EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Na prionsabail lena rialaítear SOLVIT, an gréasán um fhadhbanna a réiteach le haghaidh saoránach agus gnóthas

Na prionsabail lena rialaítear SOLVIT, an gréasán um fhadhbanna a réiteach le haghaidh saoránach agus gnóthas

Iarrtar leis an Ghréasán um Fhadhbanna sa Mhargadh Inmheánach a Réiteach (SOLVIT) réitigh a fháil ar ghearáin ó shaoránaigh agus ó ghnóthais an Aontais Eorpaigh (AE) a mheasann go ndearnadh a gcearta AE a shárú ag údarás poiblí.

ACHT

Moladh 2013/461/AE ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2013 ar na prionsabail lena rialaítear SOLVIT. IO L 249, 19.9.2013., lch. 10.

ACHOIMRE

Leagtar amach sa mholadh ag an Choimisiún na rialacha le haghaidh comhoibrithe idir lárionaid SOLVIT.

Tá lárionad náisiúnta SOLVIT ag gach Ballstát den AE, agus ag an Iorua, ag an Íoslainn agus ag Lichtinstéin, ar cuid iad d’oifig an taoisigh nó den Aireacht Gnóthaí Eachtracha nó Eacnamaíocha i mbeagnach gach cás.

Comhoibríonn na lárionaid seo go díreach, trí bhíthin bunachar sonraí ar líne, chun na fadhbanna a chuirtear isteach ag saoránaigh agus ag gnóthais a réiteach go pragmatach laistigh de dheich seachtaine. An Coimisiún atá freagrach as an ghréasán SOLVIT a éascú agus a chomhordú.

Is seirbhís saor in aisce í agus ní réitigh cheangailteacha iad na réitigh a thugtar toisc gur gréasán neamhfhoirmiúil é.

Déanfaidh SOLVIT idiragairt má bhíonn:

  • sárú ar dhlí an AE;
  • ag údarás poiblí;
  • i gcúinse trasteorainn.

Níor cheart tús a bheith curtha ag an iarratasóir le himeachtaí foirmiúla toisc nach bhféadfaí ansin réiteach neamhfhoirmiúil a fháil ar an fhadhb a thuilleadh.

Déileálann SOLVIT le fadhbanna i réimsí áirithe amhail na réimsí seo a leanas: slándáil shóisialta, cearta cónaithe, saorghluaiseacht seirbhísí agus earraí, aithint cáilíochtaí gairmiúla, cánachas agus clárú feithiclí.

Seo thíos achoimre ghearr ar cuid de na seirbhísí a mholtar gur cheart dóibh a bheith curtha ar fáil ag lárionaid SOLVIT (NB: Na léitheoirí ar mian leo tuiscint iomlán a fháil ar na prionsabail, ba cheart dóibh an moladh iomlán a léamh):

  • Ba cheart go mbeifeá in ann teagmháil a dhéanamh lelárionaid SOLVITle guthán nó le ríomhphost agus ba cheart gobhfreagrófaí go prasd’iarratais ;
  • Ba cheart go bhfaigheadh iarratasóirí an chéad fhreagairt ar a bhfadhb laistigh de sheachtain amháin;
  • Laistigh de mhí amháin ón chéad mheasúnú agus ar an choinníoll gur chomhlánaigh iarratasóirí a gcomhaid go hiomlán, ba cheart dóibh deimhniú a fháil maidir le cibé ar osclaíodh an cás mar chás SOLVIT;
  • Mura féidir cás SOLVIT a oscailt, ba cheart na cúiseanna a chur in iúl do na hiarratasóirí agus comhairle a thabhairt dóibh maidir le cur chuige eile a d’fhéadfadh cabhrú leo an fhadhb a réiteach;
  • Laistigh de 10 seachtaine ón dáta a osclaítear an cás, ba cheart go mbeadh réiteach ar an fhadhb faighte ag an iarratasóir, a d’fhéadfadh soiléiriú ar dhlí ábhartha an AE a bheith curtha san áireamh ann.

Infheictheacht an ghréasán SOLVIT

Moltar gur cheart do Bhallstáit an AE deimhin a dhéanamh de go gcuirfí ar fáil eolas atá furasta feidhm a bhaint as mar aon le rochtain éasca ar sheirbhísí SOLVIT, go háirithe ar láithreáin ghréasáin ábhartha uile an riaracháin phoiblí. Tugtar spreagadh ann chomh maith do Bhallstáit an AE dul i mbun gníomhaíochta a chuirfidh le feasacht faoi SOLVIT.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Moladh 2013/461/AE

-

-

IO L 249, 19.9.2013, lch. 10

Nuashonrú is déanaí: 22.04.2014

Top