EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R2192

Rialachán (AE) 2022/2192 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Samhain 2022 lena leagtar síos forálacha sonracha do chláir um chomhar 2014-2020 a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, tar éis gur cuireadh isteach ar chur chun feidhme cláir

PE/52/2022/REV/1

IO L 292, 11.11.2022, p. 1–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/2192/oj

11.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/1


RIALACHÁN (AE) 2022/2192 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Samhain 2022

lena leagtar síos forálacha sonracha do chláir um chomhar 2014-2020 a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim Eorpach Chomharsanachta agus faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh, tar éis gur cuireadh isteach ar chur chun feidhme cláir

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178, Airteagal 209(1) agus Airteagal 212(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach fogha míleata na Rúise, fogha gan chúis agus gan údar, arna thabhairt faoin Úcráin, chomh maith le rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha sin. Mar thoradh ar an bhfogha, chuir an Coimisiún na comhaontuithe maoinithe le haghaidh na gclár comhair idir an tAontas agus an Rúis nó an Bhealarúis faoi seach ar fionraí, agus, i gcás inarb ábhartha, an Ballstát atá ina óstach ar údarás bainistíochta an chláir lena mbaineann. Ó thús fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, tá sraith smachtbhannaí nua forchurtha ag an Aontas in aghaidh na Rúise agus na Bealarúise.

(2)

Chuir fogha míleata na Rúise isteach ar chur chun feidhme trí cinn déag de chláir um chomhar trasteorann a fhaigheann tacaíocht ón Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IEC) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) idir naoi mBallstát a bhfuil údarás bainistíochta cláir á n-óstáil acu agus an Úcráin, Poblacht na Moldóive, an Rúis agus an Bhealarúis.

(3)

Mar gheall ar chineál calaoiseach thoghcháin uachtaránachta mhí Lúnasa 2020 sa Bhealarúis agus ar an gcniogbheartaíocht fhoréigneach ar agóidí síochánta, rinneadh athchalabrú cheana ar chúnamh an Aontais don Bhealarúis tar éis na gConclúidí ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020.

(4)

Mar thoradh ar fhogha míleata na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin, ní mór don Aontas agus a réigiún thoir go háirithe, chomh maith le codanna iartharacha na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive, aghaidh a thabhairt ar shreabh shubstaintiúil isteach de dhaoine easáitithe. Is dúshlán breise an tsreabh isteach sin do na Ballstáit agus do thíortha eile a bhfuil teorainn acu leis an Úcráin, rud a d’fhéadfadh leathadh tuilleadh go Ballstáit eile, go háirithe tráth atá a ngeilleagair fós ag téarnamh ó thionchar phaindéim COVID-19.

(5)

Ina theannta sin, cuireadh isteach go mór ar dhá chlár um chomhar trasnáisiúnta a fhaigheann tacaíocht ó IEC agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) faoi Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), eadhon Clár Interreg do Réigiún Mhuir Bhailt le rannpháirtíocht na Rúise, agus Clár Trasnáisiúnta na Danóibe le rannpháirtíocht na hÚcráine agus Phoblacht na Moldóive, mar gheall ar fhogha míleata na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin nó, maidir le Poblacht na Moldóive, mar gheall ar shreabha daoine easáitithe ón Úcráin a d’eascair go díreach as an bhfogha sin.

(6)

Ón uair a tugadh na fógraí maidir leis na comhaontuithe maoinithe le haghaidh cláir um chomhar leis an Rúis agus leis an mBealarúis a chur ar fionraí, cuirtear aon chur chun feidhme clár agus tionscadal leis na tíortha sin ar fionraí. Is gá rialacha sonracha a leagan síos maidir le cur chun feidhme leanúnach na gclár um chomhar a fhaigheann tacaíocht ó IEC agus CFRE, fiú amháin i gcás fhoirceannadh an chomhaontaithe maoinithe faoi seach.

(7)

Is le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 (4) ón gCoimisiún a rialaítear cur chun feidhme na gclár um chomhar a fhaigheann tacaíocht ó IEC. Mar sin féin, ní féidir Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 a leasú de réir mar is gá, toisc nach bhfuil a bhunús dlí, is é sin Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 i bhfeidhm a thuilleadh ón 31 Nollaig 2020 i leith. Dá bhrí sin, is gá forálacha sonracha a leagan síos in ionstraim dlí ar leith maidir le cur chun feidhme leanúnach na gclár um chomhar lena mbaineann.

(8)

Níl na comhaontuithe maoinithe le haghaidh cláir um chomhar leis an Úcráin agus le Poblacht na Moldóive ar fionraí. Mar sin féin, tá tionchar mór ag fogha míleata na Rúise, fogha gan chúis agus gan údar, arna thabhairt faoin Úcráin, ar chur chun feidhme na gclár sin mar aon le sreabh shubstaintiúil de dhaoine easáitithe ón Úcráin i dtreo Phoblacht na Moldóive. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá roimh chomhpháirtithe na gclár, údaráis na gclár agus comhpháirtithe tionscadail, is gá rialacha sonracha a leagan síos maidir le cur chun feidhme leanúnach na gclár um chomhar lena mbaineann.

(9)

D’fhonn an t-ualach ar bhuiséid phoiblí a mhaolú a eascraíonn as an ngá freagairt d’fhogha míleata na Rúise, fogha gan chúis agus gan údar, arna thabhairt faoin Úcráin agus do shreabh shubstaintiúil de dhaoine easáitithe ón Úcráin, níor cheart feidhm a bheith ag an riail chómhaoinithe a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 maidir le ranníocaíocht an Aontais.

(10)

Níor cheart a cheangal leis an modhnú ar an ráta cómhaoinithe ach fógra faoi tháblaí airgeadais athbhreithnithe a thabhairt don Choimisiún agus socruithe nós imeachta eile. Is gá na rialacha maidir le coigeartuithe agus athbhreithnithe ar chláir a shimpliú le haghaidh na gclár a bhfuil tionchar díreach ag an bhfogha míleata arna thabhairt faoin Úcráin orthu nó ag sreabh shubstaintiúil de dhaoine easáitithe ón Úcráin. Ba cheart aon choigeartuithe iarmhartacha féideartha, lena n-áirítear coigeartuithe ar spriocluachanna na dtáscairí, a cheadú mar chuid de choigeartú leantach ar chlár tar éis dheireadh na bliana cuntasaíochta.

(11)

Ba cheart caiteachas ar thionscadail lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin na himirce mar thoradh ar fhogha míleata na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin a bheith incháilithe ó dháta tosaigh an fhogha sin an 24 Feabhra 2022.

(12)

Cé gurb é an t-údarás bainistíochta atá freagrach as bainistiú na dtionscadal atá roghnaithe cheana féin ag an gComhchoiste Faireacháin, déanfaidh an Comhchoiste Faireacháin leasuithe tionscadail áirithe a fhormheas faoi chláir áirithe. Dá bhrí sin, chun dlús a chur leis na hathruithe is gá, is ar an údarás bainistíochta faoi seach, agus air sin amháin, a bheidh an fhreagracht as na doiciméid a leasú ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a thabhairt do thionscadail a ndéanann cur isteach ar chur chun feidhme cláir difear dóibh i gcomhréir le dlí náisiúnta an údaráis bainistíochta, gan formheas a fháil roimh ré ón gComhchoiste Faireacháin. Ba cheart é a bheith indéanta ionadú an phríomhthairbhí nó athrú ar an bplean maoinithe nó ar na spriocdhátaí forghníomhaithe, i measc nithe eile, a chumhdach leis na leasuithe sin. Maidir le tionscadail nua, ba cheart cead a bheith ag an údarás bainistíochta go sainráite conarthaí a shíniú nach conarthaí le haghaidh mórthionscadal bonneagair iad tar éis an 31 Nollaig 2022. Mar sin féin, ba cheart deireadh a theacht le gníomhaíochtaí uile a mhaoinítear faoin gclár faoin 31 Nollaig 2023.

(13)

Tá fogha míleata na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin ina chúis le boilsciú níos airde ná a raibh coinne leis agus méadú gan choinne ar phraghsanna soláthair agus tógála, agus an dá rud sin le chéile, déanann siad difear do chur chun feidhme mórthionscadal bonneagair sna cláir lena mbaineann. Chun an staid sin a leigheas, ba cheart cead a bheith ann an sciar de ranníocaíocht an Aontais a leithdháiltear ar thionscadail den sórt sin imeacht os cionn na huasteorann a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014, eadhon 30 % tráth dúnta an chláir, ar choinníoll nach bhfuil méadú gan choinne ar phraghsanna soláthair agus tógála ann ach mar gheall ar an mbarrachas.

(14)

Fíoruithe tionscadail riaracháin agus ar an láthair is ea iad na fíoruithe a dhéanann an t-údarás bainistíochta. Mar gheall ar chur isteach ar chur chun feidhme clár, níorbh fhéidir fíoruithe ar an láthair a dhéanamh san Úcráin a thuilleadh. Dá bhrí sin, is gá foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht gan ach fíoruithe riaracháin a dhéanamh. Ina theannta sin, i gcás inar scriosadh comhpháirt bhonneagair de thionscadal sula bhféadfaí fíoruithe a dhéanamh, ba cheart é a bheith indéanta an caiteachas gaolmhar le haghaidh imréiteach cuntas a dhearbhú ar bhonn dearbhú onóra ón tairbhí ina luaitear gur chomhfhreagair an tionscadal sular scriosadh é don inneachar a leagtar amach i sonraisc nó i ndoiciméid a bhfuil luach fíorúcháin coibhéiseach acu.

(15)

De bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014, féadfaidh tionscadail ranníocaíocht airgeadais a fháil má chomhlíonann siad sraith critéar mionsonraithe. Mar gheall ar chur isteach ar chur chun feidhme clár, d’fhéadfadh sé nach gcomhlíonfaí ceann amháin nó níos mó de na critéir sin, go háirithe an ceanglas go mbeadh tionchar soiléir ar an gcomhar trasteorann nó trasnáisiúnta ag an tionscadal, ag tús an chur isteach nó tráth a dhúntar tionscadal ar leith. Ina theannta sin, an coinníoll bunúsach maidir le tairbhithe ó cheann amháin de na Ballstáit rannpháirteacha ar a laghad agus ó cheann amháin de na tíortha comhpháirtíochta ar a laghad a bheith rannpháirteach, b’fhéidir nach ndéanfaí é a chomhlíonadh a thuilleadh. Dá bhrí sin, is gá a chinneadh an féidir a mheas go bhfuil caiteachas incháilithe in ainneoin go bhféadfadh sé nach mbeadh coinníollacha áirithe maoinithe á gcomhlíonadh a thuilleadh mar gheall ar chur isteach ar chur chun feidhme clár.

(16)

Mar gheall ar chur isteach ar chur chun feidhme cláir, ní bheidh comhpháirtí ó thír chomhpháirtíochta ag cuid mhór tionscadal de facto. Chun go mbeidh tairbhithe sna Ballstáit in ann bailchríoch a chur ar a gcuid gníomhaíochtaí, is iomchuí maolú, ar bhonn eisceachtúil, ar an oibleagáid atá ar gach tionscadal tairbhí amháin ar a laghad ó thír chomhpháirtíochta a bheith acu agus fíorthionchar agus fíorthairbhí trasteorann nó trasnáisiúnta a bheith ag na gníomhaíochtaí uile.

(17)

Na hoibleagáidí atá ar phríomhthairbhí, cumhdaíonn siad na gníomhaíochtaí uile a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail. Mar thoradh ar chur isteach ar chur chun feidhme tionscadal, d’fhéadfaí cosc a chur ar phríomhthairbhithe a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le tír chomhpháirtíochta. Dá bhrí sin, ba cheart oibleagáidí an phríomhthairbhí a oiriúnú agus, i gcás inar gá, ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith teoranta do chur chun feidhme an tionscadail maidir leis na Ballstáit. Ba cheart cead a bheith ag príomhthairbhithe freisin an comhaontú i scríbhinn leis na comhpháirtithe tionscadail eile a leasú agus gníomhaíochtaí áirithe nó rannpháirtíocht comhpháirtithe áirithe a chur ar fionraí. Ar deireadh, an oibleagáid atá ar phríomhthairbhithe íocaíochtaí a fhaightear ón údarás bainistíochta a aistriú chuig comhpháirtithe eile, ba cheart í a tharscaoileadh nó a oiriúnú ar a laghad.

(18)

Chun gur féidir leis na cláir a ndéantar difear dóibh aghaidh a thabhairt ar na himthosca eisceachtúla, is gá cead a thabhairt tionscadail lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin na himirce a roghnú gan glao roimh ré ar thograí i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bunús cuí tugtha leo.

(19)

Tar éis na comhaontuithe maoinithe le tíortha comhpháirtíochta a chur ar fionraí, cuireadh íocaíochtaí a bhaineann le rannpháirtíocht na Rúise nó na Bealarúise ar fionraí. Thairis sin, san Úcráin, cuireann na bearta urghnácha arna nglacadh ag an mBanc Náisiúnta agus an staid slándála a eascraíonn as fogha míleata na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin bac ar aistriú airgid thar lear. Is iomchuí, dá bhrí sin, íocaíocht dhíreach na ndeontas a cheadú ón údarás bainistíochta do thairbhithe an tionscadail sna Ballstáit agus i dtíortha comhpháirtíochta nach bhfuil a gcomhaontuithe maoinithe curtha ar fionraí.

(20)

Ceanglaítear ar chláir um chomhar a fhaigheann tacaíocht ó IEC an modh a leagan amach chun caiteachas arna thabhú in airgeadra seachas an euro a chomhshó. Beidh feidhm ag an modh sin ar feadh thréimhse an chláir. Mar gheall ar iarmhairtí airgeadais agus eacnamaíocha fhogha míleata na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin, tá luaineachtaí gan choinne sna rátaí malairte. Is gá, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht an modh sin a athrú.

(21)

Mar gheall ar chur isteach ar chur chun feidhme cláir, d’fhéadfadh sé nach mbeadh údaráis bhainistíochta in ann aistrithe bainc a fháil ó thíortha comhpháirtíochta áirithe, rud a d’fhágfadh nach bhféadfaí fiacha a aisghabháil ó thairbhithe tionscadail atá lonnaithe i dtíortha den sórt sin. I gcás tír chomhpháirtíochta a d’aistrigh cuid dá ranníocaíocht náisiúnta chuig an údarás bainistíochta, ba cheart na méideanna sin a úsáid chun fiacha den sórt sin a fhritháireamh. I gcás tíortha comhpháirtíochta eile, ba cheart don Choimisiún orduithe aisghabhála maidir le fiacha do-aisghabhála a tharscaoileadh nó a láimhseáil.

(22)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, na coinníollacha is infheidhme do chur chun feidhme clár lena rialaítear an bhainistíocht airgeadais chomh maith le cláreagrú, faireachán, meastóireacht agus rialú gnéithe de rannpháirtíocht na dtríú tíortha trí rannchuidiú acmhainní IEC le cláir um chomhar trasnáisiúnta, tá siad le bunú sa chlár um chomhar ábhartha agus freisin, i gcás inar gá sin, sa chomhaontú maoinithe idir an Coimisiún, gach ceann de rialtais na dtríú tíortha lena mbaineann agus an Ballstát atá ina óstach ar údarás bainistíochta an chláir um chomhar ábhartha. Cé go bhféadfaí na coinníollacha is infheidhme maidir le cur chun feidhme na gclár lena rialaítear gnéithe den sórt sin a oiriúnú le coigeartú ar an gclár um chomhar, is gá foráil a dhéanamh maidir le roinnt maoluithe ó fhorálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 chun go bhféadfar na forálacha arna mbunú do na cláir um chomar a fhaigheann tacaíocht ó IEC a chur i bhfeidhm freisin ar an gClár Interreg do Réigiún Mhuir Bhailt agus ar Chlár Trasnáisiúnta na Danóibe.

(23)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach astu féin, eadhon forálacha sonracha a bhunú maidir le cur chun feidhme na gclár um chomhar a ndéanann fogha na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin difear dóibh, agus ós rud é, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, gur fearr is féidir na cuspóirí a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(24)

An cistiú arna sholáthar i gcomhthéacs an Rialacháin seo, ní mór dó na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach leis na bearta sriantacha arna nglacadh de bhun Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a chomhlíonadh.

(25)

I bhfianaise a phráinní atá sé aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin agus mar thoradh ar an ngéarchéim sláinte phoiblí a eascraíonn as paindéim COVID-19, meastar gurb iomchuí an eisceacht a agairt ar an tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, atá i gceangal le CAE, leCFAE agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

(26)

Chun gur féidir leis na Ballstáit a gcláir a choigeartú in am chun tairbhiú de chur i bhfeidhm an ráta cómhaoinithe don bhliain chuntasaíochta 2021/2022, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.   Leagtar síos leis an Rialachán seo forálacha sonracha le haghaidh trí cinn déag de chláir um chomhar trasteorann arna rialú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 agus dhá chlár um chomhar trasnáisiúnta arna rialú le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir le cur isteach ar chur chun feidhme cláir tar éis fogha míleata na Rúise arna thabhairt faoin Úcráin agus rannpháirtíocht na Bealarúise san fhogha sin.

2.   Tá feidhm ag Airteagail 3 go 14 den Rialachán seo maidir leis na cláir um chomhar trasteorann arna rialú le Rialachán (AE) Uimh. 232/2014, a liostaítear i gcuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

3.   Tá feidhm ag Airteagal 15 den Rialachán seo maidir leis na cláir um chomhar trasnáisiúnta arna rialú le Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, a liostaítear i gcuid 2 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

1.   Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “tír chomhpháirtíochta” aon cheann de na tríú tíortha atá rannpháirteach i gclár um chomhar a liostaítear san Iarscríbhinn;

(2)

ciallaíonn “cur isteach ar chur chun feidhme cláir” fadhbanna maidir le cláir a chur chun feidhme mar thoradh ar cheachtar de na cásanna seo a leanas nó ar mheascán den dá cheann:

(a)

comhaontú maoinithe, arna thabhairt i gcrích le tír chomhpháirtíochta a chur ar fionraí go páirteach nó go hiomlán nó a fhoirceannadh mar thoradh ar bhearta sriantacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE;

(b)

fogha míleata arna thabhairt faoi thír chomhpháirtíochta nó sreabha substaintiúla de dhaoine easáitithe isteach i dtír den sórt sin.

2.   Chun críocha Airteagail 3 go 14 den Rialachán seo, beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014.

Airteagal 3

Cómhaoiniú

Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(b), ní cheanglófar aon chómhaoiniú ar ranníocaíocht an Aontais ó na Ballstáit ná ó thíortha comhpháirtíochta maidir le caiteachas arna thabhú agus arna íoc agus arna áireamh sna cuntais bhliantúla do na blianta cuntasaíochta dar tús an 1 Iúil 2021, an 1 Iúil 2022 agus an 1 Iúil 2023 faoi seach.

Airteagal 4

Clársceidealú

1.   Ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún lena bhformheasfar coigeartú ar chlár chun Airteagal 3 a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an t-údarás bainistíochta fógra don Choimisiún faoi na táblaí airgeadais athbhreithnithe sula gcuirfear na cuntais bhliantúla don bhliain chuntasaíochta 2021/2022 isteach tar éis formheas a fháil roimh ré ón gComhchoiste Faireacháin.

2.   Coigeartuithe ar an gclár arb é atá iontu athruithe carnacha nach mó ná 30 % de ranníocaíocht an Aontais arna leithdháileadh ar dtús ar gach cuspóir téamach nó ar chúnamh teicniúil lena mbaineann aistriú idir cuspóirí téamacha nó cúnamh teicniúil chuig cuspóirí téamacha nó lena mbaineann aistriú ó chuspóirí téamacha chuig cúnamh teicniúil, measfar iad a bheith neamhshubstaintiúil agus dá bhrí sin féadfaidh an t-údarás bainistíochta iad a dhéanamh go díreach, le formheas roimh ré ón gComhchoiste Faireacháin. Ní bheidh gá le cinneadh ón gCoimisiún maidir le coigeartuithe den sórt sin.

3.   Ní bheidh gá le haon údar breise a thabhairt maidir leis na hathruithe carnacha dá dtagraítear i mír 2 seachas cur isteach ar chur chun feidhme cláir a agairt agus léireoidh siad, i gcás inar féidir, an tionchar a mheastar a bheidh ag na coigeartuithe ar an gclár.

Airteagal 5

Incháilitheacht caiteachais le haghaidh tionscadail lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce

An caiteachas le haghaidh tionscadail lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin na himirce a eascraíonn as cur isteach ar chur chun feidhme cláir, beidh sé incháilithe amhail ón 24 Feabhra 2022.

Airteagal 6

Tionscadail

1.   Tar éis dochur isteach ar chur chun feidhme cláir tosú, féadfaidh an t-údarás bainistíochta na doiciméid a leasú ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a thabhairt do thionscadail a ndéanann an cur isteach sin difear dóibh i gcomhréir le dlí náisiúnta an údaráis bainistíochta agus gan formheas a fháil roimh ré ar na leasuithe sin ón gComhchoiste Faireacháin.

Féadfar a chumhdach leis na leasuithe sin freisin go ndéanfar ionadú ar an bpríomhthairbhí nó go ndéanfar athruithe ar an bplean maoinithe nó ar na sprioc-amanna forghníomhaithe.

2.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta conarthaí, nach conarthaí le haghaidh mórthionscadal bonneagair iad, a shíniú tar éis an 31 Nollaig 2022, ar choinníoll go dtiocfaidh deireadh leis na gníomhaíochtaí tionscadail uile arna maoiniú ag an gclár faoin 31 Nollaig 2023.

3.   Féadfaidh sciar na ranníocaíochta ón Aontas a leithdháilfear ar mhórthionscadail bhonneagair a bheith níos mó ná 30 % tráth a dhúntar an clár, ar choinníoll nach mbeidh sé níos mó ná sin ach mar gheall ar mhéadú gan choinne ar phraghsanna soláthair agus tógála tar éis boilsciú níos airde ná a raibh coinne leis.

Airteagal 7

Feidhmiú an údaráis bainistíochta

1.   Féadfar fíoruithe arna ndéanamh ag an údarás bainistíochta a theorannú d’fhíoruithe riaracháin, i gcás nach féidir fíoruithe tionscadail ar an láthair a dhéanamh. I gcás nach féidir aon fhíorú a dhéanamh, ní dhearbhófar an caiteachas gaolmhar chun na cuntais a imréiteach.

2.   D’ainneoin mhír 1, i gcás inar scriosadh comhpháirt bhonneagair de thionscadal sula bhféadfaí fíoruithe a dhéanamh, féadfar an caiteachas gaolmhar a dhearbhú le haghaidh imréiteach cuntas ar bhonn dearbhú onóra ón tairbhí ina luaitear gur chomhfhreagair an tionscadal sular scriosadh an tionscadal don inneachar a leagtar amach i sonraisc nó i ndoiciméid a bhfuil luach fíorúcháin coibhéiseach acu.

Airteagal 8

Tionchar na dtionscadal ar chomhar trasteorann

1.   I gcomhthéacs chur chun feidhme na dtionscadal a ndéanann cur isteach ar chur chun feidhme cláir difear dóibh, déanfar tionchar agus tairbhí na dtionscadal maidir leis an gcomhar trasteorann a mheasúnú i dtrí chéim:

(a)

an chéad chéim suas go dtí an dáta a thosaigh an cur isteach ar chur chun feidhme an chláir;

(b)

an dara céim amhail ón dáta dá dtagraítear i bpointe (a);

(c)

an tríú céim tar éis do dheireadh teacht leis an gcur isteach ar chur chun feidhme an chláir.

Maidir leis an gcéad chéim agus an tríú céim, is iad na táscairí agus na spriocluachanna gaolmhara a úsáidfear don mheasúnú sin na táscairí agus na spriocluachanna gaolmhara a bhainfidh na tairbhithe amach sna Ballstáit agus sna tíortha comhpháirtíochta, ar choinníoll go raibh na tairbhithe sna tíortha comhpháirtíochta in ann an fhaisnéis ábhartha a sholáthar don údarás bainistíochta.

Maidir leis an dara céim, is iad na táscairí agus na spriocluachanna gaolmhara a úsáidfear don mheasúnú sin na táscairí agus na spriocluachanna gaolmhara a ghnóthóidh na tairbhithe sna Ballstáit agus sna tíortha comhpháirtíochta sin nach bhfuil a gcomhaontuithe maoinithe ar fionraí agus nach bhfuil i gcás mar a luaitear faoi Airteagal 2(1), pointe (2)(b).

2.   Déanfar incháilitheacht caiteachais i dtionscadail a mheasúnú i gcomhréir le mír 1, a mhéid a bhaineann lena dtionchar ar chomhar trasteorann agus leis na tairbhí comhair trasteorann a bhaineann leo.

3.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(b), tionscadail lena n-áirítear comhpháirt bhonneagair atá lonnaithe i dtír chomhpháirtíochta, ní cheanglófar orthu an ranníocaíocht ón Aontas a aisíoc i gcás nach féidir an oibleagáid a chomhlíonadh gan a bheith faoi réir athruithe substaintiúla laistigh de chúig bliana ó dhúnadh an tionscadail nó laistigh den tréimhse ama a leagtar amach sna rialacha maidir le Státchabhair.

Airteagal 9

Rannpháirtíocht i dtionscadail

1.   Amhail ón dáta a thosaigh an cur isteach ar chur chun feidhme cláir, féadfaidh tionscadail leanúnacha leanúint ar aghaidh fiú i gcás nach bhfuil aon tairbhí de chuid tíre comhpháirtíochta a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a) nó (b), in ann a bheith rannpháirteach.

2.   Amhail ón dáta a thosaigh an cur isteach ar chur chun feidhme cláir, féadfaidh an Comhchoiste Faireacháin tionscadail nua a roghnú fiú i gcás nach mbeidh tairbhí tíre comhpháirtíochta a bhfuil air aghaidh a thabhairt ar chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a) nó (b), in ann a bheith rannpháirteach tráth an roghnúcháin.

3.   Amhail ón dáta a thiocfaidh deireadh leis an gcur isteach ar chur chun feidhme cláir, féadfaidh an t-údarás bainistíochta an doiciméad a leasú ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht do thionscadail chun tairbhithe tíre comhpháirtíochta a áirítear san iarratas ar thionscadal a chumhdach gan formheas a fháil roimh ré ón gComhchoiste Faireacháin.

Airteagal 10

Oibleagáidí na bpríomhthairbhithe

1.   Tar éis do chur isteach ar chur chun feidhme cláir tosú agus fad a mhairfidh cur isteach den sórt sin, ní cheanglófar ar an bpríomhthairbhí i mBallstát an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

freagracht a ghlacadh as gan an chuid sin den tionscadal a ndearna an cur isteach difear di a chur chun feidhme;

(b)

a áirithiú maidir leis an gcaiteachas arna thíolacadh ag na tairbhithe a ndearna an cur isteach difear dóibh, gur tabhaíodh é le haghaidh chur chun feidhme an tionscadail agus go bhfreagraíonn sé do ghníomhaíochtaí a leagtar amach sa chonradh agus ar chomhaontaigh gach tairbhí leo;

(c)

a fhíorú go ndearna iniúchóir nó oifigeach poiblí inniúil scrúdú ar an gcaiteachas arna thíolacadh ag na tairbhithe a ndearna an cur isteach difear dóibh.

2.   Tar éis do chur isteach ar chur chun feidhme cláir tosú, beidh sé de cheart ag an bpríomhthairbhí i mBallstát an comhaontú comhpháirtíochta leis na tairbhithe eile a leasú agus a oiriúnú go haontaobhach.

Áireofar leis an gceart sin an fhéidearthacht gníomhaíochtaí tairbhí ó thír chomhpháirtíochta a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach, fad a leanfar den chur isteach ar chur chun feidhme cláir.

3.   Féadfaidh an príomhthairbhí i mBallstát na hathruithe is gá a dhéanamh ar an tionscadal a mholadh don údarás bainistíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tionscadail a athdháileadh ar na tairbhithe eile.

4.   Tar éis do chur isteach ar chur chun feidhme cláir tosú, féadfaidh an príomhthairbhí i mBallstát a iarraidh ar an údarás bainistíochta gan an ranníocaíocht airgeadais a fháil chun gníomhaíochtaí tionscadail a chur chun feidhme ina n-iomláine nó i bpáirt.

Ní cheanglófar ar an bpríomhthairbhí i mBallstát a áirithiú go bhfaighidh tairbhithe i dtíortha comhpháirtíochta méid iomlán an deontais a luaithe is féidir agus ina iomláine.

5.   Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(b), féadfaidh an príomhthairbhí i mBallstát agus an t-údarás bainistíochta, i gcomhaontú leis an údarás iniúchóireachta, iarraidh ar íocaíocht a fhíorú agus a ghlacadh gan fíorú roimh ré ag iniúchóir nó ag oifigeach poiblí inniúil ar an gcaiteachas arna dhearbhú ag tairbhí atá lonnaithe i dtír chomhpháirtíochta.

6.   Beidh feidhm ag míreanna 1 go 5 den Airteagal seo freisin maidir le príomhthairbhithe i dtír chomhpháirtíochta nach bhfuil sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a).

Ina theannta sin, agus ar feadh ré an chur isteach ar cur chun feidhme cláir, féadfaidh príomhthairbhí den sórt sin a iarraidh ar an údarás bainistíochta tairbhí eile a shainaithint mar phríomhthairbhí agus íocaíochtaí díreacha a dhéanamh le tairbhithe eile an tionscadail lena mbaineann.

Airteagal 11

Dámhachtain dhíreach

Tar éis do chur isteach ar chur chun feidhme cláir tosú, agus ar feadh ré an chur isteach, féadfaidh an Comhchoiste Faireacháin tionscadail lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata arna thabhairt faoi thír rannpháirteach a roghnú gan glao roimh ré ar thograí i gcásanna eisceachtúla agus cuí-réasúnaithe.

Airteagal 12

Íocaíochtaí

Tar éis do chur isteach ar chur chun feidhme cláir tosú agus gan dochar d’Airteagal 6(1), féadfaidh an t-údarás bainistíochta ranníocaíocht airgeadais le haghaidh chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a aistriú go díreach chuig tairbhithe tionscadail seachas an príomhthairbhí.

Airteagal 13

Úsáid an euro

Maidir leis an modh a roghnaítear chun caiteachas arna thabhú in airgeadra seachas an euro a chomhshó go euro mar a leagtar amach sa chlár, féadfar é a athrú go haisghníomhach amhail ó dháta tosaigh an chur isteach ar chur chun feidhme cláir, agus úsáid á baint as ráta malairte cuntasaíochta míosúil an Choimisiúin de cheann de na míonna seo a leanas:

(a)

an mhí a tabhaíodh an caiteachas;

(b)

an mhí ar lena linn a cuireadh an caiteachas faoi bhráid iniúchóra nó oifigigh phoiblí inniúil lena scrúdú;

(c)

an mhí a tuairiscíodh an caiteachas leis an bpríomhthairbhí.

Airteagal 14

Freagrachtaí airgeadais, aisghabhálacha agus aisíocaíocht leis an údarás bainistíochta

1.   Tar éis do chur isteach ar chur chun feidhme cláir tosú agus ar feadh ré an chur isteach, beidh sé de cheangal ar an údarás bainistíochta gach beart is gá a leanúint chun méideanna a íocadh go míchuí ó thairbhithe i dtíortha comhpháirtíochta nó ó phríomhthairbhithe i mBallstáit nó i dtíortha comhpháirtíochta a ghnóthú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i míreanna 2 go 5.

2.   Féadfaidh an t-údarás bainistíochta cinneadh a dhéanamh méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil go díreach ó thairbhí i mBallstát gan aisghabháil roimh ré tríd an bpríomhthairbhí i dtír chomhpháirtíochta.

3.   Déanfaidh an t-údarás bainistíochta litreacha aisghabhála a ullmhú agus a sheoladh chun méideanna a íocadh go míchuí a aisghabháil.

I gcás freagairt dhiúltach nó in éagmais freagairtó thairbhithe i dtíortha comhpháirtíochta nó ón tír chomhpháirtíochta ina bhfuil an tairbhí bunaithe, áfach, ní bheidh sé de cheangal ar an údarás bainistíochta nós imeachta riaracháin a shaothrú ná iarracht ar aisghabháil a dhéanamh ó thír chomhpháirtíochta faoi seach a shaothrú ná nós imeachta sásaimh dlíthiúil a sheoladh sa tír chomhpháirtíochta lena mbaineann.

Déanfaidh an t-údarás bainistíochta doiciméadú ar a chinneadh gan an chéad iarracht ar aisghabháil a lorg. Measfar gur cruthúnas leordhóthanach é an doiciméad sin ar dhícheall cuí arna fheidhmiú ag an údarás bainistíochta.

4.   I gcás ina mbaineann an aisghabháil le héileamh in aghaidh tairbhí atá bunaithe i dtír chomhpháirtíochta sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a), agus a n-aistrítear a chómhaoiniú chuig an údarás bainistíochta, féadfaidh an t-údarás bainistíochta an t-éileamh atá le haisghabháil a fhritháireamh leis na cistí neamhúsáidte a d’aistrigh an tír chomhpháirtíochta roimhe sin chuig an údarás bainistíochta.

5.   I gcás ina mbaineann an aisghabháil le héileamh in aghaidh tairbhí atá bunaithe i dtír chomhpháirtíochta sa chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a), agus nach bhfuil an t-údarás bainistíochta in ann an t-éileamh sin a fhritháireamh i gcomhréir le mír 4 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás bainistíochta a iarraidh go nglacfaidh an Coimisiún chuige féin na méideanna a aisghabháil.

I gcás ina bhfuil an tairbhí lena mbaineann faoi réir reo sócmhainní nó toirmeasc ar chistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dó, nó chun tairbhe dó, go díreach nó go hindíreach, de bhun bearta sriantacha arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 215 CFAE, beidh sé d’oibleagáid ar an údarás bainistíochta a iarraidh ar an gCoimisiún na méideanna a aisghabháil. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta a chearta i leith an tairbhí a thabhairt don Choimisiún chun na críche sin.

Cuirfidh an t-údarás bainistíochta an Comhchoiste Faireacháin ar an eolas faoi aon nós imeachta aisghabhála arna ghlacadh ar láimh ag an gCoimisiún.

Airteagal 15

Maoluithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 is infheidhme maidir le cláir thrasnáisiúnta

1.   De mhaolú ar Airteagal 12(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, féadfaidh an coiste faireacháin nó coiste stiúrtha arna bhunú ag an gcoiste faireacháin agus a ghníomhaíonn faoina fhreagracht oibríochtaí nua a roghnú fiú gan aon tairbhí ó thír chomhpháirtíochta a bhfuil air aghaidh a thabhairt ar chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a) nó (b) den Rialachán seo, ar choinníoll go ndéanfar tionchair agus tairbhí trasnáisiúnta a shainaithint.

Féadfaidh an coiste faireacháin nó stiúrtha tionscadail nua a roghnú freisin fiú amháin i gcás nach bhfuil aon tairbhí de chuid tíre comhpháirtíochta a bhfuil air aghaidh a thabhairt ar chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a) nó (b), in ann a bheith rannpháirteach tráth an roghnúcháin.

2.   De mhaolú ar Airteagal 12(2) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, féadfaidh oibríochtaí leanúnacha leanúint ar aghaidh fiú amháin i gcás nach bhfuil aon tairbhí ó thír chomhpháirtíochta a bhfuil air aghaidh a thabhairt ar chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a) nó (b) den Rialachán seo, in ann páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme an tionscadail.

I gcomhthéacs chur chun feidhme na n-oibríochtaí a ndéanann cur isteach ar chur chun feidhme cláir difear dóibh, déanfar measúnú ar thionchar an chomhair thrasnáisiúnta agus ar na tairbhí a bhaineann leis i gcomhréir le hAirteagal 8(1) agus (3) den Rialachán seo.

3.   De mhaolú ar Airteagal 12(5) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 agus i gcomhréir lena dhlí náisiúnta, féadfaidh an t-údarás bainistíochta leasú a dhéanamh ar na doiciméid lena leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht a thabhairt do na hoibríochtaí a ndéanann cur isteach ar chur chun feidhme cláir difear dóibh.

Leis na leasuithe sin, féadfar ionadú an phríomhthairbhí nó athruithe ar an bplean maoinithe agus ar na sprioc-amanna maidir le forghníomhú a chumhdach freisin.

Amhail ón dáta a thiocfaidh deireadh le cur isteach ar chur chun feidhme cláir, féadfaidh an t-údarás bainistíochta an doiciméad a leasú ina leagtar amach na coinníollacha maidir le tacaíocht do na hoibríochtaí chun tairbhithe tíre comhpháirtíochta a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar chás dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (2)(a) nó (b), a áirítear sa doiciméad iarratais, a chumhdach.

4.   De mhaolú ar Airteagal 13(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, beidh feidhm ag Airteagal 10 den Rialachán seo maidir le cearta agus oibleagáidí na bpríomhthairbhithe.

5.   De mhaolú ar Airteagal 21(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 agus gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás deimhniúcháin íocaíochtaí a dhéanamh go díreach le tairbhithe seachas an príomhthairbhí.

6.   De mhaolú ar Airteagal 23(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, beidh feidhm ag Airteagal 7 den Rialachán seo maidir leis na fíoruithe bainistíochta a dhéanfaidh an t-údarás bainistíochta agus na rialaitheoirí.

7.   De mhaolú ar Airteagal 27(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, beidh feidhm ag Airteagal 14 den Rialachán seo maidir le méideanna a íocadh go míchuí agus aisíocaíochtaí leis an údarás bainistíochta a aisghabháil.

8.   De mhaolú ar Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013, beidh feidhm ag Airteagal 13 den Rialachán seo maidir leis an modh a roghnaítear chun caiteachas arna thabhú in airgeadra seachas an euro a chomhshó in euro.

9.   Beidh feidhm ag na maoluithe dá bhforáiltear i míreanna 1 go 8 amhail ón dáta a bheidh ar na cláir thrasnáisiúnta lena mbaineann aghaidh a thabhairt ar chur isteach ar chur chun feidhme cláir agus ar feadh ré an chur isteach sin.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2022.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

R. METSOLA

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2022 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 8 Samhain 2022.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 77, 15.3.2014, lch. 27).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 897/2014 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2014 lena leagtar síos forálacha sonracha chun cláir um chomhar trasteorann a chur chun feidhme arna maoiniú faoi Rialachán (AE) Uimh. 232/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim Eorpach Chomharsanachta (IO L 244, 19.8.2014, lch. 12).


IARSCRÍBHINN

Liosta na gclár um chomhar 2014-2020 lena mbaineann

CUID 1:

LIOSTA DE NA CLÁIR UM CHOMHAR TRASTEORANN FAOI RIALACHÁN (AE) UIMH. 232/2014

1.

2014TC16M5CB001 — IEC-CTT Kolarctic

2.

2014TC16M5CB002 — IEC-CTT an Chairéil-an Rúis

3.

2014TC16M5CB003 — IEC-CTT Oirdheisceart na Fionlainne-an Rúis

4.

2014TC16M5CB004 — IEC-CTT An Eastóin-an Rúis

5.

2014TC16M5CB005 — IEC-CTT An Laitvia-an Rúis

6.

2014TC16M5CB006 — IEC-CTT An Liotuáin-an Rúis

7.

2014TC16M5CB007 — IEC-CTT An Pholainn-an Rúis

8.

2014TC16M5CB008 — IEC-CTT An Laitvia-an Liotuáin-an Bhealarúis

9.

2014TC16M5CB009 — IEC-CTT An Pholainn-an Bhealarúis-an Úcráin

10.

2014TC16M5CB010 — IEC-CTT An Ungáir-an tSlóvaic-an Rómáin-an Úcráin

11.

2014TC16M5CB011 — IEC-CTT An Rómáin-an Mholdóiv

12.

2014TC16M5CB012 —IEC-CTT An Rómáin-an Úcráin

13.

2014TC16M6CB001 — Imchuach na Mara Duibhe IEC-CTT

CUID 2:

LIOSTA DE NA CLÁIR UM CHOMHAR TRASTEORANN FAOI RIALACHÁN (AE) UIMH. 1299/2013

1.

2014TC16M5TN001 — Clár Interreg do Réigiún Mhuir Bhailt

2.

2014TC16M6TN001 — Clár Trasnáisiúnta na Danóibe

Top