EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E114

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL VII - COMHRIALACHA MAIDIR LE hIOMAÍOCHT, LE CÁNACHAS AGUS LE COMHFHOGASÚ REACHTAÍOCHTA
CAIBIDIL 3 - DLÍTHE A CHOMHFHOGASÚ
Airteagal 114 (sean-Airteagal 95 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 94–95 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_114/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/94


Airteagal 114

(sean-Airteagal 95 CCE)

1.   Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sna Conarthaí, beidh na forálacha seo a leanas infheidhme d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 26 a bhaint amach. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, na bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha reachtaíochta nó rialúcháin nó riaracháin atá ceaptha sna Ballstáit chun an margadh inmheánach a bhunú agus a oibriú.

2.   Ní bheidh mír 1 infheidhme i leith forálacha fioscacha, forálacha maidir le saorghluaiseacht daoine ná forálacha maidir le cearta agus leas fostaithe.

3.   Is ar ardleibhéal cosanta a bheidh tograí an Choimisiúin dá bhforáiltear i mír 1 maidir le sláinte, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus cosaint an tomhaltóra bunaithe, agus aon fhorbairt nua atá bunaithe ar fhíorais eolaíocha á cur san áireamh ach go háirithe. Faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach, féachfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle freisin leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

4.   Más rud é, tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, don Chomhairle nó don Choimisiún beart comhchuibhithe a ghlacadh, go measann Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a choimeád ar bun de bharr riachtanais thábhachtacha dá dtagraítear in Airteagal 36 nó a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre, cuirfidh sé na forálacha sin, maille leis na forais atá lena gcoimeád ar bun, in iúl don Choimisiún.

5.   Thairis sin, gan dochar do mhír 4, más rud é, tar éis do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, don Chomhairle nó don Choimisiún beart comhchuibhithe a ghlacadh, go measann Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a thabhairt isteach atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua maidir le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre de bharr fadhb a bhaineann go leithleach leis an mBallstát sin agus a thagann chun cinn tar éis don bheart comhchuibhithe a bheith glactha, cuirfidh sé na forálacha arna mbeartú, maille leis na forais atá lena dtabhairt isteach, in iúl don Choimisiún.

6.   Laistigh de shé mhí ó na fógraí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a fháil, déanfaidh an Coimisiún na forálacha náisiúnta i gceist a fhormheas nó a dhiúltú tar éis dó a fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil áis á baint astu le haghaidh idirdhealú treallach nó chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit agus an bhfuil nó nach bhfuil siad ina gconstaic d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

Mura ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 formheasta.

Nuair atá call leis sin mar gheall ar chastacht an ábhair agus in éagmais contúirt do shláinte an duine, féadfaidh an Coimisiún a chur in iúl don Bhallstát i dtrácht go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír seo a fhadú go ceann tréimhse eile suas go sé mhí.

7.   Nuair a údaraítear do Bhallstát, de bhun mhír 6, forálacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach de mhaolú ar bheart comhchuibhithe, scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir oiriúnú ar an mbeart sin a mholadh.

8.   Nuair a ardaíonn Ballstát fadhb shonrach sláinte poiblí i réimse a bhí ina ábhar roimhe sin do bhearta comhchuibhithe, tabharfaidh sé ar aird don Choimisiún í agus scrúdóidh an Coimisiún láithreach an cóir bearta iomchuí a mholadh don Chomhairle.

9.   De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail 258 agus 259, féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát ar bith an t-ábhar a thabhairt díreach os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh má mheasann sé go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáide as na cumhachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.

10.   Beidh sna bearta comhchuibhithe dá dtagraítear anseo thuas, i ngach cás is iomchuí, clásal cosanta lena n-údarófar do na Ballstáit, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna neamheacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal 36, bearta sealadacha a ghlacadh faoi réir nós imeachta rialaithe de chuid an Aontais.


Top