 den Airteagal seo a bheith curtha i gcrích, nach gcomhlíonann an tsaoráid táirgeachta chomhtháite nó teilgcheárta oscailte AE na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13(3) nó in Airteagal 14(3) faoi seach. Sula ndéanfaidh sé an cinneadh sin, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí tar éis dó na cúiseanna leis an aisghairm arna moladh a thabhairt dó. Aon chinneadh lena dtarraingítear siar stádas saoráide táirgeachta comhtháite nó stádas theilgcheárta oscailte AE, beidh sé cuí-réasúnaithe agus faoi réir ceart achomhairc ag an oibreoir.

8.   Saoráidí ar aisghaireadh a gcuid stádas mar shaoráid táirgeachta comhtháite ná mar theilgcheártaí oscailte AE de bhun mhír 7 den Airteagal seo, caillfidh siad na cearta uile a bhaineann le haithint an stádais sin a eascraíonn as an Rialachán seo. Mar sin féin, beidh saoráidí den sórt sin faoi réir na hoibleagáide a leagtar amach in Airteagal 26(1) ar feadh tréimhse atá coibhéiseach leis an tréimhse dár foráladh ar dtús nuair a deonaíodh an stádas i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo, nó, i gcás ina ndearnadh athbhreithniú ar an stádas, ar feadh tréimhse atá coibhéiseach leis an bhfad is infheidhme, i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.

Airteagal 16

Leas poiblí agus tacaíocht phoiblí

1.   Measfar go gcuireann saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE le slándáil an tsoláthair leathsheoltóirí agus le hathléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais agus, dá bhrí sin, gur chun leas an phobail iad.

2.   Chun slándáil an tsoláthair agus athléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais a bhaint amach, féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, bearta tacaíochta a chur i bhfeidhm agus foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht riaracháin do shaoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE i gcomhréir le hAirteagal 18.

Airteagal 17

Lárionaid dearthóireachta barr feabhais

1.   Féadfaidh an Coimisiún lipéad ‘lárionad deartha barr feabhais’ a bhronnadh ar lárionaid dearthóireachta atá bunaithe san Aontas a chuireann go mór le cumas an Aontais i ndearadh sliseanna nuálacha tríd a dtairiscintí seirbhíse nó trí scileanna agus cumais dearaidh a fhorbairt, a chur chun cinn agus a neartú.

2.   Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 37, gníomhartha tarmligthe lena bhforlíonfar an Rialachán seo tríd an nós imeachta le haghaidh iarratais a bhunú agus na ceanglais agus coinníollacha chun an lipéad dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú, faireachán a dhéanamh air agus é a tharraingt siar.

3.   Measfar gur chun leas an phobail iad lárionaid dearthóireachta barr feabhais, agus ar an gcaoi sin cuirfear le hathléimneacht éiceachóras leathsheoltóra an Aontais. Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d’Airteagail 107 agus 108 CFAE, bearta tacaíochta a chur i bhfeidhm do lárionaid dearthóireachta barr feabhais, go háirithe más FBManna iad na lárionaid dearthóireachta barr feabhais sin.

Airteagal 18

Brostú na nósanna imeachta um dheonú ceadanna

1.   Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar iarratais riaracháin a bhaineann le pleanáil, tógáil agus oibriú saoráidí táirgeachta comhtháite agus theilgcheártaí oscailte AE a phróiseáil ar bhealach éifeachtúil, trédhearcach agus tráthúil. Chuige sin, áiritheoidh na húdaráis náisiúnta uile lena mbaineann go gcaithfear chomh mear agus is féidir de réir dlí leis na hiarratais sin agus ar bhealach ina dtugtar lánurraim do dhlí agus do nós imeachta náisiúnta.

2.   I gcás inar ann do stádas den sórt sin sa dlí náisiúnta, déanfar an stádas den tábhacht náisiúnta is airde is féidir a bhronnadh ar shaoráidí táirgeachta comhtháite agus ar theilgcheártaí oscailte AE agus caithfear leo amhlaidh i bpróisis deonaithe ceadanna. Ní bheidh feidhm ag an mír seo ach amháin i gcás inar ann don stádas sin lena ngabhann an tábhacht náisiúnta is airde sa dlí náisiúnta agus nach gcruthaíonn sé oibleagáid ar na Ballstáit an stádas sin a thabhairt isteach.

3.   Féadfar slándáil an tsoláthair leathsheoltóirí agus athléimneacht an éiceachórais leathsheoltóra a mheas mar chúis dhianriachtanach leasa phoiblí sháraithigh de réir bhrí Airteagal 6(4) agus Airteagal 16(1), pointe (c), de Threoir 92/43/CEE agus mar ábhar leasa phoiblí sháraithigh de réir bhrí Airteagal 4(7) de Threoir 2000/60/CE. Dá bhrí sin, féadfar pleanáil, tógáil agus oibriú saoráidí táirgeachta comhtháite agus theilgcheártaí oscailte AE a mheas mar ábhar leasa phoiblí sháraithigh, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha eile atá fágtha a leagtar amach sna forálacha seo. Beidh an mhír seo gan dochar d’infheidhmeacht nó do chur chun feidhme dlí comhshaoil eile de chuid an Aontais.

4.   I gcás gach saoráide táirgeachta comhtháite agus teilgcheárta oscailte AE, féadfaidh gach Ballstát lena mbaineann údarás a ainmniú a bheidh freagrach as iarratais riaracháin i dtaca le pleanáil, tógáil agus oibriú a éascú agus a chomhordú.

Féadfaidh gach údarás ainmnithe comhordaitheoir a cheapadh a bheidh ina phointe teagmhála aonair don tsaoráid táirgeachta chomhtháite nó do theilgcheárta oscailte AE.

Má tá ceanglas ann cinntí a ghlacadh in dá Bhallstát nó níos mó mar thoradh ar shaoráid táirgeachta comhtháite nó ar theilgcheárta oscailte AE a bhunú, féadfaidh na húdaráis ainmnithe ábhartha gach beart is gá chun comhar agus comhordú éifeachtúil éifeachtach a dhéanamh eatarthu féin.

Caibidil IV

Faireachán agus freagairt ar ghéarchéimeanna

Roinn 1

Faireachán

Airteagal 19

Mapáil straitéiseach ar earnáil leathsheoltóra an Aontais

1.   Déanfaidh an Coimisiún mapáil straitéiseach ar earnáil leathsheoltóra an Aontais i gcomhar leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí. Soláthrófar leis an mapáil straitéiseach anailís ar láidreachtaí agus laigí an Aontais san earnáil dhomhanda leathsheoltóra agus sainaithneofar tosca mar shampla:

(a)

príomhtháirgí agus bonneagair chriticiúla sa mhargadh inmheánach atá ag brath ar sholáthar leathsheoltóirí;

(b)

príomhthionscail úsáideoirí san Aontas agus na riachtanais agus na spleáchais atá acu faoi láthair agus a bhfuiltear ag súil leo, lena n-áirítear anailís ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shlándáil an tsoláthair agus a bheadh nasctha freisin le hinfheistíocht neamh-leordhóthanach;

(c)

príomhchodanna de shlabhra soláthair leathsheoltóra an Aontais, lena n-áirítear dearadh, bogearraí deartha, ábhair, trealamh monaraíochta, monaraíocht leathsheoltóra agus monaraíocht chúil sheachfhoinsithe;

(d)

na saintréithe teicneolaíocha, na spleáchais ar theicneolaíocht tríú tír agus ar sholáthraithe tríú tír, agus scrogaill in earnáil leathsheoltóra an Aontais lena n-áirítear rochtain ar ionchuir;

(e)

na riachtanais reatha agus na riachtanais a bhfuiltear ag súil leo maidir le scileanna agus rochtain éifeachtach ar lucht saothair cáilithe san earnáil leathsheoltóra;

(f)

i gcás inarb iomchuí, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag bearta géarchéime dá dtagraítear in Airteagail 25, 26 agus 27 ar an earnáil leathsheoltóra.

2.   Cuirfidh an Coimisiún an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí ar an eolas faoi thorthaí comhiomlána na mapála straitéisí ar bhonn rialta.

3.   Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn thoradh na mapála straitéisí arna déanamh de bhun mhír 1 agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, liosta táscairí luathrabhaidh a fhorbairt. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, athbhreithniú ar liosta na dtáscairí luathrabhaidh ar bhonn rialta, gach 2 bhliain ar a laghad.

4.   Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, creat agus modheolaíocht a fhorbairt chun mapáil straitéiseach a dhéanamh ar an earnáil leathsheoltóra. Déanfaidh an Coimisiún an creat agus an mhodheolaíocht a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá.

5.   Beidh an mhapáil straitéiseach bunaithe, inter alia, ar shonraí atá ar fáil go poiblí agus ar bhonn tráchtála agus ar fhaisnéis ábhartha neamhrúnda ó ghnóthais, ar an toradh ar anailís chomhchosúil a rinneadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs dlí an Aontais maidir le hamhábhair agus fuinneamh inathnuaite, chomh maith leis na meastóireachtaí arna ndéanamh de bhun Airteagal 40(1). I gcásanna nach leor sin chun an mhapáil straitéiseach a fhorbairt de bhun mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún iarrataí ar fhaisnéis dheonach a eisiúint chuig gníomhaithe a bhaineann leis an slabhra luacha leathsheoltóra san Aontas, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí. Úsáidfidh an Coimisiún an modh caighdeánaithe slán chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil, dá dtagraítear in Airteagal 32(4), chun críocha iarrataí ar fhaisnéis den sórt sin.

6.   Aon fhaisnéis a fhaightear de bhun an Airteagail seo, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 32.

7.   Glacfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, treoir maidir le faisnéis a sholáthar de bhun mhír 5. Déanfaidh an Coimisiún an treoir sin a thabhairt cothrom le dáta nuair is gá.

Airteagal 20

Faireachán agus réamhaíocht

1.   Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, faireachán rialta ar an slabhra luacha leathsheoltóra d’fhonn tosca a shainaithint a d’fhéadfadh cur isteach ar sholáthar leathsheoltóirí nó dochar a dhéanamh nó tionchar diúltach a bheith acu ar an soláthar sin nó ar thrádáil leathsheoltóirí. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh na gníomhaíochtaí seo a leanas san fhaireachán:

(a)

faireachán ar tháscairí luathrabhaidh arna sainaithint de bhun Airteagal 19;

(b)

faireachán arna déanamh ag na Ballstáit ar shláine na ngníomhaíochtaí a dhéanann na príomhghníomhaithe margaidh arna sainaithint de bhun Airteagal 21 agus tuairisciú ó na Ballstáit maidir le mórimeachtaí a d’fhéadfadh bac a chur ar oibríochtaí rialta na ngníomhaíochtaí den sórt sin;

(c)

dea-chleachtais a shainaithint maidir le maolú riosca coisctheach agus trédhearcacht mhéadaithe san earnáil leathsheoltóra.

Saineoidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, minicíocht an fhaireacháin ar bhonn riachtanais an earnála leathsheoltóra.

Déanfaidh an Coimisiún comhordú ar na gníomhaíochtaí a bhaineann le faireachán ar an earnáil leathsheoltóra, ar bhonn faisnéise arna bailiú de bhun Airteagal 19 nó trí fhoinsí eile, mar shampla comhpháirtithe idirnáisiúnta.

2.   Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar FBManna chun an t-ualach riaracháin a eascraíonn as an mbailiú faisnéise a íoslaghdú.

3.   Iarrfaidh an Coimisiún ar phríomhghníomhaithe margaidh, ar thacar ionadaíoch d’úsáideoirí leathsheoltóirí ó na hearnálacha criticiúla, ar eagraíochtaí ionadaíocha an tslabhra luacha leathsheoltóra agus ar gheallsealbhóirí ábhartha eile faisnéis a chur ar fáil, ar bhonn deonach, chun gníomhaíochtaí faireacháin a dhéanamh i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a).

4.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit faisnéis a iarraidh, ar bhonn deonach, ar phríomhghníomhaithe margaidh i gcás inar gá agus inar comhréireach.

5.   Chun críocha mhír 3, déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta liosta teagmhálacha na ngnóthas ábhartha uile a oibríonn feadh an tslabhra soláthair leathsheoltóra atá bunaithe ina gcríoch a bhunú agus a chothabháil. Déanfar an liosta sin a tharchur chuig an gCoimisiún. Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le formáid chaighdeánaithe don liosta teagmhálacha d’fhonn idir-inoibritheacht a áirithiú.

6.   Déanfar aon fhaisnéis a gheofar de bhun an Airteagail seo a láimhseáil i gcomhréir le hAirteagal 32.

7.   Ar bhonn na faisnéise arna bailiú trí na gníomhaíochtaí faoi mhír 1, soláthróidh an Coimisiún tuarascáil ar na torthaí comhiomlánaithe don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí i bhfoirm nuashonruithe rialta. Tiocfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí le chéile chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí an fhaireacháin. Tabharfaidh an Coimisiún cuireadh d’eagraíochtaí ionadaíocha ón earnáil leathsheoltóra chuig na cruinnithe den sórt sin. I gcás inarb ábhartha, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do phríomhghníomhaithe margaidh, d’úsáideoirí leathsheoltóirí ó na hearnálacha criticiúla, d’údaráis nó d’eagraíochtaí ionadaíocha tríú tíortha comhpháirtíochta, agus do shaineolaithe ón saol acadúil agus ón tsochaí shibhialta chuig na cruinnithe den sórt sin.

Airteagal 21

Na príomhghníomhaithe margaidh

Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19, príomhghníomhaithe margaidh a shainaithint feadh na slabhraí soláthair leathsheoltóra arna mbunú ar a gcríoch, agus na heilimintí seo a leanas á gcur san áireamh acu:

(a)

an líon gnóthas Aontais eile a bhraitheann ar sheirbhís nó earra atá á sholáthar ag gníomhaí margaidh;

(b)

an sciar de mhargadh an Aontais nó den mhargadh domhanda atá ag an bpríomhghníomhaí margaidh i margadh na seirbhísí nó na n-earraí sin;

(c)

an tábhacht a bhaineann le gníomhaí margaidh maidir le leibhéal leormhaith de sholáthar seirbhíse nó earra a choinneáil ar bun san Aontas, agus infhaighteacht modhanna malartacha le haghaidh sholáthar na seirbhíse nó an earra sin á cur san áireamh;

(d)

an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag briseadh i soláthar na seirbhíse nó an earra arna chur ar fáil ag an ngníomhaí margaidh ar shlabhra soláthair leathsheoltóra an Aontais agus ar na margaí a bhraitheann ar an slabhra sin.

Roinn 2

Foláirimh agus an chéim ghéarchéime a ghníomhachtú

Airteagal 22

Foláirimh agus gníomhaíocht choisctheach

1.   I gcás ina bhfaighidh údarás inniúil náisiúnta amach go bhfuil riosca ann go mbeidh briseadh tromchúiseach i soláthar leathsheoltóirí, nó i gcás ina mbeidh faisnéis nithiúil iontaofa aige faoi aon fhachtóir nó teagmhas ábhartha eile a thiocfaidh chun cinn, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas gan moill mhíchuí.

2.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach go bhfuil riosca ann go dtarlódh briseadh tromchúiseach i soláthar leathsheoltóirí nó i gcás ina mbeidh faisnéis nithiúil iontaofa aige faoi aon fhachtóir nó teagmhas ábhartha eile a thiocfaidh chun cinn, lena n-áirítear ar bhonn táscairí luathrabhaidh, tar éis foláireamh a thabhairt de bhun mhír 1 nó ó chomhpháirtithe idirnáisiúnta, déanfaidh sé na gníomhaíochtaí coisctheacha seo a leanas gan moill mhíchuí:

(a)

cruinniú urghnách an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí a thionól chun na gníomhaíochtaí seo a leanas a chomhordú:

(i)

plé a dhéanamh ar thromchúis an bhriste ar an soláthar leathsheoltóirí;

(ii)

plé a dhéanamh an mbeadh sé riachtanach agus comhréireach an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 23 a thionscnamh;

(iii)

plé a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil sé iomchuí, riachtanach agus comhréireach do na Ballstáit leathsheoltóirí, táirgí idirmheánacha nó amhábhair a cheannach go comhpháirteach mar bheart choisctheach (soláthar comhpháirteach);

(iv)

dul i mbun idirphlé le geallsealbhóirí an tslabhra luacha leathsheoltóra d’fhonn bearta coisctheacha a shainaithint, a ullmhú agus, b’fhéidir, a chomhordú;

(b)

thar ceann an Aontais, dul i gcomhairle nó i gcomhar le tríú tíortha ábhartha d’fhonn réitigh chomhoibríocha a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar bhristeacha sa slabhra soláthair, i gcomhréir le hoibleagáidí idirnáisiúnta, a bhféadfaidh, i gcás inarb iomchuí, comhordú i bhfóraim idirnáisiúnta ábhartha a bheith i gceist leis sin, i gcás inarb iomchuí.

(c)

iarraidh ar na húdaráis inniúla náisiúnta measúnú a dhéanamh ar ullmhacht na bpríomhghníomhaithe margaidh.

3.   Aon soláthar comhpháirteach a fhéadfar a dhéanamh tar éis na bpléití dá dtagraítear i mír 2, pointe (a)(iii), déanfaidh na Ballstáit é i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach in Airteagail 38 agus 39 de Threoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31) agus in Airteagail 56 agus 57 de Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32).

Airteagal 23

An chéim ghéarchéime a ghníomhachtú

1.   Measfar géarchéim leathsheoltóra a bheith ann sna cásanna seo a leanas:

(a)

tá briseadh tromchúiseach sa slabhra soláthair leathsheoltóra nó bacainní tromchúiseacha ar thrádáil leathsheoltóirí laistigh den Aontas, rud is cúis le ganntanais shuntasacha leathsheoltóirí, táirgí idirmheánacha nó amhábhar nó ábhar próiseáilte, agus

(b)

leis na ganntanais shuntasacha sin, cuirtear cosc ar sholáthar, deisiú nó cothabháil táirgí fíor-riachtanacha arna n-úsáid ag earnálacha criticiúla sa mhéid go mbeadh éifeacht dhíobhálach thromchúiseach aige ar fheidhmiú na n-earnálacha criticiúla i ngeall ar an tionchar a bheadh acu ar an tsochaí, ar an ngeilleagar agus ar shlándáil an Aontais.

2.   I gcás ina bhfaighidh an Coimisiún amach go bhféadfadh géarchéim leathsheoltóra a bheith ann, de bhun Airteagal 22(2), déanfaidh sé measúnú féachaint an bhfuil coinníollacha mhír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin na tionchair agus na hiarmhairtí dearfacha agus diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag an gcéim ghéarchéime ar thionscal leathsheoltóra an Aontais agus ar earnálacha criticiúla. I gcás ina soláthrófar fianaise nithiúil iontaofa leis an measúnú sin agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle céim na géarchéime a ghníomhachtú.

3.   Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an chéim ghéarchéime a ghníomhachtú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle. Sonrófar fad na céime géarchéime sa ghníomh cur chun feidhme agus ní rachaidh sé thar 12 mhí.

Tuairisceoidh an Coimisiún ar bhonn rialta agus, ar aon chaoi, gach 3 mhí ar a laghad don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí agus do Pharlaimint na hEorpa maidir le staid na géarchéime.

4.   Sula rachaidh an tréimhse in éag a ndearnadh an chéim ghéarchéime a ghníomhachtú dá barr, déanfaidh an Coimisiún measúnú, ar cé acu is iomchuí nó nach iomchuí an chéim ghéarchéime a fhadú. I gcás ina soláthraítear leis an measúnú sin fianaise nithiúil iontaofa go bhfuil na coinníollacha maidir le gníomhachtú na géarchéime á gcomhlíonadh fós, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle síneadh a chur leis an gcéim ghéarchéime.

Féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, an chéim ghéarchéime a fhadú trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle. Beidh fad an tsínithe teoranta agus sonraithe sa ghníomh cur chun feidhme ón gComhairle.

Féadfaidh an Coimisiún a mholadh an chéim ghéarchéime a fhadú uair amháin ná níos minice i gcás ina bhfuil údar cuí leis sin.

5.   Le linn na céime géarchéime, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, measúnú ar oiriúnacht luathfhoirceannadh na céime géarchéime. Má léirítear sin sa mheasúnú, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don Chomhairle deireadh a chur leis an gcéim ghéarchéime.

Féadfaidh an Chomhairle an chéim ghéarchéime a fhoirceannadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme ón gComhairle.

6.   I rith na céime géarchéime, déanfaidh an Coimisiún, ar a iarraidh sin do Bhallstát nó ar a thionscnamh féin, cruinnithe urghnácha an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí a thionól i gcás inar gá.

Oibreoidh na Ballstáit i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, cuirfidh siad in iúl dó go tráthúil aon bheart náisiúnta a ghlacfar maidir leis an slabhra soláthair leathsheoltóra laistigh den Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí agus déanfaidh siad comhordú ar na bearta sin.

7.   Ar dhul in éag don tréimhse a ndearnadh an chéim ghéarchéime a ghníomhachtú ina leith, nó i gcás go bhfoirceannfar go luath í de bhun mhír 5 den Airteagal seo, scoirfidh na bearta a glacadh i gcomhréir le hAirteagail 25, 26 agus 27 láithreach d’fheidhm a bheith acu.

8.   Déanfaidh an Coimisiún mapáil agus faireachán na slabhraí luacha leathsheoltóra de bhun Airteagal 19 agus Airteagal 20 a thabhairt cothrom le dáta agus taithí na géarchéime á cur san áireamh tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don chéim ghéarchéime dul in éag.

Roinn 3

Freagairt ar ghanntanais

Airteagal 24

Bosca uirlisí éigeandála

1.   I gcás inar ndéanfar an chéim ghéarchéime a ghníomhachtú de bhun Airteagal 23 agus i gcás inar gá chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim leathsheoltóra san Aontas, féadfaidh an Coimisiún an beart dá bhforáiltear in Airteagail 25, 26 nó 27 a ghlacadh faoi na coinníollacha a leagtar síos ann.

2.   Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, déanfaidh sé cur i bhfeidhm na mbeart dá bhforáiltear in Airteagail 26 agus 27 a theorannú do na hearnálacha criticiúla a bhfuil suaitheadh maidir lena n-oibriú i gceist, nó a bhfuil baol ann go mbeadh suaitheadh ina n-oibriú, mar gheall ar an ngéarchéim leathsheoltóra. Beidh úsáid na mbeart dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo comhréireach agus teoranta dá bhfuil gá leis chun aghaidh a thabhairt ar bhristeacha tromchúiseacha a dhéanann difear d’earnálacha ríthábhachtacha san Aontas, agus ní mór úsáid na mbeart a bheith chun leas an Aontais. Le húsáid na mbeart sin, seachnófar FBManna go háirithe a chur faoi ualach riaracháin díréireach.

3.   I gcás inar gníomhachtaíodh an chéim ghéarchéime de bhun Airteagal 23 agus i gcás inarb iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim leathsheoltóra san Aontas, féadfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

bearta éigeandála éifeachtacha iomchuí a sholáthar agus comhairle a chur ar fáil ina leith;

(b)

measúnú a dhéanamh ar an tionchar a mheastar a bheadh ag bearta cosanta a d’fhéadfaí a fhorchur ar earnáil leathsheoltóra an Aontais, ag cur san áireamh an gcomhfhreagraíonn staid an mhargaidh do ghanntanas suntasach táirge fhíor-riachtanaigh de bhun Rialachán (AE) 2015/479 agus tuairim a thabhairt don Choimisiún.

4.   Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas go tráthrialta faoi aon bheart a ghlacfar i gcomhréir le mír 1, agus míneoidh sé cad is údar lena chinneadh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, treoir a eisiúint faoi chur chun feidhme agus úsáid na mbeart éigeandála.

Airteagal 25

Bailiú faisnéise

1.   I gcás ina ndéanfar an chéim ghéarchéime a ghníomhachtú de bhun Airteagal 23, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar ghnóthais a oibríonn feadh an tslabhra soláthair leathsheoltóra faisnéis a sholáthar faoina gcumais táirgeachta, a n-acmhainneachtaí táirgeachta agus na príomhbhristeacha atá ann faoi láthair. Beidh an fhaisnéis a iarrfar teoranta don mhéid is gá chun measúnú a dhéanamh ar chineál na géarchéime leathsheoltóra nó chun bearta féideartha maolaithe nó éigeandála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta a shainaithint nó a mheas. Ní bheidh soláthar faisnéise i gceist leis na hiarrataí ar fhaisnéis, ar faisnéis í a bheadh contrártha do leasanna slándála náisiúnta na mBallstát dá nochtfaí í.

2.   Sula seolfaidh sé iarraidh ar fhaisnéis, féadfaidh an Coimisiún comhairliúchán deonach le líon ionadaíoch gnóthas ábhartha d’fhonn ábhar iomchuí agus comhréireach na hiarrata sin a shainaithint. Forbróidh an Coimisiún an iarraidh ar fhaisnéis i gcomhar leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí.

3.   Úsáidfidh an Coimisiún na modhanna slána agus láimhseálfaidh sé aon fhaisnéis a fhaightear i gcomhréir le hAirteagal 32 chun an iarraidh ar fhaisnéis a sheoladh. Chun na críche sin, tarchuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta liosta na dteagmhálacha arna mbunú faoi Airteagal 20(5) chuig an gCoimisiún.

Déanfaidh an Coimisiún cóip den iarraidh ar fhaisnéis a chur ar aghaidh gan mhoill chuig údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit a bhfuil láithreán táirgeachta an ghnóthais a bhfuiltear ag díriú air suite ar a chríoch. Má éilíonn an t-údarás inniúil náisiúnta amhlaidh, tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas ón ngnóthas ábhartha i gcomhréir le dlí an Aontais.

4.   Leis an iarraidh ar fhaisnéis sonrófar an bunús dlí atá léi, beidh sí teoranta don íosmhéid is gá agus beidh sí comhréireach i dtéarmaí ghráinneacht agus mhéid na sonraí agus mhinicíocht na rochtana ar na sonraí arna n-iarraidh, tabharfar aird inti ar aidhmeanna dlisteanacha an ghnóthais agus ar an gcostas agus an iarracht is gá chun na sonraí a chur ar fáil, agus leagfar amach inti an teorainn ama a gcaithfear na sonraí a sholáthar laistigh di. Sonrófar inti freisin na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 33.

5.   Is iad úinéirí na ngnóthas nó ionadaithe dá gcuid agus, i gcás daoine dlítheanacha, nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh dóibh de réir dlí nó de réir a mbunreachta, a sholáthróidh an fhaisnéis arna hiarraidh thar ceann an ghnóthais nó an chomhlachais gnóthas lena mbaineann.

6.   I gcás ina soláthraíonn gnóthas faisnéis atá neamhiomlán, míchruinn nó míthreorach mar fhreagairt ar iarraidh a dhéantar de bhun an Airteagail seo, nó i gcás nach soláthraíonn sé an fhaisnéis laistigh den teorann ama atá leagtha síos, beidh sé faoi réir fíneálacha a shocrófar i gcomhréir le hAirteagal 33, ach amháin i gcás ina bhfuil cúiseanna leordhóthanacha ag an ngnóthas gan an fhaisnéis a iarradh a sholáthar.

7.   I gcás ina mbeidh gnóthas atá bunaithe san Aontas faoi réir iarraidh ar fhaisnéis ó thríú tír, ar faisnéis í a bhaineann lena ghníomhaíochtaí leathsheoltóra, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas in am trátha agus ar bhealach a chuirfidh ar chumas an Choimisiúin faisnéis chomhchosúil ón ngnóthas a iarraidh. Cuirfidh an Coimisiún an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí ar an eolas go bhfuil iarraidh den chineál sin ann ó thríú tír.

Airteagal 26

Orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo

1.   I gcás ina ngníomhachtófar an chéim géarchéime de bhun Airteagal 23, féadfaidh an Coimisiún a éileamh ar shaoráidí táirgeachta comhtháite agus ar theilgcheártaí oscailte AE glacadh le hordú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus tús áite a thabhairt dó (ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis). Beidh tús áite ag oibleagáid den sórt sin ar aon oibleagáid feidhmíochta faoin dlí príobháideach nó faoin dlí poiblí.

2.   I gcás inarb infheidhme, féadfar an oibleagáid faoi mhír 1 a fhorchur mar cheangal ar ghnóthais leathsheoltóra eile a ghlac an fhéidearthacht sin i gcomhthéacs tacaíocht phoiblí a fháil.

3.   I gcás ina bhfuil gnóthas leathsheoltóra atá bunaithe san Aontas faoi réir beart tríú tír maidir le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin. I gcás ina n-imríonn an oibleagáid sin tionchar mór ar oibriú earnálacha criticiúla áirithe, féadfaidh an Coimisiún a cheangal ar an ngnóthas sin, i gcás inar gá agus inar comhréireach, orduithe táirgí atá ábhartha maidir leis an ngéarchéim a ghlacadh agus tús áite a thabhairt dóibh i gcomhréir le míreanna 5, 6 agus 7.

4.   Beidh orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo teoranta do thairbhithe a úsáideann leathsheoltóirí ó earnálacha criticiúla nó gnóthais a sholáthraíonn earnálacha criticiúla a bhfuil a ngníomhaíochtaí suaite nó i mbaol suaite agus nach raibh in ann, tar éis dóibh bearta iomchuí maolaithe riosca a chur chun feidhme, tionchar an ghanntanais a sheachaint agus a mhaolú. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar thairbhí fianaise iomchuí ina leith sin a thíolacadh.

5.   Déanfaidh an Coimisiún, mar bheart in am an éigin, na hoibleagáidí faoi mhíreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo a achtú trí chinneadh. Glacfaidh an Coimisiún an cinneadh sin, tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí agus i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla uile an Aontais is infheidhme, agus aird á tabhairt ar thosca an cháis, lena n-áirítear prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta. Leis an gcinneadh tabharfar aird go háirithe ar aidhmeanna dlisteanacha an ghnóthais lena mbaineann agus ar an gcostas, ar an iarracht agus ar na coigeartuithe teicniúla is gá chun aon athrú ar an seicheamh táirgeachta a dhéanamh. Ina chinneadh, sonróidh an Coimisiún bunús dlí an ordaithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, socróidh sé an teorainn ama ar laistigh de a bheidh an t-ordú le tabhairt i gcrích, agus, i gcás inarb infheidhme, sonróidh sé an táirge agus an méid agus luafaidh sé na pionóis dá bhforáiltear in Airteagal 33 maidir le neamhchomhlíonadh oibleagáid den sórt sin. An t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis, déanfar é ar phraghas cóir réasúnta.

6.   Sula n-eiseofar orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo i gcomhréir le mír 1, tabharfaidh an Coimisiún deis d’fhaighteoir beartaithe ordaithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis éisteacht a fháil maidir le hindéantacht agus sonraí an ordaithe. Ní eiseoidh an Coimisiún an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis sna cásanna seo a leanas:

(a)

nuair nach bhfuil an gnóthas in ann an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a dhéanamh mar thoradh ar chumas táirgeachta nó acmhainneacht táirgeachta neamh-leordhóthanach, nó ar fhorais theicniúla, fiú i gcás cóir fhabhrach i leith an ordaithe;

(b)

dá mbeadh an gnóthas faoi ualach eacnamaíoch míréasúnta agus dá mbeadh cruatan ar leith i gceist don ghnóthas mar thoradh ar ghlacadh an ordaithe, lena n-áirítear rioscaí suntasacha a bhaineann le leanúnachas gnó.

7.   I gcás ina bhfuil ceangal ar ghnóthas glacadh le hordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint agus tús áite a thabhairt dó, ní bheidh sé faoi dhliteanas maidir le haon sárú oibleagáidí conarthacha atá riachtanach chun an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis a chomhlíonadh. Ní eisiafar an dliteanas ach a mhéid a bhí gá le sárú na n-oibleagáidí conarthacha chun an sannadh tosaíochta a chomhlíonadh ar ann do shainordú ina leith.

8.   Déanfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos na socruithe praiticiúla agus na socruithe oibríochtúla maidir le feidhmiú na n-orduithe a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leo. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 27

Ceannach comhpháirteach

1.   I gcás ina ndéanfar an chéim ghéarchéime a ghníomhachtú de bhun Airteagal 23, féadfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin do dhá Bhallstát nó níos mó, gníomhú mar chomhlacht lárnach ceannaigh thar ceann na mBallstát uile atá toilteanach a bheith rannpháirteach (na Ballstáit rannpháirteacha) le haghaidh sholáthar poiblí a dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime le haghaidh na n-earnálacha ríthábhachtacha (‘ceannach comhpháirteach’). Ní dhéanfaidh rannpháirtíocht sa cheannach comhpháirteach dochar do nósanna imeachta soláthair eile. Leagfar amach san iarraidh ar ceannach comhpháirteach na cúiseanna ar a bhfuil sé bunaithe agus úsáidfear í go heisiach chun aghaidh a thabhairt ar shuaitheadh sa slabhra soláthair leathsheoltóra as ar eascair an ghéarchéim.

2.   Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhóntas, riachtanas agus comhréireacht na hiarrata, agus tuairimí an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí á gcur san áireamh aige. I gcás nach bhfuil rún ag an gCoimisiún an iarraidh a chomhlíonadh, cuirfidh sé na Ballstáit lena mbaineann agus an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí ar an eolas faoin méid sin, agus luafaidh sé na cúiseanna lenar dhiúltaigh sé don iarraidh.

3.   Déanfaidh an Coimisiún togra a tharraingt suas le haghaidh comhaontú a bheidh le síniú ag na Ballstáit rannpháirteacha. Le comhaontú den sórt sin, déanfar an ceannach comhpháirteach dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear cúiseanna atá le sásra an cheannaigh chomhpháirtigh a úsáid agus dliteanais atá le glacadh, a eagrú go mionsonraithe agus bunófar an sainordú faoina ngníomhóidh an Coimisiún thar ceann na mBallstát rannpháirteach.

4.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh soláthar faoin Rialachán seo i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) (an Rialachán Airgeadais) maidir lena chuid soláthair féin. Féadfaidh sé a bheith de chumas agus de fhreagracht ag an gCoimisiún, thar ceann na mBallstát rannpháirteach uile, conarthaí a dhéanamh le hoibreoirí eacnamaíocha, lena n-áirítear táirgeoirí aonair táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, maidir le ceannach táirgí den chineál sin nó maidir le maoiniú táirgthe nó forbartha táirgí den chineál sin mar chúiteamh ar cheart tosaíochta chun an toraidh.

5.   I gcás ina n-áirítear le soláthar táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime maoiniú ó bhuiséad an Aontais, féadfar coinníollacha sonracha a leagan amach i gcomhaontuithe sonracha le hoibreoirí eacnamaíocha.

6.   Is é an Coimisiún a dhéanfaidh na nósanna imeachta soláthair agus na comhaontuithe le hoibreoirí eacnamaíocha a thabhairt i gcrích thar ceann na mBallstát rannpháirteach. Iarrfaidh an Coimisiún ar na Ballstáit rannpháirteacha ionadaithe a cheapadh chun páirt a ghlacadh in ullmhú na nósanna imeachta soláthair. Is faoi na Ballstáit rannpháirteacha a bheidh an fhreagracht fós as imscaradh, úsáid nó athúsáid na dtáirgí ceannaithe i gcomhréir leis an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 3.

7.   Ní dhéanfaidh imscaradh an cheannaigh chomhpháirtigh de bhun an Airteagail seo dochar d’ionstraimí eile dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais.

Caibidil V

Rialachas

Roinn 1

An Bord Eorpach um Leathsheoltóirí

Airteagal 28

Bunú agus cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí

1.   Bunaítear leis seo an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí.

2.   Soláthróidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle, cúnamh agus moltaí don Choimisiún de bhun an Rialacháin seo agus, go háirithe, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

comhairle a sholáthar faoin Tionscnamh do Bhord Údarás Poiblí an Chomhghnóthais um Shliseanna;

(b)

comhairle a chur ar fáil don Choimisiún maidir le measúnú ar na hiarratais maidir le saoráidí táirgeachta comhtháite agus teilgcheártaí oscailte AE;

(c)

tuairimí a mhalartú leis an gCoimisiún maidir leis na bealaí is fearr chun a áirithiú, i gcomhréir le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta, go ndéanfar cearta maoine intleachtúla, faisnéis rúnda agus rúin trádála a chosaint agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, le rannpháirtíocht chuí na ngeallsealbhóirí, i ndáil leis an earnáil leathsheoltóra;

(d)

plé ar shainaithint earnálacha agus teicneolaíochtaí sonracha agus í a ullmhú, ar earnálacha agus teicneolaíochtaí iad a d’fhéadfadh tionchar mór sóisialta nó comhshaoil, nó suntasacht ó thaobh na slándála de, a bheith acu agus dar gá, dá bhrí sin, deimhniú mar tháirgí atá glas iontaofa slán;

(e)

aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le mapáil straitéiseach, faireachán, foláireamh agus gníomhaíocht choisctheach agus freagairt ar ghéarchéimeanna;

(f)

comhairle a thabhairt maidir leis na huirlisí lena mbaineann an chéim géarchéime faoi Airteagail 24 go 27;

(g)

comhairle agus moltaí a sholáthar maidir le cur chun feidhme comhsheasmhach an Rialacháin seo, comhar a éascú idir na Ballstáit agus faisnéis a mhalartú faoi shaincheisteanna a bhaineann leis an Rialachán seo.

3.   Tabharfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle don Choimisiún faoi chúrsaí a bhaineann le comhar idirnáisiúnta i ndáil le leathsheoltóirí. Chuige sin, féadfaidh sé tuairimí na ngeallsealbhóirí a mheas, lena n-áirítear tuairimí na Comhghuaillíochta Tionsclaíche um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra. Déanfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí an méid seo a leanas a phlé ó am go chéile agus cuirfidh sé toradh an idirphlé sin in iúl don Choimisiún:

(a)

an chaoi le feabhas a chur ar an gcomhar feadh an tslabhra luacha leathsheoltóra dhomhanda idir an tAontas agus tríú tíortha, agus na comhaontuithe comhair idirnáisiúnta atá ann cheana le tríú tíortha á gcur san áireamh;

(b)

na tríú tíortha dá bhféadfaí tosaíocht a thabhairt le haghaidh comhar idirnáisiúnta feabhsaithe a bhaineann le leathsheoltóirí, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(i)

comhlántachtaí agus idirthuilleamaíochtaí feadh an tslabhra soláthair leathsheoltóra;

(ii)

an éifeacht atá ag beartais trádála, taraifí, srianta onnmhairiúcháin, bacainní trádála ar sholáthar leathsheoltóra, chomh maith le dúnadh gnólachtaí, seachfhoinsiú nó fálacha príomhghníomhaithe margaidh an Aontais a bheith á ndéanamh ag eintitis atá bunaithe i dtríú tíortha ar bhonn faisnéise atá ar fáil go poiblí;

(iii)

an rannchuidiú a d’fhéadfaí a dhéanamh le cinnteacht an tsoláthair, agus a n-acmhainneacht leathsheoltóirí agus táirgí idirmheánacha a tháirgeadh agus na hamhábhair is gá chun leathsheoltóirí nó táirgí idirmheánacha a tháirgeadh á gcur san áireamh;

(iv)

comhaontuithe comhair atá ann cheana idir an tríú tír sin agus an tAontas.

Beidh an mhír seo gan dochar do shainchumais Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle de bhun na gConarthaí.

4.   Áiritheoidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí comhordú, comhar agus malartú faisnéise, i gcás inarb iomchuí, leis na struchtúir ábhartha um fhreagairt ar ghéarchéimeanna agus um ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna, struchtúir arna mbunú faoi dhlí an Aontais.

Airteagal 29

Struchtúr an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí

1.   Is iad ionadaithe ó na Ballstáit uile a bheidh ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí. Beidh ionadaí ón gCoimisiún ina Chathaoirleach ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí.

2.   Déanfaidh gach Ballstát ionadaí ardleibhéil amháin ar a laghad a cheapadh don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí. I gcás inarb ábhartha a mhéid a bhaineann leis an bhfeidhm agus an saineolas, féadfaidh Ballstát níos mó ná ionadaí amháin a bheith aige i ndáil le cúraimí éagsúla de chuid an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí. Beidh comhalta malartach ag gach comhalta den Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí. Ní bheidh cearta vótála ach ag na Ballstáit. Ní bheidh ach aon vóta amháin ag gach Ballstát gan beann ar líon na n-ionadaithe atá acu.

3.   Ag an gcéad chruinniú a bheidh aige, déanfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí, ar thogra ón gCathaoirleach agus i gcomhaontú leis an gCathaoirleach, a rialacha nós imeachta a ghlacadh.

4.   Féadfaidh an Cathaoirleach foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha.

I gcás inarb iomchuí, iarrfaidh an Coimisiún ar eagraíochtaí ionadaíocha an tslabhra luacha leathsheoltóra, ar an gComhghuaillíocht Thionsclaíoch um Phróiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra, ar cheardchumainn agus úsáideoirí leathsheoltóirí ar leibhéal an Aontais, ionchur a sholáthar do na foghrúpaí sin i gcáil breathnóirí.

Bunófar foghrúpa lena n-áireofar eagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta de chuid an Aontais chun scrúdú a dhéanamh ar ghnéithe sonracha i dtaca le treonna straitéiseacha teicneolaíochta agus chun tuairisciú don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí faoin méid sin.

Airteagal 30

Oibriú an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí

1.   Tionólfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí gnáthchruinnithe uair amháin sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a thionól ar a iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát agus dá dtagraítear in Airteagail 20 agus 23.

2.   Tionólfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí cruinnithe ar leithligh le haghaidh a chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 28(2), pointe (a), agus le haghaidh a chúraimí dá dtagraítear in Airteagal 28(2), pointí (b), (d) (e) agus (f).

3.   Tionólfaidh an Cathaoirleach na cruinnithe agus ullmhóidh sé an clár oibre, tar éis dó dul i mbun comhairliúcháin le comhaltaí an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí, i gcomhréir le cúraimí an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí de bhun an Rialacháin seo agus lena rialacha nós imeachta.

Soláthróidh an Coimisiún tacaíocht riaracháin agus anailíseach le haghaidh ghníomhaíochtaí an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí de bhun Airteagal 28.

4.   I gcás inarb iomchuí, tarraingeoidh an Cathaoirleach eagraíochtaí ionadaíocha na hearnála leathsheoltóra isteach sa phróiseas agus tabharfaidh sé cuireadh do shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu ar an ábhar, lena n-áirítear ó eagraíochtaí geallsealbhóirí, agus ceapfaidh sé breathnóirí chun páirt a ghlacadh sna cruinnithe, lena n-áirítear ar mholadh ó chomhaltaí. Féadfaidh an Cathaoirleach malartuithe idir an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí agus comhlachtaí, oifigí, gníomhaireachtaí agus grúpaí saineolaithe agus grúpaí comhairleacha eile de chuid an Aontais a éascú. Chuige sin, tabharfaidh an Cathaoirleach cuireadh d’ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa mar bhreathnóir buan ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí, go háirithe chuig cruinnithe a bhaineann le Caibidil IV maidir le faireachán agus freagairt ar ghéarchéimeanna. Áiritheoidh an Cathaoirleach rannpháirtíocht institiúidí agus comhlachtaí Aontais ábhartha eile mar bhreathnóirí ar an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí i ndáil le cruinnithe a bhaineann le Caibidil IV maidir le faireachán agus freagairt ar ghéarchéimeanna.

Ní bheidh cearta vótála ag na breathnóirí agus na saineolaithe agus ní ghlacfaidh siad páirt i gceapadh tuairimí, moltaí ná comhairle an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí ná a fhoghrúpaí. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí cuireadh a thabhairt do na breathnóirí agus do na saineolaithe sin rannchuidiú trí fhaisnéis agus léargais a thabhairt.

5.   Glacfaidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí gach beart is gá chun láimhseáil agus próiseáil shábháilte na faisnéise rúnda a áirithiú, i gcomhréir le hAirteagal 32.

Roinn 2

Údaráis inniúla náisiúnta

Airteagal 31

Ainmniú na n-údarás inniúil náisiúnta agus pointí teagmhála aonair

1.   Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin nó níos mó chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo ar an leibhéal náisiúnta a áirithiú.

2.   I gcás ina n-ainmneoidh Ballstát níos mó ná údarás inniúil náisiúnta amháin, leagfaidh sé amach go soiléir freagrachtaí gach ceann de na húdaráis lena mbaineann agus áiritheoidh sé go gcomhoibreoidh na húdaráis go héifeachtach éifeachtúil chun a gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear na tascanna a bhaineann leis an ainmniú agus gníomhaíochtaí an phointe teagmhála aonair náisiúnta dá dtagraítear i mír 3.

3.   Ainmneoidh gach Ballstát pointe teagmhála aonair náisiúnta amháin chun feidhm idirchaidrimh a fheidhmiú chun comhar trasteorann le húdaráis inniúla náisiúnta Ballstát eile, leis an gCoimisiún agus leis an mBord Eorpach um Leathsheoltóirí a áirithiú (pointe teagmhála aonair). I gcás nach n-ainmneoidh Ballstát ach aon údarás inniúil amháin, is é an t-údarás inniúil sin a bheidh ina phointe teagmhála aonair freisin.

4.   Tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún faoi údarás inniúil náisiúnta nó níos mó ná údarás inniúil náisiúnta amháin a ainmniú, agus faoin bpointe teagmhála aonair, lena n-áirítear a gcúraimí agus freagrachtaí beachta faoin Rialachán seo, a sonraí teagmhála agus aon athrú ar na sonraí ina dhiaidh sin.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go bhfeidhmeoidh na húdaráis inniúla náisiúnta, lena n-áirítear an pointe teagmhála aonair a ainmneofar, a gcumhachtaí ar bhealach neamhchlaonta, trédhearcach agus tráthúil agus go soláthrófar dóibh na cumhachtaí agus na hacmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

6.   Áiritheoidh na Ballstáit go rachaidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhairle le húdaráis náisiúnta ábhartha eile, agus le páirtithe leasmhara ábhartha agus go gcomhoibreoidh siad leo, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.

Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis inniúla náisiúnta.

Caibidil VI

Rúndacht agus pionóis

Airteagal 32

Faisnéis rúnda a láimhseáil

1.   An fhaisnéis a fhaightear le linn an Rialachán seo a chur chun feidhme is chun críocha an Rialacháin seo agus chun na gcríoch sin amháin a úsáidfear í, agus déanfar í a chosaint le dlí ábhartha an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta.

2.   An fhaisnéis a fhaightear de bhun Airteagail 15, 20, 25 agus 26(3), beidh sí faoi réir rúndacht gairmiúil agus beidh an chosaint aici a thugtar leis na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais agus leis an dlí ábhartha náisiúnta, lena n-áirítear na forálacha is infheidhme a ghníomhachtú maidir le sárú na rialacha sin.

3.   Áiritheoidh an Coimisiún agus na húdaráis náisiúnta, a n-oifigigh, a seirbhísigh agus daoine eile atá ag obair faoi mhaoirseacht na n-údarás sin rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheobhaidh siad agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu sa chaoi go gcosnófar go háirithe cearta maoine intleachtúla agus faisnéis íogair ghnó nó rúin trádála. Bainfidh an oibleagáid sin le hionadaithe uile na mBallstát agus leis na breathnóirí, saineolaithe agus rannpháirtithe eile ar fad a fhreastalaíonn ar chruinnithe an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí de bhun Airteagal 28 agus le comhaltaí an Choiste Leathsheoltóra de bhun Airteagal 38(1).

4.   Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le modhanna caighdeánaithe slána chun an fhaisnéis a gheofar de bhun an Rialacháin seo a bhailiú, a phróiseáil agus a stóráil.

5.   Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcás inar gá, an fhaisnéis a fuarthas de bhun Airteagal 20 agus Airteagal 25 a mhalartú, i bhfoirm chomhiomlánaithe amháin lena gcuirtear cosc ar nochtadh aon chonclúidí maidir le staid shonrach cuideachta i mBallstát, le húdaráis inniúla tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha comhaontaithe acu leo chun leibhéal leormhaith rúndachta a sholáthar. Sula rachaidh an Coimisiún nó na Ballstáit i mbun aon mhalartaithe faisnéise, tabharfaidh siad fógra don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí faoin bhfaisnéis atá le roinnt agus faoin socrú rúndachta ábhartha.

Agus faisnéis á malartú le húdaráis inniúla tríú tíortha, ainmneoidh an Coimisiún pointe teagmhála aonair san Aontas agus úsáidfidh sé é chun aistriú na faisnéise nó na sonraí sin ar bhealach rúnda a éascú de bhun nósanna imeachta ábhartha an Choimisiúin.

6.   Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, de réir mar is gá ar bhonn na taithí arna fáil sa bhailiú faisnéise, chun na socruithe praiticiúla a shonrú maidir le faisnéis rúnda a láimhseáil i gcomhthéacs malartú faisnéise de bhun an Rialacháin seo. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38(2).

Airteagal 33

Pionóis

1.   Féadfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh, trí chinneadh, i gcás ina meastar é sin a bheith riachtanach agus comhréireach:

(a)

fíneálacha a fhorchur, i gcás ina soláthraíonn gnóthas, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, faisnéis mhíchruinn, neamhiomlán nó mhíthreorach mar fhreagairt ar iarraidh a rinneadh de bhun Airteagal 25, nó mura soláthraíonn gnóthas nó eagraíochtaí ionadaíocha gnóthas an fhaisnéis laistigh den teorainn ama atá forordaithe;

(b)

fíneálacha a fhorchur i gcás nach gcomhlíonann gnóthas, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, an oibleagáid chun an Coimisiún a chur ar an eolas faoi oibleagáid tríú tír de bhun Airteagal 25(7) agus Airteagal 26(3);

(c)

íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur i gcás nach gcomhlíonann gnóthas, d’aon ghnó nó trí mhórfhaillí, oibleagáid chun tús áite a thabhairt do tháirgeadh na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 26.

2.   Sula ndéanfaidh sé cinneadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo, tabharfaidh an Coimisiún deis éisteacht do na gnóthais i gcomhréir le hAirteagal 36. Cuirfidh sé san áireamh aon fhorais a bhfuil údar réasúnaithe leo a thíolacfaidh gnóthais den sórt sin chun a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil riachtanach agus comhréireach fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur.

3.   Fíneálacha a fhorchuirfear sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), ní sháróidh siad EUR 300 000.

Fíneálacha a fhorchuirfear sna cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), ní sháróidh siad EUR 150 000.

I gcás inar FBM an gnóthas lena mbaineann, ní rachaidh na fíneálacha a fhorchuirfear thar EUR 50 000.

4.   Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirfear sa chás dá dtagraítear i mír 1, pointe (c), ní sháróidh siad 1,5 % den láimhdeachas laethúil reatha le haghaidh gach lá oibre de neamhchomhlíonadh na hoibleagáide de bhun Airteagal 26, a ríomhfar ón dáta a leagtar síos sa chinneadh inar eisíodh an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis.

I gcás inar FBM an gnóthas lena mbaineann, ní rachaidh na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchuirfear thar 0,5 % den láimhdeachas laethúil reatha.

5.   Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á shocrú, tabharfaidh an Coimisiún aird ar chineál, ar thromchúis agus ar fhad an tsáraithe, lena n-áirítear, i gcás neamhchomhlíonadh an ordaithe a bhfuil oibleagáid chun rátáil tosaíochta ag baint leis a ghlacadh agus tús áite a thabhairt di a leagtar amach in Airteagal 26, agus cibé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an gnóthas an t-ordú a bhfuil rátáil tosaíochta ag baint leis go páirteach, agus prionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta á gcur san áireamh go cuí.

6.   I gcás ina gcomhlíonfaidh an gnóthas na ceanglais a bhí an íocaíocht phionósach thréimhsiúil ceaptha a fhorfheidhmiú, féadfaidh an Coimisiún méid cinntitheach na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a shocrú ag figiúr níos ísle ná an figiúr a bheadh i gceist faoin gcinneadh bunaidh.

7.   Beidh dlínse neamhtheoranta ag an gCúirt Bhreithiúnais chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ina socraíonn an Coimisiún fíneáil nó íocaíocht phionósach thréimhsiúil. Féadfaidh sí an fhíneáil nó an íocaíocht phionósach thréimhsiúil arna forchur a chealú, a laghdú nó a mhéadú.

Airteagal 34

Tréimhse theorann chun fíneálacha agus pionóis a fhorchur

1.   Beidh na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún le hAirteagal 33 faoi réir na dtréimhsí teorann seo a leanas:

(a)

2 bhliain i gcás sáruithe forálacha a bhaineann le hiarrataí faisnéise de bhun Airteagal 25;

(b)

2 bhliain i gcás sáruithe forálacha a bhaineann le hoibleagáid faisnéise de bhun Airteagal 25(7) agus Airteagal 26(3);

(c)

3 bliana i gcás sáruithe forálacha a bhaineann leis an oibleagáid chun tús áite a thabhairt do tháirgeadh na dtáirgí atá ábhartha i gcás géarchéime de bhun Airteagal 26.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse theorann dá dtagraítear i mír 1 ar an lá a dhéanfar an sárú. I gcás ina bhfuil sáruithe leanúnacha agus sáruithe a dhéantar arís agus arís eile, cuirfear tús leis an tréimhse theorann ar an lá a rinneadh an sárú deiridh.

3.   Aon bheart a dhéanann an Coimisiún nó údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh an Rialachán seo a áirithiú, cuirfidh an beart sin isteach ar an tréimhse theorann.

4.   Beidh an cur isteach ar an tréimhse theorann i bhfeidhm i gcás na bpáirtithe uile atá freagrach as bheith rannpháirteach sa sárú.

5.   Tosófar ag áireamh an ama as an nua le gach cur isteach. Rachaidh an tréimhse theorann in éag, áfach, ar a dhéanaí, ar an lá a bheidh tréimhse imithe thart atá cothrom le dhá oiread na tréimhse teorann gan fíneáil ná íocaíocht phionósach thréimhsiúil a bheith forchurtha ag an gCoimisiún. Déanfar an tréimhse sin a shíneadh leis an am ar cuireadh an tréimhse theorann ar fionraí lena linn ar an ábhar go bhfuil cinneadh an Choimisiúin ina ábhar sna himeachtaí atá ar feitheamh os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 35

Tréimhse theorann maidir le pionóis a forfheidhmiú

1.   An chumhacht atá ag an gCoimisiún chun cinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 33 a fhorfheidhmiú, beidh sí faoi réir thréimhse theorann 3 bliana.

2.   Cuirfear tús leis an tréimhse theorann ar an lá a dhéanfar cinneadh críochnaitheach den chinneadh.

3.   Cuirfear isteach ar an tréimhse theorann maidir le fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur:

(a)

le fógra a thabharfar faoi chinneadh lena n-athraítear méid bunaidh na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla nó lena ndiúltaítear iarraidh ar athrú;

(b)

le gníomh ar bith a dhéanfaidh an Coimisiún nó a dhéanfaidh Ballstát, agus é ag gníomhú arna iarraidh sin don Choimisiún, atá ceaptha chun íocaíocht na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla a fhorfheidhmiú.

4.   Cuirfear tús leis an tréimshe theorann as an nua le gach cur isteach.

5.   Cuirfear an tréimhse theorann maidir le forfheidhmiú fíneálacha agus íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla ar fionraí:

(a)

go ceann dheireadh an ama ina bhfuil cead íocaíocht a dhéanamh;

(b)

go ceann dheireadh an ama ina bhfuil forfheidhmiú na híocaíochta ar fionraí de bhun cinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais.

Airteagal 36

An ceart chun éisteacht a fháil maidir le pionóis a fhorchur

1.   Sula nglacfaidh an Coimisiún cinneadh de bhun Airteagal 33, tabharfaidh sé deis don ghnóthas lena mbaineann éisteacht a fháil maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

réamhthorthaí an Choimisiúin, lena n-áirítear aon ábhar a ndearna an Coimisiún agóidí ina aghaidh;

(b)

bearta a d’fhéadfadh a bheith beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh i bhfianaise na réamhthorthaí dá dtagraítear i bpointe (a).

2.   Féadfaidh na gnóthais lena mbaineann a gcuid barúlacha maidir le réamhthorthaí an Choimisiúin a thíolacadh de bhun mhír 1, pointe (a), laistigh de theorainn ama a shocróidh an Coimisiún sna réamhthorthaí uaidh agus nach bhféadfaidh a bheith níos lú ná 14 lá.

3.   Ní bhunóidh an Coimisiún a chuid cinntí ar aon ní ach amháin na hagóidí a raibh ar chumas na ngnóthas lena mbaineann barúil a thabhairt ina leith.

4.   Déanfar cearta cosanta an ghnóthais lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn aon imeachtaí. Beidh an gnóthas lena mbaineann i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Choimisiúin faoi théarmaí nochta idirbheartaithe, faoi réir leas dlisteanach gnóthas maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní áireofar leis an gceart rochtana ar an gcomhad faisnéis rúnda ná doiciméid inmheánacha de chuid an Choimisiúin nó de chuid údaráis na mBallstát. Ní áireofar leis an gceart rochtana comhfhreagras idir an Coimisiún agus údaráis na mBallstát go háirithe. Ní chuirfidh aon rud sa mhír seo cosc ar an gCoimisiún faisnéis a nochtadh agus a úsáid, ar faisnéis í atá riachtanach chun sárú a chruthú.

Caibidil VII

Tarmligean cumhachta agus an nós Imeachta coiste

Airteagal 37

An tarmligean a fheidhmiú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus (3) agus Airteagal 17(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama ó 19 Meán Fómhair 2023.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus (3) agus Airteagal 17(2) a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 12(2) nó (3), nó Airteagal 17(2) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 38

Nós imeachta coiste

1.   Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ó choiste (‘an Coiste Leathsheoltóra’). Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 den Rialachán sin.

Caibidil VIII

Forálacha críochnaitheacha

Airteagal 39

Leasuithe ar Rialachán (AE) 2021/694

Leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 mar seo a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 3(2) mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na foclaíochta réamhráití:

‘2.   Beidh sé chuspóir shonracha idirghaolmhara ag an gClár:’;

(b)

cuirtear an pointe seo a leanas leis:

‘(f)

Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí.’;

(2)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

‘Airteagal 8a

Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí

Leis ranníocaíocht airgeadais ón Aontas faoi Chuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí, saothrófar na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2023/1781 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1).

(*1)  Rialachán (AE) 2023/1781. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóra na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (IO C 229, 18.9.2023, lch. 1)’;"

(3)

in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

‘1.   Is é EUR 8 168 000 000 i bpraghsanna reatha a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an Chláir don tréimhse ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 31 Nollaig 2027.

2.   Maidir leis an méid dá dtagraítear i mír 1, is mar a leanas a dháileadh táscach:

(a)

EUR 2 019 914 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 1 – an Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta;

(b)

EUR 1 663 956 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 2 – an Intleacht Shaorga;

(c)

EUR 1 399 566 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 3 – an Chibearshlándáil agus Iontaoibh;

(d)

EUR 507 347 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 4 – Ardscileanna Digiteacha;

(e)

EUR 1 002 217 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 5 – Imscaradh agus Úsáid is Fearr na nAcmhainneachtaí Digiteacha agus Idir-inoibritheachta;

(f)

EUR 1 575 000 000 le haghaidh Chuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí.’

;

(4)

in Airteagal 11, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

‘2.   Comhar le tríú tíortha agus eagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i dtaca le Cuspóirí Sonracha 1, 2, 3 agus 6, beidh sé faoi réir Airteagal 12.’

(5)

in Airteagal 12, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:

‘6.   I gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna slándála, féadfar a fhoráil sa chlár oibre freisin nach bhféadfar eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtíortha comhlachaithe agus eintitis dhlítheanacha atá bunaithe san Aontas ach atá á rialú ó thríú tíortha a bheith incháilithe chun bheith rannpháirteach sna gníomhaíochtaí ar fad, nó i gcuid díobh, faoi Chuspóirí Sonracha 1, 2 agus 6 ach amháin má chomhlíonann siad na ceanglais atá le comhlíonadh ag na heintitis dhlítheanacha sin chun a ráthú go gcosnófar leasanna bunúsacha slándála an Aontais agus na mBallstát agus chun a áirithiú go gcosnófar an fhaisnéis rúnaicmithe faoi dhoiciméid. Leagfar na ceanglais sin amach sa chlár oibre.’

;

(6)

in Airteagal 13, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘3.   Tugtar tuairisc ar shineirgí Chuspóir Sonrach 6 le Cláir eile de chuid an Aontais in Airteagal 6 de Rialachán (AE) 2023/1781 agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán sin’;

(7)

Leasaítear Airteagal 14 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1

‘1.   Is faoi bhainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, nó is faoi bhainistíocht indíreach a chuirfear chun feidhme é trí chúraimí cur chun feidhme áirithe a chur ar iontaoibh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c), den Rialachán Airgeadais, i gcomhréir le hAirteagail 4 go 8a den Rialachán seo. Ní fhéadfaidh na comhlachtaí ar a gcuirtear de chúram an Clár a chur chun feidhme imeacht ó na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh a leagtar síos sa Rialachán seo ach amháin i gcás ina ndéantar foráil maidir leis an imeacht sin sa ghníomh dlí lena mbunaítear na comhlachtaí sin nó lena gcuirtear cúraimí cur chun feidhme buiséid ar a n-iontaoibh nó, le haghaidh na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (c)(ii), (c)(iii) nó (c)(v), den Rialachán Airgeadais, i gcás ina ndéantar foráil maidir leis an imeacht sin sa chomhaontú ranníocaíochta agus má éilítear sin i ngeall ar riachtanais oibríochtúla shonracha comhlachtaí den sórt sin nó ar chineál na gníomhaíochta.’

;

(b)

cuirtear an mhír seo a leanas leis:

‘4.   I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2023/1781 beidh feidhm ag an Airteagal sin.’

,

(8)

in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

‘1.   Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena rannchuidítear leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 3 go hAirteagal 8a a bhaint amach incháilithe chun cistiú a fháil.’

;

(9)

in Iarscríbhinn I, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí

Soláthraítear gníomhaíochtaí faoi Chuspóir Sonrach 6 in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1781’;

(10)

in Iarscríbhinn II cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí

Soláthraítear táscairí intomhaiste chun faireachán a dhéanamh ar an gcur chun feidhme agus chun tuairisciú ar dhul chun cinn Chuspóir Sonrach 6 in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1781’;

(11)

in Iarscríbhinn III cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘Cuspóir Sonrach 6 – Leathsheoltóirí

Soláthraítear sineirgí le Cláir Aontais maidir le Cuspóir Sonrach 6 in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/1781.’.

Airteagal 40

Meastóireacht agus athbhreithniú

1.   Faoin 20 Meán Fómhair 2026 seo agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.

2.   Chun críocha mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo, soláthróidh an Bord Eorpach um Leathsheoltóirí, na Ballstáit agus na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis don Choimisiún ar a hiarraidh sin dó.

3.   Agus an mheastóireacht agus an t-athbhreithniú á ndéanamh ag an gCoimisiún, cuirfidh sé san áireamh seasaimh agus torthaí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus comhlachtaí nó foinsí ábhartha eile.

Airteagal 41

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 13 Meán Fómhair 2023.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. M. ALBARES BUENO


(1)   IO C 365, 23.9.2022, lch. 34.

(2)   IO C 498, 30.12.2022, lch. 94.

(3)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Iúil 2023 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 25 Iúil 2023.

(4)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(5)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30).

(6)  Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014, (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.).

(7)  Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013. (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).

(8)  Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021, lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240. (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).

(9)  Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha (IO L 347, 11.12.2006 lch. 1).

(10)  Treoir (AE) 2020/262 ón gComhairle an 19 Nollaig 2019 lena leagtar síos na socruithe ginearálta maidir le dleacht mháil (IO L 58, 27.2.2020, lch. 4).

(11)  Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó gan nochtadh (rúin trádála) a chosaint ar fháil, ar úsáid agus ar nochtadh (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).

(12)  Treoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú (IO L 157, 30.4.2004, lch. 45).

(13)  Rialachán (AE) 2019/452 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena gcuirtear ar bun creat maidir le hinfheistíochtaí díreacha coigríche isteach san Aontas a scagadh (IO L 79 I, 21.3.2019, lch. 1).

(14)  Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagail 107 agus 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).

(15)  Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).

(16)  Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).

(17)  Treoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le comhchuibhiú gnéithe áirithe den chóipcheart agus cearta gaolmhara sa tsochaí faisnéise (IO L 167, 22.6.2001, lch. 10).

(18)  Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/EC agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

(19)  Treoir (AE) 2022/2555 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le bearta le haghaidh ardleibhéal comhchoiteann cibearshlándála ar fud an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 agus Treoir (AE) 2018/1972 agus lena n-aisghairtear Treoir (AE) 2016/1148 (Treoir NIS 2) (IO L 333, 27.12.2022, lch. 80).

(20)  Moladh (AE) 2019/534 ón gCoimisiún an 26 Márta 2019 maidir le Cibearshlándáil líonraí 5G (IO L 88, 29.3.2019, lch. 42).

(21)  Rialachán (CE) Uimh. 428/2009 ón gComhairle an 5 Bealtaine 2009 lena ndéantar córas Comhphobail a chur ar bun chun rialú a dhéanamh ar onnmhairiú, ar aistriú agus ar bhróicéireacht ítimí dé-úsáide agus ar iad a bheith ar idirthuras (IO L 134, 29.5.2009, lch. 1).

(22)  Rialachán (AE) 2015/479 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha le haghaidh onnmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 34).

(23)  Treoir (AE) 2022/2557. ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le maidir le hathléimneacht na n-eintiteas ríthábhachtach agus lena n-aisghairtear Rialachán 2008/114/CE (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164.).

(24)  Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).

(25)  Moladh (AE) 2022/210 ón gCoimisiún an 8 Feabhra 2022 maidir le bosca coiteann uirlisí de chuid an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais leathsheoltóirí agus maidir le sásra de chuid an Aontais chun faireachán a dhéanamh ar éiceachóras na leathsheoltóirí (IO L 35, 17.2.2022, lch. 17).

(26)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/443 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir le Slándáil sa Choimisiún (IO L 72, 17.3.2015, lch. 41).

(27)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

(28)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

(29)  Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

(30)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11)

(31)  Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

(32)  Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnáil an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 243).

(33)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

GNÍOMHAÍOCHTAÍ

Cur síos teicniúil ar an tionscnamh: raon feidhme na ngníomhaíochtaí

Cuirfear gníomhaíochtaí tosaigh an Tionscnaimh agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Tionscnamh leo a bheidh ann ina dhiaidh sin chun feidhme i gcomhréir leis an tuairisc theicniúil seo a leanas:

Cuid I

Acmhainneacht dearthóireachta le haghaidh teicneolaíochtaí leathsheoltóra comhtháite

Leis an Tionscnamh, cuirfear le hacmhainneachtaí dearthóireachta nuálacha ar mórscála le haghaidh teicneolaíochtaí leathsheoltóra comhtháite trí ardán dearthóireachta fíorúil a bheidh ar fáil ar fud an Aontais. Is éard a bheidh san ardán dearthóireachta fíorúil saoráidí dearthóireachta nuálacha nua ina mbeidh leabharlanna agus uirlisí leathnaithe, lena gcomhtháthófar líon mór teicneolaíochtaí atá ann cheana agus teicneolaíochtaí nua (lena n-áirítear teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn mar shampla fótónaic chomhtháite, teicneolaíochtaí candamacha agus IS/teicneolaíochtaí néaramorfacha). In éineacht le huirlisí EDA atá ann cheana, beifear in ann comhpháirteanna nuálacha agus coincheapa nua córais a dhearadh agus príomhfheidhmiúlachtaí a léiriú mar shampla cineálacha cur chuige nua maidir le hardfheidhmíocht, ísealfhuinneamh, slándáil, ailtireachtaí nua 3D agus ailtireachtaí córais ilchineálaigh, etc.

Trí bheith ag obair go dlúth leis na tionscail úsáideoirí ó earnálacha éagsúla eacnamaíocha, nascfaidh an t-ardán dearthóireachta fíorúil pobail na gcomhlachtaí dearthóireachta, soláthróirí maoine intleachtúla agus soláthróirí uirlisí, le heagraíochtaí taighde agus teicneolaíochta (ETTanna) chun réitigh fréamhshamhla fíorúla a sholáthar ar bhonn chomhfhorbairt na teicneolaíochta. Comhroinnfear rioscaí agus costais forbartha agus cuirfear chun cinn modhanna nua gréasánbhunaithe chun rochtain a fháil ar uirlisí dearthóireachta, lena ngabhann samhlacha costais solúbtha, go háirithe maidir le fréamhshamhaltú, chomh maith le comhchaighdeáin chomhéadain.

Déanfar an t-ardán dearthóireachta fíorúil a uasghrádú go leanúnach le cumais dearthóireachta nua fad is a dhéanann sé níos mó teicneolaíochtaí agus dearaí a chomhtháthú go leanúnach le haghaidh próiseálaithe ísealchumhachta (lena n-áirítear teicneolaíochtaí foinse oscailte, mar shampla RISC-V). Ina theannta sin, féadfaidh teicneolaíochtaí eile a chumasú leis an ardán dearthóireachta fíorúil, mar shampla sliseanna in-ríomhchláraithe bunaithe ar eagair gheataí in-ríomhchláraithe sa réimse, ailtireachtaí nua 3D agus córais ilchineálacha, srl. Cuirfidh sé a sheirbhísí ar fáil tríd an néal, agus déanfaidh sé rochtain agus oscailteacht don phobal ar fad a uasmhéadú trí líonrú a dhéanamh ar lárionaid deartha atá ann cheana agus ionaid deartha nua ar fud na mBallstát.

Cuid II

Línte Píolótacha chun ullmhú le haghaidh táirgeacht nuálach, tástáil agus bailíochtú

Tacóidh an tionscnamh le línte píolótacha le haghaidh táirgeacht nuálach, tástáil agus bailíochtú lena ndúnfar an bhearna idir an tsaotharlann agus an mhonarcha i dtaca le déantús na n-ardteicneolaíochtaí leathsheoltóra mar shampla: ailtireachtaí agus ábhair le haghaidh leictreonaic chumhachta lena gcothaítear fuinneamh inbhuanaithe agus in-athnuaite, stóráil fuinnimh, monaraíocht chliste i gcomhréir leis na caighdeáin chomhshaoil is airde, uathoibriú agus leictrea-shoghluaisteacht, ídiú fuinnimh níos ísle, cibearshlándáil, sábháilteacht fheidhmiúil, leibhéil níos airde maidir le feidhmíocht ríomhaireachta nó maidir le teicneolaíochtaí claochlaitheacha a chomhtháthú, ar nós sliseanna intleachta saorga néaramorfacha agus leabaithe, fótónaic chomhtháite, graiféin agus teicneolaíochtaí eile bunaithe ar ábhar 2T, lena gcomhtháthaítear leictreonaic agus micrishreabhánaic i gcórais ilchineálacha, réitigh theicneolaíocha chun inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht comhpháirteanna agus córas leictreonach a mhéadú. Áirítear an méid seo a leanas ar na réimsí fócais:

(a)

Línte píolótacha chun turgnamh, tástáil agus bailíochtú a dhéanamh ar bhealach oscailte inrochtana, lena n-áirítear trí phacáistí deartha próisis, feidhmíocht bloc maoine intleachtúla, fréamhshamhlacha fíorúla, dearaí nua agus córais ilchineálacha chomhtháite nua.

Leis an ardán dearthóireachta fíorúil, beifear in ann iniúchadh dearthóireachta a dhéanamh ar bhloic maoine intleachtúla nua agus coincheapa córais nua atá le tástáil agus le bailíochtú ar na línte píolótacha trí phacáistí deartha próisis tosaigh, rud a sholáthróidh aiseolas láithreach chun na samhlacha a bheachtú agus a fheabhsú roimh an aistriú chuig monaraíocht. Ón tús, leathnóidh an Tionscnamh roinnt línte píolótacha atá ann cheana, agus sineirgí ann leis an mbonneagar dearthóireachta, ionas gur féidir leis na tionscadail dearthóireachta agus fréamhshamhaltaithe (fíorúla) rochtain a fháil ar na línte píolótacha.

(b)

Línte píolótacha nua maidir le teicneolaíochtaí leathsheoltóra amhail Silicean lán-ídithe ar inslitheoir nach bhfuil ach 10-7 nm ar fad, ardteicneolaíocht thimpeallgheatach agus teicneolaíocht úrscothach na nód imill tosaigh (e.g. faoi bhun 2 nm), agus iad á gcomhlánú le línte píolótacha le haghaidh córais ilchineálacha 3D a chomhtháthú agus le haghaidh ardphacáistíochta. Leis na línte píolótacha déanfar na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta is déanaí agus torthaí na ngníomhaíochtaí sin a chomhtháthú.

Áireofar sna línte píolótacha bonneagar dearthóireachta tiomnaithe ina mbeidh, mar shampla, samhlacha dearthóireachta lena n-ionsamhlaítear an próiseas monaraithe le haghaidh na n-uirlisí dearthóireachta a úsáidtear chun ciorcaid agus córais ar shlis a dhearadh. Bunófar an bonneagar dearthóireachta sin agus fíorúlú na línte píolótacha a bheidh soláimhsithe don úsáideoir, le go mbeidh rochtain dhíreach orthu ar fud an Aontais tríd an ardán dearthóireachta fíorúil. Cuirfidh nasc dá leithéid ar chumas an phobail dearthóireachta roghanna teicneolaíochta a thástáil agus a bhailíochtú sula mbeidh siad ar fáil ar bhonn tráchtála. Áiritheoidh sé go mbainfidh an dearadh nua ar an tslis agus ar an gcóras leas iomlán as acmhainn na dteicneolaíochtaí nua agus gurb é an toradh a bheidh air go mbeidh nuálaíocht úrscothach ann.

In éineacht le chéile, leis na línte píolótacha sin, cuirfear maoin intleachtúil an Aontais, scileanna agus nuálaíocht an Aontais i dteicneolaíocht monaraíochta leathsheoltóra chun cinn agus athneartófar agus leathnófar seasamh an Aontais maidir le trealamh nua monaraíochta agus ábhair nua le haghaidh modúil ardteicneolaíochta leathsheoltóra, mar shampla, liteagrafaíocht agus teicneolaíochtaí sliseoige.

Eagrófar comhar agus comhoibriú dlúth leis an tionscal chun leathnú na hacmhainneachta sin agus chun cuimsiú criticiúil a threorú ón uair a chuirfear tús leis na línte píolótacha cáilithe atá roghnaithe lena mbaineann, mar shampla, ardphacáistiú, teicneolaíocht chomhtháthaithe ilchineálach 3T agus feidhmiúlachtaí tábhachtacha breise amhail fótónaic shileacain, leictreonaic chumhachta, teicneolaíochtaí braiteacha, graiféin sileacain agus teicneolaíochtaí candamacha. An bonneagar cumhachtach leathnaithe uile-Aontais um línte píolótacha sin, atá nasctha go dlúth leis an mbonneagar cumasúcháin dearthóireachta, tá sé bunriachtanach chun eolas, acmhainneacht agus cumais an Aontais a leathnú chun an bhearna idir nuálaíocht ón taighde atá cistithe go poiblí agus an mhonaraíocht atá cistithe ar bhonn tráchtála a dhúnadh, agus chun an t-éileamh agus an mhonaraíocht san Aontas a mhéadú faoi dheireadh na deacáide seo.

Cuid III

Acmhainneachtaí ardteicneolaíochta agus ardinnnealtóireachta le haghaidh sliseanna candamacha

Leis an Tionscnamh, tabharfar aghaidh ar riachtanais shonracha na gcomhpháirteanna próiseála faisnéise a bheidh ann amach anseo lena mbainfear leas as prionsabail neamhchlasaiceacha, go háirithe sliseanna lena mbainfear leas as éifeachtaí candamacha (i.e. sliseanna candamacha) ar bhonn gníomhaíochtaí taighde. Áirítear an méid seo a leanas ar na réimsí fócais:

(a)

Leabharlanna dearthóireachta nuálacha le haghaidh sliseanna candamacha lena dtógtar ar phróisis dearthóireachta agus monaraithe phróisis sheanbhunaithe thionscal clasaiceach na leathsheoltóirí d’ardáin qubit atá bunaithe ar leathsheoltóirí agus ar fhótónaic; agus iad á gcomhlánú ag forbairt na leabharlanna dearthóireachta nuálacha agus ardfhorbartha a fhorbairt agus próisis mhonaraithe le haghaidh na n-ardán qubit malartach nach bhfuil comhoiriúnach le leathsheoltóirí.

(b)

Línte píolótacha chun ciorcaid chandamacha agus leictreonaic rialúcháin a chomhtháthú chun sliseanna candamacha a thógáil bunaithe ar thaighde leanúnach agus leas á bhaint as an taighde sin; agus, chun rochtain a sholáthar ar sheomraí glana tiomnaithe agus ar theilgcheártaí tiomnaithe fréamhshamhaltaithe agus táirgthe, an bhacainn iontrála le haghaidh forbairt agus táirgeadh méideanna beaga comhpháirteanna candamacha a laghdú agus dlús a chur leis na timthriallta nuálaíochta.

(c)

Saoráidí chun comhpháirteanna ardchandamacha, lena n-áirítear iad siúd a tháirgtear leis na línte píolótacha, a thástáil agus a bhailíochtú, rud lena ndúnfar an lúb aischothaithe nuálaíochta idir dearthóirí, táirgeoirí agus úsáideoirí comhpháirteanna candamacha.

Cuid IV

Líonra lárionad inniúlachta agus forbairt scileanna

Tacóidh an Tionscnamh leis an méid seo a leanas:

(a)

Líonra lárionad inniúlachta a chruthú i ngach Ballstát chun úsáid na dteicneolaíochtaí sin a chur chun cinn, lárionaid a bheidh ag feidhmiú mar chomhéadain leis an ardán dearthóireachta fíorúil agus na línte píolótacha, rud lena n-éascófar a n-úsáid éifeachtach, agus lena soláthrófar saineolas agus scileanna do na geallsealbhóirí, lena n-áirítear FBManna úsáideora deiridh. Soláthróidh lárionaid inniúlachta seirbhísí nuálacha don earnáil tionsclaíochta, agus go háirithe do FBManna, ar an saol acadúil agus ar údaráis phoiblí agus cuirfidh siad réitigh shaincheaptha ar fáil do réimse leathan úsáideoirí, rud a chothóidh úsáid níos leithne dearaidh agus ardteicneolaíochta san Aontas. Cabhróidh siad freisin le lucht saothair ardoilte a mhéadú san Aontas.

(b)

Maidir le scileanna, eagrófar gníomhaíochtaí sonracha oiliúna i dtaca le huirlisí dearthóireachta agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó uile-Aontas. Tacófar le scoláireachtaí a chur ar fáil le haghaidh staidéar iarchéime. Comhlánóidh na gníomhaíochtaí sin gealltanais thionsclaíocha faoin gComhshocrú um Scileanna, rud a mhéadóidh líon na n-intéirneachtaí agus na bprintíseachtaí, i gcomhar leis an saol acadúil. Tabharfar aird freisin ar chláir athscilithe agus uas-scilithe d’oibrithe atá ag aistriú ó earnálacha eile.

Cuid V

Gníomhaíochtaí ‘an Chiste um Shliseanna’ chun rochtain ar chaipiteal a sholáthar do gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú, FBManna agus cuideachtaí eile atá sa slabhra luacha leathsheoltóra

Leis an Tionscnamh, tacófar le héiceachóras nuálaíochta leathsheoltóra agus teicneolaíochtaí candamacha atá faoi bhláth a chruthú trí thacú le rochtain fhorleathan ar chaipiteal fiontair do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá ag méadú agus do FBManna chun a ngnó a fhás agus a láithreacht sa mhargadh a leathnú ar bhealach inbhuanaithe.


IARSCRÍBHINN II

TÁSCAIRÍ INTOMHAISTE CHUN FAIREACHÁN A DHÉANAMH AR CHUR CHUN FEIDHME AN TIONSCNAIMH AGUS TUAIRISCIÚ A DHÉANAMH AR DHUL CHUN CINN AN TIONSCNAIMH MAIDIR LE BAINT AMACH A CHUSPÓIRÍ

1.   

Líon na n-eintiteas dlíthiúil atá páirteach (foroinnte de réir méide, cineáil agus tír mbunaíochta) sna gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ón Tionscnamh.

I ndáil le cuspóir oibríochtúil 1 an Tionscnaimh:

2.   

Líon na n-uirlisí dearthóireachta arna bhforbairt nó arna gcomhtháthú faoin Tionscnamh.

I ndáil le cuspóir oibríochtúil 2 an Tionscnaimh:

3.   

An méid iomlán arna chomh-infheistiú ag an earnáil phríobháideach in acmhainní dearthóireachta agus i línte píolótacha faoin Tionscnamh.

I ndáil le cuspóir oibríochtúil 3 an Tionscnaimh:

4.   

Líon na n-úsáideoirí leathsheoltóirí nó na bpobal úsáideoirí a lorgaíonn, agus líon na n-úsáideoirí leathsheoltóirí nó na bpobal úsáideoirí a fhaigheann, rochtain ar acmhainní dearthóireachta agus línte píolótacha faoin Tionscnamh.

I ndáil le cuspóir oibríochtúil 4 an Tionscnaimh:

5.   

Líon na ngnólachtaí a d’úsáid seirbhísí na lárionad inniúlachta náisiúnta a fhaigheann tacaíocht ón Tionscnamh.

6.   

Líon na ndaoine a bhfuil cláir oiliúna curtha i gcrích go rathúil acu a fhaigheann tacaíocht ón Tionscnamh chun ardscileanna agus ardoiliúint ar theicneolaíochtaí leathsheoltóra agus ar theicneolaíochtaí candamacha a fháil.

7.   

Líon na lárionad inniúlachta gníomhach san Aontas i gcomhthéacs an Tionscnaimh.

I ndáil le cuspóir oibríochtúil 5 an Tionscnaimh:

8.   

Líon na ngnólachtaí nuathionscanta, na ngnólachtaí atá ag méadú agus na FBManna a fuair caipiteal fiontair ó ghníomhaíochtaí an ‘Chiste um Shliseanna’ agus méid iomlán na n-infheistíochtaí caipitil a rinneadh.

9.   

Méid na hinfheistíochta a dhéanann cuideachtaí atá ag feidhmiú san Aontas, lena n-áirítear de réir na deighleoige den slabhra luacha ina n-oibríonn siad.


IARSCRÍBHINN III

SINEIRGÍ LE CLÁIR DE CHUID AN AONTAIS

1.   

Le sineirgí an Tionscnaimh le Cuspóirí Sonracha 1 go 5 den Chlár don Eoraip Dhigiteach, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

Go bhfuil fócas téamach spriocdhírithe an Tionscnaimh maidir le teicneolaíochtaí leathsheoltóra agus teicneolaíochtaí candamacha comhlántach;

(b)

Go tabharfar tacaíocht, le cuspóirí sonracha 1 go 5 den Chlár don Eoraip Dhigiteach, don fhothú acmhainneachta digití in ardteicneolaíochtaí digiteacha, lena n-áirítear Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta, Intleacht Shaorga, agus cibearshlándáil, agus ardscileanna digiteacha freisin;

(c)

Leis an Tionscnamh, déanfar infheistíocht i bhfothú acmhainneachta chun ardchumas dearthóireachta, táirgthe agus comhtháthaithe córas a threisiú i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha, teicneolaíochtaí den chéad ghlúin eile agus teicneolaíochtaí candamacha úrscothacha ar mhaithe le forbairt nuálach ghnó, chun slabhraí soláthair agus luacha leathsheoltóra an Aontais a neartú, chun freastal ar phríomhearnálacha tionsclaíocha agus chun margaí nua a chruthú.

2.   

Le sineirgí le Fís Eorpach, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

cé go dtagann réimsí téamacha a dtugtar aghaidh orthu leis an Tionscnamh agus roinnt réimsí a bhaineann le Fís Eorpach le chéile, gur éagsúil agus comhlántach na cineálacha gníomhaíochtaí atáthar le tacú leo, na haschuir ionchasacha agus na loighic idirghabhála atá acu;

(b)

go soláthrófar le Fís Eorpach tacaíocht chuimsitheach don taighde, don fhorbairt theicneolaíoch, don taispeáint, don phíolótú, don chruthúnas coincheapa, don tástáil agus don fhréamhshamhaltú, lena n-áirítear imscaradh réamhthráchtálach teicneolaíochtaí digiteacha nuálacha, go háirithe trí bhíthin an mhéid seo a leanas:

(i)

buiséad tiomnaithe sa cholún ‘Dúshláin Dhomhanda agus Iomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ le haghaidh na braisle ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’ chun teicneolaíochtaí cumasúcháin a fhorbairt (IS agus róbataic, idirlíon den Chéad Ghlúin Eile, Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus Mórshonraí, eochairtheicneolaíochtaí digiteacha (lena n-áirítear micrileictreonaic), lena gcomhcheanglaítear cúrsaí digiteacha le teicneolaíochtaí eile);

(ii)

tacaíocht do bhonneagair thaighde faoin gcolún ‘an Eolaíocht Oscailte’;

(iii)

comhtháthú digiteach i measc na nDúshlán Domhanda ar fad (sláinte, slándáil, fuinneamh agus soghluaisteacht, aeráid, etc.); agus

(iv)

tacaíocht do nuálaíochtaí ceannródaíocha atá ag méadú faoin gcolún ‘An Eoraip Nuálach’ (a mbeidh teicneolaíochtaí digiteacha agus teicneolaíochtaí eile cónasctha i gcuid mhór acu).

(c)

go mbeidh an Tionscnamh ag díriú go heisiach ar acmhainní ar mórscála a fhorbairt i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra agus candamacha ar fud an Aontais. Déanfar infheistíocht leis sna nithe seo a leanas:

(i)

an nuálaíocht a chothú trí thacú le dhá acmhainn theicneolaíocha dhlúthnasctha lenar féidir coincheapa nua córais a cheapadh, mar aon lena dtástáil agus lena mbailíochtú i línte píolótacha.

(ii)

tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar chun cur le hacmhainneacht oiliúna agus feabhas a chur ar ardinniúlachtaí agus ardscileanna digiteacha feidhmeacha chun tacú le forbairt agus imscaradh leathsheoltóirí de réir tionscail forbartha teicneolaíochta agus úsáideora deiridh; agus

(iii)

líonra lárionad náisiúnta inniúlachta, lena n-éascófar rochtain ar phobail agus ar thionscail úsáideora deiridh agus lena soláthrófar saineolas agus seirbhísí nuálaíochta dóibh, chun táirgí agus feidhmchláir nua a fhorbairt agus chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh.

(d)

go gcuirfear acmhainneachtaí teicneolaíochta an Tionscnaimh ar fáil don phobal taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht ó Fís Eorpach;

(e)

de réir mar a théann forbairt na dteicneolaíochtaí digiteacha nuálacha in aibíocht i réimse na leathsheoltóirí a bhuí le Fís Eorpach, go nglacfar na teicneolaíochtaí sin de réir a chéile agus go n-imscarfar iad de réir a chéile faoin gClár nuair is féidir sin;

(f)

maidir leis na cláir Fís Eorpach de Rialachán (AE) 2021/695 le haghaidh forbairt scileanna agus curaclam inniúlachtaí, lena n-áirítear iad sin a sholáthraítear ag lárionaid chomhshuí Pobal Eolais agus Nuálaíochta de chuid na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus um Theicneolaíocht, go ndéanfar iad a chomhlánú le fothú acmhainneachta in ardscileanna agus acmhainneachtaí digiteacha sna teicneolaíochtaí leathsheoltóra agus candamacha a dtacaítear leo faoin Tionscnamh;

(g)

go gcuirfear ar bun sásraí comhordaithe láidre le haghaidh clársceidealú agus cur chun feidhme, agus na nósanna imeachta ar fad don Tionscnamh agus do Fís Eorpach araon á n-ailíniú a mhéid is féidir. Beidh gach seirbhís de chuid an Choimisiúin lena mbaineann páirteach ina struchtúir rialachais.

3.   

Le sineirgí le cláir an Aontais atá faoi bhainistíocht chomhroinnte, lena n-áirítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, áiritheofar go ndéanfar éiceachórais nuálaíochta réigiúnacha agus áitiúla, an claochlú tionsclaíoch, mar aon le claochlú digiteach na sochaí agus na riarachán poiblí a fhorbairt agus a neartú. Áirítear leis sin tacaíocht do chlaochlú digiteach na hearnála tionsclaíochta agus glacadh torthaí, chomh maith le teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha a chur i bhfeidhm ar bhonn céimneach. Leis an Tionscnamh, comhlánófar líonrú trasnáisiúnta agus mapáil thrasnáisiúnta na n-acmhainneachtaí a dtacóidh sé leo, agus tacófar leis an líonrú agus leis an mapáil sin, ionas go mbeidh rochtain ag FBManna agus ag tionscail úsáideora deiridh orthu i ngach réigiún de chuid an Aontais.

4.   

Le sineirgí leis an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, áireofar an méid seo a leanas:

(a)

go ndíreofar, leis an Tionscnamh, ar fhothú acmhainneachta digití agus bonneagair dhigitigh ar mórscála i réimse na leathsheoltóirí, ionas go mbeidh glacadh agus imscaradh forleathan ann ar fud an Aontais i dtaca le réitigh dhigiteacha nuálacha bharrthábhachtacha, atá ann cheana nó a ndearnadh tástáil orthu, laistigh de chreat de chuid an Aontais i réimsí a bhaineann le leas an phobail nó cliseadh sa mhargadh. Tá an Tionscnamh le cur chun feidhme go príomha trí infheistíochtaí comhordaithe agus straitéiseacha leis na Ballstáit, chun acmhainneachtaí digiteacha i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra a bheidh le roinnt ar fud an Aontais agus i ngníomhaíochtaí ar fud an Aontais a fhorbairt. Tá sé sin ábhartha go háirithe leis an leictriú agus leis an tiomáint uathrialach, agus atá ceaptha chun tairbhe do thionscal úsáide deiridh níos iomaíche agus forbairt na dtionscal sin a éascú, go háirithe in earnálacha na soghluaisteachta agus an iompair;

(b)

go gcuirfear acmhainneachtaí agus bonneagair an Tionscnaimh ar fáil chun teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha nua a thástáil ar féidir glacadh leo in earnálacha na soghluaisteachta agus an iompair. Tá an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa le tacú le rolladh amach agus imscaradh teicneolaíochtaí agus réitigh nuálacha nua i réimse na soghluaisteachta agus an iompair agus i réimsí eile chomh maith;

(c)

go mbunófar sásraí comhordúcháin, go háirithe trí na struchtúir rialachais iomchuí.

5.   

Le sineirgí le Clár InvestEU, áiritheofar an méid seo a leanas:

(a)

go soláthrófar tacaíocht trí mhaoiniú margadh-bhunaithe, lena n-áireofar cuspóirí beartais faoin Tionscnamh a ghnóthú, le Rialachán (AE) 2021/523; d’fhéadfaí an maoiniú margadh-bhunaithe sin a chomhcheangal leis an tacaíocht deontais;

(b)

go dtabharfar tacaíocht do shaoráid mheasctha faoin gCiste InvestEU le maoiniú a sholáthrófar tríd an gClár Fís Eorpach nó tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach i bhfoirm ionstraimí airgeadais laistigh d’oibríochtaí measctha.

6.   

Le sineirgí le Erasmus+, áireofar an méid seo leanas:

(a)

leis an Tionscnamh, go dtacófar le forbairt agus foghlaim na n-ardscileanna digiteacha is gá chun teicneolaíochtaí leathsheoltóra úrscothacha a fhorbairt agus a imscaradh i gcomhar leis na tionscail ábhartha is infheidhme;

(b)

go gcomhlánófar leis an gcuid de Erasmus+ a bhaineann le hardscileanna digiteacha na hidirghabhálacha ón Tionscnamh lena dtabharfar aghaidh ar fhoghlaim scileanna i ngach réimse agus ar gach leibhéal trí thaithí de bharr na soghluaisteachta.

7.   

Áiritheofar sineirgí le cláir agus le tionscnaimh eile de chuid an Aontais maidir le hinniúlachtaí agus scileanna.


IARSCRÍBHINN Ia

EARNÁLACHA CRITICIÚLA

1.

Fuinneamh

2.

Iompar

3.

Baincéireacht

4.

Bonneagar an mhargaidh airgeadais

5.

Sláinte

6.

Uisce óil

7.

Fuíolluisce

8.

Bonneagar digiteach

9.

Riarachán poiblí

10.

An Spás

11.

Táirgeadh, próiseáil agus dáileadh bia

12.

Cosaint

13.

Urrús


Top