EUR-Lex El acceso al Derecho de la Unión Europea

Volver a la página principal de EUR-Lex

Este documento es un extracto de la web EUR-Lex

Documento 32021R1340

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1340 ón gCoimisiún an 22 Aibreán 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/2656

IO L 292, 16.8.2021, p. 1/3 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Estatuto jurídico del documento Vigente

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1340/oj

16.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1340 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Aibreán 2021

lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena gcinntear inneachar na dtéarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas a thabhairt do chumhachtaí um bac réitigh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 71a(5), an tríú fomhír de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir 2014/59/AE arna leasú le Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tugadh isteach coimircí áirithe chun forghníomhú éifeachtach na réiteach a fheabhsú i ndáil le conarthaí airgeadais atá faoi rialú ag dlí tríú tír.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 71a(1) de Threoir 2014/59/AE, ceanglaítear ar institiúidí agus ar eintitis téarmaí a áireamh lena n-aithnítear cumhachtaí um bac réitigh na n-údarás réitigh sna conarthaí airgeadais a dhéanann siad agus atá faoi rialú ag dlí tríú tír.

(3)

Chun éifeachtúlacht an réitigh a fheabhsú, leagtar síos le hAirteagal 68 de Threoir 2014/59/AE nár cheart a mheas go bhfuil bearta coiscthe géarchéime áirithe nó bearta bainistithe géarchéime áirithe ina n-ócáidí forfheidhmithe ná ina n-imeachtaí dócmhainneachta. Thairis sin, leis an airteagal sin, leagtar síos nár cheart leis na bearta sin go mbeadh contrapháirtithe conarthacha i gconarthaí ábhartha i dteideal cearta conarthacha áirithe a fheidhmiú de bharr cur i bhfeidhm beart den sórt sin agus dá bharr sin amháin. Dá bhrí sin, is gá toiliú na bpáirtithe maidir le bheith faoi cheangal na gceanglas sin a áireamh in inneachar na dtéarmaí conarthacha. Ina theannta sin, faoi Airteagail 33a, 69, 70 agus 71 de Threoir 2014/59/AE, féadfaidh na húdaráis réitigh, ar feadh tréimhse theoranta, oibleagáidí conarthacha íocaíochta nó seachadta atá dlite faoi chonradh le hinstitiúid nó le heintiteas faoi réiteach a chur ar fionraí, nó in imthosca áirithe, i gcás institiúid nó eintiteas roimh réiteach, féadfaidh siad teorainn a chur le leasanna urrúis a fhorfheidhmiú agus cearta áirithe na gcontrapháirtithe a chur ar fionraí, mar shampla, an ceart chun clabhsúr a chur ar olloibleagáidí nó iad a ghlanluacháil, íocaíochtaí amach anseo a luathú nó conarthaí airgeadais a fhoirceannadh ar bhealach eile. Ós rud é go bhféadfaí nach mbeadh cumhachtaí na n-údarás réitigh éifeachtach i gcás conarthaí airgeadais atá faoi dhlí tríú tír, ba cheart iad a aithint go sainráite i dtéarmaí na gconarthaí airgeadais.

(4)

Chun éifeachtacht an réitigh a áirithiú agus comhsheasmhacht na gcur chuige arna nglacadh ag na Ballstáit a chur chun cinn, agus chun a áirithiú gur féidir le húdaráis réitigh, institiúidí agus eintitis difríochtaí a chur san áireamh, difríochtaí idir córais dlí nó difríochtaí a eascraíonn as foirm shonraithe nó struchtúr sonraithe an chonartha, is iomchuí an t-inneachar sainordaitheach maidir leis na téarmaí conarthacha a leagan síos. Ba cheart samhlacha gnó éagsúla na n-institiúidí agus na n-eintiteas a chur san áireamh in inneachar na dtéarmaí conarthacha sin. Ós rud é, áfach, nach mbíonn éagsúlacht i gceist de ghnáth i gcomhréir le samhlacha gnó éagsúla na n-institiúidí agus na n-eintiteas maidir le conarthaí airgeadais in idirbhearta idirnáisiúnta, ní gá inneachar éagsúil a chruthú le haghaidh clásail réitigh chonarthacha.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE).

(6)

Tá comhairliúcháin phoiblí oscailte déanta ag ÚBE maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, tá anailís déanta aige ar na costais agus ar na tairbhí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d'iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Inneachar na dtéarmaí conarthacha

Áireofar an méid seo a leanas sna téarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas de chonartha airgeadais ábhartha a dhéanann institiúid nó eintiteas agus atá faoi rialú ag dlí tríú tír, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), (c) nó (d) de Threoir 2014/59/AE:

(1)

aitheantas ó na páirtithe agus go nglacfaidh siad leis go bhféadfaidh an conradh a bheith faoi réir fheidhmiú cumhachtaí na n-údarás réitigh chun cearta agus oibleagáidí a eascraíonn as conradh den sórt sin a chur ar fionraí nó a shrianadh faoi Airteagail 33a, 69, 70 agus 71 de Threoir 2014/59/AE arna dtrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme agus go mbeidh feidhm ag na coinníollacha arna leagadh amach in Airteagal 68 den Treoir sin arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme.

(2)

tuairisc ar chumhachtaí an údaráis réitigh mar a leagtar amach in Airteagail 33a, 69, 70 agus 71 de Threoir 2014/59/AE, arna dtrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme, nó tagairt dóibh, agus tuairisc ar choinníollacha Airteagal 68 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme nó tagairt dóibh.

(3)

aitheantas ó na páirtithe agus go nglacfaidh siad leis an méid seo a leanas:

(a)

go bhfuil siad faoi cheangal éifeacht na gcumhachtaí seo a leanas a chur chun feidhme:

fionraí aon oibleagáide íocaíochta nó seachadta i gcomhréir le hAirteagal 33a de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

fionraí aon oibleagáide íocaíochta nó seachadta i gcomhréir le hAirteagal 69 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

teorannú ar fhorfheidhmiú aon leasa urrúis i gcomhréir le hAirteagal 70 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

fionraí aon chirt chun foirceanta faoin gconradh i gcomhréir le hAirteagal 71 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

(b)

go bhfuil siad faoi cheangal fhorálacha Airteagal 68 de Threoir 2014/59/AE arna thrasuí ag an dlí náisiúnta is infheidhme;

(4)

aitheantas ó na páirtithe agus go nglacann siad leis go bhfuil na téarmaí conarthacha i dtaca le haitheantas uileghabhálach maidir leis na hábhair a thuairiscítear iontu cé is moite d’aon chomhaontú, socrú nó comhthuiscint eile idir na contrapháirtithe a bhaineann le hábhar an chomhaontaithe ábhartha.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát,

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Aibreán 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.

(2)  Treoir (AE) 2019/879 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Treoir 2014/59/AE maidir le hacmhainneacht ionsúcháin caillteanais agus acmhainneacht athchaipitliúcháin institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus Treoir 98/26/CE (IO L 150, 7.6.2019, lch. 296).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).


Arriba