EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cosaint ainmhithe saotharlainne

Cosaint ainmhithe saotharlainne

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2010/63/AE maidir le cosaint ainmhithe a úsáideadh chun críocha eolaíochta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach inti bearta atá ceaptha chun cosaint a thabhairt d’ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíochta, lena n–áirítear ainmhithe a úsáidtear i mbuntaighde agus i dtaighde feidhmeach, go háirithe chun táirgí leighis a tháirgeadh don duine agus d’ainmhithe agus chun tástáil sábháilteachta agus éifeachtúlachta a dhéanamh ar tháirgí agus ar shubstaintí.
  • Tugtar isteach léi freisin bearta cosanta d’ainmhithe a úsáidtear chun críocha ardoideachais agus gairmoiliúna.
  • Is céim thábhachtach í an treoir i dtreo na sprice deiridh, is é sin nósanna imeachta maidir le hainmhithe beo a ionadú go hiomlán chun críocha eolaíochta agus oideachais a luaithe is féidir ó thaobh na heolaíochta de.
  • Aisghairtear léi Treoir 86/609/CEE agus cuirtear in ionad na Treorach sin í.

PRÍOMHPHOINTÍ

Chun ainmhithe saotharlainne a chosaint agus chun taighde a chumasú tuilleadh, dírítear leis na bearta sin ar thástáil ainmhithe a theorannú a oiread is féidir agus caighdeáin éigeantacha a leagan síos maidir le húsáid, tithíocht agus cúram na n–ainmhithe. Téann ardchaighdeáin leasa ainmhithe chun tairbhe na n-ainmhithe agus na heolaíochta araon.

Raon feidhme

  • Baineann an treoir le gach ainmhí veirteabrach beo, neamhdhaonna agus le hinveirteabraigh áirithe ar dócha go mbraithfidh siad pian (gearriasc, ochtapas, etc.).
  • Tá srianta ar úsáid as tástáil ar phríomhaigh neamhdhaonna, agus tá cosc ar úsáid a bhaint ápaí móra (simpeansaithe, mionsimpeansaithe, goraillí agus órang-útain) toirmiscthe.

Réimsí atá faoi réir tástáil ainmhithe

Ní thugtar údarú le haghaidh tástáil ainmhithe ach sna ngnáthaimh arb é seo a leanas an cuspóir leo, agus sna gnáthaimh sin amháin:

  • taighde bunúsach;
  • taighde aistritheach agus feidhmeach atá dírithe ar ghalair daoine nó ainmhithe a chosc, a dhiagnóisiú nó a chóireáil;
  • forbairt, monarú nó tástáil ar cháilíocht, éifeachtacht agus sábháilteacht drugaí, bia agus beatha ainmhithe, ceimiceán, etc.;
  • an timpeallacht nádúrtha a chosaint ar mhaithe le sláinte an duine nó sláinte ainmhithe;
  • taighde a dhírítear ar chaomhnú speiceas;
  • ardoideachas nó oiliúint;
  • imscrúdú fóiréinseach.

Meastóireacht ar thionscadail a bhaineann le turgnamhaíocht ar ainmhithe

  • Tá úsáid ainmhithe chun críocha turgnaimh údaraithe i gcás nach bhfuil modh ionaid sásúil ar bith ann.
  • Ní mór don údarás inniúil measúnú a dhéanamh ar thionscadail a bhaineann le turgnaimh ar ainmhithe beo. Ní fhéadfaidh siad tosú go dtí go mbeidh measúnú dearfach faighte acu lena léireofar go bhfuil údar le hainmhithe a úsáid agus gur mó na buntáistí a bhfuiltear ag súil leo ná an dochar a dhéanfaí don ainmhí, agus cúinsí eiticiúla á gcur san áireamh.
  • Ní mór líon na n–ainmhithe a úsáidtear i dtionscadal a laghdú a oiread is féidir, ach gan cuspóirí an tionscadail a chur i mbaol.
  • Ní mór pian, fulaingt nó anacair neamhriachtanach ar bith do na hainmhithe a íoslaghdú leis na dálaí maireachtála agus na modhanna a úsáidtear sna gnáthaimh.

Leas ainmhithe

  • Ní mór cúram agus cóireáil iomchuí a thabhairt d’ainmhithe a úsáidtear chun críocha turgnamhacha.
  • Ba cheart an méid seo a leanas a áirithiú le bunaíochtaí.
    • Go gcoinneofar ainmhithe i gcaighin atá mór go leor dóibh féin agus i dtimpeallacht atá oiriúnaithe dá speiceas, i gcomhréir leis na caighdeáin atá liostaithe in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an treoir.
    • Go gcoinneofar ainmhithe sóisialta i gcaighin, agus go n–úsáidfear teicnící“saibhrithe” chun raon gníomhaíochtaí an ainmhí a mhéadú, go háirithe aclaíocht, taiscéalaíocht agus gníomhaíochtaí cognaíocha a spreagadh ar aon dul lena n–iompar nádúrtha.
    • Bunaítear comhlacht leasa ainmhithe chun comhairle a chur ar fáil maidir le saincheisteanna a bhaineann le leas ainmhithe agus maidir le bealaí nua chun úsáid ainmhithe a “athrú, a laghdú agus a bheachtú” (ar a dtugtar prionsabal na “dTrí R”). Ba cheart go gcuimseofaí sa chomhlacht sin an duine atá freagrach as leas ainmhithe agus ba cheart do thréidlia ainmnithe comhairle a thabhairt dó. Faigheann a gcuid oibre tacaíocht ó choistí náisiúnta a bunaíodh i ngach Ballstát den Aontas chun ainmhithe a úsáidtear a chosaint.
  • Leis na modhanna maraithe ní mór an phian, an fhulaingt agus an anacair a mhothaíonn na hainmhithe a theorannú. Ní fhéadfaidh ach duine a bhfuil na scileanna riachtanacha aige ainmhithe a mharú i mbunaíocht an phóraitheora, an tsoláthraí nó an úsáideora, i gcomhréir leis na modhanna a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an treoir.
  • Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart go mbeadh an oiliúint agus an cleachtas cuí ag gach duine a idirghníomhaíonn leis na hainmhithe agus ba cheart measúnú a dhéanamh ar a n–inniúlacht sula n–oibríonn siad gan mhaoirseacht.

Nósanna imeachta

  • Is iad na gnáthaimh údaraithe amháin na gnáthaimh a faomhadh mar chuid de thionscadal údaraithe agus iad sin amháin.
  • Maidir leis na gnáthaimh:
    • aicmítear iad de réir a méid déine, bunaithe ar Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an treoir;
    • ní mór iad a dhéanamh faoi ainéistéise nó trí úsáid a bhaint as modh eile amhail anailgéis, ach amháin mura bhfuil sin iomchuí nó má mheastar go mbeadh ainéistéise níos trámaí don ainmhí ná an gnáthamh féin.
  • A mhéid is féidir, ba cheart beatha an ainmhí a shábháil. Tá na gnáthaimh ceaptha ionas nach marófar ach an líon is lú ainmhithe agus is féidir agus chun fad agus déine na fulaingthe a laghdú.
  • Is bealach é ainmhí a athúsáid chun líon iomlán na n–ainmhithe saotharlainne a laghdú. Sula ndéanfar ainmhí a athúsáid, ní mór fíordhéine na ngnáthamh carnacha, sláinte an ainmhí agus tuairim an tréidlia a chur san áireamh.
  • Ag deireadh gnáthaimh, ní mór don tréidlia nó do dhuine inniúil a chinneadh an féidir an t-ainmhí a choinneáil beo. Ní mór cúram cuí agus cóiríocht chuí a thabhairt d’ainmhithe a choinnítear beo faoi mar a shainítear in Iarscríbhinn III.

Údarú

  • Póraitheoirí, soláthraithe agus úsáideoirí, agus a mbunaíochtaí, ní mór dóibh a bheith údaraithe ag údarás inniúil agus ní mórdóibh a bheith cláraithe leis.
  • Ní mór do bhunaíochtaí údaraithe suiteálacha agus trealamh a chur in oiriúint do na speicis ainmhithe a choinnítear iontu agus, i gcás ina gcuirtear gnáthaimh i gcrích, d’fheidhmiú na ngnáthamh.
  • Ba cheart taifid a bheith acu ina mbreacfar síos gach eolas nua faoi na hainmhithe, faoina dtionscnamh agus faoina gcuspóir. Coinnítear na taifid sin ar feadh 5 bliana agus cuirfear ar fáil don phobal iad.
  • Ina theannta sin, ní mór aitheantas aonair agus comhad staire a bheith ag gach madra, cat agus príomhach neamhdhaonna ina mbeidh faisnéis ábhartha atáirgthe, tréidliachta agus shóisialta, lena n–áirítear na tionscadail inar úsáideadh é.

Cigireachtaí

  • Déanann na húdaráis inniúla cigireachtaí rialta ar na tógálaithe, ar na soláthraithe agus ar na húsáideoirí uile agus ar a mbunaíochtaí chun comhlíonadh cheanglais na treorach seo a áirithiú.
  • Cinntear minicíochtaí na gcigireachtaí trí na rioscaí a bhaineann go sonrach le gach bunaíocht. Déantar aon trian ar a laghad de bhunaíochtaí na n-úsáideoirí a iniúchadh gach bliain, áfach, agus déantar iniúchadh ar sciar díobh sin gan rabhadh a thabhairt roimh ré.
  • Déantar cigireacht ar thógálaithe, ar sholáthraithe agus ar úsáideoirí príomhach neamhdhaonna uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad.

Trédhearcacht

  • Gach bliain, ní mór do na Ballstáit faisnéis staidrimh a bhailiú agus a chur ar fáil go poiblí maidir le húsáid ainmhithe i ngnáthaimh, lena n–áirítear faisnéis faoi dhéine iarbhír na ngnáthamh agus faoi thionscnamh agus faoi speicis na bpríomhach neamhdhaonna a úsáidtear i ngnáthaimh.
  • Ina theannta sin, ní mór do na Ballstáit achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla (NTSS) ar thionscadail údaraithe a fhoilsiú laistigh de 6 mhí ón údarú. Níor cheart do NTSS anaithnideacht na n–úsáideoirí a shárú.
  • Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go sonrófar sna hachoimrí sin an ndéanfar measúnú siarghabhálach ar thionscadal agus cén spriocdháta faoina ndéanfar é. I gcás den sórt sin, ní mór dóibh a áirithiú go ndéanfar an achoimre a nuashonrú le torthaí an mheasúnaithe.
  • Tá dhá bhunachar sonraí rochtana oscailte bunaithe ag an gCoimisiún Eorpach ina bhfuil sonraí staidrimh bliantúla na mBallstát (Bunachar Sonraí Staidrimh AE Alures) agus achoimrí ar thionscadail neamhtheicniúla (Bunachar Sonraí AE Alures NTS).

Tuairisciú

  • Ní mór do na Ballstáit, faoin 10 Samhain 2023, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, an fhaisnéis maidir le cur chun feidhme na treorach a sheoladh chuig an gCoimisiún agus í a chur isteach agus a fhoilsiú san fhormáid a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/569. Tráth nach déanaí ná 6 mhí ina dhiaidh sin, ní mór don Choimisiún forléargas uile-Aontais a fhoilsiú agus a nuashonrú go rialta ar bhonn na sonraí.
  • Ní mór do na Ballstáit faisnéis staidrimh a bhailiú agus a chur ar fáil go poiblí, ar bhonn bliantúil, maidir le húsáid ainmhithe i ngnáthaimh, lena n–áirítear faisnéis faoi dhéine iarbhír na ngnáthamh agus faoi thionscnamh agus faoi speicis na bhpríomhach neamhdhaonna a úsáidtear i ngnáthaimh. Ní mór dóibh an staidreamh sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Samhain den bhliain dár gcionn ar a dhéanaí i bhformáid arna leagan amach ag an gCoimisiún. Foilseoidh an Coimisiún tuarascáil achomair bhliantúil ar na sonraí staidrimh arna gcur isteach ag na Ballstáit.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an Treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoi 10 Samhain 2012. Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2013.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críocha eolaíochta (IO L 276, 20.10.2010, lgh. 33-79).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2010/63/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/569 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 lena mbunaítear formáid choiteann agus ábhar faisnéise coiteann le haghaidh chur isteach na faisnéise atá le tuairisciú ag na Ballstáit de bhun Threoir 2010/63/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint ainmhithe a úsáidtear chun críoch eolaíoch agus lena n–aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/707/AE ón gCoimisiún (IO L 129, 24.4.2020, lgh. 16-50).

Moladh 2007/526/CE ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2007 maidir le treoirlínte le haghaidh cóiríocht agus cúram ainmhithe a úsáidtear chun críoch turgnamhach agus chun críoch eolaíoch eile (IO L 197, 30.7.2007, lgh. 1-89).

Nuashonraithe 02.09.2022

Top