EUR-Lex Ingång till EU-rätten

Tillbaka till EUR-Lex förstasida

Det här dokumentet är ett utdrag från EUR-Lex webbplats

Dokument 32015R0476

Rialachán (AE) 2015/476 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an tAontas a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith fhóirdheontais (códú)

IO L 83, 27.3.2015, s. 6–10 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Dokumentets rättsliga status Gällande

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/476/oj

27.3.2015   

GA

Iris Oifigiúill an Aontais Eorpaigh

L 83/6


RIALACHÁN (AE) 2015/476 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 11 Márta 2015

maidir leis na bearta a fhéadfaidh an tAontas a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith fhóirdheontais

(códú)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialach na hEorpa (1),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Tá Rialachán (CE) Uimh 1515/2001 ón gComhairle (3) leasaithe go substaintiúil (4). Ar mhaithe le soiléire agus le réasúntacht, ba cheart an Rialachán sin a chódú.

(2)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 (5) ón gComhairle, leagadh síos comhrialacha maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad.

(3)

Le Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 (6) ón gComhairle, leagadh síos comhrialacha maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach Ballstáit den Aontas Eorpach iad.

(4)

Faoi Chomhaontú Marrakech lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (“EDT”) thángthas ar Chomhaontú maidir le Rialacha agus Nósanna Imeachta lena rialaítear Réiteach Díospóidí (an Comhaontú um Réiteach Díospóidí). Bunaíodh an Comhlacht um Réiteach Díospóide de bhun an Chomhaontaithe um Réiteach Díospóidí.

(5)

Ag féachaint don Aontas a cheadú, i gcás a mheasann sé gurb iomchuí, beart arna ghlacadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 nó Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 a oiriúnú leis na moltaí agus na rialacha atá i dtuarascáil arna glacadh ag an gComhaontú um Réiteach Díospóide, ba cheart forálacha sonracha a leagan síos chuige sin.

(6)

D'fhéadfadh an Coimisiún a mheas gurb iomchuí aon bhearta speisialta eile a aisghairm, a leasú nó a ghlacadh i ndáil le bearta arna ndéanamh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 nó Rialachán (CE) Uimh 597/2009, lena n-áirítear bearta nach raibh ina n-ábhair réitigh díospóide faoin gComhaontú um Réiteach Díospóide, d'fhonn na léirithe dlí, arna ndéanamh i dtuarascáil arna glacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóide, a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart go mbeadh an Coimisiún in ann, nuair is iomchuí, bearta den sórt sin a chur ar fionraí nó a athbhreithniú.

(7)

Is féidir leas a bhaint as an gComhaontú um Réiteach Díospóidí gan teorainn ama. Níl ach éifeacht ionchasach ag na moltaí i dtuarascálacha arna nglacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóide. Dá dhroim sin, is iomchuí a shonrú go mbeidh éifeacht ag aon bhearta arna nglacadh faoin Rialachán seo ó dháta a dteacht i bhfeidhm, mura sonraítear a mhalairt, agus dá bharr sin nach gcuirfear aon bhonn le haisíoc na ndleachtanna a bailíodh roimh an dáta ar fáil leis na bearta sin.

(8)

Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme tá gá le coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le bearta a ghlacadh tar éis tuarascála arna glacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóide maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7).

(9)

Ba cheart an nós imeachta comhairleach a úsáid chun bearta a chur ar fionraí le haghaidh tréimhse teoranta ama de bharr éifeachtaí beart den sórt sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Aon uair a ghlacann an Chomhlacht um Réiteach Díospóide tuarascáil a bhaineann le beart de chuid an Aontais arna ghlacadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009, de bhun Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 nó de bhun an Rialacháin seo (“beart is ábhar díospóide”), féadfaidh an Coimisiún ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas a ghlacadh, cibé acu a mheasann sé is iomchuí, i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 4(3):

(a)

aon bheart is ábhar díospóide a aisghairm nó a leasú; nó

(b)

aon bhearta cur chun feidhme speisialta eile a ghlacadh a mheastar atá iomchuí sna cúinsí sin chun go gcomhlíonfaidh an tAontas na moltaí agus na rialuithe atá sa tuarascáil.

2.   Chun críocha bearta a ghlacadh faoi mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar pháirtithe leasmhara an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil chun an fhaisnéis a chomhlánú, ar faisnéis í a fuarthas le linn an imscrúdaithe a raibh glacadh an bhirt is ábhar díospóide mar thoradh air.

3.   A mhéid is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh sula nglacfar aon bhearta faoi mhír 1 nó fad atá aon bhearta faoin mír sin á nglacadh, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin a thionscnamh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé athbhreithniú a thionscnamh.

4.   A mhéid is iomchuí an beart is ábhar díospóide nó an beart leasuithe a chur ar fionraí, déanfaidh an Coimisiún an fhionraí sin a údarú ar feadh tréimhse teoranta, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Airteagal 2

1.   Féadfaidh an Coimisiún aon bheart atá luaite in Airteagal 1(1) a ghlacadh freisin, má mheasann sé gur iomchuí sin, d'fhonn na léirithe dlí, arna ndéanamh i dtuarascáil arna glacadh ag an gComhlacht um Réiteach Díospóide maidir le beart nach ábhar díospóide é, a chur san áireamh.

2.   Chun críocha bearta a ghlacadh faoi mhír 1, féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar pháirtithe leasmhara an fhaisnéis uile is gá a chur ar fáil chun an fhaisnéis a chomhlánú a fuarthas le linn an imscrúdaithe a raibh glacadh an bhirt nach ábhar díospóide é mar thoradh air.

3.   A mhéid is iomchuí athbhreithniú a dhéanamh sula nglacfar aon bhearta faoi mhír 1 nó fad atá aon bhearta faoin mír sin á nglacadh, is é an Coimisiún a dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin a thionscnamh. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil do na Ballstáit a luaithe a chinnfidh sé athbhreithniú a thionscnamh.

4.   A mhéid is iomchuí an beart nach ábhar díospóide é nó an beart leasuithe a fhionraí, déanfaidh an Coimisiún an fhionraí sin a údarú ar feadh tréimhse teoranta ama, ag gníomhú dó i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 4(2).

Airteagal 3

Beidh éifeacht ag aon bhearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo ó dháta a dteacht i bhfeidhm agus ní chuirfidh siad aon bhonn le haisíoc na ndleachtanna a bailíodh roimh an dáta sin, mura sonraítear a mhalairt.

Airteagal 4

1.   Beidh an Coiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún. Beidh an Coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.   I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 5

Déanfaidh an Coimisiún faisnéis a áireamh maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo ina thuarascáil bhliantúil maidir le bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm agus a chur chun feidhme, tuarascáil a chuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus an Comhairle de bhun Airteagal 22a de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009.

Airteagal 6

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn II.

Airteagal 7

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh in Strasbourg, an 11 Márta 2015.

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa

An tUachtarán

M. SCHULZ

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. KALNIŅA-LUKAŠEVICA


(1)  Tuairim an 10 Nollaig 2014 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Feabhra 2015 (nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 2 Márta 2015

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 ón gComhairle an 23 Iúil 2001 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an Comhphobal a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide an EDT (Eagraíocht Dhomhanda Trádála) maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais (IO L 201, 26.7.2001, lch. 10).

(4)  Féach Iarscríbhinn I.

(5)  Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 343, 22.12.2009, lch. 51).

(6)  Rialachán (CE) Uimh. 597/2009 ón gComhairle an 11 Meitheamh 2009 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí fóirdheontais ó thíortha nach baill den Chomhphobal Eorpach iad (IO L 188, 18.7.2009, lch. 93).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Rialachán Aisghairthe mar aon leis an leasú a rinneadh air

Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001 ón gComhairle

(IO L 201, 26.7.2001, lch. 10)

 

Rialachán (AE) Uimh. 37/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(IO L 18, 21.1.2014, lch. 1)

An Iarscríbhinn, Pointe 7 amháin


IARSCRÍBHINN II

Tábla Comhghaoil

Rialachán (CE) Uimh. 1515/2001

An Rialachán seo

Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3

Airteagal 3a

Airteagal 4

Airteagal 3b

Airteagal 5

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 7

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn II


Upp