EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Éifeachtúlacht fuinnimh

Éifeachtúlacht fuinnimh

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

Treoir (AE) 2018/2002 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm le Treoir 2012/27/AE, mar aon lena leasú, dlí fuinnimh an Aontais Eorpaigh a oiriúnú de réir spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus aeráide 2030 agus rannchuidiú le straitéis an Aontais Fuinnimh chun:

  • spleáchas an Aontais Eorpaigh ar fhuinneamh allmhairithe a laghdú;
  • gearradh siar ar astaíochtaí;
  • poist agus fás a spreagadh;
  • cearta tomhaltóirí a neartú; agus
  • bochtaineacht fuinnimh a mhaolú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Bhí sé mar aidhm le Treoir 2012/27/AE éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú 20% faoi 2020 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus bhí ceanglas ar gach tír AE spriocanna náisiúnta éifeachtúlachta fuinnimh a shocrú chun é sin a bhaint amach. Cuirtear éifeachtúlacht fuinnimh* chun cinn leis ar fud AE trí chreat comhchoiteann beart a chumhdaíonn gach céim den slabhra fuinnimh, ó ghiniúint go dáileadh agus ídiú deiridh.

Tá an Treoir seo, arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002, mar aon leis an Treoir um Fhuinneamh In-athnuaite athbhreithnithe agus Rialachán Rialachaisnua ina cuid den phacáiste um Fhuinneamh Glan do gach Eorpach.

I measc na bpríomhleasuithe ar threoir 2012 tá:

  • sprioc éifeachtúlachta fuinnimh 32.5% a bhaint amach faoi 2030 agus tuilleadh feabhsuithe a dhéanamh ina dhiaidh sin;
  • deireadh a chur le bacainní sa mhargadh fuinnimh lena gcuirtear bac ar éifeachtacht soláthair agus ar úsáid fuinnimh;
  • Socróidh tíortha AE a ranníocaíochtaí náisiúnta féin do 2020 agus 2030;
  • ó 2020, ceanglóidh tíortha AE ar chuideachtaí fóntais cabhrú lena gcuid tomhaltóirí úsáid a bhaint as 0.8% níos lú fuinnimh gach bliain (0.24% do Mhálta agus don Chipir), rud a mheallfaidh infheistíocht phríobháideach agus a thacóidh le hiomaitheoirí nua sa mhargadh;
  • rialacha níos soiléire maidir le méadrú agus billeáil fuinnimh, cearta tomhaltóirí a neartú, go háirithe do dhaoine atá ina gcónaí i bhfoirgnimh il-árasán;
  • Ní mór do thíortha AE rialacha náisiúnta a bheith i bhfeidhm acu atá trédhearcach agus ar fáil don phobal maidir le leithdháileadh chostas na seirbhísí téimh, fuaraithe agus uisce te i bhfoirgnimh il-árasán agus ilchuspóireacha ina roinntear na seirbhísí sin;
  • gnéithe sóisialta na héifeachtúlachta fuinnimh a neartú trí bhochtaineacht fuinnimh a chur san áireamh agus scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh agus bearta malartacha á ndearadh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm ag Treoir 2012/27/AE ón 4 Nollaig 2012 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 5 Meitheamh 2014.

Tá Treoir (AE) 2018/2002 i bhfeidhm ón 24 Nollaig 2018 agus ní mór di a dhéanamh di i dtíortha AE den chuid is mó faoin 25 Meitheamh 2020. Is é sin an cás ach amháin i gcás rialacha leasaithe áirithe arb é an spriocdháta ina leith an 25 Deireadh Fómhair 2020. Baineann siad sin le:

  • méadrú le haghaidh gáis agus leictreachais;
  • méadrú le haghaidh téimh, fuaraithe agus uisce te tí;
  • fomhéadrú agus leithdháileadh costais le haghaidh téimh, fuaraithe agus uisce te tí;
  • ceanglas cianléimh;
  • faisnéis bhilleála le haghaidh gáis agus leictreachais;
  • faisnéis bhilleála agus tomhaltais le haghaidh téimh, fuaraithe agus uisce te tí;
  • na costais a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis mhéadraithe agus bhilleála le haghaidh leictreachais agus gáis;
  • costas rochtana ar fhaisnéis mhéadraithe agus bhilleála agus tomhaltais le haghaidh téimh, fuaraithe agus uisce te tí;
  • ceanglais íosta maidir le billeáil agus faisnéis bhilleála bunaithe ar thomhaltas iarbhír leictreachais agus gáis (in Iarscríbhinn VII); agus
  • Iarscríbhinn VIIa nua maidir le híoscheanglais maidir le billeáil agus faisnéis i ndáil le tomhaltas le haghaidh téimh, fuaraithe agus uisce te tí.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Éifeachtúlacht fuinnimh: an cóimheas feidhmíochta, seirbhísí, earraí nó fuinnimh a tháirgtear, don mhéid fuinnimh a úsáidtear.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, lena leasaítear Treoir 2009/125/CE agus Treoir 2010/30/AE agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/8/CE agus Treoir 2006/32/CE (IO L 315, 14.11.2012, lgh. 1-56)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2012/27/AE a ionchorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh (IO L 328, 21.12.2018, lgh. 210-230)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Fuinneamh Glan do gach Eorpach (COM (2016) 860 críochnaitheach, 30.11.2016)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — Creatstraitéis maidir le haontas fuinnimh buanseasmhach chomh maith le beartas réamhbhreathnaitheach don athrú aeráide (COM(2015) 80 críochnaitheach, 25.2.2015)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Cur chun feidhme na Treorach maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh – Treoir ón gCoimisiún (COM(2013) 762 críochnaitheach, 6.11.2013)

Nuashonraithe 04.05.2023

Top