EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 22023D1365

Cinneadh ó Chomhchoiste LEE Uimh. 105/2020 an 14 Iúil 2020 lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1365]

PUB/2022/1369

IO L 172, 6.7.2023, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1365/oj

6.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 172/20


CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 105/2020

an 14 Iúil 2020

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2023/1365]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Le Rialachán (AE) 2019/515, aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), a ionchorpraítear i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm dá bharr faoi Chomhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XIX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasófar í mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 3t (Cinneadh (AE) 2015/547 ón gCoimisiún):

‘3u.

32019 R 0515: Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 (IO L 91, 29.3.2019, lch. 1).

Chun críocha an Chomhaontaithe seo, tá forálacha an Rialacháin oiriúnaithe mar a leanas:

(a)

A mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin maidir le táirgí a chumhdaítear le hAirteagal 8(3) de Chomhaontú LEE.

(b)

Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le Lichtinstéin i ndáil le táirgí a gcumhdaítear le hIarscríbhinn I, Caibidil XII agus Caibidil XXVII d’Iarscríbhinn II agus Prótacal 47 a ghabhann le Comhaontú LEE, fad a leathnófar cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta chun Lichtinstéin a chumhdach.

(c)

Cuirfear na focail ‘Airteagal 11 de Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 34 CFAE’.

(d)

Cuirfear na focail ‘Airteagal 13 de Chomhaontú LEE’ in ionad na bhfocal ‘Airteagal 36 CFAE’.

(e)

In Airteagal 8, cuirfear na focail ‘Údarás Faireacháin CSTE’ nó ‘d’Údarás Faireacháin CSTE’ nó ‘ó Údarás Faireacháin CSTE’ in ionad na bhfocal ‘an Coimisiún’ nó ‘don Choimisiún’ nó ‘ón gCoimisiún’ faoi seach nuair a bheidh an cinneadh riaracháin i dtrácht glactha ag údarás atá lonnaithe i Stát de chuid CSTE.’

2.

Scriosfar téacs phointe 3f (Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle).

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán (AE) 2019/515 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 15 Iúil 2020, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 14 Iúil 2020.

Thar ceann Chomhchoiste LEE

An tUachtarán

SabineMONAUNI


(1)  IO L 91, 29.3.2019, lch. 1.

(2)  IO L 218, 13.8.2008, lch. 21.

(*1)  Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.


Top