EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Réigiúin is forimeallaí an Aontais Eorpaigh

Réigiúin is forimeallaí an Aontais Eorpaigh

 

ACHOIMRE AR:

An Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Airteagal 349

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Comhpháirtíocht straitéiseach níos láidre agus athnuaite le réigiúin is forimeallaí an Aontais Eorpaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN AIRTEAGAL AGUS LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Leagtar amach sa teachtaireacht cur chuige nua chun deiseanna a sholáthar agus chun freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais shonracha gach ceann de na naoi réigiún is forimeallaí san Aontas Eorpach.
  • Sainaithnítear in Airteagal 349 tréithe sainiúla na réigiún is forimeallaí san Aontas Eorpach agus tugann sé stádas speisialta dóibh a cheadaíonn do AE bearta sonracha a ghlacadh chun tacú leo.

PRÍOMHPHOINTÍ

Na réigiúin is forimeallaí

Áirítear san Aontas Eorpach naoi réigiún is forimeallaí:

  • na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil);
  • na hOileáin Chanáracha (an Spáinn);
  • Guadalúip, Guáin na Fraince, Martinique, Mayotte, La Réunion agus Saint-Martin (an Fhrainc).

Snáitheanna

Tá straitéis athnuaite an Aontais Eorpaigh do na réigiúin bunaithe ar cheithre shnáithe.

  • 1.

    Comhpháirtíocht láidir idir na réigiúin, na tíortha AE faoi seach agus an Coimisiún Eorpach. Táthar ag súil leis na huirlisí a leanas:

    • ardáin ad hoc a bhunú chun tuairimí a mhalartú ar leasanna agus ar ábhair imní na réigiún is forimeallaí, ag tabhairt le chéile iad féin agus údaráis náisiúnta agus údaráis na réigiún is forimeallaí, mar aon le himreoirí ábhartha eile;
    • tascfhórsaí tiomnaithe a sheoladh chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha an réigiúin aonair is forimeallaí, de réir mar is gá;
    • a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar ábhair imní agus ar leasanna na réigiún is forimeallaí agus measúnú á dhéanamh ar thionchar na mbeartas Eorpach;
    • aird ar leith a thabhairt ar tháirgí íogaire na réigiún is forimeallaí i gcomhthéacs chaibidlíocht na gcomhaontuithe trádála le tíortha neamh-AE;
    • comhoibriú le tíortha AE chun go mbeidh na réigiúin is forimeallaí níos rannpháirtí in idirbheartaíocht maidir le hiascaigh.
  • 2.

    Ag baint leas as sócmhainní áirithe gach réigiúin. Tá sócmhainní nádúrtha an-sonrach ag na réigiúin is forimeallaí, lena n–áirítear:

    • bithéagsúlacht shaibhir;
    • criosanna suntasacha de ghníomhaíocht eacnamaíoch eisiach*;
    • suíomh agus aeráid atá oiriúnach do ghníomhaíochtaí spáis agus réaltfhisice;
    • gar do mhargaí thíortha neamh-AE.

    Agus na sócmhainní sin á gcur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún roinnt céimeanna, lena n–áirítear an méid seo a leanas:

  • 3.

    Fás agus cruthú post a chumasú. Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • 4.

    Comhoibriú a fheabhsú agus a mhéadú. Déanfaidh an Coimisiún:

    • breithniú ar infheistíochtaí nua AE a dhíriú ar thionscadail tosaíochta agus ar mhórscála sna himchuacha geografacha sna réigiúin is forimeallaí;
    • comhar a éascú idir na réigiúin is forimeallaí agus a gcomharsana trí ailíniú níos dlúithe a dhéanamh idir rialacha maoinithe agus trí chomhchláir a bhunú;
    • buarthaí na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh agus comhaontuithe idirnáisiúnta agus comhpháirtíochtaí soghluaisteachta lena dtíortha comharsanachta á gcaibidliú nó á gcur chun feidhme.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Criosanna de ghníomhaíocht eacnamaíoch eisiach: Limistéar atá in aice leis an scairbh ilchríochach, a shíneann suas le 370 ciliméadar, a nglacann tír chósta uirthi dlínse maidir le hiniúchadh agus saothrú acmhainní muirí.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Comhpháirtíocht straitéiseach níos láidre agus athnuaite le réigiúin is forimeallaí an Aontais Eorpaigh (COM(2017) 623 críochnaitheach, 24.10.2017)

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Seacht — Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha — Airteagal 349 (sean-Airteagal 299(2), an dara fomhír, an tríú fomhír agus an ceathrú fomhír, CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 195)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Nuálaíocht i réigiúin na hEorpa a neartú: straitéisí don fhás cuimsitheach, inbhuanaithe agus a mbeidh teacht aniar ann (COM(2017) 376 críochnaitheach, 18.7.2017)

Nuashonraithe 26.11.2019

Top