EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12012E043

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL III - AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH
Airteagal 43
(sean-Airteagal 37 CCE)

IO C 326, 26.10.2012, p. 64–65 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2012/art_43/oj

26.10.2012   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

1


AN CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (LEAGAN COMHDHLÚITE)

CUID A TRÍ

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS

TEIDEAL III

AN TALMHAÍOCHT AGUS AN tIASCACH

Airteagal 43

(sean-Airteagal 37 CCE)

1.   Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta a shonraítear sa Teideal seo a chur i ngníomh.

Sna tograí sin cuirfear san áireamh idirthuilleamaíocht na gcúrsaí talmhaíochta atá luaite sa Teideal seo.

2.   Bunóidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, comheagrú na margaí talmhaíochta dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a shaothrú. .

3.   Glacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta a bhaineann le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus teorainneacha cainníochtúla a shocrú agus maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

4.   I gcomhréir le mír 2, féadfar an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal 40(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta, más rud é:

(a)

go dtairgeann an chomheagraíocht do na Ballstáit atá ina choinne sin, agus a bhfuil eagraíocht dá gcuid féin acu don táirgeadh áirithe, a chomhionann sin de ráthú um fhostaíocht agus caighdeán maireachtála na dtáirgeoirí a bheidh i gceist, ag féachaint do na hoiriúnuithe is indéanta agus don speisialtóireacht is gá le himeacht aimsire;

(b)

go n-áirithíonn an eagraíocht sin dálaí trádála san Aontas mar atá i margadh náisiúnta.

5.   Má bhíonn comheagraíocht d'amhábhair áirithe bunaithe sula mbeidh comheagraíocht ann do na táirgí próiseáilte a fhreagraíonn dóibh, féadfar na hamhábhair a úsáidtear do tháirgí próiseáilte atá le honnmhairiú go tríú tíortha a allmhairiú ó lasmuigh den Aontas.


Top