EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02021R2115-20230101

Consolidated text: Rialachán (AE) 2021/2115ó pharlaimint na hEORPA agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/2115/2023-01-01

02021R2115 — GA — 01.01.2023 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

RIALACHÁN (AE) 2021/2115Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013

(IO L 435 6.12.2021, lch. 1)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/648 ÓN gCOIMISIÚN an 15 Feabhra 2022

  L 119

1

21.4.2022

►M2

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/813 ÓN gCOIMISIÚN an 8 Feabhra 2023

  L 102

1

17.4.2023


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 181, 7.7.2022, lch.  35 (2021/2115)

►C2

Ceartúchán, IO L 227, 1.9.2022, lch.  136 (2021/2115)




▼B

RIALACHÁN (AE) 2021/2115Ó PHARLAIMINT NA HEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013



TEIDEAL I

ÁBHAR AGUS RAON FEIDHME, FORÁLACHA IS INFHEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1.  

Leis an Rialachán seo, leagtar síos na rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá le saothrú leis an tacaíocht ón Aontas atá á maoiniú as an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus as an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) faoin gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) agus, chomh maith leis sin, na táscairí gaolmhara;

(b) 

na cineálacha idirghabhála agus na ceanglais choiteanna le go bhféadfaidh na Ballstáit na cuspóirí sin a shaothrú agus na socruithe airgeadais gaolmhara;

(c) 

na Pleananna Straitéiseacha CBT, atá le tarraingt suas ag na Ballstáit agus lena socraítear spriocanna, lena sonraítear coinníollacha do na hidirghabhálacha agus lena leithdháiltear acmhainní airgeadais, i gcomhréir leis na cuspóirí sonracha agus na riachtanais shainaitheanta;

(d) 

comhordú agus rialachas, mar aon le faireachán, tuairisciú agus meastóireacht.

2.  
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an tacaíocht ón Aontas atá á maoiniú as CERT agus CETFT le haghaidh idirghabhálacha atá sonraithe i bPlean Straitéiseach CBT arna tharraingt suas ag Ballstát agus arna fhormheas ag an gCoimisiún, lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027 (“tréimhse an Phlean Straitéisigh CBT”).

Airteagal 2

Na forálacha is infheidhme

1.  
Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2021/2116 agus ag na forálacha a ghlactar de bhun an Rialacháin sin maidir leis an tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo.
2.  
Tá feidhm ag Airteagal 19, Caibidil II de Theideal III cé is moite d’Airteagal 28, an chéad fhomhír, pointe (c), agus Airteagal 46 agus Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2021/1060 maidir leis an tacaíocht arna maoiniú ag CETFT faoin Rialachán seo.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “feirmeoir” duine nádúrtha nó dlítheanach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, gan beann ar an stádas dlíthiúil a thugtar do ghrúpa den sórt sin agus dá bhaill faoin dlí náisiúnta, a bhfuil a ghabháltas lonnaithe laistigh de raon feidhme críochach na gConarthaí, mar a shainítear in Airteagal 52 den Chonradh ar an Aontas Eorpach i gcomhar le hAirteagal 349 agus Airteagal 355 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus ar duine é nó ar grúpa é atá i mbun gníomhaíocht talmhaíochta mar atá sainithe ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Rialachán seo;

(2) 

ciallaíonn “gabháltas” na haonaid ar fad a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta agus atá á mbainistiú ag feirmeoir atá lonnaithe laistigh de chríoch an Bhallstáit chéanna;

(3) 

ciallaíonn “idirghabháil” ionstraim thacaíochta ina bhfuil sraith coinníollacha incháilitheachta a shonraíonn Ballstát ina Phlean Straitéiseach CBT bunaithe ar chineál idirghabhála dá bhforáiltear sa Rialachán seo;

(4) 

ciallaíonn ‘oibríocht’:

(a) 

tionscadal, conradh, gníomhaíocht nó grúpa tionscadal nó gníomhaíochtaí arna roghnú faoin bPlean Straitéiseach CBT lena mbaineann;

(b) 

i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, an caiteachas poiblí incháilithe iomlán arna dheonú d'ionstraim airgeadais agus an tacaíocht airgeadais ina dhiaidh sin a thugtar do na faighteoirí deiridh leis an ionstraim airgeadais sin;

(5) 

ciallaíonn “caiteachas poiblí” aon ranníocaíocht le hoibríochtaí a mhaoiniú arb é foinse na ranníocaíochta sin buiséad údarás poiblí náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil, buiséad an Aontais a chuirtear ar fáil do CERT agus CETFT, buiséad comhlachtaí dlí poiblí nó buiséad comhlachas d'údaráis phoiblí nó de chomhlachtaí dlí phoiblí;

(6) 

ciallaíonn “garspriocanna” luachanna réamhbhunaithe idirmheánacha, arna socrú ag na Ballstáit faoi chuimsiú a straitéisí idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (b), do bhliain airgeadais shonrach atá le gnóthú ag tráth ar leith le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT chun dul chun cinn tráthúil a áirithiú i ndáil leis na táscairí toraidh;

(7) 

ciallaíonn “spriocanna” luachanna réamhbhunaithe, arna socrú ag na Ballstáit faoi chuimsiú a straitéisí idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (b), atá le gnóthú faoi dheireadh thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT i ndáil leis na táscairí toraidh;

(8) 

ciallaíonn “réigiúin is forimeallaí” na réigiúin is forimeallaí dá dtagraítear in Airteagal 349 CFAE;

(9) 

ciallaíonn “AKIS” na sreabha comhcheangailte eagrúcháin agus eolais idir daoine, eagraíochtaí agus institiúidí a úsáideann agus a tháirgeann eolas le haghaidh na talmhaíochta agus réimsí a bhfuil baint acu léi (Córas Eolais agus Nuálaíochta na Talmhaíochta);

(10) 

ciallaíonn “na hoileáin bheaga Aeigéacha” na hoileáin bheaga Aeigéacha mar a shainmhínítear iad in Airteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh 229/2013;

(11) 

ciallaíonn “ciste frithpháirteach” scéim arna creidiúnú ag Ballstát i gcomhréir lena dhlí náisiúnta le haghaidh feirmeoirí cleamhnaithe chun iad féin a chur faoi árachas, trína ndéantar íocaíochtaí cúitimh le feirmeoirí cleamhnaithe in aghaidh caillteanais eacnamaíocha a bhaineann dóibh;

(12) 

ciallaíonn “réigiúin bheagfhorbartha” réigiúin bheagfhorbartha de réir bhrí Airteagal 108(2), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060;

(13) 

ciallaíonn “tairbhí”, i gcás na gcineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 69:

(a) 

comhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh, eintiteas, bíodh pearsantacht dhlítheanach aige nó ná bíodh, duine nádúrtha nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as oibríochtaí a thionscnamh nó oibríochtaí a thionscnamh agus a chur chun feidhme araon;

(b) 

i gcomhthéacs scéimeanna Státchabhrach, an gnóthas a fhaigheann an chabhair;

(c) 

i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, an comhlacht a chuireann an ciste sealbhaíochta chun feidhme nó, i gcás nach bhfuil aon struchtúr ciste sealbhaíochta ann, an comhlacht a chuireann an ciste sonrach chun feidhme nó, i gcás inarb é an t-údarás bainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 123 (“an t-údarás bainistíochta”) a bhainistíonn an ionstraim airgeadais, an t-údarás bainistíochta;

(14) 

ciallaíonn “ráta tacaíochta” ráta an chaiteachais phoiblí le hoibríocht; i gcomhthéacs ionstraimí airgeadais, tagraíonn sé don choibhéis deontais chomhláin a bhaineann leis an tacaíocht mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (20), de Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún ( 1 );

(15) 

ciallaíonn “LEADER” forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (AE) 2021/1060;

(16) 

ciallaíonn “comhlacht idirmheánach” aon chomhlacht dlí phoiblí nó phríobháidigh, lena n-áirítear comhlachtaí réigiúnacha nó áitiúla, comhlachtaí forbartha réigiúnaí nó eagraíochtaí neamhrialtasacha, a ghníomhaíonn faoi chúram údaráis náisiúnta nó réigiúnach bainistíochta, nó a dhéanann dualgais thar ceann údaráis den sórt sin;

(17) 

ciallaíonn “bliain airgeadais” an bhliain airgeadais talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 4

Sainmhínithe agus coinníollacha a bhfuil foráil le déanamh ina leith sna Pleananna Straitéiseacha CBT

1.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT maidir leis na sainmhínithe ar “gníomhaíocht talmhaíochta”, “limistéar talmhaíochta”, “heicteár incháilithe”, “feirmeoir gníomhach”, “feirmeoir óg” agus “feirmeoir nua”, chomh maith leis na coinníollacha ábhartha i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2.  

Déanfar “gníomhaíocht talmhaíochta” a chinneadh ar bhealach go gceadaítear rannchuidiú le hearraí príobháideacha agus poiblí a sholáthar trí cheann amháin nó tríd an dá cheann díobh seo a leanas:

(a) 

táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, lena n-áirítear gníomhaíochtaí amhail ainmhithe a thógáil nó saothrú lena n-áirítear trí bhíthin riascshaothraithe, i gcás ina gciallaíonn táirgí talmhaíochta na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le CFAE cé is moite de tháirgí iascaigh, mar aon le cadás agus roschoill ghearruainíochta;

(b) 

an limistéar talmhaíochta a choimeád i riocht atá oiriúnach d'innilt nó do shaothrú, gan aon ghníomhaíocht ullmhúcháin a dhéanamh sa bhreis ar úsáid gnáthmhodhanna agus gnáth-innealra talmhaíochta.

3.  

Déanfar ‘limistéar talmhaíochta’ a chinneadh sa chaoi gur talamh arúil, barra buana agus féarthailte buana atá ann, lena n-áirítear nuair a bhunaítear córais agrafhoraoiseachta leo ar an limistéar sin. Déanfaidh na Ballstáit na téarmaí “talamh arúil”, “barra buana” agus “féarthailte buana” a shonrú tuilleadh faoi chuimsiú an mhéid seo a leanas:

(a) 

is é a bheidh i gceist le “talamh arúil” talamh a shaothraítear le haghaidh táirgeadh barr nó na limistéir atá ar fáil le haghaidh táirgeadh barr ach ar talamh é atá gan chur; sa bhreis air sin, is é a bheidh inti, ar feadh fhad an ghealltanais, talamh a shaothraítear do tháirgeadh barr nó limistéir atá ar fáil le haghaidh táirgeadh barr ach ar talamh é atá gan chur a cuireadh i leataobh i gcomhréir le hAirteagal 31 nó le hAirteagal 70 nó caighdeán GAEC 8 a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, nó le hAirteagal 22, Airteagal 23 nó Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle ( 2 ), nó le hAirteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle ( 3 ), nó le hAirteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 );

(b) 

is é a bheidh i gceist le “barra buana” barra nach bhfuil de réir uainíochta cé is moite d'fhéarthailte buana agus féarach buan a áitíonn an talamh ar feadh 5 bliana nó níos mó agus a thugann barra bliain i ndiaidh bliana, lena n-áirítear plandlanna agus roschoillte gearruainíochta;

(c) 

is é a bheidh i gceist le ‘féarthailte buana agus féarach buan’ (dá dtagraítear i dteannta a chéile mar ‘féarthailte buana’) talamh a úsáidtear chun féar nó foráiste luibheach eile a fhás go nádúrtha (féinsíolaithe) nó trína shaothrú (síolaithe) agus nár áiríodh in uainíocht bharr an ghabháltais ar feadh 5 bliana nó níos mó agus, i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit amhlaidh, nár treabhadh, ná nár saothraíodh, ná nár athshíolaíodh le cineálacha difriúla féar nó foráiste luibheach eile, ar feadh 5 bliana nó níos mó. Féadfaidh speicis eile amhail toir nó crainn atá in-innilte, agus, i gcás ina gcinnfidh na Ballstáit amhlaidh, speicis eile amhail toir nó crainn lena ndéantar beatha ainmhithe a tháirgeadh a bheith mar chuid de sin, ar choinníoll go bhfuil na féara agus an foráiste luibheach eile ceannasach i gcónaí.:

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh freisin na cineálacha talún seo a leanas a mheas mar fhéarthailte buana

(i) 

talamh a chumhdaítear le haon cheann de na speicis dá dtagraítear sa phointe seo agus atá ina chuid de chleachtais áitiúla sheanbhunaithe i gcás nach bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach, nó i gcás nach ann dóibh go traidisiúnta i limistéir innilte;

(ii) 

talamh a chumhdaítear le haon cheann de na speicis dá dtagraítear sa phointe seo, i gcás nach bhfuil féara agus foráiste luibheach eile ceannasach, nó i gcás nach ann dóibh i limistéir innilte.

4.  

Chun críche cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad, déanfar “heicteár incháilithe” a chinneadh sa chaoi is go gcumhdaítear leis limistéir atá ar fáil don fheirmeoir agus go gcuimsítear ann:

(a) 

aon limistéar talmhaíochta den ghabháltas a úsáidtear, le linn na bliana sin a ndearnadh iarratas ar thacaíocht ina leith, le haghaidh gníomhaíocht talmhaíochta nó, i gcás ina n-úsáidfear an limistéar le haghaidh gníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta freisin, gur le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta go príomha a úsáidtear é; i gcás ina bhfuil údar cuí leis ar chúiseanna a bhaineann leis an gcomhshaol, leis an mbithéagsúlacht agus leis an aeráid, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go n-áireofar le heicteáir incháilithe limistéir áirithe freisin nach n-úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta iad ach gach dara bliain;

(b) 

aon limistéar den ghabháltas:

(i) 

a chumhdaítear le gnéithe tírdhreacha atá faoi réir na hoibleagáide coinneála faoi chaighdeán GAEC 8 a liostaítear in Iarscríbhinn III;

(ii) 

a úsáidtear chun an sciar íosta a bhaint amach den talamh arúil a dhírítear ar limistéir agus ar ghnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh atá gan chur, faoi chaighdeán GAEC 8 a liostaítear in Iarscríbhinn III; nó

(iii) 

a bhunaítear nó a choimeádtar, fad a mhaireann gealltanas ábhartha an fheirmeora, mar thoradh ar éiciscéim dá dtagraítear in Airteagal 31.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit amhlaidh, féadfaidh gnéithe tírdhreacha eile a bheith i “heictéar incháilithe”, ar choinníoll nach bhfuil siad ceannasach agus nach gcuirfidh siad bac suntasach ar fheidhmíocht na gníomhaíochta talmhaíochta i ngeall ar an limistéar ina bhfuil siad ar an dáileacht talmhaíochta. Agus an prionsabal sin á chur chun feidhme, féadfaidh na Ballstáit sciar uasta den dáileacht talmhaíochta a chumhdaítear leis na gnéithe tírdhreacha eile sin a shocrú.

A mhéid a bhaineann le féarthailte buana a bhfuil gnéithe scaipthe neamh-incháilithe iontu, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh comhéifeachtaí laghdaithe seasta a chur i bhfeidhm chun an limistéar a mheastar a bheith incháilithe a chinneadh;

(c) 

aon limistéar den ghabháltas lenar tugadh ceart chun íocaíochtaí a fháil faoi Theideal III, Caibidil II, Roinn 2, Foroinn 2, den Rialachán seo nó faoi scéim na híocaíochta bunúsaí nó faoin scéim íocaíochta aonair limistéir a leagtar síos i dTeideal III de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013, agus nach “heicteár incháilithe” é arna chinneadh ag na Ballstáit ar bhonn phointe (a) agus phointe (b) den mhír seo:

(i) 

mar thoradh ar chur chun feidhme Threoir 92/43/CEE, 2009/147/CE nó 2000/60/CE i leith an limistéir sin;

(ii) 

mar thoradh ar idirghabhálacha limistéarbhunaithe a leagtar amach faoin Rialachán seo agus a chumhdaítear faoin gcóras comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 65(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 lena gceadaítear táirgeadh táirgí nach liostaítear in Iarscríbhinn I CFAE a dhéanamh trí bhíthin riascshaothraithe, nó faoi scéimeanna náisiúnta bithéagsúlachta nó laghduithe gás ceaptha teasa a gcloíonn na coinníollacha a ghabhann leo leis na hidirghabhálacha limistéarbhunaithe, ar choinníoll go rannchuidíonn na hidirghabhálacha agus na scéimeanna náisiúnta sin le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), den Rialachán seo a ghnóthú;

(iii) 

ar limistéar é, fad a mhairfidh gealltanas foraoisithe arna thabhairt ag an bhfeirmeoir,, de bhun Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 nó Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nó Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó Airteagal 70 nó 73 den Rialachán seo, nó faoi scéim náisiúnta lena gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 43(1), (2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 nó Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó Airteagal 70 nó 73 den Rialachán seo;

(iv) 

ar limistéar é, fad a mhaireann gealltanas an fheirmeora, dar toradh an limistéar a chur i leataobh, de bhun Airteagal 22, Airteagal 23 agus Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999, Airteagal 39 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, Airteagal 28 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 nó Airteagal 70 den Rialachán seo.

Ní heicteáir incháilithe a bheith i limistéir a úsáidtear chun cnáib a tháirgeadh ach amháin i gcás nach mó ná 0,3 % an cion teitrihidreacannaibionóil sna cineálacha cnáibe a úsáidtear.

5.  
Déanfar “feirmeoir gníomhach” a chinneadh ar bhealach lena n-áiritheofar nach ndeonófar tacaíocht ach do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, nó do ghrúpaí daoine nádúrtha nó dlítheanacha, a bhfuil íosleibhéal gníomhaíochta talmhaíochta ar siúl acu, gan, ag an am céanna, tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoirí ilghníomhacha nó páirtaimseartha a chosc go hiondúil.

Agus cinneadh á dhéanamh cé a bheidh ina “feirmeoir gníomhach”, cuirfidh na Ballstáit critéir oibiachtúla, neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm, amhail tástálacha ioncaim, ionchur saothair ar an bhfeirm, cuspóir na cuideachta agus a ghníomhaíochtaí talmhaíochta i gcláir náisiúnta nó réigiúnacha a chur san áireamh. Féadfar critéir den sórt sin a thabhairt isteach i bhfoirm amháin nó níos mó arna roghnú ag na Ballstáit, lena n-áirítear trí liosta diúltach lena ndícháilítear feirmeoir ó bheith measta a bheith ina fheirmeoir nó feirmeoir gníomhach. I gcás ina measfaidh Ballstát gur 'feirmeoirí gníomhacha' iad na feirmeoirí sin nach bhfuair íocaíochtaí díreacha atá níos mó ná méid áirithe don bhliain roimhe sin, ní bheidh an méid sin níos mó ná EUR 5 000 .

6.  

Déanfar “feirmeoir óg” a chinneadh ar bhealach lena n-áireofar leis:

(a) 

uasteorainn aoise a shocraítear idir 35 bliana agus 40 bliain;

(b) 

na coinníollacha faoina ndeimhnítear “ceann an ghabháltais”;

(c) 

an oiliúint nó na scileanna iomchuí is gá, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit.

7.  
Déanfar “feirmeoir nua” a chinneadh ar bhealach lena dtagróidh sé d’fheirmeoir seachas feirmeoir óg, agus arb é “ceann an ghabháltais” é den chéad uair. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais bhreise oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha a bhaineann le hoiliúint agus scileanna iomchuí a áireamh.
8.  
Chun an tsláinte phoiblí a chosaint, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha a fhágann gur ar choinníoll síolta deimhnithe de chineálacha áirithe cnáibe a úsáid a dheonófar íocaíochtaí agus leis an nós imeachta le haghaidh cineálacha cnáibe a chinneadh agus, chomh maith leis sin, lena gcion teitrihidreacannaibionóil dá dtagraítear i mír 4, an dara fomhír, den Airteagal, seo a fhíorú.



TEIDEAL II

CUSPÓIRÍ AGUS TÁSCAIRÍ

Airteagal 5

Cuspóirí ginearálta

I gcomhréir le cuspóirí CBT a leagtar amach in Airteagal 39 CFAE, leis an gcuspóir chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus cothrom na Féinne idir feirmeoirí san Aontas a choimeád ar bun agus le prionsabal na coimhdeachta, beidh sé mar aidhm leis an tacaíocht ó CERT agus ó CETFT forbairt inbhuanaithe na feirmeoireachta, an bhia agus na limistéar tuaithe a fheabhsú a thuilleadh, agus cuideoidh sí leis na cuspóirí ginearálta seo a leanas a ghnóthú sna réimsí eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta, rud a rannchuideoidh le cur chun feidhme Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe:

(a) 

earnáil talmhaíochta chliste, iomaíoch, athléimneach agus éagsúlaithe a chothú lena n-áiritheofar an tslándáil bia fhadtéarmach;

(b) 

chun tacú le cosaint an chomhshaoil agus í a neartú, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide, agus chun rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil an Aontais agus cuspóirí an Aontais a bhaineann leis an aeráid a ghnóthú, lena n-áirítear a ghealltanais faoi Chomhaontú Pháras;

(c) 

bonn socheacnamaíoch na gceantar tuaithe a neartú.

Airteagal 6

Cuspóirí sonracha

1.  

Déanfar gnóthú na gcuspóirí ginearálta a shaothrú leis na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(a) 

tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus don athléimneacht in earnáil na talmhaíochta ar fud an Aontais chun feabhas a chur ar shlándáil fhadtéarmach bia agus ar éagsúlacht talmhaíochta, chomh maith le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch na táirgeachta talmhaíochta san Aontas a áirithiú;

(b) 

díriú níos fearr ar an margadh agus cur le hiomaíochas feirmeacha, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, lena n-áirítear béim níos mó ar an taighde, ar an teicneolaíocht agus ar an aistriú digiteach;

(c) 

áit an fheirmeora sa slabhra luacha a fheabhsú;

(d) 

rannchuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus trí cheapadh carbóin a fheabhsú, agus trí fhuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn freisin;

(e) 

an fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, idir an t-uisce, an ithir agus an t-aer a chothú, lena n-áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú;

(f) 

rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú;

(g) 

feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua a mhealladh agus tacú leo agus forbairt gnó inbhuanaithe a éascú i gceantair thuaithe;

(h) 

an fhostaíocht, fás, comhionannas inscne, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht, cuimsiú sóisialta, agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena n-áirítear an bithgheilleagar ciorclach san fhoraoiseacht inbhuanaithe;

(i) 

feabhas a chur ar an gcaoi a bhfreagraíonn earnáil talmhaíochta an Aontais ar éilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena n-áirítear bia ardcháilíochta, sábháilte agus cothaitheach a thairgtear ar bhealach inbhuanaithe, cur amú bia a laghdú, chomh maith le leas ainmhithe a fheabhsú agus frithsheasmhachtaí frithmhiocróbacha a chomhrac.

2.  
Déanfar na cuspóirí sin a leagtar amach i mír 1 a chomhlánú agus a idirnascadh leis an gcuspóir trasghearrtha maidir leis an talamhaíocht agus le ceantair thuaithe a nuachóiriú tríd eolas, nuálaíocht agus an digitiú a chothú agus a roinnt in earnáil na talmhaíochta agus i gceantair thuaithe, agus tríd an nglacadh atá leo i measc feirmeoirí a spreagadh, trí rochtain níos fearr a sholáthar ar thaighde, ar nuálaíocht, ar mhalartú faisnéise agus ar oiliúint.
3.  
Agus na cuspóirí sonracha a leagtar amach i mír 1 agus mír 2 á saothrú acu, déanfaidh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún, bearta iomchuí chun an t-ualach riaracháin a laghdú agus chun simpliú i gcur chun feidhme CBT a áirithiú.

Airteagal 7

Táscairí

1.  

Déanfar gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 6(1) agus (2) a mheas ar bhonn comhtháscairí a bhaineann le haschur, toradh, tionchar agus comhthéacs mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I. Áireofar leis na comhtháscairí sin na nithe seo a leanas:

(a) 

táscairí aschuir a bhaineann leis an aschur réadaithe a tháinig as na hidirghabhálacha ar tugadh tacaíocht dóibh;

(b) 

táscairí toraidh a bhaineann leis na cuspóirí sonracha lena mbaineann dá dtagraítear in Airteagal 6(1) agus (2), agus a úsáidtear chun garspriocanna cainníochtaithe agus spriocanna a bhunú i ndáil leis na cuspóirí sonracha sin sna Pleananna Straitéiseacha CBT agus chun an dul chun cinn i dtreo na spriocanna sin a mheasúnú táscairí toraidh a bhaineann go sonrach le cuspóirí comhshaoil agus aeráide, féadfaidh sé go gcumhdófar leo idirghabhálacha a rannchuidíonn le comhlíonadh na ngealltanas a eascraíonn as gníomhartha reachtaíochta an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn XIII;

(c) 

táscairí tionchair a bhaineann leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 5 agus Airteagal 6(1) agus (2) agus a úsáideadh maidir leis na Pleananna Straitéiseacha CBT agus maidir le CBT;

(d) 

táscairí comhthéacs dá dtagraítear in Airteagal 115(2) agus a liostaítear in Iarscríbhinn I.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 145 lena leasaítear Iarscríbhinn I chun na comhtháscairí aschuir, toraidh, tionchair agus comhthéacs a oiriúnú. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht d'aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna teicniúla a bheidh ag na Ballstáit i ndáil le cur i bhfeidhm na dtáscairí sin.



TEIDEAL III

CEANGLAIS CHOITEANNA AGUS CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA



CAIBIDIL I

CEANGLAIS CHOITEANNA



Roinn 1

Prionsabail ghinearálta

Airteagal 8

Cur chuige straitéiseach

Déanfaidh na Ballstáit na cuspóirí a leagtar amach i dTeideal II a shaothrú trí idirghabhálacha a shonrú ar bhonn na gcineálacha idirghabhála a leagtar amach i gCaibidlí II, III agus IV den Teideal seo i gcomhréir lena measúnú ar riachtanais agus leis na ceanglais choiteanna a leagtar amach sa Chaibidil seo.

Airteagal 9

Prionsabail ghinearálta

Déanfaidh na Ballstáit na hidirghabhálacha atá ina bPleananna Straitéiseacha CBT agus na caighdeáin GAEC dá dtagraítear in Airteagal 13 a cheapadh i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais.

Áiritheoidh na Ballstáit go leagfar amach na hidirghabhálacha agus na caighdeáin GAEC dá dtagraítear in Airteagal 14 ar bhonn critéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha, go bhfuil siad comhoiriúnach do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus nach saobhann siad an iomaíocht.

Bunóidh na Ballstáit an creat dlíthiúil faoina rialófar an chaoi a ndeonófar an tacaíocht ón Aontas d'fheirmeoirí agus do thairbhithe eile i gcomhréir leis na Pleananna Straitéiseacha CBT mar a d'fhormheas an Coimisiún iad i gcomhréir le hAirteagal 118 agus Airteagal 119 den Rialachán seo agus leis na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2021/2116. Déanfaidh siad na Pleananna Straitéiseacha CBT sin arna bhformheas ag an gCoimisiún a chur chun feidhme.

Airteagal 10

Tacaíocht intíre ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála

Maidir leis na hidirghabhálacha ar bhonn na gcineálacha idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na sainmhínithe agus na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4, ceapfaidh na Ballstáit iad sa chaoi go gcáileoidh siad faoi na critéir in Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht.

Go háirithe, an tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta, an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta, an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d'fheirmeoirí óga agus na scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe cáileoidh siad faoi na critéir i míreanna Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht a chuirtear in iúl in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo do na hidirghabhálacha sin. Do na hidirghabhálacha eile, is míreanna táscacha iad na míreanna d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht agus a chuirtear in iúl in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo agus, ina ionad sin, féadfaidh na hidirghabhálacha sin mír eile d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht a chomhlíonadh, má shonraítear agus má mhínítear sin sa Phlean Straitéiseach CBT.

Airteagal 11

Cur chun feidhme an Mheabhráin Tuisceana maidir le síolta ola

1.  
I gcás ina ndéanfaidh na Ballstáit foráil d'idirghabhálacha limistéarbhunaithe, cé is moite díobh sin a chomhlíonann forálacha Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht, lena n-áirítear tacaíocht ioncaim chúpláilte faoi Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 1, den Rialachán seo, agus i gcás ina mbainfidh na hidirghabhálacha sin le cuid de na síolta ola nó na síolta ola uile dá dtagraítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an Meabhrán Tuisceana idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le síolta ola faoin gComhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil, ní bheidh iomlán an limistéir tacaíochta ar bhonn na n-aschur atá beartaithe agus a áirítear i bPleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát lena mbaineann níos airde ná an limistéar uasta tacaíochta san Aontas ina iomláine lena áirithiú go gcomhlíonfar gealltanais idirnáisiúnta an Aontais.
2.  
Faoin 8 Meitheamh 2022, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena socrófar limistéar tacaíochta tagartha táscach maidir le gach Ballstát ar leith, arna ríomh ar bhonn an sciar de mheánlimistéar an tsaothraithe san Aontas a bhí ag gach Ballstát ar leith feadh thréimhse na mblianta 2016 go 2020. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).
3.  
Gach Ballstát a bhfuil sé ar intinn aige an tacaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a dheonú, déanfaidh sé na haschuir chomhfhreagracha atá beartaithe i bhfoirm heicteár a thabhairt le fios ina thogra le haghaidh an Phlean Straitéisigh CBT dá dtagraítear in Airteagal 118(1).

Más rud é, tar éis do na Ballstáit fógra a thabhairt faoi na haschuir uile atá beartaithe, go mbeidh an limistéar uasta don Aontas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina iomláine sáraithe, déanfaidh an Coimisiún i gcás gach Ballstáit a d'fhógair farasbarr i gcomparáid lena limistéar tagartha, comhéifeacht laghdaithe a ríomh a bheidh comhréireach leis an bhfarasbarr de na haschuir atá beartaithe ag na Ballstáit sin chun an limistéar uasta tacaíochta don Aontas ina iomláine a choimeád ar bun. Cuirfear gach Ballstát lena mbaineann ar an eolas faoin gcomhéifeacht laghdaithe sin sna barúlacha a thabharfaidh an Coimisiún ar Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 118(3). Déanfar an chomhéifeacht laghdaithe maidir le gach Ballstát ar leith a shocrú sa chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 118(6) trí bhíthin lena ndéanfaidh an Coimisiún an Plean Straitéiseach CBT a fhormheas.

Tar éis an dáta dá dtagraítear in Airteagal 118(1), ní dhéanfaidh na Ballstáit a limistéar tacaíochta féin a leasú ar a thionscnamh féin.

4.  
I gcás ina mbeidh sé ar intinn ag na Ballstáit cur lena n-aschuir bheartaithe dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leagtar amach ina Phlean Straitéiseach CBT agus a d'fhormheas an Coimisiún sna Pleananna Straitéiseacha CBT, tabharfaidh siad fógra maidir leis na haschuir bheartaithe athbhreithnithe don Choimisiún trí iarraidh ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 faoin 1 Eanáir den bhliain roimh an mbliain éilimh lena mbaineann.
5.  
I gcás inarb iomchuí, d'fhonn a sheachaint go sárófar an limistéar uasta tacaíochta don Aontas ina iomláine dá dtagraítear i mír 1, socróidh an Coimisiún comhéifeachtaí laghdaithe nó déanfaidh sé athbhreithniú ar na comhéifeachtaí laghdaithe atá ann cheana i gcás inar socraíodh a leithéid de chomhéifeachtaí i gcomhréir le mír 3, an dara fomhír, maidir leis na Ballstáit sin uile a bhfuil an limistéar tacaíochta tagartha a bhí sonraithe ina bPleananna Straitéiseacha CBT sáraithe acu.

Faoin 31 Eanáir den bhliain roimh an mbliain éilimh lena mbaineann, cuirfidh an Coimisiún na Ballstáit sin lena mbaineann ar an eolas faoi na comhéifeachtaí laghdaithe.

Faoin 31 Márta den bhliain roimh an mbliain éilimh lena mbaineann, tíolacfaidh gach Ballstát lena mbaineann iarraidh chomhfhreagrach ina n-iarrfar an Plean Straitéiseach CBT a leasú tríd an gcomhéifeacht laghdaithe dá dtagraítear sa dara fomhír a chur sa Phlean. Déanfar an chomhéifeacht laghdaithe don Bhallstát sin a shocrú sa chinneadh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 119(10) trína bhformheasann an Coimisiún an leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT.

6.  
Maidir leis na síolta ola a mbaineann an Meabhrán Tuisceana dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, déanfaidh na Ballstáit líon iomlán na heicteár ar íocadh tacaíocht go hiarbhír ina leith a chur in iúl don Choimisiún sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 134.
7.  
Déanfaidh na Ballstáit saothrú síolta lus na gréine a eisiamh ó aon idirghabháil limistéarbhunaithe dá dtagraítear i mír 1.



Roinn 2

Coinníollacht

Airteagal 12

Prionsabal agus raon feidhme

1.  

Áireoidh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT córas coinníollachta faoina mbeidh feirmeoirí agus tairbhithe eile a fhaigheann íocaíochtaí díreacha faoin Chaibidil II nó íocaíochtaí bliantúla faoi Airteagal 70, Airteagal 71 agus Airteagal 72 faoi réir pionós riaracháin mura gcomhlíonfaidh siad na ceanglais reachtúla bainistíochta faoi dhlí an Aontais agus na caighdeáin GAEC a bhunaítear sa Phleananna Straitéiseacha CBT, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III, a bhaineann leis na réimsí sonracha seo a leanas:

(a) 

an aeráid agus an comhshaol, lena n-áirítear uisce, ithir agus bithéagsúlacht na n-éiceachóras;

(b) 

an tsláinte phoiblí agus sláinte plandaí;

(c) 

leas ainmhithe.

2.  
Áireofar sna Pleananna Straitéiseach CBT na rialacha maidir le córas comhréireach éifeachtach pionós riaracháin. Comhlíonfaidh na rialacha sin go háirithe leis na ceanglais a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil IV, de Rialachán (AE) 2021/2116.
3.  
Na gníomhartha dlíthiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn III maidir leis na ceanglais reachtúla bhainistithe, beidh feidhm ag an leagan sin díobh is infheidhme agus, i gcás Treoracha, faoi mar atá siad á gcur chun feidhme ag na Ballstáit.
4.  
Chun críoch na roinne seo, is é a chiallaíonn “ceanglas reachtúil bainistithe” gach ceanglas reachtúil bainistithe aonair faoi dhlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn III laistigh de ghníomh dlí ar leith, agus atá difriúil ó thaobh substainte de le haon cheanglas eile atá sa ghníomh céanna.

Airteagal 13

Oibleagáidí na mBallstát maidir le cóir mhaith thalmhaíochta agus chomhshaoil

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcoinneofar gach limistéar talmhaíochta, lena n-áirítear talamh nach n-úsáidtear a thuilleadh chun críoch táirgthe, i ndea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil. Socróidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, na híoschaighdeáin d'fheirmeoirí agus tairbhithe eile le haghaidh gach ceann de na caighdeáin GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III i gcomhréir le príomhchuspóir na gcaighdeán dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. Agus na caighdeáin á socrú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh, i gcás inarb ábhartha, saintréithe na limistéar lena mbaineann lena n-áirítear dálaí ithreach agus aeráide, na córais feirmeoireachta atá ann cheana, úsáid na talún amhail cleachtais feirmeoireachta, méid feirme agus struchtúir feirme, agus sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí.
2.  
Maidir leis na príomhchuspóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn III, féadfaidh na Ballstáit caighdeáin a shocrú sa bhreis orthu sin a leagtar síos san Iarscríbhinn sin a bhaineann leis na príomhchuspóirí sin. Beidh caighdeáin bhreise den sórt sin neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach agus beidh siad ag freagairt do na riachtanais a shainaithneofar.

Ní shocróidh na Ballstáit íoschaighdeáin maidir le príomhchuspóirí seachas na príomhchuspóirí a leagtar síos in Iarscríbhinn III.

3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha chun cothrom na Féinne a áirithiú maidir leis an gcóimheas le haghaidh chaighdeán GAEC 1.



Roinn 3

An choinníollacht shóisialta

Airteagal 14

Prionsabal agus raon feidhme

1.  
Ar a dhéanaí, amhail ón 1 Eanáir 2025, sonróidh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT go mbeidh feirmeoirí agus tairbhithe eile a fhaigheann íocaíochtaí díreacha faoi Chaibidil II nó na híocaíochtaí bliantúla faoi Airteagal 70, Airteagal 71 agus Airteagal 72 le bheith faoi réir pionóis riaracháin mura gcomhlíonfaidh siad na ceanglais a bhaineann leis na dálaí oibre agus fostaíochta is infheidhme, nó oibleagáidí fostóra a eascraíonn as na gníomhartha dlíthiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.
2.  
Agus córas pionós riaracháin á chur san áireamh acu ina bPleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear i mír 1, rachaidh na Ballstáit i gcomhréir lena bhforálacha institiúideacha, i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta ábhartha, a dhéanann ionadaíocht thar ceann lucht bainistíochta agus saothair in earnáil na talmhaíochta, agus urramóidh siad a neamhspleáchas go hiomlán, mar aon lena gceart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidil agus a thabhairt i gcrích. Leis an gcóras pionós riaracháin sin, ní dhéanfar difear do chearta ná d'oibleagáidí na gcomhpháirtithe sóisialta i gcás ina bhfuil siad freagrach as cur chun feidhme nó forfheidhmiú na ngníomhartha dlí dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, i gcomhréir leis na creataí náisiúnta cómhargála agus dlíthiúla náisiúnta.
3.  
Áireofar sa Phlean Straitéiseach CBT na rialacha maidir le córas comhréireach éifeachtach pionós riaracháin, Comhlíonfaidh na rialacha sin leis na ceanglais ábhartha a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil V, de Rialachán (AE) 2021/2116.
4.  
Na gníomhartha dlíthiúla dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV ina bhfuil na forálacha atá le cumhdach leis an gcóras pionós riaracháin dá dtagraítear i mír 1, beidh feidhm acu sa leagan is infheidhme, agus de réir mar a chuirfidh na Ballstáit chun feidhme iad.



Roinn 4

Seirbhísí comhairleacha feirme

Airteagal 15

Seirbhísí comhairleacha feirme

1.  
Áireoidh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseach CBT córas lena gcuirfear seirbhísí comhairleacha i dtaobh bainistiú talún agus bainistiú feirme (“seirbhísí comhairleacha feirme”) ar fáil d’fheirmeoirí agus do thairbhithe eile a fhaigheann tacaíocht CBT. Féadfaidh na Ballstáit cur leis na córais atá ann cheana.
2.  
Cumhdóidh na seirbhísí comhairleacha feirme gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta, agus cleachtais feirmeoireachta atá ann cheana á gcur san áireamh acu, agus cuirfidh siad faisnéis teicneolaíochta agus eolaíoch cothrom le dáta arna bhfháil trí tionscadail thaighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hearraí poiblí a sholáthar.

Trí na seirbhísí comhairleacha feirme, tairgfear cúnamh iomchuí ar feadh thimthriall na forbartha feirme, lena n-áirítear dul i mbun gnó den chéad uair, patrúin táirgeachta a iompú i dtreo éileamh na dtomhaltóirí, cleachtais nuálacha, teicnící talmhaíochta maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, lena n-áirítear agrafhoraoiseacht agus agrai-éiceolaíocht, leas ainmhithe feabhsaithe, agus i gcás inar gá, caighdeáin sábháilteachta agus tacaíocht shóisialta.

Déanfar na seirbhísí comhairleacha feirme a chomhtháthú sna seirbhísí gaolmhara atá i AKIS, mar atá, comhairleoirí feirme, taighdeoirí, eagraíochtaí feirmeoirí agus geallsealbhóirí ábhartha eile.

3.  
Áiritheoidh na Ballstáit gur comhairle neamhchlaonta a bheidh sa chomhairle a thabharfar agus, i dtaca leis na comhairleoirí, gur oiriúnach a gcáilíochtaí agus gur iomchuí a oiliúint agus go bhfuil siad saor ó aon choinbhleacht leasa.
4.  

Déanfar na seirbhísí comhairleacha feirme a oiriúnú do na cineálacha éagsúla táirgthe agus feirmeacha agus cumhdóidh siad an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

na ceanglais, na coinníollacha agus na gealltanais bainistithe uile a bhfuil feidhm acu maidir le feirmeoirí agus tairbhithe eile a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach CBT, lena n-áirítear na ceanglais agus na caighdeáin faoin gcóras coinníollachta agus na coinníollacha maidir le hidirghabhálacha, mar aon le faisnéis i dtaobh ionstraimí airgeadais agus pleananna gnó a bhunaítear faoin bPlean Straitéiseach CBT;

(b) 

na ceanglais mar a leagann na Ballstáit síos iad chun Treoir 92/43/CEE, Treoir 2000/60/CE, Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ), Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ), Treoir 2009/128/CE, Treoir 2009/147/CE, Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ), Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 8 ) agus Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 9 );

(c) 

cleachtais feirme a choisceann forbairt na frithsheasmhachta in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha mar a leagtar amach i dteachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2017 dar teideal A European One Health Action Plan against Antimicrobial Resistance (AMR) [Aon Sláinte Amháin – Plean Gníomhaíochta maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha (AMR)];

(d) 

cosc ar riosca agus bainistíocht riosca;

(e) 

tacaíocht nuálaíochta, go háirithe maidir le tionscadail ghrúpaí oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 127(3) a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(f) 

teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe dá dtagraítear in Airteagal 114, pointe (b);

(g) 

bainistiú inbhuanaithe cothaitheach, lena n-áirítear, ar a dhéanaí, ó 2024 ar aghaidh, Uirlis Inbhuanaitheachta Feirme i ndáil le Cothaithigh a úsáid a bheidh aon fheidhmchlár digiteach lena soláthraítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(i) 

cothromaíocht na bpríomhchothaitheach ar scála allamuigh;

(ii) 

na ceanglais dhlíthiúla maidir le cothaithigh;

(iii) 

sonraí ithreach, bunaithe ar an bhfaisnéis agus ar anailís atá ar fáil;

(iv) 

sonraí ón gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe (IACS) atá ábhartha maidir le bainistiú cothaitheach;

(h) 

coinníollacha fostaíochta, oibleagáidí fostóirí, sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus tacaíocht shóisialta i bpobail feirmeoireachta.



CAIBIDIL II

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA AR ÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA IAD



Roinn 1

Cineálacha idirghabhála, laghdú agus íoscheanglais

Airteagal 16

Cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad

1.  
Féadfaidh na cineálacha idirghabhála faoin gCaibidil seo a bheith ina n-íocaíochtaí díreacha cúpláilte agus díchúpláilte.
2.  

Seo a leanas a bheidh sna híocaíochtaí díreacha díchúpláilte:

(a) 

an tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta;

(b) 

an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta;

(c) 

an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d'fheirmeoirí óga;

(d) 

na scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe.

3.  

Seo a leanas a bheidh sna híocaíochtaí díreacha cúpláilte:

(a) 

an tacaíocht ioncaim chúpláilte;

(b) 

an íocaíocht bharrshonrach do chadás.

Airteagal 17

Uasteorannú agus céimlaghdaitheacht íocaíochtaí

1.  
Féadfaidh na Ballstáit uasteorainn a chur le méid na tacaíochta bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta atá le deonú d'fheirmeoir i mbliain féilire áirithe. Na Ballstáit a roghnaíonn uasteorannú a thabhairt isteach, déanfaidh siad laghdú 100 % ar an méid is mó ná EUR 100 000 .
2.  
Féadfaidh na Ballstáit méid na tacaíochta bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta atá le deonú d'fheirmeoir i mbliain féilire áirithe is mó ná EUR 60 000 a laghdú suas le 85 %.

Féadfaidh na Ballstáit tráinsí breise os cionn EUR 60 000 a shocrú agus céatadáin an laghdaithe a shonrú do na tráinsí breise sin. Áiritheoidh siad go mbeidh an laghdú i gcás gach tráinse cothrom leis an tráinse roimhe sin nó níos mó ná é.

3.  

Sula gcuirfear mír 1 nó mír 2 i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhealú ó mhéid na tacaíochta bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta atá le deonú d'fheirmeoir i mbliain féilire áirithe:

(a) 

na tuarastail go léir a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta a dhearbhaigh an feirmeoir, lena n-áirítear cánacha agus ranníocaíochtaí sóisialta a bhaineann le fostaíocht;

(b) 

an costas coibhéiseach i leith saothar rialta agus neamhíoctha atá nasctha le gníomhaíocht talmhaíochta a dhéanann daoine atá ag obair ar an bhfeirm lena mbaineann nach bhfaigheann tuarastal, nó a fhaigheann luach saothair níos ísle ná an méid a íoctar de ghnáth i leith na seirbhísí arna soláthar, ach a chúitítear le toradh eacnamaíoch an ghnó feirme;

(c) 

gné chostais saothair na gcostas conarthach a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta a dhearbhaigh an feirmeoir.

Chun na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), a ríomh, úsáidfidh na Ballstáit costais tuarastail arna dtabhú go hiarbhír ag an bhfeirmeoir. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh feirmeoirí a iarraidh go n-úsáidfí costais caighdeán a bheidh le cinneadh ag an mBallstát lena mbaineann de réir modha a shonrófar a thuilleadh ina Phlean Straitéiseach CBT bunaithe ar na meántuarastail chaighdeánacha a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach arna iolrú faoi líon na n-aonad oibre bliantúil a dhearbhaigh an feirmeoir lena mbaineann.

Chun na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), a ríomh, úsáidfidh na Ballstáit costais chaighdeánacha a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann de réir modha a shonrófar a thuilleadh ina Phlean Straitéiseach CBT bunaithe ar na meántuarastail chaighdeánacha a bhaineann le gníomhaíocht talmhaíochta ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach arna iolrú faoi líon na n-aonad oibre bliantúil a dhearbhaigh an feirmeoir lena mbaineann.

4.  
I gcás duine dlítheanach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, féadfaidh na Ballstáit an laghdú dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm ar leibhéal chomhaltaí na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha sin i gcás ina bhforálfar leis an dlí náisiúnta do chearta agus d'oibleagáidí na gcomhaltaí aonair atá inchomparáide le cearta feirmeoirí aonair a bhfuil stádas mar cheann gabháltais acu, go háirithe maidir lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach, ar choinníoll gur rannchuidigh siad le struchtúir thalmhaíochta na ndaoine nó na ngrúpaí dlíthiúla lena mbaineann a neartú.
5.  
Úsáidfear an toradh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí, den chuid is mó, chun rannchuidiú leis an tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta, má tá sé bunaithe sa Phlean Straitéiseach CBT ábhartha, agus ina dhiaidh sin, le hidirghabhálacha eile ar íocaíochtaí díreacha díchúpláilte iad a mhaoiniú.

Féadfaidh na Ballstáit, freisin, an toradh iomlán, nó cuid de, a úsáid chun cineálacha idirghabhála faoi CETFT a shonraítear i gCaibidil IV a mhaoiniú trí bhíthin aistriú. Beidh aistriú den sórt sin chuig CETFT ina chuid de tháblaí airgeadais an Phlean Straitéisigh CBT agus féadfar é a athbhreithniú in 2025 i gcomhréir le hAirteagal 103. Ní bheidh sé faoi réir na n-uasteorainneacha le haghaidh aistriú cistí ó CERT go CETFT arna leagan síos faoin Airteagal sin.

6.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha lena mbunaítear bonn comhchuibhithe maidir leis an laghdú ar íocaíochtaí a leagtar síos i mír 1 agus mír 2 den Airteagal seo a ríomh chun rialacha mionsonraithe a sholáthar do dháileadh na gcistí ar na feirmeoirí.

Airteagal 18

Íoscheanglais

1.  
Socróidh na Ballstáit limistéar íosta agus ní dheonóidh siad íocaíochtaí díreacha d'fheirmeoirí gníomhacha a bhfuil a limistéar incháilithe den ghabháltas a bhfuil íocaíochtaí díreacha á n-éileamh acu ina leith níos lú ná an limistéar íosta sin.

De rogha air sin, féadfaidh na Ballstáit íosmhéid a shocrú do na híocaíochtaí díreacha a fhéadfar a íoc le feirmeoir.

2.  
I gcás inar chinn Ballstát limistéar íosta a leagan síos i gcomhréir le mír 1, an chéad fhomhír, mar sin féin, leagfaidh sé síos íosmhéid i gcomhréir le mír 1, an dara fomhír, do na feirmeoirí sin a fhaigheann tacaíocht in aghaidh an ainmhí i bhfoirm íocaíochtaí díreacha a bhaineann le hainmhithe agus ar lú na heicteáir atá ina seilbh acu ná an limistéar íosta sin.

Agus an limistéar íosta nó an t-íosmhéid á socrú, beidh sé d'aidhm ag na Ballstáit a áirithiú nach ndéantar íocaíochtaí díreacha a dheonú ach d'fheirmeoirí gníomhacha, más rud é:

(a) 

nach gcruthaíonn bainistiú na n-íocaíochtaí comhfhreagracha ualach riaracháin iomarcach; agus

(b) 

go bhfuil na méideanna comhfhreagracha ina ranníocaíocht éifeachtach le gnóthú na gcuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) a gcuireann íocaíochtaí díreacha leo.

3.  
Féadfaidh an Ghréig cinneadh a dhéanamh gan an t-Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir leis na hoileáin bheaga Aeigéacha.

Airteagal 19

Rannchuidiú le huirlisí bainistithe riosca

De mhaolú ar Airteagal 44(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfaidh Ballstát a chinneadh suas le 3 % de na híocaíochtaí díreacha atá le híoc le feirmeoir a shannadh do ranníocaíocht an fheirmeora le huirlis bainistíochta riosca.

Na Ballstáit a chinnfidh an fhoráil seo a úsáid, cuirfidh siad i bhfeidhm í maidir le gach feirmeoir a fhaigheann íocaíochtaí díreacha in aon bhliain ar leith.



Roinn 2

Íocaíochtaí díreacha díchúpláilte



Foroinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 20

Ceanglais ghinearálta maidir le híocaíochtaí díreacha díchúpláilte a fháil

Déanfaidh na Ballstáit íocaíochtaí díreacha díchúpláilte a dheonú d'fheirmeoirí gníomhacha faoi na coinníollacha a leagtar amach sa Roinn seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.



Foroinn 2

An tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta

Airteagal 21

Rialacha ginearálta

1.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil do thacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta (“tacaíocht bhunúsach ioncaim”) faoi na coinníollacha a leagtar amach san fhoroinn seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil do thacaíocht bhunúsach ioncaim i bhfoirm íocaíocht bhliantúil dhíchúpláilte in aghaidh an heicteáir incháilithe.
3.  
Gan dochar d’Airteagail 23 go 27, déanfar an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú i leith gach heicteár incháilithe arna dhearbhú ag feirmeoir gníomhach.

Airteagal 22

Méid na tacaíochta in aghaidh an heicteáir

1.  
Ach amháin má chinneann na Ballstáit an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 23, íocfar an tacaíocht mar mhéid aonfhoirmeach in aghaidh an heicteáir.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh méid na tacaíochta bunúsaí ioncaim in aghaidh an heicteáir a dhifreáil de réir grúpaí difriúla críoch a mbíonn orthu déileáil le dálaí socheacnamaíocha nó agranamaíocha comhchosúla, lena n-áirítear cineálacha traidisiúnta talmhaíochta de réir mar a chinneann na Ballstáit, amhail féarach Alpach fairsing traidisiúnta. I gcomhréir le hAirteagal 109(2), pointe (d), féadfar méid na tacaíochta bunúsaí ioncaim in aghaidh an heicteáir a laghdú agus tacaíocht faoi idirghabhálacha eile sa Phlean Straitéiseacha CBT lena mbaineann á cur san áireamh.

Airteagal 23

Teidlíochtaí íocaíochta

1.  
Ballstáit a mbeidh scéim na híocaíochta bunúsaí a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil I, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 curtha i bhfeidhm acu, féadfaidh siad a chinneadh an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta i gcomhréir le hAirteagail 24 go 27 den Rialachán seo.
2.  
I gcás na mBallstát a mbeidh scéim na híocaíochta bunúsaí a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil I, Roinn 1, de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 curtha i bhfeidhm acu, agus a chinnfidh gan an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú a thuilleadh ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta, rachaidh na teidlíochtaí íocaíochta arna leithdháileadh faoin Rialachán sin in éag an 31 Nollaig den bhliain roimh an mbliain óna gcuirfear an cinneadh i bhfeidhm.

Airteagal 24

Luach na dteidlíochtaí íocaíochta agus cóineasú

1.  
Déanfaidh na Ballstáit luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta roimh chóineasú a chinneadh i gcomhréir leis an Airteagal seo trí luach na dteidlíochtaí íocaíochta a choigeartú i gcomhréir leis an luach a bhunaítear i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 i leith na bliana éilimh 2022 agus an íocaíocht ghaolmhar i leith cleachtais talmhaíochta atá tairbheach don aeráid agus don chomhshaol dá bhforáiltear i gCaibidil III de Theideal III den Rialachán sin i leith na bliana éilimh 2022.
2.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh luach na dteidlíochtaí íocaíochta a dhifreáil i gcomhréir le hAirteagal 22(2).
3.  
Déanfaidh gach Ballstát, faoin mbliain éilimh 2026 ar a dhéanaí, leibhéal uasta a shocrú maidir le luach na dteidlíochtaí íocaíochta aonair i gcás an Bhallstáit nó i gcás gach grúpa críoch dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
4.  
I gcás nach bhfuil luach na dteidlíochtaí íocaíochta a chinntear i gcomhréir le mír 1 ina luach aonfhoirmeach i mBallstát nó i ngrúpa críoch dá dtagraítear in Airteagal 22(2), áiritheoidh an Ballstát lena mbaineann go ndéanfar luach na dteidlíochtaí íocaíochta a chóineasú sa chaoi is gur luach aonaid aonfhoirmeach a bheidh ann faoin mbliain éilimh 2026 ar a dhéanaí.
5.  
Chun críocha mhír 4, áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh luach na dteidlíochtaí íocaíochta uile, faoin mbliain éilimh 2026 ar a dhéanaí, cothrom le 85 % ar a laghad den mheán-aonadmhéid beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 102(1) don tacaíocht bhunúsach ioncaim i leith na bliana éilimh 2026, mar a leagtar síos ina Phlean Straitéiseach CBT maidir leis an mBallstát nó an grúpa críoch dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
6.  
Déanfaidh na Ballstáit na méaduithe ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta is gá chun cloí le mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo a mhaoiniú trí aon mhéideanna a d'fhéadfadh a bheith ar fáil le cur i bhfeidhm mhír 3 den Airteagal seo a úsáid agus, i gcás inar gá, trí laghdú a dhéanamh ar an difríocht idir luach aonaid na dteidlíochtaí íocaíochta a chinntear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo agus an t-aonadmhéid beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 102(1), don tacaíocht bhunúsach ioncaim i leith na bliana éilimh 2026 mar a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach CBT maidir leis an mBallstát nó an grúpa críoch dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an laghdú a chur i bhfeidhm maidir leis na teidlíochtaí íocaíochta uile, nó cuid díobh, ar a bhfuil luach a chinntear i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo is mó ná an t-aonadmhéid uasta, dá dtagraítear in Airteagal 102(1), don tacaíocht bhunúsach ioncaim i leith na bliana éilimh 2026 mar a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach CBT maidir leis an mBallstát nó an grúpa críoch dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

7.  
Beidh na laghduithe dá dtagraítear i mír 6 bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus neamh-idirdhealaitheacha. Gan dochar don íosluach a leagtar síos i gcomhréir le mír 5, féadfar a áireamh sna critéir sin laghdú uasta nach ísle ná 30 % a shocrú.
8.  
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear tús leis an gcoigeartú ar na luachanna teidlíochta íocaíochta i gcomhréir le míreanna 3 go 7 ón mbliain 2023 ar aghaidh.

Airteagal 25

Teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú

1.  
Na Ballstáit a chinn tacaíocht a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta, déanfaidh siad tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú d'fheirmeoirí gníomhacha a bhfuil teidlíochtaí íocaíochta dá gcuid féin acu nó faoi léas acu a luaithe a ghníomhachtófar na teidlíochtaí íocaíochta sin. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na feirmeoirí gníomhacha, chun teidlíochtaí íocaíochta a ghníomhachtú, na heicteáir incháilithe a ghabhann le gach teidlíocht íocaíochta a dhearbhú.
2.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar na teidlíochtaí íocaíochta, lena n-áirítear i gcás oidhreacht iarbhír nó oidhreacht ionchais, a ghníomhachtú ach sa Bhallstát sin nó sa ghrúpa críoch sin dá dtagraítear in Airteagal 22(2) inar leithdháileadh iad.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar, le teidlíochtaí íocaíochta gníomhachtaithe, ceart íocaíochta ar bhonn an mhéid a shocraítear iontu.

Airteagal 26

Cúlchistí le haghaidh teidlíochtaí íocaíochta

1.  
Gach Ballstát a chinneann tacaíocht bhunúsach ioncaim a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta, déanfaidh sé cúlchiste náisiúnta a bhainistiú.
2.  
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, i gcás ina gcinnfidh Ballstát an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dhifreáil i gcomhréir le hAirteagal 22(2), féadfaidh sé a chinneadh cúlchiste a bhunú maidir le gach grúpa críoch ar leith dá dtagraítear san Airteagal sin.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit gur ar feirmeoirí gníomhacha amháin a leithdháilfear teidlíochtaí íocaíochta as an gcúlchiste.
4.  

Bainfidh na Ballstáit úsáid as an gcúlchiste atá acu chun teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh, mar thosaíocht, ar na feirmeoirí seo a leanas:

(a) 

feirmeoirí óga a bhunaigh gabháltas nua den chéad uair riamh;

(b) 

feirmeoirí nua.

5.  
Déanfaidh Ballstát, i gcás feirmeoirí gníomhacha atá i dteideal de bhua rialú deiridh cúirte nó de bhua gníomh riaracháin deiridh a rinne údarás inniúil an Bhallstáit sin, teidlíochtaí íocaíochta a leithdháileadh orthu nó luach na dteidlíochtaí íocaíochta atá acu cheana féin a mhéadú. Áiritheoidh sé go bhfaighidh na feirmeoirí gníomhacha sin líon agus luach na dteidlíochtaí íocaíochta arna leagan síos sa rialú nó sa ghníomh sin ar dháta a bheidh le socrú ag an mBallstát sin.
6.  
I gcás nach leor an cúlchiste chun leithdháileadh teidlíochtaí íocaíochta a chumhdach i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an cúlchiste a athsholáthar trí laghdú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta.
7.  
Féadfaidh na Ballstáit rialacha breise a leagan síos chun an cúlchiste a úsáid, lena n-áirítear catagóirí breise feirmeoirí a bhfreastalófar orthu ón gcúlchiste ar choinníoll gur freastalaíodh cheana ar na grúpaí tosaíochta dá dtagraítear i mír 4 agus mír 5 agus le haghaidh na gcásanna ina spreagfaí athsholáthar an chúlchiste. I gcás ina ndéanfar an cúlchiste a athsholáthar trí laghdú líneach a dhéanamh ar luach na dteidlíochtaí íocaíochta uile, beidh feidhm ag laghdú líneach den sórt sin maidir leis na teidlíochtaí íocaíochta uile ar an leibhéal náisiúnta, nó i gcás ina gcuirfidh na Ballstáit an maolú dá bhforáiltear i mír 2 i bhfeidhm, ar leibhéal an ghrúpa críoch ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 22(2).
8.  
Déanfaidh na Ballstáit luach na dteidlíochtaí íocaíochta nua a leithdháiltear as an gcúlchiste a shocrú ag meánluach náisiúnta na dteidlíochtaí íocaíochta i mbliain an leithdháilte nó ag meánluach na dteidlíochtaí íocaíochta maidir le gach grúpa críoch ar leith dá dtagraítear in Airteagal 22(2) i mbliain an leithdháilte.
9.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh luach na dteidlíochtaí íocaíochta atá ann cheana a ardú go dtí an meánluach náisiúnta i mbliain an leithdháilte nó go dtí an meánluach maidir le gach grúpa críoch dá dtagraítear in Airteagal 22(2).

Airteagal 27

Teidlíochtaí íocaíochta a aistriú

1.  
Ach amháin i gcás aistriú le hoidhreacht iarbhír nó le hoidhreacht ionchais, is chuig feirmeoir gníomhach atá bunaithe sa Bhallstát céanna amháin a aistreofar teidlíochtaí íocaíochta.
2.  
I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit an tacaíocht bhunúsach ioncaim a dhifreáil i gcomhréir le hAirteagal 22(2), ní dhéanfar teidlíochtaí íocaíochta a aistriú ach laistigh den ghrúpa críoch inar leithdháileadh iad.

Airteagal 28

Íocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga

Féadfaidh na Ballstáit íocaíocht a dheonú d’fheirmeoirí beaga, arna cinneadh ag na Ballstáit, trí bhíthin cnapshuime nó méideanna eile in aghaidh an heicteáir a chuirfear in ionad na n-íocaíochtaí díreacha faoin Roinn seo agus faoi Roinn 3 den Chaibidil seo. Déanfaidh na Ballstáit an idirghabháil chomhfhreagrach a cheapadh sa Phlean Straitéiseach CBT sa chaoi is gur idirghabháil roghnach a bheidh ann ag na feirmeoirí.

Ní bheidh an íocaíocht bhliantúil do gach feirmeoir níos mó ná EUR 1 250 .

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh cnapshuimeanna nó méideanna éagsúla in aghaidh an heicteáir a leagan amach a bheidh nasctha le tairseacha limistéir éagsúla.



Foroinn 3

Tacaíocht ioncaim fhorlíontach

Airteagal 29

Tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta

1.  
Déanfaidh na Ballstáit foráil maidir le tacaíocht ioncaim athdháilte fhorlíontach i dtaobh na hinbhuanaitheachta (“tacaíocht ioncaim athdháilte”) faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo nó ar Airteagal 98, féadfaidh na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le hathdháileadh na tacaíochta ioncaim ó ionstraimí agus idirghabhálacha eile arna maoiniú ag CERT lena saothraítear an cuspóir maidir le dáileadh níos cothroime agus spriocdhíriú níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar thacaíocht ioncaim, ar choinníoll gur féidir leo a léiriú ina bPleananna Straitéiseacha CBT go dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar an ngá sin.

2.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar íocaíochtaí díreacha a athdháileadh ó ghabháltais mhóra go gabháltais bheaga nó mheánmhéide trí fhoráil a dhéanamh maidir le tacaíocht ioncaim athdháilte a thabharfar i bhfoirm íocaíocht dhíchúpláilte bhliantúil in aghaidh an heicteáir incháilithe do na feirmeoirí sin atá i dteideal íocaíochta faoin tacaíocht bhunúsach ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 21.
3.  
Bunóidh na Ballstáit, ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, a fhéadfaidh a bheith ar leibhéal na ngrúpaí críoch dá dtagraítear in Airteagal 22(2), méid in aghaidh an heicteáir nó méideanna éagsúla i leith réimsí éagsúla heicteár, mar aon leis an uaslíon heicteár in aghaidh an fheirmeora lena n-íocfar an tacaíocht ioncaim athdháilte.
4.  
An méid in aghaidh an heicteáir a bheartófar maidir le bliain éilimh áirithe, ní bheidh sé níos airde ná meánmhéid náisiúnta na n-íocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir maidir leis an mbliain éilimh sin.
5.  
Is é an sainmhíniú ar mheánmhéid náisiúnta na n-íocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir an cóimheas idir uasteorainn náisiúnta na n-íocaíochtaí díreacha i leith bliain éilimh áirithe mar a leagtar síos in Iarscríbhinn V agus líon iomlán na n-aschur atá beartaithe maidir leis an tacaíocht bhunúsach ioncaim i leith na bliana éilimh sin, agus an cóimheas sin léirithe mar líon heicteár.
6.  
I gcás duine dlítheanach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha, féadfaidh na Ballstáit an t-uaslíon heicteár dá dtagraítear i mír 3 a chur i bhfeidhm ar leibhéal chomhaltaí na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha i gcás ina bhforáiltear leis an dlí náisiúnta go mbeidh cearta agus oibleagáidí na gcomhaltaí aonair inchomparáide le cearta feirmeoirí aonair a bhfuil stádas mar cheann gabháltais acu, go háirithe a mhéid a bhaineann lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach, ar choinníoll gur rannchuidigh siad le struchtúir thalmhaíochta na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha lena mbaineann a neartú.

I gcás feirmeoirí atá ina gcuid de ghrúpa eintiteas cleamhnaithe, arna chinneadh ag na Ballstáit, féadfaidh na Ballstáit an t-uaslíon heicteár dá dtagraítear i mír 3 a chur i bhfeidhm ar leibhéal an ghrúpa sin faoi choinníollacha a chinnfidh siad.

Airteagal 30

Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga

1.  
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga arna cinneadh i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(6) faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
I measc na n-oibleagáidí atá orthu feirmeoirí óga a mhealladh i gcomhréir leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (g), agus chun méid nach lú ná mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a chaitheamh ar an gcuspóir sin i gcomhréir le hAirteagal 95, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim fhorlíontach a thabhairt d'fheirmeoirí óga a bhfuil gabháltas nua bunaithe acu den chéad uair riamh agus atá i dteideal íocaíocht faoin tacaíocht bhunúsach ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 21.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú d'fheirmeoirí a bhfuil tacaíocht faighte acu faoi Airteagal 50 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 don chuid eile den tréimhse dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal sin.

3.  
Deonófar an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d‘fheirmeoirí óga go ceann uastréimhse 5 bliana, ag tosú ón gcéad bhliain a thíolacfar an t-iarratas ar íocaíocht d’fheirmeoirí óga, agus faoi réir na gcoinníollacha atá le cinneadh le creat dlíthiúil CBT is infheidhme don tréimhse tar éis 2027 nuair a leanfaidh an tréimhse 5 bliana ar aghaidh tar éis 2027. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcruthófar ionchais dhlíthiúla tairbhithe don tréimhse tar éis 2027.

Is i bhfoirm íocaíocht bhliantúil dhíchúpláilte in aghaidh an heicteáir incháilithe nó i bhfoirm íocaíocht chnapshuime in aghaidh an fheirmeora óig a bheidh an tacaíocht sin.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú d’uaslíon heicteár in aghaidh an fheirmeora óig agus sin amháin.

4.  

I gcás duine dlítheanach, nó grúpa daoine nádúrtha nó dlítheanacha amhail grúpa feirmeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí nó comharchumainn, féadfaidh na Ballstáit an t-uaslíon heicteár dá dtagraítear i mír 3 a chur i bhfeidhm ar leibhéal chomhaltaí na ndaoine nó na ngrúpaí dlítheanacha sin:

(a) 

a chomhlíonann an sainmhíniú ar ‘feirmeoir óg’ agus na coinníollacha maidir leis mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 4(6); agus

(b) 

i gcás ina ndéanann an dlí náisiúnta foráil do na comhaltaí aonair glacadh leis na cearta agus leis na hoibleagáidí atá inchomparáide le cearta agus oibleagáidí na bhfeirmeoirí aonair a bhfuil stádas mar cheann gabháltais acu, go háirithe i ndáil lena stádas eacnamaíoch, sóisialta agus cánach, ar choinníoll gur rannchuidigh siad le struchtúir thalmhaíochta na ndaoine dlítheanacha nó na ngrúpaí dlítheanacha lena mbaineann a neartú.



Foroinn 4

Scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe

Airteagal 31

Scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe

1.  
Bunóidh na Ballstáit scéimeanna deonacha aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe (‘éiciscéimeanna’) agus soláthróidh siad tacaíocht dóibh faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo, agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
Tacóidh na Ballstáit faoin Airteagal seo le feirmeoirí gníomhacha nó grúpaí feirmeoirí gníomhacha a thugann gealltanais cloí le cleachtais talmhaíochta atá tairbheach don aeráid, don comhshaol agus do leas ainmhithe agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac.
3.  
Bunóidh na Ballstáit liosta de chleachtais talmhaíochta atá tairbheach don aeráid, don chomhshaol agus do leas ainmhithe agus lena ndéanfar fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha dá dtagraítear i mír 2 a chomhrac. Déanfar na cleachtais sin a cheapadh sa chaoi go gcomhlíonfar ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), agus, a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe a fheabhsú agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, in Airteagal 6(1), pointe (i).
4.  

Cumhdófar le gach éiciscéim, i bprionsabal, ar a laghad dhá cheann de na réimsí gníomhaíochta seo a leanas maidir leis an aeráid, leis an gcomhshaol, le leas ainmhithe agus le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac:

(a) 

maolú ar an athrú aeráide, lena n-áirítear astaíochtaí gás ceaptha teasa ó chleachtais talmhaíochta a laghdú, chomh maith le stórais carbóin atá ann cheana a chothabháil agus ceapadh carbóin a fheabhsú;

(b) 

oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar athléimneacht na gcóras táirgthe bia agus ar éagsúlacht ainmhithe agus plandaí ar mhaithe le frithsheasmhacht níos láidre in aghaidh galar agus an athraithe aeráide;

(c) 

cáilíocht an uisce a chosaint nó a fheabhsú, agus brú ar acmhainní uisce a laghdú;

(d) 

díghrádú ithreach a chosc, ithreach a athchóiriú, torthúlacht na hithreach agus bainistiú cothaitheach agus bithra ithreach a fheabhsú;

(e) 

bithéagsúlacht a chosaint, gnáthóga nó speicis a chaomhnú nó a athbhunú, lena n-áirítear gnéithe tírdhreacha nó limistéir neamhtháirgiúla a chothabháil agus a chruthú;

(f) 

gníomhaíochtaí le haghaidh úsáid inbhuanaithe agus laghdaithe lotnaidicídí, go háirithe lotnaidicídí a mbaineann riosca leo do shláinte an duine nó don chomhshaol;

(g) 

gníomhaíochtaí chun leas ainmhithe a fheabhsú nó chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac.

5.  

Faoin Airteagal seo, ní thabharfaidh na Ballstáit ach íocaíochtaí lena gcumhdaítear gealltanais:

(a) 

a sháraíonn na ceanglais reachtúla bainistithe agus na caighdeáin GAEC ábhartha arna mbunú faoi Chaibidil I, Roinn 2;

(b) 

a sháraíonn na híoscheanglais ábhartha maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, leas ainmhithe, agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais;

(c) 

a sháraíonn na coinníollacha a leagtar síos maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), pointe (b);

(d) 

nach ionann iad agus na gealltanais ar deonaíodh íocaíochtaí faoi Airteagal 70 ina leith.

Maidir leis na gealltanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcás ina bhforchuirfidh an dlí náisiúnta ceanglais nua a théann thar na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, féadfar tacaíocht a dheonú do ghealltanais lena gcuirtear le comhlíonadh na gceanglas sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas.

6.  
De bhun mhír 5, féadfaidh na Ballstáit, maidir leis an tuairisc ar na gealltanais atá le comhlíonadh ag tairbhí na n-éiciscéimeanna dá dtagraítear san Airteagal seo, ceann amháin nó níos mó de na ceanglais agus de na caighdeáin a bhunaítear faoi Chaibidil I, Roinn 2, a fhorbairt, ar choinníoll go rachaidh oibleagáidí na n-éiciscéimeanna thar na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha agus na híoschaighdeáin maidir le dea-bhail talmhaíochta agus comhshaoil talún arna mbunú ag na Ballstáit faoi Chaibidil I, Roinn 2.

Gan dochar d’Airteagal 87(1) de Rialachán (AE) 2021/2116, measfar feirmeoirí gníomhacha nó grúpaí feirmeoirí gníomhacha a ghlacfaidh páirt in éiciscéimeanna a bhunófar i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, measfar iad a bheith ag comhlíonadh na riachtanas agus na gcaighdeán ábhartha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na gealltanais faoin éiciscéim lena mbaineann.

Maidir leis na Ballstáit a bhunóidh éiciscéimeanna i gcomhréir le céad fhomhír na míre seo, féadfaidh siad a áirithiú nach ndéanfar seiceála faoi dhó trína gcórais bhainistíochta i gcás ina gcuirfear na ceanglais agus na caighdeáin chéanna i bhfeidhm faoi na héiciscéimeanna sin, agus faoi na hoibleagáidí a shocraítear in Iarscríbhinn III araon.

7.  

Is i bhfoirm íocaíocht bhliantúil do na heicteáir incháilithe uile a chumhdaítear leis na gealltanais a bheidh an tacaíocht d’éiciscéim ar leith. Déanfar íocaíochtaí a dheonú mar:

(a) 

íocaíochtaí sa bhreis ar an tacaíocht bhunúsach ioncaim a leagtar amach i bhForoinn 2; nó

(b) 

íocaíochtaí lena dtugtar cúiteamh d'fheirmeoirí gníomhacha nó do ghrúpaí feirmeoirí gníomhacha as na costais bhreise a tabhaíodh, nó as cuid díobh, agus as ioncam tarscaoilte de thoradh na ngealltanas a rinneadh, ar cheart iad a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 82, agus spriocanna na n-éiciscéimeanna á gcur san áireamh; féadfaidh na híocaíochtaí sin costais a bhaineann le hidirbhearta a chumhdach freisin.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, maidir le híocaíochtaí arna ndeonú i gcomhréir le pointe (b) de le haghaidh gealltanais leasa ainmhithe, féadfaidh gealltanais chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac agus, má tá údar cuí leo, gealltanais maidir le cleachtais talmhaíochta atá tairbheach don aeráid, féadfaidh siad a bheith i bhfoirm íocaíocht bhliantúil do na haonaid bheostoic freisin.

8.  
Léireoidh na Ballstáit an chaoi a bhfreagróidh na cleachtais talmhaíochta a dhéantar faoi éiciscéimeanna ar na riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 108 agus conas a chuirfidh siad le hailtireacht chomhshaoil agus aeráide dá dtagraítear in Airteagal 109(2), pointe (a), agus le leas ainmhithe agus le frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac. Bainfidh siad úsáid as córas rátála nó scórála, nó as aon mhodheolaíocht iomchuí eile chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht na n-éiciscéimeanna a áirithiú chun na spriocanna arna socrú a ghnóthú. Agus leibhéal na n-íocaíochtaí maidir le gealltanais éagsúla faoi na héiciscéimeanna de bhun mhír 7, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo á mbunú acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh leibhéal inbhuanaitheachta agus uaillmhéine gach éiciscéime, bunaithe ar chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha.
9.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hidirghabhálacha faoin Airteagal seo i gcomhréir leis na hidirghabhálacha sin atá bunaithe ar Airteagal 70.



Roinn 3

Íocaíochtaí díreacha cúpláilte



Foroinn 1

Tacaíocht ioncaim chúpláilte

Airteagal 32

Rialacha ginearálta

1.  
Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim chúpláilte a dheonú d’fheirmeoirí gníomhacha faoi na coinníollacha a leagtar amach san Fhoroinn seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
Cabhróidh idirghabhálacha na mBallstát leis na hearnálacha agus na réimsí táirgeachta a fhaigheann tacaíocht nó na cineálacha sonracha feirmeoireachta atá i gceist iontu a liostaítear in Airteagal 33 chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a bhíonn acu tríd an iomaíochas, an inbhuanaitheacht agus an cháilíocht a fheabhsú dóibh. Ní cheanglaítear ar na Ballstáit na deacrachtaí a bhíonn acu maidir le barra próitéine a léiriú.
3.  
Is íocaíocht bhliantúil in aghaidh an heicteáir nó an ainmhí a bheidh sa tacaíocht ioncaim chúpláilte.

Airteagal 33

Raon Feidhme

Is do na hearnálacha agus na réimsí táirgeachta seo a leanas nó na cineálacha sonracha feirmeoireachta atá i gceist iontu, i gcás ina bhfuil tábhacht leo ar chúiseanna socheacnamaíocha nó comhshaoil, agus dóibh sin amháin, a fhéadfar tacaíocht ioncaim chúpláilte a dheonú:

(a) 

gránaigh;

(b) 

síolta ola seachas síolta milseogra lus na gréine, mar a leagtar síos in Airteagal 11(7);

(c) 

barra próitéine, lena n-áirítear chomh maith léagúim agus meascáin de léagúim agus féara ar choinníoll gurb iad na léagúim a bheidh ceannasach sa mheascán sin;

(d) 

líon;

(e) 

cnáibí;

(f) 

rís;

(g) 

cnónna;

(h) 

prátaí stáirse;

(i) 

bainne agus táirgí bainne;

(j) 

síolta;

(k) 

caoireoil agus feoil ghabhair;

(l) 

mairteoil agus laofheoil;

(m) 

ola olóige agus ológa boird;

(n) 

seiriceáin;

(o) 

farae triomaithe;

(p) 

leannlusanna;

(q) 

biatas siúcra, fréamhacha cána agus siocaire;

(r) 

torthaí agus glasraí;

(s) 

roschoill ghearruainíochta.

Airteagal 34

Incháilitheacht

1.  
Is i gcás limistéir a chinnfidh na Ballstáit iad a bheith ina heicteáir incháilithe, agus i gcás na limistéar sin amháin, a fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht ioncaim chúpláilte a dheonú i bhfoirm íocaíochta in aghaidh an heicteáir.
2.  
I gcás ina mbaineann an tacaíocht ioncaim chúpláilte le bó-ainmhithe nó caoirigh agus gabhair, déanfaidh na Ballstáit a shocrú mar choinníollacha incháilitheachta don tacaíocht na ceanglais chun na hainmhithe a shainaithint agus a chlárú i gcomhréir le Cuid IV, Teideal I, Caibidil 2, Roinn 1, de Rialachán (AE) 2016/429. Mar sin féin, gan dochar do choinníollacha incháilitheachta eile is infheidhme, measfar go bhfuil bó-ainmhithe nó caoirigh agus gabhair incháilithe do thacaíocht ar choinníoll go gcomhlíontar na ceanglais maidir le sainaithint agus clárú faoi dháta áirithe sa bhliain éilimh lena mbaineann, dáta a bheidh le socrú ag na Ballstáit.

Airteagal 35

Cumhachtaí tarmligthe i gcás míchothromaíochtaí struchtúracha margaidh in earnáil

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le bearta chun nach mbeidh tairbhithe na tacaíochta ioncaim cúpláilte thíos leis mar gheall ar mhíchothromaíochtaí struchtúracha margaidh in earnáil. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, ceadófar do na Ballstáit a chinneadh go bhféadfar leanúint den tacaíocht ioncaim chúpláilte sin a íoc go dtí 2027 ar bhonn na n-aonad táirgthe dar deonaíodh an tacaíocht sin i dtréimhse thagartha roimhe seo.



Foroinn 2

Íocaíocht bharrshonrach do chadás

Airteagal 36

Raon feidhme

Déanfaidh an Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn agus an Phortaingéil íocaíocht bharrshonrach do chadás a dheonú d'fheirmeoirí gníomhacha a bhfuil cadás a thagann faoi chód AC 5201 00 á tháirgeadh acu faoi na coinníollacha a leagtar síos san fhoroinn seo.

Airteagal 37

Rialacha ginearálta

1.  
Deonófar an íocaíocht bharrshonrach do chadás in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe cadáis. Ní bheidh an limistéar sin incháilithe ach amháin má bhíonn sé lonnaithe ar thalamh talmhaíochta a údaróidh an Ballstát le haghaidh táirgthe cadáis, má bhíonn cineálacha cadáis a údaróidh an Ballstát ann agus má bhainfear an cadás faoi ghnáthchoinníollacha fáis.
2.  
Íocfar an íocaíocht bharrshonrach do chadás as cadás maith cóir atá oiriúnach le díol.
3.  
Déanfaidh an Bhulgáir, an Ghréig, an Spáinn agus an Phortaingéil an talamh agus na cineálacha cadáis dá dtagraítear i mír 1 a údarú i gcomhréir le haon rialacha agus coinníollacha a ghlactar de bhun mhír 5.
4.  

Le haghaidh na n-idirghabhálacha a chumhdaítear san fhoroinn seo:

(a) 

cinnfear incháilitheacht an chaiteachais arna thabhú ar bhonn Airteagal 37, pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/2116;

(b) 

chun críocha Airteagal 12(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, cumhdófar pointe (a), pointe (b) agus pointe (d) de, chomh maith leis an dearbhú bainistíochta, sa tuairim a chuirfidh na comhlachtaí deimhniúcháin ar fáil.

5.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha agus coinníollacha faoina n-údarófar talamh agus cineálacha cadáis chun críocha na híocaíochta barrshonraí do chadás.
6.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme, lena leagfar síos rialacha maidir leis an nós imeachta chun an talamh agus cineálacha cadáis a údarú chun críocha na híocaíochta barrshonraí do chadás agus an nós imeachta chun fógra a bhaineann leis an údarú sin a thabhairt do na táirgeoirí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).

Airteagal 38

Bunlimistéir, táirgeacht sheasta agus méideanna tagartha

1.  

Bunaítear na bunlimistéir náisiúnta seo a leanas:

— 
an Bhulgáir: 3 342  ha,
— 
an Ghréig: 250 000  ha,
— 
an Spáinn: 48 000 ha,
— 
an Phortaingéil: 360 ha.
2.  

Bunaítear an táirgeacht sheasta a leanas don tréimhse tagartha:

— 
an Bhulgáir: 1,2 tona/ha,
— 
an Ghréig: 3,2 tona/ha,
— 
an Spáinn: 3,5 tona/ha,
— 
an Phortaingéil: 2,2 tona/ha.
3.  

Déanfar méid na híocaíochta bharrshonraí in aghaidh an heicteáir de limistéar incháilithe a ríomh tríd an táirgeacht a bhunaítear i mír 2 a iolrú faoi na méideanna tagartha seo a leanas:

— 
an Bhulgáir: EUR 636,13,
— 
an Ghréig: EUR 229,37,
— 
an Spáinn: EUR 354,73,
— 
an Phortaingéil: EUR 223,32.
4.  
Má sháraíonn an limistéar incháilithe cadáis i mBallstát ar leith i mbliain ar leith an bunlimistéar a bhunaítear i mír 1, déanfar laghdú ar an méid dá dtagraítear i mír 3 don Bhallstát sin i gcomhréir le méid an tsáraithe ar an mbunlimistéar.
5.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis na coinníollacha faoina ndeonaítear an íocaíocht bharrshonrach do chadás, maidir leis na ceanglais incháilitheachta agus maidir leis na cleachtais agranamaíocha.
6.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar síos rialacha maidir le ríomh an laghduithe dá bhforáiltear i mír 4. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).

Airteagal 39

Eagraíochtaí idirchraoibhe formheasta

1.  

Chun críoch na foroinne seo, ciallaíonn “eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta” eintiteas dlítheanach ina bhfuil feirmeoirí a tháirgeann cadás, agus scilligeoir cadáis amháin ar a laghad, a bhíonn i mbun gníomhaíochtaí den sórt seo a leanas:

(a) 

cuidiú le comhordú níos fearr a dhéanamh ar an gcaoi a gcuirtear cadás ar an margadh, go háirithe trí staidéir thaighde agus suirbhéanna a dhéanamh ar an margadh;

(b) 

foirmeacha caighdeánacha conartha atá ag luí le rialacha an Aontais a tharraingt suas;

(c) 

táirgeadh a dhíriú ar tháirgí atá níos oiriúnaí do riachtanais an mhargaidh agus d'éileamh na dtomhaltóirí, go háirithe i dtaca le cáilíocht agus cosaint tomhaltóirí;

(d) 

modhanna agus bealaí chun cáilíocht táirgí a fheabhsú agus a thabhairt suas chun dáta;

(e) 

straitéisí margaíochta a fhorbairt chun cadás a chur chun cinn trí scéimeanna deimhniúcháin cáilíochta.

2.  
Déanfaidh an Ballstát ina bhfuil na scilligeoirí cadáis bunaithe eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas a chomhlíonann aon chritéir a leagtar síos de bhun mhír 3.
3.  

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le rialacha maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

critéir chun eagraíochtaí idirchraoibhe a fhormheas;

(b) 

oibleagáidí atá ar tháirgeoirí;

(c) 

na hiarmhairtí nach gcomhlíonann an eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta na critéir dá dtagraítear i bpointe (a).

Airteagal 40

Deonú na híocaíochta

1.  
Déanfar an íocaíocht bharrshonrach do chadás a dheonú d'fheirmeoirí in aghaidh an heicteáir atá incháilithe, faoi mar a leagtar síos in Airteagal 38 é.
2.  
I gcás feirmeoirí ar baill d'eagraíocht idirchraoibhe fhormheasta iad, cuirfear méadú EUR 2 leis an íocaíocht bharrshonrach do chadás in aghaidh an heicteáir atá incháilithe laistigh den bhunlimistéar a leagtar síos in Airteagal 38(1).

Airteagal 41

Na maoluithe

1.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 101 agus Airteagal 102 ná ag Teideal VII, cé is moite de Chaibidil III de, maidir leis an íocaíocht bharrshonrach do chadás a leagtar síos san Fhoroinn seo.
2.  
Ní áireofar an íocaíocht bharrshonrach do chadás in aon roinn den Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagail 108 go 114, ach amháin a mhéid a bhaineann le hAirteagal 112(2), pointe (a), a bhaineann leis an bplean airgeadais.
3.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 55(1), an dara fomhír ná an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir leis na hidirghabhálacha dá dtagraítear san Fhoroinn seo.



CAIBIDIL III

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA IN EARNÁLACHA ÁIRITHE



Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 42

Raon feidhme

Is é a leagtar síos sa Chaibidil seo na rialacha maidir leis na cineálacha idirghabhála seo a leanas:

(a) 

in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (i), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(b) 

in earnáil na dtáirgí beachaireachta, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (v), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 (“earnáil na beachadóireachta”);

(c) 

in earnáil an fhíona, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(d) 

in earnáil na leannlusanna, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(e) 

in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(f) 

sna hearnálacha eile a leagtar amach in Airteagal 1(2), pointí (a) go (h), pointe (k), pointe (m), pointí (o) go (t) agus pointe (w), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus sna hearnálacha lena gcumhdaítear táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 43

Cineálacha idirghabhála éigeantacha agus roghnacha

1.  
Na cineálacha idirghabhála in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (a), beidh siad éigeantach i gcás Ballstáit ina bhfuil eagraíochtaí táirgeoirí san earnáil sin a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

I gcás ina n-aithneoidh Ballstát nach bhfuil eagraíochtaí táirgeoirí aitheanta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí aige, tráth a Phlean Straitéiseach CBT a thíolacadh, eagraíocht táirgeoirí san earnáil sin faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, cuirfidh an Ballstát sin iarraidh isteach maidir leis an bPlean Straitéiseach CBT a leasú i gcomhréir le hAirteagal 119 chun idirghabhálacha in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí a chur san áireamh.

2.  
Na cineálacha idirghabhála in earnáil na beachaireachta dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (b), beidh siad éigeantach i gcás gach Ballstáit.
3.  
Na cineálacha idirghabhála in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (c), beidh siad éigeantach i gcás na mBallstát sin a liostaítear in Iarscríbhinn VII.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha CBT na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) a chur chun feidhme.
5.  
Féadfaidh an Ghearmáin na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), a chur chun feidhme in earnáil na leannlusanna, má chinneann sí ina Plean Straitéiseach CBT gan na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (d), a chur chun feidhme, agus sa chás sin amháin.
6.  
Féadfaidh an Ghréig, an Fhrainc agus an Iodáil na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), a chur chun feidhme in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird, má chinneann siad ina bPleananna Straitéiseacha CBT gan na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (e), a chur chun feidhme, agus sa chás sin amháin.

Airteagal 44

Foirmeacha tacaíochta

1.  

Sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, féadfaidh an tacaíocht a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) 

aisíoc costas incháilithe arna dtabhú go hiarbhír ag tairbhí;

(b) 

costais aonaid;

(c) 

cnapshuimeanna;

(d) 

maoiniú ar ráta comhréidh.

2.  

Is ar cheann de na bealaí seo a leanas a shocrófar na méideanna i gcomhair na bhfoirmeacha tacaíochta dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), pointe (c) agus pointe (d):

(a) 

modh ríofa cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe ar an méid seo a leanas:

(i) 

sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;

(ii) 

sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe; nó

(iii) 

gnáthchleachtais cuntasaíochta costála na dtairbhithe a chur i bhfeidhm;

(b) 

dréachtbhuiséid arna mbunú de réir an cháis agus arna n-aontú ar bhealach ex ante ag an gcomhlacht a roghnaíonn an oibríocht i gcás idirghabhálacha in earnálacha an fhíona agus na beachadóireachta nó ag an gcomhlacht a fhormheasann na cláir oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 50 i gcás idirghabhálacha in earnálacha incháilithe eile;

(c) 

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcostas aonaid comhfhreagrach, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh cineál idirghabhála comhchosúil;

(d) 

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcostas aonaid comhfhreagrach, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna tacaíochta arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh cineál idirghabhála comhchosúil.

Airteagal 45

Cumhachtaí tarmligthe maidir le ceanglais bhreise le haghaidh cineálacha idirghabhála

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le ceanglais de bhreis ar na ceanglais a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

feidhmiú cuí na gcineálacha idirghabhála a leagtar síos sa Chaibidil seo a áirithiú, go háirithe trí shaobhadh iomaíochta a sheachaint sa mhargadh inmheánach;

(b) 

an cineál caiteachais a chumhdaítear leis na hidirghabhálacha a áirítear sa Chaibidil seo, lena n-áirítear, de mhaolú ar Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2021/2116, incháilitheacht costais riaracháin agus phearsanra na n-eagraíochtaí táirgeoirí nó tairbhithe eile agus na hidirghabhálacha sin á gcur chun feidhme;

(c) 

an bonn ar a ríomhtar an cúnamh airgeadais ón Aontas dá dtagraítear sa Chaibidil seo, lena n-áirítear na tréimhsí tagartha agus luach na táirgeachta arna margú a ríomh, agus ar a ríomhtar leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí chun críoch an chúnaimh airgeadais náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 53;

(d) 

leibhéal uasta an chúnaimh airgeadais ón Aontas le haghaidh cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointí (a), (c), (f), (g), (h) agus (i), agus le haghaidh na gcineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (c), pointe (d) agus pointe (l), lena n-áirítear rátaí pacáistithe agus iompair le haghaidh táirgí a tarraingíodh siar i gcomhair dáileachán saor in aisce agus costais phróiseála sula ndéanfar iad a sheachadadh chun na críche sin;

(e) 

na rialacha maidir le huasteorainn do chaiteachas a shocrú agus maidir leis an limistéar incháilithe a thomhas chun críoch na gcineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (d), agus in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a);

(f) 

na rialacha faoina bhfuil ar tháirgeoirí fotháirgí na fíonóireachta a tharraingt siar ón margadh, agus rialacha maidir leis na heisceachtaí ón oibleagáid sin chun ualach breise riaracháin a sheachaint agus rialacha maidir le deimhniúchán deonach na ndriogairí.

(g) 

na coinníollacha atá le cur i bhfeidhm maidir le húsáid na bhfoirmeacha tacaíochta a liostaítear in Airteagal 44(1).

(h) 

na rialacha maidir le ceanglas íosmharthanachta i gcomhair infheistíochtaí táirgiúla agus neamhtháirgiúla a fhaigheann tacaíocht ó idirghabhálacha a áirítear sa Chaibidil seo;

(i) 

na rialacha maidir le cistiú a chomhcheangal le haghaidh infheistíochtaí de bhun Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), agus le haghaidh cur chun cinn de bhun Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (k).

Airteagal 46

Cuspóirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na leannlusanna, earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f)

Is iad seo a leanas na cuspóirí a bheidh sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f):

(a) 

an táirgeadh a phleanáil agus a eagrú, an táirgeadh a oiriúnú don éileamh, go háirithe maidir le cáilíocht agus cainníocht, na costais táirgthe agus na torthaí ar infheistíochtaí a bharrfheabhsú, agus praghsanna na dtáirgeoirí a chobhsú; tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (a), (b), (c) agus (i);

(b) 

soláthar na dtáirgí sin a chomhchruinniú agus na táirgí sin a chur ar an margadh, lena n-áirítear trí mhargaíocht dhíreach; tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c);

(c) 

iomaíochas meántéarmach agus fadtéarmach a fheabhsú, go háirithe trí nuachóiriú a dhéanamh; baineann an cuspóir sin leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c);

(d) 

taighde a dhéanamh ar mhodhanna táirgthe inbhuanaithe agus iad a fhorbairt, lena n-áirítear frithsheasmhacht in aghaidh lotnaidí, frithsheasmhacht in aghaidh galair ainmhithe agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, cleachtais agus teicnící táirgthe nuálacha lena gcuirtear borradh faoin iomaíochas eacnamaíoch agus faoi fhorbairtí sa mhargadh; tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (a), (b), (c) agus (i);

(e) 

na gnéithe seo a leanas a chur chun cinn, a fhorbairt agus a chur chun feidhme:

(i) 

modhanna agus teicnící táirgthe lena n-urramaítear an comhshaol;

(ii) 

cleachtais táirgthe atá frithsheasmhach in aghaidh lotnaidí agus galar;

(iii) 

caighdeáin leasa agus sláinte ainmhithe a théann thar a bhfuil sna híoscheanglais arna mbunú faoi dhlí an Aontais agus faoin dlí náisiúnta;

(iv) 

laghdú dramhaíola agus úsáid agus bainistiú fotháirgí ar bhealach atá fónta ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear athúsáid agus luacháil na bhfotháirgí sin;

(v) 

an bhithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú agus acmhainní nádúrtha a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe an t-uisce, an ithir agus an t-aer a chosaint.

Tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (e), pointe (f) agus pointe (i);

(f) 

cuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d);

(g) 

luach tráchtála agus cáilíocht táirgí a ardú, lena n-áirítear cáilíocht táirgí a fheabhsú agus táirgí a fhorbairt a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint ag dul leo, nó a chumhdaítear le scéimeanna cáilíochta de chuid Aontais nó náisiúnta arna n-aithint ag na Ballstáit; baineann na cuspóirí sin leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (b);

(h) 

na táirgí a chur chun cinn agus a chur ar an margadh; tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (b), pointe (c) agus pointe (i);

(i) 

cur le tomhaltas táirgí as earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, bídís úr nó próiseáilte; tá baint ag an gcuspóir sin leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (i);

(j) 

cosc ar ghéarchéimeanna agus bainistíocht riosca, lena ndírítear ar shuaití margaí na hearnála ábhartha a sheachaint agus déileáil leo; tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (a), pointe (b) agus pointe (c);

(k) 

na coinníollacha fostaíochta a fheabhsú agus oibleagáidí fostóirí agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair i gcomhréir le Treoracha 89/391/CEE, 2009/104/CE agus (AE) 2019/1152 a fhorfheidhmiú.

Airteagal 47

Cineálacha idirghabhála in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí, earnáil na leannlusanna, earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird agus in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f)

1.  

Maidir le gach cuspóir arna roghnú as measc na gcuspóirí sin dá dtagraítear in Airteagal 46, pointí (a) go (i) agus pointe (k), déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas a roghnú sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f) ina bPleananna Straitéiseacha CBT:

(a) 

infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, taighde agus modhanna táirgthe turgnamhacha agus nuálacha agus gníomhaíochtaí eile, i réimsí amhail:

(i) 

caomhnú na hithreach, lena n-áirítear feabhas a chur ar charbón na hithreach agus ar struchtúr na hithreach, agus laghdú ar éilleáin;

(ii) 

úsáid agus bainistiú fónta uisce a fheabhsú, lena n-áirítear sábháil uisce, caomhnú uisce agus draenáil;

(iii) 

damáiste de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a chosc agus forbairt agus úsáid cineálacha, pórtha agus cleachtais bhainistithe atá in oiriúint do na hathruithe ar dhálaí aeráide a chur chun cinn;

(iv) 

coigilt fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite a mhéadú;

(v) 

pacáistiú éiceolaíoch, agus an pacáistiú sin amháin, i réimse an taighde agus an táirgthe thurgnamhaigh;

(vi) 

bithshlándáil, sláinte agus leas ainmhithe;

(vii) 

astaíochtaí agus dramhaíl a laghdú, úsáid fotháirgí a fheabhsú, lena n-áirítear athúsáid agus luacháil na bhfotháirgí sin, agus bainistiú dramhaíola;

(viii) 

feabhas a chur ar fhrithsheasmhacht in aghaidh lotnaidí agus rioscaí agus tionchair úsáid lotnaidicídí a laghdú, lena n-áirítear teicnící Bainistithe Comhtháite Lotnaidí a chur chun feidhme;

(ix) 

feabhas a chur ar fhrithsheasmhacht in aghaidh galair ainmhithe agus úsáid cógas tréidliachta lena n-áirítear antaibheathaigh a laghdú;

(x) 

gnáthóga atá fabhrach don bhithéagsúlacht a chruthú agus a chothabháil;

(xi) 

cáilíocht táirgí a fheabhsú;

(xii) 

acmhainní géiniteacha a fheabhsú;

(xiii) 

na coinníollacha fostaíochta a fheabhsú agus oibleagáidí fostóirí agus ceanglais sláinte agus sábháilteacht ag an obair i gcomhréir le Treoracha 89/391/CEE, 2009/104/CE agus (AE) 2019/1152 a fhorfheidhmiú;

(b) 

seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil, go háirithe maidir le teicnící inbhuanaithe chun lotnaidí agus galair a rialú, úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus táirgí sláinte ainmhithe, oiriúnú don athrú aeráide agus maolú air, na coinníollacha fostaíochta, oibleagáidí fostóirí agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair;

(c) 

oiliúint, lena n-áirítear cóitseáil agus malartú dea-chleachtas, go háirithe maidir le teicnící inbhuanaithe chun lotnaidí agus galair a rialú, úsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus táirgí sláinte ainmhithe, oiriúnú don athrú aeráide agus maolú air, chomh maith le hardáin trádála eagraithe agus malartuithe tráchtearraí a úsáid ar an spotmhargadh agus an margadh todhchaíochtaí;

(d) 

táirgeadh orgánach nó comhtháite;

(e) 

gníomhaíochtaí chun cur le hinbhuanaitheacht agus le héifeachtúlacht an iompair agus stóráil táirgí;

(f) 

cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht, lena n-áirítear bearta agus gníomhaíochtaí atá dírithe go háirithe ar cur le feasacht tomhaltóirí ar na scéimeanna cáilíochta atá ag an Aontas agus ar an tábhacht a bhaineann le bia folláin a ithe, agus atá dírithe ar na margaí a éagsúlú agus a chomhdhlúthú;

(g) 

scéimeanna cáilíochta náisiúnta agus an Aontais a chur chun feidhme;

(h) 

córais inrianaitheachta agus deimhniúcháin a chur chun feidhme, go háirithe an faireachán ar cháilíocht na dtáirgí a dhíoltar le tomhaltóirí deiridh;

(i) 

gníomhaíochtaí chun maolú ar an athrú aeráide agus chun oiriúnú dó.

2.  

Maidir leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (j), déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas a roghnú sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f) ina bPleananna Straitéiseacha CBT:

(a) 

cistí frithpháirteacha a bheith á mbunú, á líonadh agus á n-athsholáthar ag eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí mar a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó faoi Airteagal 67(7) den Rialachán seo;

(b) 

infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a fhágann go ndéanfar na méideanna a chuirtear ar an margadh a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla, lena n-áirítear chun stóráil le chéile;

(c) 

táirgí arna dtáirgeadh ag an eagraíocht táirgeoirí nó ag a chomhaltaí a stóráil le chéile, lena n-áirítear, i gcás inar gá, próiseáil chomhchoiteann chun stóráil den sórt sin a éascú;

(d) 

úlloird nó garráin ológ a athphlandú i gcás inar gá tar éis grafadh éigeantach ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit nó chun oiriúnú don athrú aeráide;

(e) 

athstocáil le beostoc tar éis a mharaithe go héigeantach ar chúiseanna sláinte nó mar gheall ar chaillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha;

(f) 

tarraingt siar ón margadh chun táirgí a dháileadh saor in aisce nó ar chúiseanna eile, lena n-áirítear, i gcás inar gá, próiseáil chun tarraingt siar den sórt sin a éascú;

(g) 

glasbhuaint, arb é atá inti na táirgí réamhaibí go léir i limistéar áirithe a bhuaint ar táirgí iad nach féidir a mhargú agus nach ndearnadh damáiste dóibh roimh an nglasbhuaint, bíodh sin i ngeall ar chúiseanna aeráide, galair nó eile;

(h) 

gan táirge a bhuaint, arb é atá ann deireadh a chur leis an timthriall reatha táirgthe sa limistéar lena mbaineann agus go bhfuil an táirge forbartha go maith agus go bhfuil sé maith cóir agus oiriúnach le díol, ach amháin cásanna ina scriostar táirgí i ngeall ar theagmhas aeráide nó galar;

(i) 

árachas buainte agus táirgthe a chabhróidh le hioncam táirgeoirí a chosaint nuair a bhíonn caillteanais ann de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, galar nó inmhíolú lotnaidí agus lena n-áirithítear, san am céanna, go ndéanfaidh na tairbhithe na bearta is gá maidir le rioscaí a chosc;

(j) 

eagraíochtaí táirgeoirí agus comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí mar a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó faoi Airteagal 67(7) den Rialachán seo, nó táirgeoirí aonair, a chóitseáil;

(k) 

ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta tríú tíortha a chur chun feidhme agus a bhainistiú ar chríoch an Aontais chun an rochtain ar mhargaí tríú tíortha a éascú;

(l) 

gníomhaíochtaí cumarsáide arb é is aidhm dóibh feasacht a mhúscailt agus tomhaltóirí a chur ar an eolas.

Airteagal 48

Pleanáil, tuairisciú agus imréiteach feidhmíochta ar leibhéal an chláir oibríochtúil

Beidh feidhm ag Airteagal 7(1), pointe (a), Airteagal 102, Airteagal 111, pointe (g) agus pointe (h), Airteagal 112(3), pointe (b), agus Airteagal 134 maidir leis na cineálacha idirghabhála sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f) ar leibhéal na gclár oibríochtúil, seachas ar leibhéal na hidirghabhála. Déanfar an phleanáil, an tuairisciú agus an t-imréiteach feidhmíochta le haghaidh na gcineálacha idirghabhála sin ar leibhéal na gclár oibríochtúil freisin.



Roinn 2

Earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Airteagal 49

Cuspóirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

Déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 46 a shaothrú in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (a). Cuimseofar na táirgí, bídís úr nó próiseáilte, faoi na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 46, pointí (g), (h), (i) agus (k), ach táirgí úra amháin a chuimseofar leis na cuspóirí a leagtar amach i bpointí eile den Airteagal sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhfhreagróidh na hidirghabhálacha do na cineálacha idirghabhála a roghnaítear i gcomhréir le hAirteagal 47.

Airteagal 50

Cláir oibríochtúla

1.  
Na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46 agus na hidirghabhálacha in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí atá leagtha amach ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT, déanfar iad a chur chun feidhme trí bhíthin cláir oibríochtúla fhormheasta de chuid eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, nó an dá cheann díobh, faoi na coinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo.
2.  
Mairfidh na cláir oibríochtúla ar feadh 3 bliana ar a laghad agus ar feadh 7 mbliana ar a mhéid.
3.  
Saothrófar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (b), pointe (e) agus pointe (f), ar a laghad, sna cláir oibríochtúla.
4.  
Maidir le gach cuspóir a roghnófar, tabharfar tuairisc sna cláir oibríochtúla ar na hidirghabhálacha a roghnófar as measc na n-idirghabhálacha sin arna leagan síos ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
5.  
Cuirfidh eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 cláir oibríochtúla faoi bhráid na mBallstát lena bhformheas agus, má fhormheastar iad, cuirfidh siad chun feidhme iad.
6.  
Cláir oibríochtúla na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, ní chumhdófar iontu na hidirghabhálacha céanna a chumhdaítear i gcláir oibríochtúla na n-eagraíochtaí sin is comhaltaí. Déanfaidh na Ballstáit cláir oibríochtúla na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí agus cláir oibríochtúla na n-eagraíochtaí is comhaltaí a mheas le chéile.

Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit:

(a) 

go ndéanfar idirghabhálacha faoi chláir oibríochtúla comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a mhaoiniú go hiomlán, gan dochar d’Airteagal 51(1), pointe (b), le ranníocaíochtaí ó na heagraíochtaí is comhaltaí den chomhlachas sin agus go mbaileofar an cistiú sin ó chistí oibríochtúla na n-eagraíochtaí sin is comhaltaí;

(b) 

go ndéanfar na hidirghabhálacha agus a sciar airgeadais comhfhreagrach a shainaithint i gclár oibríochtúil gach eagraíochta is comhalta.

(c) 

nach bhfuil aon dúbláil ar an maoiniú.

7.  

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás gach cláir oibríochtúla:

(a) 

go n-úsáidfear 15 %, ar a laghad, den chaiteachas faoi na cláir oibríochtúla chun na hidirghabhálacha a nasctar leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (e) agus pointe (f) a chumhdach;

(b) 

go mbeidh trí ghníomhaíocht nó níos mó a bhfuil baint acu leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (e) agus pointe (f), ar áireamh sa chlár oibríochtúil;

(c) 

go n-úsáidfear 2 %, ar a laghad, den chaiteachas faoi na cláir oibríochtúla chun na hidirghabhálacha a nasctar leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (d), a chumhdach; agus

(d) 

nach sáróidh an caiteachas d’idirghabhálacha laistigh de na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), pointe (g) agus pointe (h), aon trian den chaiteachas iomlán.

I gcás ina bhfuil 80 % ar a laghad de na comhaltaí in eagraíocht táirgeoirí faoi réir gealltanas agra-chomhshaoil-aeráide nó feirmeoireachta orgánaí amháin nó níos mó atá comhionann dá bhforáiltear i gCaibidil IV, áireofar gach ceann de na gealltanais sin mar ghníomhaíocht i dtaca leis an íosmhéid de thrí ghealltanas dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b).

8.  
Féadfar na gníomhaíochtaí atá beartaithe chun a áirithiú go mbeidh dálaí oibre cothroma sábháilte ag oibrithe san earnáil a leagan amach i gcláir oibríochtúla.

Airteagal 51

Cistí oibríochtúla

1.  

Féadfaidh aon eagraíocht táirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí nó comhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí den sórt sin ciste oibríochtúil a bhunú. Cuirfear maoiniú ar fáil don chiste:

(a) 

trí ranníocaíochtaí airgeadais uathu seo a leanas:

(i) 

comhaltaí na heagraíochta táirgeoirí nó an eagraíocht táirgeoirí féin nó an dá cheann díobh; nó

(ii) 

comhlachas d'eagraíochtaí táirgeoirí trí chomhaltaí na gcomhlachas sin;

(b) 

le cúnamh airgeadais ón Aontas, a fhéadfar a dheonú d'eagraíochtaí táirgeoirí nó dá gcomhlachais i gcás ina ndéanfaidh na heagraíochtaí nó na comhlachais sin clár oibríochtúil a thíolacadh.

2.  
Is i gcás cláir oibríochtúla a d'fhormheas na Ballstáit, agus na cláir oibríochtúla sin amháin, a úsáidfear cistí oibríochtúla chun cláir oibríochtúla a mhaoiniú.

Airteagal 52

Cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh earnáil na dtorthaí agus na nglasraí

1.  
Beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas cothrom le méid na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (a), mar a íoctar go hiarbhír iad agus ní bheidh sé níos mó ná 50 % den chaiteachas iarbhír a thabhaítear.
2.  

Is í an uasteorainn a bheidh leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas:

(a) 

4,1 % de luach na táirgeachta arna margú ag gach eagraíocht táirgeoirí;

(b) 

4,5 % de luach na táirgeachta arna margú ag gach comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí;

(c) 

5 % de luach na táirgeachta arna margú ag gach eagraíocht táirgeoirí thrasnáisiúnta nó ag gach comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta.

Féadfaidh méadú 0,5 pointe céatadáin teacht ar na teorainneacha sin ar choinníoll nach mbaintear leas as an méid atá de bhreis ar an gcéatadán ábhartha a leagtar amach sa chéad fhomhír ach le haghaidh idirghabháil amháin nó níos mó a nasctar leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointí (d), (e), (f), (h), (i) agus (j). I gcás comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí, lena n-áirítear comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí thrasnáisiúnta, féadfaidh an comhlachas na hidirghabhálacha sin a chur chun feidhme thar ceann a chomhaltaí.

3.  

Arna iarraidh sin d'eagraíocht táirgeoirí nó do chomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, déanfar an uasteorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 a ardú go 60 % i gcomhair clár oibríochtúil nó i gcomhair cuid de chlár oibríochtúil má tá feidhm ag ceann amháin ar a laghad de na nithe seo a leanas:

(a) 

go ndéanann eagraíochtaí táirgeoirí trasnáisiúnta idirghabhálacha a nasctar leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (b), pointe (e) agus pointe (f) a chur chun feidhme in dhá Bhallstáit nó níos mó;

(b) 

go bhfuil eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí amháin nó níos mó i mbun idirghabhálacha atá á ndéanamh ar bhonn idirchraoibhe;

(c) 

nach gcumhdaíonn an clár oibríochtúil ach tacaíocht shonrach chun táirgí orgánacha a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2018/848 a tháirgeadh;

(d) 

go ndéanann an eagraíocht táirgeoirí nó an comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 clár oibríochtúil a chur chun feidhme den chéad uair;

(e) 

go margaíonn eagraíochtaí táirgeoirí níos lú ná 20 % den táirgeadh torthaí agus glasraí i mBallstát;

(f) 

go bhfuil an eagraíocht táirgeoirí ag feidhmiú i gceann de na réigiúin is forimeallaí;

(g) 

gurb é atá sa chlár oibríochtúil na hidirghabhálacha a nasctar leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointí (d), (e), (f), (i) agus (j);

(h) 

go bhfuil an clár oibríochtúil á chur chun feidhme den chéad uair ag eagraíocht táirgeoirí aitheanta atá mar thoradh ar chumasc idir dhá eagraíocht táirgeoirí aitheanta nó níos mó.

4.  
Déanfar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 a mhéadú go 80 % i gcás caiteachas a nasctar leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (d), i gcás ina gcumhdóidh an caiteachas sin 5 % ar a laghad den chaiteachas faoin gclár oibríochtúil.
5.  
Déanfar an teorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 a mhéadú go 80 % i gcás caiteachas a nasctar leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (e) agus pointe (f), i gcás ina gcumhdóidh an caiteachas sin 20 % ar a laghad den chaiteachas faoin gclár oibríochtúil.
6.  

Déanfar an uasteorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 a ardú go 100 % sna cásanna seo a leanas:

(a) 

i gcás ina dtarraingeofar siar ón margadh torthaí agus glasraí nach sáraíonn 5 % de mhéid na táirgeachta arna margú ag gach eagraíocht táirgeoirí, agus a ndéanfar iad a dhiúscairt mar a leanas:

(i) 

trína ndáileadh saor in aisce ar eagraíochtaí agus ar fhondúireachtaí carthanacha, arna bhformheas chuige sin ag na Ballstáit, lena n-úsáid ina ngníomhaíochtaí le cabhrú le daoine a aithnítear sa dlí náisiúnta go bhfuil siad i dteideal cúnamh poiblí a fháil, go háirithe toisc nach bhfuil an chóir mhaireachtála riachtanach acu;

(ii) 

trína ndáileadh saor in aisce ar fhorais phionóis, ar scoileanna agus ar institiúidí oideachais phoiblí, dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus ar champaí saoire leanaí chomh maith le hospidéil agus le hárais seanóirí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, a ghlacfaidh na céimeanna ar fad is gá lena áirithiú i gcás na gcainníochtaí a dháiltear gur cainníochtaí sa bhreis iad ar na cainníochtaí a dhéanann na forais sin a cheannach isteach de ghnáth;

(b) 

i gcás gníomhaíochtaí a bhaineann le cóitseáil eagraíochtaí táirgeoirí eile a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, ar choinníoll gurb as réigiúin de chuid na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 53(2) den Rialachán seo a thagann na heagraíochtaí táirgeoirí sin, nó le cóitseáil táirgeoirí aonair.

Airteagal 53

Cúnamh airgeadais náisiúnta

1.  
I réigiúin de chuid na mBallstát ina bhfuil leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí go mór faoi bhun mheán an Aontais, féadfaidh na Ballstáit cúnamh airgeadais náisiúnta atá cothrom le 80 % ar a mhéad de na ranníocaíochtaí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (a), den Rialachán seo agus suas le 10 % de luach na táirgeachta arna margú ag eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a dheonú do na heagraíochtaí táirgeoirí sin. Beidh an cúnamh airgeadais náisiúnta sa bhreis ar an gciste oibríochtúil.
2.  
Measfar go mbeidh leibhéal eagrúcháin na dtáirgeoirí i réigiún de chuid Ballstáit go mór faoi bhun mheán an Aontais i gcás inar lú ná 20 % an meánleibhéal eagrúcháin maidir le 3 bliana as a chéile roimh chur chun feidhme an chláir oibríochtúil. Déanfar an leibhéal eagrúcháin a ríomh mar an luach a bhí ar tháirgeacht na dtorthaí agus na nglasraí sa réigiún lena mbaineann agus a chuir na heagraíochtaí táirgeoirí agus na comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ar an margadh, arna roinnt ar luach iomlán na táirgeachta torthaí agus glasraí a bhí sa réigiún sin.
3.  
Ballstáit a dheonaíonn cúnamh airgeadais náisiúnta i gcomhréir le mír 1, cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas faoi na réigiúin a chomhlíonann na critéir dá dtagraítear i mír 2 agus faoin gcúnamh airgeadais náisiúnta arna dheonú d’eagraíochtaí táirgeoirí sna réigiúin sin



Roinn 3

Earnáil na beachaireachta

Airteagal 54

Cuspóirí in earnáil na beachaireachta

Déanfaidh na Ballstáit ceann amháin ar a laghad de na cuspóirí sonracha ábhartha a leagtar amach in Airteagal 6(1) a shaothrú in earnáil na beachaireachta.

Airteagal 55

Cineálacha idirghabhála in earnáil na beachaireachta agus cúnamh airgeadais ón Aontas

1.  

Maidir le gach cuspóir sonrach roghnaithe a leagtar amach in Airteagal 6(1), déanfaidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas in earnáil na beachaireachta a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha CBT:

(a) 

seirbhísí comhairleacha, cúnamh teicniúil, oiliúint, faisnéis agus malartú dea-chleachtas, lena n-áirítear trí líonrú, do bheachairí agus d’eagraíochtaí beachairí;

(b) 

infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, mar aon le gníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear:

(i) 

ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach, go háirithe an varróis, a chomhrac;

(ii) 

damáiste de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a chosc agus forbairt agus úsáid cleachtais bhainistithe atá in oiriúint do na hathruithe ar dhálaí aeráide a chur chun cinn;

(iii) 

coirceoga beach san Aontas a athstocáil, lena n-áirítear pórú beach;

(iv) 

buailteachas a chuíchóiriú;

(c) 

gníomhaíochtaí chun tacú le saotharlanna chun anailís a dhéanamh ar tháirgí beachaireachta, caillteanais beach nó titim ina dtáirgiúlacht, agus ar shubstaintí a d’fhéadfadh a bheith tocsaineach do bheacha;

(d) 

gníomhaíochtaí chun líon reatha na gcoirceog beach san Aontas a chaomhnú nó a mhéadú, lena n-áirítear pórú beach;

(e) 

comhar le comhlachtaí speisialaithe maidir le cláir thaighde a chur chun feidhme i réimse na beachaireachta agus na dtáirgí beachaireachta;

(f) 

gníomhaíochtaí cur chun cinn, cumarsáide agus margaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar an margadh agus gníomhaíochtaí atá dírithe go háirithe ar chur le feasacht tomhaltóirí ar cháilíocht na dtáirgí beachaireachta;

(g) 

gníomhaíochtaí chun cáilíocht táirgí a fheabhsú.

2.  
Tabharfaidh na Ballstáit le fios ina bPleananna Straitéiseacha CBT an bunús atá leis an rogha a rinne siad maidir le cuspóirí sonracha agus cineálacha idirghabhála. Maidir leis na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe acu, sonróidh siad na hidirghabhálacha sin.
3.  
Leagfaidh na Ballstáit amach ina bPleananna Straitéiseacha CBT an cistiú atá curtha ar fáil acu le haghaidh na gcineálacha idirghabhála a roghnaíodh ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
4.  
Cuirfidh na Ballstáit ar a laghad méid céanna an chistiúcháin ar fáil leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas a úsáideann siad ar bhonn Airteagal 88(2) chun tacú leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.
5.  
Ní rachaidh an cúnamh airgeadais iomlán a sholáthróidh an tAontas agus na Ballstáit thar an gcaiteachas arna thabhú ag an tairbhí.
6.  
Agus a bPleananna Straitéiseacha CBT á dtarraingt suas ag na Ballstáit, comhoibreoidh siad le hionadaithe eagraíochtaí i réimse na beachaireachta.
7.  
Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún gach bliain maidir le líon na gcoirceog beach atá ar a gcríoch.

Airteagal 56

Cumhachtaí tarmligthe breise do chineálacha idirghabhála in earnáil na beachaireachta

Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le ceanglais de bhreis ar na ceanglais sin a leagtar síos sa Roinn seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an oibleagáid atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún gach bliain maidir le líon na gcoirceog beach atá ar a gcríoch a leagtar amach in Airteagal 55(7);

(b) 

an sainmhíniú ar “choirceog beach” agus na modhanna chun líon na gcoirceog beach a ríomh;

(c) 

an ranníocaíocht íosta ón Aontas leis an gcaiteachas a bhaineann le cur chun feidhme na gcineálacha idirghabhála agus na n-idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 55.



Roinn 4

Earnáil an fhíona

Airteagal 57

Cuspóirí in earnáil an fhíona

Déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí seo a leanas a shaothrú in earnáil an fhíona:

(a) 

feabhas a chur ar inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus iomaíochas tháirgeoirí fíona an Aontais; baineann an cuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (a), (b), (c) agus (h);

(b) 

cuidiú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide agus le hinbhuanaitheacht na gcóras táirgthe a fheabhsú agus le tionchar earnáil fíona an Aontais ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear trí thacú le saothróirí fíona úsáid na n-ionchur a laghdú agus modhanna agus cleachtais saothraithe atá níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun feidhme; tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (d) go (f) agus pointe (i);

(c) 

na coinníollacha fostaíochta a fheabhsú agus oibleagáidí fostóirí agus ceanglais sláinte agus sábháilteacht ag an obair i gcomhréir le Treoracha 89/391/CEE, 2009/104/CE agus (AE) 2019/1152 a fhorfheidhmiú;

(d) 

feabhas a chur ar fheidhmíocht fhiontair fíona an Aontais agus ar an gcaoi a gcuirtear in oiriúint iad d'éilimh an mhargaidh, agus cur lena n-iomaíochas fadtéarmach i dtáirgí fíniúna a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, lena n-áirítear caomhnú fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh ar bhonn domhanda agus próisis inbhuanaithe; tá baint ag na cuspóirí sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (a) go (e), pointe (g) agus pointe (h);

(e) 

cuidiú le hathchothromú a dhéanamh ar sholáthar agus ar éileamh i margadh fíona an Aontais chun géarchéimeanna sa mhargadh a chosc; tá baint ag an gcuspóir sin leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (a);

(f) 

cuidiú le hioncam tháirgeoirí an Aontais a chosaint i gcás ina dtabhófar caillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, ainmhithe, galar nó inmhíolú lotnaidí; tá baint ag an gcuspóir sin leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (a);

(g) 

cur le hindíoltacht agus iomaíochas tháirgí fíniúna an Aontais, go háirithe trí tháirgí, próisis agus teicneolaíochtaí nuálacha a fhorbairt agus trí bhreisluach a chur leo ag aon chéim den slabhra soláthair, féadfar aistriú eolais a bheith san áireamh sa chuspóir sin agus baineann sé leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointí (a), (b), (c), (e) agus (i);

(h) 

úsáid fhotháirgí na fíonóireachta a chothú chun críoch tionsclaíoch agus fuinnimh, chun cáilíocht fhíonta an Aontais a áirithiú agus lena ndéantar an comhshaol a chosaint san am céanna; tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d) agus pointe (e);

(i) 

cur le feasacht na dtomhaltóirí ar thomhaltas stuama fíona agus ar scéimeanna cáilíochta fíona atá ag an Aontas; tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (b) agus pointe (i);

(j) 

feabhas a chur ar iomaíochas táirgí fíniúna an Aontais i dtríú tíortha, lena n-áirítear margaí an fhíona a oscailt agus a éagsúlú; tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (b) agus pointe (h);

(k) 

cur leis an gcaoi a bhfuil táirgeoirí in ann ag luaineachtaí sa mhargadh; tá baint ag an gcuspóir sin leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (a).

Airteagal 58

Cineálacha idirghabhála in earnáil an fhíona

1.  

Maidir le gach cuspóir a roghnaítear as measc na gcuspóirí sin a leagtar síos in Airteagal 57, déanfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála seo a leanas a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha CBT:

(a) 

fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú, ar próiséas é lena ndéanfar ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

(i) 

athchóirithe cineálacha, agus athchóiriú trí bheangú freisin, lena n-áirítear chun feabhas a chur ar cháilíocht nó ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, ar mhaithe le hoiriúnú don athrú aeráide nó chun éagsúlacht ghéiniteach a fheabhsú;

(ii) 

athlonnú fíonghort;

(iii) 

athphlandú fíonghort i gcás inar gá sin tar éis grafadh éigeantach ar chúiseanna sláinte nó fíteashláintíochta, ar threoir a fháil chuige sin ó údarás inniúil an Bhallstáit;

(iv) 

feabhas a chur ar theicnící bainistithe fíonghort, go háirithe ardchórais de tháirgeadh inbhuanaithe a thabhairt isteach, lena n-áirítear úsáid lotnaidicídí a laghdú, ach gan gnáth-athnuachan fíonghort ina bhfuil athphlandú den chineál céanna fíonchaor i gcomhréir leis an gcóras céanna saothraithe fíniúna a chur san áireamh, nuair atá deireadh le saolré nádúrtha na bhfíniúnacha;

(b) 

infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe i gcórais feirmeoireachta fíonsaothrúcháin, cé is moite d'oibríochtaí atá ábhartha don chineál idirghabhála dá bhforáiltear i bpointe (a), i saoráidí próiseála, i mbonneagar fíonghort agus i struchtúir agus in uirlisí margaíochta;

(c) 

glasbhuaint, rud a chiallaíonn na triopaill fíonchaor a scriosadh nó a bhaint ina n-iomláine agus iad fós neamhaibí, rud a fhágann nach mbeidh aon táirgeacht as an limistéar lena mbaineann agus nach n-áireofar neamhbhuaint, is é sin nuair a fhágtar fíonchaora tráchtála ar na plandaí ag deireadh an ghnáth-thimthrialla táirgthe;

(d) 

árachas buainte mar chosaint ar chaillteanais ioncaim de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a bhaineann le tubaiste nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide, damáiste a tharla de dheasca ainmhithe, galair phlandaí nó inmhíolú lotnaidí;

(e) 

infheistíochtaí inláimhsithe agus doláimhsithe sa nuálaíocht, mar atá táirgí nuálacha a fhorbairt, lena n-áirítear táirgí ó fhíonóireacht agus fotháirgí fíonóireachta, i bpróisis agus i dteicneolaíochtaí nuálacha chun táirgí fíona a tháirgeadh agus i ndigitiú na bpróisis agus na dteicneolaíochtaí sin, mar aon le hinfheistíochtaí eile a chuireann breisluach leo ag aon chéim den slabhra soláthair, lena n-áirítear aistriú eolais agus cuidiú le hoiriúnú don athrú aeráide;

(f) 

seirbhísí comhairleacha, go háirithe maidir le coinníollacha fostaíochta agus oibleagáidí fostóirí agus sláinte agus sábháilteacht ag an obair;

(g) 

fotháirgí fíonóireachta a dhriogadh i gcomhréir leis na srianta a leagtar síos in Iarscríbhinn VIII, Cuid II, Roinn D, a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(h) 

gníomhaíochtaí faisnéise a dhéanamh sna Ballstáit maidir le fíonta an Aontais lena spreagfar tomhaltas stuama fíona nó lena ndéanfar scéimeanna cáilíochta an Aontais maidir le hainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha a chur chun cinn;

(i) 

gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirchraoibhe arna aithint ag na Ballstáit in earnáil an fhíona i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus arb é is aidhm leo clú fhíonghoirt an Aontais a fheabhsú trí thurasóireacht fíona a chur chun cinn i réigiúin táirgthe;

(j) 

gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag eagraíochtaí idirchraoibhe arna aithint ag na Ballstáit in earnáil an fhíona i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus arb é is aidhm leo eolas ar an margadh a fheabhsú;

(k) 

cur chun cinn agus cumarsáid a dhéantar i dtríú tíortha, trí mheán ceann amháin nó níos mó de na gníomhaíochtaí seo a leanas atá dírithe ar iomaíochas earnáil an fhíona a fheabhsú, agus na margaí a oscailt, a éagsúlú nó a chomhdhlúthú:

(i) 

gníomhaíochtaí caidrimh phoiblí, cur chun cinn nó fógraíochta, go háirithe gníomhaíochtaí lena leagtar béim ar na hardchaighdeáin a bhaineann le táirgí an Aontais, go háirithe ó thaobh cáilíochta, sábháilteacht bia nó an chomhshaoil de;

(ii) 

páirt a ghlacadh in imeachtaí, in aontaí nó i dtaispeántais a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo;

(iii) 

feachtais faisnéise, go háirithe faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais maidir le hainmniúcháin tionscnaimh, tásca geografacha agus táirgeadh orgánach;

(iv) 

staidéir ar mhargaí nua nó ar mhargaí atá ann cheana féin, rud atá riachtanach chun asraonta margaidh a leathnú agus a chomhdhlúthú;

(v) 

staidéir chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí na n-oibríochtaí faisnéise agus cur chun cinn;

(vi) 

comhaid theicniúla a ullmhú, lena n-áirítear tástálacha saotharlainne agus measúnuithe, maidir le cleachtais fhíoneolaíocha, rialacha fíteashláintíochta agus sláintíochta, mar aon le ceanglais eile tríú tíortha a bhaineann le hallmhairiú tháirgí earnáil an fhíona, chun srian ar an rochtain ar mhargaí tríú tíortha a chosc nó chun an rochtain sin a chumasú;

(l) 

cúnamh sealadach agus ar bhonn céimlaghdaitheach chun na costais riaracháin a bhaineann le bunú cistí frithpháirteacha a chumhdach;

(m) 

infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe lena ndírítear ar inbhuanaitheacht tháirgeadh an fhíona a fheabhsú tríd an méid seo a leanas:

(i) 

úsáid agus bainistiú uisce a fheabhsú;

(ii) 

a athrú go táirgeadh orgánach;

(iii) 

teicnící táirgthe comhtháite a thabhairt isteach;

(iv) 

trealamh a cheannach le haghaidh modhanna táirgthe beachta nó digitithe;

(v) 

cuidiú le caomhnú na hithreach agus le feabhas a chur ar cheapadh carbón na hithreach;

(vi) 

gnáthóga atá fabhrach don bhithéagsúlacht a chruthú nó a chaomhnú nó an tírdhreach a chothabháil, lena n-áirítear a ghnéithe stairiúla a chaomhnú; nó

(vii) 

táirgeadh dramhaíola a laghdú agus bainistiú dramhaíola a fheabhsú.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, pointe (k), ach amháin maidir le fíonta a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint nó tásc geografach faoi chosaint acu nó maidir le fíonta a bhfuil tásc faoin gcineál fíonchaor acu. Beidh oibríochtaí cur chun cinn agus cumarsáide atá dírithe ar chomhdhlúthú asraonta margaidh teoranta d’uastréimhse neamh-insínte 3 bliana, agus ní bhainfidh siad ach le scéimeanna cáilíochta an Aontais lena gcumhdaítear ainmniúcháin tionscnaimh agus tásca geografacha.

2.  
Tabharfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) le fios ina bPleananna Straitéiseacha CBT an bunús atá leis an rogha a rinne siad maidir le cuspóirí agus cineálacha idirghabhála in earnáil an fhíona. Maidir leis na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe acu, sonróidh na Ballstáit na hidirghabhálacha sin.

Maidir leis na Ballstáit a roghnaigh na cineálacha idirghabhála dá bhforáiltear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (k), den Airteagal seo, leagfaidh siad síos forálacha sonracha le haghaidh na ngníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn, go háirithe maidir lena dtréimhse uasta.

3.  
De bhreis ar na ceanglais a leagtar amach i dTeideal V, leagfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) amach ina bPleananna Straitéiseacha CBT sceideal maidir le cur chun feidhme na gcineálacha idirghabhála atá roghnaithe acu, na hidirghabhálacha agus tábla airgeadais ginearálta ina dtaispeánfar na hacmhainní a bheidh le himscaradh agus an leithdháileadh acmhainní atá beartaithe a dhéanamh ar na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe agus na hidirghabhálacha i gcomhréir leis na leithdháiltí airgeadais a leagtar síos in Iarscríbhinn VII.

Airteagal 59

Cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh earnáil an fhíona

1.  
An cúnamh airgeadais a thabharfaidh an tAontas le haghaidh fíonghoirt a athstruchtúrú agus a athchóiriú dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a), ní bheidh sé níos airde ná 50 % de na costais iarbhír a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú na bhfíonghort nó níos airde ná 75 % de na costais iarbhír a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú na bhfíonghort i réigiúin bheagfhorbartha.

Mar sin féin, maidir leis an gcúnamh airgeadais i gcás fánaí géara agus léibhinn i limistéir ina bhfuil an claonadh níos mó ná 40 %, féadfaidh sé dul suas go 60 % de na costais iarbhír a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort, nó suas go 80 % de na costais iarbhír a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú fíonghort i réigiúin bheagfhorbartha.

Féadfaidh an cúnamh a bheith i bhfoirm cúiteamh le táirgeoirí i leith caillteanas ioncaim de dheasca chur chun feidhme na hidirghabhála agus ina thacaíocht leis na costais a bhaineann le hathstruchtúrú agus athchóiriú na bhfíonghort. I gcás cúiteamh le táirgeoirí i leith caillteanas ioncaim de dheasca chur chun feidhme na hidirghabhála, féadfar suas le 100 % den chaillteanas lena mbaineann a chumhdach, agus beidh sé i gceann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) 

an cead fíniúnacha nua agus seanfhíniúnacha a bheith ag fás ag an am céanna ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana;

(b) 

cúiteamh airgeadais ar feadh uastréimhse nach faide ná 3 bliana.

2.  

Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na n-infheistíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b), ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:

(a) 

50 % de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin bheagfhorbartha;

(b) 

40 % de na costais incháilithe infheistíochta i réigiúin eile seachas réigiúin bheagfhorbartha;

(c) 

75 % de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí;

(d) 

65 % de na costais incháilithe infheistíochta sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

An cúnamh airgeadais ón Aontas ag an ráta uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír, ní dhéanfar é a dheonú ach do mhicrifiontair agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún ( 10 ). Mar sin féin, féadfar é a dheonú do gach cineál fiontair sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

Déanfar na huasleibhéil cúnaimh airgeadais ón Aontas a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a laghdú faoina leath i gcás na bhfiontar sin nach gcumhdaítear le hAirteagal 2(1) den Iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, agus a bhfuil níos lú ná 750 fostaí iontu nó a bhfuil láimhdeachas bliantúil níos ísle ná EUR 200 milliún acu.

Ní dhéanfar aon chúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú d’fhiontair atá i gcruachás de réir bhrí na teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal Guidelines on State aid for rescuing and restructuring non-financial undertakings in difficulty [Treoirlínte maidir le Státchabhair chun teacht i gcabhair ar ghnólachtaí atá i gcruachás agus athstruchtúrú a dhéanamh orthu] ( 11 ).

3.  
An cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh glasbhuaint dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (c), ní bheidh sé níos airde ná 50 % de shuim na gcostas díreach a bhaineann leis na triopaill fíonchaor a scriosadh nó a bhaint agus an chaillteanais ioncaim de bharr an scriosta nó na bainte sin.
4.  
An cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na n-idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (i), pointe (j) agus pointe (m), ní rachaidh sé thar 50 % de na costais dhíreacha nó incháilithe.
5.  

Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh árachas buainte dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (d), ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:

(a) 

80 % de chostas na bpréimheanna árachais arna n-íoc ag na táirgeoirí i gcomhair árachais in aghaidh caillteanas de bharr teagmhais dhíobhálacha aeráide atá inchurtha le tubaistí nádúrtha;

(b) 

50 % de chostas na bpréimheanna árachais arna n-íoc ag na táirgeoirí i gcomhair árachais in aghaidh:

(i) 

caillteanais dá dtagraítear i bpointe (a) agus caillteanais de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide eile;

(ii) 

caillteanas de dheasca ainmhithe, galair phlandaí nó inmhíolú lotnaidí.

Féadfar cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú maidir le hárachas buainte más rud é nach dtugann na híocaíochtaí árachais lena mbaineann cúiteamh do tháirgeoirí i leith breis agus 100 % den chaillteanas ioncaim a tharlaíonn dóibh, agus cuirfear san áireamh aon chúiteamh a d'fhéadfadh a bheith faighte ag na táirgeoirí ó scéimeanna tacaíochta eile a bhaineann leis an riosca a bhfuarthas árachas ina aghaidh. Beidh sé de cheangal leis na conarthaí árachais go ndéanfaidh tairbhithe na bearta is gá maidir le riosca a chosc.

6.  

Maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na nuálaíochta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (e), ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:

(a) 

50 % de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin bheagfhorbartha;

(b) 

40 % de na costais incháilithe infheistíochta i réigiúin eile seachas réigiúin bheagfhorbartha;

(c) 

80 % de na costais incháilithe infheistíochta sna réigiúin is forimeallaí;

(d) 

65 % de na costais incháilithe infheistíochta sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

An cúnamh airgeadais ón Aontas ag an ráta uasta a leagtar amach sa chéad fhomhír, is do mhicrifiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE amháin a dheonófar é; mar sin féin, féadfar é a dheonú do gach cineál fiontair sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

Déanfar na huasleibhéil cúnaimh airgeadais ón Aontas a leagtar amach sa chéad fhomhír den mhír seo a laghdú faoina leath i gcás na bhfiontar sin nach gcumhdaítear le hAirteagal 2(1) den iarscríbhinn a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, agus a bhfuil níos lú ná 750 fostaí iontu nó a bhfuil láimhdeachas bliantúil níos ísle ná EUR 200 milliún acu.

7.  
An cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh bearta faisnéise agus tionscnaimh dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (h) agus pointe (k), ní bheidh sé níos airde ná 50 % den chaiteachas incháilithe.

Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) íocaíochtaí náisiúnta a dheonú de suas le 30 % de chaiteachas incháilithe ach ní sháróidh cúnamh airgeadais an Aontais agus íocaíochtaí na mBallstát le chéile 80 % den chaiteachas incháilithe.

8.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh fotháirgí na fíonóireachta a dhriogadh dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (g), a shocrú i gcomhréir leis na rialacha sonracha a leagtar síos in Airteagal 60(3). Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).

Airteagal 60

Rialacha sonracha maidir leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh earnáil an fhíona

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) nach bhfágfaidh an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh árachas buainte go saobhfar an iomaíocht sa mhargadh árachais.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) córas ar bun a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla lena áirithiú nach dtabharfar, de thoradh glasbhuainte, cúiteamh níos airde ná an uasteorainn a leagtar síos in Airteagal 59(3) do tháirgeoirí aonair.
3.  
Déanfar méid an chúnaimh ón Aontas le haghaidh dhriogadh fhotháirgí na fíonóireachta dá dtagraítear in Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (g), a shocrú de réir an chéatadáin de réir toirte, agus de réir an heictilítir, d'alcól a tháirgtear. Ní dhéanfar aon chúnamh airgeadais ón Aontas a íoc i leith an mhéid sin d'alcól de réir toirte atá sna fotháirgí atá le driogadh a sháraíonn 10 % den mhéid alcóil de réir toirte atá san fhíon a tháirgtear.

Áiritheoidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) go ndéanfar an cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh dhriogadh fhotháirgí na fíonóireachta a íoc le driogairí a dhéanann fotháirgí na fíonóireachta a phróiseáil chun iad a dhriogadh ina n-alcól amh ar mó ná 92 %, ar a laghad, a neart alcólach arna thomhas mar chéatadán dá thoirt.

Áireofar sa chúnamh airgeadais ón Aontas cnapshuim lena gcúiteofar na costais a bhaineann le fotháirgí na fíonóireachta a bhailiú. Déanfar an méid sin a aistriú ón driogaire chuig an táirgeoir, i gcásanna gurb é an táirgeoir a chlúdaíonn na costais ábhartha sin.

Áiritheoidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) gur chun críoch tionsclaíoch nó fuinnimh amháin nach ndéanann saobhadh ar an iomaíocht a úsáidtear an t-alcól a thagann as driogadh fhotháirgí na fíonóireachta ar deonaíodh cúnamh airgeadais ón Aontas ina leith.

4.  
Áiritheoidh na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 88(1) ina bPleananna Straitéiseacha CBT go gcuirfear ar a laghad 5 % den chaiteachas i leataobh agus go nglacfar gníomhaíocht amháin ar a laghad ar mhaithe le comhlíonadh na gcuspóirí atá dírithe ar chosaint an chomhshaoil, ar an oiriúnú don athrú aeráide, ar inbhuanaitheacht córas agus próiseas táirgthe a fheabhsú, ar an tionchar a bhíonn ag earnáil an fhíona san Aontas ar an gcomhshaol a laghdú, ar chaomhnú fuinnimh agus ar éifeachtúlacht fuinnimh ar bhonn domhanda a fheabhsú in earnáil an fhíona, i gcomhréir leis na cuspóirí a leagtar síos in Airteagal 57, pointe (b), pointe (d) agus pointe (h).



Roinn 5

Earnáil na leannlusanna

Airteagal 61

Cuspóirí agus cineálacha idirghabhála in earnáil na leannlusanna

1.  
Déanfaidh an Ghearmáin ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 46, pointí (a) go (h), pointe (j) agus pointe (k) a shaothrú in earnáil na leannlusanna.
2.  
Déanfaidh an Ghearmáin ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47 a roghnú ina Plean Straitéiseach CBT chun na cuspóirí atá roghnaithe de réir mhír 1 den Airteagal seo a shaothrú. Maidir leis na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe aige, sonróidh an Ghearmáin na hidirghabhálacha sin. Tabharfaidh sí le fios ina Plean Straitéiseach CBT an bunús atá leis an rogha a rinne sé maidir le cuspóirí, cineálacha idirghabhála agus idirghabhálacha chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
3.  
Déanfar na hidirghabhálacha arna sonrú ag an nGearmáin a chur chun feidhme trí chláir oibríochtúla ceadaithe na n-eagraíochtaí táirgeoirí nó a comhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
4.  
Comhlíonfaidh na cláir oibríochtúla dá dtagraítear i mír 3 na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50(2, (4), (5), (6) agus (8).
5.  
Áiritheoidh an Ghearmáin nach rachaidh, ar an meán i gcaitheamh 3 bliana as a chéile, an cúnamh airgeadais ón Aontas a chuirfear ar fáil do gach eagraíocht táirgeoirí nó dá gcomhlachais d'eagraíochtaí táirgeoirí faoin Airteagal seo le haghaidh na gcineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), pointe (g) agus pointe (h), thar aon trian den chúnamh airgeadais iomlán ón Aontas a fuarthas dá clár oibríochtúil thar an tréimhse chéanna.

Airteagal 62

Cúnamh airgeadais ón Aontas

1.  
Laistigh den leithdháileadh airgeadais a leagtar amach in Airteagal 88(3), déanfaidh an Ghearmáin dá dtagraítear sa mhír sin an cúnamh airgeadais uasta ón Aontas a leithdháileadh ar na heagraíochtaí táirgeoirí nó ar a comhlachais a chuireann chun feidhme na cláir oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 61(3), i gcomhréir le líon na heicteár a shaothraíonn gach eagraíocht táirgeoirí le leannlusanna.
2.  
Laistigh de na huasmhéideanna a leithdháiltear ar gach eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí de bhun mhír 1, beidh an cúnamh airgeadais ón Aontas do na cláir oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 61 teoranta do 50 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú le haghaidh na gcineálacha idirghabhála dá dtagraítear san Airteagal sin. Is é an eagraíocht nó an comhlachas táirgeoirí a fuair cúnamh airgeadais ón Aontas a íocfaidh an chuid eile den chaiteachas.

Íocfar an cúnamh airgeadais ón Aontas le cistí oibríochtúla arna mbunú ag eagraíochtaí táirgeoirí nó ag a gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus a chuireann na cláir oibríochtúla chun feidhme. Chuige sin, beidh feidhm ag Airteagal 51 den Rialachán seo mutatis mutandis.

3.  

Déanfar an uasteorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 2 a ardú go 100 % sna cásanna seo a leanas:

(a) 

le haghaidh cineálacha idirghabhála a nasctar le cuspóir amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 46, pointí (d), (e), (f), agus (h);

(b) 

le haghaidh na n-idirghabhálacha maidir le stóráil le chéile, seirbhísí comhairleacha, cúnamh teicniúil, oiliúint agus malartú dea-chleachtas a nasctar le ceachtar cuspóir nó leis an dá chuspóir dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (a) agus pointe (j).



Roinn 6

Earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird

Airteagal 63

Cuspóirí in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird

Déanfaidh an Ghréig, an Fhrainc agus an Iodáil ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 46, pointí (a) go (h), pointe (j) agus pointe (k) a shaothrú in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird.

Airteagal 64

Cineálacha idirghabhála in earnáil na hola olóige agus na n-ológ boird

1.  
Chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 63 a shaothrú, déanfaidh an Ghréig, an Fhrainc agus an Iodáil ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47 a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha CBT. Maidir leis na cineálacha idirghabhála atá roghnaithe acu, déanfaidh na Ballstáit idirghabhálacha a shonrú.
2.  
Déanfar na hidirghabhálacha arna sonrú ag an Ghréig, an Fhrainc agus an Iodáil a chur chun feidhme trí chláir oibríochtúla fhormheasta na n-eagraíochtaí táirgeoirí agus/nó na gcomhlachas eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Chuige sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 50(2), (4), (5), (6) agus (8) agus Airteagal 51 den Rialachán seo, gan dochar d'Airteagal 65(3).

Airteagal 65

Cúnamh airgeadais ón Aontas

1.  

An cúnamh airgeadais ón Aontas le haghaidh na gcostas incháilithe, ní sháróidh sé na huasteorainneacha seo a leanas:

(a) 

75 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú maidir le hidirghabhálacha atá nasctha leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 46, pointí (a) go (f), pointe (h) agus pointe (k);

(b) 

75 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú maidir le hinfheistíochtaí sócmhainní seasta agus 50 % maidir le hidirghabhálacha eile atá nasctha leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (g);

(c) 

50 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú maidir le hidirghabhálacha atá nasctha leis an gcuspóir dá dtagraítear in Airteagal 46, pointe (j);

(d) 

75 % den chaiteachas iarbhír arna thabhú maidir leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointe (f) agus pointe (h), i gcás ina gcuireann eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí as dhá Bhallstát is táirgeoirí ar a laghad an clár oibríochtúil chun feidhme i dtrí cinn ar a laghad de thríú tíortha nó Ballstáit nach táirgeoirí, nó 50 % i gcás nár comhlíonadh an coinníoll sin.

2.  
Maidir le gach eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, déanfar an cúnamh airgeadais ón Aontas a theorannú le nach sáróidh sé 30 % de luach na táirgeachta arna margú in 2023 agus 2024, 15 % in 2025 agus 2026 agus 10 % amhail ó 2027.
3.  
Féadfaidh an Ghréig, an Fhrainc agus an Iodáil maoiniú comhlántach a chur ar fáil do na cistí oibríochtúla dá dtagraítear in Airteagal 51 chun suas le 50 % de na costais nach gcumhdaítear leis an gcúnamh airgeadais ón Aontas a mhaoiniú.
4.  
Áiritheoidh an Ghréig, an Fhrainc agus an Iodáil nach sáróidh an caiteachas ar na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), pointe (g) agus pointe (h), aon trian den chaiteachas iomlán faoi gach clár oibríochtúil mar a leagtar amach ina bPleananna Straitéiseacha CBT.



Roinn 7

Earnálacha eile

Airteagal 66

Cuspóirí in earnálacha eile

Féadfaidh na Ballstáit a roghnú ina bPleananna Straitéiseacha CBT na hearnálacha sin dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), ina gcuirfidh siad na cineálacha idirghabhála a leagtar síos in Airteagal 47 chun feidhme. Maidir le gach earnáil a roghnóidh na Ballstáit, saothróidh siad ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 46, pointí (a) go (h), pointe (j) agus pointe (k). Tabharfaidh na Ballstáit le fios an bunús atá leis an rogha a rinne siad maidir le hearnálacha agus cuspóirí.

Airteagal 67

Cineálacha idirghabhála in earnálacha eile

1.  

I gcás gach earnála arna roghnú i gcomhréir le hAirteagal 66, roghnóidh na Ballstáit ceann amháin nó níos mó de na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47 a chuirfear chun feidhme trí chláir oibríochtúla fhormheasta arna dtarraingt suas ag:

(a) 

eagraíochtaí táirgeoirí agus a gcomhlachais, a shainaithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó faoi mhír 7 den Airteagal seo; nó

(b) 

comharchumainn, mar aon le foirmeacha eile comhair idir táirgeoirí a bunaíodh ar thionscnamh táirgeoirí agus atá á rialú acu, a bheidh sainaitheanta ag údarás inniúil Ballstáit mar ghrúpaí táirgeoirí, ar feadh idirthréimhse suas le 4 bliana ó thús clár oibríochtúil formheasta dar críoch an 31 Nollaig 2027 ar a dhéanaí.

2.  
Leagfaidh na Ballstáit amach na critéir maidir le grúpaí táirgeoirí a shainaithint agus cinnfidh siad gníomhaíochtaí agus cuspóirí na ngrúpaí táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), agus é mar aidhm go mbeidh na grúpaí táirgeoirí sin in ann na ceanglais a chomhlíonadh maidir le haitheantas mar eagraíochtaí táirgeoirí faoi Airteagail 152 go 154 nó 161 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó faoi mhír 7 den Airteagal seo.
3.  
Déanfaidh na grúpaí táirgeoirí dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), de bhreis ar chlár oibríochtúil, plean aitheantais a tharraingt suas agus a chur isteach d'fhonn na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 152 go 154 nó 161 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó faoi mhír 7 den Airteagal seo a chomhlíonadh, laistigh den idirthréimhse dá dtagraítear sa phointe sin, maidir le haitheantas mar eagraíochtaí táirgeoirí.

Sa phlean aitheantas socrófar gníomhaíochtaí agus spriocanna chun a áirithiú go ndéanfar dul chun cinn maidir leis an aitheantas sin a ghnóthú.

Aon tacaíocht a dheonófar do ghrúpa táirgeoirí nach bhfuil aitheanta mar eagraíocht táirgeoirí faoi dheireadh na hidirthréimhse, beidh sí faoi réir aisghabhála.

4.  
Tabharfaidh na Ballstáit le fios an bunús atá leis an rogha a rinne siad maidir le cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i mír 1.

Na Ballstáit a chinnfidh na cineálacha idirghabhála dá bhforáiltear sa Roinn seo a chur chun feidhme i gcás táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VI, roghnóidh siad, i gcás gach earnála a shainíonn siad, liosta na dtáirgí a chumhdaítear san earnáil sin.

5.  
Ní bheidh feidhm ag na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (c) agus pointí (f) go (i), maidir le cadás, síolta ráibe nó síolta colsa, síolta lus na gréine agus pónairí soighe a áirítear in Iarscríbhinn VI.
6.  
Comhlíonfaidh na cláir oibríochtúla dá dtagraítear i mír 1 na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 50(2), (4), (5), (6) agus (8).
7.  
Na Ballstáit a roghnaíonn cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), a chur chun feidhme in earnáil an chadáis, tabharfaidh siad aitheantas d'eagraíochtaí táirgeoirí den sórt sin san earnáil sin agus do chomhlachais na n-eagraíochtaí táirgeoirí sin i gcomhréir leis na ceanglais agus ag úsáid na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 152(1) agus in Airteagail 153 go 156 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013. Maidir le grúpaí táirgeoirí cadáis agus cónaidhmeanna de na grúpaí táirgeoirí sin atá aitheanta ag na Ballstáit i gcomhréir le Prótacal Uimh. 4 a ghabhann le hIonstraim Aontachais na Poblachta Heilléanaí 1979 roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun críocha na Roinne seo, measfar gur eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí iad, faoi seach.
8.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach sáróidh an caiteachas ar na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 47(2), pointe (f), pointe (g) agus pointe (h), aon trian den chaiteachas iomlán faoi gach clár oibríochtúil mar a leagtar amach ina bPleananna Straitéiseacha CBT.

Airteagal 68

Cúnamh airgeadais ón Aontas

1.  
Ní bheidh an cúnamh airgeadais ón Aontas níos airde ná 50 % den chaiteachas iarbhír a thabhaítear maidir leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 67. Is iad na tairbhithe a íocfaidh an chuid eile den chaiteachas.

Íocfar an cúnamh airgeadais ón Aontas le cistí oibríochtúla arna mbunú ag eagraíochtaí táirgeoirí nó ag a gcomhlachais a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó faoi Airteagal 67(7) den Rialachán seo nó ag grúpaí táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 67(1), pointe (b) den Rialachán seo. Chuige sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 51 agus Airteagal 52(1) den Rialachán seo.

2.  
Déanfar an uasteorainn 50 % dá bhforáiltear i mír 1 a ardú go 60 % i gcomhair eagraíochtaí táirgeoirí nó comhlachais eagraíochtaí táirgeoirí a aithnítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 nó faoi Airteagal 67(7) den Rialachán seo do na chéad 5 bliana tar éis na bliana aitheantais.
3.  

Déanfar an cúnamh airgeadais ón Aontas a theorannú le nach sáróidh sé 6 % de luach na táirgeachta arna margú de na páirtithe seo a leanas:

(a) 

gach eagraíocht táirgeoirí nó comhlachas eagraíochtaí táirgeoirí, dá dtagraítear in Airteagal 67(1), pointe (a); nó

(b) 

gach grúpa táirgeoirí dá dtagraítear in Airteagal 67(1), pointe (b).



CAIBIDIL IV

CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA LE hAGHAIDH FORBAIRT TUAITHE



Roinn 1

Cineálacha idirghabhála

Airteagal 69

Cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe

Is é a bheidh sna cineálacha idirghabhála faoin gCaibidil seo íocaíochtaí nó tacaíocht i dtaca le:

(a) 

gealltanais chomhshaoil, gealltanais a bhaineann leis an aeráid agus gealltanais bhainistíochta eile;

(b) 

srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar;

(c) 

míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar;

(d) 

infheistíochtaí, lena n-áirítear infheistíochtaí in uisciú;

(e) 

cabhrú le feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua dul i mbun gnó agus tionscnamh gnólachtaí tuaithe,

(f) 

uirlisí bainistithe riosca;

(g) 

comhar;

(h) 

malartú eolais agus scaipeadh faisnéise.

Airteagal 70

Gealltanais chomhshaoil, gealltanais a bhaineann leis an aeráid agus gealltanais bhainistíochta eile

1.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh gealltanais agra-chomhshaoil-aeráide i measc na n-idirghabhálacha ina bPleananna Straitéiseacha CBT agus d'fhéadfaí gealltanais bhainistíochta eile a áireamh iontu freisin. Déanfar na híocaíochtaí maidir leis na gealltanais sin a dheonú faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit sna Pleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
Ní dhéanfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú ach d'fheirmeoirí nó do thairbhithe eile a thugann faoi ghealltanais bhainistithe, ar bhonn deonach, a meastar a bheith ina gcuidiú chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú.
3.  

Faoin Airteagal seo, ní thabharfaidh na Ballstáit íocaíochtaí ach do ghealltanais:

(a) 

a sháraíonn na ceanglais reachtúla bhainistíochta agus na caighdeáin GAEC ábhartha arna mbunú faoi Chaibidil I, Roinn 2;

(b) 

a sháraíonn na híoscheanglais ábhartha maidir le leasachán agus táirgí cosanta plandaí a úsáid, nó le leas ainmhithe, agus ceanglais éigeantacha ábhartha eile arna leagan síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais, níl feidhm ag an riachtanas sin maidir leis na gealltanais a bhaineann le córais agrafhoraoiseachta agus limistéir fhoraoisithe a chothabháil;

(c) 

a sháraíonn na coinníollacha a leagtar síos maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2);

(d) 

nach ionann iad agus na gealltanais ar deonaíodh íocaíochtaí faoi Airteagal 31 ina leith.

Maidir leis na gealltanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), i gcás ina bhforchuirtear ceanglais nua, a sháraíonn na híoscheanglais chomhfhreagracha a leagtar síos i ndlí an Aontais, leis an dlí náisiúnta, féadfar tacaíocht a dheonú do ghealltanais lena rannchuidítear le comhlíonadh na gceanglas sin ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a bheidh siad éigeantach don ghabháltas.

4.  
Déanfaidh na Ballstáit na híocaíochtaí a shocrú a bheidh le déanamh ar bhonn na gcostas breise a tabhaíodh agus an ioncaim tarscaoilte de thoradh na ngealltanas a rinneadh, agus na spriocanna a socraíodh á gcur san áireamh. Déanfar na híocaíochtaí sin a dheonú go bliantúil agus féadfar aon chostais idirbheartaíochta a áireamh iontu. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú mar íocaíocht aonuaire in aghaidh an aonaid.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna comhinfheistíochta agus scéimeanna íocaíochta bunaithe ar thorthaí a chur chun cinn agus tacú leo chun feirmeoirí nó tairbhithe eile a spreagadh chun cur go mór le cáilíocht an chomhshaoil ar scála níos mó nó ar shlí níos intomhaiste.
6.  
Tabharfar faoi na gealltanais ar feadh tréimhse idir 5 bliana agus 7 mbliana.

Mar sin féin, féadfaidh na Ballstáit na nithe seo a leanas a chinneadh ina gCláir Straitéiseacha CBT:

(a) 

tréimhse níos faide le haghaidh cineálacha áirithe gealltanas, lena n-áirítear trí fhoráil a dhéanamh maidir lena bhfadú bliantúil tar éis fhoirceannadh na tréimhse tosaigh, i gcás inar gá chun sochair chomhshaoil nó leasa ainmhithe áirithe a ghnóthú nó a chothabháil.

(b) 

tréimhse níos giorra, tréimhse de bhliain amháin ar a laghad, le haghaidh gealltanais maidir le leas ainmhithe, gealltanais maidir le caomhnú, úsáid inbhuanaithe agus forbairt acmhainní géiniteacha, le haghaidh tiontú go feirmeoireacht orgánach, le haghaidh gealltanais nua a thugtar díreach tar éis an ghealltanais a comhlíonadh sa tréimhse thosaigh nó i gcásanna eile a bhfuil údar cuí leo.

7.  
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar foráil do chlásal um athbhreithniú d'oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gcineál idirghabhála dá dtagraítear san Airteagal seo chun a áirithiú go ndéanfar iad a choigeartú mar thoradh ar leasuithe ar na caighdeáin, ceanglais nó oibleagáidí éigeantacha ábhartha dá dtagraítear i mír 3 nach mór do na gealltanais a shárú, nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar an chéad fhomhír, pointe (d), den mhír sin. I gcás nach nglacfaidh an tairbhí leis an oiriúnú sin, rachaidh an gealltanas in éag agus ní éileoidh na Ballstáit aisíocaíocht na n-íocaíochtaí faoin Airteagal seo le linn na tréimhse ina mbeidh an gealltanas i bhfeidhm.

Áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndéanfar foráil do chlásal um athbhreithniú d'oibríochtaí a chuirtear chun feidhme faoin gcineál idirghabhála dá dtagraítear san Airteagal seo a rachaidh níos faide ná tréimhse an Phlean Straitéisigh CBT chun go bhféadfar iad a oiriúnú do chreat dlí is infheidhme sa chéad tréimhse eile.

8.  
I gcás ina ndéantar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú i leith gealltanais talmhaíochta, chomhshaoil agus aeráide nó gealltanais a bhfuil d'aidhm leo cleachtais agus modhanna feirmeoireachta orgánaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/848 a chothabháil nó aistriú chucu, bunóidh na Ballstáit íocaíocht in aghaidh an heicteáir. I gcás gealltanais eile, féadfaidh na Ballstáit aonaid eile nach heicteáir iad a chur i bhfeidhm. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a thabhairt faoin Airteagal seo mar chnapshuim.
9.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag daoine a dhéanann oibríochtaí faoin gcineál seo idirghabhála ar an eolas agus ar an bhfaisnéis ábhartha is gá chun na hoibríochtaí sin a chur chun feidhme, agus, chun cabhrú le feirmeoirí a thugann gealltanas a gcórais táirgthe a athrú, go gcuirfear oiliúint iomchuí ar fáil dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, mar aon le rochtain ar shaineolas.
10.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil na hidirghabhálacha faoin Airteagal seo comhsheasmhach leis na hidirghabhálacha sin atá bunaithe ar Airteagal 31.

Airteagal 71

Srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar

1.  
Féadfaidh na Ballstáit, d'fhonn cabhrú le gnóthú ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2), íocaíochtaí a dheonú i leith srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
Déanfar íocaíochtaí faoin Airteagal seo a dheonú d'fheirmeoirí gníomhacha i ndáil le limistéir a ainmnítear de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.
3.  
Féadfaidh na Ballstáit cleachtadh mionchoigeartúcháin a dhéanamh i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 32(3), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.
4.  
Ní fhéadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú faoin Airteagal seo ach amháin chun tairbhithe a chúiteamh i leith na gcostas breise uile, nó cuid de na costais sin, agus an ioncaim tarscaoilte maidir leis na srianta nádúrtha nó na srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar sa limistéar lena mbaineann.
5.  
Déanfar na costais bhreise agus an t-ioncam tarscaoilte dá dtagraítear i mír 4 a ríomh maidir leis na srianta nádúrtha nó na srianta a bhaineann go sonrach le limistéar trí chomparáid a dhéanamh le limistéir nach ndéantar difear dóibh leis na srianta nádúrtha sin nó na srianta a bhaineann go sonrach le limistéar.
6.  
Déanfar na híocaíochtaí faoin Airteagal seo a dheonú go bliantúil in aghaidh an heicteáir den limistéar talmhaíochta.

Airteagal 72

Míbhuntáistí a thagann as ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar

1.  
Féadfaidh na Ballstáit, d'fhonn cabhrú le gnóthú ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2), íocaíochtaí a dheonú i leith míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar agus ar míbhuntáistí iad a fhorchuirtear le ceanglais a eascraíonn as Treoracha 92/43/CEE, 2009/147/CE nó 2000/60/CE a chur chun feidhme, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
Deonófar aon íocaíochtaí faoin Airteagal seo d’fheirmeoirí, do shealbhóirí foraoise agus dá gcomhlachais agus do bhainisteoirí eile talún.
3.  

Agus na limistéir faoi mhíbhuntáiste á gcinneadh ag na Ballstáit, féadfaidh siad ceann amháin nó níos mó de na limistéir seo a leanas chur san áireamh:

(a) 

Limistéir thalmhaíochta agus foraoiseachta Natura 2000 arna n-ainmniú de bhun Threoir 92/43/CEE agus Threoir 2009/147/CE;

(b) 

limistéir eile cosanta dúlra arna dteorannú ina bhfuil srianta comhshaoil is infheidhme maidir le feirmeoireacht nó le foraoiseacht agus a chuireann le cur chun feidhme Airteagal 10 de Threoir 92/43/CEE ar choinníoll nach sáraíonn na limistéir sin 5 % de na limistéir atá ainmnithe faoi Natura 2000 a chumhdaítear faoi raon feidhme críochach gach Plean Straitéisigh CBT;

(c) 

limistéir thalmhaíochta a áirítear i bpleananna bainistithe abhantrach de bhun Threoir 2000/60/CE.

4.  
Ní fhéadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí a dheonú faoin Airteagal seo ach chun tairbhithe a chúiteamh i leith na gcostas breise uile, nó cuid de na costais sin, agus an ioncaim tarscaoilte maidir leis na míbhuntáistí a bhaineann go sonrach le limistéar sa limistéar lena mbaineann, lena n-áirítear costais idirbheartaíochta.
5.  

Déanfar na costais bhreise agus an t-ioncam tarscaoilte dá dtagraítear i mír 4 a ríomh mar seo a leanas:

(a) 

i gcás srianta a thagann as Treoracha 92/43/CEE agus 2009/147/CE, maidir le míbhuntáistí a thagann as ceanglais a sháraíonn na caighdeáin GAEC ábhartha a bhunaítear faoi Chaibidil I, Roinn 2, den Teideal seo agus na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), den Rialachán seo;

(b) 

i gcás srianta a thagann as Treoir 2000/60/CE, maidir le míbhuntáistí a eascraíonn as ceanglais a sháraíonn na ceanglais reachtúla bhainistíochta ábhartha, cé is moite de CRB 1 a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, agus na caighdeáin GAEC a bhunaítear faoi Chaibidil 1, Roinn 2, den Teideal seo agus na coinníollacha a bhunaítear maidir le cothabháil an limistéir talmhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 4(2), den Rialachán seo.

6.  
Déanfar na híocaíochtaí faoin Airteagal seo a dheonú go bliantúil in aghaidh an heicteáir.

Airteagal 73

Infheistíochtaí

1.  
Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú maidir le hinfheistíochtaí faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo ach maidir leis na hinfheistíochtaí sin i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe a chuireann le gnóthú ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2).

I gcás gabháltas thar thairseach áirithe, a chinnfidh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT, tabharfar tacaíocht d'earnáil na foraoise ar choinníoll go soláthrófar faisnéis ábhartha a thiocfaidh ó phlean bainistithe foraoise nó ó ionstraim chomhionann atá i gcomhréir le bainistiú inbhuanaithe foraoisí arna shainmhíniú i dTreoirlínte Ginearálta maidir le Bainistiú Inbhuanaithe Foraoisí san Eoraip, a glacadh ag an Dara Comhdháil Aireachta um Chosaint Foraoisí san Eoraip a tionóladh in Heilsincí an 16-17 Meitheamh 1993.

3.  

Leagfaidh na Ballstáit síos liosta infheistíochtaí agus catagóirí caiteachais neamh-incháilithe, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:

(a) 

cearta táirgthe talmhaíochta a cheannach;

(b) 

teidlíochtaí íocaíochta a cheannach;

(c) 

talamh a cheannach ar mhéid is mó ná 10 % den chaiteachas incháilithe iomlán don oibríocht lena mbaineann, cé is moite de thalamh a cheannaítear le haghaidh caomhnú comhshaoil agus caomhnú ithreach ar mhórán carbóin, nó talamh a cheannaíonn feirmeoirí óga trí ionstraimí airgeadais a úsáid; i gcás ionstraimí airgeadais, beidh feidhm ag an uasteorainn sin maidir leis an gcaiteachas poiblí incháilithe a íoctar leis an bhfaighteoir deiridh nó, i gcás ráthaíochtaí, maidir le méid na buniasachta;

(d) 

ainmhithe a cheannach, agus bliantóga a cheannach agus a phlandú, chun críche seachas na críocha seo a leanas:

(i) 

acmhainn talmhaíochta nó foraoiseachta a athbhunú tar éis tubaiste nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhas turraingeach;

(ii) 

beostoc a chosaint ar chreachadóirí móra nó ar a bheith á úsáid i bhforaoiseacht in ionad innealra;

(iii) 

pórtha i mbaol a thógáil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (24) de Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ) faoi na gealltanais dá dtagraítear in Airteagal 70; nó

(iv) 

cineálacha plandaí atá i mbaol ó chreimeadh géiniteach a chaomhnú faoi na gealltanais dá dtagraítear in Airteagal 70;

(e) 

ráta úis ar fhiachas, cé is moite de dheontais arna dtabhairt i bhfoirm fóirdheontas ráta úis nó i bhfoirm fóirdheontas táille ráthaíochta;

(f) 

infheistíochtaí i mbonneagar ar mórscála, arna gcinneadh ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT, agus nach cuid de straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail iad a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060, cé is moite de ghníomhaíochtaí coisctheacha leathanbhanda agus cosanta tuilte nó cósta a bhfuil sé mar aidhm leo iarmhairtí tubaistí nádúrtha dóchúla, teagmhas díobhálach aeráide nó teagmhas turraingeach a laghdú;

(g) 

infheistíochtaí san fhoraoisiú nach bhfuil comhsheasmhach leis na cuspóirí comhshaoil agus cuspóirí a bhaineann leis an aeráid i gcomhréir le prionsabail bainistithe inbhuanaithe foraoisí atá sna Treoirlínte Uile-Eorpacha maidir leis an bhForaoisiú agus an Athfhoraoisiú.

I gcás ina dtugtar tacaíocht trí ionstraimí airgeadais, ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f).

4.  
Cuirfidh na Ballstáit teorainn leis an tacaíocht do ráta amháin nó níos mó nach mó ná 65 % de na costais incháilithe.

Féadfar na huasrátaí tacaíochta a mhéadú go:

(a) 

suas le 80 % le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:

(i) 

infheistíochtaí a nasctar le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), agus a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe, in Airteagal 6(1), pointe (i);

(ii) 

infheistíochtaí arna ndéanamh ag feirmeoirí óga a chomhlíonann na coinníollacha dá bhforálann na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(6);

(iii) 

infheistíochtaí sna réigiúin is forimeallaí nó sna hoileáin bheaga Aeigéacha.

(b) 

suas le 85 % le haghaidh infheistíochtaí d’fheirmeacha beaga, arna gcinneadh ag na Ballstáit,

(c) 

suas le 100 % le haghaidh na n-infheistíochtaí seo a leanas:

(i) 

foraoisiú, córais agrafhoraoiseachta a bhunú agus a athghiniúint, comhdhlúthú talún san fhoraoiseacht agus infheistíochtaí neamhtháirgiúla a nasctar le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), lena n-áirítear infheistíochtaí neamhtháirgiúla atá dírithe ar bheostoc agus barra a chosaint i gcoinne damáiste ó ainmhithe fiáine;

(ii) 

infheistíochtaí i seirbhísí bunúsacha i gceantair thuaithe agus bonneagar sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht, arna gcinneadh ag na Ballstáit;

(iii) 

infheistíochtaí chun poitéinseal talmhaíochta nó foraoiseachta a athbhunú tar éis tubaistí nádúrtha, teagmhais dhíobhálacha aeráide nó teagmhais thurraingeacha agus infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí coisctheacha iomchuí, mar aon le hinfheistíochtaí chun sláinte foraoisí a chothabháil;

(iv) 

infheistíochtaí neamhtháirgiúla le tacaíocht ó straitéisí forbartha áitiúla faoi stiúir an phobail mar a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus tionscadail grúpaí oibríochtúla CEN amhail dá dtagraítear in Airteagal 127(3) den Rialachán seo.

5.  
I gcás ina mbeidh sé mar thoradh ar dhlí an Aontais go gcuirfear ceanglais nua ar fheirmeoirí, féadfar tacaíocht a dheonú d'infheistíochtaí chun na ceanglais sin a chomhlíonadh ar feadh uastréimhse 24 mhí ón dáta a mbeidh siad éigeantach don ghabháltas talmhaíochta.

Airteagal 74

Infheistíochtaí in uisciú

1.  
Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú d’infheistíochtaí in uisciú i limistéir uiscithe nua agus i limistéir uiscithe atá ann cheana, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 73 agus san Airteagal seo.
2.  
Ní thacófar le hinfheistíochtaí in uisciú ach amháin i gcás ina gcuirfidh an Ballstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún plean bainistithe abhantracha dá bhforáiltear i dTreoir 2000/60/CE don limistéar iomlán ina ndéanfar an infheistíocht, agus d’aon limistéir eile a bhféadfadh an infheistíocht difear a dhéanamh dá gcomhshaol. Na bearta a mbeidh feidhm acu faoin bplean bainistithe abhantracha i gcomhréir le hAirteagal 11 den Treoir sin agus atá ábhartha d'earnáil na talmhaíochta, beidh siad sonraithe i gclár ábhartha na mbeart.
3.  
beidh an méadrú uisce lena gcumasófar úsáid uisce a thomhas ar leibhéil na hinfheistíochta tacaithe i bhfeidhm nó cuirfear i bhfeidhm é mar chuid den infheistíocht.
4.  

Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht ar mhaithe le suiteáil uisciúcháin atá ann cheana nó cuid de bhonneagar uisciúcháin a fheabhsú ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

déantar measúnú ex ante uirthi go bhféadfadh coigilteas ar uisce a dhéanamh dá barr a léiríonn paraiméadair theicniúla na suiteála nó an bhonneagair atá ann cheana;

(b) 

i gcás ina ndéanann an infheistíocht difear do dhobharlaigh screamhuisce nó uisce dhromchla ar sainaithníodh sa phlean bainistithe abhantrach ábhartha gur lú ná maith a stádas ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce, ní mór laghdú éifeachtach in úsáid uisce a ghnóthú lena rannchuidítear le dea-stádas na ndobharlach sin a ghnóthú, mar a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Threoir 2000/60/CE.

Socróidh na Ballstáit céatadáin maidir le coigilteas a d’fhéadfaí a dhéanamh ar uisce agus maidir le laghdú éifeachtach ar úsáid uisce mar choinníoll incháilitheachta ina bPleananna Straitéiseacha CBT i gcomhréir le hAirteagal 111, pointe (d). Léireoidh an coigilteas uisce sin na riachtanais a leagtar amach sna pleananna bainistithe abhantracha a thagann as Treoir 2000/60/CE a liostaítear in Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis an Rialachán seo.

Ní bheidh feidhm ag aon cheann de na coinníollacha i mír 4 sa mhír seo ar infheistíocht i suiteáil atá ann cheana agus nach ndéanann difear ach d’éifeachtúlacht fuinnimh, d’infheistíocht a bhaineann le taiscumar a chruthú nó d’infheistíocht a bhaineann le huisce athchúrsáilte a úsáid nach ndéanann difear do dhobharlach screamhuisce nó uisce dhromchla.

5.  
Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí in úsáid uisce athshlánaithe mar sholáthar uisce malartach ach amháin má tá soláthar agus úsáid an uisce sin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. ( 13 ).
6.  

Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú d’infheistíocht as a dtiocfaidh méadú glan ar an limistéar uiscithe a dhéanann difear do dhobharlach screamhuisce nó uisce dhromchla ach amháin sna cásanna seo a leanas:

(a) 

níor sainaithníodh sa phlean bainistithe abhantracha ábhartha gur lú ná maithe stádas an dobharlaigh aitheanta ar chúiseanna a bhaineann le cainníocht uisce; agus

(b) 

léirítear le hanailís ar an tionchair ar an gcomhshaoil nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ag an infheistíocht ar an gcomhshaol; déanfaidh an t-údarás inniúil an anailís sin ar an tionchar ar an gcomhshaol a chur i gcrích nó formheasfaidh sé í agus féadfar tagairt a dhéanamh inti do ghrúpaí gabháltas freisin.

7.  
Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a thabhairt ach amháin d’infheistíocht i gcruthú nó i leathnú taiscumair chun críche uisciúcháin ach amháin sa chás nach mbeidh tionchar diúltach suntasach ar an gcomhshaol mar thoradh air.
8.  

Cuirfidh na Ballstáit teorainn leis an tacaíocht do ráta amháin nó níos mó nach sáróidh:

(a) 

80 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí uisciúcháin ar an bhfeirm dá ndéantar faoi mhír 4;

(b) 

100 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí i mbonneagar lasmuigh den fheirm sa talmhaíocht atá le húsáid le haghaidh uisciúcháin;

(c) 

65 % de na costais incháilithe le haghaidh infheistíochtaí uisciúcháin eile ar an bhfeirm.

Airteagal 75

Cabhrú le feirmeoirí óga agus le feirmeoirí nua dul i mbun gnó agus tionscnamh gnólachtaí tuaithe

1.  
Féadfaidh na Ballstáit, d’fhonn rannchuidiú le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú, tacaíocht a dheonú chun cabhrú le feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua dul i mbun gnó agus le tionscnamh gnólachtaí tuaithe, lena n-áirítear cabhrú le feirmeoirí óga dul i mbun gnó, faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  

Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo ach chun cabhrú leis an méid seo a leanas:

(a) 

feirmeoirí óga dul i mbun gnó a chomhlíonann na coinníollacha dá bhforálann na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT i gcomhréir le hAirteagal 4(6);

(b) 

gnólachtaí tuaithe a thionscnamh a bhaineann le talmhaíocht nó le foraoiseacht, lena n-áirítear feirmeoirí nua a chur i mbun gnó, nó le hioncam teaghlaigh feirme a éagsúlú i ngníomhaíochtaí neamhthalmhaíochta;

(c) 

gnólachtaí nach bhfuil i mbun gníomhaíochtaí talmhaíochta, a bhaineann leis na straitéisí forbartha áitiúla atá faoi stiúir an phobail, a thionscnamh i gceantair thuaithe a leagtar amach in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060.

3.  
Leagfaidh na Ballstáit síos coinníollacha maidir le plean gnó a thíolacadh agus maidir le hinneachar an phlean sin gur chóir dóibh cur ar fáil ionas go bhfaighidh tairbhithe tacaíocht faoin Airteagal seo.
4.  
Deonóidh na Ballstáit an tacaíocht i gcnapshuimeanna nó i bhfoirm ionstraimí airgeadais nó mar mheascán den dá rud. Uasmhéid cabhrach EUR 100 000 a bheidh sa tacaíocht agus féadfar í a dhifreáil i gcomhréir le critéar oibiachtúil.

Airteagal 76

Uirlisí bainistithe riosca

1.  
Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú maidir le huirlisí bainistithe riosca faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT.
2.  
Féadfar tacaíocht faoin Airteagal seo a dheonú chun uirlisí bainistithe riosca a chur chun cinn, ar uirlisí iad a chabhraíonn le feirmeoirí gníomhacha rioscaí táirgeachta agus ioncaim a bhaineann lena ngníomhaíocht talmhaíochta a bhainistiú nuair nach bhfuil aon smacht acu ar na rioscaí sin agus ar uirlisí iad a rannchuidíonn chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú.
3.  

Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir lena measúnú ar riachtanais, tacaíocht a dheonú do chineálacha éagsúla uirlisí bainistíochta riosca, lena n-áirítear a huirlisí cobhsaithe ioncaim, agus, go háirithe, le haghaidh:

(a) 

ranníocaíochtaí le préimheanna scéimeanna árachais;

(b) 

ranníocaíochtaí le cistí frithpháirteacha, lena n-áirítear an costas riaracháin a bhaineann le ciste a bhunú.

4.  

Leagfaidh na Ballstáit síos na coinníollacha incháilitheachta seo a leanas agus an tacaíocht dá dtagraítear i mír 3 á tabhairt acu:

(a) 

cineálacha agus cuimsiú na n-uirlisí bainistithe riosca sin is incháilithe;

(b) 

an mhodheolaíocht chun caillteanais a ríomh, mar aon leis na tosca a fhágann nach mór cúiteamh a thabhairt;

(c) 

na rialacha maidir le cistí frithpháirteacha a bhunú agus a bhainistiú agus, i gcás inarb ábhartha, uirlisí bainistithe riosca incháilithe eile.

5.  
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndeonófar tacaíocht ach chun caillteanais a sháraíonn tairseach 20 % ar a laghad den mheántáirgeacht bhliantúil nó de mheánioncam an fheirmeora sa tréimhse 3 bliana roimhe sin nó meán 3 bliana bunaithe ar an tréimhse 5 bliana roimhe sin, gan an iontráil is airde ná an iontráil is ísle a chur san áireamh, a chúiteamh. Leis na huirlisí earnála bainistithe riosca táirgthe, ríomhfar na caillteanais ar leibhéal an ghabháltais nó ar leibhéal ghníomhaíocht san earnáil lena bhaineann an ghabháltais.

Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a chur ar fáil i bhfoirm maoiniú caipitil oibre neamhspleách faoi ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 80(3) chun caillteanais dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a chúiteamh d’fheirmeoirí nach bhfuil rannpháirteach in uirlis bainistíochta riosca.

6.  
Cuirfidh na Ballstáit teorainn leis an tacaíocht do ráta amháin nó níos mó nach mó ná 70 % de na costais incháilithe.

Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 19.

7.  
Áiritheoidh na Ballstáit go seachnófar aon róchúiteamh de dheasca na hidirghabhálacha faoin Airteagal seo a úsáid in éineacht le scéimeanna eile poiblí nó príobháideacha bainistithe riosca.

Airteagal 77

Comhoibriú

1.  

Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú i leith comhair faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus a bhfuil sonraí breise ina dtaobh tugtha ag na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT, chun:

(a) 

tionscadail grúpaí oibríochtaí CEN dá dtagraítear in Airteagal 127(3) a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(b) 

LEADER a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(c) 

scéimeanna cáilíochta arna n-aithint ag an Aontas nó ag an Ballstái a chur chun cinn agus i dtreis, chomh maith lena n-úsáid ag feirmeoirí;

(d) 

tacú le grúpaí táirgeoirí, le heagraíochtaí táirgeoirí, nó le heagraíochtaí idirchraoibhe;

(e) 

straitéisí maidir le sráidbhailte cliste arna gcinneadh ag na Ballstáit a ullmhú agus a chur chun feidhme;

(f) 

tacú le foirmeacha eile comhair.

2.  
Ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú faoin Airteagal seo ach chun foirmeacha nua comhair a chur chun cinn, lena n-áirítear comhar atá ann cheana má thosaíonn siad ar ghníomhaíocht nua. Beidh beirt ghníomhaithe ar a laghad bainteach leis an gcomhar agus beidh an comhar sin ina rannchuidiú chun cuspóir sonrach amháin nó níos mó a ghnóthú, arna leagan amach in Airteagal 6(1) agus (2).
3.  
Féadfaidh na Ballstáit na costais a bhaineann le gach gné den chomhar a chumhdach faoin Airteagal seo.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit an tacaíocht a dheonú mar mhéid iomlán faoin Airteagal seo a chumhdóidh costais an chomhair agus costais na n-oibríochtaí arna gcur chun feidhme, nó féadfaidh siad gan ach costais an chomhair a chumhdach agus cistí as cineálacha eile idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe, nó ó ionstraimí tacaíochta náisiúnta nó de chuid an Aontais eile a úsáid, chun na costais na n-oibríochtaí arna gcur chun feidhme a chumhdach.

I gcás ina n-íocfar tacaíocht mar mhéid foriomlán, áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh an oibríocht atá á cur chun feidhme na rialacha agus na ceanglais ábhartha a leagtar síos in Airteagail 70 go 76 agus Airteagal 78.

Maidir le LEADER, de mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo:

(a) 

ní dheonófar tacaíocht do na costais uile atá incháilithe do thacaíocht ullmhúcháin faoi Airteagal 34(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/1060 ná do straitéisí roghnaithe faoi phointe (b) agus pointe (c) den mhír sin a chur chun feidhme ach amháin mar mhéid foriomlán faoin Airteagal seo; agus

(b) 

Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonfaidh na hoibríochtaí a cuireadh chun feidhme agus ar infheistíochtaí iad rialacha agus ceanglais ábhartha an Aontais faoin gcineál idirghabhála le haghaidh infheistíochtaí mar a leagtar amach in Airteagal 73 den Rialachán seo iad.

5.  
Ní dhéanfaidh na Ballstáit comhar nach bhfuil ann ach comhlachtaí taighde a mhaoiniú faoin Airteagal seo.
6.  
I gcás comhar a bhaineann le comharbas feirme, go háirithe d’athnuachan ghlúine ar leibhéal na feirme, ní fhéadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú ach d'fheirmeoirí a bhfuil aois an scoir bainte amach acu nó d'fheirmeoirí a mbeidh aois an scoir bainte amach acu faoi dheireadh na hoibríochta, arna chinneadh ag an mBallstát lena mbaineann de réir a reachtaíochta náisiúnta.
7.  
Déanfaidh na Ballstáit uasteorainn 7 mbliana a cheangal. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le LEADER agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo gníomhaíochtaí comhchoiteanna comhshaoil agus aeráide a bhfuil fíorghá leo chun na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) a ghnóthú.
8.  

Cuirfidh na Ballstáit teorainn leis an tacaíocht don mhéid seo a leanas:

(a) 

gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh scéimeanna cáilíochta do ráta amháin nó níos mó nach mó ná 70 % de na costais incháilithe;

(b) 

cabhrú le grúpaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí nó eagraíochtaí idirchraoibhe dul i mbun gnó go dtí 10 % de tháirgeadh bliantúil arna mhargú ag an ngrúpa nó ag an eagraíocht, ag a mbeidh uasmhéid EUR 100 000 in aghaidh na bliana; beidh an tacaíocht sin céimlaghdaitheach agus teoranta do na chéad 5 bliana i ndiaidh aitheantas a fháil.

Airteagal 78

Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise

1.  
Féadfaidh na Ballstáit tacaíocht a dheonú do mhalartú eolais agus scaipeadh faisnéise faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo agus mar a shonraítear tuilleadh ina bPleananna Straitéiseacha CBT d’fhonn rannchuidiú le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú, agus béim shonrach á leagan ar chosaint an dúlra, an chomhshaoil agus na haeráide, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas agus feasacht ar an gcomhshaol agus le gnólachtaí agus pobail tuaithe a fhorbairt.
2.  
D’fhéadfadh tacaíocht faoin Airteagal seo costais a chumhdach a bhaineann le haon ghníomhaíocht ábhartha chun an nuálaíocht a chur chun cinn, oiliúint agus comhairle, agus modhanna eile chun eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh, lena n-áirítear trí phleananna agus staidéir a dhréachtú agus a nuashonrú d'fhonn eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh. Leis na gníomhaíochtaí sin, rannchuideofar chun ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú.
3.  
Is do sheirbhísí comhairleacha a chomhlíonann Airteagal 15(3) amháin a dheonófar tacaíocht.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit, chun seirbhísí comhairleacha a bhunú, méid seasta EUR 200 000 , ar a mhéid, a dheonú mar thacaíocht. Áiritheoidh siad go mbeidh teorainn ama leis an tacaíocht.
5.  
Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar na gníomhaíochtaí a mhaoineofar faoin gcineál seo idirghabhála ar an tuairisc a thugtar ar AKIS ina bPleananna Straitéiseacha CBT agus go mbeidh siad comhsheasmhach léi sin, i gcomhréir le hAirteagal 114, pointe (a)(i).



Roinn 2

Eilimintí a bhfuil feidhm acu maidir le roinnt cineálacha idirghabhála

Airteagal 79

Oibríochtaí a roghnú

1.  
Tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 124 (“an coiste faireacháin”), déanfaidh an t-údarás bainistíochta náisiúnta, na húdaráis bhainistíochta réigiúnacha i gcás inarb ábhartha, nó comhlachtaí idirmheánacha ainmnithe na critéir roghnúcháin a leagan amach maidir leis na hidirghabhálacha a bhaineann leis na cineálacha idirghabhála seo a leanas: infheistíochtaí, cabhrú le feirmeoirí óga agus le feirmeoirí nua dul i mbun gnó agus gnólachtaí tuaithe a thionscnamh, comhar, eolas a mhalartú agus faisnéis a scaipeadh. Beidh sé d'aidhm leis na critéir roghnúcháin sin cóir chomhionann i leith na n-iarratasóirí, úsáid fheabhsaithe acmhainní airgeadais agus spriocdhíriú na tacaíochta i gcomhréir le cuspóir na n-idirghabhálacha a áirithiú.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan na critéir roghnúcháin a bhaineann le hidirghabhálacha infheistíochta a chur i bhfeidhm i gcás infheistíochtaí atá spriocdhírithe go soiléir ar chuspóirí comhshaoil nó a ceapadh maidir le gníomhaíochtaí athchóirithe.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar modh roghnúcháin difriúil a bhunú i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste faireacháin.

2.  
An fhreagracht atá ar na húdaráis bainistíochta, nó ar chomhlachtaí idirmheánacha ainmnithe a leagtar amach i mír 1, beidh sí dochar do chúraimí na ngrúpaí gníomhaíochta áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2021/1060.
3.  
Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar ionstraimí airgeadais atá sa tacaíocht.
4.  
Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh gan critéir roghnúcháin dá dtagraítear i mír 1 a chur i bhfeidhm i gcás oibríochtaí a bhfuil deimhniú an tSéala Barr Feabhais faighte acu faoi Fís 2020, a bhunaítear le Rialachán (AE) Uimh 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ), faoi Fís Eorpach nó faoin gClár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), a bhunaítear le Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), ar choinníoll go bhfuil na hoibríochtaí sin comhréireach leis an bPlean Straitéiseach CBT.
5.  
Féadfar oibríocht iomlán nó cuid di a chur chun feidhme lasmuigh den Bhallstát lena mbaineann, lena n-áirítear lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go rannchuidíonn an oibríocht le cuspóirí Phlean Straitéisigh CBT a ghnóthú.

Airteagal 80

Rialacha sonracha maidir le hionstraimí airgeadais

1.  
Féadfar tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 58 de Rialachán (AE) 2021/1060 a dheonú faoi na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagail 73 go 78 den Rialachán seo.
2.  
I gcás ina ndeonófar tacaíocht i bhfoirm ionstraimí airgeadais, beidh feidhm ag na sainmhínithe ar “ionstraim airgeadais”, “táirge airgeadais”, “faighteoir deiridh”, “ciste sealbhaíochta”, “ciste sonrach”, “éifeacht ghiarála”, “cóimheas iolraitheora”, “costais bhainistíochta” agus “táillí bainistíochta” a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus ag forálacha Theideal V, Caibidil II, Roinn II, den Rialachán sin.

Lena chois sin, beidh feidhm i mír 3, mír 4 agus mír 5 den Airteagal seo.

3.  
I gcomhréir le hAirteagal 58(2) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh caipiteal oibre, lena n-áirítear caipiteal oibre neamhspleách, a bheith ina chaiteachas incháilithe faoi Airteagail 73, 74, 76, 77 agus 78 den Rialachán seo, má rannchuidíonn sé le cuspóir sonrach amháin laghad is ábhartha don idirghabháil a ghnóthú. Féadfar tacaíocht do mhaoiniú caipitil oibre neamhspleách faoi aon cheann de na hAirteagail sin a sholáthar gan a bheith faoi réir an cheanglais go bhfaighidh an faighteoir deiridh tacaíocht do chaiteachas eile faoin Airteagal céanna.

I gcás gníomhaíochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE, ní mó ná coibhéis deontais chomhláin EUR 200 000 thar aon tréimhse de 3 bliana fhioscacha a bheidh sa mhéid iomlán tacaíochta do chaipiteal oibre a chuirtear ar fáil d’fhaighteoir deiridh.

4.  
De mhaolú ar Airteagail 73, 74, 76, 77 agus 78, ní bheidh feidhm ag na rátaí tacaíochta a leagtar síos sna hAirteagail sin maidir le maoiniú caipitil oibre neamhspleách.
5.  

Is é a bheidh i gcaiteachas incháilithe ionstraime airgeadais méid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe arna eisíoc diomaite den mhaoiniú breise náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 115(5), nó i gcás ráthaíochtaí, arna chur i leataobh do chonarthaí ráthaíochta, ag an ionstraim airgeadais le linn na tréimhse incháilitheachta. Leis an méid sin, déanfar na nithe seo a leanas a chomhfhreagrú:

(a) 

íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, i gcás iasachtaí, infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais;

(b) 

acmhainní a cuireadh i leataobh le haghaidh conarthaí ráthaíochta, bídís gan íoc nó in aibíocht cheana féin, chun glaonna ráthaíochta féideartha ar chaillteanais a urramú, arna ríomh ar bhonn cóimheas iolraitheora, arna bhunú do na hiasachtaí nua foluiteacha faoi seach a íocadh amach nó infheistíochtaí cothromais i bhfaighteoirí deiridh;

(c) 

íocaíochtaí le faighteoirí deiridh, nó chun tairbhe faighteoirí deiridh, má tá ionstraimí airgeadais arna gcomhcheangal le ranníocaíocht eile ón Aontas in aon oibríocht ionstraime airgeadais amháin i gcomhréir le hAirteagal 58(5) de Rialachán (AE) 2021/1060;

(d) 

íocaíochtaí táillí bainistithe agus aisíocaíochtaí costas bainistithe arna dtabhú ag na comhlachtaí atá ag cur na hionstraime airgeadais chun feidhme.

I gcás ina gcuirtear ionstraim airgeadais chun feidhme le linn clárthréimhsí comhleanúnacha, is féidir tacaíocht a thabhairt do thairbhithe deiridh nó ar mhaithe le faighteoirí deiridh, lena n-áirítear costais bhainistíochta agus táillí bainistíochta, bunaithe ar chomhaontuithe a rinneadh faoin gclárthréimhse roimhe sin, ar choinníoll go gcomhlíontar rialacha incháilitheachta na clárthréimhse ina dhiaidh sin leis an tacaíocht sin. I gcásanna mar sin, cinnfear incháilitheacht an chaiteachais a cuireadh isteach sna dearbhuithe caiteachais i gcomhréir le rialacha na clárthréimhse lena mbaineann.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), mura bhfuil an t-eintiteas a bhaineann thairbhe as na ráthaíochtaí tar éis méid beartaithe na n-iasachtaí nua, na n-infheistíochtaí cothromais nó cuasachothromais a íoc amach le faighteoirí deiridh i gcomhréir leis an gcóimheas iolraitheora, déanfar an caiteachas incháilithe a laghdú go comhréireach. Féadfar an cóimheas iolraitheora a athbhreithniú i gcás ina mbeidh údar leis sin i ngeall ar athruithe ina dhiaidh sin ar dhálaí an mhargaidh. Ní bheidh éifeacht shiarghabhálach ag athbhreithniú den sórt sin.

Chun críocha phointe (d) den chéad fhomhír den mhír seo, is ar fheidhmíocht a bheidh na táillí bainistíochta bunaithe. I gcás ina roghnaítear comhlachtaí a bhfuil ciste sealbhaíochta á chur chun feidhme acu trí chonradh a dhámhachtain go díreach de bhun Airteagal 59(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, an méid costais bainistíochta agus táillí a íocfar leis na comhlachtaí sin is féidir a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe, beidh sé faoi réir tairseach suas le 5 % de mhéid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe a íocadh amach le faighteoirí deiridh in iasachtaí nó a cuireadh i leataobh le haghaidh conarthaí ráthaíochta agus suas le 7 % de mhéid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe a íocadh amach le faighteoirí deiridh in infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais.

I gcás ina roghnaítear comhlachtaí a bhfuil ciste sonrach á chur chun feidhme acu trí chonradh a dhámhachtain go díreach de bhun Airteagal 59(3) de Rialachán (AE) 2021/1060, an méid costais bainistíochta agus táillí a íocfar leis na comhlachtaí sin is féidir a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe, beidh sé faoi réir tairseach suas le 7 % de mhéid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe a íocadh amach le faighteoirí deiridh in iasachtaí nó a cuireadh i leataobh le haghaidh conarthaí ráthaíochta agus suas le 15 % de mhéid iomlán an chaiteachais phoiblí incháilithe a íocadh amach le faighteoirí deiridh in infheistíochtaí cothromais nó infheistíochtaí cuasachothromais.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (d), i gcás ina roghnaítear comhlachtaí a bhfuil ciste sealbhaíochta nó cistí sonracha á gcur chun feidhme acu trí thairiscint iomaíoch i gcomhréir leis an dlí infheidhme, bunófar méid na gcostas bainistíochta agus na dtáillí bainistíochta sa chomhaontú cistiúcháin lena léireofar toradh na tairisceana iomaíche.

Má ghearrtar táillí socraíochta, nó aon chuid díobh, ar fhaighteoirí deiridh, ní dhéanfar iad a dhearbhú mar chaiteachas incháilithe.

Airteagal 81

CETFT a chuirtear ar fáil trí InvestEU a úsáid

1.  
Sa togra le haghaidh Plean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 118 nó san iarraidh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 119, féadfaidh na Ballstáit leithdháileadh a dhéanamh ar mhéid suas le 3 % den leithdháileadh tosaigh iomlán don Phlean Straitéiseach CBT atá le ranníoc le InvestEU agus arna sheachadadh trí ráthaíocht AE agus trí Mhol Comhairleach InvestEU. Beidh réasúnú sa Phlean Straitéiseach CBT ar úsáid InvestEU agus luafar an bealach ar rannchuidigh sé le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) agus a roghnaítear sa Phlean Straitéiseach CBT a ghnóthú.

Cuirfear an méid a ranníocfar le InvestEU chun feidhme i gcomhréir leis na rialacha arna mbunú le Rialachán (AE) 2021/523.

2.  
Cinnfidh na Ballstáit an méid iomlán a ranníocfar i gcomhair gach bliana. I gcás iarraidh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT, ní bhainfidh na méideanna sin ach le blianta atá le teacht
3.  
Úsáidfear an méid dá dtagraítear i mír 1 chun soláthar don chuid de ráthaíocht AE atá in urrann an Bhallstáit agus do Mhol Comhairleach EU, ar thabhairt i gcrích an chomhaontaithe ranníocaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10(3) de Rialachán (AE) 2021/523. Féadfaidh an Coimisiún na gealltanais bhuiséadacha ón Aontas maidir le gach comhaontú ranníocaíochta a dhéanamh i dtráthchodanna bliantúla le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2027.
4.  
I gcás nár tugadh i gcrích comhaontú ranníocaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2021/523 le haghaidh an mhéid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo arna leithdháileadh sa Phlean Straitéiseach CBT laistigh de 4 mhí tar éis ghlacadh an chinnidh chur chun feidhme ón gCoimisiúin lena bhformheastar an Plean Straitéiseach CBT sin i gcomhréir le hAirteagal 118 den Rialachán seo, déanfar an méid comhfhreagrach a athdháileadh sa Phlean Straitéiseach CBT tar éis iarraidh ón mBallstát ar leasuithe a fhormheas, arna dtaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 119 den Rialachán seo.

Comhaontú ranníocaíochta le haghaidh an mhéid dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a leithdháiltear in iarraidh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT arna dtaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 119 den Rialachán seo, tabharfar i gcrích é an tráth céanna le glacadh an chinnidh chur chun feidhme ón gCoimisiúin lena formheastar leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT.

5.  
I gcás nach bhfuil comhaontú ráthaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10(4), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/523, tugtha i gcrích laistigh de 9 mí ón tráth a fhormheasfar an comhaontú ranníocaíochta, cuirfear deireadh nó síneadh leis an gcomhaontú ranníocaíochta trí chomhaontú frithpháirteach.

I gcás ina scoirfear de rannpháirtíocht Bhallstáit in InvestEU, na méideanna lena mbaineann arna n-íoc isteach ag an mBallstát sin sa chiste don soláthar coiteann mar sholáthar, déanfar iad a aisghabháil mar ioncam sannta inmheánach, de bhun Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais agus cuirfidh an Ballstát iarraidh isteach ar leasú ar a Phlean Straitéiseach CBT chun na méideanna arna n-aisghabháil agus na méideanna arna leithdháileadh ar bhlianta féilire amach anseo a úsáid i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo.

Déanfar an foirceannadh nó leasú ar an gcomhaontú ranníocaíochta a thabhairt i gcrích an tráth céanna le glacadh an chinnidh chur chun feidhme ón gCoimisiúin lena formheastar leasú an Phlean Straitéisigh CBT agus ar a dhéanaí an 31 Nollaig 2026.

6.  
Mura gcuirfear comhaontú ráthaíochta, dá dtagraítear in Airteagal 10(4), an tríu fomhír, de Rialachán (AE) 2021/523, chun feidhme go hiomchuí laistigh den tréimhse a comhaontaíodh sa chomhaontú ranníocaíochta, ach nach mó ná 4 bliana tar éis shíniú an chomhaontaithe ráthaíochta, leasófar an comhaontú ranníocaíochta. Féadfaidh an Ballstát a iarraidh go gcaithfí leis na méideanna a ranníocadh le ráthaíocht AE faoi mhír 1 den Airteagal seo agus a gealladh sa chomhaontú ráthaíochta ach nach gcumhdaítear leo iasachtaí foluiteacha, infheistíochtaí cothromais ná ionstraimí rioscúla eile i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo.
7.  
Acmhainní a gineadh leis na méideanna arna ranníoc le ráthaíocht AE, nó atá inchurtha i leith na méideanna sin, cuirfear ar fáil do na Ballstáit iad i gcomhréir le hAirteagal 10(5), pointe (a), de Rialachán (AE) 2021/523 agus úsáidfear le haghaidh tacaíochta iad faoin gcuspóir céanna nó faoi na cuspóirí céanna dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i bhfoirm ionstraimí airgeadais nó ráthaíochtaí buiséadacha.
8.  
Cuirfear tús leis an teorainn ama a bhaineann leis an saoradh uathoibríoch, dá bhforáiltear in Airteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/2116, do na méideanna atá le hathúsáid i bPlean Straitéiseach CBT, i gcomhréir le mír 4, mír 5 agus mír 6 den Airteagal seo, an bhliain ina ndéantar na gealltanais bhuiséadacha chomhfhreagracha.

Airteagal 82

Leordhóthanacht agus beachtas ríomh na n-íocaíochtaí

I gcás ina ndeonaítear íocaíochtaí ar bhonn costais bhreise agus ioncaim tarscaoilte i gcomhréir le hAirteagal 70, Airteagal 71 agus Airteagal 72, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na ríomhanna ábhartha leormhaith agus beacht agus bunaithe roimh ré ar mhodh ríofa atá cóir, cothromasach agus infhíoraithe. Chuige sin, comhlachtaí atá neamhspleách ó thaobh feidhme de ar na húdaráis atá freagrach as an bPlean Straitéiseach CBT a chur chun feidhme agus a bhfuil an saineolas iomchuí acu, déanfaidh siad na ríomhanna nó daingneoidh siad leordhóthanacht agus beachtas na ríomhanna sin.

Airteagal 83

Foirmeacha na ndeontas

1.  

Gan dochar d’Airteagail 70, 71, 72 agus 75, féadfaidh na deontais faoin gCaibidil seo a bheith ar aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:

(a) 

aisíoc costas incháilithe arna dtabhú iarbhír ag tairbhí;

(b) 

costais aonaid;

(c) 

cnapshuimeanna;

(d) 

maoiniú ar ráta comhréidh.

2.  

Is ar cheann de na bealaí seo a leanas a socrófar na méideanna i gcomhair na bhfoirmeacha deontais dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), pointe (c) agus pointe (d):

(a) 

modh ríofa cóir cothromasach infhíoraithe atá bunaithe ar an méid seo a leanas:

(i) 

sonraí staidrimh, faisnéis oibiachtúil eile nó breithiúnas saineolach;

(ii) 

sonraí stairiúla fíoraithe faoi thairbhithe aonair; nó

(iii) 

gnáthchleachtais cuntasaíochta costála na dtairbhithe aonair a chur i bhfeidhm;

(b) 

dréachtbhuiséid arna mbunú de réir an cháis agus arna n-aontú ar bhealach ex ante ag an gcomhlacht a roghnaíonn an oibríocht;

(c) 

i gcomhréir leis na rialacha maidir le costais aonaid chomhfhreagracha, cnapshuimeanna agus rátaí comhréidhe is infheidhme maidir le beartais an Aontais le haghaidh oibríocht den chineál céanna a chur i bhfeidhm;

(d) 

i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur i bhfeidhm na gcostas aonaid comhfhreagrach, na gcnapshuimeanna agus na rátaí comhréidhe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna le haghaidh deontais arna gcistiú go hiomlán ag an mBallstát le haghaidh oibríocht den chineál céanna.

3.  

Féadfaidh na Ballstáit deontais faoi choinníollacha a chur ar fáil do thairbhithe, ar deontais iad a bheidh in-aisíoctha go hiomlán nó i bpáirt, mar a shonraítear sa doiciméad ina leagtar amach na coinníollacha le haghaidh tacaíochta agus i gcomhréir leis na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

déanfaidh an tairbhí aisíocaíochtaí faoi na coinníollacha arna gcomhaontú ag an údarás bainistíochta agus an tairbhí;

(b) 

déanfaidh na Ballstáit na hacmhainní arna n-aisíoc ag an tairbhí a athúsáid don chuspóir sonrach céanna de chuid an Phlean Straitéisigh CBT faoin 31 Nollaig 2029 i bhfoirm deontais ar coinníollacha, i bhfoirm ionstraim airgeadais nó i bhfoirm eile tacaíochta; beidh na méideanna a aisíocadh agus faisnéis faoin mbealach a ndearnadh iad a athúsáid sa tuarascáil bhliantúil dheiridh ar fheidhmíocht;

(c) 

glacfaidh na Ballstáit pé bearta is gá lena áirithiú go gcoimeádfar na hacmhainní i gcuntais ar leith nó faoi na cóid chuntasaíochta is iomchuí;

(d) 

acmhainní de chuid an Aontais arna n-aisíoc ag tairbhithe ag aon tráth, ach nach ndearnadh a athúsáid faoin 31 Nollaig 2029, déanfar iad a aisíoc le buiséad an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 34 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 84

Cumhachtaí tarmligthe le haghaidh ceanglais bhreise maidir leis na cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le ceanglais de bhreis ar na ceanglais sin a leagtar síos sa Chaibidil seo maidir leis na coinníollacha faoina ndeonaítear tacaíocht don mhéid seo:

(a) 

na gealltanais bhainistithe dá dtagraítear in Airteagal 70 a bhaineann le hacmhainní géiniteacha agus leas ainmhithe;

(b) 

na scéimeanna cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 77 a mhéid a bhaineann le sainiúlacht an táirge deiridh, rochtain ar an scéim, sonraíochtaí ceangailteacha táirgí a fhíorú, trédhearcacht na scéime agus inrianaitheacht na dtáirgí, chomh maith le sainaithint na scéimeanna deonacha deimhniúcháin arna déanamh ag na Ballstáit.



TEIDEAL IV

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 85

Caiteachas CERT agus CETFT

1.  

Ar na cineálacha idirghabhála a ndéanfaidh CERT a mhaoiniú tá:

(a) 

íocaíochtaí díreacha arna leagan síos in Airteagal 16;

(b) 

idirghabhálacha in earnálacha áirithe arna leagan síos i gCaibidil III de Theideal III.

2.  
Maoineoidh CETFT na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i Caibidil IV de Theideal III, agus cúnamh teicniúil ar thionscnamh na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 94.

Airteagal 86

Incháilitheacht an chaiteachais

1.  

Beidh caiteachas incháilithe:

(a) 

do ranníocaíocht ó CERT ón 1 Eanáir sa bhliain tar éis na bliana a dhéanann an Coimisiún an Plean Straitéiseach CBT a fhormheas.

(b) 

do ranníocaíocht ó CETFT ón dáta a chuirtear an Plean Straitéiseach CBT faoina bhráid, ach tráth nach túisce ná 1 Eanáir 2023.

2.  
An caiteachas a thagann chun bheith incháilithe mar thoradh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT, beidh sé incháilithe do ranníocaíocht ó CETFT tar éis don Choimisiún an leasú a fhormheas agus amhail ó dháta gabhálaéifeachta an leasaithe arna shocrú ag an mBallstáit lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 119(8).
3.  
An caiteachas a thagann chun bheith incháilithe mar thoradh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT, beidh sé incháilithe do ranníocaíocht ó CETFT ón dáta a chuirtear an t-iarratas ar leasú faoi bhráid an Choimisiúin, nó ón dáta a thugtar fógra faoi mhodhnú, dá dtagraítear in Airteagal 119(9).

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo agus ar mhír 4, an dara fomhír, i gcásanna ina bhfuil bearta éigeandála i gceist i ngeall ar thubaistí nádúrtha, teagmhais thurraingeacha nó teagmhais dhíobhálacha aeráide nó i ngeall ar athrú suntasach agus tobann ar dhálaí socheacnamaíocha an Bhallstáit nó an réigiúin, féadfar a fhoráil sa Phlean Straitéiseach CBT go bhféadfaidh incháilitheacht an chaiteachais arna mhaoiniú le CETFT a bhaineann le leasanna ar an bPlean Straitéiseach CBT a thosú ón dáta a tharla an teagmhas.

4.  
Beidh caiteachas incháilithe do ranníocaíocht ó CETFT más é gur tairbhí a thabhaigh é agus gur íocadh é faoin 31 Nollaig 2029. Sa bhreis air sin, ní bheidh caiteachas incháilithe do ranníocaíocht ó CETFT ach amháin sa chás ina bhfuil an chabhair ábhartha íoctha go hiarbhír ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoin 31 Nollaig 2029.

Leagfaidh na Ballstáit síos dáta tosaigh incháilitheachta na gcostas arna dtabhú ag an tairbhí. Ní bheidh an dáta tosaigh roimh an 1 Eanáir 2023.

Ní bheidh oibríochtaí incháilithe do thacaíocht i gcás ina ndearnadh iad a lánchríochnú nó a chur chun feidhme go hiomlán sula gcuirtear an t-iarratas ar thacaíocht faoi bhráid an údaráis bainistíochta, is cuma má rinneadh na híocaíochtaí gaolmhara go léir.

Mar sin féin, oibríochtaí a bhaineann le haire a thabhairt go luath do sheastáin síológ agus le haire a thabhairt do sheastáin óga i gcomhréir le prionsabail bainistithe inbhuanaithe foraoisí agus a thugann aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), mar atá sainmhínithe ag an mBallstát, féadfaidh siad a bheith incháilithe do thacaíocht fiú i gcás ina ndearnadh iad a chomhlánú go fisiciúil gan an t-iarratas ar thacaíocht a bheith curtha roimhe sin faoi bhráid an údaráis bainistíochta.

5.  
Ranníocaíochtaí comhchineáil agus costais dímheasa, féadfaidh siad a bheith incháilithe do thacaíocht faoi CETFT, faoi réir coinníollacha a leagfaidh na Ballstáit síos.

Airteagal 87

Leithdháiltí airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad

1.  
Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialachán(AE) 2021/2116, an méid iomlán maidir le cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad a d’fhéadfaí a dheonú i mBallstát de bhun Chaibidil II de Theideal III, den Rialachán seo i ndáil le bliain féilire amháin, ní dhéanfaidh sé leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit sin a shárú a leagtar amach in Iarscríbhinn V.

Gan dochar d’Airteagal 17 de Rialachán(AE) 2021/2116, an t-uasmhéid iomlán a d’fhéadfaí a dheonú i mBallstát, i mbliain féilire amháin, de bhun Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2, den Rialachán seo agus sula gcuirtear Airteagal 17 den Rialachán seo i bhfeidhm, ní dhéanfaidh sé leithdháileadh airgeadais an Bhallstáit sin a shárú mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII.

Chun críoch Airteagal 96, Airteagal 97 agus Airteagal 98, an leithdháileadh airgeadais atá ag Ballstáit a leagtar amach in Iarscríbhinn V tar éis na méideanna arna leagan amach in Iarscríbhinn VIII a asbhaint agus sula ndéanfar aon aistrithe de bhun Airteagal 17, leagtar amach in Iarscríbhinn IX é.

2.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 lena leasaítear leithdháiltí na mBallstát arna leagan amach in Iarscríbhinní V agus IX chun na forbairtí a bhaineann le huasmhéid iomlán na n-íocaíochtaí díreacha a d’fhéadfaí a dheonú a chur san áireamh, lena n-áirítear na haistrithe dá dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 103, aistrithe leithdháiltí dá dtagraítear in Airteagal 88(5) agus aon asbhaintí atá ag teastáil chun cineálacha idirghabhála a mhaoiniú in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 88(6).

Le glacadh Iarscríbhinn IX, áfach, ní chuirfear aon aistrithe a dhéanfar i gcomhréir le hAirteagal 17 san áireamh.

3.  
Na leithdháiltí táscacha airgeadais in aghaidh na hidirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 101 le haghaidh cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha arna leagan síos in Airteagal 16 a dheonófar i mBallstát i ndáil le bliain féilire, d’fhéadfadh an méid sin leithdháileadh an Bhallstáit sin arna leagan amach in Iarscríbhinn V a shárú le méid measta laghdú na n-íocaíochtaí, cúraimí atá á ndéanamh sa Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 112(3), pointe (a), an dara fomhír.

Airteagal 88

Leithdháiltí airgeadais le haghaidh cineálacha áirithe idirghabhála in earnálacha áirithe

1.  
Déantar cúnamh airgeadais an Aontais le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnáil an fhíona a leithdháileadh ar na Ballstáit de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VII.
2.  
Déantar cúnamh airgeadais an Aontais le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnáil beachaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit de réir mar a leagtar amach in Iarscríbhinn X.
3.  
Is é EUR 2 188 000 in aghaidh na bliana airgeadais cúnamh airgeadais an Aontais do chineálacha idirghabhála in earnáil na leannlusanna a leithdháilfear sa Ghearmáin.
4.  

Seo a leanas mar a leithdháilfear cúnamh airgeadais an Aontais le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnáil an ola olóige agus na n-ológ boird, in aghaidh na bliana airgeadais:

(a) 

EUR 10 666 000 don Ghréig;

(b) 

EUR 554 000 don Fhrainc; agus

(c) 

EUR 34 590 000 don Iodáil.

5.  
Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann a chinneadh ina bPleananna Straitéiseacha CBT na leithdháiltí iomlána airgeadais dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4 a aistriú chuig a gcuid leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha. Ní féidir athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh sin.

Maidir le leithdháiltí na mBallstát a aistreofar chuig leithdháiltí le haghaidh íocaíochtaí díreacha, ní bheidh siad ar fáil feasta le haghaidh na gcineálacha idirghabhála dá dtagraítear i mír 3 agus mír 4.

6.  
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ina bPleananna Straitéiseacha CBT suas le 3 % dá leithdháiltí a úsáid le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna leagan amach in Iarscríbhinn V, i gcás inarb ábhartha, tar éis na leithdháiltí le haghaidh cadáis a asbhaint arna leagan amach in Iarscríbhinn VIII, le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, Roinn 7.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an céatadán, dá dtagraítear sa chéad fhomhír, a mhéadú suas go dtí 5 %. Sa chás sin, bainfear an méid a chomhfhreagraíonn don mhéadú sin as an uasmhéid a leagtar amach in Airteagal 96(1), (2) nó (5) agus ní bheidh an méid ar fáil a thuilleadh le leithdháileadh ar chineálacha idirghabhála dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 3, Fo-roinn 1.

An méid a chomhfhreagraíonn do chéatadán leithdháiltí na mBallstát le haghaidh íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír den mhír seo agus a úsáidtear le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile le linn bliain áirithe airgeadais, measfar gur leithdháiltí na mBallstát iad in aghaidh na bliana airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile.

7.  
Féadfaidh na Ballstáit, in 2025, a gcuid cinntí dá dtagraítear i mír 6 a athbhreithniú mar chuid d'iarraidh ar leasú ar a bPleananna Straitéiseacha CBT a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 119.
8.  
Na méideanna a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach formheasta CBT de thoradh ar chur i bhfeidhm mhír 6 agus mhír 7, beidh siad ceangailteach sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 89

Leithdháiltí airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe

1.  
Is é EUR 60 544 439 600 an méid iomlán tacaíochta ón Aontas le haghaidh cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe faoin Rialachán seo don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027, i bpraghsanna an lae inniu i gcomhréir leis an gcreat ilbhliantúil airgeadais do na blianta 2021 go dtí 2027 a leagtar amach i Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093.
2.  
Tiomnófar 0.25 % de na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 do ghníomhaíochtaí an chúnaimh theicniúil a mhaoiniú ar thionscnamh ón gCoimisiún dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2021/2116, lena n-áirítear an líonra Eorpach CBT dá dtagraítear in Airteagal 126(2) den Rialachán seo agus CEN dá dtagraítear in Airteagal 127 den Rialachán seo. D'fhéadfadh baint a bheith ag na gníomhaíochtaí sin le clárthréimhsí den Phlean Straitéiseach CBT a bhí ann roimhe agus a bheidh ann amach anseo.
3.  
Leagtar amach in Iarscríbhinn XI an miondealú bliantúil de réir Ballstáit ar na méideanna dá dtagraítear i mír 1, tar éis an méid dá dtagraítear i mír 2 a asbhaint.
4.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 lena leasaítear Iarscríbhinn XI chun an miondealú bliantúil in aghaidh an Bhallstáit a athbhreithniú chun forbairtí ábhartha a chur san áireamh, lena n-áirítear na haistrithe dá dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 103, chun coigeartuithe teicniúla a dhéanamh gan na leithdháiltí a athrú ar an iomlán, nó chun aon athrú eile dá bhforáiltear le gníomh reachtach a chur san áireamh tar éis ghlacadh an Rialacháin seo.

Airteagal 90

Ranníocaíocht CETFT

An cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar Plean Straitéiseach CBT de bhun Airteagal 118(6) leagfaidh sé síos ranníocaíocht uasta CETFT leis an bplean. Ríomhfar ranníocaíocht CETFT ar bhonn mhéid an chaiteachais phoiblí incháilithe, cé is moite den mhaoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 115(5).

Airteagal 91

Rátaí ranníocaíocht CETFT

1.  
Leis na Pleananna Straitéiseacha CBT, bunófar ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta ráta ranníocaíocht CETFT amháin is infheidhme maidir le gach idirghabháil.
2.  

De mhaolú ar mhír 1, seo a leanas uasráta ranníocaíocht CETFT a bheidh ann:

(a) 

85 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin bheagfhorbartha;

(b) 

80 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin is forimeallaí agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha;

(c) 

60 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin trasdula de réir bhrí Airteagal 108(2), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/1060;

(d) 

43 % den chaiteachas poiblí incháilithe sna réigiúin eile.

3.  

De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, seo a leanas uasráta ranníocaíocht CETFT a bheidh ann, más ísle an ráta arna shocrú sa Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le mír 2:

(a) 

65 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh íocaíochtaí i leith srianta nádúrtha nó srianta limistéar-shonracha eile faoi Airteagal 71;

(b) 

80 % den chaiteachas poiblí incháilithe le haghaidh íocaíochtaí faoi Airteagal 70, maidir le híocaíochtaí faoi Airteagal 72, maidir le tacaíocht d’infheistíochtaí neamhtháirgiúla dá dtagraítear in Airteagal 73, maidir le tacaíocht do thionscadail ghrúpaí oibríochta CEN faoi Airteagal 77(1), pointe (a), agus maidir le LEADER faoi Airteagal 77(1), pointe (b);

(c) 

100 % den chaiteachas poiblí incháilithe i gcás oibríochtaí arna maoiniú ó chistí arna n-aistriú chuig CETFT i gcomhréir le hAirteagal 17 agus Airteagal 103.

4.  
Is é 20 % den chaiteachas poiblí incháilithe uasráta ranníocaíocht CETFT a bheidh ann.
5.  
Ní áireofar ar an gcaiteachas poiblí incháilithe dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 4 an maoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 115(5).

Airteagal 92

Leithdháiltí íosta airgeadais le haghaidh LEADER

1.  
Forchoimeádfar 5 % ar a laghad de ranníocaíocht CETFT leis an bPlean Straitéiseach CBT, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI, do LEADER.
2.  
Ar feadh thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT, ní sháróidh caiteachas iomlán CETFT ar fhorbairt tuaithe, nach caiteachas ar LEADER é, mar a bhunaítear sa phlean airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 112(2), pointe (a), 95 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an bPlean Straitéiseach CBT mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Uasteorainn airgeadais arna shocrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin, nuair a bheidh sé formheasta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 nó le hAirteagal 119.

Airteagal 93

Leithdháiltí íosta airgeadais le haghaidh idirghabhálacha lena dtugtar aghaidh ar na cuspóirí sonracha a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid

1.  
Forchoimeádfar 35 % ar a laghad, de ranníocaíocht iomlán CETFT le Plean Straitéiseach CBT, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI, do na hidirghabhálacha a thabharfaidh aghaidh ar na cuspóirí sonracha, a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), agus, a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe in Airteagal 6(1), pointe (i).
2.  

Chun an ranníocaíocht leis an gcéatadán a leagtar amach i mír 1 a chinneadh, áireoidh na Ballstáit caiteachas i leith na n-idirghabhálacha seo a leanas:

(a) 

100 % le haghaidh gealltanais bhainistíochta, dá dtagraítear in Airteagal 70;

(b) 

50 % le haghaidh srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 71;

(c) 

100 % íocaíochtaí le haghaidh míbhuntáistí limistéar-shonracha, dá dtagraítear in Airteagal 72;

(d) 

100 % le haghaidh infheistíochtaí faoi Airteagal 73 agus Airteagal 74 a nasctar le ceann amháin nó níos mó de na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), agus, a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe, in Airteagal 6(1), pointe (i).

3.  
Ar feadh thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT, ní sháróidh caiteachas iomlán CETFT ar fhorbairt tuaithe, nach caiteachas é a úsáidtear le haghaidh na n-idirghabhálacha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, mar a bhunaítear sa phlean airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 112(2), pointe (a), 65 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an bPlean Straitéiseach CBT mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI. Uasteorainn airgeadais arna shocrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin nuair a bheidh sé formheasta ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 nó le hAirteagal 119.
4.  
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le caiteachas ar na réigiúin is forimeallaí.

Airteagal 94

Leithdháiltí íosta airgeadais do chúnamh theciniúil

1.  
Féadfaidh uasmhéid 4 % de ranníocaíocht iomlán CETFT leis an bPlean Straitéiseach CBT arna leagan amach in Iarscríbhinn XI a úsáid chun gníomhaíochtaí an chúnaimh theicniúil a mhaoiniú ar thionscnamh na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 125.

Féadfar ranníocaíocht CETFT a mhéadú go dtí 6 % le haghaidh Pleananna Straitéiseacha CBT i gcás ina mbeidh méid iomlán tacaíochta ón Aontas tagtha go dtí EUR 1,1 billiún.

2.  
Déanfar cúnamh teicniúil a aisíoc mar bheadh maoiniú ar bhonn ráta comhréidh i gcomhréir le hAirteagal 125(1), pointe (e), den Rialachán Airgeadais i gcreat íocaíochtaí idirthréimhseacha de bhun Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/2116. Is é an céatadán arna leagan amach sa Phlean Straitéiseach CBT le haghaidh cúnamh teicniúil an chaiteachais iomláin arna dhearbhú a bheidh sa ráta comhréidh sin.

Airteagal 95

Leithdháiltí uasta airgeadais do thacaíocht d’fheirmeoirí óga

1.  

I gcás gach Ballstáit, forchoimeádfar an t-íosmhéid a leagtar amach in Iarscríbhinn XII chun rannchuidiú leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (g), a ghnóthú. Bunaithe ar anailís an cháis i dtéarmaí láidreachtaí, laigí, deiseanna agus bagairtí (“an anailís SWOT”) agus ar na riachtanais a shainaithint a dtabharfar aghaidh orthu, úsáidfear an méid sin do cheann amháin den dá chineál idirghabhála seo a leanas nó don dá cheann acu:

(a) 

an tacaíocht ioncaim fhorlíontach d'fheirmeoirí óga a leagtar síos in Airteagal 30;

(b) 

cabhrú le feirmeoirí óga dul i mbun gnó dá dtagraítear in Airteagal 75(2), pointe (a).

2.  
De bhreis ar na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit an t-íosmhéid dá dtagraítear sa mhír sin a úsáid le haghaidh idirghabhálacha infheistíochta d’fheirmeoirí óga dá dtagraítear in Airtegal 73, ar choinníoll go gcuirtear ráta tacaíochta níos airde i gcomhréir le hAirteagal 73(4), an dara fomhír, pointe (a)(ii), i bhfeidhm. Nuair a bhainfear úsáid as an bhféidearthacht sin, comhairfear uasmhéid 50 % den chaiteachas i leith infheistíochtaí dá dtagraítear sa chéad abairt in aghaidh an íosmhéid atá le forchoimeád.
3.  
Ar feadh gach bliain féilire, ní sháróidh an caiteachas iomlán ar chineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad cé is moite den tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga, mar a leagtar síos in Airteagal 30, an leithdháileadh airgeadais d’íocaíochtaí díreacha don bhliain féilire ábhartha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn V, arna laghdú leis an gcuid d’Iarscríbhinn XII a fhorchoimeádtar faoin tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga don bhliain féilire ábhartha arna bunú ag na Ballstáit ina bplean airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 112(2), pointe (a), agus arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 nó le hAirteagal 119. Uasteorainn airgeadais arna shocrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin.
4.  
Ar feadh thréimhse iomlán an phlean CBT, ní sháróidh caiteachas iomlán CETFT ar fhorbairt tuaithe nach caiteachas é a úsáidtear chun cabhrú le feirmeoirí óg dul i mbun gnó dá dtagraítear in Airteagal 75(2), pointe (a), ranníocaíocht iomlán CETFT leis an bPlean Straitéiseach CBT mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI, arna laghdú leis an gcuid d’Iarscríbhinn XII a fhorchoimeádtar chun cabhrú le feirmeoirí óga dul i mbun gnó dá dtagraítear in Airteagal 75(2), pointe (a), ar feadh thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT arna bhunú ag na Ballstáit ina bpleananna airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 112(2), pointe (a), agus arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 nó le hAirteagal 119. Uasteorainn airgeadais arna socrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin.
5.  
I gcás ina gcinnfidh Ballstát leas a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear i mír 2 den Airteagal seo, déanfar sciar an chaiteachais le haghaidh idirghabhálacha infheistíochta d’fheirmeoirí óga lena ngabhann ráta tacaíochta níos airde i gcomhréir le hAirteagal 73(4), an dara fomhír, pointe (a)(iii), sciar nach mó ná 50 % é arna bhunú ag na Ballstáit ina bplean airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 112(2), pointe (a), agus arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 nó le hAirteagal 119, a áireamh i gcomhair bhunú na huasteorann airgeadais dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo.

Airteagal 96

Leithdháiltí íosta airgeadais do thacaíocht ioncaim chúpláilte

1.  
Cuirfear uasteorainn 13 % de na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IX leis na leithdháiltí táscacha airgeadais maidir leis na hidirghabhálacha tacaíochta ioncaim chúpláilte dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 1.
2.  
De mhaolú ar mhír 1, na Ballstáit a d'úsáid níos mó ná 13 % dá n-uasteorainn bhliantúil náisiúnta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin i gcomhréir le hAirteagal 53(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 chun críche tacaíochta cúpláilte deonaí, féadfaidh siad a chinneadh, chun críche tacaíochta ioncaim cúpláilte, níos mó ná 13 % den mhéid a leagtar amach in Iarscríbhinn IX a ghabhann leis an Rialachán seo a úsáid. An céatadán a thagann as sin, ní sháróidh sé an céatadán a dhéanfaidh an Coimisiún a fhormheas maidir le tacaíocht chúpláilte dheonach maidir le bliain éilimh 2018.
3.  
An céatadán dá dtagraítear i mír 1, d'fhéadfaí 2 phointe céatadáin a chur leis, ar an mhéad, ar choinníoll go ndéanfar an méid a chomhfhreagraíonn don chéatadán a sháraíonn an 13 % a leithdháileadh ar an tacaíocht do bharraí próitéine faoi Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 1.
4.  
Ní féidir an méid atá san áireamh sa Phlean Straitéiseach formheasta CBT a eascraíonn as cur i bhfeidhm mhír 1, mhír 2 agus mhír 3 a shárú.
5.  
De mhaolú ar mhír 1 agus mír 2, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh suas le EUR 3 mhilliún in aghaidh na bliana a úsáid chun an tacaíocht chúpláilte a mhaoiniú.
6.  
Gan dochar d'Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2021/2116, an t-uasmhéid iomlán a d'fhéadfaí a dheonú do Bhallstát sula gcuirtear Airteagal 17 den Rialachán seo, de bhun Theideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 1, den Rialachán seo i ndáil le bliain féilire, ní dhéanfaidh sé na méideanna atá socraithe sa Phlean Straitéiseach CBT a shárú i gcomhréir leis an Airteagal seo.

Airteagal 97

Leithdháiltí uasta airgeadais d'éiciscéimeanna

1.  
Forchoimeádfar 25 % ar a laghad de na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn IX do gach bliain féilire ó 2023 go 2027 le haghaidh na n-éiciscéimeanna dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 2, Foroinn 4.
2.  
I gcás inar mó méid iomlán ranníocaíocht CETFT arna fhorchoimeád ag Ballstát i gcomhair idirghabhálacha i gcomhréir le hAirteagail 70, 72, 73 agus 74, a mhéid a thugtar aghaidh leis na hidirghabhálacha sin ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), agus a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe in Airteagal 6(1), pointe (i), ná 30 % de ranníocaíocht iomlán CETFT mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI don tréimhse Phlean Straitéiseach CBT, féadfaidh na Ballstáit suim na méideanna atá le forchoimeád faoi mhír 1 den Airteagal seo a laghdú. Ní bheidh an laghdú iomlán níos airde ná an méid a sháraítear an céatadán dá dtagraítear sa chéad abairt.
3.  
Ní fhéadfaidh laghdú níos mó ná 50 % den mhéid bliantúil atá le forchoimeád d'éiciscéimeanna do tréimhse an Phlean Straitéisigh CBT de bhun na chéad fhomhíre a bheith mar thoradh ar an laghdú dá dtagraítear i mír 2.
4.  
De mhaolú ar mhír 3, féadfaidh na Ballstáit an méid bliantúil atá le forchoimeád de bhun mhír 1 a laghdú suas le 75 % má tá an méid iomlán atá beartaithe níos mó ná idirghabhálacha faoi Airteagal 70 le linn na tréimhse Phlean Straitéiseach CBT ná 150 % de shuim na méideanna atá le forchoimeád de bhun mhír 1 den Airteagal seo roimh chur i bhfeidhm mhír 2.
5.  

Féadfaidh na Ballstáit, i mblianta féilire 2023 agus 2024, i gcomhréir le hAirteagal 101(3), úsáid a bhaint as na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhréir leis an Airteagal seo d'éiciscéimeanna chun idirghabhálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 2, a mhaoiniú sa bhliain sin, ar choinníoll gur ídíodh na féidearthachtaí uile na cistí a úsáid d'éiciscéimeanna:

(a) 

suas go tairseach arb ionann í agus 5 % de na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IX don bhliain féilire lena mbaineann;

(b) 

suas go tairseach arb ionann í agus 5 % de na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IX don bhliain féilire lena mbaineann, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 6.

6.  

Agus mír 5, pointe (b), á cur i bhfeidhm acu, leasóidh na Ballstáit a bPleananna Straitéiseacha CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhréir leis an Airteagal seo d'éiciscéimeanna a mhéadú, ar feadh na mblianta atá fágtha de thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, le méid atá comhionann ar a laghad leis an méid a úsáidtear chun idirghabhálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 2, a mhaoiniú, i gcomhréir le mír 5, pointe (b), den Airteagal seo; nó

(b) 

na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhair idirghabhálacha i gcomhréir le hAirteagail 70, 72, 73 agus 74 a mhéadú, a mhéid a thugtar aghaidh leis na hidirghabhálacha sin ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) agus, a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe, dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (i), le méid atá comhionann ar a laghad leis an méid a úsáidtear chun idirghabhálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 2, a mhaoiniú, i gcomhréir le mír 5, pointe (b), den Airteagal seo. Méideanna breise a fhorchoimeádtar i gcomhair idirghabhálacha faoi Airteagail 70, 72, 73 agus 74 i gcomhréir leis an mír seo, ní chuirfear san áireamh iad dá mbainfidh Ballstát leas as an rogha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

7.  

Má úsáideann Ballstát méid is mó ná 2,5 % de shuim na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn IX do na blianta 2023 go 2024 agus mír 5, pointe (a), á chur i bhfeidhm aige, chun idirghabhálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 2, a mhaoiniú, cúiteoidh sé na méideanna is mó ná 2,5 % de shuim na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn IX do na blianta 2023 agus 2024 agus a úsáidtear chun idirghabhálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 2, a mhaoiniú sna blianta sin trí leasú a dhéanamh ar a Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhréir leis an Airteagal seo d'éiciscéimeanna a mhéadú, ar feadh na mblianta atá fágtha de thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, le méid atá comhionann ar a laghad leis na méideanna is mó ná 2,5 % de shuim na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn IX do na blianta 2023 agus 2024; nó

(b) 

na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhair idirghabhálacha i gcomhréir le hAirteagail 70, 72, 73 agus 74 a mhéadú, a mhéid a thugtar aghaidh leis na hidirghabhálacha sin ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), agus, a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe, in Airteagal 6(1), pointe (i), le méid atá comhionann ar a laghad leis an méid is mó ná 2,5 % de shuim na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn IX do na blianta 2023 agus 2024. Méideanna breise a fhorchoimeádtar i gcomhair idirghabhálacha faoi Airteagail 70, 72, 73 agus 74 i gcomhréir na fomhíre seo, ní chuirfear san áireamh iad i gcás ina mbainfidh Ballstát leas as an rogha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

8.  
Féadfaidh na Ballstáit, i mblianta féilire 2025 agus 2026, i gcomhréir le hAirteagal 101(3), úsáid a bhaint as méid suas le tairseach arb ionann í agus 2 % de na méideanna a leagtar amach in Iarscríbhinn IX don bhliain féilire lena mbaineann, agus a fhorchoimeádtar i gcomhréir leis an Airteagal seo d'éiciscéimeanna a mhaoiniú sa bhliain chéanna sin, ar choinníoll gur ídíodh na féidearthachtaí uile na cistí a úsáid d'éiciscéimeanna agus go bhfuil coinníollacha mhír 9 á gcomhlíonadh.
9.  

Agus mír 8 á cur i bhfeidhm, leasóidh na Ballstáit a bPleananna Straitéiseacha CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhréir leis an Airteagal seo d'éiciscéimeanna a mhéadú, ar feadh na mblianta atá fágtha de thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, le méid atá comhionann ar a laghad leis an méid a úsáidtear chun idirghabhálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 2, a mhaoiniú, i gcomhréir le mír 8; nó

(b) 

na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhair idirghabhálacha i gcomhréir le hAirteagail 70, 72, 73 agus 74 a mhéadú, a mhéid a thugtar aghaidh leis na hidirghabhálacha sin ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) agus, a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe, in Airteagal 6(1), pointe (i), le méid atá comhionann ar a laghad leis an méid a úsáidtear chun idirghabhálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 2, a mhaoiniú, i gcomhréir le mír 8 den Airteagal seo. Méideanna breise a fhorchoimeádtar i gcomhair idirghabhálacha faoi Airteagail 70, 72, 73 agus 74 i gcomhréir leis an mír seo, ní chuirfear san áireamh iad i gcás ina mbainfidh Ballstát leas as an rogha dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo.

10.  
Ar feadh gach bliain féilire amhail ón mbliain féilire 2025, ní sháróidh an caiteachas iomlán ar na cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad seachas na héiciscéimeanna an leithdháileadh airgeadais le haghaidh íocaíochtaí díreacha don bhliain féilire ábhartha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn V arna laghdú de réir méid a chomhfhreagraíonn do 23 % den mhéid atá in Iarscríbhinn IX a fhorchoimeádtar d'éiciscéimeanna i gcomhréir leis an mír seo i leith na bliana féilire 2025 agus 2026, agus a chomhfhreagraíonn do 25 % den mhéid atá in Iarscríbhinn IX a fhorchoimeádtar d'éiciscéimeanna i gcomhréir leis an mír seo i leith na bliana féilire 2027, arna gcoigeartú i gcás inarb ábhartha leis an méid a eascraíonn as cur i bhfeidhm a míreanna 2, 3, 4, 6, 7 agus 9 den Airteagal seo agus arna bhunú ag na Ballstáit ina bpleananna airgeadais in Airteagal 112(2), pointe (a), agus arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 nó le hAirteagal 119. Uasteorainn airgeadais arna socrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin.
11.  
I gcás ina gcuirfidh na Ballstáit míreanna 2, 3, 4, 6, 7 agus 9 den Airteagal seo i bhfeidhm le linn thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT, maidir le caiteachas iomlán CETFT ar fhorbairt tuaithe seachas na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhair idirghabhálacha i gcomhréir le hAirteagail 70, 72, 73 agus 74, a mhéid a thugtar aghaidh leis na hidirghabhálacha sin ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), agus a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe, in Airteagal 6(1), pointe (i), ní sháróidh sé ranníocaíocht iomlán CETFT le forbairt tuaithe ar feadh thréimhse iomlán an Phlean Straitéisigh CBT mar a leagtar amach in Iarscríbhinn XI, arna laghdú leis na méideanna a fhorchoimeádtar i gcomhair idirghabhálacha i gcomhréir le hAirteagail 70, 72, 73 agus 74, a mhéid a thugtar aghaidh leis na hidirghabhálacha sin ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), agus, a mhéid a bhaineann le leas ainmhithe, in Airteagal 6(1), pointe (i), tar éis chur i bhfeidhm mhíreanna 2, 6, 7 agus 9 den Airteagal seo, arna bhunú ag na Ballstáit ina bpleananna airgeadais in Airteagal 112(2), pointe (a), agus arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 nó le hAirteagal 119. Uasteorainn airgeadais arna socrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin.

Airteagal 98

Leithdháiltí íosta airgeadais le haghaidh na tacaíochta ioncaim athdháilte

1.  
Forchoimeádfar 10 % ar a laghad de na leithdháiltí a leagtar amach in Iarscríbhinn IX go bliantúil don tacaíocht ioncaim athdháilte dá dtagraítear in Airteagal 29.
2.  
Maidir le gach bliain féilire, ní sháróidh an caiteachas iomlán ar chineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad seachas an tacaíocht ioncaim athdháilte an leithdháileadh airgeadais d’íocaíochtaí díreacha don bhliain féilire ábhartha mar a leagtar síos in Iarscríbhinn V, arna laghdú le méid a chomhfhreagraíonn do 10 % den leithdháileadh airgeadais le haghaidh íocaíochtaí díreacha don bhliain féilire ábhartha mar a leagtar síos an méid sin Iarscríbhinn IX, arna choigeartú i gcás inarb ábhartha tar éis chur i bhfeidhm Airteagal 29(1), an dara fomhír, arna bhunú ag na Ballstáit ina bpleananna airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 112(2), pointe (a), agus arna fhormheas ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 118 nó le hAirteagal 119. Uasteorainn airgeadais arna socrú le dlí an Aontais a bheidh san uasteorainn airgeadais sin.

Airteagal 99

Ranníocaíocht deonach ó leithdháileadh CETFT ar ghníomhaíochtaí faoi LIFE agus Erasmus+

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh ina bPleananna Straitéiseacha CBT sciar áirithe de leithdháileadh CETFT a úsáid chun tacaíocht a ghiaráil agus cur le Tionscadail Dúlra Straitéiseacha chomhtháite a théann chun sochar do phobail na bhfeirmeoirí, mar a fhoráiltear don mhéid sin faoi Rialachán (AE) 2021/783 agus chun gníomhaíochtaí a mhaoiniú i ndáil le soghluaiseacht foghlama trasnáisiúnta daoine i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe agus aird ar leith á tabhairt ar fheirmeoirí óga agus ar mhná i gceantair thuaithe, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ).

Airteagal 100

Caiteachas aeráide a rianú

1.  
Ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar rannchuidiú an bheartais le gnóthú chuspóirí an athraithe aeráide trí mhodheolaíocht shimplí choiteann a úsáid.
2.  

Déanfar ranníocaíocht le gnóthú na sprice caiteachais a mheas trí ualuithe sonracha a chur i bhfeidhm arna ndifreáil bunaithe ar cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn an tacaíocht go mór nó go measartha le cuspóirí an athraithe aeráide a ghnóthú. Déanfar na hualuithe sin mar a leanas:

(a) 

40 % le haghaidh an chaiteachais faoin tacaíocht bhunúsach ioncaim agus an tacaíocht ioncaim fhorlíontach dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn II, Foranna 2 agus 3;

(b) 

100 % le haghaidh caiteachais faoi na héiciscéimeanna dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn II, Foroinn 4;

(c) 

100 % le haghaidh caiteachas ar na hidirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 93(1), seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír seo;

(d) 

40 % le haghaidh caiteachas ar shrianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le ceantar áirithe dá dtagraítear in Airteagal 71.

3.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh tar éis an 31 Nollaig 2025 i gcomhréir le hAirteagal 152 lena leasaítear mír 2 den Airteagal seo chun na hualuithe dá dtagraítear ann a mhodhnú, i gcás ina bhfuil údar leis an modhnú sin chun rianú níos beaichte a dhéanamh ar chaiteachas ar chuspóirí comhshaoil agus cuspóirí a bhaineann leis an aeráid.

Airteagal 101

Leithdháiltí táscacha airgeadais

1.  
Leagfaidh na Ballstáit amach, ina bPlean Straitéiseach CBT, leithdháileadh táscach airgeadais le haghaidh gach idirghabhála agus gach bliana. Is é a bheidh sa leithdháileadh táscach airgeadais sin leibhéal na n-íocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leis faoin bPlean Straitéiseach CBT i gcomhair na hidirghabhála sa bhliain airgeadais ábhartha, cé is moite d’íocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo ar bhonn an mhaoinithe náisiúnta bhreise dá dtagraítear in Airteagal 115(5).
2.  
De mhaolú ar mhír 1, maidir leis na cineálacha idirghabhála sna hearnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f), leagfaidh na Ballstáit amach, ina bPlean Straitéiseach CBT, an leithdháileadh táscach airgeadais do gach earnáil agus do gach bliain, lena léireofar leibhéal na n-íocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leis i gcomhair na n-idirghabhálacha san earnáil sin in aghaidh na bliana airgeadais, cé is moite d’íocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo ar bhonn an chúnaimh airgeadais náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 53.
3.  

Ní chuirfidh na leithdháiltí táscacha airgeadais arna leagan amach ag na Ballstáit i gcomhréir le mír 1 agus mír 2 cosc ar na Ballstáit sin cistí ó na leithdháiltí táscacha airgeadais sin a úsáid mar chistí le haghaidh idirghabhálacha eile, gan na Pleananna Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 119 a leasú, faoi réir chomhlíonadh an Rialacháin seo, agus go háirithe Airteagail 87, 88, 89, 90, 92 go 98 agus 102 de, agus Rialachán (AE) 2021/2116, agus go háirithe Airteagal 32(6), pointe (b), de, agus leis na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

go n-úsáidfear leithdháiltí airgeadais le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha iad le haghaidh idirghabhálacha eile i bhfoirm íocaíochta dírí;

(b) 

go n-úsáidfear leithdháiltí airgeadais le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe le haghaidh idirghabhálacha eile d'fhorbairt tuaithe;

(c) 

nach n-úsáidfear leithdháiltí airgeadais le haghaidh idirghabhálacha in earnáil na beachaireachta agus in earnáil an fhíona ach le haghaidh idirghabhálacha eile san earnáil chéanna;

(d) 

go n-úsáidfear leithdháiltí airgeadais le haghaidh idirghabhálacha in earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f), le haghaidh idirghabhálacha in earnálacha eile dá dtagraítear sa phointe sin, a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach CBT agus nach ndéanfaidh an úsáid difear do chláir oibríochtúla formheasta.

Chun críoch na chéad fhomhíre, pointe (a), féadfaidh na Ballstáit sin a chinn an tacaíocht bhunúsach ioncaim i dtaobh a dheonú ar bhonn teidlíochtaí íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 23, féadfaidh siad na méideanna atá le híoc a mhéadú nó a laghdú go líneach bunaithe ar luach na dteidlíochtaí a gníomhachtaíodh sa bhliain féilire, laistigh de theorainneacha na n-aonadmhéideanna íosta agus uasta atá beartaithe agus a leagtar amach le haghaidh idirghabhálacha faoin tacaíocht bhunúsach ioncaim don Inbhuaaitheacht i gcomhréir le hAirteagal 102(2).

Airteagal 102

Aonadmhéideanna beartaithe agus aschuir bheartaithe

1.  
Leagfaidh na Ballstáit amach aonadmhéid beartaithe amháin nó níos mó maidir le gach idirghabháil a áirítear ina bPleananna Straitéiseacha CBT. Féadfaidh an t-aonadmhéid atá beartaithe a bheith aonfhoirmeach nó meánach, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit. Féadfaidh an t-aonadmhéid atá beartaithe a bheith aonfhoirmeach nó meánach, de réir mar a chinnfidh na Ballstáit. Ciallaíonn “aonadmhéid aonfhoirmeach beartaithe” an luach a mheastar a bheidh le híoc i gcás gach aschuir ghaolmhair. Ciallaíonn “meán-aonadmhéid beartaithe” meánluach na n-aonadmhéideanna éagsúla a mheastar a bheidh le híoc i gcás na n-aschur gaolmhar.

Maidir le hidirghabhálacha a chumhdaítear leis an gcóras comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, leagfar amach aonadmhéideanna aonfhoirmeacha, ach amháin i gcás nach bhfuil aonadmhéideanna indéanta nó iomchuí, mar gheall ar dhearadh nó ar raon feidhme na hidirghabhála. I gcásanna mar sin, leagfar amach meán-aonadmhéideanna.

2.  
Maidir le hidirghabhálacha ar íocaíochtaí díreacha iad, féadfaidh na Ballstáit aonadmhéideanna beartaithe uasta nó íosta, nó an dá rud, a shocrú i gcás gach aonadmhéid atá beartaithe do gach idirghabháil.

Is é atá san “aonadmhéid íosta atá beartaithe” agus san “aonadmhéid uasta atá beartaithe” na haonadmhéideanna uasta agus íosta a mheastar a bheidh le híoc i gcás gach aschur.

Agus na haonadmhéideanna uasta nó íosta atá beartaithe, nó an dá rud, á socrú ag na Ballstáit, féadfaidh siad bonn cirt a thabhairt do na luachanna sin leis an tsolúbthacht ath-leithdháilte is gá chun neamhúsáid cistí a sheachaint.

Ní féidir an t-aonadmhéid réadaithe dá dtagraítear in Airteagal 134(5), an chéad fhomhír, pointe (c), a bheith níos ísle ná an t-aonadmhéid atá beartaithe nó an t-aonadmhéid íosta atá beartaithe i gcás ina leagtar amach méid den sórt sin, chun barrachas leithdháiltí airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála ar íocaíochtaí díreacha iad dá dtagraítear in Airteagal 87(1) a sheachaint.

3.  
Maidir le cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe, i gcás úsáid meán-aonadmhéideanna beartaithe, féadfaidh na Ballstáit meán-aonadmhéid uasta beartaithe a shocrú.

Is é “an meán-aonadmhéid uasta beartaithe” an méid uasta a mheastar a bheidh le híoc ar an meán le haghaidh na n-aschur gaolmhar.

4.  
I gcás ina socraítear aonadmhéideanna éagsúla le haghaidh idirghabhála, beidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 maidir le gach aonadmhéid ábhartha a bhaineann leis an idirghabháil sin.
5.  
Leagfaidh na Ballstáit amach na haschuir bhliantúla atá beartaithe le haghaidh gach idirghabhála cainníochtaithe do gach aonadmhéid aonfhoirmeach nó meán-aonadmhéid atá beartaithe. Laistigh d'idirghabháil, féadfar na haschuir bhliantúla atá beartaithe a sholáthar ar leibhéal comhthiomsaithe maidir le gach aonadmhéid nó grúpa aonadmhéideanna.

Airteagal 103

Solúbthacht idir leithdháiltí íocaíochtaí díreacha agus leithdháiltí ó CETFT

1.  

Mar chuid dá Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 118(1), féadfaidh Ballstát a chinneadh an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

suas le 25 % dá leithdháileadh a aistriú le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna leagan amach in Iarscríbhinn V, san áit inar iomchuí, tar éis na leithdháiltí a asbhaint maidir le cadás arna leagan amach in Iarscríbhinn VIII i leith na mblianta féilire 2023 go dtí 2026 arna chur lena leithdháileadh le haghaidh CETFT sna blianta airgeadais 2024 go 2027; nó

(b) 

suas le 25 % dá leithdháileadh le haghaidh CETFT sna blianta airgeadais 2024 go 2027 a aistriú chuig a leithdháileadh le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna leagan amach in Iarscríbhinn V i leith na mblianta féilire 2023 go dtí 2026.

2.  

An céatadán a aistrítear ó leithdháileadh Ballstáit le haghaidh íocaíochtaí díreacha chuig a leithdháileadh le haghaidh CETFT dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), féadfar é a mhéadú mar a leanas:

(a) 

suas le 15 phointe céatadáin i gcás ina n-úsáidfidh na Ballstáit an méadú comhfhreagrach le haghaidh idirghabhálacha arna maoiniú ag CETFT lena dtugtar aghaidh ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f);

(b) 

suas le 2 phointe céatadáin má úsáidfidh na Ballstáit an méadú comhfhreagrach i gcomhréir le hAirteagal 95(1), pointe (b).

3.  
An céatadán a aistrítear ó leithdháileadh Ballstáit le haghaidh CETFT chuig a leithdháileadh le haghaidh íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), féadfar é a mhéadú go 30 % i gcás Ballstáit a bhfuil a gcuid íocaíochtaí díreacha in aghaidh an heicteáir faoi bhun 90 % de mheán an Aontais. Déantar an choinníoll sin a chomhlíonadh i gcás na dtíortha seo a leanas: an Bhulgáir, an Eastóin, an Spáinn, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn agus an tSualainn.
4.  
Na cinntí dá dtagraítear i mír 1, leagfar amach leo an céatadán dá dtagraítear i mír 1, mír 2 agus mír 3, agus féadfaidh sin athrú de réir na bliana féilire.
5.  
Féadfaidh na Ballstáit, in 2025, a gcuid cinntí dá dtagraítear i mír 1 a athbhreithniú mar chuid d'iarraidh ar leasú ar a bPleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 119.



TEIDEAL V

PLEAN STRAITÉISEACH CBT



CAIBIDIL I

CEANGLAIS GHINEARÁLTA

Airteagal 104

Pleananna Straitéiseacha CBT

1.  
Déanfaidh na Ballstáit pleananna Straitéiseacha CBT a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo chun tacaíocht ón Aontas a chur chun feidhme arna mhaoiniú ag CEFT agus CETFT chun cuspóirí sonracha a ghnóthú a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2).
2.  
Bunóidh gach Ballstát Plean Straitéiseach CBT amháin le haghaidh iomlán a chríche féin, agus a chuid forálacha bunreachtúla agus institiúideacha á gcur san áireamh aige.

I gcás ina mbunaítear eilimintí den Phlean Straitéiseach CBT ar an leibhéal réigiúnach, déanfaidh an Ballstát an comhleanúnachas agus an chomhsheasmhacht a áirithiú le heilimintí an Phlean Straitéisigh CBT ar an leibhéal náisiúnta. Déanfar na heilimintí a bhunaítear ar an leibhéal réigiúnach a léiriú go hiomchuí sna ranna ábhartha den Phlean Straitéiseach CBT mar a leagtar síos in Airteagal 107.

3.  
Bunaithe ar an anailís SWOT dá dtagraítear in Airteagal 115(2) agus ar mheasúnú ar riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 108, bunóidh na Ballstáit straitéis idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 109 sna Pleananna Straitéiseacha CBT, straitéis ina leagfar síos spriocanna cainníochtúla agus garspriocanna chun na cuspóirí sonracha a ghnóthú arna leagan amach in Airteagal 6(1) agus (2). Déanfar na spriocanna a shocrú trí shraith choiteann táscairí torthaí a úsáid arna leagan amach in Iarscríbhinn I.

Chun na spriocanna sin a ghnóthú, leagfaidh na Ballstáit amach idirghabhálacha bunaithe ar na cineálacha idirghabhála arna leagan síos i dTeideal III.

4.  
Cumhdóidh gach Plean Straitéiseach CBT an tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Airteagal 105

Uaillmhian bhreise maidir le cuspóirí a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid

1.  
Cuirfidh na Ballstáit rompu a rannchuidiú níos mó a dhéanamh ar an iomlán, trína bPleananna Straitéiseacha CBT, agus go háirithe trí eilimintí sa straitéis idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 109(2), pointe (a), chun na cuspóirí sonracha a ghnóthú a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e), agus pointe (f), i gcomparáid lena ndéantar ar an iomlán chun an cuspóir a ghnóthú arna leagan síos in Airteagal 110(2), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 trí thacaíocht a fháil faoi CEFT agus faoi CETFT sa tréimhse 2014 go dtí 2020.
2.  
Míneoidh na Ballstáit ina bPleananna Straitéiseacha CBT, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil, an dóigh a mbeidh sé beartaithe acu rannchuidiú níos mó a dhéanamh ar an iomlán arna leagan amach i mír 1. Bunófar an míniú sin ar fhaisnéis ábhartha, amhail na heilimintí dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointí (a) go (f), agus in Airteagal 107(2), pointe (b), chomh maith leis na feabhsuithe a mbeifear ag súil leo in aghaidh na dtáscairí ábhartha tionchair a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 106

Ceanglais nós imeachta

1.  
Déanfaidh na Ballstáit na Pleananna Straitéiseacha CBT a dhréachtú ar bhonn nósanna imeachta trédhearcacha, i gcás inarb infheidhme, i gcomhar lena réigiúin, i gcomhréir lena gcreat institiúideach agus dlíthiúil.
2.  

Áiritheoidh comhlacht an Bhallstáit atá freagrach as an bPlean Straitéiseach CBT a dhréachtú an méid seo a leanas:

(a) 

i gcás inarb infheidhme, go mbeidh na húdaráis ábhartha ar an leibhéal réigiúnach rannpháirteach ar dhóigh éifeachtach in ullmhúchán an Phlean Straitéisigh CBT; agus

(b) 

go mbeidh na húdaráis phoiblí inniúla le haghaidh an chomhshaoil agus na haeráide rannpháirteach ar dhóigh éifeachtach in ullmhúchán gnéithe den Phlean Straitéiseach CBT a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an aeráid.

3.  

Eagróidh gach Ballstát comhpháirtíocht leis na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla. Beidh na comhpháirtithe seo a leanas ar a laghad mar chuid den chomhpháirtíocht:

(a) 

údaráis ábhartha ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, chomh maith le húdaráis phoiblí eile, lena n-áirítear údaráis atá inniúil ar shaincheisteanna comhshaoil agus aeráide;

(b) 

comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, lena n-áirítear ionadaithe ón earnáil talmhaíochta;

(c) 

comhlachtaí ábhartha a dhéanann ionadaíocht ar an tsochaí shibhialta agus i gcás inarb ábhartha, comhlachtaí atá freagrach as an gcuimsiú sóisialta, na cearta bunúsacha, an comhionannas inscne agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn.

Tabharfaidh na Ballstáit ar na comhpháirtithe sin a bheith rannpháirteach ar dhóigh éifeachtach in ullmhúchán na bPleananna Straitéiseacha CBT agus rachaidh siad i gcomhairle le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear maidir leis na híoschaighdeáin dá dtagraítear in Airteagal 13, i gcás inarb iomchuí.

4.  
Comhoibreoidh na Ballstáit, lena n-áirítear a réigiúin, i gcás inarb infheidhme, agus an Coimisiún lena áirithiú gur ann do chomhordú éifeachtach i gcur chun feidhme Phleananna Straitéiseacha CBT, agus prionsabail na comhréireachta agus na bainistíochta roinnte á gcur san áireamh acu.
5.  
Déanfar eagrú agus cur chun feidhme na comhpháirtíochta i gcomhréir leis an ngníomh tarmligthe a glacadh ar bhonn Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013.



CAIBIDIL II

INNEACHAR AN PHLEAN STRAITÉISIGH CBT

Airteagal 107

Inneachar an Phlean Straitéisigh CBT

1.  

I ngach ceann de na Pleananna Straitéiseacha CBT beidh ranna faoin méid seo a leanas:

(a) 

an measúnú ar riachtanais;

(b) 

an straitéis idirghabhála;

(c) 

na heilimintí i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha;

(d) 

na íocaíochtaí díreacha, na hidirghabhálacha in earnálacha áirithe agus na hidirghabhálacha i bhforbairt tuaithe arna sonrú sa straitéis;

(e) 

pleananna sprice agus airgeadais;

(f) 

an córas rialachais agus comhordúcháin;

(g) 

na heilimintí lena ndéantar nuachóiriú CBT a áirithiú;

(h) 

i gcás ina mbunaítear eilimintí den Phlean Straitéiseach CBT ar an leibhéal réigiúnach, tuairisc ghairid ar leagan amach na mBallstát, idir náisiúnta agus réigiúnach, agus go háirithe cé na gnéithe a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.

2.  

I ngach ceann de Phleananna Straitéiseacha CBT beidh na hiarscríbhinní seo a leanas:

(a) 

Iarscríbhinn I maidir leis an meastóireacht ex ante agus an measúnú straitéiseach comhshaoil dá dtagraítear i dTreoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 );

(b) 

Iarscríbhinn II maidir leis an anailís SWOT;

(c) 

Iarscríbhinn III maidir leis an gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe;

(d) 

i gcás inarb ábhartha, Iarscríbhinn IV maidir leis an íocaíocht bharrshonrach do chadás;

(e) 

Iarscríbhinn V maidir leis an maoiniú náisiúnta breise dá bhforáiltear laistigh de raon feidhme an Phlean Straitéisigh CBT;

(f) 

i gcás inarb ábhartha, Iarscríbhinn VI maidir le cabhair idirthréimhseach náisiúnta.

3.  
Na rialacha mionsonraithe le haghaidh inneachar na rann agus le haghaidh iarscríbhinní na bPleananna Straitéiseacha CBT dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, leagtar síos in Airteagail 108 go 115 iad.

Airteagal 108

Measúnú ar riachtanais

Áireofar sa mheasúnú ar riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (a) na nithe seo a leanas:

(a) 

achoimre ar an anailís SWOT dá dtagraítear in Airteagal 115(2);

(b) 

sainaithint na riachtanas i ndáil le gach cuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) bunaithe ar an bhfianaise ón anailís SWOT, déanfar tuairisc ar gach riachtanasa eascraíonn as an anailís SWOT, beag beann ar cé acu a thabharfar aghaidh orthu tríd an bPlean Straitéiseach CBT nó nach dtabharfar;

(c) 

maidir leis an gcuspóir sonrach tacú le hioncam feirme inmharthana agus le buanseasmhacht arna leagan amach in Airteagal 6(1), pointe (a), measúnú ar riachtanais i ndáil le dáileadh níos cothroime agus spriocdhíriú níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar íocaíochtaí díreacha, agus i gcás inarb ábhartha, a struchtúr feirme á chur san áireamh, agus i ndáil le bainistiú riosca;

(d) 

i gcás inarb ábhartha, anailís ar riachtanais shonracha limistéar geografach, amhail na réigiúin is forimeallaí, mar aon le limistéir shléibhe agus oileánacha;

(e) 

riachtanais a chur in ord tosaíochta, lena n-áirítear údar fónta na gcinntí arna ndéanamh a thabhairt, lena gcumhdaítear más ábhartha, na cúiseanna maidir le cén fáth nach dtugtar aghaidh ar riachtanais áirithe arna sainaithint nó riachtanais a dtugtar aghaidh orthu go pointe áirithe sa Phlean Straitéiseach CBT.

Maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), cuirfear san áireamh sa mheasúnú ar riachtanais na pleananna náisiúnta comhshaoil agus aeráide a eascraíonn as na gníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII.

Úsáidfidh na Ballstáit, le haghaidh a measúnaithe ar riachtanais sonraí iontaofa a fuarthas le déanaí agus, i gcás ina mbeidh siad ar fáil, atá imdhealaithe de réir inscne.

Airteagal 109

Straitéis idirghabhála

1.  

Le haghaidh gach cuspóra shonraigh a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) agus a dtugtar aghaidh air sa Phlean Straitéiseach CBT, leagfar amach na nithe seo a leanas sa straitéis idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (b):

(a) 

spriocanna agus garspriocanna gaolmhara le haghaidh na dtáscairí toraidh ábhartha arna n-úsáid ag an mBallstát ar bhonn a mheasúnaithe ar riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 108. Tabharfar údar iomchuí maidir leis na spriocanna sin de bhonn an mheasúnaithe ar riachtanais sin. A mhéid a bhaineann leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), gheofar na spriocanna ó eilimintí an mhínithe arna dtabhairt i mír 2, pointe (a), den Airteagal seo;

(b) 

idirghabhálacha, bunaithe ar na cineálacha idirghabhála arna leagan amach i dTeideal III, a cheapfar chun aghaidh a thabhairt ar an gcás ar leith sa limistéar lena mbaineann, agus loighic fhónta le haghaidh idirghabhála á leanúint, agus arna dtacú ag an meastóireacht ex ante dá dtagraítear in Airteagal 139, an anailís SWOT dá dtagraítear in Airteagal 115(2) agus an measúnú ar riachtanais dá dtagraítear in Airteagal 108;

(c) 

eilimintí lena léirítear an chaoi a mbeifear in ann na spriocanna a ghnóthú agus an chaoi a mbeidh siad comhleanúnach le chéile agus comhoiriúnach dá chéile;

(d) 

eilimintí lena léirítear an bonn cirt le leithdháileadh acmhainní airgeadais ar idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT agus go bhfuil sé leordhóthanach chun na spriocanna arna leagan síos a ghnóthú, agus go bhfuil sé comhsheasmhach leis an bplean airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 112.

2.  

Léireofar sa straitéis idirghabhála comhsheasmhacht na straitéise agus comhlántacht na n-idirghabhálacha síos trí na cuspóirí sonracha arna leagan amach in Airteagal 6(1) agus (2) tríd an méid seo a leanas a sholáthar:

(a) 

forléargas ar ailtireacht chomhshaoil agus aeráide an Phlean Straitéisigh CBT ina ndéantar cur síos ar an méid seo a leanas:

(i) 

maidir le gach ceann de na caighdeáin GAEC a liostaítear in Iarscríbhinn III, an chaoi ina gcuirtear caighdeán an Aontais chun feidhme, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas: achoimre ar an gcleachtas ar an bhfeirm, raon feidhme críochach, na cineálacha feirmeoirí agus tairbhithe eile atá faoi réir an chaighdeáin, agus i gcás inar gá, tuairisc ar an gcaoi a rannchuideoidh an cleachtas le príomhchuspóir an chaighdeáin GAEC sin a ghnóthú;

(ii) 

rannchuidiú foriomlán na coinníollachta leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f) a ghnóthú;

(iii) 

an chomhlántacht idir na coinníollacha bunlíne ábhartha, dá dtagraítear in Airteagal 31(5) agus Airteagal 70(3), an choinníollacht agus na hidirghabhálacha éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht don fheirmeoireacht orgánach, lena dtugtar aghaidh ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f);

(iv) 

an chaoi leis an rannchuidiú is mó ar an iomlán arna leagan amach in Airteagal 105 a ghnóthú;

(v) 

an chaoi a bhfuil sé ceaptha go rannchuideoidh ailtireacht chomhshaoil agus aeráide an Phlean Straitéisigh CBT le gnóthú spriocanna náisiúnta fadtéarmacha arna leagan amach sna gníomhartha reachtacha, nó ag eascairt astu, a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, agus a bhfuil sé ceaptha go mbeidh sí comhsheasmhach leis na spriocanna sin;

(b) 

maidir leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (g), forléargas ar na hidirghabhálacha ábhartha agus na coinníollacha sonracha d’fheirmeoirí óga a leagtar amach sa Phlean Straitéiseach CBT amhail iad siúd arna sonrú in Airteagal 26(4), pointe (a), Airteagal 30, Airteagal 73 agus Airteagal 75 agus Airteagal 77(6). Déanfaidh na Ballstáit tagairt d’Airteagal 95 go háirithe nuair a chuirfear an plean airgeadais i láthair i ndáil leis na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear in Airteagal 30, Airteagal 73 agus Airteagal 75. Míneofar, i dtéarmaí ginearálta, san fhorléargas freisin an t-idirghníomhú le hionstraimí náisiúnta d’fhonn an chomhsheasmhacht a fheabhsú idir an tAontas agus gníomhaíochtaí náisiúnta sa réimse sin;

(c) 

míniú maidir leis an gcaoi a bhfuil na hidirghabhálacha faoi thacaíocht ioncaim chúpláilte dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 1, comhsheasmhach le Treoir 2000/60/CE;

(d) 

maidir leis an gcuspóir sonrach a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (a), forléargas ar an gcaoi a dtugtar aghaidh ar an aidhm i ndáil le dáileadh níos cothroime agus spriocdhíriú níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar thacaíocht ioncaim atá le deonú d’fheirmeoirí faoin bPlean Straitéiseach CBT lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, faisnéis lena dtugtar bonn cirt d’úsáid an mhaolaithe dá bhforáiltear in Airteagal 29(1), an dara fomhír. Tabharfar aghaidh freisin san fhorléargas sin, i gcás inarb ábhartha, ar chomhsheasmhacht agus ar chomhlántacht chríochú na tacaíochta bunúsaí ioncaim dá dtagraítear in Airteagal 22(2) le tacaíocht faoi idirghabhálacha eile, go háirithe na híocaíochtaí le haghaidh srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar dá dtagraítear in Airteagal 71;

(e) 

forléargas ar na hidirghabhálacha a bhaineann leis an earnáil, lena n-áirítear an tacaíocht ioncaim chúpláilte dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 1, agus na hidirghabhálacha in earnálacha áirithe dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, lena dtugtar bonn cirt le spriocdhíriú ar na hearnálacha lena mbaineann, liosta na n-idirghabhálacha in aghaidh na hearnála, agus a gcomhlántacht;

(f) 

i gcás inarb ábhartha, míniú maidir le cé na hidirghabhálacha arb é is aidhm leo rannchuidiú le cur chuige comhleanúnach agus comhtháite a áirithiú i ndáil le bainistiú riosca;

(g) 

i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar an idirghníomhú idir na hidirghabhálacha náisiúnta agus réigiúnacha, lena n-áirítear dáileadh na leithdháiltí airgeadais in aghaidh na hidirghabhála agus in aghaidh an chiste;

(h) 

forléargas ar an gcaoi a rannchuidíonn an Plean Straitéiseach CBT le gnóthú an chuspóra shonraigh leas ainmhithe a fheabhsú agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac, a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (i), lena n-áirítear na coinníollacha bunlíne agus an chomhlántacht idir coinníollacht agus na hidirghabhálacha éagsúla;

(i) 

míniú ar an gcaoi a rannchuidíonn na hidirghabhálacha agus na heilimintí atá i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha le simpliú do na tairbhithe deiridh agus an t-ualach riaracháin a laghdú.

3.  
I gcás ina mbunaítear eilimintí den Phlean Straitéiseach CBT ar an leibhéal réigiúnach, áiritheofar leis an straitéis idirghabhála comhleanúnachas agus comhsheasmhacht na n-eilimintí sin le heilimintí an Phlean Straitéisigh CBT a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta.

Airteagal 110

Eilimintí i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha

Sa roinn ar na heilimintí i gcoiteann i roinnt idirghabhálacha dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (c), áireofar na nithe seo a leanas:

(a) 

na sainmhínithe agus na coinníollacha arna soláthar ag na Ballstáit i gcomhlíonadh Airteagal 4, chomh maith leis na híoscheanglais le haghaidh idirghabhálacha i bhfoirm íocaíochtaí díreacha de bhun Airteagal 18;

(b) 

tuairisc ar úsáid an “cúnamh teicniúil” dá dtagraítear in Airteagal 94 agus Airteagal 125 agus tuairisc ar líonraí náisiúnta CBT dá dtagraítear in Airteagal 126;

(c) 

maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), an sainmhíniú ar cheantair thuaithe a úsáidtear sa Phlean Straitéiseach CBT arna chinneadh ag na Ballstáit;

(d) 

faisnéis eile maidir le cur chun feidhme, go háirithe:

(i) 

gearrthuairisc ar an gcaoi a ndéantar luach na dteidlíochtaí íocaíochta a bhunú agus ar fheidhmiú an chúlchiste, i gcás inarb infheidhme;

(ii) 

i gcás inarb ábhartha, an toradh measta ar an laghdú ar íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 17 a úsáid;

(iii) 

an cinneadh agus an bonn cirt atá leis maidir le cur chun feidhme Airteagal 17(4), Airteagal 29(6), agus Airteagal 30(4) den Rialachán seo agus Airteagal 17(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) 2021/2116;

(iv) 

i gcás inarb ábhartha, an cinneadh agus an tuairisc ar a phríomhghnéithe maidir le cur chun feidhme Airteagal 19;

(v) 

forléargas ar an gcomhordú, ar an gcríochú agus ar chomhlántachtaí idir CETFT agus cistí eile ón Aontai atá gníomhach i gceantair thuaithe.

Airteagal 111

Idirghabhálacha

Áireofar an méid seo a leanas sa roinn maidir le gach idirghabháil a shonraítear sa straitéis dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (d), lena n-áirítear na hidirghabhálacha a bhunaítear ar an leibhéal réigiúnach:

(a) 

an cineál idirghabhála ar a bhfuil sé bunaithe;

(b) 

an raon feidhme críochach;

(c) 

dearadh sonrach nó ceanglais na hidirghabhála sin lena n-áirithítear rannchuidiú éifeachtach leis an gcuspóir sonrach nó leis na cuspóirí sonracha sin a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú; maidir le hidirghabhálacha comhshaoil agus idirghabhálacha a bhaineann leis an aeráid, léireofar leis an ngaol leis na ceanglais coinníollachta go bhfuil na cleachtais comhlántach agus nach bhfuil aon fhorluí ann;

(d) 

na coinníollacha cáilitheachta;

(e) 

na táscairí toraidh a leagtar síos in Iarscríbhinn I ar cheart don idirghabháil rannchuidiú go díreach agus go suntasach leo;

(f) 

agus maidir le gach idirghabháil a bhunaítear ar na cineálacha idirghabhála arna liostú in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, an chaoi a ndéantar forálacha ábhartha Iarscríbhinn 2 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht a urramú, arna shonrú in Airteagal 10 den Rialachán seo agus in Iarscríbhinn II den Rialachán seo, agus maidir le gach idirghabháil nach mbunaítear ar na cineálacha idirghabhála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo, cé acu an ndéantar forálacha ábhartha Airteagal 6.5 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht, nó Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis, a urramú nó nach ndéantar, agus má dhéantar, an chaoi chuige sin;

(g) 

táscaire aschuir amháin agus na haschuir bhliantúla atá beartaithe le haghaidh na hidirghabhála, dá dtagraítear in Airteagal 102(5);

(h) 

na haonadmhéideanna aonfhoirmeacha nó na meán-aonadmhéideanna atá beartaithe in aghaidh na bliana dá dtagraítear in Airteagal 102(1) agus, i gcás inarb ábhartha, an t-aonadmhéid uasta nó an t-aonadmhéid íosta atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 102(2) agus (3);

(i) 

míniú ar an gcaoi a socraíodh na méideanna dá dtagraítear i bpointe (h) den mhír seo;

(j) 

i gcás inarb infheidhme:

(i) 

an fhoirm agus an ráta tacaíochta;

(ii) 

modh ríomhaireachta na n-aonadmhéideanna tacaíochta a bheartaítear agus a dheimhniúchán i gcomhréir le hAirteagal 82;

(k) 

an leithdháileadh airgeadais bliantúil le haghaidh na hidirghabhála, dá dtagraítear in Airteagal 101(1) nó, i gcás na n-earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f), an leithdháileadh airgeadais bliantúil le haghaidh na hearnála ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 101(2), lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, miondealú ar mhéideanna atá beartaithe le haghaidh deontas agus méideanna atá beartaithe le haghaidh ionstraimí airgeadais;

(l) 

léiriú maidir le cé acu a thagann nó nach dtagann an idirghabháil faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE agus cé acu atá nó nach bhfuil sí faoi réir measúnú Státchabhrach.

Ní bheidh feidhm ag pointe (e) den chéad fhomhír maidir le hidirghabhálacha faoin gcineál idirghabhála in earnáil na beachadóireachta dá dtagraítear in Airteagal 55(1), pointe (a) agus pointí (c) go (g), maidir le hidirghabhálacha faoin gcineál idirghabhála in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 58(1), pointí (h) go (k), agus maidir leis na gníomhaíochtaí faisnéise agus cur chun cinn le haghaidh scéimeanna cáilíochta faoin gcineál idirghabhála le haghaidh comhair dá dtagraítear in Airteagal 77.

Airteagal 112

Pleananna sprice agus airgeadais

1.  
Is é a bheidh sa phlean sprice dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (e), tábla achoimre ina léireofar na spriocanna agus na garspriocanna dá dtagraítear in Airteagal 109(1), pointe (a).
2.  

Is é a bheidh sa phlean airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (e), tábla forléargais lena bhforáiltear don mhéid a leanas:

(a) 

leithdháiltí an Bhallstáit le haghaidh na cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha dá dtagraítear in Airteagal 87(1) maidir leis na cineálacha idirghabhála in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 88(1), leis na cineálacha idirghabhála in earnáil na beachaireachta dá dtagraítear in Airteagal 88(2) agus maidir leis na cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 89(3), lena sonraítear na méideanna bliantúla agus foriomlána arna gcur i leataobh ag na Ballstáit chun na ceanglais maidir le leithdháiltí íosta airgeadais a leagtar síos in Airteagail 92 go 98 a chomhlíonadh;

(b) 

aistrithe na méideanna dá dtagraítear i bpointe (a) idir cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha agus cineálacha idirghabhála le haghaidh forbairt tuaithe i gcomhréir le hAirteagal 103 agus aon asbhaintí ó leithdháiltí an Bhallstáit i leith na cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha chun méideanna a chur ar fáil le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha eile dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, Roinn 7, i gcomhréir le hAirteagal 88(6);

(c) 

leithdháiltí an Bhallstáit le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnáil na leannlusanna dá dtagraítear in Airteagal 88(3) agus le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnáil na hola olóige agus in earnáil na n-ológ boird dá dtagraítear in Airteagal 88(4), agus mura gcuirtear na cineálacha idirghabhála sin chun feidhme, an cinneadh lena gcuirtear na leithdháiltí comhfhreagracha san áireamh i leithdháileadh an Bhallstáit le haghaidh íocaíochtaí díreacha i gcomhréir le hAirteagal 88(5);

(d) 

i gcás inarb ábhartha, aistriú leithdháiltí Ballstáit as CETFT do thacaíocht faoi InvestEU, i gcomhréir le hAirteagal 81 den Rialachán seo, faoi Rialachán (AE) 2021/783 nó faoi Rialachán (AE) 2021/817 i gcomhréir le hAirteagal 99 den Rialachán seo;

(e) 

i gcás inarb ábhartha, na méideanna a bheartaítear le haghaidh na réigiún is forimeallaí.

3.  

I dteannta mhír 2, déanfar foráil i bplean mionsonraithe airgeadais do gach bliain airgeadais agus arna shloinneadh mar réamh-mheastacháin Ballstáit ar chur i gcrích íocaíochtaí do na táblaí seo a leanas atá i gcomhréir le hAirteagal 111, pointe (g) agus pointe (k):

(a) 

miondealú ar leithdháiltí an Bhallstáit le haghaidh cineálacha idirghabhála i bhfoirm íocaíochtaí díreacha tar éis aistrithe de réir mar a shonraítear i mír 2, pointe (b) agus pointe (c), bunaithe ar leithdháiltí táscacha airgeadais in aghaidh an chineáil idirghabhála agus in aghaidh na hidirghabhála, lena sonraítear i gcás gach idirghabhála na haschuir atá beartaithe, na meán-aonadmhéideanna beartaithe nó na haonadmhéideanna aonfhoirmeacha beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 102(2) agus, i gcás inarb ábhartha, na haonadmhéideanna uasta nó íosta, nó an dá rud, dá dtagraítear in Airteagal 102(2). I gcás inarb infheidhme, áireofar sa mhiondealú méid chúlchiste na dteidlíochtaí íocaíochtaí.

Sonrófar an táirgeadh measta iomlán ar an laghdú ar íocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 17.

Leagfar amach na leithdháiltí táscacha airgeadais sin agus na haschuir atá beartaithe a bhaineann leo agus na meán-aonadmhéideanna comhfhreagracha nó na haonadmhéideanna aonfhoirmeacha atá beartaithe, agus an táirgeadh measta ar laghdú na n-íocaíochtaí, dá dtagraítear in Airteagal 17 agus Airteagal 87(3), á chur san áireamh, sula ndéanfar laghdú na n-íocaíochtaí;

(b) 

miondealú ar na leithdháiltí do na cineálacha idirghabhála dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, in aghaidh na hidirghabhála agus beidh léiriú ann ar na haschuir atá beartaithe nó i gcás na n-earnálacha dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (a), (d), (e) agus (f), an leithdháileadh táscach airgeadais in aghaidh na hearnála agus beidh léiriú ann ar na haschuir atá beartaithe arna shloinneadh mar líon na gclár oibríochtúil in aghaidh na hearnála;

(c) 

miondealú ar leithdháiltí an Bhallstáit le haghaidh forbairt tuaithe tar éis aistrithe chuig íocaíochtaí díreacha agus uathu, de réir mar a shonraítear i bpointe (b), in aghaidh an chineáil idirghabhála agus in aghaidh na hidirghabhála, lena n-áirítear na suimeanna iomlána do thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, agus léireofar freisin an ráta ranníocaíochta CETFT is infheidhme, arna mhiondealú in aghaidh na hidirghabhála agus in aghaidh an chineáil réigiúin i gcás inarb infheidhme. I gcás ina n-aistrítear cistí ó íocaíochtaí díreacha, sonrófar an idirghabháil/na hidirghabhálacha nó cuid den idirghabháil arna mhaoiniú ag an aistriú sin. Sonrófar sa tábla sin freisin na haschuir atá beartaithe in aghaidh na hidirghabhála agus na meán-aonadmhéideanna nó na haonadmhéideanna aonfhoirmeacha atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 102(1), mar aon leis, i gcás inarb ábhartha, na haonadmhéideanna uasta atá beartaithe dá dtagraítear in Airteagal 102(3). I gcás inarb infheidhme, áireofar sa tábla freisin miondealú ar na deontais agus ar na méideanna atá beartaithe le haghaidh ionstraimí airgeadais. Sonrófar ann na méideanna le haghaidh cúnamh teicniúil freisin.

Airteagal 113

Córais rialachais agus chomhordúcháin

Sa roinn ar na córais rialachais agus chomhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (f), áireofar:

(a) 

sainaithint na gcomhlachtaí rialachais uile dá dtagraítear i dTeideal II, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2116, chomh maith leis an údarás bainistíochta náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, leis na húdaráis bhainistíochta réigiúnacha;

(b) 

sainaithint na gcomhlachtaí idirmheánacha agus an ról atá acu, dá dtagraítear in Airteagal 123(4) den Rialachán seo;

(c) 

faisnéis maidir leis na córais rialaithe agus na pionóis dá dtagraítear i dTeideal IV de Rialachán (AE) 2021/2116 lena n-áirítear:

(i) 

an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe dá dtagraítear i dTeideal IV, Caibidil II, de Rialachán (AE) 2021/2116;

(ii) 

an córas rialaithe agus pionóis maidir le coinníollacht dá dtagraítear i dTeideal IV, Caibidlí IV agus V, de Rialachán (AE) 2021/2116;

(iii) 

na comhlachtaí rialaithe inniúla atá freagrach as na seiceálacha;

(d) 

forléargas ar an struchtúr faireacháin agus tuairiscithe.

Airteagal 114

Nuachóiriú

An roinn ar ar na heilimintí lena n-áirithítear nuachóiriú CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(1), pointe (g), tabharfaidh sí aird ar eilimintí den Phlean Straitéiseach CBT, eilimintí a thacaíonn le nuachóiriú na talmhaíochta agus ceantar tuaithe agus CBT, agus áireofar inti an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

forléargas ar an gcaoi a rannchuideoidh an Plean Straitéiseach CBT leis an gcuspóir trasghearrtha a leagtar amach in Airteagal 6(2) a ghnóthú, go háirithe tríd an méid seo a leanas:

(i) 

tuairisc ar leagan amach eagraíochtúil AKIS;

(ii) 

tuairisc ar an gcaoi a n-oibreoidh seirbhísí comhairleacha dá dtagraítear in Airteagal 15, taighde agus líonra náisiúnta CBT dá dtagraítear in Airteagal 126 i gcomhar le chéile chun comhairle, sreafaí eolais agus seirbhísí nuálaíochta a chur ar fáil, agus ar an gcaoi a ndéanfar na gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht faoi idirghabhálacha de bhun Airteagal 78 nó faoi idirghabhálacha eile a chomhtháthú in AKIS;

(b) 

tuairisc ar an straitéis le haghaidh forbairt teicneolaíochtaí digiteacha sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe agus le haghaidh úsáid na dteicneolaíochtaí sin chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT a fheabhsú.

Airteagal 115

Iarscríbhinní

1.  
In Iarscríbhinn I a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(2), pointe (a), áireofar achoimre ar phríomhthorthaí na meastóireachta ex ante dá dtagraítear in Airteagal 139 agus an mheasúnaithe straitéisí comhshaoil dá dtagraítear i dTreoir 2001/42/CE agus ar an gcaoi ar tugadh aghaidh orthu nó údar maidir leis an gcúis nár cuireadh san áireamh iad, agus nasc chuig tuarascáil iomlán na meastóireachta ex ante agus an tuarascáil ar an measúnú straitéiseach comhshaoil.
2.  
Áireofar in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(2), pointe (b), anailís SWOT ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir leis an réimse a chumhdaítear faoin bPlean Straitéiseach CBT.

Bunófar an anailís SWOT ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir leis an réimse a chumhdaítear faoin bPlean Straitéiseach CBT agus, maidir le gach cuspóir arna leagan amach in Airteagal 6(1) agus (2), beidh tuairisc iomlán ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir leis an limistéar a chumhdaítear faoin bPlean Straitéiseach CBT, bunaithe ar tháscairí comhthéacs coiteanna agus ar fhaisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil eile atá cothrom le dáta amhail staidéir, tuarascálacha meastóireachta arna ndéanamh roimhe, anailís earnála agus ceachtanna arna bhfoghlaim trí thaithí a fuarthas roimhe.

I gcás inarb ábhartha, áireofar san anailís SWOT anailís ar ghnéithe críochacha, lena n-áirítear sainiúlachtaí réigiúnacha, ina dtabharfar aird ar na críocha sin ar spriocdhíríodh isteach orthu go sonrach trí idirghabhálacha, agus anailís ar ghnéithe earnála, go háirithe do na hearnálacha sin atá faoi réir idirghabhálacha sonracha nó cláir shonracha.

Ina theannta sin, tabharfaidh an tuairisc sin aird, go háirithe, ar na nithe a leanas i ndáil le gach cuspóir ginearálta agus sonrach a leagtar amach in Airteagal 5 agus Airteagal 6(1) agus (2):

(a) 

láidreachtaí arna sainaithint i réimse an Phlean Straitéisigh CBT;

(b) 

laigí arna sainaithint i réimse an Phlean Straitéisigh CBT;

(c) 

deiseanna arna sainaithint i réimse an Phlean Straitéisigh CBT;

(d) 

bagairtí arna sainaithint i réimse an Phlean Straitéisigh CBT.

Maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (d), pointe (e) agus pointe (f), déanfaidh an anailís SWOT tagairt do na pleananna náisiúnta a eascraíonn as na gníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII.

Maidir leis an gcuspóir sonrach, a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (g), áireofar san anailís SWOT anailís ghearr ar rochtain ar thalamh, soghluaisteacht talún agus athstruchtúrú talún, inrochtaineacht maoinithe agus creidiúintí, agus rochtain ar eolas agus comhairle.

Maidir leis an gcuspóir trasghearrtha a leagtar amach in Airteagal 6(2), soláthróidh an anailís SWOT faisnéis ábhartha freisin faoi fheidhmiú AKIS agus struchtúir ghaolmhara eile.

3.  
Áireofar in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(2), pointe (c), torthaí na gcomhairliúchán a rinneadh leis na comhpháirtithe, agus go háirithe leis na húdaráis ábhartha ag an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus gearrthuairisc ar an gcaoi a ndearnadh an comhairliúchán.
4.  
In Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(2), pointe (d), soláthrófar gearrthuairisc ar an íocaíocht bharrshonrach do chadás agus ar a comhlántacht le hidirghabhálacha eile den Phlean Straitéiseach CBT.
5.  

In Iarscríbhinn V a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(2), pointe (e), beidh na nithe seo a leanas:

(a) 

gearrthuairisc ar mhaoiniú breise náisiúnta le haghaidh idirghabhálacha i bhforbairt tuaithe a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil IV, a chuirtear ar fáil laistigh de raon feidhme an Phlean Straitéisigh CBT, lena n-áirítear méideanna in aghaidh na hidirghabhála agus léiriú ar chomhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo;

(b) 

míniú ar an gcomhlántacht le hidirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT;

(c) 

léiriú maidir le cé acu an dtagann an maoiniú breise náisiúnta faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE nó nach dtagann agus an bhfuil sé faoi réir mheasúnú Státchabhrach nó nach bhfuil; agus

(d) 

an cúnamh airgeadais náisiúnta in earnáil na dtorthaí agus na nglasraí dá dtagraítear in Airteagal 53.

6.  

Beidh an fhaisnéis seo a leanas maidir le cabhair idirthréimhseach náisiúnta in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(2), pointe (f):

(a) 

an t-imchlúdach airgeadais bliantúil earnáilsonrach i dtaca le gach earnáil a ndéantar cabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú ina leith;

(b) 

i gcás inarb ábhartha, an t-uasráta aonaid tacaíochta i dtaca le gach bliain den tréimhse;

(c) 

i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir leis an tréimhse thagartha arna modhnú i gcomhréir le hAirteagal 147(2), an dara fomhír;

(d) 

gearrthuairisc ar chomhlántacht na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta le hidirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT.

Airteagal 116

Cumhachtaí tarmligthe le haghaidh inneachar an Phlean Straitéisigh CBT

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 suas go dtí an 31 Nollaig 2023 lena leasaítear an Chaibidil seo a mhéid a bhaineann le hinneachar an Phlean Straitéisigh CBT agus na hiarscríbhinní a ghabhann leis. Beidh na gníomhartha tarmligthe sin teoranta go docht d’aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna a bhíonn ag na Ballstáit.

Airteagal 117

Cumhachtaí cur chun feidhme le haghaidh inneachar an Phlean Straitéisigh CBT

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le cur i láthair na n-eilimintí a gcuirtear síos orthu in Airteagail 108 go 115 i bPleananna Straitéiseacha CBT. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).



CAIBIDIL III

AN PLEAN STRAITÉISEACH CBT A FHORMHEAS AGUS A LEASÚ

Airteagal 118

An Plean Straitéiseach CBT a fhormheas

1.  
Cuirfidh gach Ballstát togra faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh Plean Straitéiseach CBT, ina mbeidh an t-inneachar dá dtagraítear in Airteagal 107, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2022.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an bPlean Straitéiseach CBT atá beartaithe a mhéid a bhaineann lena iomláine, a chomhleanúnachas agus a chomhsheasmhacht le prionsabail ghinearálta dhlí an Aontais, leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun agus le Rialachán (AE) 2021/2116, maidir lena éifeachtacht ó thaobh cur leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú agus lena thionchar ar fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh agus saobhadh an iomaíochais agus ar leibhéal an ualaigh riaracháin ar thairbhithe agus ar riarachán. Tabharfaidh an measúnú aghaidh, go háirithe, ar leordhóthanacht straitéis an Phlean Straitéisigh CBT, ar na cuspóirí sonracha comhfhreagracha, spriocanna, idirghabhálacha agus leithdháileadh acmhainní buiséadacha chun cuspóirí sonracha an Phlean Straitéisigh CBT a chomhlíonadh trí na hidirghabhálacha a bheartaítear ar bhonn na hanailíse SWOT agus na meastóireachta ex ante.
3.  
Ag brath ar thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 2, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a chur in iúl do na Ballstáit laistigh de 3 mhí ón dáta a gcuirfear an Plean Straitéiseach CBT faoina bhráid.

Soláthróidh an Ballstát gach faisnéis bhreise is gá don Choimisiún agus, i gcás inarb iomchuí, athbhreithneoidh sé an plean atá beartaithe.

4.  
Formheasfaidh an Coimisiún an Plean Straitéiseach CBT atá beartaithe ar choinníoll gur cuireadh an fhaisnéis is gá faoina bhráid agus go bhfuil an Plean comhoiriúnach d’Airteagal 9 agus do na ceanglais eile a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2021/2116 mar aon leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá mbun. Bunófar an formheas go heisiach ar ghníomhartha atá ceangailteach ó thaobh dlí ar na Ballstáit.
5.  
Déanfar gach Plean Straitéiseach CBT a fhormheas tráth nach déanaí ná 6 mhí tar éis don Bhallstát lena mbaineann é a thíolacadh.

Ní chumhdófar leis an bhformheas an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 113, pointe (c), agus in Iarscríbhinní I go IV a ghabhann leis an bPlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear in Airteagal 107(2), pointí (a) go (d).

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh Ballstát iarraidh ar an gCoimisiún Plean Straitéiseach CBT nach bhfuil na heilimintí uile ann a fhormheas. Sa chás sin, cuirfidh an Ballstát lena mbaineann in iúl cé na codanna den Phlean Straitéiseach CBT atá in easnamh agus soláthróidh sé spriocanna táscacha agus pleananna airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 112 le haghaidh an Phlean Straitéisigh iomláin CBT chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht iomlán an phlean a léiriú. Cuirfear na heilimintí den Phlean Straitéiseach CBT atá in easnamh faoi bhráid an Choimisiún mar leasú ar an bplean i gcomhréir le hAirteagal 119 laistigh de thréimhse nár cheart a bheith níos faide ná 3 mhí ó dháta fhormheasa an Phlean Straitéisigh CBT.

6.  
Déanfaidh an Coimisiún gach Plean Straitéiseach CBT a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme gan an nós imeachta choiste dá dtagraítear in Airteagal 153 a chur i bhfeidhm.
7.  
Ní bheidh éifeachtaí dlí ag na Pleananna Straitéiseacha CBT ach amháin go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún iad a fhormheas.

Airteagal 119

An Plean Straitéiseach CBT a leasú

1.  
Féadfaidh na Ballstáit iarrataí a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun a bPleananna Straitéiseacha CBT a leasú.
2.  
Beidh údar cuí leis na hiarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT agus leagfar amach iontu, go háirithe, an tionchar a mbeifear ag súil leis ó na hathruithe ar an bplean maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú. Beidh an plean leasaithe ag gabháil leo lena n-áirítear na hiarscríbhinní nuashonraithe de réir mar is iomchuí.
3.  
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an leasaithe leis an Rialachán seo agus leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá bhun chomh maith le Rialachán (AE) 2021/2116 agus a rannchuidiú éifeachtach leis na cuspóirí sonracha a ghnóthú.
4.  
Formheasfaidh an Coimisiún an leasú a iarradh ar Phlean Straitéiseach CBT ar choinníoll gur cuireadh an fhaisnéis is gá faoina bhráid agus go bhfuil an plean leasaithe comhoiriúnach d’Airteagal 9 agus do na ceanglais eile a leagtar amach sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2021/2116, mar aon leis na gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme arna nglacadh dá mbun.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún a chuid barúlacha a thabhairt ina leith laistigh de 30 lá ón dáta a cuireadh isteach an iarraidh ar leasú an Phlean Straitéisigh CBT. Soláthróidh an Ballstát an fhaisnéis bhreise ar fad is gá don Choimisiún.
6.  
Déanfar iarraidh ar leasú ar Phlean Straitéiseach CBT a fhormheas tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis don Bhallstát í a chur isteach.
7.  
Féadfar iarraidh ar leasú an Phlean Straitéisigh CBT a thíolacadh uair amháin in aghaidh na bliana féilire faoi réir díolúintí a d’fhéadfadh a bheith ann dá bhforáiltear sa Rialachán seo nó arna gcinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 122. Ina theannta sin, féadfar trí iarraidh bhreise ar leasú an Phlean Straitéisigh CBT a thíolacadh le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le hiarrataí ar leasuithe chun na heilimintí atá in easnamh a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 118(5).

Ní chuirfear iarraidh ar leasú an Phlean Straitéisigh CBT a bhaineann le hAirteagal 17(5), Airteagal 88(7), agus Airteagal 103(5) agus Airteagal 120 san áireamh i leith na teorann a leagtar síos sa chéad fhomhír den mhír seo.

8.  
Gabhfaidh éifeacht le leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a bhaineann le hAirteagal 17(5), Airteagal 88(7) nó Airteagal 103(1) i ndáil le CERT ón 1 Eanáir den bhliain féilire tar éis na bliana a d’fhormheas an Coimisiún an iarraidh ar leasú agus tar éis an leasú comhfhreagrach a dhéanamh ar na leithdháiltí i gcomhréir le hAirteagal 87(2).

Gabhfaidh éifeacht lé hiarraidh ar leasú an Phlean Straitéisigh CBT a bhaineann le hAirteagal 96(1) i ndáil le CETFT tar éis don Choimisiún í a fhormheas agus tar éis an leasú faoi seach a dhéanamh ar na leithdháiltí i gcomhréir le hAirteagal 89(4).

Gabhfaidh éifeacht le leasú an Phlean Straitéisigh CBT a bhaineann le CERT, cé is moite do na leasuithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, ó dháta a chinnfidh an Ballstát, dáta a bheidh níos déanaí ná dáta formheasa an iarraidh ar leasú ag an gCoimisiún. Féadfaidh na Ballstáit dáta éagsúil nó dátaí éagsúla éifeachta a shocrú do gach eilimint éagsúil sa leasú. Agus an dáta sin á chinneadh acu, cuirfidh na Ballstáit san áireamh na teorainneacha ama a bhaineann leis an nós imeachta formheasa a leagtar síos san Airteagal seo agus an gá go mbeidh dóthain ama ag feirmeoirí agus tairbhithe eile an leasú a chur san áireamh. Sonróidh an Ballstát an dáta beartaithe i dteannta na hiarrata an Plean Straitéiseach CBT a leasú agus beidh sé faoi réir fhormheas an Choimisiúin i gcomhréir le mír 10 den Airteagal seo.

9.  
De mhaolú ar mhíreanna 2 go 8, mír 10 agus mír 11 den Airteagal seo, féadfaidh na Ballstáit, ag aon tráth, modhnuithe a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm ar eilimintí dá bPleananna Straitéiseacha CBT a bhaineann le hidirghabhálacha faoi Theideal III, Caibidil IV, lena n-áirítear coinníollacha incháilitheachta na n-idirghabhálacha sin, nach n-eascróidh astu athruithe ar na spriocanna dá dtagraítear in Airteagal 109(1), pointe (a). Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi na modhnuithe sin faoin tráth a thosóidh siad á gcur i bhfeidhm agus áireoidh siad sa chéad iarraidh eile ar leasú an Phlean Straitéisigh CBT iad i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo.
10.  
Déanfaidh an Coimisiún gach leasú ar an bPlean Straitéiseach CBT a fhormheas trí bhíthin cinneadh cur chun feidhme gan an nós imeachta coiste dá dtagraítear in Airteagal 153 a chur i bhfeidhm.
11.  
Gan dochar d’Airteagal 86, ní bheidh éifeachtaí dlí ag leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT go dtí go ndéanfaidh an Coimisiún iad a fhormheas.
12.  
Ceartúcháin de chineál cléireachais nó earráidí follasacha nó ceartúcháin eagarthóireachta amháin nach ndéanfaidh difear do chur chun feidhme an bheartais agus na hidirghabhála, ní mheasfar iad a bheith mar a bheadh iarraidh ar leasú faoin Airteagal seo. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir leis na ceartúcháin sin.

Airteagal 120

Na Pleananna Straitéiseacha CBT a athbhreithniú

Nuair a leasófar aon cheann de na gníomhartha reachtacha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, déanfaidh gach Ballstát measúnú féachaint ar cheart a Phlean Straitéiseach CBT féin a leasú dá réir, go háirithe an míniú dá dtagraítear in Airteagal 109(2), pointe (a)(v), agus na heilimintí breise den Phlean Straitéiseach CBT dá dtagraítear sa mhíniú sin. Laistigh de 6 mhí tar éis an spriocdháta chun an leasú a thrasuí i gcás Treoir a liostaítear in Iarscríbhinn XIII nó laistigh de 6 mhí tar éis dháta chur i bhfeidhm an leasaithe i gcás Rialachán a liostaítear in Iarscríbhinn XIII, tabharfaidh gach Ballstát fógra don Choimisiún maidir le toradh a mheasúnaithe, a ngabhfaidh míniú leis agus, más gá, tíolacfaidh sé iarraidh ar a Phlean Straitéiseach CBT a leasú i gcomhréir le hAirteagal 119(2).

Airteagal 121

Teorainneacha ama a ríomh le haghaidh gníomhaíochtaí de chuid an Choimisiúin

Chun críocha na Caibidle seo, i gcás ina leagfar síos teorainn ama le haghaidh gníomhaíocht de chuid an Choimisiúin, cuirfear tús leis an tréimhse ama lena mbaineann nuair a thíolacfar an fhaisnéis uile a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus na forálacha a ghlactar dá bhun.

Ní áireofar na nithe seo a leanas sa teorainn ama sin:

(a) 

an tréimhse a thosóidh ar an dáta i ndiaidh an dáta ar a seolfaidh an Coimisiún a bhreathnóireachtaí nó a iarraidh ar dhoiciméid athbhreithnithe chuig an mBallstát agus a chríochnóidh ar an dáta a thabharfaidh an Ballstát freagra don Choimisiún;

(b) 

maidir le leasuithe a bhaineann le hAirteagal 17(5), le hAirteagal 88(7) agus le hAirteagal 103(5), an tréimhse chun an gníomh tarmligthe a ghlacadh chun na leithdháiltí a leasú i gcomhréir le hAirteagal 87(2).

Airteagal 122

Cumhachtaí tarmligthe a bhaineann le leasuithe ar Phleananna Straitéiseacha CBT

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 lena bhforlíontar an Chaibidil seo a mhéid a bhaineann leis an méid seo a leanas:

(a) 

nósanna imeachta agus teorainneacha ama maidir le hiarrataí ar leasú ar Phleananna Straitéiseacha CBT a thíolacadh;

(b) 

cásanna breise a chinneadh, ar cásanna iad nach gcuirfear san áireamh maidir leis an líon uasta leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 119(7).



TEIDEAL VI

COMHORDÚ AGUS RIALACHAS

Airteagal 123

An t-údarás bainistíochta

1.  
Ainmneoidh gach Ballstát údarás bainistíochta náisiúnta le haghaidh a Phlean Straitéisigh CBT.

Féadfaidh na Ballstáit, agus iad ag tabhairt aird ar a gcuid forálacha bunreachtúla agus institiúideacha, údaráis bhainistíochta réigiúnacha a ainmniú a bheidh freagrach as roinnt de na cúraimí, nó iad ar fad, dá dtagraítear i mír 2.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar an córas ábhartha bainistithe agus rialaithe ar bhealach lena ndéantar leithdháileadh soiléir agus deighilt shoiléir feidhmeanna idir an t-údarás bainistíochta náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, údaráis bhainistíochta réigiúnacha agus comhlachtaí eile a áirithiú. Beidh na Ballstáit freagrach as a áirithiú go bhfeidhmeoidh an córas go héifeachtach i rith thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT.

2.  

Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as bainistiú agus cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT ar bhealach éifeachtúil, éifeachtach agus ceart. Áiritheoidh sé, go háirithe, an méid seo a leanas:

(a) 

go mbeidh córas leictreonach faisnéise ann dá dtagraítear in Airteagal 130;

(b) 

i gcás feirmeoirí, tairbhithe eile agus comhlachtaí eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme idirghabhálacha:

(i) 

go gcoinneofar ar an eolas iad faoina gcuid oibleagáidí a eascraíonn as an gcabhair a thugtar, agus go gcoinneofar córas cuntasaíochta ar leith nó cód cuntasaíochta leordhóthanach le haghaidh gach idirbheart a bhaineann le hoibríocht, i gcás inarb ábhartha;

(ii) 

go bhfuil siad ar an eolas faoi na ceanglais maidir le soláthar sonraí don údarás bainistíochta agus taifeadadh aschur agus torthaí;

(c) 

go dtabharfar do na feirmeoirí agus na tairbhithe eile lena mbaineann, i gcás inarb iomchuí trí mheán leictreonach, faisnéis shoiléir chruinn ar na ceanglais reachtúla bhainistithe agus ar na híoschaighdeáin GAEC arna mbunú de bhun Theideal III, Caibidil I, Roinn 2, agus ar na ceanglais a bhaineann le coinníollacht shóisialta arna bunú de bhun Theideal III, Caibidil I, Roinn 3, a chuirfear i bhfeidhm ar leibhéal na feirme;

(d) 

go mbeidh an mheastóireacht ex ante dá dtagraítear in Airteagal 139 i gcomhréir leis an gcóras meastóireachta agus faireacháin agus go gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í;

(e) 

go mbeidh an plean meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal 140(4) curtha ar bun agus go ndéanfar na meastóireachtaí ex post dá dtagraítear san Airteagal sin laistigh de na teorainneacha ama a leagtar síos sa Rialachán seo, a áirithiú go ndéanfar meastóireachtaí den sórt sin i gcomhréir leis an gcóras faireacháin agus meastóireachta agus go gcuirtear faoi bhráid an choiste faireacháin agus faoi bhráid an Choimisiúin iad;

(f) 

go ndéanfar faisnéis agus doiciméid atá ag teastáil le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT i bhfianaise a chuspóirí sonracha agus a thosaíochtaí, a sholáthar don choiste faireacháin;

(g) 

go ndéanfar an tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a tharraingt suas, lena n-áirítear táblaí faireacháin chomhiomlána, agus, tar éis an tuarascáil a chur faoi bhráid an choiste faireacháin le haghaidh tuairime, go gcuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í i gcomhréir le hAirteagal 9(3), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2021/2116;

(h) 

go ndéanfar gníomhaíochtaí ábhartha leantacha bunaithe ar bharúlacha an Choimisiúin maidir leis na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht;

(i) 

go bhfaighidh an ghníomhaireacht íocaíochta an fhaisnéis iomchuí uile, go háirithe ar na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm agus ar aon rialuithe a dtugtar fúthu maidir le hidirghabhálacha a roghnaítear le haghaidh cistiúcháin, sula gceadófar íocaíochtaí;

(j) 

tairbhithe faoi idirghabhálacha arna maoiniú ag CETFT, amach ó idirghabhálacha a bhaineann le ceantair agus ainmhithe, an tacaíocht arna fáil a aithint, lena n-áirítear úsáid iomchuí shuaitheantas an Aontais i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos ag an gCoimisiún i gcomhréir le mír 5;

(k) 

go ndéanfar poiblíocht le haghaidh an Phlean Straitéisigh CBT, lena n-áirítear tríd an líonra náisiúnta CBT tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

(i) 

tairbhithe ionchasacha, eagraíochtaí gairmiúla, na comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, comhlachtaí a bhfuil baint acu le comhionannas idir fir agus mná a chur chun cinn, agus na heagraíochtaí neamhrialtasacha lena mbaineann, lena n-áirítear eagraíochtaí comhshaoil a chur ar an eolas faoi na féidearthachtaí atá á dtairiscint tríd an bPlean Straitéiseach CBT agus faoi na rialacha maidir le rochtain a fháil ar chistiú ón bPlean Straitéiseach CBT agus

(ii) 

feirmeoirí, tairbhithe eile agus an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas faoin tacaíocht ón Aontas don talmhaíocht agus d’fhorbairt tuaithe tríd an bPlean Straitéiseach CBT.

Maidir le tacaíocht arna maoiniú ag CERT, de réir mar is iomchuí, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis an údarás bainistíochta chun úsáid a bhaint as na huirlisí infheictheachta agus cumarsáide agus as na struchtúir arna n-úsáid ag CETFT.

3.  
I gcás ina bhfuil údaráis bhainistíochta réigiúnacha dá dtagraítear i mír 1, an dara fomhír, freagrach as na cúraimí dá dtagraítear i mír 2, áiritheoidh an t-údarás bainistíochta náisiúnta comhordú iomchuí idir na húdaráis sin d’fhonn comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a ráthú i ndáil le ceapadh agus cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT.
4.  
Féadfaidh an t-údarás bainistíochta náisiúnta nó, i gcás inarb ábhartha, na húdaráis bhainistíochta réigiúnacha, cúraimí a tharmligean chuig comhlachtaí idirmheánacha. Sa chás sin, coinneoidh an t-údarás bainistíochta a dhéanann an tarmligean freagracht iomlán as éifeachtúlacht agus ceartaiseacht bhainistiú agus chur chun feidhme na gcúraimí sin agus áiritheoidh sé go bhfuil forálacha iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh sé ar chumas an chomhlachta idirmheánaigh gach sonraí agus faisnéis is gá a fháil chun na cúraimí sin a chur i gcrích.
5.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos coinníollacha aonfhoirmeacha chun go gcuirfear i bhfeidhm na ceanglais faisnéise, phoiblíochta agus infheictheachta dá dtagraítear i mír 2, pointe (j) agus pointe (k).Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).

Airteagal 124

Coiste faireacháin

1.  
Bunóidh gach Ballstát coiste náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT laistigh de 3 mhí ón dáta a thugtar fógra don Bhallstát faoin gcinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena bhformheastar Plean Straitéiseach CBT.

Glacfaidh gach coiste faireacháin a rialacha nós imeachta, lena n-áireofar na forálacha maidir leis an gcomhordú le coistí faireacháin réigiúnacha nuair a bhunaítear iad i gcomhréir le mír 5, maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus maidir le prionsabal na trédhearcachta a chur i bhfeidhm.

Tiocfaidh an coiste faireacháin le chéile uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana agus déanfaidh sé athbhreithniú ar na saincheisteanna uile a dhéanann difear do dhul chun cinn an Phlean Straitéisigh CBT i dtaca lena spriocanna a ghnóthú.

Foilseoidh gach Ballstát na rialacha nós imeachta agus tuairimí an choiste faireacháin.

2.  
Cinnfidh gach Ballstát comhdhéanamh an choiste faireacháin agus áiritheoidh sé go mbeidh ionadaíocht chothrom ar na húdaráis phoiblí ábhartha agus ar chomhlachtaí idirmheánacha agus ar ionadaithe na gcomhpháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 106(3).

Beidh vóta ag gach comhalta den choiste faireacháin.

Foilseoidh an Ballstát liosta chomhaltaí an choiste faireacháin ar líne.

Beidh ionadaithe ón gCoimisiún rannpháirteach in obair an choiste faireacháin i gcáil chomhairleach.

3.  

Déanfaidh an coiste faireacháin an méid seo a leanas a scrúdú go háirithe:

(a) 

dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT agus maidir le gnóthú na ngarspriocanna agus na spriocanna;

(b) 

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT agus na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin, lena n-áirítear dul chun cinn i dtreo simpliú agus laghdú an ualaigh riaracháin ar thairbhithe deiridh;

(c) 

eilimintí an mheasúnaithe ex ante a liostaítear in Airteagal 58(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 agus an doiciméid straitéise dá dtagraítear in Airteagal 59(1) den Rialachán sin;

(d) 

an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh meastóireachtaí agus sintéis meastóireachtaí a dhéanamh agus aon bhearta leantacha mar gheall ar na torthaí;

(e) 

faisnéis ábhartha a bhaineann le feidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT arna soláthar ag an líonra náisiúnta CBT;

(f) 

cur chun feidhme gníomhaíochtaí cumarsáide agus infheictheachta;

(g) 

fothú acmhainneachta riaracháin i gcás údaráis phoiblí agus feirmeoirí agus tairbhithe eile, i gcás inarb ábhartha.

4.  

Déanfaidh an coiste faireacháin a thuairim a thabhairt maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

an mhodheolaíocht agus na critéir a úsáidtear chun na hoibríochtaí a roghnú;

(b) 

na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht;

(c) 

an plean meastóireachta agus aon leasuithe air;

(d) 

aon togra ón údarás bainistíochta maidir le leasú an Phlean Straitéisigh CBT.

5.  
I gcás ina mbunaítear eilimintí ar an leibhéal réigiúnach, féadfaidh an Ballstát lena bhaineann coistí faireacháin réigiúnacha a chur ar bun chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na n-eilimintí réigiúnacha sin agus chun faisnéis ina leith sin a sholáthar don choiste faireacháin náisiúnta. Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir leis na coistí faireacháin réigiúnacha sin, i ndáil leis na heilimintí a bhunaítear ar an leibhéal réigiúnach.

Airteagal 125

Cúnamh teicniúil ar thionscnamh Ballstáit

1.  
Ar thionscnamh Ballstáit, féadfaidh CETFT tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil gá leo le haghaidh riar agus chur chun feidhme éifeachtach na tacaíochta i ndáil leis an bPlean Straitéiseach CBT, lena n-áirítear na líonraí náisiúnta CBT dá dtagraítear in Airteagal 126(1) a bhunú agus a oibriú. Féadfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa mhír seo a bheith ag baint le clárthréimhsí a bhí ann roimhe seo agus le tréimhsí den Phlean Straitéiseach CBT ina dhiaidh sin.
2.  
Féadfar tacú le gníomhaíochtaí údarás an Chiste Cheannasaigh i gcomhréir le hAirteagal 31(4), (5) agus (6) de Rialachán (AE) 2021/1060 freisin, ar choinníoll go mbainfidh LEADER le tacaíocht ó CETFT.
3.  
Ní dhéanfar comhlachtaí deimhniúcháin a mhaoiniú trí chúnamh teicniúil ar thionscnamh Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 126

Líonraí náisiúnta agus Eorpacha CBT

1.  
Bunóidh gach Ballstát líonra náisiúnta don chomhbheartais talmhaíochta (“líonra náisiúnta CBT”) le haghaidh líonrú eagraíochtaí agus riarachán, comhairleoirí, taighdeoirí agus gníomhaithe eile nuálaíochta, agus gníomhaithe eile i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe ar an leibhéal náisiúnta, ar a dhéanaí, 12 mhí tar éis don Choimisiún an Plean Straitéiseach CBT a fhormheas. Cuirfidh na líonraí náisiúnta CBT leis an taithí agus na cleachtais líonraithe atá ann cheana sna Ballstáit.
2.  
Bunóidh an Coimisiún líonra Eorpach le haghaidh an chomhbheartais talmhaíochta (“líonra Eorpach CBT”) le haghaidh líonrú na líonraí náisiúnta, eagraíochtaí, agus riarachán i réimse na talmhaíochta agus forbairt tuaithe ar leibhéal an Aontais.
3.  

Beidh an méid seo a leanas mar chuspóirí ag líonrú trí líonraí náisiúnta agus Eorpacha CBT:

(a) 

rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha uile a mhéadú i gcur chun feidhme Pleananna Straitéiseacha CBT agus, i gcás inarb ábhartha, ina gceapadh;

(b) 

riaracháin na mBallstát a thionlacan i gcur chun feidhme Pleananna Straitéiseacha CBT agus san aistriú chuig samhail sheachadta bunaithe ar fheidhmíocht;

(c) 

rannchuidiú le cáilíocht chur chun feidhme Pleananna Straitéiseacha CBT a fheabhsú;

(d) 

cur leis an bhfaisnéis atá ag an bpobal agus ag na tairbhithe ionchasacha ar CBT agus na deiseanna cistiúcháin;

(e) 

nuálaíocht a chothú i dtalmhaíocht agus forbairt tuaithe agus tacú leis an bhpiarfhoghlaim agus cuimsiú gach geallsealbhóra, agus leis an idirghníomhaíocht eatarthu, sa mhalartú faisnéise agus sa phróiseas tógála faisnéise;

(f) 

cur le cumas agus gníomhaíochtaí faireacháin agus meastóireachta;

(g) 

rannchuidiú le torthaí Pleananna Straitéiseacha CBT a scaipeadh.

Tabharfar aghaidh ar an gcuspóir a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointe (d), go háirithe trí na líonraí náisiúnta CBT.

4.  

Seo a leanas na cúraimí a bheidh ar na líonraí náisiúnta agus Eorpacha CBT maidir leis na cuspóirí arna leagan amach i mír 3 a ghnóthú:

(a) 

faisnéis a bhailiú, a scaipeadh agus anailís a dhéanamh uirthi maidir le gníomhaíochtaí agus dea-chleachtais a chuirtear chun feidhme nó a fhaigheann tacaíocht faoi Phleananna Straitéiseacha CBT, maille le hanailís ar fhorbairtí sa talmhaíocht agus i gceantair thuaithe is ábhartha maidir leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2);

(b) 

rannchuidiú le fothú acmhainneachta le haghaidh riaracháin na mBallstát agus gníomhaithe eile a bhfuil baint acu le cur chun feidhme Pleananna Straitéiseacha CBT, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le próisis faireacháin agus mheastóireachta;

(c) 

ardáin, fóraim agus imeachtaí a chruthú chun malartú taithí idir geallsealbhóirí agus chun an phiarfhoghlaim a éascú, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, malartuithe le líonraí i dtríú tíortha;

(d) 

faisnéis a bhailiú agus scaipeadh na faisnéise sin a éascú chomh maith le líonrú struchtúr agus tionscadal cistithe, amhail na grúpaí gníomhaíochta áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2021/1060, grúpaí oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 127(3) den Rialachán seo agus struchtúir agus tionscadail choibhéiseacha;

(e) 

tacaíocht a thabhairt do thionscadail chomhair idir grúpaí oibríochtúla CEN dá dtagraítear in Airteagal 127(3), grúpaí gníomhaíochta áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2021/1060 nó struchtúir forbartha áitiúla chomhchosúla, lena n-áirítear comhar trasnáisiúnta;

(f) 

naisc a chruthú le straitéisí nó le líonraí eile arna maoiniú ag an Aontas;

(g) 

rannchuidiú le CBT a fhorbairt a thuilleadh agus le hullmhúchán aon tréimhse a bhaineann le haon Phlean Straitéiseach CBT a bheidh ann ina dhiaidh;

(h) 

i gcás líonraí náisiúnta CBT, a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí líonra Eorpach CBT agus rannchuidiú leo;

(i) 

i gcás líonra Eorpach CBT, comhoibriú le gníomhaíochtaí na líonraí náisiúnta CBT agus rannchuidiú leo.

5.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagfar amach struchtúr agus oibríocht líonra Eorpach CBT. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).

Airteagal 127

An Chomhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta

1.  
Is é an aidhm a bheidh ag an gComhpháirtíocht Eorpach Nuálaíochta um tháirgiúlacht agus inbhuanaitheacht talmhaíochta (CEN) nuálaíocht a spreagadh agus malartú eolais a fheabhsú.

Tacóidh CEN le AKIS trí bheartais agus ionstraimí a nascadh chun dlús a chur le nuálaíocht.

2.  
Rannchuideoidh CEN leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú.

Déanfaidh sí, go háirithe:

(a) 

breisluach a chruthú trí nasc níos láidre a chruthú idir taighde agus cleachtas feirmeoireachta agus úsáid níos leithne na mbeart nuálaíochta atá ar fáil a spreagadh;

(b) 

gníomhaithe nuálaíochta agus tionscadail a nascadh;

(c) 

trasuíomh níos tapúla agus níos forleithne sa chleachtas de réitigh nuálacha a chur chun cinn, lena n-áirítear malartú ó fheirmeoir go feirmeoir; agus

(d) 

lucht eolaíochta a chur ar an eolas maidir leis na riachtanais taighde a bhaineann le cleachtas feirmeoireachta.

3.  

Beidh grúpaí oibríochtúla CEN arna dtacú faoin idirghabháil de chineál comhair dá dtagraítear in Airteagal 77 mar chuid de CEN. Déanfaidh gach grúpa oibríochtúil CEN plean a tharraingt suas le haghaidh tionscadal nuálaíoch a bheidh le forbairt nó le cur chun feidhme. Bunófar an tionscadal nuálaíoch sin ar an tsamhail nuálaíochta idirghníomhach, arb iad seo a leanas na prionsabail ríthábhachtacha atá léi:

(a) 

réitigh nuálaíocha a fhorbairt a dhíríonn ar riachtanais feirmeoirí nó foraoiseoirí agus a théann i ngleic le hidirghníomhaíochtaí ar feadh an tslabhra soláthair iomláin san am céanna freisin i gcás inarb áisiúil sin;

(b) 

comhpháirtithe a bhfuil eolas comhsheasmhach acu a thabhairt le chéile amhail feirmeoirí, comhairleoirí, taighdeoirí, fiontair nó eagraíochtaí neamhrialtasacha ar an gcaoi spriocdhírithe is oiriúnaí chun cuspóirí an tionscadail a ghnóthú; agus

(c) 

comhchinnteoireacht agus comhchruthú a dhéanamh feadh shlí an tionscadail.

Féadfaidh grúpaí oibríochtúla CEN gníomhú ar an leibhéal trasnáisiúnta, lena n-áirítear an leibhéal trasteorann. D’fhéadfaí an nuálaíocht atá beartaithe a bhunú ar chleachtais nua agus ar chleachtais thraidisiúnta freisin i gcomhthéacs nua geografach nó comhshaoil.

Scaipfidh grúpaí oibríochtúla CEN achoimre ar a bpleananna agus ar thorthaí a dtionscadal, go háirithe trí na líonraí náisiúnta agus Eorpacha CBT.



TEIDEAL VII

FAIREACHÁN, TUAIRISCIÚ AGUS MEASTÓIREACHT



CAIBIDIL I

CREAT FEIDHMÍOCHTA

Airteagal 128

An creat feidhmíochta a bhunú

1.  
Déanfar creat feidhmíochta a bhunú faoi fhreagracht chomhroinnte na mBallstát agus an Choimisiúin. Leis an gcreat feidhmíochta, cumasófar tuairisciú, faireachán, agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT le linn chur chun feidhme an phlean.
2.  

Áireofar sa chreat feidhmíochta na heilimintí seo a leanas:

(a) 

sraith táscairí coiteanna le haghaidh aschuir, toraidh, tionchair agus comhthéacs dá dtagraítear in Airteagal 7, sraith a úsáidfear mar bhonn le haghaidh faireacháin, meastóireachta agus an tuairiscithe bhliantúil ar fheidhmíocht;

(b) 

spriocanna agus garspriocanna bliantúla arna mbunú i ndáil leis an gcuspóir sonrach ábhartha trí na táscairí toraidh ábhartha a úsáid;

(c) 

bailiú, stóráil agus tarchur sonraí;

(d) 

tuairisciú rialta maidir le feidhmíocht, faireachán agus gníomhaíochtaí meastóireachta;

(e) 

na meastóireachtaí ex ante, idirthréimhseacha, agus ex post agus na gníomhaíochtaí meastóireachta eile ar fad a bhaineann leis an bPlean Straitéiseach CBT.

Airteagal 129

Cuspóirí an chreata feidhmíochta

Is é a bheidh i gcuspóirí an chreata feidhmíochta:

(a) 

measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach an Aontais maidir le CBT;

(b) 

faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna na bPleananna Straitéiseacha CBT a ghnóthú;

(c) 

measúnú a dhéanamh ar thionchar, éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, agus comhleanúnachas idirghabhálacha na bPleananna Straitéiseacha CBT;

(d) 

tacú le comhphróiseas foghlama i dtaca le faireachán agus meastóireacht.

Airteagal 130

Córas leictreonach faisnéise

Bunóidh na Ballstáit córas leictreonach faisnéise atá slán, nó bainfidh siad úsáid as ceann atá ann cheana, ina ndéanfaidh siad faisnéis ríthábhachtach a thaifeadadh agus a choinneáil maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT, faisnéis atá riachtanach le haghaidh faireacháin agus meastóireachta, go háirithe maidir le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn ionsar na cuspóirí agus na spriocanna a leagtar amach, lena n-áirítear faisnéis maidir le gach tairbhí agus oibríocht.

Airteagal 131

Faisnéis a sholáthar

Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh tairbhithe na tacaíochta faoi idirghabhálacha an Phlean Straitéisigh CBT agus grúpaí gníomhaíochta áitiúla dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2021/1060 gach faisnéis is gá a sholáthar don údarás bainistíochta nó do chomhlachtaí eile arna dtarmligean chun feidhmeanna a dhéanamh ar a son, chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an bPlean Straitéiseach CBT.

Áiritheoidh na Ballstáit go mbunófar foinsí sonraí cuimsitheacha, tráthúla agus iontaofa le go mbeifí in ann dul chun cinn beartais a leanúint go héifeachtach i dtreo cuspóirí trí tháscairí aschuir, toraidh agus tionchair a úsáid.

Airteagal 132

Nósanna imeachta faireacháin

Déanfaidh an t-údarás bainistíochta agus an coiste faireacháin faireachán ar chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT agus ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna an Phlean Straitéisigh CBT a ghnóthú ar bhonn na dtáscairí aschuir agus toraidh.

Airteagal 133

Cumhachtaí cur chun feidhme le haghaidh an chreata feidhmíochta

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme i dtaca le hinneachar an chreata feidhmíochta. Áireofar i ngníomhartha den sórt sin táscairí cé is moite díobh sin in Iarscríbhinn I, táscairí a bhfuil gá leo le haghaidh fhaireachán agus mheastóireacht iomchuí an bheartais, na modhanna le haghaidh táscairí a leagtar amach laistigh agus lasmuigh d’Iarscríbhinn I a ríomh, agus na forálacha is gá chun cruinneas agus iontaofacht na sonraí a ráthú arna mbailiú ag na Ballstáit. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).



CAIBIDIL II

TUARASCÁLACHA BLIANTÚLA AR FHEIDHMÍOCHT

Airteagal 134

Tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht

1.  
Soláthróidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/2116, tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT sa bhliain airgeadais roimhe sin.
2.  
Sa tuarascáil bhliantúil dheireanach ar fheidhmíocht, a bheidh le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus Airteagal 10 de Rialachán (AE) 2021/2116, beidh achoimre ar na meastóireachtaí arna ndéanamh le linn na tréimhse cur chun feidhme.
3.  
Le go gceadófar í, beidh an fhaisnéis ar fad a éilítear i míreanna 4, 5, 7, 8, 9 agus 10, agus, i gcás inarb ábhartha, mír 6, sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht. Gan dochar do na nósanna imeachta imréitigh bliantúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2116, cuirfidh an Coimisiún in iúl don Bhallstát lena mbaineann laistigh de 15 lá oibre ó thíolacadh na tuarascála bliantúla ar fheidhmíocht mura bhfuil sí inghlactha, agus mura ndéanfar sin, measfar í a bheith inghlactha.
4.  
Leagfar amach sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht faisnéis cháilíochtúil agus chainníochtúil ríthábhachtach maidir le cur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT trí thagairt a dhéanamh do shonraí airgeadais agus do tháscairí aschuir agus toraidh, lena n-áirítear ag an leibhéal réigiúnach, i gcás inarb ábhartha.
5.  

Áireofar san fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear i mír 4 an méid a leanas:

(a) 

na haschuir réadaithe;

(b) 

an caiteachas a dearbhaíodh sna cuntais bhliantúla agus a bhaineann leis na haschuir dá dtagraítear i bpointe (a), sula gcuirfear aon phionóis nó laghduithe eile i bhfeidhm, agus i gcás CETFT, agus ath-leithdháileadh cistí a cuireadh ar ceal nó a gnóthaíodh de bhun Airteagal 57 de Rialachán (AE) 2021/2116 á chur san áireamh;

(c) 

an cóimheas idir caiteachas dá dtagraítear i bpointe (b) agus na haschuir ábhartha dá dtagraítear i bpointe (a) (“aonadmhéid réadaithe”);

(d) 

torthaí agus an t-achar go dtí na garspriocanna comhfhreagracha a shocraítear i gcomhréir le hAirteagal 109(1), pointe (a).

Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), pointe (b) agus pointe (c) a bhriseadh síos in aghaidh an aonadmhéid mar a leagtar amach é sa Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 111, pointe (h), chun críche imréitigh feidhmíochta. Maidir le táscairí aschuir atá marcáilte in Iarscríbhinn I mar rud nach n-úsáidtear ach chun faireachán a dhéanamh, ní áireofar ach an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), den mhír seo.

6.  

I gcás idirghabhála nach gcumhdaítear leis an gcóras comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfaidh na Ballstáit, i dteannta na faisnéise a sholáthraítear faoi mhír 5 den Airteagal seo, a chinneadh an méid seo a leanas a sholáthar i ngach tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht:

(a) 

na meán-aonadmhéideanna le haghaidh na n-oibríochtaí a roghnaíodh sa bhliain airgeadais roimhe sin agus líon gaolmhar na n-aschur agus an caiteachas gaolmhar; nó

(b) 

an cóimheas idir an caiteachas poiblí iomlán, gan maoiniú breise náisiúnta a áireamh dá dtagraítear in Airteagal 115(5), a gealladh d’oibríochtaí a ndearnadh íocaíochtaí ina leith sa bhliain airgeadais roimhe sin agus na haschuir réadaithe chomh maith le líon gaolmhar na n-aschur agus an caiteachas gaolmhar.

Úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chun críocha Airteagal 40 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) 2021/2116 le haghaidh gach ceann de na blianta ina ndéanfar na híocaíochtaí d'oibríochtaí gaolmhara.

7.  

Áireofar san fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear i mír 4 an méid seo a leanas:

(a) 

sintéis ar staid chur chun feidhme an Phlean Straitéisigh CBT i ndáil leis an mbliain airgeadais roimhe sin;

(b) 

aon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht an Phlean Straitéisigh CBT, go háirithe a mhéid a bhaineann le diallais ó gharspriocanna, i gcás inarb iomchuí, na cúiseanna atá leo agus, i gcás inarb ábhartha, cur síos a dhéanamh ar na bearta arna ndéanamh.

8.  

Chun críocha Airteagal 54(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an méid seo a leanas a áireamh freisin san fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo:

(a) 

an bonn cirt atá le haon fharasbarr den aonadmhéid réadaithe i gcomparáid leis an aonadmhéid comhfhreagrach atá beartaithe, nó, i gcás inarb infheidhme, an t-aonadmhéid uasta a bheartaítear dá dtagraítear in Airteagal 102 den Rialachán seo; nó

(b) 

i gcás ina gcinnfidh Ballstát úsáid a bhaint as ceann de na féidearthachtaí dá bhforáiltear i mír 6 den Airteagal seo, an bonn cirt atá le haon fharasbarr den aonadmhéid réadaithe i gcomparáid leis an meán-aonadmhéid comhfhreagrach d’oibríochtaí a roghnaíodh nó leis an gcóimheas idir an caiteachas poiblí iomlán gan maoiniú breise náisiúnta a áireamh dá dtagraítear in Airteagal 115(5), a gealladh d’oibríochtaí a ndearnadh íocaíochtaí ina leith sa bhliain airgeadais roimhe sin agus na haschuir réadaithe ghaolmhara, ag brath ar rogha an Bhallstáit.

9.  
Áireofar bonn cirt chun críoch Airteagal 40(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 i gcás ina bhfuil an farasbarr dá dtagraítear i mír 8, pointe (a), den Airteagal seo níos airde ná 50 %.

De rogha air sin, i gcás ina gcinnfidh Ballstát úsáid a bhaint as an bhféidearthacht dá bhforáiltear i mír 6, ní bheidh gá le bonn cirt ach amháin i gcás ina mbeidh an farasbarr dá dtagraítear i mír 8, pointe (b), níos airde ná 50 %.

10.  

Maidir le hionstraimí airgeadais, le cois na sonraí a soláthrófar faoi mhír 4, soláthrófar faisnéis maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) 

an caiteachas incháilithe de réir cineál táirge airgeadais;

(b) 

méid na gcostas bainistithe agus na dtáillí arna ndearbhú mar chaiteachas incháilithe;

(c) 

de réir cineál táirge airgeadais, an méid acmhainní príobháideacha agus poiblí arna n-úsáid le cois CETFT;

(d) 

ús agus gnóthachain eile arna nginiúint trí thacaíocht ó ranníocaíocht CETFT le hionstraimí airgeadais i gcomhréir le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2021/1060 agus acmhainní inchurtha i leith tacaíocht ó CETFT arna gcur ar ais i gcomhréir le hAirteagal 62 den Rialachán sin.

(e) 

luach iomlán na n-iasachtaí, na n-infheistíochtaí cothromais nó na n-infheistíochtaí cuasachothromais a rinneadh i bhfaighteoirí deiridh, a ráthaíodh le caiteachas poiblí incháilithe gan maoiniú breise náisiúnta a áireamh dá dtagraítear in Airteagal 115(5) den Rialachán seo agus a íocadh go hiarbhír leis na faighteoirí deiridh.

I gcás ina gcinnfidh na Ballstáit mír 6 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais, soláthrófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa mhír sin ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh.

11.  
Chun críoch an athbhreithnithe dhébhliantúil ar fheidhmíocht dá dtagraítear in Airteagal 135, áireofar sa tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht faisnéis maidir leis an maoiniú breise náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 115(5), pointe (a) agus pointe (d). Cuirfear an maoiniú sin san áireamh maidir leis an athbhreithniú débhliantúil ar fheidhmíocht.
12.  
Déanfar na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht, mar aon le hachoimre do na saoránaigh ar a n-inneachar, a chur ar fáil don phobal.
13.  
Gan dochar do na nósanna imeachta imréitigh bhliantúla dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2021/2116, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a thabhairt maidir leis na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht atá inghlactha laistigh de mhí amháin ó cuireadh isteach iad. I gcás nach soláthraíonn an Coimisiún barúlacha laistigh den spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis na tuarascálacha. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 121 den Rialachán seo maidir le teorainneacha ama a ríomh i dtaca le gníomhaíochtaí an Choimisiún.
14.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le cur i láthair inneachar na dtuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).

Airteagal 135

Athbhreithniú débhliantúil ar fheidhmíocht

1.  
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú débhliantúil ar fheidhmíocht bunaithe ar an bhfaisnéis arna soláthar sna tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht.
2.  
I gcás ina léirítear le luach ceann amháin nó níos mó de na táscairí toraidh arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 134 a d’úsáid an Ballstát lena mbaineann le haghaidh athbhreithniú ar fheidhmíocht mar chuid den Phlean Straitéisigh CBT i gcomhréir le hIarscríbhinn I go bhfuil easnamh níos mó ná 35 % ann ón ngarsprioc faoi seach don bhliain airgeadais 2024 agus 25 % don bhliain airgeadais 2026, tíolacfaidh an Ballstát lena mbaineann bonn cirt leis an athrú sin. Tar éis measúnú a dhéanamh ar an mbonn cirt sin, féadfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann plean gníomhaíochta a thíolacadh i gcomhréir le hAirteagal 41(1) de Rialachán (AE) 2021/2116 ina gcuirfear síos ar na bearta ceartaitheacha atá beartaithe agus an t-achar ama a bhfuiltear ag súil leis.
3.  
In 2026, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhfaisnéis arna soláthar sna tuarascálacha ar fheidhmíocht don bhliain airgeadais 2025. I gcás ina léireofar le luach ceann amháin nó níos mó de na táscairí toraidh arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 134 a d’úsáid an Ballstát lena mbaineann le haghaidh athbhreithniú ar fheidhmíocht mar chuid den Phlean Straitéisigh CBT i gcomhréir le hIarscríbhinn I go bhfuil easnamh níos mó ná 35 % ann ón ngarsprioc lena mbaineann don bhliain airgeadais 2025, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar an mBallstát lena mbaineann bearta ceartaitheacha a dhéanamh.

Airteagal 136

Cruinnithe athbhreithnithe bliantúla

1.  
Eagróidh na Ballstáit cruinniú athbhreithnithe gach bliain i gcomhar leis an gCoimisiún. Sa chruinniú athbhreithnithe, beidh an Coimisiún ina chomhchathaoirleach nó ina chathaoirleach air agus a bheidh ann ar dháta nach luaithe ná 2 mhí tar éis don tuarascáil bhliantúil ar fheidhmíocht a bheith curtha faoina bhráid.
2.  
Beidh sé d’aidhm ag an gcruinniú athbhreithnithe feidhmíocht gach plean a scrúdú, lena n-áirítear an dul chun cinn arna dhéanamh i dtreo na spriocanna atá leagtha síos a ghnóthú agus faisnéis atá ar fáil ar thionchair ábhartha, chomh maith le haon saincheisteanna a dhéanann difear d’fheidhmíocht agus gníomhaíochtaí a rinneadh nó a dhéanfar chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin.



CAIBIDIL III

TUAIRISCIÚ MAIDIR LEIS AN ÍOCAÍOCHT BHARRSHONRACH DO CHADÁS AGUS AN CHABHAIR IDIRTHRÉIMHSEACH NÁISIÚNTA

Airteagal 137

Tuairisciú bliantúil

Faoin 15 Feabhra 2025 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2030, agus an bhliain sin san áireamh, déanfaidh na Ballstáit a dheonaíonn an íocaíocht bharrshonrach do chadás a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil II, Roinn 3, Foroinn 2, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na híocaíochta sin sa bhliain airgeadais roimhe sin:

(a) 

líon na dtairbhithe;

(b) 

méid na híocaíochta in aghaidh an heicteáir; agus

(c) 

líon na heicteár ar deonaíodh an íocaíocht ina leith.

Airteagal 138

Tuairisciú bliantúil maidir le cabhair idirthréimhseach náisiúnta

Faoin 15 Feabhra 2025 agus faoin 15 Feabhra gach bliain ina dhiaidh sin go dtí 2030, 2030 féin san áireamh, déanfaidh na Ballstáit a dheonaíonn an chabhair idirthréimhseach náisiúnta a leagtar síos in Airteagal 147 an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na cabhrach sin sa bhliain airgeadais roimhe sin le haghaidh gach earnála ábhartha:

(a) 

líon na dtairbhithe;

(b) 

méid iomlán na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta arna deonú; agus

(c) 

líon na heicteár, na n-ainmhithe nó na n-aonad eile ar deonaíodh an chabhair sin ina leith.



CAIBIDIL IV

MEASTÓIREACHT AR PHLEANANNA STRAITÉISEACHA CBT

Airteagal 139

Meastóireachtaí ex ante

1.  
Déanfaidh gach Ballstát meastóireachtaí ex ante chun cáilíocht cheapadh a gcuid Pleananna Straitéiseacha CBT a fheabhsú.
2.  
Cuirfear meastóireacht ex ante i gcrích faoi fhreagracht an údaráis atá freagrach as an bPlean Straitéiseach CBT a ullmhú.
3.  

Déanfar measúnú ar an méid seo a leanas sa mheastóireacht ex ante:

(a) 

rannchuidiú an Phlean Straitéisigh CBT leis na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a ghnóthú, agus riachtanais náisiúnta agus réigiúnacha agus an fhorbairt a d’fhéadfaí a bheith ann á gcur san áireamh chomh maith le ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme CBT i gclárthréimhsí roimhe sin;

(b) 

comhleanúnachas inmheánach an Phlean Straitéisigh CBT atá beartaithe agus an gaol le hionstraimí ábhartha eile;

(c) 

comhsheasmhacht an leithdháilte acmhainní buiséadacha leis na cuspóirí sonracha sin a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a dtugtar aghaidh orthu sa Phlean Straitéiseach CBT;

(d) 

an chaoi a rannchuideoidh na haschuir a bhfuil súil leo le torthaí;

(e) 

cibé an bhfuil na spriocluachanna cainníochtaithe le haghaidh torthaí agus garspriocanna iomchuí réadúil, ag féachaint don tacaíocht a shamhlaítear a thiocfaidh ó CERT agus CETFT;

(f) 

bearta atá pleanáilte chun an t-ualach riaracháin ar fheirmeoirí agus tairbhithe eile a laghdú;

(g) 

i gcás inarb ábhartha, an réasúnaíocht maidir le húsáid na n-ionstraimí airgeadais arna maoiniú ag CETFT.

4.  
Féadfar a chuimsiú sa mheastóireacht ex ante na ceanglais maidir leis an SEA a leagtar amach i dTreoir 2001/42/CE lena gcuirtear san áireamh riachtanais chun an t-athrú aeráide a mhaolú.

Airteagal 140

Meastóireacht ar Phleananna Straitéiseacha CBT le linn na tréimhse cur chun feidhme agus ex post

1.  
Déanfaidh na Ballstáit measúnuithe ar a bPleananna Straitéiseacha CBT le linn an chur chun feidhme agus ex post chun cáilíocht cheapadh agus chur chun feidhme na bpleananna a fheabhsú. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar a bPleananna Straitéiseacha CBT i dtaca le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas, breisluach an Aontais agus an tionchar atá acu i ndáil lena rannchuidiú le gnóthú cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha CBT a leagtar amach in Airteagal 5 agus leis na cuspóirí sonracha sin a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2) a dtugtar aghaidh orthu sa Phlean Straitéiseach CBT lena mbaineann. Is leis an meastóireacht ex post amháin a dhéanfar measúnú ar thionchar foriomlán an Phlean Straitéisigh CBT.
2.  
Cuirfidh na Ballstáit na meastóireachtaí i muinín saineolaithe neamhspleácha ó thaobh feidhme de.
3.  
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil nósanna imeachta ar bun chun na sonraí is gá le haghaidh meastóireachtaí a tháirgeadh agus a bhailiú.
4.  
Déanfaidh na Ballstáit plean meastóireachta a tharraingt suas ina léirítear na gníomhaíochtaí meastóireachta a bheartaítear le linn na tréimhse cur chun feidhme.
5.  
Cuirfidh na Ballstáit an plean meastóireachta faoi bhráid an choiste faireacháin tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis ghlacadh an Phlean Straitéisigh CBT.
6.  
Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as meastóireacht ex post chuimsitheach ar an bPlean Straitéiseach CBT a thabhairt i gcrích faoin 31 Nollaig 2031.
7.  
Cuirfidh na Ballstáit gach meastóireacht ar fáil don phobal.



CAIBIDIL V

MEASÚNÚ AR FHEIDHMÍOCHT ARNA DHÉANAMH AG AN gCOIMISIÚN

Airteagal 141

Measúnú agus meastóireacht ar fheidhmíocht

1.  
Bunóidh an Coimisiún plean meastóireachta ilbhliantúil ar CBT a dhéanfar faoina fhreagracht féin. Cumhdófar sa phlean meastóireachta sin freisin na bearta faoi Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.
2.  
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil achomair ar Phleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 31 Nollaig 2023. Áireofar sa tuarascáil anailís ar iarracht chomhpháirteach agus uaillmhian chomhchoiteann na mBallstát aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí sonracha a leagtar amach in Airteagal 6(1) agus (2), go háirithe iad siúd a luaitear in Airteagal 6(1), pointí (d), (e), (f) agus (i).
3.  
Faoin 31 Nollag 2025, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun measúnú a dhéanamh ar oibriú na samhla seachadta nua arna dhéanamh ag na Ballstáit agus ar chomhsheasmhacht agus ar rannchuidiú comhcheangailte idirghabhálacha Phleananna Straitéiseacha CBT na mBallstát chun gealltanais chomhshaoil agus aeráide an Aontais a ghnóthú. I gcás inar gá, eiseoidh an Coimisiún moltaí chuig na Ballstáit chun gnóthú na ngealltanas sin a éascú.
4.  
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach an Aontais CERT agus CETFT faoin 31 Nollaig 2026 agus na táscairí arna leagan amach in Iarscríbhinn I á gcur san áireamh. Féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an bhfaisnéis uile is ábhartha atá ar fáil cheana féin i gcomhréir le hAirteagal 128 den Rialachán Airgeadais.
5.  
Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ex post chun scrúdú a dhéanamh ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhsheasmhacht agus breisluach an Aontais CERT agus CETFT.
6.  
Bunaithe ar fhianaise arna soláthar i meastóireachtaí ar CBT, lena n-áirítear meastóireachtaí ar Phleananna Straitéiseacha CBT, chomh maith le foinsí faisnéise ábhartha eile, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar an meastóireacht eatramhach, lena n-áirítear na chéad torthaí ar fheidhmíocht CBT, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faoin 31 Nollaig 2027. Cuirfear an dara tuarascáil, lena n-áirítear measúnú ar fheidhmíocht CBT, isteach faoin 31 Nollaig 2031.

Airteagal 142

Tuairisciú bunaithe ar chroí-thacar táscairí

I gcomhréir leis an gceanglas tuairiscithe de bhun Airteagal 41(3), pointe (h)(iii), den Rialachán Airgeadais, cuirfidh an Coimisiún faisnéis maidir le feidhmíocht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, faisnéis dá dtagraítear san Airteagal sin arna tomhas leis an gcroí-thacar táscairí arna leagan amach in Iarscríbhinn XIV a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 143

Forálacha ginearálta

1.  
Soláthróidh na Ballstáit don Choimisiún an fhaisnéis atá ar fáil is gá le go mbeidh sé in ann an faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar CBT dá dtagraítear in Airteagal 141.
2.  
Is ó fhoinsí sonraí fadbhunaithe go príomha a thiocfaidh na sonraí is gá le haghaidh na dtáscairí comhthéacs agus tionchair, amhail an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme agus Eurostat. I gcás nach bhfuil sonraí do na táscairí sin ar fáil nó nach bhfuil siad iomlán, tabharfar aghaidh ar na bearnaí i gcomhthéacs an Chláir Staidrimh Eorpaigh arna bhunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ), i gcomhthéacs an Líonra Sonraí um Chuntasaíocht Feirme a bhunaíodh le Rialachán (CE) Uimh 1217/2009 ón gComhairle ( 19 ), nó trí chomhaontuithe foirmiúla le soláthraithe eile sonraí amhail an tAirmheán Comhpháirteach Taighde agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil.
3.  
Úsáidfear freisin sonraí ó chláir riaracháin, amhail an córas comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, an córas aitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 68 den Rialachán sin, agus cláir ainmhithe agus fíonghort, chun críoch staidrimh, i gcomhar le húdaráis staidrimh sna Ballstáit agus le Eurostat.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir leis an bhfaisnéis atá le cur isteach ag Ballstáit, agus an gá le haon ualach riaracháin míchuí a sheachaint á chur san áireamh aige, mar aon leis na riachtanais sonraí agus na sineirgí idir na foinsí sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).



TEIDEAL VIII

FORÁLACHA IOMAÍOCHTA

Airteagal 144

Rialacha a bhfuil feidhm acu maidir le gnóthais

I gcás ina ndeonaítear tacaíocht faoi Theideal III den Rialachán seo do chineálacha comhair idir gnóthais, ní fhéadfar í a dheonú ach do chineálacha comhair den sórt sin a chomhlíonann na rialacha iomaíochta mar is infheidhme de bhua Airteagail 206 go 210 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013.

Airteagal 145

Státchabhair

1.  
Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Teideal seo, beidh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 CFAE maidir le tacaíocht a thabhairt faoin Rialachán seo.
2.  
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 107, Airteagal 108 agus Airteagal 109 CFAE maidir le tacaíocht a thugann na Ballstáit de bhun an Rialacháin seo agus i gcomhréir leis, ná maidir leis an maoiniú náisiúnta breise dá dtagraítear in Airteagal 146 den Rialachán seo, a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE.

Airteagal 146

Maoiniú náisiúnta breise

I gcás tacaíocht a chuireann na Ballstáit ar fáil maidir le hoibríochtaí a thagann faoi raon feidhme Airteagal 42 CFAE agus atá beartaithe chun maoiniú breise a sholáthar le haghaidh idirghabhálacha forbartha tuaithe a leagtar síos i dTeideal III, Caibidil IV, den Rialachán seo, dá ndeonaítear tacaíocht ón Aontas ag aon tráth le linn thréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, ní fhéadfar í a chur ar fáil ach amháin má chomhlíonann sí an Rialachán seo agus má áirítear í in Iarscríbhinn V a ghabhann leis na Pleananna Straitéiseacha CBT arna bhformheas ag an gCoimisiún.

Ní chuirfidh na Ballstáit tacaíocht ar fáil d’idirghabhálacha in earnálacha dá dtagraítear i dTeideal III, Caibidil III, den Rialachán seo ach amháin i gcás ina bhforáiltear go sainráite dó sin sa Chaibidil sin.

Airteagal 147

Cabhair idirthréimhseach náisiúnta

1.  
Féadfaidh Ballstáit a dheonaigh cabhair idirthréimhseach náisiúnta sa tréimhse ó 2015 go 2022 i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 leanúint de chabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú d’fheirmeoirí.
2.  
Beidh na coinníollacha maidir le cabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú comhionann leis na cinn sin dá dtagraítear in Airteagal 37(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás inar bhain na coinníollacha maidir le cabhair idirthréimhseach náisiúnta a dheonú dá dtagraítear sa chéad fhomhír le tréimhse thagartha, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an tréimhse thagartha a mhodhnú go tréimhse nach déanaí ná 2018.

3.  

Beidh méid iomlán na cabhrach idirthréimhsí náisiúnta in aghaidh na hearnála is féidir a dheonú teoranta don chéatadán seo a leanas de leibhéal na n-íocaíochtaí i ngach ceann de na himchlúdaigh airgeadais earnáilsonracha mar a d’údaraigh an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 132(7) nó le hAirteagal 133a(5) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle ( 20 ) in 2013:

— 
50 % in 2023,
— 
45 % in 2024,
— 
40 % in 2025,
— 
35 % in 2026,
— 
30 % in 2027.

I gcás na Cipire, ríomhfar an céatadán ar bhonn na n-imchlúdach airgeadais earnáilsonrach a leagtar amach in Iarscríbhinn XVIIa a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 73/2009.



TEIDEAL IX

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA



CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 148

Bearta chun fadhbanna sonracha a réiteach

1.  
Chun fadhbanna sonracha a réiteach, glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme a mbeidh gá agus údar leo araon i gcás éigeandála. D’fhéadfadh maolú ar fhorálacha an Rialacháin seo a bheith i gceist leis na gníomhartha cur chun feidhme sin a mhéid agus a fhad a mbeidh fíorghá leis. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).
2.  
I gcás ina n-éileofar sin le forais phráinne a mbeidh údar cuí leo, agus chun na fadhbanna sonracha sin dá dtagraítear i mír 1 a réiteach agus leanúnachas an Phlean Straitéisigh CBT á áirithiú ag an am céanna, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bheidh infheidhme láithreach bonn, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 153(3).
3.  
Beidh éifeacht ag bearta a ghlacfar faoi mhír 1 nó 2 ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí. Más ann, tar éis na tréimhse sin, do na fadhbanna sonracha dá dtagraítear sna míreanna sin, féadfaidh an Coimisiún tograí iomchuí reachtacha a thíolacadh chun réiteach buan a bhunú.
4.  
Féadfaidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi aon bheart a ghlacfar faoi mhír 1 nó 2 laistigh de 2 lá oibre tar éis a ghlactha.

Airteagal 149

Cur i bhfeidhm maidir leis na réigiúin is forimeallaí agus na hoileáin bheaga Aeigéacha

1.  
Níl feidhm ag Teideal III, Caibidil II, maidir leis na réigiúin is forimeallaí.
2.  
Maidir le híocaíochtaí díreacha a dheonaítear sna réigiúin is forimeallaí de chuid an Aontais i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 228/2013 agus sna hoileáin bheaga Aeigéacha i gcomhréir le Caibidil IV de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013, tá feidhm ag Airteagal 3, pointe (1) agus pointe (2), Airteagal 4(2), (3) agus (5), Airteagal 4(4), an dara fomhír, Teideal III, Caibidil I, Ranna 2 agus 3, agus Teideal IX den Rialachán seo. Tá feidhm ag Airteagal 4(2), (3) agus (5), agus Teideal III, Caibidil I, Roinn 2, gan aon oibleagáidí a bhaineann le Plean Straitéiseach CBT.



CAIBIDIL II

CÓRAS FAISNÉISE AGUS SONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT

Airteagal 150

Malartú faisnéise agus doiciméad

1.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, córas faisnéise a bhunú chun go bhféadfaidh an Coimisiún agus gach Ballstát sonraí comhleasa a mhalartú eatarthu ar bhealach slán.
2.  
Áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil córas leictreonach slán iomchuí ann inar féidir an phríomhfhaisnéis agus na tuarascálacha ar fhaireachán agus ar mheastóireacht a thaifeadadh, a chothabháil agus a bhainistiú.
3.  
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le hoibriú an chórais sin dá dtagraítear i mír 1. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 153(2).

Airteagal 151

Sonraí pearsanta a phróiseáil agus a chosaint

1.  
Gan dochar d’Airteagal 98, Airteagal 99 agus Airteagal 100 de Rialachán (AE) 2021/2116, baileoidh na Ballstáit agus an Coimisiún sonraí pearsanta chun na gcríoch a n-oibleagáidí bainistíochta, rialúcháin, faireacháin agus meastóireachta faoi seach a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus, go háirithe, na hoibleagáidí sin a leagtar síos i dTeidil VI agus VII, agus ní dhéanfaidh siad na sonraí sin a phróiseáil ar bhealach nach luíonn leis an gcuspóir sin.
2.  
I gcás ina ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críoch faireacháin agus meastóireachta faoi Theideal VII, trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach slán dá dtagraítear in Airteagal 150, coinneofar anaithnid iad.
3.  
Próiseálfar sonraí pearsanta, lena n-áirítear nuair a dhéanann soláthraithe seirbhísí comhairleacha feirme dá dtagraítear in Airteagal 15 iad a phróiseáil, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725. Go háirithe, ní stórálfar sonraí den sórt sin i bhfoirm ina mbeifear in ann ábhair sonraí a aithint go ceann tréimhse níos faide ná mar a bhfuil gá léi ar mhaithe leis an gcúis lenar bailíodh iad nó lena bpróiseálfar tuilleadh iad, agus na tréimhsí íosta coinneála a leagtar síos sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais is infheidhme á gcur san áireamh.
4.  
Cuirfidh na Ballstáit na hábhair sonraí ar an eolas go bhféadfaidh comhlachtaí náisiúnta agus comhlachtaí de chuid an Aontais a sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le mír 1 agus sa mhéid sin go bhfuil sé de cheart acu leas a bhaint as na cearta cosanta sonraí dá bhforáiltear le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725.



CAIBIDIL III

GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE AGUS GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME

Airteagal 152

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(8), 7(2), 13(3), 17(6), Airteagal 35, Airteagal 37(5), Airteagal 38(5) Airteagal 39(3), Airteagal 45, Airteagal 56, Airteagal 84, Airteagal 87(2), Airteagal 89(4), Airteagal 100(3), Airteagal 116, Airteagal 122 agus Airteagal 158 a thabhairt don Choimisiún go gceann tréimhse 7 mbliana amhail ón 7 Nollaig 2021. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 7 mbliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 4(8), 7(2), 13(3), 17(6), Airteagal 35, Airteagal 37(5), Airteagal 38(5), Airteagal 39(3), Airteagal 45, Airteagal 56, Airteagal 84, Airteagal 87(2), Airteagal 89(4), Airteagal 100(3), Airteagail 116, Airteagal 122 agus Airteagal 158 a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  
Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5.  
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(8), 7(2), 13(3), 17(6), Airteagal 35, Airteagal 37(5), Airteagal 38(5), Airteagal 39(3), Airteagal 45, Airteagal 56, Airteagal 84, Airteagal 87(2), Airteagal 89(4), Airteagal 100(3), Airteagal 116, Airteagal 122 agus Airteagal 158 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 153

An nós imeachta coiste

1.  
Tabharfaidh coiste darb ainm “Coiste an Chomhbheartais Talmhaíochta” cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás gníomhartha dá dtagraítear in Airteagal 133 agus in Airteagal 143(4) den Rialachán seo, i gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 8 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, i gcomhar le hAirteagal 5 de.



CAIBIDIL IV

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 154

Aisghairmeacha

1.  
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Leanfaidh sé, áfach, d’fheidhm a bheith aige, faoi réir Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 21 ), maidir le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun Rialachán (AE) Uimh 1305/2013 suas go dtí an 31 Nollaig 2025. Beidh feidhm aige, faoi na coinníollacha céanna, maidir le caiteachas arna thabhú ag na tairbhithe agus arna íoc ag an ngníomhaireacht íocaíochta faoi chuimsiú na gclár forbartha tuaithe sin go dtí an 31 Nollaig 2025.

Beidh feidhm go fóill ag Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus ag Iarscríbhinn III a ghabhann leis i ndáil le hainmniú na limistéar nár mhór aghaidh a thabhairt ar shrianta nádúrtha agus ar shrianta sonracha eile. Léifear tagairtí do na cláir forbartha tuaithe mar thagairtí do na Pleananna Straitéiseacha CBT.

Go dtí go mbunófar na líonraí náisiúnta agus Eorpacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 126 den Rialachán seo, féadfaidh an gréasán Eorpach um fhorbairt tuaithe, gréasán na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta agus na gréasáin náisiúnta tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 52, Airteagal 53 agus Airteagal 54 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a dhéanamh, i dteannta na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear sna hAirteagail sin, na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 126 agus Airteagal 127 den Rialachán seo a dhéanamh.

Nuair a bhunófar na líonraí náisiúnta agus Eorpacha CBT dá dtagraítear in Airteagal 126 den Rialachán seo, féadfaidh siad tabhairt faoi na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 52(3), in Airteagal 53(3) agus in Airteagal 54(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, suas go dtí an 31 Nollaig 2025, sa bhreis ar na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 126 agus Airteagal 127 den Rialachán seo, ar cúraimí iad a bhaineann le cur chun feidhme na gclár forbartha tuaithe de bhun an Rialacháin sin.

2.  
Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Mar sin féin, leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige i ndáil le hiarratais ar chabhair a bhaineann le blianta éilimh a thosaíonn roimh an 1 Eanáir 2023.

3.  
Tagairtí a dhéantar sa Rialachán seo do Rialacháin (CE) Uimh. 73/2009 agus (AE) Uimh. 1307/2013, tuigfear iad mar thagairtí atá á ndéanamh do na Rialacháin sin mar a bhí i bhfeidhm sular aisghaireadh iad.

Airteagal 155

Incháilitheacht cineálacha áirithe caiteachais a bhaineann le tréimhse an Phlean Straitéisigh CBT

1.  

Caiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla i leith tairbhithe a thabhaítear faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagal 31 de Rialachán (CE) Uimh 1257/1999 nó in Airteagal 39 nó in Airteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 a fhaigheann tacaíocht faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, féadfaidh siad leanúint de bheith incháilithe le haghaidh ranníocaíocht CETFT i dtréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar foráil don chaiteachas sin sa Phlean Straitéiseach CBT ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus comhlíonann sé Rialachán (AE) 2021/2116;

(b) 

ráta ranníocaíochta CETFT na hidirghabhála a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir leis an Rialachán seo chun na bearta sin a chumhdach, tá sé infheidhme;

(c) 

an córas comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, tá sé infheidhme maidir leis na gealltanais dhlíthiúla a thugtar faoi bhearta atá comhfhreagrach leis na cineálacha idirghabhála limistéarbhunaithe agus ainmhíbhunaithe a liostaítear i dTeideal III, Caibidlí II agus IV den Rialachán seo agus sainaithnítear go soiléir na hoibríochtaí ábhartha; agus

(d) 

na híocaíochtaí i ndáil leis na gealltanais dhlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (c), déantar iad laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

2.  

Caiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla i leith tairbhithe a thabhaítear faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005, féadfaidh siad leanúint de bheith incháilithe le haghaidh ranníocaíocht CETFT i dtréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

tugtar fógra faoi chaiteachas den sórt sin don Choimisiún mar fhaisnéis bhreise sa chuid den Phlean Straitéiseach CBT atá tiomnaithe don straitéis idirghabhála, dá dtagraítear in Airteagal 109, agus trí chaiteachas a shonrú i bplean airgeadais an Phlean Straitéisigh CBT dá dtagraítear in Airteagal 112(2);

(b) 

comhlíontar leis Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a leanfaidh d’fheidhm a bheith aige ar an gcaiteachas sin i gcomhréir le hAirteagal 104(1), an dara fomhír, pointe (d), de Rialachán (AE) 2021/2116; agus

(c) 

tá feidhm ag an ráta ranníocaíochta CETFT a bhunaítear sa Phlean Straitéiseach CBT de bhun Airteagal 91(2), pointe (d), den Rialachán seo.

3.  

Caiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla i leith tairbhithe a thabhaítear faoi na bearta ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagail 22, 28, 29, 33 agus 34 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ón gComhairle, féadfaidh siad bheith incháilithe le haghaidh ranníocaíocht CETFT i dtréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar foráil don chaiteachas sin sa Phlean Straitéiseach CBT ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo agus comhlíonann sé Rialachán (AE) 2021/2116;

(b) 

tá feidhm ag ráta ranníocaíochta CETFT na hidirghabhála a leagtar síos sa Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir leis an Rialachán seo chun na bearta sin a chumhdach;

(c) 

tá feidhm ag an gcóras comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2021/2116 maidir leis na gealltanais dhlíthiúla a thugtar faoi bhearta atá comhfhreagrach do na cineálacha idirghabhála limistéarbhunaithe agus ainmhí-bhunaithe a liostaítear i dTeideal III, Caibidlí II agus IV den Rialachán seo agus sainaithnítear go soiléir na hoibríochtaí ábhartha; agus

(d) 

na híocaíochtaí i ndáil leis na gealltanais dhlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo, déantar iad laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

4.  

Caiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla do thairbhithe arna dtabhú faoi na bearta dá dtagraítear in Airteagail 14 go 18, Airteagal 19(1), pointe (a) agus pointe (b), agus Airteagal 20, Airteagail 23 go 27, Airteagal 35, Airteagal 38, Airteagal 39 agus Airteagal 39a de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, Airteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 agus Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2020/2220 tar éis an 31 Nollaig 2025, féadfaidh siad a bheith incháilithe le haghaidh ranníocaíocht CETFT i dtréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar foráil don chaiteachas sin sa Phlean Straitéiseach CBT ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo cé is moite d’Airteagal 73(3), an chéad fhomhír, pointe (f), de agus comhlíonann sé Rialachán (AE) 2021/2116;

(b) 

ráta ranníocaíochta CETFT na hidirghabhála a bhunaítear sa Phlean Straitéiseach CBT i gcomhréir leis an Rialachán seo chun na bearta sin a chumhdach, tá sé infheidhme.

5.  

Caiteachas a bhaineann le gealltanais dhlíthiúla i leith tairbhithe a thabhaítear faoi na bearta ilbhliantúla dá dtagraítear in Airteagal 28 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013, féadfaidh siad a bheith incháilithe le haghaidh tacaíocht ó CERT i dtréimhse an Phlean Straitéisigh CBT, faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a) 

déantar foráil don chaiteachas sin sa Phlean Straitéiseach CBT ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 31(7), an chéad fhomhír, pointe (b), den Rialachán seo, agus comhlíonann sé Rialachán (AE) 2021/2116;

(b) 

an córas comhtháite dá dtagraítear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2021/2116, tá sé infheidhme maidir leis na gealltanais dhlíthiúla a thugtar faoi bhearta a chomhfhreagraíonn d'éiciscéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 31 den Rialachán seo agus sainaithnítear go soiléir na hoibríochtaí ábhartha;

(c) 

na híocaíochtaí i ndáil leis na gealltanais dhlíthiúla dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, déantar iad laistigh den tréimhse a leagtar síos in Airteagal 44(2) de Rialachán (AE) 2021/2116.

Airteagal 156

Idirthréimhse do leithdháiltí airgeadais le haghaidh cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe

Amhail ón dáta óna mbeidh feidhm dhlíthiúil le Plean Straitéiseach CBT i gcomhréir le hAirteagal 118(7) den Rialachán seo, maidir le suim na n-íocaíochtaí a rinneadh laistigh den bhliain airgeadais faoi gach ceann de na scéimeanna cabhrach dá dtagraítear in Airteagail 29 go 31 agus Airteagail 39 go 60 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus laistigh de gach ceann de na cineálacha idirghabhála d’earnálacha áirithe dá dtagraítear in Airteagal 42, pointí (b) go (e), den Rialachán seo, ní rachaidh sí thar na leithdháiltí airgeadais a leagtar síos in Airteagal 88 den Rialachán seo do gach bliain airgeadais le haghaidh gach cineál idirghabhála sin.

Airteagal 157

Incháilitheacht caiteachais le haghaidh forbairt áitiúil ilchistithe faoi stiúir an phobail

De mhaolú ar Airteagal 86(1) agus Airteagal 118(7) den Rialachán seo, beidh caiteachas arna thabhú faoi Airteagal 31(2), pointe (c), agus Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2021/1060 i gcomhcheangal le hAirteagal 77(1), pointe (b), agus Airteagal 2(2) den Rialachán seo incháilithe le haghaidh ranníocaíocht ó CETFT amhail ón dáta a thíolacfar an Plean Straitéiseach CBT ar choinníoll go n-íocfaidh an ghníomhaireacht íocaíochta an tacaíocht amhail ón 1 Eanáir 2023. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an gcaiteachas sin ón dáta a thíolacfar an Plean Straitéiseach CBT go dtí an 31 Nollaig 2022.

Airteagal 158

Bearta idirthréimhseacha

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 152 lena ndéanfar forálacha an Rialacháin seo a fhorlíonadh le bearta chun aon chearta a bheidh faighte agus aon ionchais dhlisteanacha ag tairbhithe a chosaint a mhéid is gá ar mhaithe leis an aistriú ó na socruithe dá bhforáiltear i Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1307/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 chuig na socruithe siúd a leagtar síos sa Rialachán seo. Leagfar síos leis na rialacha idirthréimhseacha sin go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfar an tacaíocht arna formheas ag an gCoimisiún faoi Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1308/2013 a chomhtháthú sa tacaíocht dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, lena n-áirítear le haghaidh cúnamh teicniúil agus le haghaidh na meastóireachtaí ex post.

Airteagal 159

Athbhreithniú ar Iarscríbhinn XIII

Faoin 31 Nollaig 2025, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an liosta in Iarscríbhinn XIII ar bhonn acquis an Aontais i réimse an chomhshaoil agus na haeráide atá ann ag an am sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé tograí reachtacha chun gníomhartha reachtacha breise a chur leis an liosta sin.

Airteagal 160

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

TÁSCAIRÍ TIONCHAIR, TORAIDH, ASCHUIR AGUS COMHTHÉACS DE BHUN AIRTEAGAL 7



Measúnú ar fheidhmíocht an bheartais (ilbhliantúil) – TIONCHAR

Cuspóirí agus na táscairí tionchair comhfhreagracha (1)

Athbhreithniú ar fheidhmíocht – TORADH (2)

Bunaithe ar idirghabhálacha a dtacaíonn CBT leo, agus orthu sin amháin

(1)   

Déantar formhór na dtáscairí tionchair a bhailiú cheana féin ar bhealaí eile (staidreamh Eorpach, an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, etc.) agus a úsáid faoi chuimsiú reachtaíocht eile an Aontais nó na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Ní ar bhonn bliantúil i gcónaí a bhailítear na sonraí agus d’fhéadfadh moill 2 bhliain nó 3 bliana a bheith i gceist.

(2)   

Garmheastacháin atá sna torthaí. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí a chur in iúl gach bliain le go bhféadfar faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na spriocanna a bhunaigh siad ina bPleananna Straitéiseacha CBT. Déantar táscairí toraidh atá éigeantach le haghaidh athbhreithniú ar fheidhmíocht a mharcáil le PR nuair a úsáideann na Ballstáit iad i gcomhréir le hAirteagal 109(1), pointe (a). Féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as aon táscaire toraidh ábhartha eile a leagtar síos san Iarscríbhinn seo le haghaidh athbhreithniú ar fheidhmíocht, i dteannta na dtáscairí sin atá marcáilte le PR.



Cuspóir trasghearrtha AE

Táscairí tionchair

 

Táscairí toraidh

Limistéir thalmhaíochta agus ceantair thuaithe a nuachóiriú trí eolas, nuálaíocht agus digitiú a chothú agus a chomhroinnt in earnáil na talmhaíochta agus i gceantair thuaithe agus an glacadh atá leo ag feirmeoirí a spreagadh, trí rochtain níos fearr ar thaighde, nuálaíocht, malartú eolais agus oiliúint

I.1  Comhroinnt eolais agus nuálaíocht: An sciar de bhuiséad CBT le haghaidh comhroinnt eolais agus nuálaíochta

 

R.1PR  Cur leis an bhfeidhmíocht trí eolas agus nuálaíocht: Líon daoine a fhaigheann comhairle, oiliúint, malartú eolais nó a ghlacann páirt i ngrúpaí oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta (CEN) lena dtacaítear le CBT chun feabhas a chur ar fheidhmíocht inbhuanaithe eacnamaíoch, feidhmíocht inbhuanaithe chomhshaoil, feidhmíocht inbhuanaithe a bhaineann leis an aeráid agus feidhmíocht inbhuanaithe éifeachtúlachta acmhainní.

R.2  Na córais um chomhairle agus um eolas a nascadh: An líon comhairleoirí atá ag fáil tacaíochta atá le comhtháthú laistigh de na Córais um Eolas agus Nuálaíocht Talmhaíochta (AKIS)

R.3  An talmhaíocht a dhigiteáil: An sciar de na feirmeacha a fhaigheann tacaíocht CBT do theicneolaíocht dhigiteach feirmeoireachta



Cuspóirí sonracha AE

Táscairí tionchair

 

Táscairí toraidh

Chun tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus d’athléimneacht na hearnála talmhaíochta ar fud an Aontais chun cur leis an an tslándáil bia agus an éagsúlacht talmhaíochta chomh maith le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch na táirgeachta talmhaíochta san Aontas a áirithiú

I.2  Éagothromaíochtaí ioncaim a laghdú: Athruithe ar an ioncam talmhaíochta i gcomparáid leis an ngeilleagar trí chéile

I.3  Éagsúlachtaí in ioncam feirme a laghdú: Athruithe ar an ioncam talmhaíochta

I.4  Tacú le hioncam feirme inmharthana: Athruithe ar leibhéal an ioncaim talmhaíochta de réir an chineáil feirmeoireachta (i gcomparáid leis an meán sa talmhaíocht)

I.5  Rannchuidiú leis an gcothromaíocht chríochach: Athruithe ar an ioncam talmhaíochta i limistéir ina bhfuil srianta nádúrtha (i gcomparáid leis an meán)

 

R.4  Tacaíocht ioncaim a nascadh le caighdeáin agus dea-chleachtais: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta (UAA) a chumhdaítear le tacaíocht ioncaim agus atá faoi réir coinníollachta

R.5  Bainistiú riosca: An sciar de na feirmeacha ag a bhfuil uirlisí bainistithe riosca dá dtugtar tacaíocht CBT

R.6 PR  Athdháileadh ar fheirmeacha beaga: Céatadán d’íocaíochtaí díreacha breise in aghaidh an heicteáir d’fheirmeacha incháilithe atá níos lú ná feirmeacha meánmhéide (i gcomparáid leis an meán)

R.7PR  Cur leis an tacaíocht d’fheirmeacha i limistéir a bhfuil riachtanais shonracha acu: Céatadán den tacaíocht bhreise in aghaidh an heicteáir i limistéir a bhfuil riachtanais bhreise acu (i gcomparáid leis an meán)

Chun díriú níos fearr ar an margadh agus cur le hiomaíochas feirmeacha, lena n-áirítear béim níos mó ar an taighde, an teicneolaíocht agus an digitiú

I.6  Táirgiúlacht feirmeacha a mhéadú: Táirgiúlacht na bhfachtóirí uile sa talmhaíocht

I.7  An trádáil agraibhia a chur chun tairbhe: Allmhairí agus onnmhairí sa trádáil agraibhia

 

R.8  Spriocdhíriú ar fheirmeacha in earnálacha ar leith:

An sciar de na feirmeacha a fhaigheann tacaíocht ioncaim chúpláilte chun an t-iomaíochas, an inbhuanaitheacht agus an cháilíocht a fheabhsú

R.9PR  Nuachóiriú feirmeacha: An sciar de na feirmeacha dá dtugtar tacaíocht infheistíochta chun athstruchtúrú agus nuachóiriú a dhéanamh, lena n-áirítear éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú

Chun áit an fheirmeora sa slabhra luacha a fheabhsú

I.8  Áit an fheirmeora sa bhiashlabhra a fheabhsú: Luach breise le haghaidh príomhtháirgeoirí sa bhiashlabhra

 

R.10PR  Eagrú níos fearr ar an slabhra soláthair: An sciar de na feirmeacha atá rannpháirteach i ngrúpaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí, margaí áitiúla, slabhraí gearra soláthair agus scéimeanna cáilíochta dá dtugtar tacaíocht CBT

R.11  Soláthar a chomhchruinniú: An sciar de luach na táirgeachta arna margú ag eagraíochtaí táirgeoirí nó grúpaí earnála táirgeoirí a bhfuil cláir oibríochtúla acu in earnálacha áirithe

Chun rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ceapadh carbóin a fheabhsú, chomh maith le fuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn

I.9  Athléimneacht na talmhaíochta in aghaidh an athraithe aeráide a fheabhsú: Táscaire dul chun cinn maidir le hathléimneacht na hearnála talmhaíochta

I.10  Rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide: Astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht

I.11  Cur leis an gceapadh carbóin: Carbón orgánach san ithir i dtalamh talmhaíochta

I.12  Cur leis an bhfuinneamh inbhuanaithe sa talmhaíocht: Fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh ón talmhaíocht agus ón bhforaoiseacht

 

R.12  Oiriúnú don athrú aeráide: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun an t-oiriúnú don athrú aeráide a fheabhsú

R.13PR  Astaíochtaí a laghdú in earnáil an bheostoic: An sciar de na haonaid bheostoic (LU) faoi ghealltanais a fhaigheann tacaíocht chun astaíochtaí gás ceaptha teasa agus/nó amóinia a laghdú, lena n-áirítear bainistiú aoiligh

R.14PR  Stóráil carbóin in ithreacha agus i mbithmhais: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun astaíochtaí a laghdú, stóráil carbóin a chothabháil agus/nó a fheabhsú (lena n-áirítear féarthailte buana, barra buana a bhfuil clúdach buan glas acu, talamh talmhaíochta i mbogach agus talamh portaigh)

R.15  Fuinneamh glas ón talmhaíocht agus ón bhforaoiseacht agus ó fhoinsí inathnuaite eile: Infheistíochtaí dá dtugtar tacaíocht in acmhainneacht táirgeachta fuinnimh inathnuaite, lena n-áirítear fuinneamh bithbhunaithe (in MW)

R16  Infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid: An sciar de na feirmeacha a fhaigheann tacaíocht infheistíochta CBT chun rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus le táirgeadh fuinnimh inathnuaite nó bithábhar

R.17PR  Talamh foraoisithe: Limistéar dá dtugtar tacaíocht ar mhaithe le foraoisiú, agrafhoraoiseacht agus athfhoraoisiú, lena n-áirítear miondealuithe

R.18  Tacaíocht infheistíochta d’earnáil na foraoiseachta: Infheistíocht iomlán chun feidhmíocht earnáil na foraoiseachta a fheabhsú

Chun an fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha, idir an t-uisce, an ithir agus an t-aer a chothú, lena n-áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú

I.13  Creimeadh ithreach a laghdú: Céatadán den talamh talmhaíochta atá buailte ag creimeadh ithreach measartha nó creimeadh ithreach dian

I.14  Cáilíocht an aeir a fheabhsú: Astaíochtaí amóinia ón talmhaíocht

I.15  Cáilíocht an uisce a fheabhsú: An chothromaíocht chomhlán cothaitheach ar thalamh talmhaíochta

I.16  Sceitheadh cothaitheach a laghdú: Níotráit sa screamhuisce – Céatadán de na stáisiúin screamhuisce a bhfuil tiúchan níotráite iontu os cionn 50 mg/l faoi Threoir 91/676/CEE

I.17  An brú ar acmhainní uisce a laghdú: An tInnéacs Saothraithe Uisce+ (WEI+)

I.18  Úsáid inbhuanaithe agus laghdaithe lotnaidicídí: Rioscaí, úsáid agus tionchair lotnaidicídí

 

R.19PR  Ithreacha a fheabhsú agus a chosaint: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht a théann chun tairbhe don bhainistiú ithreach chun cáilíocht na hithreach agus an bithra a fheabhsú (amhail laghdú a dhéanamh ar churaíocht, ithirchlúdach le barra, uainíocht barr a áirítear le barra léagúmacha)

R.20PR  Cáilíocht an aeir a fheabhsú: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun astaíochtaí amóinia a laghdú

R.21PR  Cáilíocht an uisce a chosaint: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht do cháilíocht dobharlach

R.22PR  Bainistiú inbhuanaithe ar chothaithigh: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais a bhaineann le bainistiú níos fearr ar chothaithigh

R.23PR  Úsáid inbhuanaithe uisce: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun an chothromaíocht uisce a fheabhsú

R.24PR  Úsáid inbhuanaithe agus laghdaithe lotnaidicídí: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) faoi fheirmeoireachta a bhfuil baint aige le gealltanais shonracha dá dtugtar tacaíocht a chuireann le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí chun rioscaí agus tionchair a bhaineann le húsáid lotnaidicídí amhail sceitheadh lotnaidicídí a laghdú.

R.25  Feidhmíocht chomhshaoil in earnáil an bheostoic: An sciar de na haonaid bheostoic (AB) faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun inbhuanaitheacht chomhshaoil a fheabhsú

R.26  Infheistíochtaí a bhaineann le hacmhainní nádúrtha: An sciar de na feirmeacha a fhaigheann tacaíocht infheistíochta neamhtháirgiúla ó CBT a bhaineann le cúram d’acmhainní nádúrtha

R.27  Feidhmíocht a bhaineann leis an gcomhshaol nó an aeráid tríd an infheistíocht i gceantair thuaithe: An líon oibríochtaí lena rannchuidítear le hinbhuanaitheacht comhshaoil agus le gnóthú cuspóirí maidir le comhshaoil agus leis an athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú don athrú aeráide i gceantair thuaithe

R.28  Feidhmíocht chomhshaoil nó aeráide tríd an eolas agus an nuálaíocht: An líon daoine a fhaigheann comhairle, oiliúint, malartú eolais nó atá rannpháirteach i ngrúpaí oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta (CEN) dá dtugtar tacaíocht CBT a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil nó aeráide

Chun rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú

I.19  Cur le líon na n-éan ar thalamh feirme: An tInnéacs Éanlaithe Talaimh Feirme

I.20  Cosaint don bhithéagsúlacht a fheabhsú: Céatadán na speiceas agus na ngnáthóg ar le leas an Chomhphobail iad a bhaineann leis an talmhaíocht agus a bhfuil treochtaí cobhsaí nó méadaitheacha ag baint leo, agus miondealú ar an gcéatadán i gcás speicis pailneoirí fiáine (1)

I.21  Soláthar seirbhísí éiceachórais a fheabhsú: Talamh talmhaíochta atá cumhdaithe le gnéithe tírdhreacha

I.22  An agrai-bhithéagsúlacht a mhéadú sa chóras feirmeoireachta: éagsúlacht barr

 

R.29PR  Forbairt na talmhaíochta orgánaí: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear le haghaidh feirmeoireachta dá dtugtar tacaíocht CBT le haghaidh talmhaíocht orgánach, le deighilt idir cothabháil agus athrú

R.30PR  Tacú le bainistiú inbhuanaithe foraoisí: An sciar den talamh foraoise atá faoi ghealltanais tacú le cosaint foraoisí agus bainistiú seirbhísí éiceachórais

R.31PR  Gnáthóga agus speicis a chaomhnú: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais bhainistíochta dá dtugtar tacaíocht a thacaíonn le caomhnú nó athbhunú na bithéagsúlachta lena n-áirítear cleachtais feirmeoireachta a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra orthu

R.32  Infheistíochtaí a bhaineann leis an mbithéagsúlacht: An sciar de na feirmeacha a fhaigheann tacaíocht infheistíochta CBT chun rannchuidiú leis an mbithéagsúlacht

R.33  Bainistíocht Natura 2000 a fheabhsú: An sciar de limistéar iomlán Natura 2000 atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht

R.34PR  Gnéithe tírdhreacha a chaomhnú: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun gnéithe tírdhreacha a bhainistiú, lena n-airítear fálta sceach agus crainn

R.35  Coirceoga beach a chaomhnú: An sciar de choirceoga beach a fhaigheann tacaíocht ó CBT

Chun feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua eile a mhealladh agus tacú leo agus forbairt gnó inbhuanaithe a éascú i gceantair thuaithe

I.23  Feirmeoirí óga a mhealladh: Athruithe ar an líon bainisteoirí nua feirme agus ar an líon bainisteoirí nua óga feirme, lena n-áirítear miondealú inscne

 

R.36PR  Athnuachan ó ghlúin go glúin: An líon feirmeoirí óga a fhaigheann tacaíocht CBT chun dul i mbun gnó, lena n-áirítear miondealú inscne

Chun an fhostaíocht, fás, comhionannas inscne, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht, cuimsiú sóisialta, agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena n-áirítear an bithgheilleagar agus an fhoraoiseacht inbhuanaithe

I.24  Rannchuidiú le cruthú post i gceantair thuaithe: Athruithe ar an ráta fostaíochta i gceantair thuaithe, lena n-áirítear miondealú inscne

I.25  Rannchuidiú leis an bhfás i gceantair thuaithe: Athruithe ar na holltáirgeachta intíre (OTI) per capita i gceantair thuaithe

I.26  CBT níos cothroime: Tacaíocht CBT a dháileadh

I.27  Cuimsiú tuaithe a chur chun cinn: Athruithe ar innéacs na bochtaineachta i gceantair thuaithe

 

R.37  Fás agus poist i gceantair thuaithe: An líon post nua dá dtugtar tacaíocht i dtionscadail CBT

R.38  Cumhdach LEADER: An sciar de phobal na tuaithe a chumhdaítear le straitéisí forbartha áitiúla

R.39  An geilleagar tuaithe a fhorbairt: An líon gnólachtaí tuaithe, lena n-airítear gnólachtaí bithgheilleagair, arna bhforbairt le tacaíocht CBT

R.40  Aistriú cliste an gheilleagair tuaithe: An líon straitéisí sráidbhailte cliste dá dtugtar tacaíocht

R.41PR  Eoraip na tuaithe a chónascadh: An sciar de phobal na tuaithe a bhfuil rochtain níos fearr acu ar sheirbhísí agus ar bhonneagar de bharr tacaíocht CBT

R.42  Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn: An líon daoine a chumhdaítear le tionscadail cuimsithe sóisialta dá dtugtar tacaíocht

Chun feabhas a chur ar an gcaoi a bhfreagraíonn earnáil talmhaíochta an Aontais Eorpaigh ar éilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena n-áirítear bia ardcháilíochta, sábháilte agus cothaitheach a thairgtear ar bhealach inbhuanaithe, cur amú bia a laghdú agus leas ainmhithe a fheabhsú

I.28  Úsáid ábhar frithmhiocróbach in ainmhithe feirme a theorannú: Díol/úsáid ábhar frithmhiocróbach i gcás bia-ainmhithe

I.29  Freagairt ar éileamh tomhaltóirí ar bhia ardcháilíochta: Luach na táirgeachta faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais agus na táirgeachta orgánaí

 

R.43PR  Úsáid ábhar frithmhiocróbach a theorannú: An sciar de na haonaid bheostoic (LU) lena mbaineann gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht chun úsáid ábhar frithmhiocróbach a theorannú (cosc/laghdú)

R.44PR  Leas ainmhithe a fheabhsú: An sciar de na haonaid bheostoic (LU) a chumhdaítear le gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht chun leas ainmhithe a fheabhsú

(1)   

Déanfar an measúnú ar na treochtaí i gcás pailneoirí trí úsáid a bhaint as bearta ábhartha de chuid an Aontais maidir le táscairí pailneora, go háirithe trí tháscaire pailneora agus trí bhearta eile arna nglacadh trí chreat rialachais Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 (Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020) ar bhonn Thionscnamh Pailneoirí an Aontais (Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2018).

Imréiteach feidhmíochta bliantúil – ASCHUR

Cineálacha idirghabhála agus a dtáscairí aschuir ( 22 )



Cineálacha idirghabhála

Táscairí aschuir (1)

Comhar (Airteagal 77)

O.1  Líon na dtionscadal grúpa oibríochtúil de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (CEN)

Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise (Airteagal 78)

O.2  Líon na ngníomhaíochtaí nó na n-aonad comhairle chun tacaíocht nuálaíochta a chur ar fáil chun tionscadail grúpa oibríochtúil na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (CEN) a ullmhú nó a chur chun feidhme

Táscaire cothrománach

O.3MO  Líon tairbhithe thacaíocht CBT

Tacaíocht bhunúsach ioncaim (Airteagal 21)

O.4  An líon heicteár a bhaineann tairbhe as tacaíocht bhunúsach ioncaim

Íocaíocht d’fheirmeoirí beaga (Airteagal 28)

O.5  Líon na dtairbhithe nó na heicteár a bhaineann tairbhe as iocaíochtaí d’fheirmeoirí beaga

Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga (Airteagal 30)

O.6  Líon na heicteár a bhaineann tairbhe as tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga

Tacaíocht ioncaim athdháilte (Airteagal 29)

O.7  An líon heicteár a bhaineann tairbhe as tacaíocht d'ioncaim athdháilte

Éiciscéimeanna (Airteagal 31)

O.8  An líon heicteár nó aonaid bheostoic a bhaineann tairbhe as tacaíocht d’éiciscéimeanna

Uirlisí bainistithe riosca (Airteagal 76)

O.9  Líon na n-aonad a chumhdaítear le huirlisí bainistithe riosca dá dtugtar tacaíocht CBT

Tacaíocht ioncaim chúpláilte (Airteagal 32)

O.10  An líon heicteár a fhaigheann tacaíocht ioncaim chúpláilte

O.11  An líon feirmeoirí atá ina gceann gabháltais a fhaigheann tacaíocht ioncaim chúpláilte

Srianta nádúrtha nó srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar (Airteagal 71)

O.12  An líon heicteár a bhaineann tairbhe as tacaíocht do limistéir a bhfuil srianta nádúrtha nó srianta sonracha eile ag bagairt orthu, lena n-áirítear miondealú de réir chineál na limistéar

Míbhuntáistí de thoradh ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar (Airteagal 72)

O.13  An líon heicteár a bhaineann tairbhe as tacaíocht faoi Natura 2000 nó faoi Threoir 2000/60/CE

Gealltanais chomhshaoil, gealltanais a bhaineann leis an aeráid agus gealltanais bhainistíochta eile (Airteagal 70)

O.14  An líon heicteár (seachas foraoiseacht) nó líon aonad eile a chumhdaítear le gealltanais chomhshaoil nó gealltanais a bhaineann leis an aeráid a théann thar na ceanglais éigeantacha

O.15  An líon heicteár (foraoiseacht) nó líon aonad eile a chumhdaítear le gealltanais chomhshaoil nó gealltanais a bhaineann leis an aeráid a théann thar na ceanglais éigeantacha

O.16  An líon heicteár nó líon aonad eile atá faoi ghealltanais chothabhála le haghaidh foraoisiú agus agrafhoraoiseachta

O.17  An líon heicteár nó líon aonad eile a bhaineann tairbhe as tacaíocht don fheirmeoireacht orgánach

 

O.18  An líon aonad beostoic (LU) a bhaineann tairbhe as tacaíocht do leas agus sláinte ainmhithe nó níos mó bearta bithshlándála

O.19  An líon oibríochtaí nó aonad lena dtugtar tacaíocht maidir le hacmhainní géiniteacha

Infheistíochtaí (Airteagal 73 agus Airteagal 74)

O.20  An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta táirgiúla ar fheirmeacha dá dtugtar tacaíocht

O.21  An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta neamhtháirgiúla ar fheirmeacha dá dtugtar tacaíocht

O.22  An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta bonneagair dá dtugtar tacaíocht

O.23  An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta neamhtháirgiúla lasmuigh den fheirm dá dtugtar tacaíocht

O.24  An líon oibríochtaí nó aonad infheistíochta táirgiúla lasmuigh den fheirm dá dtugtar tacaíocht

Cabhrú le feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua dul i mbun gnó agus le tionscnamh gnólachtaí tuaithe (Airteagal 75)

O.25  An líon feirmeoirí óga dá dtugtar tacaíocht maidir le dul i mbun gnó

O.26  An líon feirmeoirí óga a fhaigheann tacaíocht maidir le dul i mbun gnó (seachas feirmeoirí óga a thuairiscítear faoi O.25)

O.27  An líon gnólachtaí tuaithe a fhaigheann tacaíocht chun dul i mbun gnó

Comhar (Airteagal 77)

O.28  An líon grúpaí táirgeoirí agus eagraíochtaí táirgeoirí a fhaigheann tacaíocht

O.29  Líon na dtairbhithe dá dtugtar tacaíocht chun a bheith rannpháirteach i scéimeanna cáilíochta oifigiúla

O.30  An líon oibríochtaí nó aonad dá dtugtar tacaíocht ar mhaithe le hathnuachan ó ghlúin go glúin (seachas tacaíocht maidir le dul i mbun gnó)

O.31  An líon straitéisí forbartha áitiúla (LEADER) nó gníomhaíochtaí ullmhúcháin dá dtugtar tacaíocht

O.32  An líon oibríochtaí nó aonad eile comhair dá dtugtar tacaíocht (gan CEN a thuairiscítear in O.1 a áireamh)

Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise (Airteagal 78)

O.33  An líon gníomhaíochtaí nó aonad oiliúna, comhairle agus feasachta dá dtugtar tacaíocht

Táscairí cothrománacha

O.34MO  An líon heicteár atá faoi chleachtais chomhshaoil (táscaire achoimre maidir leis an limistéar fisiceach atá faoi choinníollacht, éiciscéimeanna, gealltanais maidir le bainistiú agra-chomhshaoil-aeráide agus foraois-chomhshaoil-aeráide)

Cineálacha idirghabhála in earnálacha áirithe (Airteagal 47)

O.35  An líon clár oibríochtúil dá dtugtar tacaíocht

Cineálacha idirghabhála san earnáil fíona (Airteagal 58)

O.36  An líon gníomhaíochtaí nó aonad dá dtugtar tacaíocht in earnáil an fhíona

Cineálacha idirghabhála san earnáil na beachaireachta (Airteagal 55)

O.37  An líon gníomhaíochtaí nó aonad chun an bheachaireacht a chaomhnú nó a fheabhsú

(1)   

Déantar táscairí aschuir nach n-úsáidtear ach le haghaidh faireacháin a mharcáil le MO.

TÁSCAIRÍ COMHTHÉACS



 

Uimhir táscaire

Táscaire comhthéacs

Daonra

C.01

Daonra iomlán

C.02

Dlús daonra

C.03

Struchtúr aoise an daonra

Limistéar iomlán

C.04

Limistéar iomlán

C.05

Cumhdach talún

Margadh saothair

C.06

An ráta fostaíochta i gceantair thuaithe

C.07

An ráta dífhostaíochta i gceantair thuaithe

C.08

Fostaíocht (de réir earnála, de réir cineál réigiúin, de réir gníomhaíocht eacnamaíoch)

Geilleagar

C.09

OTI per capita

C.10

Ráta bochtaineachta

C.11

Oll-bhreisluach de réir earnála, de réir cineál réigiúin, i dtalmhaíocht agus do tháirgeoirí príomhúla

Feirmeacha agus feirmeoirí

C.12

Gabháltais talmhaíochta (feirmeacha)

C.13

Lucht saothair feirme

C.14

Struchtúr aoise bainisteoirí feirme

C.15

Oiliúint talmhaíochta bainisteoirí feirme

C.16

Bainisteoirí nua feirme agus bainisteoirí nua feirme óga

Talamh talmhaíochta

C.17

Limistéar talmhaíochta a úsáidtear

C.18

Talamh inuiscithe

C.19

Feirmeoireacht i limistéir Natura 2000

C.20

Limistéir a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta sonracha eile orthu

C.21

Talamh talmhaíochta atá cumhdaithe le gnéithe tírdhreacha

C.22

Éagsúlacht barr

Beostoc

C.23

Aonaid bheostoic

C.24

Aonaid bheostoic

Ioncam talmhaíochta agus feirme

C.25

Ioncam ó fhachtóirí talmhaíochta

C.26

Comparáid idir ioncam talmhaíochta agus costas saothair neamhthalmhaíochta

C.27

Ioncam feirme de réir cineál feirmeoireachta, de réir réigiúin, de réir mhéid na feirme, i limistéir a bhfuil srianta nádúrtha agus srianta sonracha eile orthu

C.28

Ollfhoirmiú caipitil sheasta sa talmhaíocht

Táirgiúlacht talmhaíochta

C.29

Táirgiúlacht na bhfachtóirí uile sa talmhaíocht

C.30

Táirgiúlacht saothair sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i dtionscal an bhia

Trádáil talmhaíochta

C.31

Allmhairí agus onnmhairí talmhaíochta

Gníomhaíochtaí sochracha eile

C.32

Bonneagar turasóireachta

Cleachtais feirmeoireachta

C.33

Limistéar talmhaíochta faoi fheirmeoireacht orgánach

C.34

Déine feirmeoireachta

C.35

Luach na táirgeachta faoi scéimeanna cáilíochta an Aontais agus na táirgeachta orgánaí

Bithéagsúlacht

C.36

An tInnéacs Éanlaithe Talaimh Feirme

C.37

Céatadán de na speicis agus de na gnáthóga ar de leas an Chomhphobail iad a bhaineann leis an talmhaíocht a bhfuil treochtaí seasta nó ardaitheacha ann maidir leo

Uisce

C.38

Úsáid uisce sa talmhaíocht

C.39

Cáilíocht an uisce

Comhardú comhlán na gcothaitheach – nítrigin

Comhardú comhlán na gcothaitheach – fosfar

Níotráití i screamhuisce

Ithir

C.40

Carbón orgánach san ithir i dtalamh talmhaíochta

C.41

Dobharchreimeadh ithreach

Fuinneamh

C.42

Táirgeadh inbhuanaithe fuinnimh inathnuaite ón talmhaíocht agus ón bhforaoiseacht

C.43

Úsáid fuinnimh sa talmhaíocht, san fhoraoiseacht agus i dtionscal an bhia

An aeráid

C.44

Astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht

C.45

Táscaire dul chun cinn maidir le hathléimneacht na hearnála talmhaíochta

C.46

Caillteanas díreach talmhaíochta de bharr tubaistí

Aer

C.47

Astaíochtaí amóinia ón talmhaíocht

Sláinte

C.48

Díol/úsáid ábhar frithmhiocróbach le haghaidh bia-ainmhithe

C.49

Rioscaí, úsáid agus tionchair lotnaidicídí




IARSCRÍBHINN II

TACAÍOCHT INTÍRE ÓN EAGRAÍOCHT DHOMHANDA TRÁDÁLA DE BHUN AIRTEAGAL 10



Cineál idirghabhála

Tagairt sa Rialachán seo

Mír d’Iarscríbhinn 2 a ghabhann le Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir leis an Talmhaíocht (“Bosca Glas”)

Tacaíocht bhunúsach ioncaim

Teideal III, Caibidil 2, Roinn 2, Foroinn 2

5  (mura bhfuil an cur chun feidhme bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

6  (má tá an cur chun feidhme bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

Tacaíocht ioncaim athdháilte

Airteagal 29

5  (mura bhfuil cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

6  (má tá cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim i dtaobh na hinbhuanaitheachta bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

Tacaíocht ioncaim fhorlíontach d’fheirmeoirí óga

Airteagal 30

5  (mura bhfuil cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

6  (má tá cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

Scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe ar a dtugtar (éiciscéimeanna)

Airteagal 31(7), an chéad fhomhír, pointe (a)

5  (mura bhfuil cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

6  (má tá cur chun feidhme na tacaíochta gaolmhaire bunúsaí ioncaim bunaithe ar theidlíochtaí íocaíochta)

Scéimeanna aeráide, comhshaoil agus leasa ainmhithe ar a dtugtar (éiciscéimeanna)

Airteagal 31(7), an chéad fhomhír, pointe (b)

12

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) - infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, taighde agus modhanna táirgthe turgnamhacha agus nuálacha agus gníomhaíochtaí eile, i réimsí amhail:

Airteagal 47(1), pointe (a)

2, 11 nó 12

— caomhnú na hithreach, lena n-áirítear feabhas a chur ar charbón na hithreach agus ar struchtúr na hithreach, agus laghdú ar éilleáin

Airteagal 47(1), pointe (a)(i)

12

— úsáid agus bainistiú fónta uisce a fheabhsú, lena n-áirítear sábháil uisce, caomhnú uisce agus draenáil

Airteagal 47(1), pointe (a)(ii)

12

— damáiste de dheasca teagmhais dhíobhálacha aeráide a chosc agus an fhorbairt a dhéantar ar chineálacha, pórtha agus cleachtais bhainistithe atá in oiriúint do na hathruithe ar dhálaí aeráide, agus an úsáid a bhaintear astu, a chur chun cinn

Airteagal 47(1), pointe (a)(iii)

12

— coigilt fuinnimh, éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh inathnuaite a mhéadú

Airteagal 47(1), pointe (a)(iv)

11 nó 12

— pacáistiú éiceolaíoch, agus an pacáistiú sin amháin, i réimse an taighde agus an táirgthe thurgnamhaigh

Airteagal 47(1), pointe (a)(v)

2

— bithshlándáil, sláinte agus leas ainmhithe

Airteagal 47(1), pointe (a)(vi)

12

— astaíochtaí agus dramhaíl a laghdú, úsáid fotháirgí a fheabhsú, lena n-áirítear athúsáid agus luacháil na bhfotháirgí sin, agus bainistiú dramhaíola

Airteagal 47(1), pointe (a)(vii)

11 nó 12

— feabhas a chur ar fhrithsheasmhacht in aghaidh lotnaidí agus rioscaí agus tionchair úsáid lotnaidicídí a laghdú, lena n-áirítear teicnící bainistithe comhtháite lotnaidí a chur chun feidhme

Airteagal 47(1), pointe (a)(viii)

2, 11 nó 12

— feabhas a chur ar fhrithsheasmhacht in aghaidh galair ainmhithe agus úsáid cógas tréidliachta lena n-áirítear antaibheathaigh a laghdú

Airteagal 47(1), pointe (a)(ix)

2

— gnáthóga atá fabhrach don bhithéagsúlacht a chruthú agus a chothabháil

Airteagal 47(1), pointe (a)(x)

12

— cáilíocht táirgí a fheabhsú

Airteagal 47(1), pointe (a)(xi)

2

— acmhainní géiniteacha a fheabhsú

Airteagal 47(1), pointe (a)(xii)

2

— na coinníollacha fostaíochta a fheabhsú agus comhlíonadh oibleagáidí fostóirí a áirithiú, chomh maith le ceanglais sláinte agus sábháilteacht ag an obair i gcomhréir le Treoracha 89/391/CEE, 2009/104/CE agus (AE) 2019/1152

Airteagal 47(1), pointe (a)(xiii)

2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – seirbhísí comhairleacha agus cúnamh teicniúil

Airteagal 47(1), pointe (b)

2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – oiliúint agus malartú dea-chleachtas

Airteagal 47(1), pointe (c)

2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – táirgeadh orgánach nó comhtháite

Airteagal 47(1), pointe (d)

12

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – gníomhaíochtaí chun inbhuanaitheacht agus éifeachtúlacht iompair agus stórála a mhéadú

Airteagal 47(1), pointe (e)

11, 12 nó 2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht

Airteagal 47(1), pointe (f)

2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – scéimeanna cáilíochta

Airteagal 47(1), pointe (g)

2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – córais inrianaitheachta agus deimhniúcháin

Airteagal 47(1), pointe (h)

2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide

Airteagal 47(1), pointe (i)

11, 2 nó 12

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – cistí frithpháirteacha

Airteagal 47(2), pointe (a)

7 nó 2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe

Airteagal 47(2), pointe (b)

11 nó 2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – úlloird nó garráin ológ a athphlandáil

Airteagal 47(2), pointe (d)

8

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – athstocáil le beostoc ar chúiseanna sláinte nó mar gheall ar chaillteanais de dheasca tubaistí nádúrtha;

Airteagal 47(2), pointe (e)

8

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – cóitseáil

Airteagal 47(2), pointe (j)

2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – ceanglais fíteashláintíochta tríú tír a chur chun feidhme agus a bhainistiú

Airteagal 47(2), pointe (k)

2

Torthaí agus glasraí, leannlusanna, ola olóige, ológa boird agus earnálacha eile dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f) – gníomhaíochtaí cumarsáide

Airteagal 47(2), pointe (l)

2

Beachaireacht – seirbhísí comhairleacha, cúnamh teicniúil, oiliúint, faisnéis agus malartú dea-chleachtas

Airteagal 55(1), pointe (a)

2

Beachaireacht – infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, mar aon le gníomhaíochtaí eile, lena n-áirítear chun ionróirí coirceog beach agus galair sna coirceoga beach a chomhrac

Airteagal 55(1), pointe (b)(i)

11 nó 12 nó 2

Beachaireacht — infheistíocht i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe, chomh maith le gníomhaíochtaí eile lena n-áirítear chun: damáiste de dheasca dálaí aeráide díobhálacha a chosc, cleachtas bainistíochta a fhorbairt agus a úsáid

Airteagal 55(1), pointe (b)(ii)

11 nó 12 nó 2

Beachaireacht – saotharlanna tacaíochta

Airteagal 55(1), pointe (c)

2

Beachaireacht – cláir thaighde

Airteagal 55(1), pointe (e)

2

Beachaireacht – cur chun cinn, cumarsáid agus margaíocht

Airteagal 55(1), pointe (f)

2

Beachaireacht – cáilíocht táirgí a fheabhsú

Airteagal 55(1), pointe (g)

2

Fíon – athstruchtúrú agus athchóiriú

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (a)

8, 11 nó 12

Fíon – infheistíochtaí i sócmhainní inláimhsithe agus doláimhsithe

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (b)

11

Fíon – infheistíochtaíinláimhsithe agus doláimhsithe sa nuálaíocht

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (e)

11

Fíon – seirbhísí comhairleacha

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (f)

2

Fíon – gníomhaíochtaí faisnéise

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (h)

2

Fíon – turasóireacht fíona a chur chun cinn

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (i)

2

Fíon – feabhas a chur ar eolas ar an margadh

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (j)

2

Fíon – cur chun cinn agus cumarsáid

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (k)

2

Fíon – costais riaracháin a bhaineann le cistí frithpháirteacha

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (l)

2

Fíon – infheistíochtaí chun inbhuanaitheacht a fheabhsú

Airteagal 58(1), an chéad fhomhír, pointe (m)

11 nó 12 nó 2

Gealltanais chomhshaoil, gealltanais a bhaineann leis an aeráid agus gealltanais bhainistíochta eile

Airteagal 70

12

Srianta nádúrtha agus srianta eile a bhaineann go sonrach le limistéar

Airteagal 71

13

Míbhuntáistí de thoradh ceanglais éigeantacha áirithe a bhaineann go sonrach le limistéar

Airteagal 72

12

Infheistíochtaí

Airteagal 73

11 nó 8

Infheistíochtaí in uisciú

Airteagal 74

11

Comhar

Airteagal 77

2

Malartú eolais agus scaipeadh faisnéise

Airteagal 78

2




IARSCRÍBHINN III

RIALACHA MAIDIR LE COINNÍOLLACHT DE BHUN AIRTEAGAL 12

CRB: Ceanglas reachtúil bainistíochta

GAEC: Caighdeán maidir le talamh a bheith i ndea-riocht talmhaíochta agus comhshaoil



Réimsí

Príomh-shaincheist

Ceanglais agus caighdeáin

Príomhchuspóir an chaighdeáin

An comhshaol agus an aeráid

An t-athrú aeráide

(é a mhaolú agus oiriúnú dó)

GAEC 1

Féarthailte buana a chothabháil bunaithe ar chóimheas idir féarthalamh buan agus an limistéar talmhaíochta ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach, fo-réigiúnach, grúpa gabháltas nó leibhéal gabháltais i gcomparáid leis an mbliain tagartha 2018

Uaslaghdú 5 % i gcomparáid leis an mbliain tagartha

Beart cosanta ginearálta le nach n-athrófar go húsáidí eile talmhaíochta agus go gcaomhnófar an stoc carbóin

GAEC 2

Cosaint iomchuí na mbogach agus na bportach (1)

Ithreacha ar mhórán carbóin a chosaint

GAEC 3

Cosc ar choinleach arúil a loscadh, ach amháin ar chúiseanna sláinte plandaí

Ábhar orgánach san ithir a chothabháil

 

Uisce

CRB 1

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1):

Airteagal 11(3), pointe (e), agus pointe (h), a mhéid a bhaineann leis na ceanglais éigeantacha chun foinsí idirleata an truaillithe fosfáite a rialú

 

 

 

CRB 2

Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1):

Airteagal 4 agus Airteagal 5

 

GAEC 4

Stiallacha maolánacha a chur feadh uiscebhealaí (2)

Cúrsaí abhann a chosaint ar thruailliú agus ar rith chun srutha

 

Ithir

(cosaint agus cáilíocht)

GAEC 5

Bainistiú ar churaíocht, chun an baol maidir le díghrádú ithreach agus creimeadh a laghdú, lena n-áirítear an grádán fána a bhreithniú|

Bainistiú íosta talún a chuireann san áireamh dálaí a bhaineann go sonrach leis an suíomh chun an creimeadh a theorannú

GAEC 6

Cumhdach iosta ithreach chun nach mbeidh an ithir lom ann le linn na dtréimhsí is íogaire (3)

Cosaint ithreacha le linn na dtréimhsí is íogaire

GAEC 7

Uainíocht na mbarr i dtalamh arúil, ach amháin i gcás barra a fhásann faoi uisce (4)

Acmhainn na hithreach a chaomhnú

 

Bithéagsúlacht agus tírdhreach

(cosaint agus cáilíocht)

CRB 3

Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7):

Airteagal 3(1), Airteagal 3(2), pointe (b), Airteagal 4(1), (2) agus (4)

 

CRB 4

Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7):

Airteagal 6(1) agus (2)

 

▼C1

 

 

GAEC 8

— An sciar íosta den limistéar talmhaíochta atá dírithe ar réimsí nó gnéithe neamhtháirgiúla (5)

— Sciar íosta de 4 % ar a laghad de thalamh arúil ar leibhéal na feirme atá dírithe ar réimsí agus gnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh atá gan chur.

— I gcás ina ngeallfaidh feirmeoir 7 % ar a laghad dá thalamh arúil a dhíriú ar limistéir nó gnéithe neamhtháirgiúla, lena n-áirítear talamh atá gan chur, faoi éiciscéim fheabhsaithe i gcomhréir le hAirteagal 31(6), beidh an sciar a shannfar do chomhlíonadh an chaighdeáin GAEC sin teoranta do 3 %.

— Sciar íosta de 7 % ar a laghad de thalamh arúil ar leibhéal na feirme má áirítear leis sin barra breise nó barra fosaithe nítrigine, arna saothrú gan úsáid a bhaint as táirgí cosanta plandaí, ar talamh atá gan chur nó le gnéithe neamhtháirgiúla é 3 % de. Ba cheart do na Ballstáit fachtóir ualaithe 0,3 a úsáid maidir le haghaidh barra breise.

— Gnéithe den tírdhreach a choinneáil

— Cosc ar fhálta agus crainn a ghearradh le linn shéasúr goir agus tógála na n-éan

— Mar rogha, bearta chun speicis ionracha phlandaí a chosc

Gnéithe neamhtháirgiúla a chothabháil agus limistéar ina ndéanfar an bhithéagsúlacht ar an bhfeirm a fheabhsú

▼B

 

 

GAEC 9

Cosc ar fhéarthailte buana a athrú nó a threabhadh arna n-ainmniú ina bhféarthailte buana íogaire comhshaoil i láithreáin Natura 2000

Gnáthóga agus speicis a chosaint

Sláinte phoiblí, agus sláinte plandaí

Sábháilteacht bia

CRB 5

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1):

Airteagal 14 agus Airteagal 15, Airteagal 17(1) (6), agus Airteagal 18, Airteagal 19 agus Airteagal 20

 

 

 

CRB 6

Treoir 96/22/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 1996 a bhaineann le toirmeasc ar shubstaintí áirithe a ngabhann gníomhaíocht hormónach nó thíreastatach leo, agus ar bhéite-agónaithe, a úsáid i bhfeirmeoireacht stoic agus lena n-aisghairtear Treoracha 81/602/CEE, 88/146/CEE agus 88/299/CEE (IO L 125, 23.5.1996, lch. 3):

Airteagal 3, pointí (a), (b), (d) agus (e), agus Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 7

 

Táirgí cosanta plandaí

CRB 7

Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1):

Airteagal 55, an chéad abairt agus an dara habairt

 

 

 

CRB 8

Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a ghnóthú (IO L 309, 24.11.2009, lch. 71):

 

 

 

 

 

 

Leas ainmhithe

Leas ainmhithe

CRB 9

Treoir 2008/119/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun laonna a chosaint (IO L 10, 15.1.2009, lch. 7):

Airteagal 3 agus Airteagal 4

 

CRB 10

Treoir 2008/120/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 lena leagtar síos caighdeáin íosta chun muca a chosaint (IO L 47, 18.2.2009, lch. 5):

Airteagal 3 agus Airteagal 4

 

CRB 11

Treoir 98/58/CE ón gComhairle an 20 Iúil 1998 maidir le hainmhithe a choinnítear chun críoch feirmeoireachta a chosaint (IO L 221, 8.8.1998, lch. 23):

Airteagal 4

 

(1)   

Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil ina bPleananna Straitéiseacha CBT nach mbeidh feidhm ag an GAEC sin ach ón mbliain éilimh 2024 nó 2025. I gcásanna den sórt sin, léireoidh na Ballstáit go bhfuil an mhoill riachtanach chun an córas bainistíochta a bhunú i gcomhréir le pleanáil mhionsonraithe.


Agus caighdeán GAEC 2 á bhunú acu, áiritheoidh na Ballstáit, ar an talamh lena mbaineann, go bhféadfar gníomhaíocht talmhaíochta a bheidh oiriúnach chun an talamh a cháiliú mar limistéar talmhaíochta a choinneáil.

(2)   

Mar riail ghinearálta agus i gcomhréir le dlí an Aontais, sna stiallacha maolánacha faoin gcaighdeán GAEC seo feadh uiscebhealaí, beidh íosleithead 3 mhéadar saor ó úsáid lotnaidicídí agus leasachán.


I limistéir ina bhfuil díoga dí-uiscithe agus uiscithe, féadfaidh na Ballstáit, i gcás a bhfuil údar cuí leis le haghaidh na limistéar sin, an t-íosleithead a choigeartú i gcomhréir leis na cúinsí áitiúla sonracha.

(3)   

I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh na Ballstáit na híoschaighdeáin a oiriúnú sna réigiúin lena mbaineann chun an tréimhse fáis ghearr de thoradh ar fhad agus ar dhéine thréimhse an gheimhridh a chur san áireamh.

(4)   

Is é a bheidh san uainíocht ná athrú barr ar a laghad uair sa bhliain ar leibhéal na dáileachta talún (seachas i gcás barra ilbhliantúla, féar agus foráiste luibheach eile, agus talamh atá gan chur), lena n-áirítear na barra tánaisteacha a bhainistítear go hiomchuí.


Ar bhonn éagsúlacht na modhanna feirmeoireachta agus na ndálaí agra-aeráide, féadfaidh na Ballstáit a údarú sna réigiúin lena mbaineann cleachtais eile maidir le huainíocht fheabhsaithe barr le barra léagúmacha nó le héagsúlú barr a bhfuil sé d’aidhm acu acmhainn na hithreach a fheabhsú agus a chaomhnú i gcomhréir le cuspóirí an chaighdeáin GAEC sin.


Féadfaidh na Ballstáit gabháltais talún a dhíolmhú ón oibleagáid sna cásanna seo a leanas:

(a)  i gcás ina bhfuil níos mó ná 75 % den talamh arúil in úsáid chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, gan chur, nó in úsáid chun barraí léagúmacha a shaothrú, nó faoi réir teaglaim de na húsáidí sin;

(b)  i gcás gabháltas inar féarthailte buana é níos mó ná 75 % den limistéar talmhaíochta incháilithe, i gcás ina n-úsáidtear é chun féara nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh nó barra a bhíonn faoi uisce ar feadh cuid shuntasach den bhliain nó cuid shuntasach de thimthriall na mbarr a shaothrú, nó má tá sé faoi réir teaglaim de na húsáidí sin; nó

(c)  i gcás gabháltas le talamh arúil suas le 10 heicteár.

Féadfaidh na Ballstáit uasteorainn limistéir atá cumhdaithe le barr aonair a thabhairt isteach chun monashaothrú mór a chosc.

Measfar go gcomhlíonann feirmeoirí a dheimhnítear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 an caighdeán GAEC sin.

(5)   

Féadfaidh na Ballstáit na gabháltais talún seo a leanas a dhíolmhú ón oibleagáid faoin eang seo:

(a)  i gcás ina bhfuil níos mó ná 75 % den talamh arúil in úsáid chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, gan chur, nó in úsáid chun barraí léagúmacha a shaothrú, nó faoi réir teaglaim de na húsáidí sin;

(b)  i gcás ina bhfuil níos mó ná 75 % den talamh arúil in úsáid chun féar nó foráiste luibheach eile a tháirgeadh, gan chur, nó in úsáid chun barra a bhíonn faoi uisce ar feadh cuid shuntasach den bhliain nó cuid shuntasach de thimthriall na mbarr a shaothrú, nó faoi réir teaglaim de na húsáidí sin; nó

(c)  i gcás gabháltas le talamh arúil suas le 10 heicteár.

Na Ballstáit ina bhfuil níos mó ná 50 % d’achar dromchla iomlán an talaimh acu cumhdaithe le foraois, féadfaidh siad gabháltais atá suite i limistéir arna n-ainmniú ag na Ballstáit sin mar limistéar atá faoi shrianta nádúrtha i gcomhréir le hAirteagal 32(1), pointe (a) nó (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 a dhíolmhú ón oibleagáid faoin bhfleasc seo ar an gcoinníoll go bhfuil níos mó ná 50 % d’achar dromchla thalamh an aonaid dá dtagraítear sa dara habairt den mhír seo cumhdaithe le foraois agus gur airde cóimheas an talaimh faoi fhoraois le talamh talmhaíochta ná 3:1. Measúnófar an limistéar atá cumhdaithe le foraois agus an cóimheas idir talamh foraoise agus talamh talmhaíochta ar leibhéal limistéir a bheidh coibhéiseach leis an leibhéal LAU2 nó ar leibhéal aonaid shoiléir eile a chumhdóidh an t-aon limistéar geografach, tadhlach, soiléir amháin a bhfuil dálaí talmhaíochta comhchosúla ann.

(6)   

Arna chur chun feidhme go háirithe leo seo a leanas:

— Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 agus an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 37/2010,

— Rialachán (CE) Uimh. 852/2004: Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn I cuid A (II 4 (g, h, j), 5 (f, h), 6; III 8 (a, b, d, e), 9 (a, c)),

►C2  

— Rialachán (CE) Uimh. 853/2004: Airteagal 3(1), Iarscríbhinn III Roinn IX Caibidil I (I-1 b, c, d, e; I-2 a (i, ii, iii), b (i, ii), c; I-3; I-4; I-5; II-A 1, 2, 3, 4; II-B 1(a, d), 2, 4 (a, b)), Iarscríbhinn III Roinn X Caibidil I(1),

 ◄

— Rialachán (CE) Uimh. 183/2005: Airteagal 5(1), (5) agus (6), agus Iarscríbhinn I, cuid A (I-4 e, g; II-2 a, b, e), Airteagal 5(5) agus Iarscríbhinn III (faoin gceannteideal “BEATHÚ”, pointe 1 dar teideal “Stóráil”, an chéad abairt agus an abairt dheireanach, agus pointe 2 dar teideal “Dáileadh”, an tríú habairt), agus

— Rialachán (CE) Uimh. 396/2005: Airteagal 18.




IARSCRÍBHINN IV

RIALACHA MAIDIR LE COINNÍOLLACHT SHÓISIALTA DE BHUN AIRTEAGAL 14



Réimsí

An reachtaíocht is infheidhme

Forálacha ábhartha

Ceanglais

Fostaíocht

Dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha

Treoir 2019/1152

Airteagal 3

Coinníollacha fostaíochta le cur ar fáil i scríbhinn (“conradh fostaíochta”)

Airteagal 4

A áirithiú go mbeidh fostaíocht talmhaíochta faoi réir conradh fostaíochta

Airteagal 5

Conradh fostaíochta le cur ar fáil laistigh de 7 lá tar éis an chéad lá oibre

Airteagal 6

Athruithe ar an gcaidreamh fostaíochta le cur ar fáil i bhfoirm dhoiciméadach.

Airteagal 8

Tréimhse phromhaidh

Airteagal 10

Coinníollacha maidir le hintuarthacht íosta oibre

Airteagal 13

Oiliúint éigeantach

Sláinte agus sábháilteacht

Bearta chun feabhsuithe ar shábháilteacht agus ar shláinte oibrithe a spreagadh

Treoir 89/391/CEE

Airteagal 5

Foráil ghinearálta lena leagtar síos dualgas an fhostóra sábháilteacht agus sláinte oibrithe a áirithiú

Airteagal 6

Oibleagáid ghinearálta ar fhostóirí na bearta is gá a dhéanamh maidir le sábháilteacht agus cosaint sláinte, lena n-áirítear rioscaí a chosc agus faisnéis agus oiliúint a sholáthar

Airteagal 7

Seirbhísí cosanta agus coisctheacha: oibrí nó oibrithe atá le hainmniú le haghaidh gníomhaíochtaí sláinte agus sábháilteachta nó seirbhís sheachtrach inniúil a bheidh le fostú

Airteagal 8

An fostóir le bearta a dhéanamh le haghaidh garchabhrach, comhrac dóiteáin agus aslonnú oibrithe

Airteagal 9

Oibleagáidí ar fhostóirí maidir le measúnú rioscaí, bearta cosanta agus trealamh cosanta, tionóiscí ceirde a thaifeadadh agus a thuairisciú

Airteagal 10

Faisnéis a sholáthar d’oibrithe maidir le rioscaí sábháilteachta agus sláinte agus bearta cosanta agus coisctheacha

Airteagal 11

Comhairliúchán le hoibrithe agus rannpháirtíocht na n-oibrithe i bpléite maidir leis na ceisteanna uile a bhaineann le sábháilteacht agus sláinte ag an obair

Airteagal 12

An fostóir le háirithiú go bhfaigheann oibrithe oiliúint sábháilteachta agus sláinte leordhóthanach

 

Íoscheanglais sábháilteachta agus sláinte maidir le húsáid trealaimh oibre ag oibrithe

Treoir 2009/104/CE

Airteagal 3

Oibleagáidí ginearálta chun a áirithiú go bhfuil trealamh oibre oiriúnach don obair a bhíonn le déanamh ag oibrithe gan dochar don tsábháilteacht ná don tsláinte

Airteagal 4

Rialacha a bhaineann le trealamh oibre: ní mór an Treoir agus ceanglais íosta a bunaíodh a chomhlíonadh agus a chothabháil go leordhóthanach

Airteagal 5

Cigireacht ar threalamh oibre – trealamh a bheidh le hiniúchadh tar éis a shuiteáil agus cigireachtaí tréimhsiúla le déanamh ag daoine inniúla

Airteagal 6

Trealamh oibre lena mbaineann rioscaí sonracha atá le teorannú do dhaoine a bhfuil cúram orthu é a úsáid, agus gach deisiú, mionathrú, cothabháil a bheidh le déanamh ag oibrithe ainmnithe

Airteagal 7

Eirgeanamaíocht agus sláinte ceirde

Airteagal 8

Oibrithe le faisnéis leordhóthanach a fháil agus i gcás inarb iomchuí, treoracha i scríbhinn maidir le húsáid trealaimh oibre

Airteagal 9

Oibrithe le hoiliúint leordhóthanach a fháil




IARSCRÍBHINN V

LEITHDHÁILTÍ NA mBALLSTÁT LE HAGHAIDH ÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 87(1), AN CHÉAD FHOMHÍR



(praghsanna reatha in EUR)

Bliain féilire

►M2  2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

an Bheilg

471 996 006

469 703 014

469 703 014

467 410 022

494 925 924

an Bhulgáir

808 258 686

816 888 275

825 517 864

834 147 452

834 147 452

an tSeicia

823 533 615

823 533 615

823 533 615

802 159 932

844 907 297

an Danmhairg

806 313 404

817 524 179

814 937 077

817 524 179

862 367 277

an Ghearmáin

4 424 125 913

4 374 968 959

4 301 233 527

4 178 341 140

4 915 695 459

an Eastóin

196 436 567

199 297 294

202 158 021

205 018 748

205 018 748

Éire

1 186 281 996

1 186 281 996

1 186 281 996

1 186 281 996

1 186 281 996

an Ghréig

1 886 490 039

1 886 490 039

1 886 490 039

1 886 490 039

2 075 656 043

an Spáinn

4 874 879 750

4 882 179 366

4 889 478 982

4 896 778 599

4 896 778 599

an Fhrainc

6 736 440 037

6 736 440 037

6 736 440 037

6 736 440 037

7 285 000 537

an Chróit

374 770 237

374 770 237

374 770 237

374 770 237

374 770 237

an Iodáil

3 496 243 863

3 496 243 863

3 496 243 863

3 496 243 863

3 622 529 155

an Chipir

47 647 540

47 647 540

47 647 540

47 647 540

47 647 540

an Laitvia

331 043 657

334 864 681

339 685 706

344 506 729

363 483 744

an Liotuáin

587 064 372

595 613 853

604 163 335

612 712 816

612 712 816

Lucsamburg

32 747 827

32 747 827

32 747 827

32 747 827

32 747 827

an Ungáir

1 347 402 452

1 347 402 452

1 347 402 452

1 347 402 452

1 243 185 165

Málta

9 590 135

9 590 135

9 590 135

9 590 135

4 594 021

an Ísiltír

609 237 340

579 591 503

550 477 666

521 282 629

717 382 327

an Ostair

677 581 846

677 581 846

677 581 846

677 581 846

677 581 846

an Pholainn

3 488 417 133

3 519 600 956

3 550 784 779

3 581 968 602

3 185 968 140

an Phortaingéil

698 619 128

707 403 166

716 187 204

724 971 242

639 971 242

an Rómáin

1 897 051 311

1 924 609 371

1 952 167 430

1 979 725 489

2 029 595 196

an tSlóivéin

131 530 052

131 530 052

131 530 052

131 530 052

131 530 052

an tSlóvaic

394 892 166

397 751 933

400 605 131

402 456 080

407 456 080

an Fhionlainn

519 350 246

521 168 786

522 987 325

524 805 865

524 805 865

an tSualainn

686 131 966

686 360 116

686 588 267

686 816 417

686 816 417  ◄




IARSCRÍBHINN VI

An liosta táirgí dá dtagraítear in Airteagal 42, pointe (f)



Cód AC

Tuairisc

ex  01 01

Capaill, asail, miúileanna agus ráinigh bheo:

 

– Capaill

0101 21 00

– – Ainmhithe síolrúcháin folaíochta (1)

0101 29

– – Eile:

0101 29 10

– – – Le haghaidh marú

0101 29 90

– – – Eile

0101 30 00

– Asail

0101 90 00

– Eile

ex  01 03

Mucra beo:

0103 10 00

– Ainmhithe síolrúcháin folaíochta (2)

ex  01 06

Ainmhithe beo eile:

0106 14 10

– Coiníní clóis

ex 0106 19 00

– – Eile: réinfhianna agus fianna

0106 33 00

– – Ostraisí; éamúnna (Dromaius novaehollandiae)

0106 39 10

– – – Colúir

0106 39 80

– – – Éin eile

0205 00

Feoil capaill, í úr, fuaraithe nó reoite

ex  02 08

Feoil agus scairteach eile inite, í úr, fuaraithe nó reoite:

ex 0208 10 10

– – Feoil coinín clóis

ex 0208 90 10

– – Feoil colúir clóis

ex 0208 90 30

– – Feoil ghéime, seachas ó choiníní nó giorriacha

ex 0208 90 60

– – Feoil réinfhia

ex  04 07

Uibheacha éan, sna blaoscanna, úra, leasaithe nó cócaráilte:

0407 19 90

– Toirchithe, seachas uibheacha éanlaithe clóis

0407 29 90

– Uibheacha úra eile, seachas uibheacha éanlaithe clóis

0407 90 90

– Uibheacha eile, seachas uibheacha éanlaithe clóis

0701

Prátaí, iad úr nó fuaraithe

ex  07 13

Glasraí léagúmacha triomaithe, scilligthe, bídís scafa nó scoilte nó ná bíodh:

0713 10

– Piseanna (Pisum sativum):

0713 10 90

– – Seachas le cur

ex 0713 20 00

– Sicphiseánaigh (Cicer arietinum):

 

– – Seachas le cur

 

– Pónairí (Vigna spp., Phaseolus spp.):

ex 0713 31 00

– – Pónairí den speiceas Vigna mungo (L) Hepper nó Vigna radiata (L) Wilczek:

 

– – – Seachas le cur

ex 0713 32 00

– – Pónairí dearga beaga (Adzuki) (Phaseolus nó Vigna angularis):

 

– – – Seachas le cur

0713 33

– – Pónairí duánacha, lena n-áirítear pónairí pise bána (Phaseolus vulgaris):

0713 33 90

– – – Seachas le cur

ex 0713 34 00

– – Pónairí Bambara (Vigna subterranea nó Voandzeia subterranea):

 

– – – Seachas le cur

ex 0713 35 00

– – Piseanna bó (Vigna unguiculata):

 

– – – Seachas le cur

ex 0713 39 00

– – Eile:

 

– – – Seachas le cur

ex 0713 40 00

– Lintilí:

 

– – Seachas le cur

ex 0713 50 00

– Pónairí leathana (Vicia faba var. major) agus pónairí capaill (Vicia faba var. equina agus Vicia faba var. minor):

 

– – Seachas le cur

ex 0713 60 00

– Piseanna colúir (Cajanus cajan):

 

– – Seachas le cur

ex 0713 90 00

– Eile:

 

– – Seachas le cur

1201 90 00

Pónairí soighe, bídís briste nó ná bíodh, seachas síolta

1202 41 00

Piseanna talún, nach bhfuil rósta nó cócaráilte i slí eile, sa bhlaosc, seachas síolta

1202 42 00

Piseanna talún, nach bhfuil rósta nó cócaráilte i slí eile, scilligthe, bídís briste nó ná bíodh, seachas síolta

1203 00 00

Copra

1204 00 90

Ros lín, bíodh sé briste nó ná bíodh, seachas le cur

1205 10 90

Síolta ráibe nó síolta colsa ar bheagán aigéid éarúcaigh, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

1205 90 00

Síolta ráibe nó síolta colsa eile, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

1206 00 91

Síolta lus na gréine, scilligthe; i mblaosc stríocach de dhath liath agus bán, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

1206 00 99

Síolta lus na gréine, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

1207 29 00

Síolta cadáis, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

1207 40 90

Síolta seasamain, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

1207 50 90

Síolta mustaird, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

1207 60 00

– Síolta cróch bréige (Carthamus tinctorius)

1207 91 90

Síolta poipín, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

1207 99 91

Síolta cnáibe, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

ex 1207 99 96

Síolta ola eile agus torthaí olúla, bídís briste nó ná bíodh, seachas le cur

ex 1209 29 50

– – – Síolta lúipín, seachas le cur

ex  12 11

Plandaí agus codanna de phlandaí (lena n-áirítear síolta agus torthaí) de chineál a úsáidtear go príomha i gcumhradóireacht, i gcógaisíocht nó le haghaidh feithidicídí, fuingicídí nó nithe comhchosúla, úra nó triomaithe, bídís gearrtha, brúite nó púdraithe nó ná bíodh, seachas na táirgí atá liostaithe faoi chód AC ex 1211 90 86 i gCuid IX;

1212 94 00

Fréamhacha siocaire

ex  12 14

Svaeideanna, meaingil, fréamhacha farae, féar tirim, meidic na mbó (alfalfa), seamair, goirm choiligh, cál foráiste, lúipíní, peasairí agus táirgí foráiste comhchosúla, bídís i bhfoirm millíní nó ná bíodh:

ex 1214 10 00

– Min agus millíní mheidic na mbó (alfalfa):

 

– – – Seachas ó mheidic na mbó triomaithe le teas saorga nó ó mheidic na mbó triomaithe agus meilte ar bhealach eile

1214 90

– Eile:

1214 90 10

– – Meaingil, svaeideanna agus fréamhacha farae eile

ex 1214 90 90

– – Eile, seachas:

 

– – – Goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí agus táirgí farae comhchosúla, atá triomaithe le teas saorga, seachas féar tirim agus cál farae agus táirgí a bhfuil féar tirim iontu

 

– – – Goirm choiligh, seamair, lúipíní, peasairí, loiteog meala, peasair shicphiseánach agus crobh éin, triomaithe agus meilte ar bhealach eile

ex  22 06

Deochanna coipthe eile (mar shampla, ceirtlis, leann piorraí, meá); meascáin de dheochanna coipthe agus meascáin de dheochanna coipthe agus deochanna neamh-mheisciúla, nach sonraítear nó nach n-áirítear in aon áit eile:

ex 2206 00 31 go ex 2206 00 89

– Deochanna coipthe seachas piquette

5201

Cadás, nach bhfuil cardáilte ná cíortha

(1)   

Tá iontráil faoin bhfo-cheannteideal seo faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bhforálacha ábhartha an Aontais (féach Rialachán (AE) 2016/1012 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/262 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2015 lena leagtar síos rialacha de bhun Threoracha 90/427/CEE agus 2009/156/CE ón gComhairle i dtaca leis na modhanna chun eachainmhithe a aithint (Rialachán Pas Eachaithe) (IO L 59, 3.3.2015, lch. 1).

(2)   

Rialachán (AE) 2016/1012.




IARSCRÍBHINN VII

LEITHDHÁILTÍ NA mBALLSTÁT (IN AGHAIDH NA BLIANA AIRGEADAIS) LE hAGHAIDH CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA IN EARNÁIL AN FHÍONA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 88(1)



 

EUR (praghsanna reatha)

An Bhulgáir

25 721 000

An tSeicia

4 954 000

An Ghearmáin

37 381 000

An Ghréig

23 030 000

An Spáinn

202 147 000

An Fhrainc

269 628 000

An Chróit

10 410 000

An Iodáil

323 883 000

An Chipir

4 465 000

An Liotuáin

43 000

An Ungáir

27 970 000

An Ostair

13 155 000

An Phortaingéil

62 670 000

An Rómáin

45 844 000

An tSlóivéin

4 849 000

An tSlóvaic

4 887 000




IARSCRÍBHINN VIII

LEITHDHÁILTÍ NA mBALLSTÁT LE hAGHAIDH CADÁIS DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 87(1), AN DARA FOMHÍR



(praghsanna reatha, in EUR)

Bliain féilire

2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

An Bhulgáir

2 557 820

2 557 820

2 557 820

2 557 820

2 557 820

An Ghréig

183 996 000

183 996 000

183 996 000

183 996 000

183 996 000

An Spáinn

59 690 640

59 690 640

59 690 640

59 690 640

59 690 640

An Phortaingéil

177 589

177 589

177 589

177 589

177 589




IARSCRÍBHINN IX

LEITHDHÁILTÍ NA mBALLSTÁT LE hAGHAIDH ÍOCAÍOCHTAÍ DÍREACHA GAN CHADÁS AGUS ROIMH AN AISTRIÚ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 87(1), AN TRÍÚ FOMHÍR



(praghsanna reatha, in EUR)

Bliain féilire

►M2  2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

an Bheilg

471 996 006

469 703 014

469 703 014

467 410 022

494 925 924

an Bhulgáir

805 700 866

814 330 455

822 960 044

831 589 632

831 589 632

an tSeicia

823 533 615

823 533 615

823 533 615

802 159 932

844 907 297

an Danmhairg

806 313 404

817 524 179

814 937 077

817 524 179

862 367 277

an Ghearmáin

4 424 125 913

4 374 968 959

4 301 233 527

4 178 341 140

4 915 695 459

an Eastóin

196 436 567

199 297 294

202 158 021

205 018 748

205 018 748

Éire

1 186 281 996

1 186 281 996

1 186 281 996

1 186 281 996

1 186 281 996

an Ghréig

1 702 494 039

1 702 494 039

1 702 494 039

1 702 494 039

1 891 660 043

an Spáinn

4 815 189 110

4 822 488 726

4 829 788 342

4 837 087 959

4 837 087 959

an Fhrainc

6 736 440 037

6 736 440 037

6 736 440 037

6 736 440 037

7 285 000 537

an Chróit

374 770 237

374 770 237

374 770 237

374 770 237

374 770 237

an Iodáil

3 496 243 863

3 496 243 863

3 496 243 863

3 496 243 863

3 622 529 155

an Chipir

47 647 540

47 647 540

47 647 540

47 647 540

47 647 540

an Laitvia

331 043 657

334 864 681

339 685 706

344 506 729

363 483 744

an Liotuáin

587 064 372

595 613 853

604 163 335

612 712 816

612 712 816

Lucsamburg

32 747 827

32 747 827

32 747 827

32 747 827

32 747 827

an Ungáir

1 347 402 452

1 347 402 452

1 347 402 452

1 347 402 452

1 243 185 165

Málta

9 590 135

9 590 135

9 590 135

9 590 135

4 594 021

an Ísiltír

609 237 340

579 591 503

550 477 666

521 282 629

717 382 327

an Ostair

677 581 846

677 581 846

677 581 846

677 581 846

677 581 846

an Pholainn

3 488 417 133

3 519 600 956

3 550 784 779

3 581 968 602

3 185 968 140

an Phortaingéil

698 441 539

707 225 577

716 009 615

724 793 653

639 793 653

an Rómáin

1 897 051 311

1 924 609 371

1 952 167 430

1 979 725 489

2 029 595 196

an tSlóivéin

131 530 052

131 530 052

131 530 052

131 530 052

131 530 052

an tSlóvaic

399 892 166

402 751 933

405 605 131

407 456 080

407 456 080

an Fhionlainn

519 350 246

521 168 786

522 987 325

524 805 865

524 805 865

an tSualainn

686 131 966

686 360 116

686 588 267

686 816 417

686 816 417  ◄




IARSCRÍBHINN X

LEITHDHÁILTÍ NA mBALLSTÁT (IN AGHAIDH NA BLIANA AIRGEADAIS) LE hAGHAIDH CINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA IN EARNÁIL NA BEACHAIREACHTA DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 88(2)



 

EUR (praghsanna reatha)

An Bheilg

422 967

An Bhulgáir

2 063 885

An tSeicia

2 121 528

An Danmhairg

295 539

An Ghearmáin

2 790 875

An Eastóin

140 473

Éire

61 640

An Ghréig

6 162 645

An Spáinn

9 559 944

An Fhrainc

6 419 062

An Chróit

1 913 290

An Iodáil

5 166 537

An Chipir

169 653

An Laitvia

328 804

An Liotuáin

549 828

Lucsamburg

30 621

An Ungáir

4 271 227

Málta

14 137

An Ísiltír

295 172

An Ostair

1 477 188

An Pholainn

5 024 968

An Phortaingéil

2 204 232

An Rómáin

6 081 630

An tSlóivéin

649 455

An tSlóvaic

999 973

An Fhionlainn

196 182

An tSualainn

588 545

▼M1




IARSCRÍBHINN XI

MIONDEALÚ AR THACAÍOCHT ÓN AONTAS DO CHINEÁLACHA IDIRGHABHÁLA D’FHORBAIRT TUAITHE (2023 GO 2027)) DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 89(3)



(praghsanna reatha in EUR)

Ballstát

2023

►M2  2024

2025

2026

2027

Iomlán 2023-2027

an Bheilg

105 730 894

105 730 812

108 023 804

108 023 804

110 316 796

537 826 110

an Bhulgáir

282 979 644

282 162 644

282 162 644

282 162 644

282 162 644

1 411 630 220

an tSeicia

267 027 708

280 561 390

280 561 390

280 561 390

301 935 073

1 410 646 952

an Danmhairg

155 982 060

131 987 933

120 777 158

123 364 260

120 777 158

652 888 569

an Ghearmáin

1 485 615 738

1 583 929 284

1 633 086 238

1 706 821 670

1 829 714 057

8 239 166 987

an Eastóin

88 031 648

88 016 648

88 016 648

88 016 648

88 016 648

440 098 240

Éire

311 641 628

311 640 628

311 640 628

311 640 628

311 640 628

1 558 204 140

an Ghréig

651 491 600

746 119 604

746 119 604

746 119 604

746 119 604

3 635 970 016

an Spáinn

1 081 552 825

1 080 382 825

1 080 382 825

1 080 382 825

1 080 382 825

5 403 084 125

an Fhrainc

2 007 185 070

2 008 000 570

2 008 000 570

2 008 000 570

2 008 000 570

10 039 187 350

an Chróit

268 849 401

297 307 401

297 307 401

297 307 401

297 307 401

1 458 079 005

an Iodáil

1 355 321 375

1 476 206 667

1 476 206 667

1 476 206 667

1 476 206 667

7 260 148 043

an Chipir

23 770 514

23 770 514

23 770 514

23 770 514

23 770 514

118 852 570

an Laitvia

142 745 173

135 677 801

135 942 597

136 207 392

136 472 188

687 045 151

an Liotuáin

195 495 162

195 495 162

195 495 162

195 495 162

195 495 162

977 475 810

Lucsamburg

11 626 644

12 310 644

12 310 644

12 310 644

12 310 644

60 869 220

an Ungáir

384 539 149

312 651 862

312 651 862

312 651 862

312 651 862

1 635 146 596

Málta

19 334 497

14 988 383

14 988 383

14 988 383

14 988 383

79 288 028

an Ísiltír

180 985 369

181 413 356

211 059 193

240 173 030

269 368 067

1 082 999 015

an Ostair

520 024 752

520 024 752

520 024 752

520 024 752

520 024 752

2 600 123 760

an Pholainn

1 004 581 539

924 001 077

924 001 077

924 001 077

924 001 077

4 700 585 847

an Phortaingéil

455 630 620

455 550 620

455 550 620

455 550 620

455 550 620

2 277 833 100

an Rómáin

967 049 892

1 016 919 599

1 016 919 599

1 016 919 599

1 016 919 599

5 034 728 288

an tSlóivéin

110 170 192

110 170 192

110 170 192

110 170 192

110 170 192

550 850 960

an tSlóvaic

260 599 909

264 077 909

264 077 909

264 077 909

264 077 909

1 316 911 545

an Fhionlainn

354 551 956

354 549 956

354 549 956

354 549 956

354 549 956

1 772 751 780

an tSualainn

211 889 741

211 889 741

211 889 741

211 889 741

211 889 741

1 059 448 705

Iomlán AE-27

12 904 404 700

13 125 537 974

13 195 687 778

13 301 388 944

13 474 820 736

66 001 840 132

Cúnamh teicniúil (0,25%)

30 272 220

30 272 220

30 272 220

30 272 220

30 272 220

151 361 100

Iomlán

12 934 676 920

13 155 810 194

13 225 959 998

13 331 661 164

13 505 092 956

66 153 201 232  ◄

▼B




IARSCRÍBHINN XII

ÍOSMHÉIDEANNA ARNA gCUR I LEATAOBH DON CHUSPÓIR SONRACH DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 6(1), POINTE (g)



(praghsanna reatha in EUR)

Bliain féilire

2023

2024

2025

2026

2027 agus na blianta ina dhiaidh sin

An Bheilg

14 847 778

14 847 778

14 847 778

14 847 778

14 847 778

An Bhulgáir

24 176 548

24 435 436

24 694 323

24 953 211

24 953 211

An tSeicia

25 648 419

25 648 419

25 648 419

25 648 419

25 648 419

An Danmhairg

25 871 018

25 871 018

25 871 018

25 871 018

25 871 018

An Ghearmáin

147 470 864

147 470 864

147 470 864

147 470 864

147 470 864

An Eastóin

5 893 097

5 978 919

6 064 741

6 150 562

6 150 562

Éire

35 588 460

35 588 460

35 588 460

35 588 460

35 588 460

An Ghréig

56 749 801

56 749 801

56 749 801

56 749 801

56 749 801

An Spáinn

144 455 673

144 674 662

144 893 650

145 112 639

145 112 639

An Fhrainc

218 550 016

218 550 016

218 550 016

218 550 016

218 550 016

An Chróit

11 243 107

11 243 107

11 243 107

11 243 107

11 243 107

An Iodáil

108 855 875

108 855 875

108 855 875

108 855 875

108 855 875

An Chipir

1 429 426

1 429 426

1 429 426

1 429 426

1 429 426

An Laitvia

10 476 789

10 629 363

10 781 938

10 934 512

10 934 512

An Liotuáin

17 611 931

17 868 416

18 124 900

18 381 384

18 381 384

Lucsamburg

982 435

982 435

982 435

982 435

982 435

An Ungáir

37 295 555

37 295 555

37 295 555

37 295 555

37 295 555

Málta

137 821

137 821

137 821

137 821

137 821

An Ísiltír

21 521 470

21 521 470

21 521 470

21 521 470

21 521 470

An Ostair

20 327 455

20 327 455

20 327 455

20 327 455

20 327 455

An Pholainn

92 772 500

93 708 015

94 643 530

95 579 044

95 579 044

An Phortaingéil

18 403 246

18 666 767

18 930 288

19 193 810

19 193 810

An Rómáin

58 407 631

59 234 372

60 061 114

60 887 856

60 887 856

An tSlóivéin

3 945 902

3 945 902

3 945 902

3 945 902

3 945 902

An tSlóvaic

12 026 832

12 172 635

12 318 439

12 464 242

12 464 242

An Fhionlainn

15 580 507

15 635 064

15 689 620

15 744 176

15 744 176

An tSualainn

20 583 959

20 590 803

20 597 648

20 604 493

20 604 493




IARSCRÍBHINN XIII

GNÍOMHARTHA REACHTACHA DE CHUID AN AONTAIS A BHAINEANN LEIS AN gCOMHSHAOL AGUS LEIS AN AERÁID NACH MÓR DO NA PLEANANNA STRAITÉISEACHA CBT ATÁ AG NA BALLSTÁIT RANNCHUIDIÚ LENA CUSPÓIRÍ, AGUS A BHEITH COMHCHUÍ LEO, DE BHUN AIRTEAGAL 108, AIRTEAGAL109 AGUS AIRTEAGAL 115:

— 
Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú;
— 
Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fána agus flóra fiáine a chaomhnú;
— 
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce;
— 
Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú de bharr níotráití ó fhoinsí talmhaíochta;
— 
Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip;
— 
Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE;
— 
Rialachán (AE) 2018/841 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le hastaíochtaí agus aistrithe gás ceaptha teasa ó úsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur san áireamh i gcreat 2030 don aeráid agus don fhuinneamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 agus Cinneadh Uimh. 529/2013/AE;
— 
Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013;
— 
Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn;
— 
Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoracha 2009/125/CE agus 2010/30/AE agus lena n-aisghairtear Treoracha 2004/8/CE agus 2006/32/CE;
— 
Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;
— 
Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht an Chomhphobail chun úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a ghnóthú.




IARSCRÍBHINN XIV

TUAIRISCIÚ BUNAITHE AR CHROÍTHACAR TÁSCAIRÍ DE BHUN AIRTEAGAL 142

Táscairí maidir leis an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT)



Cuspóir

Croí-thacar táscairí

Chun tacaíocht a thabhairt d’ioncam feirme inmharthana agus d’athléimneacht na hearnála talmhaíochta ar fud an Aontais d'fhonn cur leis an tslándáil bia fhadtéarmach agus an éagsúlacht talmhaíochta chomh maith le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch na táirgeachta talmhaíochta san Aontas a áirithiú

O.3  Líon na dtairbhithe de thacaíocht CBT

C.25  Ioncam ó fhachtóirí talmhaíochta

R.6  Athdháileadh ar fheirmeacha beaga: Céatadán d’íocaíochtaí díreacha breise in aghaidh an heicteáir d’fheirmeacha incháilithe atá níos lú ná feirmeacha meánmhéide (i gcomparáid leis an meán)

Chun díriú níos fearr ar an margadh agus cur le hiomaíochas feirmeacha san fhadtéarma agus sa ghearrthéarma araon, lena n-áirítear béim níos mó ar an taighde, an teicneolaíocht agus an digitiú

R.9  Nuachóiriú feirmeacha: An sciar de na feirmeacha dá dtugtar tacaíocht infheistíochta chun athstruchtúrú agus nuachóiriú a dhéanamh, lena n-áirítear éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú

Chun áit an fheirmeora sa slabhra luacha a fheabhsú

R.10  Eagrú níos fearr ar an slabhra soláthair: An sciar de na feirmeacha atá rannpháirteach i ngrúpaí táirgeoirí, eagraíochtaí táirgeoirí, margaí áitiúla, slabhraí gearra soláthair agus scéimeanna cáilíochta dá dtugtar tacaíocht CBT

Chun rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin, lena n-áirítear trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus ceapadh carbóin a fheabhsú, agus chun fuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn chomh maith leis sin

I.10  Rannchuidiú le maolú an athraithe aeráide: Astaíochtaí gás ceaptha teasa ón talmhaíocht

R.14  Stóráil carbóin in ithreacha agus i mbithmhais: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun astaíochtaí a laghdú, nó chun stóráil carbóin a chothabháil nó a fheabhsú (lena n-áirítear féarthailte buana, barra buana a bhfuil clúdach buan glas acu, talamh talmhaíochta i mbogach agus talamh portaigh)

R.17  Talamh foraoisithe: Limistéar dá dtugtar tacaíocht ar mhaithe le foraoisiú, agrafhoraoiseacht agus athfhoraoisiú, lena n-áirítear miondealuithe

Chun an fhorbairt inbhuanaithe agus bainistiú éifeachtúil ar acmhainní nádúrtha amhail an t-uisce, an ithir agus an t-aer, lena n-áirítear tríd an spleáchas ar cheimiceáin a laghdú

O.34  An líon heicteár atá faoi chleachtais chomhshaoil (táscaire achoimre maidir leis an limistéar fisiceach a chumhdaítear faoi choinníollacht, éiciscéimeanna, gealltanais maidir le bainistiú agra-chomhshaoil-aeráide agus foraois-chomhshaoil-aeráide)

I.15  Cáilíocht an uisce a fheabhsú: An chothromaíocht chomhlán cothaitheach ar thalamh talmhaíochta

I.16  Sceitheadh cothaitheach a laghdú: Níotráit sa screamhuisce – céatadán de na stáisiúin screamhuisce a bhfuil tiúchan níotráite iontu os cionn 50 mg/l faoi Threoir 91/676/CEE

I.18  Úsáid inbhuanaithe agus laghdaithe lotnaidicídí: Rioscaí, úsáid agus tionchair lotnaidicídí

R.19  Ithreacha a fheabhsú agus a chosaint: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht a théann chun tairbhe don bhainistiú ithreach chun cáilíocht na hithreach agus an bithra a fheabhsú (amhail laghdú a dhéanamh ar churaíocht, ithirchlúdach le barra, uainíocht barr a áirítear le barra léagúmacha)

R.20  Cáilíocht an aeir a fheabhsú: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun astaíochtaí amóinia a laghdú

R.21  Cáilíocht an uisce a chosaint: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht do cháilíocht dobharlach

R.22PR  Bainistiú inbhuanaithe ar chothaithigh: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais a bhaineann le bainistiú níos fearr ar chothaithigh

R.24  Úsáid inbhuanaithe agus laghdaithe lotnaidicídí: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta faoi ghealltanais shonracha dá dtugtar tacaíocht a chuireann le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí chun rioscaí agus tionchair a bhaineann le húsáid lotnaidicídí amhail sceitheadh lotnaidicídí a laghdú

Chun rannchuidiú le cailliúint na bithéagsúlachta a stopadh agus a aisiompú, seirbhísí éiceachórais a fheabhsú agus gnáthóga agus tírdhreacha a chaomhnú

C.33  Limistéar talmhaíochta faoi fheirmeoireacht orgánach

I.21  Soláthar seirbhísí éiceachórais a fheabhsú: Talamh talmhaíochta atá cumhdaithe le gnéithe tírdhreacha

R.29  Forbairt na talmhaíochta orgánaí: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta dá dtugtar tacaíocht CBT le haghaidh talmhaíocht orgánach, le deighilt idir cothabháil agus athrú

R.34  Gnéithe tírdhreacha a chaomhnú: An sciar den limistéar talmhaíochta a úsáidtear (UAA) le haghaidh feirmeoireachta atá faoi ghealltanais dá dtugtar tacaíocht chun gnéithe tírdhreacha a bhainistiú, lena n-airítear fálta sceach agus crainn

Feirmeoirí óga agus feirmeoirí nua a mhealladh agus tacú leo agus forbairt gnó inbhuanaithe a éascú i gceantair thuaithe

R.36  Athnuachan ó ghlúin go glúin: An líon feirmeoirí óga a fhaigheann tacaíocht CBT chun gnó a chur ar bun, lena n-áirítear miondealú inscne

An fhostaíocht, fás, comhionannas inscne, lena n-áirítear rannpháirtíocht na mban san fheirmeoireacht, cuimsiú sóisialta agus an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn i gceantair thuaithe, lena n-áirítear bithgheilleagar ciorclach agus foraoiseacht inbhuanaithe

R.37  Fás agus fostaíocht i gceantair thuaithe: Poist nua dá dtugtar tacaíocht i dtionscadail CBT

R.38  Cumhdach LEADER: An sciar de phobal na tuaithe a chumhdaítear le straitéisí forbartha áitiúla

R.41  Eoraip na tuaithe a chónascadh: An sciar de phobal na tuaithe a bhfuil rochtain níos fearr acu ar sheirbhísí agus ar bhonneagar de bharr tacaíocht CBT

Chun feabhas a chur ar an gcaoi a bhfreagraíonn earnáil talmhaíochta an Aontais ar éilimh shochaíocha ar bhia agus ar shláinte, lena n-áirítear bia ardcháilíochta, sábháilte agus cothaitheach a thairgtear ar bhealach inbhuanaithe, chun cur amú bia a laghdú, chomh maith le leas ainmhithe a fheabhsú agus chun frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha a chomhrac

I.28  Úsáid ábhar frithmhiocróbach in ainmhithe feirme a theorannú: Díol/úsáid ábhar frithmhiocróbach le haghaidh bia-ainmhithe.

R.43  Úsáid ábhar frithmhiocróbach a theorannú: An sciar de na haonaid bheostoic (AB) lena mbaineann gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht chun úsáid ábhar frithmhiocróbach theorannú (cosc/laghdú)

R.44  Leas ainmhithe a fheabhsú: An sciar de na haonaid bheostoic a chumhdaítear le gníomhaíochtaí dá dtugtar tacaíocht chun leas ainmhithe a fheabhsú

Talamhaíocht agus ceantair thuaithe a nuachóiriú trí eolas, nuálaíocht agus digiteáil a chothú agus a chomhroinnt in earnáil na talmhaíochta agus i gceantair thuaithe agus tríd an nglacadh atá leo ag feirmeoirí a spreagadh, trí rochtain níos fearr ar thaighde, nuálaíocht, malartú eolais agus oiliúint

R.1  Cur leis an bhfeidhmíocht a bhuí leis an eolas agus leis an nuálaíocht: Líon na ndaoine a fhaigheann comhairle, oiliúint, malartú eolais nó a ghlacann páirt i ngrúpaí oibríochtúla na Comhpháirtíochta Eorpaí Nuálaíochta (CEN) lena dtacaítear le CBT chun feabhas a chur ar fheidhmíocht inbhuanaithe eacnamaíoch, chomhshaoil, aeráide agus éifeachtúlachta acmhainní



( 1 ) Rialachán (AE) Uimh. 702/2014 ón gCoimisiún an 25 Meitheamh 2014 lena ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach in earnálacha na talmhaíochta agus na foraoiseachta agus i gceantair thuaithe comhoiriúnach don mhargadh inmheánach agus Airteagail 107 agus 108 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh á gcur i bhfeidhm (IO L 193, 1.7.2014, lch. 1).

( 2 ) Rialachán (CE) Uimh. 1257/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta (CETRT) agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialacháin áirithe (IO L 160, 26.6.1999, lch. 80).

( 3 ) Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2005 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO L 277, 21.10.2005, lch. 1).

( 4 ) Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d'fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

( 5 ) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).

( 6 ) Treoir 2008/50/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh agus aer níos glaine don Eoraip (IO L 152, 11.6.2008, lch. 1).

( 7 ) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

( 8 ) Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 228/2013, Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 agus Rialachán (AE) Uimh 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE (IO L 317, 23.11.2016, lch. 4) ón gComhairle.

( 9 ) Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).

( 10 ) Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánméide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).

( 11 ) IO C 249, 31.7.2014, lch 1.

( 12 ) Rialachán (AE) 2016/1012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le coinníollacha zóiteicniúla agus gineolaíocha i dtaca le pórú agus trádáil ainmhithe pórúcháin folaíochta, muca pórúcháin hibrideacha, agus táirgí geirmeacha díobh san Aontas agus lena dtabhairt isteach san Aontas agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 652/2014, Treoir 89/608/CEE ón gComhairle agus Treoir 90/425/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse an phóraithe ainmhithe (“An Rialachán maidir le Pórú Ainmhithe”) ( IO L 171, 29.6.2016, lch. 66).

( 13 ) Rialachán (AE) 2020/741 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 2020 maidir le híoscheanglais le haghaidh athúsáid uisce (IO L 177, 5.6.2020, lch. 32).

( 14 ) Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 – An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020), agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

( 15 ) Rialachán (AE) 2021/783 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 (IO L 172, 17.5.2021, lch. 53).

( 16 ) Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (IO L 189, 28.5.2021, lch. 1).

( 17 ) Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).

( 18 ) Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndachta staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).

( 19 ) Rialachán (CE) Uimh. 1217/2009 an 30 Samhain 2009 ón gComhairle lena mbunaítear líonra chun sonraí cuntasaíochta ar ioncaim agus oibriú gnó na ngabháltas talmhaíochta sa Chomhphobal Eorpach a bhailiú (IO L 328, 15.12.2009, lch. 27).

( 20 ) Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear comhrialacha do scéimeanna tacaíochta dírí d’fheirmeoirí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta d’fheirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006, (CE) Uimh. 378/2007 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (OJ L 30, 31.1.2009, p. 16).

( 21 ) Rialachán (AE) 2020/2220 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leagtar síos forálacha idirthréimhseacha áirithe le haghaidh tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) sna blianta 2021 agus 2022 agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013, (AE) Uimh. 1306/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus cur i bhfeidhm sna blianta 2021 agus 2022 agus Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní agus le leithdháileadh tacaíochta den sórt sin i leith na mblianta 2021 agus 2022 (IO L 437, 28.12.2020, lch. 1).

( 22 ) Déanfaidh siad na sonraí maidir lena gcaiteachas dearbhaithe a chur in iúl gach bliain.

Top