EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Eoraip 2020: straitéis an Aontais Eorpaigh le haghaidh fáis agus fostaíochta

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Eoraip 2020: straitéis an Aontais Eorpaigh le haghaidh fáis agus fostaíochta

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COIM(2010) 2020 leagan deireanach) – Eoraip 2020: Straitéis le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach

CAD IS AIDHM LEIS AN STRAITÉIS EORAIP 2020?

Féachtar leis an straitéis Eoraip 2020 lena áirithiú go dtacaítear le hathbheochan eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh (AE) i ndiaidh na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais le sraith athchóirithe d’fhonn dlúthbhunús a thógáil le haghaidh fáis agus cruthú fostaíochta faoi 2020. Agus aghaidh á tabhairt ar laigí struchtúracha gheilleagar AE agus ar cheisteanna eacnamaíocha agus sóisialta, cuirtear san áireamh sa straitéis na dúshláin fhadtéarmacha amhail domhandú, brú ar acmhainní agus aosú san áireamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ba cheart don straitéis Eoraip 2020 a chur ar chumas AE fás a bhaint amach atá:
    • cliste, trí eolas agus nuálaíocht a fhorbairt;
    • inbhuanaithe, bunaithe ar gheilleagar atá níos glaise, níos éifeachtúla ó thaobh acmhainne agus níos iomaíche.
    • cuimsitheach, lena bhféachtar le fostaíocht agus comhtháthú sóisialta agus críochach a neartú.
  • Leag AE amach cúig mhórsprioc chun an uaillmhian seo a bhaint amach faoi 2020:
    • ráta fostaíochta daoine atá idir 20 agus 64 bliain d’aois a ardú go 75% ar a laghad;
    • 3% d’olltáirgeacht intíre a infheistiú i dtaighde agus i bhforbairt;
    • astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 20%, scair fuinneamh in-athnuaite a mhéadú go 20% agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú 20%;
    • ráta luathfhágala na scoile a laghdú go ráta atá níos lú ná 10% agus cion céimeanna treasacha a mhéadú go dtí 40% ar a laghad;
    • líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiamh shóisialta a laghdú 20 milliún.
  • Tacaítear le spriocanna straitéise Eoraip 2020 le7 dtionscnamh suaitheanta ar an leibhéal Eorpach agus i dtíortha AE: Aontas na Nuálaíochta; An Óige ag gluaiseacht; an Clár Digiteach don Eoraip; Eoraip atá Tíosach ar Acmhainní; beartas tionsclaíoch do ré an domhandaithe; an clár do phoist agus do scileanna nua; agus an tArdán Eorpach i gcoinne na Bochtaineachta.
  • Ar an leibhéal Eorpach, luamháin bhreise is ea buiséad AE agus beartas seachtrach na hEorpa chun spriocanna na straitéise Eoraip 2020 a bhaint amach.

Cur chun feidhme na straitéise faoin Seimeastar Eorpach

  • Cuirtear an straitéis Eoraip 2020 i bhfeidhm trí mhór-threoirlínte beartais eacnamaíoch de chuid thíortha AE agus AE (Moladh ón gComhairle (AE) 2015/1184) agus treoirlínte do bheartais fostaíochta de chuid thíortha AE (Cinneadh ón gComhairle (AE) 2015/1848).
  • Tugadh cuireadh do thíortha AE spriocanna Eoraip 2020 a aistriú ina spriocanna náisiúnta. Foilsíonn siad a gcláir náisiúnta um athchóiriú gach bliain, i mí Aibreáin, ina leagtar amach na gníomhaíochtaí a glacadh chun na spriocanna náisiúnta seo a bhaint amach.
  • Tá an fhreagracht ar Choimisiún na hEorpa as faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn. Cuireann sé athbhreithniú bliantúil ar fhás ar fáil, déanann sé measúnú ar chláir oibre athchóirithe thíortha AE agus cuireann sé moltaí sonracha do gach tír isteach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún - Eoraip 2020 Straitéis le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (COM(2010) 2020 leagan deireanach, 3.3.2010)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Machnamh a dhéanamh ar an straitéis Eoraip 2020 le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (COM(2014) 130 final, 5.3.2014)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig Banc Eorpach Infheistíochta: Gníomh le haghaidh fáis, cobhsaíochta agus fostaíochta (COM (2012) 299 leagan deireanach, 30.5.2012)

Conclúidí ó Chomhairle Eorpach na Bruiséile an 25 agus an 26 Márta 2010

Moladh ón gComhairle (AE) 2015/1184 an 14 Iúil 2015 maidir le mór-threoirlínte le haghaidh bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh (IO L 192 an 18.7.2015, lgh. 27-31)

Moladh ón gComhairle (AE) 2015/1848 an 5 Deireadh Fómhair 2015 maidir le treoirlínte bheartais fostaíochta na mBallstát do 2015 (IO L 268 an 15.10.2015, lgh. 28-32)

Nuashonraithe 07.02.2017

Top