EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02014R0251-20231208

Consolidated text: Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/251/2023-12-08

02014R0251 — GA — 08.12.2023 — 002.001


Is áis doiciméadúcháin amháin an téacs seo agus níl aon éifeacht dhlíthiúil aige. Ní ghabhann institiúidí an Aontais aon dliteanas orthu féin i leith inneachar an téacs. Is iad na leaganacha de na gníomhartha a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus atá ar fáil ar an suíomh gréasáin EUR-Lex na leaganacha barántúla de na gníomhartha ábhartha, brollach an téacs san áireamh. Is féidir teacht ar na téacsanna oifigiúla sin ach na naisc atá leabaithe sa doiciméad seo a bhrú

►B

▼M1

RIALACHÁN (AE) Uimh. 251/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle

▼B

(IO L 084 20.3.2014, lch. 14)

Arna leasú le:

 

 

Iris Oifigiúil

  Uimh

Leathanach

Dáta

►M1

RIALACHÁN (AE) 2021/2117 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE  an 2 Nollaig 2021

  L 435

262

6.12.2021


Arna cheartú le:

►C1

Ceartúchán, IO L 105, 8.4.2014, lch.  12 (Uimh. 251/2014)




▼B

▼M1

RIALACHÁN (AE) Uimh. 251/2014 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Feabhra 2014

maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle

▼B



CAIBIDIL I

RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

▼M1

1.  
Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha i dtaca le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus le lipéadú táirgí fíona cumhraithe.

▼B

2.  
Maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011, beidh feidhm aige maidir le cur i láthair agus lipéadú táirgí fíona cumhraithe, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo.
3.  
Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na táirgí fíona cumhraithe go léir a chuirtear ar an margadh san Aontas, cibé acu sna Ballstáit nó i dtríú tíortha a tháirgtear iad, maille leis na táirgí fíona cumhraithe a tháirgtear san Aontas lena n-onnmhairiú.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 

ciallaíonn “ainmníocht díolacháin” an t-ainm atá ar aon cheann de na táirgí fíona cumhraithe a leagtar síos sa Rialachán seo;

(2) 

ciallaíonn “tuairisc” an liosta de na saintréithe sonracha atá ag táirge fíona cumhraithe.

▼M1 —————

▼B

CAIBIDIL II

SAINMHÍNIÚ, TUAIRISC, CUR I LÁTHAIR AGUS LIPÉADÚ TÁIRGÍ FÍONA CUMHRAITHE

Airteagal 3

Táirgí fíona cumhraithe a shainiú agus a aicmiú

1.  

Is iad táirgí fíona cumhraithe ná táirgí a fhaightear ó tháirgí de chuid earnáil an fhíona dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus atá blaistithe. Aicmítear iad sna catagóirí seo a leanas:

(a) 

fíonta cumhraithe,

(b) 

deochanna cumhraithe de bhunadh fíona,

(c) 

manglaim táirgí fíona cumhraithe.

2.  

Is é is fíon cumhraithe ná deoch:

(a) 

a fuarthas ó tháirge fíona amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointe 5 de Chuid IV d’Iarscríbhinn II agus i bpointe 1 agus i bpointí 3 go 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíon “Retsina”;

(b) 

ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 75 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c) 

a bhféadfadh alcól a bheith curtha léi;

(d) 

a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e) 

a bhféadfadh úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe nó an dá cheann a bheith curtha léi;

(f) 

a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(g) 

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 14,5 % toirte agus is lú ná 22 % toirte inti agus neart alcóil iomlán de réir toirte nach lú ná 17,5 % toirte inti.

3.  

Is é is deoch chumhraithe de bhunadh fíona ná deoch:

(a) 

a fuarthas ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna atá sainmhínithe i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointí 4 go 9 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d’fhíon “Retsina”;

(b) 

ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c) 

nach bhfuil aon alcól curtha léi, ach amháin sa chás ina bhforálann Iarscríbhinn II dá mhalairt;

(d) 

a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e) 

a bhféadfadh úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor páirtchoipthe nó an dá cheann a bheith curtha léi;

(f) 

a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(g) 

ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 4,5 % toirte agus is lú ná 14,5 % toirte.

4.  

Is é is manglam cumhraithe de tháirgí fíona ná deoch:

(a) 

a fuarthas ó cheann amháin nó níos mó de na táirgí fíniúna a shainmhínítear i bpointe 1, i bpointe 2 agus i bpointí 4 go 11 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, cé is moite d’fhíonta a tháirgtear trí alcól a chur leo agus d’fhíon “Retsina”;

(b) 

ina mbeidh na táirgí fíniúna dá dtagraítear i bpointe (a) ionann le 50 % ar a laghad den toirt iomlán;

(c) 

nach bhfuil aon alcól curtha léi;

(d) 

a bhféadfadh dathanna a bheith curtha léi;

(e) 

a d’fhéadfadh a bheith milsithe;

(f) 

ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 1,2 % toirte agus is lú ná 10 % toirte.

Airteagal 4

Próisis táirgthe agus modhanna anailíse le haghaidh táirgí fíona cumhraithe

1.  
Táirgfear táirgí fíona cumhraithe i gcomhréir leis na ceanglais, na srianta agus na tuairiscí a leagtar síos in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II.
2.  
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 maidir le próisis táirgthe údaraithe a bhunú chun táirgí fíona cumhraithe a fháil, agus ionchais na dtomhaltóirí á gcur san áireamh.

Agus na próisis táirgthe údaraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír á mbunú, déanfaidh an Coimisiún na próisis táirgthe atá molta agus atá foilsithe ag OIV a chur san áireamh.

3.  
Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, modhanna anailíse a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, chun comhdhéanamh táirgí fíona cumhraithe a chinneadh. Beidh na modhanna sin bunaithe ar aon mhodhanna ábhartha arna moladh agus arna bhfoilsiú ag OIV, mura rud é go mbeidís neamhéifeachtach nó neamhchuí i bhfianaise an chuspóra atá á shaothrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Go dtí go nglacfaidh an Coimisiún modhanna den sórt sin, is iad na modhanna atá le húsáid na modhanna atá ceadaithe ag an mBallstát lena mbaineann.

4.  
Na cleachtais agus srianta fíoneolaíochta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 74, le hAirteagal 75(4) agus le hAirteagal 80 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, beidh feidhm acu maidir le táirgí fíniúna a úsáidtear i dtáirgeadh táirgí fíona cumhraithe.

Airteagal 5

Ainmníochtaí díolacháin

1.  
Is iad na hainmníochtaí díolacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a bheidh in úsáid le haghaidh aon táirge fíona chumhraithe a chuirtear ar an margadh san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann sé na ceanglais maidir leis an ainmníocht díolacháin chomhfhreagrach a leagtar síos san Iarscríbhinn sin. Féadfar ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le gnáthainm mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2)(o) de Rialachán Uimh. 1169/2011.
2.  
I gcás táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann na ceanglais a bhaineann le níos mó ná ainmníocht díolacháin amháin, ní údaraítear ach ceann amháin de na hainmníochtaí díolacháin sin a úsáid, ach amháin mar a bhforáiltear dá mhalairt in Iarscríbhinn II.
3.  
Deoch alcólach nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ní dhéanfar í a thuairisciú, a chur i láthair nó a lipéadú trí fhocail nó trí fhrásaí amhail “cosúil”, “cineál”, “stíl”, “déanta”, “blas” nó aon téarma eile dá samhail a chur le haon cheann de na hainmníochtaí díolacháin.

▼M1

4.  
Féadfar tásc geografach táirgí fíona cumhraithe a chosnaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a chur in ionad ainmníochtaí díolacháin nó iad a fhorlíonadh leis.

▼B

5.  
Gan dochar d’Airteagal 26, ní dhéanfar na hainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh le sonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint nó le tásca geografacha faoi chosaint a cheadaítear do tháirgí fíona.

▼M1

6.  
I gcás táirgí fíona chumhraithe a tháirgtear san Aontas agus a bhfuil sé beartaithe iad a onnmhairiú chuig tríú tíortha ina gceanglaítear ainmníochtaí díolacháin éagsúla lena reachtaíocht, féadfaidh na Ballstáit a cheadú go mbeidh na hainmníochtaí díolacháin sin ag gabháil leis na hainmníochtaí díolacháin sin a leagtar amach in Iarscríbhinn II. Féadfar na hainmníochtaí díolacháin breise sin a thaispeáint i dteangacha eile seachas i dteangacha oifigiúla an Aontais.
7.  
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun Iarscríbhinn II a fhorlíonadh chun dul chun cinn teicniúil, forbairtí eolaíocha agus margaidh, sláinte tomhaltóirí nó riachtanais tomhaltóirí ó thaobh faisnéis de a chur san áireamh.

▼B

Airteagal 6

Sonraí breise a bhaineann leis na hainmníochtaí díolacháin

1.  

Is féidir na hainmníochtaí díolacháin dá dtagraítear in Airteagal 5 a fhorlíonadh freisin leis na sonraí seo a leanas maidir le cion siúcra atá an táirge fíona chumhraithe:

(a)

“ríthirim” : i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra níos ísle ná 30 gram in aghaidh an lítir agus, i gcás chatagóir na bhfíonta cumhraithe agus de mhaolú ar Airteagal 3(2)(g), neart íosta alcóil iomlán de réir toirte de 15 % toirte;

(b)

“tirim” : i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra níos ísle ná 50 gram in aghaidh an lítir agus, i gcás chatagóir na bhfíonta cumhraithe agus de mhaolú ar Airteagal 3(2)(g), neart íosta alcóil iomlán de réir toirte de 16 % toirte;

(c)

“leath-thirim” : i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra idir 50 gram agus níos lú ná 90 gram in aghaidh an lítir;

(d)

“leath-mhilis” : i gcás táirgí ina bhfuil cion siúcra idir 90 gram agus níos lú ná 130 gram in aghaidh an lítir;

(e)

“milis” : i gcás táirgí ina cion siúcra de130 gram in aghaidh an lítir nó níos mó.

Is mar shiúcra inbhéartaithe a shloinntear an cion siúcra a luaitear i bpointe (a) go pointe (e) den chéad fhomhír.

Féadfar tásc maidir leis an gcion siúcra, arna shloinneadh i ngraim de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir, a bheith i dteannta na sonraí “leath-mhilis” agus “milis”.

2.  
I gcás ina gcuirtear an sonra “súilíneach” mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin, nó go bhfuil an sonra sin san áireamh inti, ní bheidh an méid d’fhíon súilíneach a úsáidtear sa deoch níos lú ná 95 % de thoirt an fhíona arna úsáid.
3.  
Féadfar ainmníochtaí díolacháin a fhorlíonadh freisin le tagairt don phríomhbhlastán a úsáidtear sa deoch.

▼M1

Airteagal 6a

Dearbhú cothúcháin agus liosta comhábhar

1.  

Beidh na sonraí sainordaitheacha seo a leanas ar an lipéadú ar tháirgí fíona cumhraithe a mhargaítear san Aontas:

(a) 

an dearbhú cothúcháin de bhun Airteagal 9(1), pointe (l), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011; agus

(b) 

an liosta comhábhar de bhun Airteagal 9(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011.’

2.  
De mhaolú ar mhír 1, pointe (a), féadfar an dearbhú cothúcháin ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di a theorannú don luach fuinnimh, ar féidir é a chur in iúl trí úsáid a bhaint as an tsiombail ‘E’ don fhuinneamh. I gcásanna den sórt sin, cuirfear an dearbhú cothúcháin iomlán ar fáil trí mhodhanna leictreonacha a bheidh sainaitheanta ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di. Ní thaispeánfar an dearbhú cothúcháin sin le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta agus ní dhéanfar aon sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú.
3.  

De mhaolú ar mhír 1, pointe (b), féadfar an liosta comhábhar a sholáthar trí mheán leictreonach a bheidh sainaitheanta ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte di. I gcásanna den sórt sin, beidh feidhm ag na ceanglais seo a leanas:

(a) 

ní dhéanfar aon sonraí úsáideora a bhailiú ná a rianú;

(b) 

ní thaispeánfar an liosta comhábhar le faisnéis eile atá ceaptha chun críoch díolacháin nó margaíochta; agus

(c) 

beidh léiriú na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1,) pointe (c,) de Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 le feiceáil go díreach ar an bpacáistíocht nó ar lipéad atá ceangailte de.

Áireofar leis an tásc dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c), don mhír seo na focail 'ina bhfuil' le hainm na substainte nó ainm an táirge, mar a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh 1169/2011.

4.  
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 lena bhforlíontar an Rialachán seo trí na rialacha maidir le comhábhair a léiriú agus a ainmniú chun mír 1, pointe (b), den Airteagal seo a chur i bhfeidhm, a shonrú tuilleadh.

▼B

Airteagal 7

Bunáitíocht a chur i bhfios

I gcás ina gcuirtear bunáitíocht táirgí fíona cumhraithe i bhfios, freagróidh sí don áit ina dtáirgtear an táirge fíona cumhraithe. Tabharfar an bhunáitíocht le fios leis na focail “arna tháirgeadh in (…)”, nó cuirfear in iúl i dtéarmaí coibhéiseacha í, agus beidh ainm an Bhallstáit chomhfhreagraigh nó an tríú tír chomhfhreagrach mar fhorlíonadh léi.

Airteagal 8

An teanga a úsáidtear i gcur i láthair agus i lipéadú táirgí fíona cumhraithe

1.  
Ní dhéanfar na hainmníochtaí díolacháin a leagtar amach in Iarscríbhinn II a aistriú ar an lipéad nó i gcur i láthair táirgí fíona cumhraithe.

Beidh sonraí breise dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i gcás ina gcuirtear i bhfocail iad, i dteanga amháin de theangacha oifigiúla an Aontais ar a laghad.

▼M1

2.  
Ainm an táisc gheografaigh ar tháirge fíona cumhraithe a chosnaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, taispeánfar é ar an lipéad sa teanga nó sna teangacha ina gclárófar é, fiú i gcás ina gcuirtear an tásc geografach in ionad na hainmníochta díolacháin i gcomhréir le hAirteagal 5(4) den Rialachán seo.

I gcás ina ndéanfar ainm táisc gheografaigh táirgí fíona cumhraithe a chosnaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 a scríobh in aibítir nach aibítir Laidineach í, féadfar é a thaispeáint freisin i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó de chuid an Aontais.

▼M1 —————

▼B

CAIBIDIL IV

FORÁLACHA GINEARÁLTA, FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Seiceálacha agus fíorú ar tháirgí fíona cumhraithe

1.  
Beidh na Ballstáit freagrach as seiceálacha ar tháirgí fíona cumhraithe. Déanfaidh siad na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar forálacha an Rialacháin seo agus go háirithe ainmneoidh siad an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as seiceálacha i leith na n-oibleagáidí arna mbunú ag an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.
2.  
Déanfaidh an Coimisiún, nuair is gá, trí ghníomhartha cur chun feidhme, na rialacha a ghlacadh maidir le seiceálacha riaracháin agus fisiceacha atá le déanamh ag na Ballstáit maidir le hurramú oibleagáidí a thig as an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 32

Malartú faisnéise

1.  
Tabharfaidh na Ballstáit agus an Coimisiún fógra dá chéile faoi aon fhaisnéis is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm agus chun na hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonadh. Féadfar, i gcás inarb iomchuí sin, an fhaisnéis sin a thabhairt nó a chur ar fáil do na húdaráis inniúla i dtríú tíortha agus don phobal.
2.  

Chun go mbeidh na fógraí dá dtagraítear i mír 1 tapa, éifeachtúil, beacht agus costéifeachtach, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33 chun an méid seo a leanas a leagan síos:

(a) 

nádúr agus cineál na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh;

(b) 

na modhanna fógartha;

(c) 

na rialacha a bhaineann leis na cearta rochtana ar an bhfaisnéis nó ar na córais faisnéise a chuirfear ar fáil;

(d) 

coinníollacha agus modhanna foilsithe na faisnéise.

3.  

Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:

(a) 

rialacha maidir leis an bhfaisnéis is gá do chur i bhfeidhm an Airteagail seo a chur ar fáil;

(b) 

socruithe le haghaidh bhainistiú na faisnéise a bhfuil fógra le tabhairt ina taobh, chomh maith le rialacha maidir le hinneachar, le foirm, le huainiú, le minicíocht agus le spriocdhátaí na bhfógraí;

(c) 

socruithe le haghaidh faisnéis agus doiciméid a chur ar aghaidh nó a chur ar fáil do na Ballstáit, do na húdaráis inniúla i dtríú tíortha, nó don phobal.

Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 34(2).

Airteagal 33

An tarmligean a fheidhmiú

1.  
Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(2), 28, 32(2), agus 36(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 27 Márta 2014. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil i leith tharmligean na cumhachta a tharraingt suas tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

▼M1

2a.  
Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(7) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 7 Nollaig 2021. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 6a(4) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 8 Nollaig 2023. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

▼M1

3.  
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), Airteagal 5(7), Airteagal 6a(4), Airteagal 28, Airteagal 32(2) agus Airteagal 36(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na gcumhachtaí a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

▼B

4.  
A luaithe agus a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

▼M1

5.  
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 4(2), Airteagal 5(7), Airteagal 6a(4), Airteagal 28, Airteagal 32(2) agus Airteagal 36(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt nó más rud é, roimh dhul in éag don tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

▼B

Airteagal 34

An nós imeachta Coiste

1.  
Tabharfaidh an Coiste um tháirgí fíona cumhraithe cúnamh don Choimisiún. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin.
2.  
I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír d’Airteagal 4(3) agus in Airteagal 29(1)(b), i gcás nach dtugann an Coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag an tríú fomhír d’Airteagal 5(4) de Rialachán (CE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 35

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 leis seo amhail ón 28 Márta 2015.

Déanfar tagairtí don Rialachán aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 36

Bearta idirthréimhseacha

1.  
Chun an trasdul ó na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 go dtí na rialacha a bhunaítear sa Rialachán seo a éascú, cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 33, i gcás inarb iomchuí, maidir le bearta a ghlacadh chun an Rialachán seo a leasú nó chun maolú uaidh, ar rialachán é a fhanfaidh i bhfeidhm go dtí an 28 Márta 2018.
2.  
Féadtar táirgí fíona cumhraithe nach gcomhlíonann ceanglais an Rialacháin seo ach a táirgeadh i gcomhréir le Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 roimh ►C1  an 28 Márta 2015 ◄ a chur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.
3.  
Féadfar táirgí fíona cumhraithe a chomhlíonann Airteagail 1 go 6 agus Airteagal 9 den Rialachán seo agus a táirgeadh roimh ►C1  an 28 Márta 2015 ◄ a chur ar an margadh go dtí go n-ídeofar na stoic ar choinníoll go gcomhlíonann na táirgí sin Rialachán (CEE) 1601/91 i dtaca le gach gné nach rialaítear le hAirteagail 1 go 6 agus Airteagal 9 den Rialachán seo.

Airteagal 37

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 28 Márta 2015. Beidh feidhm ag Airteagal 36(1) agus (3), áfach, amhail ón 27 Márta 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.




IARSCRÍBHINN I

SAINMHÍNITHE TEICNIÚLA, CEANGLAIS THEICNIÚLA AGUS SRIANTA TEICNIÚLA

(1)   Blaistiú

(a) 

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun fíonta cumhraithe a bhlaistiú:

(i) 

substaintí aiceanta blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(c) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008;

(ii) 

blastáin, mar a shainítear in Airteagal 3(2)(a) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008:

— 
arb ionann iad agus fanailin,
— 
a bhfuil boladh agus/nó blas almóinní orthu,
— 
a bhfuil boladh agus/nó blas aibreog orthu,
— 
a bhfuil boladh agus/nó blas uibheacha orthu, agus
(iii) 

luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó bia-ábhair bhlaistithe, agus

▼M1

(iv) 

deochanna biotáilleacha nach mó a gcainníocht ná 1 % den toirt fhoriomlán.

▼B

(b) 

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun deochanna cumhraithe de bhunadh fíona agus manglaim chumhraithe de tháirgí fíona a bhlaistiú:

(i) 

substaintí blaistithe agus/nó ullmhóidí blaistithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3(2)(b) agus (d) de Rialachán (CE) Uimh. 1334/2008; agus

(ii) 

luibheanna aramatacha agus/nó spíosraí agus/nó bia-ábhair bhlaistithe.

Maidir leis na substaintí sin a chur leis, bronnann siad saintréithe orgánaileipteacha seachas saintréithe an fhíona ar an táirge críochnaithe.

(2)   Milsiú

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun táirgí fíona cumhraithe a mhilsiú:

(a) 

siúcra leathbhán, siúcra bán, siúcra bán mínghlanta, deastrós, fruchtós, síoróip ghlúcóis, tuaslagán siúcra, tuaslagán siúcra inbhéartaithe, síoróip siúcra inbhéartaithe, mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/111/CÉ ( 1 );

(b) 

úrfhíon fíonchaor, úrfhíon fíonchaor tiubhaithe agus úrfhíon fíonchaor coigeartaithe tiubhaithe, mar a shainmhínítear i bpointe 10, i bpointe 13 agus i bpointe 14 de Chuid II d’Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(c) 

siúcra dóite, arb é an táirge é a fhaightear go heisiach ó théamh rialaithe siúcróis gan bhunanna, aigéid mhianracha ná breiseáin cheimiceacha eile;

(d) 

mil mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/110/CE ón gComhairle ( 2 ),

(e) 

síoróip charúib;

(f) 

substaintí nádúrtha carbaihiodráite ar bith eile a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu leis na táirgí sin.

(3)   Alcól a chur le deoch

Tá na táirgí seo a leanas údaraithe chun fíonta cumhraithe áirithe agus deochanna cumhraithe áirithe de bhunadh fíona a ullmhú:

(a) 

alcól eitile de thionscnamh talmhaíochta, mar a shainítear in Iarscríbhinn I, pointe 1, de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, lena n-áirítear tionscnamh fíonsaothraithe,

(b) 

alcól fíona nó alcól fíonchaor triomaithe,

(c) 

driogáit fíona nó driogáit fíonchaor triomaithe,

(d) 

driogáit de thionscnamh talmhaíochta, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I, pointe 2, de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008,

(e) 

biotáille fíona, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, pointe 4, de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008,

(f) 

biotáille de mharc fíonchaor, mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn II, pointe 6, de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008,

(g) 

deochanna biotáilleacha a dhriogtar ó fhíonchaora triomaithe coipthe.

An t-alcól eitile a úsáidfear chun datháin, blastáin nó aon bhreiseáin údaraithe eile arna n-úsáid in ullmhú táirgí fíona cumhraithe a chaolú nó a thuaslagadh, ní mór go mbeidh sé de thionscnamh talmhaíochta agus ní mór nach n-úsáidfear é ach i ndáileog a bhfuil fíorghá léi agus ní mheasfar go bhfuil alcól á chur leis an deoch chun táirge fíona cumhraithe a tháirgeadh.

(4)   Breiseáin agus dathúchán

Tá feidhm maidir le táirgí fíona cumhraithe ag na rialacha maidir le breiseáin bia, lena n-áirítear dathanna, a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008.

(5)   Uisce a chur le deoch

Ceadaítear uisce a chur le táirgí fíona cumhraithe agus iad á n-ullmhú ar choinníoll nach n-úsáidfear é ach i ndáileog a bhfuil gá léi:

— 
chun úscra blaistithe a ullmhú,
— 
chun dathúcháin agus milseoirí a thuaslagadh,
— 
chun comhdhéanamh críochnaitheach an táirge a choigeartú.

Ní foláir go mbeidh cáilíocht an uisce a chuirtear leis an deoch i gcomhréir le Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 ) agus le Treoir 98/83/CE ón gComhairle ( 4 ), agus níor cheart dó nádúr an táirge a athrú.

Féadfaidh an t-uisce seo a bheith driogtha, dímhianraithe, iomalartaithe nó bogtha.

(6)

Ceadaítear dé-ocsaíd charbóin a chur le táirgí fíona cumhraithe agus iad á n-ullmhú.

(7)

Neart alcóil:

Ciallaíonn “neart alcóil de réir toirte” an cóimheas idir toirt an alcóil íon atá i láthair sa táirge atá i gceist ag teocht 20 °C agus toirt iomlán an táirge sin ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn “neart alcóil iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d’alcól íon, ag teocht 20 °C, in 100 toirt den táirge ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn “neart alcóil féideartha de réir toirte” an líon toirteanna d’alcól íon ag teocht 20 °C arbh fhéidir a tháirgeadh trí choipeadh iomlán a dhéanamh ar na siúcraí atá in 100 toirt den táirge ag an teocht chéanna.

Ciallaíonn “neart alcóil iomlán de réir toirte”, suim an nirt alcóil iarbhír de réir toirte agus an nirt alcóil fhéideartha de réir toirte.




IARSCRÍBHINN II

AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ AR THÁIRGÍ FÍONA CUMHRAITHE

A.   AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ AR FHÍONTA CUMHRAITHE

(1)   Fíon cumhraithe:

Táirgí a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(2).

(2)   Greadóg de bhunadh fíona:

Fíon cumhraithe a bhféadfadh alcól a bheith curtha leis.

Tá úsáid an téarma “greadóg” sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú.

(3)   Fíon mormónta

Fíon cumhraithe:

▼M1

— 
a bhféadfadh alcól a bheith curtha léi; agus

▼B

— 
a bhfuarthas an blas sainiúil atá air trí shubstaintí iomchuí ón speiceas Artemisia a úsáid.

(4)   Fíon cumhraithe searbh:

Fíon cumhraithe a bhfuil blas searbh sainiúil air agus a bhfuil alcól curtha leis.

Maidir leis an ainmníocht díolacháin “fíon cumhraithe searbh”, leanann ainm na príomhshubstainte searbh-bhlaistithe í ach féadfar na téarmaí seo a leanas, nó téarmaí coibhéiseacha i dteangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais, a í a fhorlíonadh nó a ionadú:

— 
“Fíon Quinquina”, arb é cuinín aiceanta an príomhbhlastán atá ann,
— 
Bitter vino ”, arb é blastán de cheadharlach aiceanta an príomhbhlastán atá ann agus dath údaraithe buí agus/nó dearg. Tá úsáid an téarma “bitter” sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú,
— 
Americano ” atá blaistithe toisc gurb ann do shubstaintí blaisithe aiceanta atá díorthaithe as mormónta agus as ceadharlach agus atá daite le hábhar dathúcháin údaraithe buí agus/nó dearg.

(5)   Fíon cumhraithe ubh-bhunaithe

Fíon cumhraithe:

— 
a bhfuil alcól curtha leis,
— 
a bhfuil buíocáin uibhe d’ardcháilíocht nó eastóscanna díorthaithe díobh curtha leis,
— 
a bhfuil cion siúcra ann atá sloinnte i dtéarmaí siúcra inbhéartaithe de bhreis is 200 gram, agus
— 
ar ina ullmhú is í an chainníocht íosta buíocán uibhe a úsáidtear sa mheascán 10 ngram in aghaidh an lítir.

Maidir leis an ainmníocht díolacháin “fíon cumhraithe ubh-bhunaithe”, féadfaidh an téarma “ cremovo ” a bheith ag gabháil léi i gcás ina bhfuil táirge ó ainmniú cosanta tionscnaimh “Marsala” san fhíon sin i gcion nach lú ná 80 %.

Maidir leis an ainmníocht díolacháin “fíon cumhraithe ubh-bhunaithe”, féadfaidh an téarma “ cremovo zabaione ” a bheith ag gabháil léi i gcás ina bhfuil fíon ó ainmniú cosanta tionscnaimh “Marsala” sa táirge sin i gcion nach lú ná 80 % agus ina bhfuil cion buíocáin uibhe nach lú ná 60 gram in aghaidh an lítir ann.

(6)    Väkevä viiniglögi/Starkvinsglögg

Fíon cumhraithe:

— 
a bhfuil alcól curtha leis, agus,
— 
a bhfuarthas an blas sainiúil atá air trí chlóibh agus/nó trí chainéal a úsáid.

B.   AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ AR DHEOCHANNA CUMHRAITHE DE BHUNADH FÍONA

(1)   Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

Táirgí a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(3).

(2)   Deoch chumhraithe de bhunadh fíona treisithe

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a bhfuil alcól curtha léi,
— 
nach lú ná 7 % toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte;
— 
atá milsithe,
— 
a fhaightear ó fhíon bán,
— 
a bhfuil driogáit fíonchaor triomaithe curtha léi, agus
— 
atá blaistithe le heastóscán cardamaim amháin;

— 
a bhfuil alcól curtha léi,
— 
nach lú ná 7 % toirte a neart alcóil iarbhír de réir toirte,
— 
atá milsithe,
— 
a fhaightear ó fhíon dearg, agus
— 
a bhfuil ullmhóidí blaistithe nach bhfaightear ach ó spíosraí, ginsing, cnónna, úscraí torthaí citris agus luibheanna aramatacha amháin, curtha léi.

(3)    Sangría/Sangria

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a fhaightear ó fhíon,
— 
atá cumhraithe trí eastóscáin nó úscraí aiceanta torthaí citris a chur léi, le sú nó gan sú na dtorthaí sin,
— 
a bhféadfadh spíosraí a bheith curtha léi,
— 
a bhféadfadh dé-ocsaíd charbóin a bheith curtha léi,
— 
nach bhfuil daite,
— 
ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 4,5 % toirte agus níos ísle ná 12 % toirte, agus
— 
a bhféadfadh cáithníní soladacha de laíon nó de scamhadh torthaí citris a bheith inti agus a dtagann dath na dí as na hamhábhair a úsáidtear inti amháin.

Ní fhéadfar “ Sangría ” nó “ Sangria ” a úsáid mar ainmníocht díolacháin ach amháin nuair a tháirgtear an táirge sa Spáinn nó sa Phortaingéil. Nuair a tháirgtear an táirge i mBallstáit eile, ní fhéadfar “ Sangría ” nó “ Sangria ” a úsáid ach amháin chun cur leis an ainmníocht díolacháin “deoch chumhraithe de bhunadh fíona”, ar choinníoll go bhfuil na focail seo a leanas ag gabháil leis: “arna tháirgeadh in …”, arna leanúint le hainm an Bhallstáit tháirgthe nó ainm réigiúin is srianta.

(4)    Clarea

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona, a fhaightear ó fhíon bán de réir na gcoinníollacha céanna atá ann do Sangría/Sangria.

Ní fhéadfar “ Clarea ” a úsáid mar ainmníocht díolacháin ach amháin nuair a tháirgtear an táirge sa Spáinn. Nuair a tháirgtear an táirge i mBallstáit eile, ní fhéadfar “ Clarea ” a úsáid ach amháin chun cur leis an ainmníocht díolacháin “deoch chumhraithe de bhunadh fíona”, ar choinníoll go bhfuil na focail seo a leanas ag gabháil leis: “arna tháirgeadh in …”, arna leanúint le hainm an Bhallstáit tháirgthe nó ainm réigiúin is teoranta.

(5)    Zurra

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona a fhaightear trí bhranda nó trí bhiotáille fíona, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 110/2008, a chur le Sangría/Sangria nó le Clarea, agus b’fhéidir go mbeadh píosaí torthaí curtha léi. Ní foláir nach mbeidh an neart alcóil iarbhír de réir toirte faoi bhun 9 % toirte agus go mbeidh sé níos ísle ná 14 % toirte.

(6)    Bitter soda

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a fhaightear ó “ bitter vino ” a bhfuil cion nach lú ná 50 % de réir toirte de sa táirge críochnaithe,
— 
a bhfuil dé-ocsaíd charbóin nó uisce carbónáitithe curtha léi, agus
— 
ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 8 % toirte, agus ar lú ná 10,5 % toirte.

Beidh úsáid an fhocail “bitter” sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainiú.

(7)    Kalte Ente

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a fhaightear trí fhíon, fíon leathshúilíneach nó fíon leathshúilíneach aeraithe a mheascadh le fíon súilíneach nó le fíon súilíneach aeraithe,
— 
a bhfuil substaintí líomóide aiceanta nó eastóscáin díobh curtha léi, agus
— 
a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

Ní foláir nach lú ná 25 % de réir toirte den fhíon súilíneach nó den fhíon súilíneach aeraithe a bheidh sa táirge críochnaithe.

(8)    Glühwein

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

▼M1

— 
a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán amháin nó uathu araon,

▼B

— 
atá blaistithe le cainéal agus/nó le clóibh den chuid is mó, agus
— 
a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

Gan dochar do na cainníochtaí uisce a thig as cur i bhfeidhm Iarscríbhinn I, pointe 2, tá cosc ar uisce a chur léi.

I gcás ina bhfuil sí ullmhaithe le fíon bán, ní foláir focail lena léirítear fíon bán, ar nós an fhocail “bán”, a chur mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin “ Glühwein ”;

(9)    Viiniglögi/Vinglögg/Karštas vynas

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán amháin,
— 
atá blaistithe le cainéal agus/nó le clóibh den chuid is mó,
— 
a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

I gcás ina n-ullmhaítear le fíon bán í, ní foláir focail a chuireann fíon bán in iúl, amhail an focal “bán” a chur mar fhorlíonadh leis an ainmníocht díolacháin “ Viiniglögi/Vinglögg/Karštas vynas ”.

(10)    Maiwein

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a fhaightear ó fhíon a bhfuil plandaí Galium odoratum (L.) Scop. (Asperula odorata L.) nó eastóscáin díobh curtha leis chun a áirithiú gurb é blas Galium odoratum (L.) Scop. (Asperula odorata L.) an blas is láidre ann, agus
— 
a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

(11)    Maitrank

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a fhaightear ó fhíon bán inar maothaíodh plandaí Galium odoratum (L.) Scop. (Asperula odorata L.) nó ar cuireadh eastóscáin Asperula odorata L. leis chomh maith le horáistí agus/nó torthaí eile, a d’fhéadfadh a bheith i bhfoirm sú, sú tiubhaithe nó eastóscáin, agus a bhfuil uasmhéid 5 % de mhilsiú siúcra ann, agus
— 
a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % toirte inti.

(12)    Pelin

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán agus meascán sonrach luibheanna,
— 
a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 8.5 % toirte inti, agus
— 
a bhfuil cion siúcra arna shloinneadh mar 45-50 gram de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir inti, agus a bhfuil aigéadacht iomlán nach lú ná 3 ghram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach inti.

(13)    Aromatizovaný dezert

Deoch chumhraithe de bhunadh fíona

— 
a fhaightear ó fhíon dearg nó ó fhíon bán, siúcra agus meascán spíosraí milseog,
— 
ag a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 9 % toirte agus ar lú ná 12 % de réir toirte, agus
— 
a bhfuil cion siúcra arna shloinneadh mar 90-130 gram de shiúcra inbhéartaithe in aghaidh an lítir inti, agus a bhfuil aigéadacht iomlán ar a laghad 2,5 gram in aghaidh an lítir arna sloinneadh mar aigéad tartarach inti.

Ní fhéadfar “ Aromatizovaný dezert ” a úsáid mar ainmníocht díolacháin ach amháin nuair a tháirgtear an táirge i bPoblacht na Seice. Nuair a tháirgtear an táirge i mBallstáit eile, ní fhéadfar “ Aromatizovaný dezert ” a úsáid ach amháin chun cur leis an ainmníocht díolacháin “deoch chumhraithe de bhunadh fíona” ar choinníoll go bhfuil “arna tháirgeadh i …” ag gabháil leis na focail móide ainm an Bhallstáit inar táirgeadh é nó ainm réigiúin atá níos srianta.

▼M1

(14)   Wino ziołowe

Deoch chumhraithe fhíonbhunaithe:

(a) 

a fhaightear ó fhíon agus inar táirgí fíniúna 85 % ar a laghad den toirt iomlán,

(b) 

a blaistíodh le hullmhóidí blaistithe a fhaightear ó luibheanna nó ó spíosraí nó ón dá rud, agus leo sin amháin,

(c) 

nach bhfuil daite,

(d) 

a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte nach lú ná 7 % inti

▼B

C.   AINMNÍOCHTAÍ DÍOLACHÁIN AGUS TUAIRISCÍ AR MHANGLAIM TÁIRGÍ FÍONA CUMHRAITHE

(1)   Manglam cumhraithe de tháirgí fíona

Táirge a chomhlíonann an sainmhíniú a leagtar amach in Airteagal 3(4).

Tá úsáid an téarma “manglam” sa chomhthéacs seo gan dochar dá úsáid chun táirgí nach dtagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo a shainmhíniú.

(2)   Manglam de bhunadh fíona

Manglam cumhraithe de tháirgí fíona

— 
nach bhfuil an cion d’úrfhíon fíonchaor tiubhaithe níos mó ná 10 % de thoirt iomlán an táirge chríochnaithe,
— 
a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte faoi bhun 7 % toirte inti agus,
— 
ina bhfuil cion siúcra, arna shloinneadh mar shiúcra inbhéartaithe, atá níos ísle ná 80 gram in aghaidh an lítir.

(3)   Manglam cumhraithe leathshúilíneach de bhunadh fíonchaor

Manglam cumhraithe de tháirgí fíona

— 
a fhaightear ó úrfhíon fíonchaor amháin,
— 
a bhfuil neart alcóil iarbhír de réir toirte faoi bhun 4 % toirte inti, agus
— 
ina bhfuil dé-ocsaíd charbóin a fhaightear go heisiach ó choipeadh na dtáirgí arna n-úsáid.

(4)   Manglam fíona shúilínigh

Manglam cumhraithe de tháirgí fíona, atá measctha le fíon súilíneach.




IARSCRÍBHINN III



TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagail 2(1) go (4)

Airteagal 3 agus Iarscríbhinn II

Airteagal 2(5)

Airteagal 6(1)

Airteagal 2(6)

Airteagal 6(2)

Airteagal 2(7)

Airteagal 3

Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn I

Airteagal 4(1) go (3)

Airteagal 4(1) agus Iarscríbhinn I

Airteagal 4(4)

Airteagal 4(3)

Airteagal 5

Airteagal 4(2)

Airteagal 6(1)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 6(2)(a)

Airteagal 5(4)

Airteagal 6(2)(b)

Airteagal 20(1)

Airteagal 6(3)

Airteagal 5(5)

Airteagal 6(4)

Airteagal 9

Airteagal 7(1) agus (3)

Airteagal 7(2)

Airteagal 5(3)

Airteagal 8(1)

Airteagal 8(2)

Airteagal 5(1) agus (2)

Airteagal 8(3)

Airteagal 6(3)

Airteagal 7

Airteagal 8(4), an chéad mhír agus an dara mír

Airteagal 8(4), an tríú mír

Iarscríbhinn I, pointe (3), an dara mír

Airteagal 8(4a)

Airteagail 8(5) go (8)

Airteagal 8

Airteagal 8(9)

Airteagal 9(1) go (3)

Airteagal 9(4)

Airteagal 31

Airteagal 32

Airteagal 10

Airteagal 11

Airteagal 10a

Airteagal 2, pointe 3, agus Airteagal 10 go hAirteagal 30

Airteagal 11

Airteagal 1(3)

Airteagail 12 go 15

Airteagal 33 agus Airteagal 34

Airteagal 35

Airteagal 16

Airteagal 36

Airteagal 17

Airteagal 37

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn I(3)(a)–

Iarscríbhinn II



( 1 ) Treoir 2001/111/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le siúcraí áirithe atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine (IO L 10, 12.1.2002, lch. 53).

( 2 ) Treoir 2001/110/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2001 maidir le mil (IO L 10, 12.1.2002, lch. 47).

( 3 ) Treoir 2009/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir leis an gcomhfhogasú de dhlíthe de chuid na mBallstát a bhaineann le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú (IO L 164, 26.6.2009, lch. 45).

( 4 ) Treoir 98/83/CE ón gComhairle an 3 Samhain 1998 maidir le cáilíocht uisce atá ceaptha le hól ag daoine (IO L 330, 5.12.1998, lch. 32).

Top