EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis maidir leis an timpeallacht mhuirí

Straitéis maidir leis an timpeallacht mhuirí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2008/56/CE — gníomhaíocht AE i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach sa treoir réime um straitéis mhuirí cur chuige comhchoiteann agus cuspóirí an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le cosc, cosaint agus caomhnú an chomhshaoil mhuirí i bhfianaise na mbrúnna agus na dtionchar a bhaineann le gníomhaíochtaí díobhálacha an duine, agus a húsáid inbhuanaithe á héascú, trí chur chuige bunaithe ar an éiceachóras.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceanglaítear leis an treoir réime um straitéis mhuirí ar Bhallstáit AE an méid seo a leanas a dhéanamh.

  • Straitéisí a fhorbairt chun “dea–stádas comhshaoil”* a bhaint amach faoi 2020 Ní mór bearta a chur sna straitéisí, a shíneann thart thimthriallta 6 bliana, lena gcosnófar na héiceachórais mhuirí agus lena n–áiritheofar go mbeidh na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann leis an muirthimpeallacht inbhuanaithe.
  • Áirítear ina straitéisí:
    • measúnú mionsonraithe ar staid na muirthimpeallachta agus ar thionchar ghníomhaíochtaí an duine (lena n–áirítear anailís shocheacnamaíoch);
    • sainmhíniú ar an treoir réimse um straitéis mhuirí bunaithe ar liosta de 11 tuairisceoir ar stádas comhshaoil nach mór dea–stádas comhshaoil a bhaint amach ina leith faoi 2020 (leagtha amach in Iarscríbhinn I den treoir agus a shonraítear i gCinneadh (AE) 2017/848, ina gcuimsítear sraith de chritéir mhionsonraithe agus de chaighdeáin mhodheolaíochta chun cabhrú leis na Ballstáit an treoir réimse um straitéis mhuirí a chur chun feidhme, go háirithe maidir le dea–stádas comhshaoil a dhearbhú); agus
    • spriocanna comhshaoil soiléire.
  • Cláir beart a dhréachtú agus a chur chun feidhme chun dea–stádas comhshaoil a bhaint amach. Baineann na cláir sin le creataí éagsúla beartais agus gníomhaíochtaí an duine chun a dtionchar ar an muirthimpeallacht a chosc nó a mhaolú.
  • Clár faireacháin a dhréachtú chun an dul chun cinn a dhéantar i dtreo a gcuspóirí agus a spriocanna a bhaint amach a thomhas agus a mheas.
  • A áirithiú go ndéanfaidh an Coimisiún Eorpach a mheas an ionann na straitéisí muirí agus creat iomchuí chun ceanglais na treorach a chomhlíonadh, agus soláthraíonn sé treoir dá réir sin. Mura gcomhlíontar cuspóirí áirithe, ní mór do Bhallstát an fáth leis sin a mhíniú. Más gá, féadfaidh Ballstát eisceachtaí áirithe a chur i bhfeidhm.

Déantar an méid a leanas leis an treoir freisin.

  • Cuirtear béim inti ar an ngá atá ann do na Ballstáit comhoibriú lena gcomharsana sna ceithre réigiúin mhuirí (an tAtlantach Thoir–Thuaidh, an Mhuir Bhailt agus an Mhuir Dhubh), agus na straitéisí muirí á gceapadh agus á gcur chun feidhme acu. Tá cuid de na réigiúin sin roinnte ina bhfo-réigiúin. Dá bhrí sin, tá an úsáid a bhaintear as na struchtúir rialachais réigiúnaigh reatha amhail Coinbhinsiúin na bhFarraigí Réigiúnacha ina gné thábhachtach a bhreithneoidh na Ballstáit.
  • Aithnítear an tábhacht inti a bhaineann le bearta cosanta spásúlachta don mhuirthimpeallacht, rud a chuireann dá réir sin le líonra limistéar muirí faoi chosaint.

Athbhreithniú

Caithfear athbhreithniú ar an treoir réimse um straitéis mhuirí a dhéanamh faoi 2023, i ndiaidh meastóireachta agus measúnú tionchair. Féadfar leasuithe a mholadh ansin, nuair is iomchuí.

Leasú ar an treoir réime um straitéis mhuirí

Leasaítear le Treoir (AE) 2017/845 an treoir réime um straitéis mhuirí, á chur in ionad Iarscríbhinn III inti maidir leis na liostaí táscacha gnéithe atá le cur san áireamh agus straitéisí muirí á n–ullmhú. Is é an cuspóir leis an leasú comhpháirteanna éiceachórais, brúnna antrapaigineacha* agus iarmhairtí ar na muirthimpeallacht a nascadh ar bhealach níos fearr le 11 tuairisceoir na treorach réime um straitéis mhuirí agus le Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún maidir le dea–stádas comhshaoil na n–uiscí mara (a luaitear thuas).

An bhaint atá ag an treoir réime um straitéis mhuirí le reachtaíocht eile AE

Déanann an treoir réime um straitéis mhuirí forbairt ar reachtaíocht reatha AE agus clúdaítear inti gnéithe sainiúla den mhuirthimpeallacht nach dtugtar aghaidh orthu i mbeartais eile, amhail an creat–treoir uisce (Treoir 2000/60/CE — féach an achoimre), an treoir maidir le gnáthóga (Treoir 92/43/CEE — féach an achoimre), an treoir maidir le héin (Treoir 2009/147/CE — féach an achoimre) agus, ar deireadh, Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir leis an gcomhbheartas iascaigh (féach an achoimre), arb é ceann de na cuspóirí dlíthiúla cur le dea–stádas comhshaoil a bhaint amach faoin treoir réime um straitéis mhuirí.

FORBAIRTÍ LE DÉANAÍ

  • I mí Iúil 2021, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí chun faisnéis agus tuairimí agus smaointe na bpáirtithe a bhfuil baint acu leis an treoir réime um straitéis mhuirí agus a bhfuil tionchar acu air a bhailiú. Beidh an comhairliúchán oscailte go dtí an 21 Deireadh Fómhair 2021.
  • In 2020, ghlac an Coimisiún tuarascáil ar an gcéad timthriall cur chun feidhme den treoir réime um straitéis mhuirí. Cé go bhfuil córas cosanta comhshaoil mhuirí AE ar cheann de na cinn is sofaisticiúla i dtéarmaí domhanda, is é tátal na tuarascála gur gá é a threisiú lena áirithiú gur féidir aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna leis amhail ró–iascaireacht agus cleachtais iascaireachta neamh–inbhuanaithe, bruscar plaisteach, barraíocht cothaitheach, torann faoi uisce agus cineálacha eile truaillithe.
  • Meastar go bhfuil taithí AE ar chur chuige inbhuanaithe a fhorbairt maidir le bainistíocht na n–aigéan tríd an gcreat réime um straitéis mhuirí mar rannchuidiú tábhachtach d’fhís 2016 an Choimisiúin Eorpaigh maidir le rialachas na n–aigéan.
  • In 2015, thuairiscigh an Coimisiún dul chun cinn suntasach maidir leis na limistéir mhuirí faoi chosaint i bhfarraigí AE a bhunú, a mbaineann tairbhí leo don gheilleagar agus don chomhshaol. Faoi Chreat–Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Éagsúlacht Bhitheolaíoch thiomnaigh AE é féin dá áirithiú go gcaomhnófar 10% dá limistéir chósta agus mhuirí faoi 2020.
  • In 2014, 2017 angus 2018 rinne an Coimisiún athbhreithniú ar na céimeanna a ghlac na Ballstáit i gcur chun feidhme na treorach le linn na chéad timthriallta cur chun feidhme.
  • Soláthraítear treoir sa treoir réime maidir le straitéis mhuirí maidir le cur chun feidhme Threoir 2014/89/AE maidir le pleanáil spásúil mhuirí (féach an achoimre) a glacadh in 2014. Tá an treoir dheireanach sin ina cuid den bheartas muirí comhtháithe, a bhfuil sé d’aidhm leis an mbainistíocht aigéan agus an rialachas mara is fearr a chur chun feidhme.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 15 Iúil 2008 agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin 15 Iúil 2010.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Dea–stádas comhshaoil. Baineann sé sin le haigéin agus farraigí atá éagsúil agus dinimiciúil ón taobh éiceolaíochta de agus atá glan, sláintiúil agus táirgiúil. Is é an aidhm a áirithiú go bhfuil an timpeallacht mhuirí cosanta do na glúinte reatha agus do na glúinte amach anseo.
Brúnna antrapaigineacha. Ag tagairt d’athrú comhshaoil a tharlaíonn mar gheall ar dhaoine nó a mbíonn tionchar ag daoine air, go díreach nó go hindíreach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2008/56/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ar an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht phobail i réimse beartas na muirthimpeallachtaí (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ) (IO L 164, 25.6.2008, lgh. 19–40).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2008/56/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE) (COM(2020) 259 final, 25.6.2020).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéantar measúnú ar chláir beart na mBallstát faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (COM(2018) 562 final, 31.7.2018).

Cinneadh (AE) 2017/848 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos na critéir agus na caighdeáin mhodheolaíochta maidir le dea–stádas comhshaoil uiscí mara agus sonraíochtaí agus modhanna caighdeánaithe chun faireachán agus measúnú a dhéanamh, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2010/477/AE (IO L 125, 18.5.2017, lgh. 43–74).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle lena ndéantar measúnú ar chláir faireacháin na mBallstát faoin Treoir Réime um Straitéis Mhuirí (COM(2017) 3 final, 16.1.2017).

Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan: clár oibre le haghaidh thodhchaí ár n–aigéan (JOIN(2016) 49 críochnaitheach, 10.11.2016).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le dul chun cinn i limistéir mhuirí faoi chosaint a bhunú (arna cheangal le hAirteagal 21 den Treoir Réime um Straitéis Mhuirí 2008/56/CE) (COM(2015) 481 final, 1.10.2015).

Treoir 2014/89/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 lena mbunaítear creat maidir le pleanáil spásúil mhuirí (IO L 257, 28.8.2014, lgh. 135–145).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Nuálaíocht sa gheilleagar gorm: cumas post agus fáis ár bhfarraigí agus ár n–aigéan a bhaint amach (COM(2014) 254 final/2, 13.5.2014).

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa: An chéad chéim i gcur chun feidhme na Treorach Réimse um Straitéis Mhuirí (2008/56/CE) — Measúnú agus treoir an Choimisiúin Eorpaigh (COM(2014) 97 final, 20.2.2014).

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22–61).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 27.10.2021

Top