EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 12012E048
Consolidated version of the Treaty on the Functioning of the European Union#PART THREE - UNION POLICIES AND INTERNAL ACTIONS#TITLE IV - FREE MOVEMENT OF PERSONS, SERVICES AND CAPITAL#Chapter 1 - Workers#Article 48#(ex Article 42 TEC)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
Caibidil 1 - Oibrithe
Airteagal 48
(sean-Airteagal 42 CCE)
Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV - SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
Caibidil 1 - Oibrithe
Airteagal 48
(sean-Airteagal 42 CCE)
IO C 326, 26.10.2012, p. 67–67
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
26.10.2012 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
1 |
AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)
CUID A TRÍ
BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL IV
SAORGHLUAISEACHT DAOINE, SEIRBHÍSÍ AGUS CAIPITIL
CAIBIDIL 1
OIBRITHE
Airteagal 48
(sean-Airteagal 42 CCE)
Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, cibé bearta i réimse na slándála sóisialta is gá chun saoirse ghluaiseachta a sholáthar d'oibrithe; chuige sin, déanfaidh sí socruithe chun a áirithiú do na hoibrithe imirceacha fostaithe agus féinfhostaithe agus dá gcleithiúnaithe:
(a) |
go gcomhshuimeofar, d'fhonn an ceart chun sochair a fháil agus a choinneáil agus méid an tsochair a ríomh, na tréimhsí uile a chuirtear san áireamh faoi dhlíthe na dtíortha éagsúla; |
(b) |
go n-íocfar sochair le daoine a chónaíonn ar chríocha na mBallstát. |
I gcás ina ndearbhóidh comhalta den Chomhairle go ndéanfadh dréachtghníomh reachtach dá dtagraítear sa chéad fhomhír difear do ghnéithe tábhachtacha dá chóras slándála sóisialta, lena n-áirítear a raon feidhme, a chostas nó a struchtúr airgeadais, nó go ndéanfadh sé difear do chothromaíocht airgeadais an chórais sin, féadfaidh sé a iarraidh an t-ábhar a tharchur chuig an gComhairle Eorpach. Sa chás sin, déanfar an gnáthnós imeachta reachtach a fhionraí. Tar éis an cheist a phlé agus laistigh de cheithre mhí ón bhfionraí sin, maidir leis an gComhairle Eorpach:
(a) |
déanfaidh sí an dréacht a tharchur ar ais chuig an gComhairle, rud a chuirfidh deireadh le fionraí an ghnáthnóis imeachta reachtaigh, nó |
(b) |
ní ghníomhóidh sí nó iarrfaidh sí ar an gCoimisiún togra nua a thíolacadh; sa chás sin, measfar nach bhfuil an gníomh a beartaíodh an chéad uair glactha. |